|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 10 de 1969 | ||
| [EN] |
AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1969 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN RIALTAS DO GHLACADH LEIS AN LEASÚ ATÁ BEARTAITHE AR AN gCOMHAONTÚ I LEITH AN CHISTE AIRGEADAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA LENAR GHLAC BORD RIALTÓIRÍ AN CHISTE SIN, D'AISTRIÚ CHUN BANC CEANNAIS NA hÉIREANN FEIDHMEANNA ÁIRITHE DE CHUID AN AIRE AIRGEADAIS (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ A DHÉANAMH AGUS A GHLACADH) I LEITH AN CHOMHAONTAITHE SIN, DO DHÍLSIÚ DON BHANC SIN SÓCMHAINN ÁIRITHE ATÁ AR MARTHAIN MAIDIR LEIS AN gCISTE SIN, DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS, 1957, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. | ||
[30 Aibreán, 1969.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957; | |
| [EN] | ciallaíonn “an leasú beartaithe” an leasú a bheartaítear a dhéanamh ar an gComhaontú Ciste is leasú a bhfuil a théacs leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
| [EN] |
Glacadh leis an leasú beartaithe a cheadú. |
2. —Ceadaítear leis seo an Rialtas do ghlacadh leis an leasú beartaithe. |
| [EN] |
Forálacha i dtaobh cearta tarraingthe speisialta. |
3. —(1) Má dhéantar, agus ar chuntar go ndéanfar, an leasú beartaithe (dá ngairtear an leasú san alt seo) agus go mbeidh an Rialtas rannpháirteach sa Chuntas Tarraingthe Speisialta dá bhfuil socrú sa leasú, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo. |
| [EN] | (2) Údaraítear leis seo don Bhanc Ceannais thar ceann an Rialtais— | |
| [EN] | (a) aon chearta tarraingthe speisialta a leithroinnfear ar an Rialtas de bhun an leasaithe a ghlacadh ón gCiste, agus | |
| [EN] | (b) cearta tarraingthe speisialta seachas na cinn a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a fháil de bhun an leasaithe. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an Banc Ceannais, thar ceann an Rialtais, na cearta a fheidhmiú agus na hoibleagáidí a ghlacadh agus a chomhalladh cibé acu a bhaineann siad le cearta tarraingthe speisialta a glacadh nó a fuarthas faoin alt seo nó le cearta tarraingthe speisialta a fuarthas ar shlí eile de dhroim a bheith rannpháirteach sa Chuntas Tarraingthe Speisialta. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht. |
4. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas alt 3 den Phríomh-Acht: |
| [EN] | (a) forléireofar fo-alt (2) agus beidh éifeacht aige á cheangal na híocaíochtaí a luaitear i míreanna (a), (b), (c), (d), (f) agus (g) de a dhéanamh, amhail mar is iomchuí agus nuair is iomchuí iad a dhéanamh thar ceann an Rialtais, ag an mBanc Ceannais, | |
| [EN] | (b) trí “chun an Chiste nó” agus “le hAlt 5 d'Airteagal III den Comhaontú Ciste agus” a scriosadh as fo-alt (3), | |
| [EN] | (c) forléireofar fo-alt (6) agus beidh éifeacht aige maidir le haon airgead is infhaighte ag an Rialtas ón gCiste ionann is dá gcuirfí “Íocfar leis an mBanc Ceannais aon airgead is infhaighte ag an Rialtas ón gCiste.” in ionad na bhfocal go léir atá ann, agus | |
| [EN] | (d) cuirfear “faoi mhíreanna (e), (h) (i) agus (f) d'fho-alt (2) den” in ionad “faoin” i bhfo-alt (4) agus i bhfo-alt (7). | |
| [EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, leasaítear leis seo alt 3 (8) den Phríomh-Acht trí “agus ag mír (b) d'Airteagal XXVII” agus “nó i mír (b) d'Airteagal XXVII” a chur isteach i ndiaidh “d'Airteagal VIII” i mír (c) agus “Alt 9 d'Airteagal IX” faoi seach. | |
| [EN] | (3) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh má thagann, agus ar an gcuntar go dtiocfaidh, alt 3 den Acht seo in éifeacht. | |
| [EN] |
Sócmhainn áirithe a dhílsiú don Bhanc Ceannais. |
5. —(1) Dílsítear leis seo don Bhanc Ceannais an tsócmhainn arb ionannas di an t-éileamh i dtaobh an bhreis atá ag cuóta an Rialtais sa Chiste ar chomhiomlán aon mhéideanna neamhíoctha arb ionannas dóibh nótaí nó oibleagáidí eile a rinne an tAire Airgeadais de bhun alt 3 (3) den Phríomh-Acht nó an Banc Ceannais de bhun alt 6 den Acht seo a bhunú agus a eisiúint chun an Chiste. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Banc Ceannais aon mhéid atá de bhreis ag cuóta sin an Rialtais ar aon mhéideanna neamhíoctha arb ionannas dóibh nótaí nó oibleagáidí eile a rinne an tAire Airgeadais a bhunú agus a eisiúint amhlaidh a chreidiúnú in aghaidh aon suime a airleacadh chun an Aire sin faoi alt 3 (7) den Phríomh-Acht agus atá gan íoc. | |
| [EN] |
Féadfaidh an Banc Ceannais oibleagáidí áirithe a bhunú agus a eisiúint chun an Chiste. |
6. —Féadfaidh an Banc Ceannais aon nótaí neamhúsmhara, do-thráchta, nó aon oibleagáidí eile, dá bhforáiltear le halt 5 d'Airteagal III den Chomhaontú Ciste a bhunú agus a eisiúint chun an Chiste í cibé foirm is oiriúnach leis an mBanc Ceannais, agus íocfaidh ar Banc Ceannais aon íocaíochtaí i leith aon nótaí nó oibleagáidí den sórt sin a bhunófar agus a eiseofar amhlaidh. |
| [EN] |
Forléiriú tagairtí don Chomhaontú Ciste sa Phríomh-Acht agus san Acht seo. |
7. —San Acht seo agus sa Phríomh-Acht, déanfar aon tagairt don Chomhaontú Ciste a fhorléiriú mar thagairt don chomhaontú sin arna leasú faoi réim agus de réir an Chomhaontú Ciste. |
| [EN] |
Tosach feidhme ailt 4 (1), 5 agus 6. |
8. —Tiocfaidh ailt 4 (1), 5 agus 6 den Acht seo i ngníomh cibé lá a dhéanfaidh an tAire Airgeadais, le comhaontú leis an mBanc Ceannais, a cheapadh chuige sin le hordú. |
| [EN] |
Caiteachais an Aire Airgeadais. |
9. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas aon chaiteachai a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo. |
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
10. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods (Leasú), 1969, a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin an Príomh-Acht agus an tAcht seo. | |
| [EN] | (3) Féadfar na hAchtanna um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 agus 1969, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. | |
|
AN SCEIDEAL AN LEASU ATA BEARTAITHE A DHEANAMH AR AN gCOMHAONTU I LEITH AN CHISTE AIRGEADAIOCHTA IDIRNAISIUNTA | ||
ARNA ULLMHU DE BHUN RUN Uimh. 22-8 ON mBORD RIALTOIRI | ||
A | ||
|
Airteagal Réamhráiteach | ||
Is mar a leanas a léifear an tAirteagal Réamhráiteach: | ||
“(i) Tá an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiunta arna bhunú agus oibreoidh sé de réir forálacha an Chomhaontaithe seo mar a glacadh leis ar dtús, agus mar a leasaíodh é dá éis sin chun éascaíocht ar bhonn ceartanna speisialta tarraingthe a bhunú agus athruithe áirithe eile a dhéanamh. | ||
(ii) Chun a chur ar chumas an Chiste a oibríochtaí agus a idirbheartanna a sheoladh, coimeádfaidh an Ciste Cuntas Ginearálta agus Cuntas Tarraingthe Speisialta. Rachaidh ceart chun bheith rannpháirteach sa Chuntas Tarraingthe Speisialta le comhaltas sa Chiste. | ||
(iii) Is tríd an gCuntas Ginearálta a sheolfar oibríochtaí agus idirbheartanna a údaraítear leis an gComhaontú seo ach amháin gur tríd an gCuntas Tarraingthe Speisialta a sheolfar oibríochtaí agus idirbheartanna a bhaineann le ceart tarraingthe speisialta.” | ||
B | ||
|
AIRTEAGAL I Cuspóirí | ||
1. Is mar a leanas a léifear Airteagal 1 (v): | ||
“(v) Misneach a thabhairt do chomhaltaí trí acmhainn an Chiste a chur ar fáil dóibh go sealadach faoi leor-chaomhaint, agus caoi a thabhairt dóibh ar an gcuma sin chun míréireachtaí ina gcomhardaíochtaí íocaíochtaí a cheartú gan bearta a dhéanamh dá dtiocfadh díobháil do rathúnas náisiúnta nó do rathúnas idirnáisiúnta.” | ||
2. Is mar a leanas a léifear an abairt deiridh d'Airteagal 1: | ||
“Is faoi threoir na gcuspóirí atá leagtha amach san Airteagal seo a sheolfaidh an Ciste a bheartais go léir agus a dhéanfaidh sé gach cinneadh.” | ||
C | ||
|
AIRTEAGAL III Cuótaí agus Suibscríobh | ||
1. Is mar a leanas a léifear Alt 2: | ||
“Alt 2. Coigeartú cuótaí | ||
I gceann gach cúig bliana ar a fhad athbhreithneoidh an Ciste go ginearálta, agus má mheasann sé gur cuí é molfaidh go gcoigeartófar, cuótaí na gcomhaltaí. Féadfaidh sé, freisin, más oiriúnach leis, coigeartú aon chuóta áirithe a bhreithniú aon tráth eile ar an gcomhalta lena mbainfidh dá iarraidh sin. Ní mór tromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála d'aon athrú ar chuótaí a mholfar a dhéanamh de thoradh athbhreithniú ginearálta agus tromlach ceithre chúigiú na cumhachta iomláine vótála d'aon athrú eile ar chuótaí. Ní athrófar aon chuóta gan toiliú an chomhalta lena mbainfidh.” | ||
2. Cuirfear an fo-alt (c) seo a leanas le hAlt 4. Iocaíochtaí nuair a athrófar cuótaí: | ||
“(c) Ní mór tromlach ochtú a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála d'aon chinnte a bhainfidh le híoc, nó a dhéanfar d'aontoisc chun maolú ar iarmairt ó íoc, méaduithe ar chuótaí a mholfar de thoradh athbhreithniú ginearálta ar chuótaí.” | ||
D | ||
|
AIRTEAGAL IV Parluachanna Airgeadraí | ||
1. Is mar a leanas a léifear Alt 7: | ||
“Alt 7. Comhathruithe ar pharluachanna | ||
D'ainneoin forálacha Alt 5 (b) den Airteagal seo, féadfaidh an Ciste, trí thromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála, comhathruithe cionúireacha a dhéanamh ar pharluachanna airgeadraí na gcomhaltaí uile. Ach ní athrófar parluach airgeadra chomhalta faoin bhforáil seo má chuireann an comhalta in iúl don Chiste, laistigh de sheachtó a dó uair a chloig tar éis gníomh an Chiste, nach mian leis go n-athrófaí parluach a chuid airgeadra trí ghníomh den sórt sin.” | ||
