|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 15 de 1969 | ||
| [EN] |
AN tACHT UM CHÁNACHA A BHAILIÚ (DAINGNIÚ), 1969. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT REACHTÚIL DO RÚIN AIRGEADAIS ÁIRITHE A RITHEADH AN 7ú LÁ DE BHEALTAINE, 1969, AG DÁIL ÉIREANN I gCOISTE UM AIRGEADAS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN NÓ A GHABHANN LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS SIN. [15 Iúil, 1969.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 . |
| [EN] |
Na Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo. |
2. —Baineann an tAcht seo leis na hocht Rún Airgeadais— |
| [EN] | (a) a ritheadh an 7ú lá de Bhealtaine, 1969, ag Dáil Éireann i gCoiste um Airgeadas, agus | |
| [EN] | (b) ar tugadh éifeacht reachtúil dóibh faoi Acht 1927. | |
| [EN] |
Eifeacht reachtúil na Rún Airgeadais. |
3. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin in Acht 1927, beidh éifeacht reachtúil ag Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, agus measfar go raibh éifeacht reachtúil aige riamh, amhail is dá mba rud é go raibh sé in Acht ón Oireachtas, agus leanfaidh sé den éifeacht reachtúil sin a bheith aige go dtí go scoirfidh sé mar a fhoráiltear le fo-alt (2) den alt seo. |
| [EN] | (2) Scoirfidh Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo d'éifeacht reachtúil a bheith aige an tráth a tharlóidh cibé ní acu seo a leanas is túisce a tharlóidh is é sin le rá— | |
| [EN] | (a) Acht ón Oireachtas a theacht i ngníomh a mbeidh forálacha ann sa chéill chéanna (le modhnú nó gan modhnú) leis an Rún Airgeadais, | |
| [EN] | (b) ceithre mhí a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith. | |
| [EN] |
Forálacha áirithe d'Acht 1927 a eisiamh. |
4. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht, agus measfar nach raibh feidhm ná éifeacht riamh, ag alt 5 (1) d'Acht 1927 maidir le Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo. |
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht, agus measfar nach raibh feidhm ná éifeacht riamh, ag alt 6 (1) d'Acht 1927 maidir leis an gcáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969. | |
| [EN] |
Asbhaintí agus measúnachtaí i leith cánach ioncaim agus forchánach. |
5. —(1) Aon asbhaint a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, i leith na cánach ioncaim nó na forchánach don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, agus ab asbhaint dleathach dá mba rud é go raibh Uimh. 1 de na Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo i bhfeidhm agus go raibh éifeacht reachtúil aige nuair a rinneadh an asbhaint, beidh sí, agus measfar go raibh sí riamh, ina hasbhaint dleathach. |
| [EN] | (2) Aon mheasúnacht a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, i leith cánach ioncaim nó forchánach don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, agus ba mheasúnacht dleathach bhailí dá mba rud é go raibh Uimh. 1 de na Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo i bhfeidhm agus go raibh éifeacht reachtúil aige nuair a rinneadh an mheasúnacht, beidh sí, agus measfar go raibh sí riamh, ina measúnacht dleathach bhailí. | |
| [EN] |
Feidhm alt 8 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
6. —(1) Beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, ag alt 8 (a bhaineann le cáin a mhuirearú agus a asbhaint aon bhliain i gcás gan í a mhuirearú nó a asbhaint roimh an Acht bliantúil a rith) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá— |
| [EN] | (a) fágfar ar lár na focail “leathbhliantúla nó ráithiúla” atá i bhfo-alt (1) den alt sin; | |
| [EN] | (b) déanfar “nó an duine a rinne nó trína ndearnadh, de réir mar a bheidh, na híocaíochtaí” a chur isteach san fho-alt sin (1) i ndiaidh “gnóchain bhliantúla eile a íoc”; | |
| [EN] | (c) beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt sin maidir le— | |
| [EN] | (i) aon ríchíos nó suim eile a íocadh i leith úsáid paitinne as ar féidir cáin a bhaint faoi alt 433 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus | |
| [EN] | (ii) aon díbhinn as ar féidir cáin a bhaint faoi alt 456 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna leasú le halt 457 den Acht sin, | |
| [EN] | mar atá feidhm aige maidir le haon chíos, ús, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile. | |
| [EN] | (2) I gcás ina ndearnadh, roimh an Acht seo a rith, asbhaint i leith na cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, agus gur aisíocadh méid na hasbhainte mar gheall ar oibriú forálacha Acht 1927, measfar, chun críocha alt 8 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna mhodhnú le fo-alt (1) den alt seo, nach ndearnadh an asbhaint sin riamh agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt sin arna mhodhnú amhlaidh. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
7. —Féadfar an tAcht um Chánacha a Bhailiú (Daingniú), 1969 , a ghairm den Acht seo. |