25 1968


Uimhir 25 de 1968


AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961 , DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH RIALÚ AGUS STIÚRADH TRÁCHTA AR BHÓITHRE AGUS LE hAGHAIDH ÚSÁID FEITHICLÍ INNEALLGHLUAISTE AGUS FEITHICLÍ Á dTARRAINGT AG NA FEITHICLÍ SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ GO hÁIRITHE CHUN GO gCINNFEAR TRÍ THÁSTÁLACHA AN CION ALCÓIL I bhFUIL DAOINE I bhFEIGHIL FEITHICLÍ INNEALLGHLUAISTE AGUS I dTAOBH CIONTA AG NA DAOINE SIN, DO DHÉANAMH SOCRUITHE A BHEIDH CEAPTHA CHUN A CHINNTIÚ GO bhFUIL FEITHICLÍ AGUS A dTREALAMH INBHÓTHAIR, DÁ ÚDARÚ MUIRIR ÁIRITHE A GHEARRADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1961, Uimh. 24 .

2. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 .

(2) San Acht seo, aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura dtaispeáintear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá ar intinn.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura dtaispeáintear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá ar intinn.

Comhlua agus forléiriú.

3. —Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 agus 1968, a ghairm den Acht seo agus den Phríomh-Acht i dteannta a chéile, agus forléireofar i dteannta a chéile iad mar aon Acht amháin.

Tosach feidhme.

4. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó maidir le críoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsula agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo ailt 119 (ina bhfuil foráil chun ospidéil a chúiteamh i gcásanna áirithe ina ndéantar díobháil do dhuine mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a úsáid go faillíoch) agus 88 (ina bhfuil foráil chun an Coimisinéir do dhéanamh fodhlíthe chun thrácht agus coisithe in áiteanna poiblí a rialú agus a stiúradh i gcoitinne, den Phríomh-Acht.

Mionleasuithe agus leasuithe iarmaltacha ar an bPríomh-Acht.

6. —Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú sa tslí a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

Gan feidhm a bheith ag an Public Offices Fees Act, 1879.

1879, c. 58.

7. —Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo.

CUID II

Forálacha Ginearálta maidir le Feiithiclí

Soláthar feithiclí a rialú.

8. —(1) Ní dhéanfaidh duine, ná ní thairgfidh sé, feithicil lena mbaineann an fo-alt seo a sholáthar lena seachadadh sa riocht sin nach gcomhlíonann an fheithicil ceanglais rialachán faoi ailt 11 agus 12 den Phríomh-Acht a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfeithicil agus í á húsáid in áit phoiblí nó ar bhóthar poiblí agus a shonraítear chun críche an fho-ailt seo le rialacháin faoin alt seo.

(2) Ní athróidh duine feithicil lena mbaineann an fo-alt seo ionas go mbeidh sí sa riocht sin nach gcomhlíonann an fheithicil ceanglais rialachán faoi ailt 11 agus 12 den Phríomh-Acht a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfeithicil agus í á húsáid in áit phoiblí nó ar bhóthar poiblí agus a shonraítear chun críche an fho-ailt seo le rialacháin faoin alt seo.

(3) Faoi réir rialachán faoin alt seo, féadfaidh an tAire deimhniú nó deimhnithe a eisiúint (dá ngairtear deimhnithe formheasa cineáil san alt seo) á dheimhniú go gcomhlíonann feithicil d'aon chineál (dá ngairtear feithicil cineáil san alt seo) na ceanglais fhorordaithe.

(4) Ní dhéanfaidh duine, ná ní thairgfidh sé, feithicil lena mbaineann an fo-alt seo a sholáthar, mura mbeidh deimhniú acu seo a leanas i bhfeidhm maidir leis an bhfeithicil agus curtha ar fáil ina teannta—

(a) deimhniú tástála arna eisiúint faoi alt 18 den Phríomh-Acht, nó

(b) deimhniú (dá ngairtear deimhniú comhréireachta san alt seo) arna eisiúint faoi rialacháin faoin alt seo ag monaróir nó allmhaireoir na feithicle, nó ag duine forordaithe, á dheimhniú go bhfuil an fheithicil i gcomhréir maidir leis na ceanglais fhorordaithe le feithicil cineáil a bhfuil deimhniú formheasa cineáil faoi fho-alt (3) i bhfeidhm ina leith.

(5) Duine ar bith a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (4) beidh sé ciontach i gcion.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-ailt (1) go (5) difear do bhailíocht chonartha ná d'aon chearta faoi.