2. In alt 8. Órluach shócmhainní an Chiste a chothabháil; is mar a leanas a léifear fo-alt (d): | ||
“(d) Bainfidh forálacha an Ailt seo le comhathrú cionúireach ar pharluachanna airgeadraí na gcomhaltaí uile, mura ndéanfaidh an Ciste, an tráth a dhéanfar an t-athrú sin, a mhalairt a chinneadh trí thromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála.” | ||
E | ||
|
AIRTEAGAL V Idirbhearta leis an gCiste | ||
1. In Alt 3. Coinníollacha a rialaíonn acmhainní an Chiste; is mar a leanas a léifear fo-alt (a) (iii): | ||
“(iii) Gur cheannach tranche óir an ceannach atá beartaithe, nó nach dtiocfadh den cheannach atá beartaithe go méadóidh an méid a bheidh ag an gCiste d'airgeadra an chomhalta cheannaigh thar fiche a cúig faoin gcéad dá chuóta i rith an dá mhí dhéag dar críoch dáta an cheannaigh ná thar dhá chéad faoin gcéad dá chuóta;” | ||
2. Cuirfear na fo-ailt (c) agus (d) seo a leanas le hAlt 3: | ||
“(c) Is de réir chuspóirí an Chiste a úsáidfidh comhalta acmhainní an Chiste. Glacfaidh an Ciste beartais chuige i leith úsáid a acmhainní a chabhróidh le comhaltaí deacrachtaí a bhaineann lena gcomhardaíochtaí íocaíochtaí a réiteach ar mhodh i gcomhréir le cuspóirí an Chiste agus a thabharfaidh leorchosaint i leith a acmhainní, a úsáid go sealadach.” | ||
“(d) Scrúdóidh an Ciste uiríolla ó chomhalta faoi (a) thuas chun a chinneadh an mbeadh an ceannach atá beartaithe ar comhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo agus leis na beartais lenar glacadh fúthu, ach amháin nach bhféadfar agóid a dhéanamh in aghaidh ceannach tranche óir a bheartaítear a dhéanamh.” | ||
3. In Alt 7. Comhalta d'athcheannach aon choda dá airgeadra féin atá ag an gCiste; is mar a leanas a léifear an chéad abairt d'fho-alt (b): | ||
“(b) I ndeireadh gach bliana airgeadais de bhlianta airgeadais an Chiste, athcheannóidh an comhalta ón gCiste le gach cineál cúltaca airgeadaíochta, arna chinneadh de réir Sceideal B, cuid de shealúchais an Chiste dá airgeadra faoi na coinníollacha seo a leanas: | ||
(i) Úsáidfidh gach comhalta, agus é ag athcheannach a airgeadra féin ón gCiste, an oiread sin dá chúltacaí airgeadaíochta ar comhionann a luach leis na hathruithe seo a leanas a tháinig in imeacht na bliana: leath aon mhéadaithe ar shealúchais an Chiste d'airgeadra an chomhalta, móide leath aon mhéadaithe, nó lúide leath aon laghdaithe, a tháinig ar chúltacaí airgeadaíochta an chomhalta, nó, má laghdaigh sealúchais an Chiste d'airgeadra an chomhalta, leath aon mhéadaithe ar chúltacaí airgeadaíochta an chomhalta lúide leath aon laghdaithe ar shealúchais an Chiste d'airgeadra an chomhalta.” | ||
4. In alt 7, is mar a leanas a léifear fo-alt (c): | ||
“(c) Ní dhéanfar an oiread d'aon choigeartú dá dtuairiscítear i (b) thuas a bhéarfaidh go mbeidh | ||
(i) cúltacaí airgeadaíochta an chomhalta faoi bhun céad is caoga faoin gcéad dá chuóta, nó | ||
(ii) sealúchais an Chiste dá airgeadra faoi bhun seachtó a cúig faoin gcéad dá chuóta, nó | ||
(iii) sealúchais an Chiste d'aon airgeadra is gá a úsáid os cionn seachtó a cúig faoin gcéad de chuóta an chomhalta lena mbainfidh, nó | ||
(iv) an méid a athcheannófar níos mó ná fiche a cúig faoin gcéad de chuóta an chomhalta lena mbainfidh.” | ||
5. Cuirfear an fo-alt (d) seo a leanas le hAlt 7: | ||
“(d) Féadfaidh an Ciste le tromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála na céatadáin i (c) (i) agus (iv) thuas a athbhreithniú agus athbhreithniú agus forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha i mír (c), (d), agus (e) agus mír 2 (b) de Sceideal B.” | ||
6. In Alt 8. Táillí; is mar a leanas a léifear fo-alt (a): | ||
“(a) Aon chomhalta a cheannóidh airgeadra chomhalta eile ón gCiste mar mhalairt ar a airgeadra féin, íocfaidh sé, i dteannta an pharphraghais, táille seirbhíse nach lú ná leath aon faoin gcéad agus nach mó ná aon faoin gcéad mar a chinnfidh an Ciste agus is táille a bheidh ar aon-chothrom maidir leis na comhaltaí uile, ar choinníoll go bhféadfaidh an Ciste, as a chomhairle féin, táille seirbhíse is lú ná leath aon faoin gcéad a thobhach ar cheannach tranche óir.” | ||
7. Cuirfear an tAlt seo a leanas le Airteagal V: | ||
“Alt 9. Luach Saothair | ||
(a) Íocfaidh an Ciste luach saothair, de réir ráta a bheidh ar aon-chothrom maidir leis na comhaltaí uile, ar an méid a bhí de bhreis ag seachtó a cúig faoin gcéad de chuóta comhalta ar mheánmhéid shealúchais an Ciste d'airgeadra an chomhalta, ar choinníoll go ndéanfar neamhshuim de shealúchais de bhreis ar sheachtó a cúig faoin gcéad den chuóta. Aon go leith faoin gcéad sa bhliain an ráta, ach féadfaidh an Ciste as a chomhairle féin an ráta sin a mhéadú nó a laghdú, ar choinníoll gur gá tromlach trí cheathrú na cumhachta iomláine vótála d'aon mhéadú thar dó faoin gcéad sa bhliain nó d'aon laghdú faoi aon faoin gcéad sa bhliain. | ||
(b) Is in ór nó in airgeadra an chomhalta féin, de réir mar a chinnfidh an Ciste, a íocfar luach saothair.” | ||
F | ||
|
AIRTEAGAL VI Aistriú Caipitil | ||
1. In Alt 1. Acmhainní an Chiste a úsáid chun caipiteal a aistriú; is mar a leanas a léifear fo-alt (a): | ||
“(a) Ní fhéadfaidh aon chomhalta acmhainní an Chiste a úsáid chun freastal d'eisimeacht mhór chaipitil nó d'eisimeacht leanúnach chaipitil ach amháin mar a fhoráiltear in Alt 2 den Airteagal seo, agus féadfaidh an Ciste a iarraidh ar an gcomhalta rialú a dhéanamh ionas nach n-úsáidfear amhlaidh acmhainní an Chiste. Mura ndéanfaidh an comhalta rialú cuí tar éis dó iarratas den sórt sin a fháil, féadfaidh an Ciste a dhearbhú nach bhfuil an comhalta cáilithe chun acmhainní an Chiste a úsáid.” | ||
2. Is mar a leanas a léifear Alt 2: | ||
“Alt 2. Forálacha speisialta i dtaobh caipiteal a aistriú | ||
Beidh comhalta i dteideal ceannach tranche óir a dhéanamh faoi chomhair caipiteal a aistriú.” | ||
G | ||
|
AIRTEAGAL XII Eagrú agus Bainistí | ||
1. In Alt 2. An Bord Rialtóirí; is mar a leanas a léifear fo-alt (b) (ii) agus (iii): | ||
“(ii) Athbhreithniú cuótaí a cheadú, nó a chinneadh go n-íocfar méaduithe, nó go maolófar ar an iarmairt ó íoc méaduithe ar chuóta a mholfar de thoradh athbhreithniú ginearálta ar chuótaí.” | ||
“(iii) Comhathrú ar pharluachanna airgeadraí na gcomhaltaí uile, nó a chinneadh nuair a dhéanfar athrú den sórt sin nach mbeidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le hórluach sócmhainní an Chiste a chothabháil.” | ||
2. Cuirfear an méid seo a leanas le hAlt 2 (b): | ||
“(ix) Na forálacha a athbhreithniú ar athcheannach a dhéanamh nó athbhreithniú agus forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha chun athcheannach a dháileadh ar fud cineálacha cúltacaí. | ||
“(x) Aistriú a dhéanamh isteach i gcúlchiste ginearálta ó aon chúlchiste speisialta.” | ||
3. Is mar a leanas a léifear teideal Alt 6: | ||
“Cúlchistí agus dáileadh an ghlan-ioncaim” | ||
4. In alt 6, is mar a leanas a léifear fo-alt (b): | ||
“(b) Má dhéantar aon dáileadh ar an nglan-ioncam d'aon bhliain, dáilfear ar dtús ar chomhaltaí a bheidh cáilithe chun luach saothair a fháil faoi Airteagal V, Alt 9, den bhliain sin suim a bhí de bhreis ag dó faoin gcéad sa bhliain ar aon luach saothair a íocadh in aghaidh na bliana sin. Aon dáileadh ar ghlan-ioncam de chuid na bliana sin thar an tsuim sin déanfar é ar chomhaltaí ar comhréir lena gcuótaí. Is ina airgeadra féin a íocfar gach comhalta.” | ||
5. Cuirfear an fo-alt (c) seo a leanas le hAlt 6: | ||
“(c) Féadfaidh an Ciste aistriú a dhéanamh isteach i gcúlchist ginearálta ó aon chúlchiste speisialta.” | ||
H | ||
|
AIRTEAGAL XVIII Léiriú | ||
Is mar a leanas a léifear Airteagal XVIII (b): | ||
“(b) Is aon chás ina mbeidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tar éis cinneadh a dhéanamh faoi (a) thuas, féadfaidh aon chomhalta, laistigh de thrí mhí ó dháta an chinnte, a chur de cheangal an cheist a tharchur chun an Bhoird Rialtóirí, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh sa chinneadh sin. Breithneoidh Coiste Léiriúcháin an Bhoird Rialtóirí aon cheist a tharchuirfear chun an Bhoird Rialtóirí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta den Choiste. Bunóidh an Bord Rialtóirí Comhaltas, nósanna imeachta agus tromlaigh vótála an Choiste. Is cinneadh ón mBord Rialtóirí cinneadh ón gCoiste mura gcinnfidh an Bord a mhalairt le tromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála. Féadfaidh an Ciste gníomhú, a mhéid is dóigh leis is gá, ar chinneadh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin nó go mbeidh toradh ar an tarchur chun an Bhoird.” | ||
I | ||
|
AIRTEAGAL XIX Míniú Téarmaí | ||
1. Is mar a leanas a léifear Airteagal XIX (a): | ||
“(a) Ciallaíonn cúltacaí airgeadaíochta comhalta a shealúchais oifigiúla óir, d'airgeadraí comhshóiteacha comhaltaí eile agus d'airgeadraí cibé neamhchomhaltaí a shonróidh an Ciste.” | ||
2. Is mar a leanas a léifear Airteagal XIX (e): | ||
“(e) Aireofar ar chúltacaí airgeadaíochta comhalta na suimeanna a measfar gur sealúchais de chuid foras oifigiúla agus bancanna eile iad faoi (c) thuas.” | ||
3. Cuirfear an méid seo a leanas le hAirteagal XIX: | ||