(7) I gconradh ar bith le haghaidh soláthar feithicle lena mbaineann an fo-alt seo is baránta é i gcás na feithicle is ábhar don chonradh—

(a) go gcomhlíonann sí cibé ceanglais de na rialacháin faoi ailt 11 agus 12 den Phríomh-Acht a bheidh forordaithe chun críche an fho-ailt seo, nó

(b) go bhfuil sí i gcomhréir maidir leis na ceanglais fhorordaithe le feithicil cineáil a bhfuil deimhniú formheasa cineáil i bhfeidhm ina leith.

(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo.

(9) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (8), féadfaidh foráil i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:

(a) na haicimí feithiclí lena mbaineann fo-alt (1), (2), (4) nó (7);

(b) soláthar nó athrú feithiclí chun críocha sonraithe nó in imthosca sonraithe a dhíolmhadh ó fho-alt (1), (2), (4) nó (7);

(c) na ceanglais de na rialacháin faoi ailt 11 agus 12 den Phríomh-Acht a bheidh le comhlíonadh faoi fho-alt (1) nó (2) a shonrú;

(d) deimhnithe comhréireachta a eisiúint agus a chealú, lena n-áirítear, go sonrach, foirm na ndeimhnithe sin, na daoine a fhéadfaidh deimhnithe den sórt sin a eisiúint nó a chealú agus na coinníollacha ar fúthu a fhéadfar deimhnithe den sórt sin a eisiúint nó a chealú;

(e) iarratais a dhéanamh ar dheimhnithe formheasa cineáil, lena n-áirítear íoc táillí i leith iarratas den sórt sin, diúscairt táillí den sórt sin agus feithiclí nó fianaise i dtaobh dearadh agus déanmhas feithiclí a thabhairt ar aird lena scrúdú;

(f) deimhnithe formheasa cineáil a eisiúint agus a chealú, lena n-áirítear, go sonrach, foirm na ndeimhnithe sin, tarmligean cumhachtaí an Aire faoi fho-alt (3) chun daoine sonraithe, agus na coinníollacha ar fúthu a fhéadfar deimhnithe den sórt sin a eisiúint nó a chealú;

(g) na ceanglais a chaithfidh feithiclí cineáil a chomhlíonadh;

(h) na comhshocraíochtaí a bheidh le déanamh ag daoine a eisíonn deimhnithe comhréireachta d'fhonn a áirithiú go bhfuil feithiclí i gcomhréir le feithiclí cineáil maidir leis na ceanglais fhorordaithe;

(i) socrú a dhéanamh, i gcás feithicil a bheidh á déanamh nó á hoiriúnú, le haghaidh deimhnithe comhréireachta a eisiúint i leith codanna iomchuí den fheithicil ag céimeanna iomchuí déanmhais nó oiriúnaithe;

(j) tréimhse bailíochta deimhnithe a eiseofar faoi rialacháin faoin alt seo;

(k) daoine sonraithe do choimeád taifead;

(l) cumhachtaí iniúchta taifead agus áitreabh;

(m) modhnú agus oiriúnú an ailt seo maidir le feithiclí allmhairithe (nó codanna díobh) de bhun aon chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát.

(10) Féadfaidh forálacha éagsúla le haghaidh aicmí éagsúla cásanna a bheidh faoi réim an ábhair chéanna a bheith i rialacháin faoin alt seo.

(11) Duine ar bith a sháróidh rialachán faoin alt seo a mbeidh sé ráite gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion.

(12) San alt seo folaíonn “soláthar” soláthar ar mhodh díola, fruilithe, iasachta nó eile.

Allmhairiú, etc. páirteanna d'fheithiclí a rialú.

9. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le páirteanna d'fheithiclí a allmhairiú, a sholáthar agus a fheistiú.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:

(a) allmhairiú a thoirmeasc go hiomlán nó gan é a cheadú ach amháin faoi cheadúnas (a bhféadfaidh coinníollacha a bheith ann) a eiseoidh an tAire nó daoine sonraithe;

(b) toirmeasc iomlán a chur ar dhaoine, nó gan cead a bheith acu ach amháin faoi cheadúnas (a bhféadfaidh coinníollacha a bheith ann) a eiseoidh an tAire, earraí sonraithe nó aicmí sonraithe earraí a sholáthar nó a thairiscint iad a sholáthar;

(c) toirmeasc a chur ar dhaoine páirteanna d'fheithicil a fheistiú, nó a thairiscint iad a fheistiú, ar fheithicil—

(i) i gcás ina dtoirmisctear faoin alt seo páirteanna den sórt sin a allmhairiú nó a sholáthar,

(ii) i gcás ina ndéanfadh úsáid feithicle le páirteanna den sórt sin in áit phoiblí sárú ar rialacháin faoi alt 11 den Phríomh-Acht,

(iii) ach amháin i slí fhorordaithe;

(d) a cheangal ar dhaoine a sholáthraíonn páirteanna sonraithe d'fheithicil treoracha a sholáthar ina dteannta i dtaobh feistiú agus úsáid na bpáirteanna sin.