“(j) Ciallaíonn ceannach tranche óir ceannach ag comhalta ar airgeadra comhalta eile mar mhalairt ar a airgeadra féin ar shlí nach dtagann de sealúchais an Chiste d'airgeadra an chomhalta a bheith níos nó ná céad faoin gcéad dá chuóta, ar choinníoll go bhféadfaidh an Ciste, chun críocha an mhínithe seo, ceannach agus sealúchais faoi bheartais i ndáil le húsáid a acmhainní le haghaidh airgeadú cúititheach i leith luaimneachtaí onnmhaire a dhúnadh amach.” | ||
J | ||
|
AIRTEAGAL XX Forálacha Deiridh | ||
Is mar a leanas a léifear teideal Airteagal XX: | ||
“FORALACHA TIONSCNAIMH” | ||
K | ||
Cuirfear na hAirteagail seo a leanas XXI trí XXXII isteach i ndiaidh Airteagal XX: | ||
“AIRTEAGAL XXI | ||
Cearta Tarraingthe Speisialta | ||
Alt 1. Údarás chun cearta tarraingthe speisialta a leithroinnt | ||
De réir mar a bheidh agus nuair a bheidh gá ann le forlíonadh ar shócmhainní cúltaca láithreacha, údaraítear don Chiste, d'fhonn freastal dó, cearta tarraingthe speisialta a leithroinnt ar chomhaltaí atá rannpháirteach sa Chuntas Tarraingthe Speisialta. | ||
Alt 2. Aonad luacha | ||
Beidh aonad luach ceart tarraingthe comhionann le 0.888671 gram glan-óir. | ||
AIRTEAGAL XXII | ||
An Cuntas Ginearálta agus an Cuntas Tarraingthe Speisialta | ||
Alt 1. Idirdhealú idir oibríochtaí agus idirbhearta | ||
Is tríd an gCuntas Tarraingthe Speisialta a sheolfar na hoibríochtaí agus na hidirbhearta go léir a bhainfidh le cearta tarraingthe speisialta. Is tríd an gCuntas Ginearálta a sheolfar na hoibríochtaí agus na hidirbhearta eile go léir de chuid an Chiste a údaraítear leis an gComhaontú seo nó faoi. Na hoibríochtaí agus na hidirbhearta de bhun Airteagal XXIII, Alt 2, seolfar iad tríd an gCuntas Ginearálta agus, freisin, tríd an gCuntas Tarraingthe Speisialta. | ||
Alt 2. Idirdhealú idir sócmhainní agus maoin | ||
Is sa Chuntas Ginearálta a choimeádfar sócmhainní agus maoin uile an Chiste, ach amháin gur sa Chuntas Tarraingthe Speisialta a choimeádfar sócmhainní agus maoin a fuarthas faoi Airteagal XXVI, Alt 2, agus Airteagail XXX agus XXXI agus Sceideal H agus I. Ní bheidh aon sócmhainní ná maoin a bheidh i gCuntas amháin ar fáil do ghlanadh nó faoi chomhair dliteanais, oibleagáidí, ná caillteanais de chuid an Chiste a tabhaíodh ag seoladh oibríochtaí agus idirbheart an Chuntais eile, ach amháin go ndéanfaidh an Ciste costais ghnó an Chuntais Tarraingthe Speisialta a íoc as an gCuntas Ginearálta agus cúiteofar an Cuntas Ginearálta ó am go ham trí mheasúnachtaí faoi Airteagal XXVI, Alt 4, a dhéanfar ar bhonn meastacháin réasúnaigh ar na costais sin. | ||
Alt 3. Taifeadadh agus eolas | ||
Glacfaidh gach athrú ar shealúchais ceart tarraingthe speisialta éifeacht nuair a dhéanfaidh, agus ní ghlacfaidh ach amháin nuair a dhéanfaidh, an Ciste é a thaifeadadh sa Chuntas Tarraingthe Speisialta. Cuirfidh rannpháirtithe in iúl don Chiste na forálacha den Chomhaontú seo faoina n-úsáidtear cearta tarraingthe speisialta. Féadfaidh an Ciste a cheangal ar rannpháirtithe cibé eolas eile a thabhairt dó a mheasfaidh sé is gá le haghaidh a fheidhmeanna. | ||
AIRTEAGAL XXIII | ||
Rannpháirtithe agus Sealbhóirí eile Ceart Tarraingthe Speisialta | ||
Alt 1. Rannpháirtithe | ||
Gach comhalta den Chiste a thaiscfidh ionstraim leis an gCiste ag insint go ngabhann sé air oibleagáidí uile rannpháirtí sa Chuntas Tarraingthe Speisialta de réir a dhlí agus go bhfuil gach beart déanta aige is gá chun a chur ar a chumas na hoibleagáidí sin go léir a chomhalladh tiocfaidh sé chun bheith ina rannpháirtí amhail ar an dáta a thaiscfear an ionstraim, ach amháin nach dtiocfaidh aon chomhalta chun bheith ina rannpháirtí sula mbeidh Airteagail XXI trí XXXII agus Sceideal F trí I tagtha i bhfeidhm agus ionstraimí taiscthe faoin Alt seo ag comhaltaí a bhfuil seachtó a cúig faoin gcéad ar a laghad d'iomlán na gcuótaí acu. | ||
Alt 2. An Cuntas Ginearálta mar shealbhóir | ||
Féadfaidh an Ciste cearta tarraingthe speisialta sa Chuntas Ginearálta a ghlacadh agus a shealbhú agus iad a úsáid, de réir forálacha an Chomhaontaithe seo. | ||
Alt 3. Sealbhóirí eile | ||
Féadfaidh an Ciste le tromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála: | ||
(i) neamhchomhaltaí, comhaltaí is neamhrannpháirtithe, agus forais a chomhlíonann feidhmeanna bainc cheannais do níos mó ná comhalta amháin a fhorordú mar shealbhóirí; | ||
(ii) na téarmaí agus na coinníollacha a fhorordú ar a mbeidh cead ag na sealbhóirí sin ceart tarraingthe speisialta a ghlacadh, a shealbhú, agus a úsáid in oibríochtaí agus idirbhearta le rannpháirtithe; agus | ||
(iii) na téarmaí agus na coinníollacha a fhorordú ar a bhféadfaidh rannpháirtithe dul chun oibríochtaí agus idirbheart leis na sealbhóirí sin. | ||
Na téarmaí agus na coinníollacha a fhorordóidh an Ciste le haghaidh úsáid ceart tarraingthe speisialta ag sealbhóirí forordaithe agus ag rannpháirtithe in oibríochtaí agus idirbhearta leo beidh siad ar comhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo: | ||
AIRTEAGAL XXIV | ||
Cearta Tarraingthe Speisialta a Leithroinnt agus a Chealú | ||
Alt 1. Prionsabail agus léirbhreithnithe a rialóidh leithroinnt agus cealú | ||
(a) Ina chinnte go léir i leith leithroinnt agus cealú ceart tarraingthe speisialta féachfaidh an Ciste le freastal don riachtanas domhanda a bheidh ann, de réir mar a bheidh agus nuair a bheidh an riachtanas sin ann, na sócmhainní cúltaca láithreacha a fhorlíonadh ar shlí a neartóidh lena chuspóirí a bhaint amach agus a sheachnóidh meirbhliú eacnamaíochta agus díbhoilsciú mar aon le ró-éileamh agus boilsciú sa domhan. | ||
(b) Cuirfidh an chéad chinneadh cearta tarraingthe speisialta a leithroinnt i gcuntas, mar léirbhreithniú speisialta, breithiúnas comhchoitianta go bhfuil riachtanas domhanda ann cúltacaí a fhorlíonadh, agus cothromaíocht chomhardaíocht íocaíochtaí níos fearr a bhaint amach, mar aon le cosúlacht gur fearr a oibreoidh an phróis choigeartúcháin san am le teacht. | ||
Alt 2. Leithroinnt agus cealú | ||
(a) Na cinnte a dhéanfaidh an Coiste cearta tarraingthe speisialta a leithroinnt nó a chealú déanfar iad in aghaidh bonn-tréimhsí a chomh leanfaidh a chéile agus ar cúig bliana d'fhad a bheidh iontu. Tosóidh an chéad bhonn-tréimhse ar dháta an chéad chinneadh cearta tarraingthe speisialta a leithroinnt nó cibé dáta is déanaí ná sin a shonrófar sa chinneadh sin. I gceann eatramh bliana a dhéanfar aon leithroinnt nó cealú. | ||
(b) Déanfar na rátaí ar dá réir a dhéanfar leithroinnt a lua mar chéatadáin chuótaí ar an dáta a dhéanfar gach cinneadh leithroinnt. Déanfar na rátaí ar dá réir a chealófar cearta tarraingthe speisialta a lua mar chéatadáin de ghlan-roinnteanna carnacha ceart tarraingthe speisialta ar an dáta a dhéanfar gach cinneadh cealú. Is iad na céatadáin chéanna a bheidh ann do na rannpháirtithe go léir. | ||
(c) Féadfaidh an Ciste a fhoráil, d'ainneoin (a) agus (b) thuas, sa chinneadh a dhéanfaidh sé d'aon bhonn-tréimhse áirithe: | ||
(i) gur tréimhse seachas cúig bliana a bheidh d'fhad sa bhonntréimhse; nó | ||
(ii) gur i gceann eatramh seachas eatraimh bhliana a dhéanfar leithroinnt nó cealú; nó | ||
(iii) gurb iad na glan-leithroinnteanna carnacha ar dhátaí seachas na dátaí o chinnfear leithroinnt nó cealú an foras le haghaidh leithroinnt nó cealú. | ||
(d) Aon chomhalta a thiocfaidh chun bheith ina rannpháirtí tar éis tosach na bonn-tréimhse gheobhaidh sé leithroinnteanna a chomhthosóidh leis an gcéad bhonn-tréimhse eile a dhéanfar leithroinnt tar éis do teacht chun bheith ina rannpháirtí mura gcinnfidh an Ciste go dtosóidh an rannpháirtí nua ag fáil leithroinnteanna ag tosú leis an gcéad leithroinnt eile tar éis dó teacht chun bheith ina rannpháirtí. Má chinneann an Ciste maidir le comhalta a thiocfaidh chun bheith ina rannpháirtí i rith bonn-tréimhse go bhfaighidh sé leithroinnteanna in imeacht na coda gan chaitheamh den bhonn-tréimhse sin agus nár chomhalta an rannpháirtí ar na dátaí a bunaíodh faoi (b) nó (c) thuas, cinnfidh an Ciste an foras ar a ndéanfar na leithroinnteanna sin chun an rannpháirtí. | ||
(e) Gheobhaidh rannpháirtí aon leithroinnt ceart tarraingthe speisialta a dhéanfar de bhun aon chinneadh leithroinnt mura rud é: | ||
(i) nár vótáil rialtóir an rannpháirtí i bhfabhar an chinnte; agus | ||
(ii) gur fhógair an rannpháirtí i scríbhinn don Chiste roimh an gcéad leithroinnt ceart tarraingthe speisialta faoin gcinneadh sin nach mian leis go leithroinnfí cearta tarraingthe speisialta chuige faoin gcinneadh. Ar rannpháirtí á iarraidh sin, féadfaidh an Ciste a chinneadh éifeacht an fhógra a fhoirceannadh maidir le leithroinnteanna ceart tarraingthe speisialta tar éis an foirceannadh. | ||
(f) Má tharlaíonn ar dháta éifeachta aon chealaithe gur lú méid na gceart tarraingthe speisialta a bheidh ag rannpháirtí ná a chion de na cearta tarraingthe speisialta a bheidh le cealú, síogfaidh an rannpháirtí a chomhardú codarsna a scafánta a ligfidh staid a chúltaca iomláin dó agus leanfaidh sé air ag déanamh comhuiríolla leis an gCiste chuige sin. Déanfar cearta tarraingthe speisialta a gheobhaidh an rannpháirtí tar éis dáta éifeachta an chealaithe a chur chun feidhme i gcoinne a chomhardaithe chodarsnaigh agus a chealú. | ||
Alt 3. Mórathruithe gan choinne | ||
Féadfaidh an Ciste na rátaí nó na heatraimh leithroinnteacháin nó cealúcháin a athrú i rith na coda gan chaitheamh de bhonntréimhse nó fad bonn-tréimhse a athrú nó bonn-tréimhse nua a thosú más dóigh leis an gCiste aon tráth gurb inmhianaithe sin a dhéanamh mar gheall ar mhór-theagmhais nach raibh coinne leo. | ||
Alt 4. Cinneadh ar leithroinnt agus cealú | ||
(a) Aon chinneadh a dhéanfaídh an Bord Rialtóirí faoi Alt 2 (a), (b) agus (c) nó faoi Alt 3 den Airteagal seo is ar fhoras tograí ón Stiúrthóir Bainistí lenar chomhaontaigh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a dhéanfaidh sé é. | ||
(b) Sula ndéanfaidh an Stiúrthóir Bainistí aon togra, déanfaidh sé, tar éis deimhin a dhéanamh de gur i gcomhréir le forálacha Alt 1 (a) den Airteagal seo a bheidh sin á dhéanamh aige, cibé comhchomhairleacha a sheoladh a chuirfidh ar a chumas a fhios a fháil an bhfuil tacaíocht fhorleathan i measc na rannpháirtithe ar son an togra. Ina theannta sin, deimhneoidh an Stiúrthóir Bainistí dó féin, sula ndéanfaidh sé togra don chéad leithroinnt, go bhfuil forálacha Alt 1 (b) den Airteagal comhlíonta agus go bhfuil tacaíocht fhorleathan i measc na rannpháirtithe le tosú ar leithroinnt; déanfaidh sé togra don chéad leithroinnt a luaithe tar éis an Cuntas Tarraingthe Speisialta a bheith bunaithe a bheidh sé deimhnitheach amhlaidh. | ||
(c) Déanfaidh an Stiúrthóir Bainistí tograí: | ||
(i) tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh gach bonntréimhse; | ||
(ii) mura mbeidh aon chinneadh déanta maidir le leithroinnt nó cealú do bhonn-tréimhse, cibé uair is deimhin leis go bhfuil forálacha (b) thuas comhlíonta; | ||
(iii) nuair a mheasfaidh sé, de réir Alt 3 den Airteagal seo, gurbh inmhianaithe an ráta nó na heatraimh leithroinnteacháin nó cealúcháin a athrú nó fad bonn-tréimhse a athrú nó bonn-tréimhse nua a thosú; nó | ||
(iv) laistigh de shé mhí ar an mBord Rialtóirí nó na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin á iarraidh; | ||
ar choinníoll, má fhaigheann an Stiúrthóir Bainistí amach, faoi (i), (iii) nó (iv) thuas, nach bhfuil aon togra ann a mheasann sé a bheith ar comhréir le forálacha Alt 1 den Airteagal seo a bhfuil tacaíocht fhorleathan leis i measc na rannpháirtithe de réir (b) thuas, tabharfaidh sé tuairisc don Bhord Rialtóirí agus do na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. | ||
(d) Ní foláir tromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála do gach cinneadh faoi Alt 2 (a), (b), agus (c) nó faoi Alt 3 den Airteagal seo ach amháin do chinnte faoi Alt 3 i ndáil le laghdú ar na rátaí leithroinnteacháin. | ||
AIRTEAGAL XXV | ||
Oibríochtaí agus Idirbhearta I gCearta Tarraingthe Speisialta | ||
Alt 1. Cearta tarraingthe speisialta a úsáid | ||
Féadfar cearta tarraingthe speisialta a úsáid in oibríochtaí agus in idirbhearta a bheidh údaraithe leis an gComhaontú seo nó faoi. | ||
Alt 2. Idirbhearta idir rannpháirtithe | ||
(a) Beidh rannpháirtí i dteideal a chearta tarraingthe speisialta a úsáid le cóimhéid airgeadra a fháil ó rannpháirtí a ainmneofar faoi Alt 5 den Airteagal seo. | ||
(b) Féadfaidh rannpháirtí, i gcomhaontú le rannpháirtí eile, a chearta tarraingthe speisialta a úsáid: | ||
(i) le comhshuim dá airgeadra a bheidh ag an rannpháirtí eile a fháil, nó | ||
(ii) le comhshuim airgeadra a fháil ón rannpháirtí eile in aon idirbhearta, arna bhforordú ag an gCiste, a chuirfeadh athbhunú ag an rannpháirtí eile faoi Alt 6 (a) den Airteagal seo chun cinn; le cosc a chur le comhardú codarsna a bheith ag an rannpháirtí eile nó comhardú codarsna a laghdú; le slánú a dhéanamh ar fhuíoll mainneachtana ag an rannpháirtí eile an ceapadh in Alt 3 (a) den Airteagal seo a chomhalladh; nó le sealúchais ceart tarraingthe speisialta an dá rannpháirtí a thabhairt níos gaire dá nglan-leithroinnteanna carnacha. Féadfaidh an Ciste le tromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála idirbhearta breise nó aicmí breise idirbheart a fhorordú faoin bhforáil seo. Beidh aon idirbhearta nó aicmí idirbheart a fhorordóidh an Ciste faoi fho-alt (b) (ii) ar comhréir leis na forálacha eile den Chomhaontú seo agus le cearta tarraingthe speisialta a úsáid i gceart de réir an Chomhaontaithe seo. | ||
(c) Aon rannpháirtí a sholáthróidh airgeadra do rannpháirtí a úsáidfidh cearta tarraingthe speisialta gheobhaidh sé a chóimhéid de chearta tarraingthe speisialta. | ||
Alt 3. Is gá riachtanas a bheith ann | ||
(a) In idirbhearta faoi Alt 2 den Airteagal seo, ach amháin mar a fhoráiltear i (c) thíos, is é an t-aonchuspóir chun a mbeidh sé ceaptha do rannpháirtí a chearta tarraingthe speisialta a úsáid freastal do riachtanais chomhardú íocaíochtaí, nó mar gheall ar athruithe ar a shealúchais oifigiúla óir, malairte eachtrannaí agus ceart tarraingthe speisialta agus ar staid a chúltaca sa Chiste agus ní d'aontoisc é chun athrú a dhéanamh ar chomhshuíomh na n-ábhar sin roimhe seo amhail idir cearta tarraingthe speisialta agus an t-iomlán óir, malairte eachtrannaí, agus staid chúltaca an Chiste. | ||
(b) Ní bheidh údar agóide ann in aghaidh úsáid na gceart tarraingthe speisialta ar fhoras an cheaptha in (a) thuas, ach féadfaidh an Ciste uiríolla a dhéanamh le rannpháirtí a mhainneoidh an ceapadh sin a chomhalladh. Beidh aon rannpháirtí a leanfaidh de bheith ag mainniú an ceapadh sin a chomhalladh faoi réir Airteagal XXIX, Alt 2 (b). | ||
(c) Féadfaidh rannpháirtithe cearta tarraingthe speisialta a úsáid gan an ceapadh atá in (a) thuas a chomhalladh le comhshuim airgeadra a fháil ó rannpháirtí eile in aon idirbhearta, arna bhforordú ag an gCiste, a chuirfidh athbhunú ag an rannpháirtí eile faoi Alt 6 (a) den Airteagal seo chun cinn; cosc a chur le hiarmhéid uireasach a bheith ag an rannpháirtí eile nó iarmhéid den sórt sin a laghdú; slánú a dhéanamh ar fhuíoll mainneachtana ag an rannpháirtí eile an ceapadh atá in (a) thuas a chomhalladh; sealúchais ceart tarraingthe speisialta an dá rannpháirtí a thabhairt níos gaire dá nglan-leithroinnteanna carnacha. | ||
Alt 4. Oibleagáid airgeadra a sholáthar | ||
Aon rannpháirtí a ainmneoidh an Ciste faoi Alt 5 den Airteagal seo soláthróidh sé, nuair a éileofar sin, airgead is inchomhshóite iarbhír chuig rannpháirtí a úsáidfidh cearta tarraingthe speisialta faoi Alt 2 (a) den Airteagal seo. Ní rachaidh oibleagáid rannpháirtí chun airgeadra a sholáthar thar an bpointe a mbeidh a shealúchais ceart tarraingthe speisialta de bhreis ar a ghlan-leithroinnt charnach ar cóimhéid le dhá oiread a ghlan-leithroinnte carnaí nó cibé teorainn is airde ná sin ar a gcomhaontófar idir an rannpháirtí agus an Ciste. | ||
Alt 5. Rannpháirtithe a ainmniú chun airgeadra a sholáthar | ||
(a) Áiritheoidh an Ciste go mbeidh rannpháirtí ábalta ar a chearta tarraingthe speisialta a úsáid trí rannpháirtithe a ainmniú le hairgeadra a sholáthar i leith méideanna sonraithe ceart tarraingthe speisialta chun críocha Ailt 2 (a) agus 4 den Airteagal seo. Déanfar ainmniú de réir na bprionsabal ginearálta seo a leanas arna bhforlíonadh le haon phrionsabail eile a ghlacfaidh an Ciste chuige ó am go ham: | ||
(i) Beidh rannpháirtí faoi réir a ainmnithe má bhíonn a chomhardaíocht íocaíochtaí agus staid a ollchúltaca sách láidir, ach ní thabharfaidh sin nach bhféadfar rannpháirtí le cúltaca láidir a ainmniú d'ainneoin easnamh measartha a bheith ar a chomhardaíocht íocaíochtaí. Ainmneofar rannpháirtithe i cibé slí a bhéarfaidh go mbeidh, in imeacht aimsire a sealúchais ceart tarraingthe speisialta leithroinnte go cothromach ina measc. | ||
(ii) Beidh rannpháirtithe faoi réir a n-ainmnithe chun athbhunú faoi Alt 6 (a) den Airteagal seo a chur chun cinn le laghdú ar chomharduithe codarsna i sealúchais ceart tarraingthe speisialta; nó chun slánú a dhéanamh ar fhuíoll mainneachtana an ceapadh in Alt 3 (a) den Airteagal seo a chomhalladh. | ||
(iii) Nuair a bheidh an Ciste ag ainmniú rannpháirtithe tabharfaidh sé, de ghnáth, tosaíocht dóibh sin ar gá dóibh cearta tarraingthe speisialta a fháil chun freastal do chuspóirí ainmniúcháin faoi (ii) thuas. | ||
(b) D'fhonn leithroinnt chothromach sealúchas ceart tarraingthe speisialta a chur chun cinn in imeacht aimsire faoi (a) (i) thuas, cuirfidh an Ciste chun feidhme na rialacha i dtaobh ainmniúcháin atá i Sceideal F nó cibé rialacha lena nglacfar faoi (c) thíos. | ||
(c) Déanfar na rialacha i dtaobh ainmniúcháin a athbhreithniú roimh dheireadh na chéad bhonn-tréimhse agus roimh dheireadh gach bonn-tréimhse dá éis sin agus féadfaidh an Ciste rialacha nua a ghlacadh chuige de thoradh athbhreithnithe. Mura nglacfar le rialacha nua, leanfaidh na rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire d'fheidhm a bheith acu. | ||
Alt 6. Athbhunú | ||
(a) Déanfaidh aon rannpháirtithe a úsáidfidh a gcearta tarraingthe speisialta a sealúchais díobh a athbhunú de réir na rialacha i dtaobh athbhunaithe atá i Sceideal G nó cibé rialacha eile lena nglacfar faoi (b) thíos. | ||
(b) Déanfar na rialacha i dtaobh athbhunaithe a athbhreithniú roimh dheireadh na chéad bhonn-tréimhse agus roimh dheireadh gach bonn-tréimhse dá éis sin agus glacfar le rialacha nua más gá sin. Mura nglacfar le rialacha nua nó mura gcinnfear rialacha i dtaobh athbhunaithe a dhíchur, leanfaidh na rialacha i bhfeidhm a bheidh i bhfeidhm tráth an athbhreithnithe. Ní foláir tromlach ochtó a cúig faoin gcéad na cumhachta iomláine vótála chun a chinneadh go nglacfar leis na rialacha i dtaobh athbhunaithe, go modhnófar iad, nó go ndíchuirfear iad. | ||
Alt 7. Oibríochtaí agus idirbhearta tríd an gCuntas Ginearálta. | ||