(3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo maidir le haicmí éagsúla páirteanna d'fheithicil agus le haghaidh imthosca éagsúla.

(4) Duine ar bith a sháróidh rialachán faoin alt seo a mbeidh sé ráite gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “páirt d'fheithicil” earra ar bith atá déanta nó oiriúnaithe lena húsáid mar pháirt d'fheithicil nó mar pháirt de threalamh feithicle agus folaíonn sé aon earra atá déanta nó oiriúnaithe lena úsáid mar chuid de threalamh tiománaí nó paisinéara ar fheithicil nó i bhfeithicil agus aon ghaireas ar féidir feidhm a bhaint as le taispeáint go bhfuil fearas leictreonach nó fearas eile ann, nó le sárú a dhéanamh ar oibriú fearais leictreonaigh nó fearais eile, atá á úsáid chun comharthaí a thabhairt ónar féidir an luas ar a raibh duine ag tiomáint a dhéanamh amach;

folaíonn “soláthar” soláthar ar mhodh díola, fruilithe iasachta nó eile.

Leantóirí a rialú agus a oibriú.

10. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le rialú agus oibriú feithiclí a bhíonn á dtarraingt ag feithiclí inneallghluaiste.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:

(a) feithiclí tarraingthe a cheadúnú;

(b) táillí sonraithe a íoc i leith iarratas ar cheadúnais nó ar phlátaí faoi na rialacháin agus diúscairt na dtáillí sin;

(c) na coinníollacha faoina bhféadfar feithiclí tarraingthe a oibriú in áiteanna poiblí;

(d) taifid shonraithe a choimeád, deimhnithe sonraithe a eisiúint agus na daoine a shonrú a eiseoidh deimhnithe den sórt sin;

(e) taifid agus deimhnithe a thabhairt ar aird do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh shonraithe don Aire.

(3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo le haghaidh imthosca éagsúla agus i leith aicmí éagsúla feithiclí.

(4) Aon deimhniú a airbhearaíonn é a bheith arna éisiúint de bhun rialachán faoin alt seo agus a deireann gur shealbhóir ar cheadúnas faoi na rialacháin duine sonraithe lá sonraithe nó go raibh ceadúnas faoi na rialacháin i bhfeidhm lá sonraithe i leith feithicle sonraithe beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurbh é a shínigh é nó gurbh é an duine cuí é chun é a eisiúint, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, ar na rudaí a bheidh ráite amhlaidh.

(5) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo arb ábhar ann ceadúnas faoi rialacháin faoin alt seo toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh, an tráth ábhartha, ceadúnas den sórt sin, agus éifeacht leis san am, ar seilbh

(6) Duine ar bith a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndeirtear gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion agus, sna cásanna sin a bheidh forordaithe agus a mbeidh baint ag feithicil leo agus nach é an duine sin úinéir na feithicle, beidh an t-úinéir freisin ciontach i gcion.

Meáchain uasta a chinneadh.

11. —(1) Ní úsáidfidh duine in áit phoiblí feithicil lena mbaincann an t-alt seo mura mbeidh i bhfeidhm i leith na feithicle agus ar taispeáint uirthi pláta faoin alt seo ag insint tuairiscí meáchan uasta nach cead dul os a gcionn i gcás na feithicle nó aon chónascadh feithiclí ar cuid de í.

(2) Ní úsáidfidh duine in áit phoiblí feithicil lena mbaineann an t-alt seo mura mbeidh i bhfeidhm i leith na feithicle deimhniú faoin alt seo ag insint tuairiscí meáchan uasta nach cead dul os a gcionn i gcás na feithicle nó aon chónascadh feithiclí ar cuid de í.

(3) I gcás ina sáróidh duine fo-alt (1) nó (2) beidh sé ciontach i gcion agus, i gcás nach é an duine sin úinéir na feithicle, beidh an t-úinéir freisin ciontach i gcion.