(a) Aireofar cearta tarraingthe speisialta ar chúltacaí airgeadaíochta comhalta faoi Airteagal XIX chun críocha Airteagal III Alt 4 (a), Alt 7 (b) agus (c), Airteagal V, Alt 8 (f), agus Sceideal B, mír 1. Féadfaidh an Ciste a chinneadh go bhfágfar, le linn áireamh a bheith á dhéanamh ar chúltacaí airgeadaíochta agus ar an méadú ar chúltacaí airgeadaíochta in imeacht aon bhliana chun críche Airteagal V, Alt 7 (b) agus (c), gan chuntas aon mhéadú nó laghdú ar na cúltacaí airgeadaíochta sin de bharr cearta tarraingthe speisialta a leithroinnt nó a chealú in imeacht na bliana. | ||
(b) Glacfaidh an Ciste cearta tarraingthe speisialta: | ||
(i) in athcheannach a fhaibhreoidh i gcearta tarraingthe speisialta faoi Airteagal V, Alt 7 (b); agus | ||
(ii) in aisíoc de bhun Airteagal XXVI, alt 4. | ||
(c) Féadfaidh an Ciste an oiread ceart tarraingthe speisialta a ghlacadh a chinnfidh sé: | ||
(i) i leith muirir a íoc; agus | ||
(ii) i leith athcheannach seachas athcheannach faoi Airteagal V, Alt 7 (b) i gcomhréireachtaí a bheidh cóimhéid, a mhéid is féidir sin, i gcás na gcomhaltaí go léir. | ||
(d) Féadfaidh an Ciste, má mheasann sé gur gníomh cuí é chun a shealúchais d'airgeadra rannpháirtí a athlíonadh agus tar éis dul i gcomhairle leis an rannpháirtí sin i dtaobh bealaí eile athlíonadh faoi Airteagal VII, Alt 2, a cheangal ar an rannpháirtí sin a airgeadra a sholáthar le haghaidh cearta tarraingthe speisialta a bheidh ar teachtadh sa Chuntas Ginearálta faoi réir Airteagal 4 den Airteagal seo. Le linn a bheith ag athlíonadh le cearta tarraingthe speisialta, beidh aird chuí ag an gCiste ar na prionsabail ainmniúcháin faoi Alt 5 den Airteagal seo. | ||
(e) Féadfaidh an Ciste, go feadh an mhéid a fhéadfaidh rannpháirtí cearta tarraingthe speisialta a fháil in idirbhearta a bheidh forordaithe ag an gCiste chun athbhunú aige faoi Alt 6 (a) den Airteagal seo a chur chun cinn, comhardú codarsna a chosc nó a laghdú, nó slánú a dhéanamh ar fhuíoll mainneachtana aige an ceapadh atá in Alt 3 (a) den Airteagal seo a chomhalladh, cearta tarraingthe speisialta a bheidh ar teachtadh sa Chuntas Ginearálta a sholáthar don rannpháirtí ar ór nó airgeadra lena mbeidh glacadh ag an gCiste. | ||
(f) In aon oibríochtaí agus idirbhearta eile, idir an Ciste agus rannpháirtí, a sheolfar tríd an gCuntas Ginearálta féadfaidh an Ciste cearta tarraingthe speisialta a úsáid trí chomhaontú leis an rannpháirtí. | ||
(g) Féadfaidh an Ciste muirir réasúnacha a bheidh ar aon-chothrom maidir leis do na comhpháirtithe go léir a thobhach i ndáil le hoibríochtaí agus idirbhearta faoin Alt seo. | ||
Alt 8. Rátaí Malairte | ||
(a) Is amhlaidh a bheidh leis na rátaí malairte d'oibríochtaí nó idirbhearta idir na rannpháirtithe go bhfaighidh rannpháirtí a úsáidfidh cearta tarraingthe speisialta an luach céanna cibé airgeadraí a sholáthrófaí agus cibé rannpháirtithe a sholáthróidh na hairgeadraí sin, agus glacfaidh an Ciste le rialacháin chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal sin. | ||
(b) Rachaidh an Ciste i gcomhairle le rannpháirtí i dtaobh an nós imeachta chun rátaí malairte dá airgeadra a chinneadh. | ||
(c) Chun críche na forála seo folaíonn an téarma rannpháirtí rannpháirtí forceannaidh. | ||
AIRTEAGAL XXVI | ||
ús agus Táillí an Chuntais Tarraingthe Speisialta | ||
Alt 1. Us | ||
Déanfaidh an Ciste ús de réir an ráta chéanna maidir leis na sealbhóirí go léir a íoc le gach sealbhóir ar mhéid a shealúchais de chearta tarraingthe speisialta. Íocfaidh an Ciste an méid a bheidh dlite do gach sealbhóir cibé acu a gheobhfar nó nach bhfaighfear sáith táillí le haghaidh ús a íoc. | ||
Alt 2. Táillí | ||
Íocfaidh gach rannpháirtí táillí leis an gCiste, de réir an ráta chéanna maidir leis na rannpháirtithe go léir, ar a ghlan-leithroinnt charnach ceart tarraingthe speisialta móide aon chomhardú codarsna de chuid an rannpháirtí nó táillí neamhíoctha. | ||
Alt 3. An ráta úis agus táillí | ||
Beidh an ráta úis comhionann leis an ráta táillí agus ráta aon go leith faoin gcéad sa bhliain é. Féadfaidh an Ciste dá rogha féin an ráta sin a mhéadú nó a laghdú, ach is ráta é nach mbeidh níos mó ná dó faoin gcéad nó an ráta luach saothair arna chinneadh faoi Airteagal V, Alt 9, cibé acu is mó, ná níos lú ná aon faoin gcéad nó an ráta luach saothair arna chinneadh faoi Airteagal V, Alt 9, cibé acu is lú. | ||
Alt 4. Measúnachtaí | ||
Nuair a chinnfear faoi Airteagal XXII, Alt 2, go ndéanfar aisíoc, toibheoidh an Ciste measúnachtaí chun na críche sin de réir an ráta chéanna maidir leis na rannpháirtithe go léir ar a nglan-leithroinnteanna carnacha. | ||
Alt 5. Ioc úis, táillí, agus measúnachtaí | ||
Íocfar ús, táillí, agus measúnachtaí i gcearta tarraingthe speisialta. Aon rannpháirtí a dteastóidh cearta tarraingthe speisialta uaidh chun aon táille nó measúnacht a íoc, beidh sé faoi oibleagáid agus i dteideal iad a fháil, mar is rogha leis ar ór nó airgeadra lena mbeidh glacadh ag an gCiste, in idirbheart leis an gCiste a sheolfar tríd an gCuntas Ginearálta. Mura féidir sáith ceart tarraingthe speisialta a fháil ar an gcuma sin, déanfar soilíos don rannpháirtí agus beidh sé i dteideal iad a fháil le hairgeadra is inchomhshóite iarbhír ó rannpháirtí a shonróidh an Ciste. Déanfar aon chearta tarraingthe speisialta a gheobhaidh rannpháirtí tar éis an dáta íoca a chur chun feidhme in aghaidh a tháillí neamhíoctha agus a chealú. | ||
AIRTEAGAL XXVII | ||
Riaradh an Chuntais Ghinearálta agus an Chuntais Tarraingthe Speisialta | ||
(a) Riarfar an Cuntas Ginearálta agus an Cuntas Tarraingthe Speisialta de réir forálacha Airteagal XII, faoi réir an mhéid seo a leanas: | ||
(i) Féadfaidh an Bord Rialtóirí údarás a tharmligean chun na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin aon chumhachtaí de chuid an Bhoird a fheidhmiú maidir le cearta tarraingthe speisialta ach amháin iad siúd faoi Airteagal XXIII, Alt 3, Airteagal XXIV, Alt 2 (a), (b), agus (c) agus Alt 3, an abairt díreach roimh an abairt deiridh d'Airteagal XXV, Alt 2 (b), Airteagal XXV, Alt 6 (b), agus Airteagal XXXI (a). | ||
(ii) Le haghaidh cruinnithe nó cinnte an Bhoird Rialtóirí i dtaobh ábhair a bhainfidh go heisiatach leis an gCuntas Tarraingthe Speisialta, ní dhéanfar ach iarratais ó rialtóirí, nó rialtóirí a bheith i láthair agus vótaí rialtóirí, is rialtóirí a cheap comhaltaí is rannpháirtithe, a chomhaireamh chun cruinnithe a ghairm agus a chinneadh an bhfuil córam ann nó ar cinneadh ag tromlach mar is riachtanach an cinneadh. | ||
(iii) I gcás cinneadh ag na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ar ábhair a bhaineann go heisiatach leis an gCuntas Tarraingthe Speisialta ní bheidh teideal vótála ach ag stiúrthóirí a ceapadh nó a toghadh ag comhalta amháin ar a laghad is rannpháirtí. Beidh gach stiúrthóir acu sin i dteideal an líon vótaí a chaitheamh a bheidh leithroinnte ar an gcomhalta is rannpháirtí a cheap é nó ar na comhaltaí is rannpháirtithe ar comhaireadh a vótaí á thoghadh. Ní dhéanfar ach stiúrthóirí a bheidh i láthair a ceapadh nó a toghadh ag comhaltaí is rannpháirtithe agus na vótaí a leithroinneadh ar chomhaltaí is rannpháirtithe a chomhaireamh chun a chinneadh an bhfuil córam ann nó ar cinneadh ag tromlach mar is riachtanach an cinneadh. | ||
(iv) Déanfar ceisteanna i dtaobh riaradh ginearálta an Chiste, lena n-áirítear aisíoc faoi Airteagal XXII, Alt 2, agus aon cheist i dtaobh baint a bheith ag ábhar leis an dá Chuntas nó ar go heisiatach leis an gCuntas Tarraingthe Speisialta a bhaineann ábhar a chinneadh ionann is dá mba leis an gCuntas Ginearálta go heisiatach a bhaineann siad. Gach cinneadh maidir le glacadh agus sealbhú ceart tarraingthe sa Chuntas Ginearálta agus a n-úsáid, agus gach cinneadh eile a bhainfidh le hoibríochtaí agus idirbhearta a sheolfar tríd an gCuntas Ginearálta agus tríd an gCuntas Tarraingthe Speisialta le chéile, déanfar iad ag na tromlaigh is gá le haghaidh cinnte i dtaobh ábhair a bhaineann go heisiatach le gach Cuntas acu. Aon chinneadh i dtaobh ábhar a bhainfidh leis an gCuntas Tarraingthe Speisialta cuirfidh sé sin in iúl. | ||
(b) I dteannta na bpribhléidí agus na ndíolúintí a thugtar faoi Airteagal IX den Chomhaontú seo, ní thoibheofar cáin d'aon sórt ar chearta tarraingthe speisialta ná ar oibríochtaí ná idirbhearta i gcearta tarraingthe speisialta. | ||
(c) Is ar rannpháirtí á iarraidh agus sa chás sin amháin a dhéanfar ceist i dtaobh léiriú forálacha an Chomhaontaithe seo i ndáil le hábhair a bhainfidh go heisiatach leis an gCuntas Tarraingthe Speisialta a chur faoi bhráid na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin de bhun Airteagal XVIII (a). In aon chás ina mbeidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tar éis cinneadh a dhéanamh ar cheist léiriúcháin a bhain go heisiatach leis an gCuntas Tarraingthe Speisialta, ní fhéadfaidh ach rannpháirtí a cheangal an cheist a chur faoi bhráid an Bhoird Rialtóirí faoi Airteagal XVIII (b). Cinnfidh an Bord Rialtóirí an mbeidh rialtóir a ceapadh ag comhalta nach rannpháirtí i dteideal vótáil sa Choiste Léiriúcháin ar cheisteanna a bhainfidh go heisiatach leis an gCuntas Tarraingthe Speisialta. | ||