(4) Más rud é, i gcás duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (3), gurb é úinéir na feithicle é, is cosaint mhaith dó in aghaidh an chúisimh a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus gur gan údarás a bhí sí á húsáid.

(5) Féadfaidh úinéir feithicle lena mbaineann an t-alt seo pláta agus deimhniú faoin alt seo i leith na feithicle a iarraidh ar an údarás eisiúna.

(6) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (5) cinnfidh an t-údarás eisiúna na tuairiscí meáchan uasta nach cead dul os a gcionn i gcás na feithicle nó aon chónasc feithiclí ar cuid de í agus eiseoidh sé pláta agus deimhniú sna foirmeacha forordaithe i leith na feithicle.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo.

(8) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (7), foráil a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) na haicmí feithiclí lena mbaineann an t-alt seo;

(b) úsáid feithiclí le haghaidh críocha sonraithe nó in imthosca sonraithe a dhíolmhadh ó fho-ailt (1) agus (2);

(c) na daoine a shonrú a bheidh ina n-údaráis eisiúna chun críocha an ailt seo;

(d) an tslí ina gcinnfearr meáchain uasta, an tslí ina ndéanfar aon sonraí is iomchuí maidir leis an gcinneadh sin a fhionnadh nó a ríomh, agus tástálacha a dhéanamh chun críche na gcinntí sin;

(e) iarratais a dhéanamh ar phlátaí agus ar dheimhnithe faoin alt seo agus na coinníollacha a shonrú or fúthu a fhéadfar na hiarratais sin dhéanamh;

(f) na táillí a bheidh le híoc ag iarratasóirí ar phlátaí agus ar dheimhnithe faoin alt seo agus diúscairt na dtáillí sin;

(g) daoine sonraithe do choimeád taifead;

(h) foirmeacha agus tréimhsí bailíochta plátaí agus deimhnithe faoin alt seo;

(i) údaráis eisiúna do tharmligean feidhmeanna na n-údarás sin faoi fho-alt (6) chun daoine sonraithe;

(j) foráil a dhéanamh, i gcás athrú sonraithe ar fheithicil ar eisíodh pláta agus deimhniú ina leith faoin alt sin, le haghaidh an pláta agus an deimhniú a thabhairt suas do dhuine sonraithe;

(k) údarás eisiúna d'eisiúint plátaí agus deimhnithe dúbláide faoin alt seo in ionad plátaí agus deimhnithe a cailleadh, a díthíodh nó a aghloitheadh, na táillí a bheidh le híoc i leith eisiúna den sórt sin agus diúscairt na dtáillí sin;

(l) á fhoráil i gcásanna sonraithe go mbeidh cinneadh tuairiscí meáchan uasta agus sonraí eile ar phlátaí agus ar dheimhnithe faoin alt seo faoi réir cheadú ghinearálta nó shonraigh an Aire;

(m) ag déanamh forála le haghaidh deimhnithe faoin alt seo agus taifid a choimeádfar faoin alt seo a thabhairt ar aird d'oifigigh shonraithe don Aire, do chomhaltaí den Gharda Síochána nó do dhaoine sonraithe eile.

(9) Féadfaidh forálacha éagsúla le haghaidh aicmí éagsúla cásanna a bheidh faoi réim an ábhair chéanna a bheith i rialacháin faoin alt seo.

(10) Duine ar bith a sháróidh rialachán faoin alt seo a mbeidh sé ráite gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion.

(11) Duine ar bith a dhítheoidh, a dhamáisteoidh nó a aghloitfidh pláta nó deimhníú a eiseofar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(12) San alt seo ciallaíonn “an t-údarás eisiúna” an duine arb é an t-údarás eisiúna é sa chás a bheidh i gceist agus de réir na rialachán faoin alt seo.

Feithiclí a iniúchadh agus a scrúdú.

12. —(1) (a) Uair a bith a thabharfaidh oifigeach údaraithe don Aire feithicil inneallghluaiste nó cónasc feithiclí faoi deara in áit phoiblí féadfaidh sé an fheithicil, nó an cónasc a iniúchadh agus a scrúdú agus, faoi réir rialachán faoin alt seo, féadfaidh sé, d'fhonn an t-iniúchadh agus an scrúdú a dhéanamh, gach ní a dhéanamh agus gach ceanglas a chur maidir leis an bhfeithicil nó leis an gcónasc is gá de réir réasúin.

(b) Duine ar bith a sháróidh ceanglas de chuid oifigigh údaraithe don Aire faoin bhfo-alt seo nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe den sórt sin agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(2) (a) Aon uair a bheidh cúis reasúnach ag an Aire chun a chreidiúint go ndearnadh feithicil inneallghluaiste nó cónasc feithiclí a úsáid in áit phoiblí, féadfaidh sé a cheangal ar úinéir na feithicle nó an chónaise an fheithicil nó an cónaisc a chur á scrúdú, ag duine a bheidh údaraithe ag an Aire, tráth agus in áit agus i riocht ualaithe a bheidh sonraithe ag an Aire.

(b) Duine ar bith a sháróidh ceanglas faoi mhír (a) nó a bhacfaidh duine údaraithe agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo.

(4) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfaidh foráil i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:

(a) na himthosca ina bhféadfar iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh;

(b) an cineál iniúchadh agus scrúdú a dhéanfar;

(c) an tslí ina bhféadfar, na coinníollacha faoina bhféadfar agus an gaireas lena bhféadfar iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh;

(d) na ceanglais a fhéadfar a chur ar dhaoine a bheidh i bhfeighil feithiclií nó cónascanna feithiclí d'fhonn iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh;

(e) údarás a thabhairt d'oifigigh don Aire chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an ailt seo;

(f) údarás a thabhairt do dhaoine (cibé acu oifigigh don Aire iad nó nach ea) chun bheith ina ndaoine údaraithe chun críocha an ailt seo;

(g) an tAire do tharmligean a chumhachtaí faoi fho-alt (2) (a) chun daoine sonraithe;

(h) daoine údaraithe do choimeád taifead agus do thabhairt tuarascálacha.

(5) Féadfaidh forálacha éagsúla le haghaidh aicmí éagsúla feithiclí agus imthosca éagsúla a bheith i rialacháin faoin alt seo.

(6) Duine ar bith a sháróidh rialachán faoin alt seo a mbeidh sé ráite gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion, agus sna cásanna sin a bheidh forordaithe agus a mbeidh baint ag feithicil leo agus nach é an duine sin úinéir na feithicle, beidh an t-úinéir freisin ciontach i gcion.

(7) San alt seo folaíonn “scrudú” tástáil.

Scuaidríní móra feithiclí a iniúchadh agus a scrúdú.

13. —(1) Baineann an t-alt seo le gach duine a bhfuil ar úinéireacht aige nó a oibríonn líon nach lú ná an líon forordaithe d'fheithiclí inneallghluaiste (is feithiclí ar mó ná dhá thonna a meáchan neamhualaithe agus a úsáidtear in áiteanna poiblí) agus atá sonraithe chun críocha an ailt seo i rialacháin arna ndéanamh faoi.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) á cheangal ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo socrú a dhéanamh, de réir scéim a bheidh ceadaithe ag an Aire, le haghaidh feithiclí nó aicme shonraithe díobh) atá ar úinéireacht nó á n-oibriú ag an duine sin a iniúchadh agus a scrúdú ó am go ham,

(b) ina mbeidh foráil le haghaidh taifid a choimeád ar iniúchadh agus scrúdú den sórt sin agus ar an mbeart a rinneadh chun aon lochtaí a leigheas a aimsíodh nuair bhí an t-iniúchadh agus an scrúdú sin á dhéanamh, agus

(c) ina mbeidh foráil le haghaidh na dtaifead sin a thabhairt ar aird d'oifigigh don Aire.

(3) Duine ar bith a sháróidh rialachán faoin alt seo a mbeidh sé ráite gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion.

Marcanna formheasa.

1887, c. 28.

1931, Uimh. 48 .

14. —(1) I gcás ina bhfuil foráil i gcomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát—

(a) le haghaidh marcálacha a bheidh le cur ar fheithiclí nó ar pháirteanna d'fheithiclí lena thaispeáint go bhfuil páirt d'fheithicil i gcomhréir le cineál a bheidh formheasta ag aon tír áirithe, agus

(b) le haghaidh aitheantas a thabhairt, i gcás páirteanna d'fheithiclí ar a mbeidh na marcálacha sin, nó a ndearnadh marcálacha a chur ar fheithicil ina leith, go gcomhlíonann siad na ceanglais a fhorchuirtear le dlí tíre eile,

féadfaidh an tAire le rialacháin a shonrú gur marcanna formheasa na marcálacha agus, chun críocha na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, measfar gur tuairisc thrádála úsáid aon mharcálacha a shonrófar amhlaidh cibé acu a ghlactar nó nach nglactar leo de ghnáth, de réir ghnás na trádála, mar thaispeánadh den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (a).