(d) Aon uair a éireoidh easaontas idir an Ciste agus rannpháirtí a d'éirigh as bheith páirteach sa Chuntas Tarraingthe Speisialta nó idir an Ciste agus aon rannpháirtí le linn an Cuntas Tarraingthe Speisialta a bheith á leachtú maidir le haon ábhar a éireoidh go heisiatach as bheith páirteach sa Chuntas Tarraingthe Speisialta, cuirfear an t-easaontas faoi eadráin de réir na nós imeachta atá in Airteagal XVIII (c). | ||
AIRTEAGAL XXVIII | ||
Oibleagáidí Ginearálta Rannpháirtithe | ||
I dteannta na n-oibleagáidí a ghlacfar maidir le cearta tarraingthe speisialta faoi Airteagail eile den Chomhaontú seo, geallann gach rannpháirtí comhoibriú leis an gCiste agus le rannpháirtithe eile le feidhmiú éifeachtach an Chuntais Tarraingthe Speisialta agus úsáid chuí ceart tarraingthe speisialta de réir an Chomhaontaithe seo a éascú. | ||
AIRTEAGAL XXIX | ||
Idirbhearta i gCearta Tarraingthe Speisialta a Fhionraí | ||
Alt 1. Forálacha éigeandála | ||
I gcás éigeandáil nó teagmhas gan choinne a theacht chun cinn is díol contúirte d'oibríochtaí an Chiste i ndáil leis an gCuntas Tarr aingthe Speisialta, féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin trí vótáil de thoil a chéile oibriú aon cheann de na forálacha a bhaineann le cearta tarraingthe speisialta a fhionraí go ceann tréimhse nach faide ná céad agus fiche lá, agus beidh feidhm ansin ag forálacha Airteagal XVI, Alt 1 (b), (c) agus (d). | ||
Alt 2. Má mhainnítear oibleagáidí a chomhalladh | ||
(a) Má thugann an Ciste faoi deara go bhfuil mainnithe ag rannpháirtí a oibleagáidí faoi Airteagal XXV, Alt 4, a chomhalladh, fionrófar ceart an rannpháirtí a chearta tarraingthe speisialta a úsáid mura gcinnfidh an Ciste a mhalairt. | ||
(b) Má thugann an Ciste faoi deara go bhfuil mainnithe ag rannpháirtí aon oibleagáid eile i ndáil le cearta tarraingthe speisialta a chomhalladh, féadfaidh an Ciste fionraí a dhéanamh ar cheart an rannpháirtí cearta tarraingthe speisialta a úsáid a gheobhaidh sé tar éis an fhionraí. | ||
(c) Glacfar le rialacháin chun a áirithiú go ndéanfar, sula dtionscnófar caingean i gcoinne aon rannpháirtí faoi (a) nó (b) thuas, scéala a thabhairt láithreach don rannpháirtí faoin ngearán ina choinne agus leor-dheis a thabhairt dó a chás a shonrú, de bhriathra béil agus i scríbhinn. Aon uair a thabharfar scéala den sórt sin do rannpháirtí i dtaobh gearáin a bhaineann le (a) thuas, ní úsáidfidh sé cearta tarraingthe speisialta nó go ndéileálfar leis an ngearán. | ||
(d) Ní dhéanfaidh fionraí faoi (a) nó (b) thuas ná teorainniú faoi (c) thuas difear d'oibleagáid an rannpháirtí airgeadra a sholáthar de réir Airteagal XXV, Alt 4. | ||
(e) Féadfaidh an Ciste aon tráth fionraí faoi (a) nó (b) thuas a fhoirceannadh, ar choinníoll nach ndéanfar fionraí a forchuireadh ar rannpháirtí faoi (b) thuas, mar gheall ar mhainniú an oibleagáid faoi Airteagal XXV, Alt 6 (a) a chomhalladh, a fhoirceannadh go ceann céad is ochtó lá tar éis an chéad ráithe caileandair a chomhlíonfaidh an rannpháirtí na rialacha athbhunaithe ar a fheadh. | ||
(f) Ní dhéanfar ceart rannpháirtí a chearta tarraingthe speisialta a úsáid a fhionraí toisc é a bheith tagtha chun bheith neamhcháilithe úsáid a bhaint as acmhainní an Chiste faoi Airteagal IV, Alt 6 Airteagal V, Alt 5, Airteagal VI, Alt 1, nó Airteagal XV, Alt 2 (a) Ní bheidh feidhm ag Airteagal XV, Alt 2, mar gheall ar go bhfuil mainnithe ag rannpháirtí aon oibleagáidí i ndáil le cearta tarraingthe speisialta a chomhalladh. | ||
AIRTEAGAL XXX | ||
Rannpháirtíocht a Fhoirceannadh | ||
Alt 1. Ceart chun rannpháirtíocht a fhoirceannadh | ||
(a) Féadfaidh aon rannpháirtí a rannpháirtíocht sa Chuntas Tarraingthe Speisialta a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a tharchur chun an Chiste ina phríomh-oifig. Beidh éifeacht ag an bhfoirceannadh an dáta a gheofar an fógra. | ||
(b) Aon rannpháirtí a tharraingeoidh as bheith ina chomhalta den Chiste measfar a rannpháirtíocht sa Chuntas Tarraingthe Speisialta a bheith arna foirceannadh aige an tráth céanna. | ||
Alt 2. Socraíocht tar éis foirceannadh | ||
(a) Nuair a fhoirceannfaidh rannpháirtí a rannpháirtíocht sa Chuntas Tarraingthe Speisialta, beidh deireadh le hoibríochtaí agus idirbhearta uile an rannpháirtí foirceannaidh i ndáil leis na cearta tarraingthe speisialta ach amháin mar a bheidh ceadaithe faoi chomhaontú de bhun (c) thíos d'fhonn socraíocht a éascú nó mar a fhoráiltear in Ailt 3, 5 agus 6 den Airteagal seo nó i Sceideal H. Déanfar aon ús agus táillí a bhí faibhrithe go dtí dáta an fhoirceannaidh agus aon mheasúnachtaí a toibhíodh roimh an dáta sin agus nár íocadh a íoc i gcearta tarraingthe speisialta. | ||
(b) Beidh d'oibleagáid ar an gCiste na cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag an rannpháirtí foirceannaidh a fhuascailt, agus beidh an rannpháirtí foirceannaidh faoi oibleagáid méid is comhionann lena ghlan-leithroinnt charnach a íoc leis an gCiste mar aon le haon mhéideanna a bheidh dlite agus iníoctha mar gheall ar a rannpháirtíocht sa Chuntas Tarraingthe Speisialta. Fritháireofar na hoibleagáidí sin in aghaidh a chéile agus cealófar an méid ceart tarraingthe speisialta a bheidh ag na rannpháirtí foirceannaidh agus a úsáidfear san fhritháireamh chun a oibleagáid i leith an Chiste a mhúchadh. | ||
(c) Déanfar socraíocht faoi luas réasúnach trí chomhaontú idu an rannpháirtí foirceannaidh agus an Ciste maidir le haon oibleagáid de chuid an rannpháirtí fhoirceannaidh nó an Chiste tar éis an fhritháirimh i (b) thuas. Mura gcomhaontófar ar shocraíocht go scafánta beidh feidhm ag forálacha Sceideal H. | ||
Alt 3. Us agus táillí | ||
Tar éis dáta an fhoirceannaidh íocfaidh an Ciste ús ar aon iarmhéid ceart tarraingthe speisialta neamhghlanta a bheidh ag rannpháirtí foirceannaidh agus déanfaidh an rannpháirtí foirceannaidh táillí ar aon oibleagáid neamhghlanta a bheidh dlite don Chiste a íoc na tráthanna agus de réir na rátaí a fhorordófar faoi Airteagal XXVI. I gcearta tarraingthe speisialta a dhéanfar an t-íoc. Beidh rannpháirtí foirceannaidh i dteideal cearta tarraingthe speisialta a fháil ar airgeadra is inchomhshóite iarbhír chun táillí nó measúnachtaí a íoc in idirbheart le rannpháirtí a shonróidh an Ciste nó trí chomhaontú ó aon sealbhóir eile, nó cearta tarraingthe speisialta a dhiúscairt a fuarthas mar ús in idirbheart le haon rannpháirtí a ainmníodh faoi Airteagal XXV, Alt 5, nó trí chomhaontú le haon sealbhóir eile. | ||
Alt 4. Oibleagáid i leith an Chiste a shocrú | ||
Déanfaidh an Ciste ór nó airgeadra a fuair an Ciste ó rannpháirtí foirceannaidh a úsáid d'fhuascailt ceart tarraingthe speisialta a bheidh ag rannpháirtithe ar comhréir leis an mbreis a bheidh ag sealúchais gach rannpháirtí de chearta tarraingthe speisialta ar a ghlan-leithroinnt charnach le linn don Chiste an t-ór nó an t-airgeadra a fháil. Cealófar cearta tarraingthe speisialta a fhuasclófar amhlaidh agus cearta tarraingthe speisialta a fuair rannpháirtí foirceannaidh faoi fhorálacha an Chomhaontaithe seo faoi chomhair aon tráthchoda a bhí dlite faoi chomhaontú socraíochta nó faoi Sceideal H agus a fritháiríodh i gcoinne na tráthchoda sin. | ||
Alt 5. Oibleagáid i leith rannpháirtí foirceannaidh a shocrú | ||
Aon uair a éileofar ar an gCiste cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag rannpháirtí foirceannaidh a fhuascailt, déanfar an fhuascailt le hairgeadra nó ór a sholáthróidh rannpháirtithe a shonróidh an Ciste. Sonrófar na rannpháirtithe sin de réir na bprionsabal atá in Airteagal XXV, Alt 5. Déanfaidh gach rannpháirtí sonraithe, mar is rogha leis, airgead de chuid an rannpháirtí fhoirceannaidh nó airgeadra is inchomhshóite iarbhír nó ór a sholáthar don Chiste agus gheobhaidh sé a chóimhéid de chearta tarraingthe speisialta. Ach féadfaidh rannpháirtí foirceannaidh a chearta tarraingthe speisialta a úsáid chun a airgeadra féin, airgeadra is inchomhshóite iarbhír, nó ór a fháil ó aon sealbhóir, má cheadaíonn an Ciste sin. | ||
Alt 6. Idirbhearta Cuntais Ghinearálta | ||
Féadfaidh an Ciste, chun socraíocht le rannpháirtí foirceannaidh a éascú, a chinneadh maidir le rannpháirtí foirceannaidh: | ||
(i) go n-úsáidfidh sé aon chearta tarraingthe speisialta a bheidh aige tar éis an fhritháirimh faoi Alt 2 (b) den Airteagal seo, nuair a bheidh siad le fuascailt, in idirbheart leis an gCiste a sheolfar tríd an gCuntas Ginearálta chun a chuid airgeadra féin nó airgeadra is inchomhshóite iarbhír de réir mar is rogha leis an gCiste, a fháil. | ||
(ii) go bhfaighidh sé cearta tarraingthe speisialta in idirbheart leis an gCiste a sheolfar tríd an gCuntas Ginearálta ar airgeadra lena mbeidh glacadh ag an gCiste nó ór, faoi chomhair aon táille nó tráthchoda a bheidh dlite faoin gcomhaontú nó faoi fhorálacha Sceideal H. | ||
AIRTEAGAL XXXI | ||
An Cuntas Tarraingthe Speisialta a Leachtu | ||
(a) Ní fhéadfar an Cuntas Tarraingthe Speisialta a leachtú ach amháin ar chinneadh ón mBord Rialtóirí. Má bhíonn éigeandáil ann, féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, má chinneann siad gur gá an Cuntas Tarraingthe Speisialta a leachtú, leithroinnt nó cealú nó gach idirbheart i leith cearta tarraingthe speisialta a fhionraí go sealadach nó go ndéanfaidh an Bord cinneadh. Aon chinneadh ag an mBord Rialtóirí an Ciste a leachtú cinneadh é an Cuntas Ginearálta agus an Ciste Tarraingthe Ginearálta a leachtú. | ||