(2) Duine nach mbeidh údaraithe ag an údarás inniúil chun marc formheasa a chur agus a chuirfidh an marc sin (nó marc chomh garchosúil leis go rachadh sé chun meabhlaireacht a dhéanamh ar dhuine), beidh sé ciontach i gcion faoin Merchandise Marks Act, 1887.

(3) Ní bhainfidh alt 30 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , le cion i ndáil le marc formheasa.

(4) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin na coinníollacha (lena n-áirítear íoc táillí) ar faoina réir a fhéadfar formheas ar chineál a thabhairt thar ceann an Stáit nó ar faoina réir a fhéadfar a údarú marceanna formheasa a úsáid ag taispeáint comhréireacht pháirt d'fheithicil le cineál a bheidh formheasta ag an Stát, agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh i dtaobh diúscairt táillí.

(b) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin bhfo-alt seo i leith aicmí éagsúla cásanna.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “páirt d'fheithicil” earra ar bith atá déanta nó oiriúnaithe lena úsáid mar pháirt d'fheithicil inneallghluaiste nó d'fheithicil a bhíonn á tarraingt ag feithicil inneallghluaiste, nó lena húsáid mar chuid de threalamh cheachtar de na feithiclí sin, agus folaíonn sé earra ar bith atá déanta nó oiriúnaithe lena úsáid mar chuid de threalamh tiománaí nó paisinéara ar cheachtar nó i gceachtar de na feithiclí sin;

ciallíonn “an t-údarás inniúil”—

(a) maidir le haon mharc formheasa a thaispeáineann comhréireacht le cineál atá formheasta ag an Stát, an tAire agus

(b) maidir le haon mharc formheasa a thaispeáineann comhréireacht le cineál atá formheasta ag aon tír eile, an t-údarás ag a bhfuil cumhacht faoi dhlí na tíre sin chun úsáid an mhairc sin a údarú;

folaíonn “comhréireacht pháirt d'fheithicil le cineál atá formheasta” comhréireacht feithicle, agus an chuid atá i gceist feistithe uirthi, le cineál feithicle atá formheasta maidir leis an gceanglas nó leis na ceanglais, agus amháin maidir leis an gceanglas nó leis na ceanglais, a chumasaíonn an pháirt don fheithicil a chomhlíonadh.

Pionós oibleagáideach mar gheall ar bhreismheáchan.

15. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfar feithicil ar mó ná seacht dtonna déag a meáchan ualaithe (de réir bhrí na rialachán iomchuí), nó go mbeidh cónasc feithiclí ar cuid de an fheithicil sin, a úsáid ar bhóthar poiblí,

(b) go gciontófar an t-úinéir i gcion faoi alt 12 den Phríomh-Acht maidir leis an úsáid sin, agus

(c) nár lú ná tonna an meáchan iomarcach i gcaitheamh na húsáide sin,

déanfaidh an Chúirt a rinne an ciontú amhlaidh pionós arna shocrú de réir an Tábla a ghabhann leis an alt seo, i dteannta aon phionóis a fhéadfar a fhorchur faoi alt 102 den Phríomh-Acht, a fhorchur ar an úinéir a chiontófar amhlaidh.

(2) Aon phionós a fhorchuirfear faoin alt seo íocfar é leis an údarás bóthar a bheidh freagrach i gcothabháil an bhóthair ar a ndearnadh an cion.

(3) I gcás ina dtiocfaidh suim chun bheith inghnóthaithe faoi alt 17 den Phríomh-Acht agus gur forchuireadh pionós faoin alt seo i leith na bhfíoras céanna, laghdófar an tsuim méid an phionóis.

(4) I gcás ina dtiocfaidh damáistí chun bheith inghnóthaithe faoi alt 93 (8) den Phríomh-Acht agus gur forchuireadh pionós faoin alt seo i leith na bhfíoras céanna, laghdófar na damáistí méid an phionóis.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “breis-mheáchan”—

(a) i gcás feithicle aonair, an bhreis atá ag meáchan ualaithe (de réir bhrí na rialachán iomchuí) na feithicle ar mheáchan ualaithe uasta na feithicle a shonraítear leis na rialacháin iomchuí a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfeithicil,

(b) i gcás cónasc feithiclí, an bhreis atá ag meáchan ualaithe (de réir bhrí na rialachán iomchuí) an chónaisc ar mheáchan ualaithe uasta an chónaisc a shonraítear leis na rialacháin iomchuí a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcónasc, mar aon le breis-mheáchan (más ann) gach ceann de na feithiclí ar leithligh a chomhdhéanann an cónasc arna ríomh sa tslí a shonraítear i mír (e);

ciallaíonn “rialacháin iomchuí” na rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 12 den Phíomh-Acht.