(b) Ma chinneann an Bord Rialtóirí an Cuntas Tarraingthe Speisialta a leachtú, beidh deireadh leis an leithroinnt nó an cealú go léir agus leis na hoibríochtaí agus na hidirbhearta go léir i gcearta tarraingthe speisialta agus gníomhaíochtaí an Chiste maidir leis an gCuntas Tarraingthe Speisialta ach amháin iad siúd a ghabhann le cuí-chomhlíonadh oibleagáidí na rannpháirithe agus an Chiste i ndáil le cearta tarraingthe speisialta, agus beidh deireadh le hoibleagáidí uile an Chiste agus na rannpháirtithe faoin gComhaontú seo i ndáil le cearta tarraingthe speisialta ach amháin iad siúd atá leagtha amach san Airteagal seo, in Airteagal XVIII (c), in Airteagal XXVI, in Airteagal XXVII (d), in Airteagal XXX agus i Sceideal H, agus in aon chomhaontú a rinneadh faoi Airteagal XXX faoi réir mhír 4 de Sceideal H, Airteagal XXXII, agus Sceideal I. | ||
(c) Ar an gCuntas Tarraingthe Speisialta a bheith leachtaithe, déanfar taíllí a d'fhaibhrigh go dtí dáta an leachtaithe agus measúnachtaí a toibhíodh roimh an dáta sin ach nár íocadh a íoc i gcearta tarraingthe speisialta. Beidh d'oibleagáid ar an gCiste na cearta tarraingthe speisialta go léir a bheidh ag rannpháirtithe a fhuascailt agus beidh d'oibleagáid ar gach rannpháirtí go n-íocfaidh sé leis an gCiste méid ar cóimhéid lena ghlan-leithroinnt charnach de chearta tarraingthe speisialta agus cibé méideanna eile a bheidh dlite agus iníoctha mar gheall ar é a bheith páirteach sa Chuntas Tarraingthe Speisialta. | ||
(d) Riarfar de réir forálacha Sceideal I leachtú an Chuntais Tarraingthe Speisialta. | ||
AIRTEAGAL XXXII | ||
Míniú ar Théarmaí i Leith Cearta Tarraingthe Speisialta | ||
Nuair a bheidh an Ciste agus a chomhaltaí ag léiriú forálacha an Chomhaontaithe seo maidir le cearta tarraingthe speisialta glacfaidh siad mar threoir leis an méid seo a leanas: | ||
(a) ciallaíonn glan-leithroinnt charnach de chearta tarraingthe speisialta an méid iomlán ceart tarraingthe speisialta atá leithroinnte ar rannpháirtí lúide a chion de chearta tarraingthe speisialta a cealaíodh faoi Airteagal XXIV, Alt 2 (a). | ||
(b) Ciallaíonn airgeadra is inchomhshóite iarbhír: | ||
(1) airgeadra rannpháirtí is airgeadra a bhfuil nós imeachta ann chun méideanna den airgeadra a fuarthas in idirbhearta a bhain le cearta tarraingthe speisialta a chomhshó i ngach airgeadra eile a bhfuil an nós imeachta sin ann dó, de réir rátaí malairte atá forordaithe faoi Airteagal XXV, Alt 8, agus is airgeadra de chuid rannpháirtí | ||
(i) a ghlac chuige oibleagáidí Airteagal VIII, Ailt 2, 3 agus 4 nó | ||
(ii) a dhéanann, chun idirbhearta idirnáisiúnta a shocrú iarbhír, ór a cheannach agus a dhíol go saorálach laistigh de na teorainneacha atá forordaithe ag an gCiste faoi Alt 2 d'Airteagal IV; nó | ||
(2) airgeadra is inchomhshóite in airgeadra a thuairiscítear i mír (1) thuas de réir rátaí malairte atá forordaithe faoi Airteagal XXV, Alt 8. | ||
(c) Is é staid chúltaca rannpháirtí sa Chiste suim na gceannach tranche óir a d'fhéadfadh sé a dhéanamh agus méid aon fhéichiúnais de chuid an Chiste is inaisíoctha go réidh leis an rannpháirtí faoi chomhaontú iasachta.” | ||
L | ||
|
SCEIDEAL B Forálacha i Leith Comhalta D'athcheannach Airgeadra dá chuid atá ag an gCiste | ||
1. Is mar a leanas a léifear mír I: | ||
“I. Nuair a bheifear a chinneadh cá hoiread d'airgeadra chomhalta a athcheannófar ón gCiste faoi Airteagal V, Alt 7 (b), le gach airgeadra inchomhshóite agus le gach ceann de na cineálacha cúltaca airgeadaíochta eile, beidh feidhm, faoi réir 2 thíos, ag an riail seo a leanas: | ||
(a) Mura mbeidh cúltacaí airgeadaíochta an chomhalta tar éis méadú in imeacht na bliana, déanfar an méid is iníoctha leis an gCiste a roinnt ar na cineálacha uile cúltaca i gcoibhneas le sealúchais an chomhalta dhíobh i ndeireadh na bliana. | ||
(b) Má bhíonn cúltacaí airgeadaíochta an chomhalta tar éis méadú in imeacht na bliana, déanfar cuid den mhéid is iníoctha leis an gCiste is comhionann le leath an mhéadaithe, lúide leath aon laghdaithe, a tháinig, in imeacht na bliana, ar shealúchais an Chiste d'airgeadra an chomhalta a roinnt ar na cineálacha cúltaca a mhéadaigh i gcoibhneas leis an oiread a mhéadaigh gach ceann acu. Déanfar an chuid eile den tsuim is iníoctha leis an gCiste a roinnt ar gach cineál cúltaca i gcoibhneas lena mbeidh fágtha den chéanna ag an gcomhalta. | ||
(c) Dá dtarlódh, tar éis an t-athcheannach a bheith déanta a cheanglaítear faoi Airteagal V, Alt 7 (b), go rachadh an toradh thar aon teorainn dá sonraítear in Airteagal V, Alt 7 (c) (i) nó (ii), ceanglóidh an Ciste go ndéanfaidh an comhalta an t-athcheannach sin go comhréireach ar mhodh nach rachfar thar na teorainneacha sin. | ||
(d) Dá dtarlódh, tar éis an t-athcheannach go léir a bheith déanta a cheanglaítear faoi Airteagal V, Alt 7 (b), go rachadh an toradh thar an teorainn a shonraítear in Airteagal V, Alt 7 (c), (iii), déanfar an méid a rachfai thar an teorainn a ghlanadh in airgeadraí inchomhshóite mar a chinnfidh an Ciste gan dul thar an teorainn sin. | ||
(e) Dá dtéadh an t-athcheannach a cheanglaítear faoi Airteagal V, Alt 7 (b) thar an teorainn a shonraítear in Airteagal V, Alt 7 (c) (iv), déanfar an méid a rachfaí thar an teorainn a athcheannach i ndeireadh na bliana nó na mblianta airgeadais dá éis sin ar mhodh nach rachadh iomlán a n-athcheannófaí faoi Airteagal V, Alt 7 (b) aon bhliain thar an teorainn a shonraítear in Airteagal V, Alt 7 (c) (iv).” | ||
2. Is mar a leanas a léifear mír 2: | ||
“2. (a) Ní bhfaighidh an Ciste airgeadra aon neamhchomhalta faoi Airteagal V, Alt 7 (b) agus (c). | ||
(b) Is in airgeadraí inchomhshóite de chuid comhaltaí, mar a chinnfidh an Ciste, a íocfar aon mhéid is iníoctha in airgeadra neamhchomhalta faoi 1 (a) nó 1 (b) thuas.” | ||
3. Cuirfear na míreanna 5 agus 6 seo a leanas le Sceideal B: | ||
“5. Nuair a bheifear ag ríomh cúltacaí airgeadaíochta agus an mhéadaithe ar chúltacaí airgeadaíochta i gcaitheamh aon bhliana chun críche Airteagal V, Alt 7 (b) agus (c), féadfaidh an Ciste, mar is rogha leis, a chinneadh, ar chomhalta á iarraidh, go ndéanfar asbhaintí i leith oibleagáidí a bheidh gan ghlanadh de thoradh idirbhearta idir comhaltaí faoi chomhar-shaoráid lena gcomhaontaíonn comhalta a airgeadra a mhalartú, ar éileamh, ar airgeadra an chomhalta eile suas go dtí méid uasta áirithe agus ar théarmaí a cheanglaíonn gach idirbheart den sórt sin a aisiontú laistigh de thréimhse shonraithe nach faide ná naoi mí.” | ||
“6. Nuair a bheifear ag ríomh cúltacaí airgeadaíochta agus an mhéadaithe ar chúltacaí airgeadaíochta chun críche Airteagal V, Alt 7 (b) agus (c), beidh feidhm ag Airteagal XIX (e) ach amháin go mbeidh feidhm ag an bhforáil seo a leanas ag deireadh bliana airgeadais má bhí sé in éifeacht i dtús na bliana sin: | ||
‘Ríomhfar cúltacaí airgeadaíochta comhalta trí na féichiúnais airgeadra do Státchistí, do bhancanna ceannais, do chistí | ||
cobhsaíochta nó do ghníomhaireachtaí fioscacha dá sórt de chuid chomhaltaí nó neamhchomhaltaí a shonraítear faoi (d) thuas, mar aon le dliteanais eile dá sórt d'fhorais oifigiúla agus do bhancanna eile i gcríocha comhaltaí nó neamhchomhaltaí a shonraítear faoi (d) thuas a bhaint as a phríomhshealúchais. Cuirfear leis na glan-sealúchais sin na suimeanna a measfar gur sealúchais oifigiúla iad de chuid foras oifigiúla eile agus bancanna eile faoi (c) thuas.’” | ||
M | ||
Cuirfear na Sceidil seo a leanas i ndiaidh Sceideal E: | ||
“SCEIDEAL F | ||
Ainmniú | ||
In gcaitheamh na chéad bhonn-tréimhse is iad seo a leanas na rialacha i dtaobh ainmnithe: | ||
(a) Déanfar rannpháirtithe atá faoi réir a n-ainmnithe faoi Airteagal XXV, Alt 5 (a) (i), a ainmniú i leith méideanna a bhéarfaidh go mbeidh gur comhionann na coibhnis idir sealúchais na rannpháirtithe de chearta tarraingthe speisialta de bhreis ar a nglan-leithroinnteanna carnacha agus a sealúchais oifigiúla óir agus malairtí coigríche. | ||
(b) An fhoirmle chun éifeacht a thabhairt d'(a) thuas is foirmle de shórt a bheidh inti go ndéanfar rannpháirtithe atá faoi réir a n-ainmnithe a ainmniú: | ||
(i) ar comhréir lena sealúchais oifigiúla óir agus malairte coigríche nuair is comhionann na coibhnis a thuairiscítear in (a) thuas; | ||
(ii) ar mhodh a laghdóidh ar an difear idir na coibhnis a thuairiscítear in (a) thuas atá íseal agus na coibhnis atá ard. | ||
SCEIDEAL G | ||
Athbhunú | ||
1. I gcaitheamh na chéad bhonn-tréimhse is iad seo a leanas na rialacha i dtaobh athbhunaithe: | ||
(a) (i) Déanfaidh rannpháirtí a shealúchais de chearta tarraingthe speisialta a úsáid agus a athbhunú ar mhodh nach mbeidh, cúig bhliana tar éis na chéad leithranna agus i ndeireadh gach ráithe caileandair ina dhiaidh sin, meánmhéid a shealúchas laethúil iomlán de chearta tarraingthe speisialta thar an tréimhse cúig bliana is déanaí níos lú ná tríocha faoin gcéad de mheánmhéid a ghlan-leithroinnt charnach laethúil de chearta tarraingthe speisialta thar an tréimhse chéanna. | ||
(ii) Dhá bhliain tar éis na chéad leithranna agus i ndeireadh gach míosa caileandair ina dhiaidh sin, déanfaidh an Ciste ríomh do gach rannpháirtí lena fháil amach ar ghá don rannpháirtí cearta tarraingthe speisialta a fháil, agus cé mhéad é, idir dáta an ríomha agus deireadh aon tréimhse cúig bliana d'fhonn an ceanglas in (a) (i) thuas a chomhlíonadh. Glacfaidh an Ciste chuige rialacháin maidir leis an bhforas ar a ndéanfar an ríomh sin agus maidir le tráth rannpháirtithe a ainmniú faoi Airteagal XXV, Alt 5 (a) (ii), le cabhrú leo an ceanglas in (a) (i) thuas a chomhlíonadh. | ||