An Tábla

Más mó ná 1 tonna ach gur lú ná 2 tonna an breismheáchan     ...     ...     ...     ...     ...

£5

Más mó ná 2 thonna ach gur lú ná 3 thonna an breismheáchan     ...     ...     ...     ...     ...

£15

Más mó ná 3 thonna ach gur lú ná 4 thonna an breismheáchan     ...     ...     ...     ...     ...

£35

Más mó ná 4 thonna ach gur lú ná 5 thonna an breismheáchan     ...     ...     ...     ...     ...

£75

Más mó ná 5 thonna an breis-mheáchan     ...     ...     ...

£150

Leathnú ar chumhachtaí oifigigh údaraith faoi alt 16 den Phríomh-Acht.

16. —(1) Déantar leis seo na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach údaraithe le halt 16 (1) agus 16 (2) den Phríomh-Acht a leathnú—

(a) ionas go mbeidh ar áireamh orthu cumhacht chun aon chuid d'fheithicil nó de chónasc feithiclí a iniúchadh d'fhonn teacht ar thuairim i dtaobh comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh a bheith déanta nó á dhéanamh ar na rialacháin iomchuí faoi ailt 11 agus 12 den Acht sin, agus

(b) ionas go mbeidh ar áireamh orthu cumhacht chun a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil feithicle nó chónasc feithiclí gan dul níos faide san fheithicil nó sa chónasc más rud é agus an fad is rud é—

(i) ar an bhfeithicil nó an cónasc a bheith meáite de réir an ailt sin 16, gurb é tuairim an oifigigh go bhfuil alt 12 (3) den Phríomh-Acht sáraithe maidir leis an bhfeithicil nó an cónasc, nó

(ii) gurb é tuairim an oifigigh údaraithe nach gcomhlíona n an fheithicil nó an cónasc rialachán faoi alt 11 nó 12 den Phríomh-Acht agus gur dhóigh don fheithicil nó don chónasc damáiste a dhéanamh do bhóthar poiblí, dá gceadófaí don fheithicil nó don chónasc dul níos faide.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan barántas má dhiúltaigh nó má mhainnigh sé déanamh de réir cheanglas a luaitear i bhfo-alt (1) (b) (ii).

Cumhacht leathnaithe chun rialacháin a dhéanamh maidir le hiarratas ar cheadúnas faoin Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

1920, c. 72.

1952, Uimh. 24 .

17. —(1) Ar an gcumhacht a thugtar le halt 12 den Roads Act, 1920, chun rialacháin a dhéanamh beidh—

(a) cumhacht chun rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhuine a bheidh ag iarraidh ceadúnais faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i leith feithicle inneallghluaiste cibé deimhniú faoin gCuid seo a bheidh forordaithe agus aon doiciméad eile a bheidh forordaithe chun críocha na Coda seo a thabhairt ar aird i gcásanna forordaithe,

(b) cumhacht chun rialacháin a dhéanamh á fhoráil go ndéanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin, i gcásanna forordaithe, sonraí forordaithe a chur ar dheimhnithe agus doiciméid a luaitear i mír (a).

(2) San alt seo ciallaíonn “údarás ceadúnúcháin” comhairle contae nó bardas contaebhuirge.

CUID III

Ceadúnais Tiomána

Rialacháin i ndáil le teagasc tiomána a rialú.

18. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le rialú a dhéanamh ar theagase a thabhairt ar luaíocht, ar thiomáint nó maidir le tiomáint feithicle inneallghluaiste.