(iii) Tabharfaidh an Ciste fógra speisialta do rannpháirtí nuair a thaispeánfaidh ríomh faoi (a) (ii) thuas nach dóigh don rannpháirtí a bheith i gcumas an ceanglas in (a) (i) thuas a chomhlíonadh mura scoirfidh sé de chearta tarraingthe speisialta a úsáid ar feadh na coda eile den tréimhse dá ndearnadh an ríomh faoi (a) (ii) thuas. | ||
(iv) Aon rannpháirtí ar gá dó cearta tarraingthe speisialta a fháil chun an oibleagáid sin a chomhalladh beidh sé faoi oibleagáid agus i dteideal iad a fháil, mar is rogha leis, ar ór nó airgeadra lena mbeidh glacadh ag an gCiste, in idirbheart leis an gCiste a sheolfar tríd an gCuntas Ginearálta. Mura féidir dóthain ceart tarraingthe speisialta a fháil ar an gcuma sin, beidh an rannpháirtí faoi oibleagáid agus i dteideal iad a fháil le hairgeadra is inchomhshóite iarbhír ó rannpháirtí a shonróidh an Ciste. | ||
(b) Tabharfaidh na rannpháirtithe aird chuí ar inmhianaithe dlús a chur in imeacht na haimsire le coibhneas cobhsaí a chothú idir a sealúchais ceart tarraingthe speisialta agus a sealúchais óir agus malairte coigríche agus a gcúrsaí cúltaca sa Chiste. | ||
2. Má mhainníonn rannpháirtí na rialacha i dtaobh athbhunaithe a chomhlíonadh, cinnfidh an Ciste ar cheart, i gcúinsí an cháis, fionraí faoi Airteagal XXIX, Alt 2 (b). | ||
SCEIDEAL H | ||
Rannpháirtíocht a Fhoirceannadh | ||
1. Más oibleagáid don rannpháirtí foirceannaidh an oibleagáid a bheidh fanta tar éis an fhritháirimh faoi Airteagal XXX, Alt 2 (b) agus nach ndéanfar comhaontú socraíochta idir an Ciste agus an rannpháirtí foirceannaidh laistigh de shé mhí ó dháta an fhoirceannta fuasclóidh an Ciste an iarmhéid sin de chearta tarraingthe speisialta ina thráthchodanna leathbhliantúla comhionanna laistigh de chúig bliana ar a fhad ó dháta an fhoirceannta. Fuasclóidh an Ciste an iarmhéid sin, mar a chinnfidh sé, (a) trí na méideanna a íoc leis an rannpháirtí foirceannaidh a sholáthraigh na rannpháirtithe a bh fágtha don Chiste de réir Airteagal XXX, Alt 5, nó (b) trína cheadú don rannpháirtí foirceannaidh a chearta tarraingthe speisialta a úsáid chun a airgeadra féin a fháil nó airgeadra is inchomhshóite iarbhír ó rannpháirtí a shonróidh an Ciste, an Cuntas Ginearálta, nó aon sealbhóir eile. | ||
2. Más oibleagáid don Chiste an oibleagáid a bheidh fanta tar éis an fhritháirimh faoi Airteagal XXX, Alt 2 (b), agus nach ndéanfar comhaontú socraíochta laistigh de shé mhí ó dháta an fhoirceannta, urscaoilfidh an rannpháirtí foirceannaidh an oibleagáid sin ina tráthcodanna leathbhliantúla comhionanna laistigh de thrí bliana ó dháta an fhoirceannta nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a shocróidh an Ciste. Urscaoilfidh an rannpháirtí foirceannaidh an oibleagáid sin, mar a chinnfidh an Ciste trí (a) airgeadra is inchomhshóite iarbhír nó ór, de réir mar is rogha leis an rannpháirtí foirceannaidh, a íoc leis an gCiste, nó (b) trí chearta tarraingthe speisialta a fháil de réir Airteagal XXX, Alt 6, ón gCuntas Ginearálta nó trí chomhaontú le rannpháirtí a shonróidh an Ciste nó ó aon sealbhóir eile, agus na cearta tarraingthe speisialta sin a fhritháireamh i gcoinne na tráthchoda a bheidh dlite. | ||
3. Tiocfaidh tráthchodanna faoi 1 nó 2 thuas chun bheith dlite sé mhí tar éis dáta an fhoirceannta agus i gceann eatramh sé mhí dá éis sin. | ||
4. Má théann an Cuntas Tarraingthe Speisialta chun a leachtaithe faoi Airteagal XXXI laistigh de shé mhí ón dáta a fhoirceannfaidh rannpháirtí a rannpháirtíocht, déanfar an socraíocht idir an Ciste agus an rialtas sin de réir Airteagal XXXI agus Sceideal I. | ||
SCEIDEAL I | ||
Leachtu an Chuntais Tarraingthe Speisialta a Riaradh | ||
1. Má leachtaítear an Cuntas Tarraingthe Speisialta, urscaoilfidh na rannpháirtithe a n-oibleagáidí i leith an Chiste ina ndeich dtráthchuid leathbhliantúla, nó in imeacht cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Ciste is gá, in airgeadra is inchomhshóite iarbhír agus airgeadraí rannpháirtithe a shealbhaíonn cearta tarraingthe speisialta a bheidh le fuascailt in aon tráthchuid go feadh na fuascailte sin, mar a chinnfidh an Ciste. Déanfar an chéad íocaíocht leathbhliantúil sé mhí tar éis an cinneadh a dhéanamh an Cuntas Tarraingthe Speisialta a leachtú. | ||
2. Má chinntear an Ciste a leachtú laistigh de shé mhí ón dáta a chinnfear an Cuntas Tarraingthe Speisialta a leachtú, ní rachfar ar aghaidh le leachtú an Chuntais Tarraingthe Speisialta go dtí go mbeidh na cearta tarraingthe speisialta a bheidh sa Chuntas Ginearálta dáilte de réir na rialach seo a leanas: | ||
Tar éis na dála a dhéanamh faoi 2 (a) de Sceideal E, déanfaidh an Ciste a chearta tarraingthe speisialta a bheidh sa Chuntas Ginearálta a chionroinnt ar na comhaltaí go léir is rannpháirtithe i gcomhréir leis na méideanna a bheidh dlite do gach rannpháirtí tar éis na dála faoi 2 (a). Chun an méid a bheidh dlite do gach comhalta a chinneadh d'fhonn iarmhéid a shealúchas de gach airgeadra a choinroinnt faoi 2 (c) de Sceideal E, asbhainfidh an Ciste an dáil de chearta tarraingthe speisialta a rinneadh faoin riail seo. | ||
3. Déanfaidh an Ciste, leis na meideanna a gheofar faoi 1 thuas, cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag sealbhóirí a fhuascailt ar an modh agus san ord seo a leanas: | ||
(a) Fuasclófar de réir téarmaí aon chomhaontaithe faoi Airteagal XXX nó Sceideal H cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag rialtais a bheidh tar éis a rannpháirtíocht a fhoirceannadh os cionn sé mhí roimh an dáta a chinnfidh an Bord Rialtóirí an Cuntas Tarraingthe Speisialta a leachtú. | ||
(b) Déanfar cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag sealbhóirí nach rannpháirtithe a fhuascailt sula bhfuasclófar iad siúd a bheidh ag rannpháirtithe agus fuasclófar iad i gcomhréir leis an méid a bheidh ag gach sealbhóir. | ||
(c) Cinnfidh an Ciste an chomhréir de chearta tarraingthe speisialta a bheidh ag gach rannpháirtí i ndáil lena ghlanleithroinnt charnach. Fuasclóidh an Ciste ar dtús cearta tarraingthe speisialta ó na rannpháirtithe ag a mbeidh an chomhréir is mó go dtí go laghdófar an chomhréir sin go dtí an dara comhréir is mó; déanfaidh an Ciste, ansin, na cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag na rannpháirtithe sin a fhuascailt de réir a nglan-leithroinnteanna carnacha go laghdófar na comhréirí go dtí an tríú comhréir is mó; agus leanfar den phróis sin nó go mbeidh an méid a bheidh ar fáil le haghaidh fuascailte caite. | ||
4. Déanfar aon mhéid a bheidh rannpháirtí i dteideal a fháil mar fhuascailt faoi 3 thuas a fhritháireamh i gcoinne aon mhéid a bheidh le híoc faoi 1 thuas. | ||
5. Le linn leachtaithe, íocfaidh an Ciste ús ar an méid ceart tarraingthe speisialta a bheidh ag sealbhóirí, agus íocfaidh gach rannpháirtí táillí ar a ghlan-leithroinnt charnach de chearta tarraingthe speisialta lúide méid aon íocaíochtaí a dhéanfar de réir 1 thuas. Cinnfidh an Bord na rátaí úis agus na táillí agus tráth an íoca. | ||
Déanfar ús agus táillí a íoc, a mhéid is féidir é, i gcearta tarraingthe speisialta. Aon rannpháirtí nach mbeidh a dhóthain ceart tarraingthe speisialta aige faoi chomhair aon táillí, íocfaidh sé in ór nó in airgeadra a shonróidh an Ciste. Ní dhéanfar cearta tarraingthe speisialta a gheofar mar tháillí ina mhéideanna a bheidh ag teastáil le haghaidh costas riaracháin a úsáid chun ús a íoc, ach aistreofar iad chun an Chiste agus is iad a fhuasclófar ar dtús agus is leis na hairgeadraí a úsáidfidh an Ciste faoi chomhair a chostas a fhuasclófar iad. | ||
6. Más mainnitheoir aon rannpháirtí maidir le haon íocaíocht is gá de réir 1 nó 5 thuas, ní íocfar aon mhéideanna leis de réir 2 ná 5 thuas. | ||
7. Má tharlaíonn tar éis na híocaíochtaí deiridh a bheith íoctha leis na rannpháirtithe nach í an chomhréir chéanna de chearta tarraingthe speisialta i gcomórtas lena ghlanleithroinnt charnach a bheidh ag gach rannpháirtí nach mainnitheoir, ceannóidh rannpháirtithe na gcomhréirí ísle ó rannpháirtithe na gcomhréirí arda na méideanna sin, de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an Ciste, chun gurb ionann comhréirí a sealúchas de chearta tarraingthe speisialta. Íocfaidh gach rannpháirtí is mainnitheoir leis an gCiste suim dá airgeadra féin ar cóimhéid le méid a mhainneachtana. Cionroinnfidh an Ciste an t-airgeadra sin agus aon éilimh iarmhair ar na rannpháirtithe i gcomhréir leis an méid ceart tarraingthe speisialta a bheidh ag gach rannpháirtí agus cealófar na cearta tarraingthe speisialta sin. Ansin, dúnfaidh an Ciste leabhair an Chuntais Tarraingthe Speisialta agus beidh deireadh le dliteanais uile an Chiste de bharr cearta tarraingthe speisialta a leithroinnt agus le riaradh an Chuntais Tarraingthe Speisialta. | ||
8. Gach rannpháirtí a ndáilfear a airgeadra ar rannpháirtithe eile faoin Sceideal seo ráthaíonn sé úsáid a dhéanamh, gan srian, den airgeadra sin gach tráth chun earraí a cheannach nó chun suimeanna a íoc a bheidh dlite dó nó do dhaoine ina chríocha. Comhaontaíonn gach rannpháirtí ar a mbeidh an oibleagáid sin rannpháirtithe eile a chúiteamh in aon chaillteanas de bharr an difir idir an luach ar ar dháil an Ciste a airgeadra faoin Sceideal seo agus an luach a fuair na rannpháirtithe sin ar a airgeadra a dhiúscairt.” |