(2) Go háirithe agus agn dochar go ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:

(a) teagascóirí tiomána a cheadúnú;

(b) cáilíochtaí teagascóirí tiomána ceadúnaithe;

(c) táillí sonraithe a íoc maidir le ceadúnais agus iarratais ar cheadúnais agus diúscairt na dtáillí sin;

(d) iompar agus dualgais teagascóirí tiomána ceadúnaithe;

(e) taifid shonraithe a choimeád agus a iniúchadh, deimhnithe sonraithe a eisiúint agus na daoine a shonrú a choimeádfaidh na taifid sin agus a eiseoidh na deimhnithe sin;

(f) iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí teagaisc a bheidh á dtabhairt ag teagascóirí tiomána ceadúnaithe agus ar fheithiclí a bheidh á n-úsaid acu le linn na cúrsaí sin i bheith á dtabhairt;

(g) toirmeasc nó srianadh a dhéanamh ar theagasc ar thiomáint nó maidir le tiomáint feithicle inneallghluaiste a thabhairt ar luaíocht ag duine seachas teagascóir tiomána ceadúnaithe, agus a thoirmeasc ar dhuine teagascóir tiomána a fhostú nach teagascóir tiomána ceadúnaithe chun teagasc a thabhairt, ar luaíocht, ar thiomáint nó maidir le tiomáint feithicle inneallghluaiste;

(h) duine seachas teagascóir tiomána ceadúnaithe a thoirmeasc óna chur in iúl gur teagascóir tiomána ceadúnaithe é, agus duine ag a mbeidh teagascóir tiomána seachas teagascóir tiomána ceadúnaithe ar fostú aige a thoirmeasc óna chur in iúl gur teagascóir tiomána ceadúnaithe an teagascóir sin;

(i) an cineál feithicle ina bhféadfar teagasc a thabhairt, ar luaíocht, ar thiomáint nó maidir le tiomáint feithicle inneallghluaiste, na feistis is gá a bheith san fheithicil sin nó uirthi agus aon choinníollacha eile a fhorchur faoina bhféadfar feithicil den sórt sin a úsáid le haghaidh an teagaisc sin.

(3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo i leith aicmí éagsúla feithiclí agus le haghaidh iomthosca éagsúla.

(4) Aon deimhniú a airbheartaíonn é a bheith arna eisiúint de bhun rialachán faoin alt seo agus a deireann go raibh duine sonraithe lá sonraithe ina shealbhóir ar cheadúnas faoi na rialacháin beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurbh é a shínigh é nó gurbh é an duine cuí é chun é a eisiúint, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla, nó go suífear a mhalairt, ar na rudaí a bheidh ráite amhlaidh.

(5) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo arb ábhar ann ceadúnas faoi rialacháin faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh ceadúnas den sórt sin, agus éifeacht leis san am, ar seilbh an tráth ábhartha.

(6) Aon uair a bheidh duine (dá ngairtear an teagascóir san fho-alt seo) i dteannta an tsealbhóra ar cheadúnas sealadach (de réir bhrí alt 35 den Phríomh-Acht) agus feithicil inneallghluaiste á tiomáint ag an scalbhóir sin in áit phoiblí measfar, in aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go raibh teagasc ar thiomáint nó maidir le tiomáint na feithicle sin á thabhairt ar luaíocht ag an teagascóir go dtí go suífidh an teagascóir a mhalairt.

(7) Duine ar bith a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndeirtear gur pian-rialachán é beidh sé ciontach i gcion agus, i gcás ina sárófar rialachán ag toirmeasc nó ag srianadh teagasc ar luaíocht a thabhairt ag duine seachas teagascóir tiomána ceadúnaithe nó ag toirmeasc duine den sórt sin a fhostú le teagasc a thabhairt ar luaíocht, dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

19. —Leasaítear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht (a bhaineann le deireadh a chur le dícháiliúcháin faoi orduithe dícháiliúcháin iarmartacha nó faoi fho-orduithe dícháiliúcháin)—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) Aon duine a mbeidh ordú dícháiliúcháin iarmartach déanta ina thaobh féadfaidh sé, am ar bith agus (ach mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo) ó am go ham tar éis trí mhí a bheith caite ó thosach na tréimhse dícháiliúcháin agus roimh dheireadh na tréimhse sin, iarratas a dhéanamh chun na cúirte a rinne an t-ordú á iarraidh an dícháiliúcháin a chealú, agus féadfaidh an chúirt sin le hordú, más dóigh léi imthosca a bheith ann a d'fhágfadh ceart é sin a dhéanamh, an dícháiliúchán a chealú amhail ó dháta sonraithe nach luaithe ná sé mhí tar éis tosach na tréimhse dícháiliúcháin.

(b) Aon duine a mbeidh fo-ordú dícháiliúcháin iarmartach a shonraíonn tréimhse dícháiliúcháin is faide ná trí mhí déanta ina thaobh féadfaidh sé, am ar bith agus (ach amháin mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo) ó am go ham tar éis dhá mhí a bheith caite ó thosach na tréimhse dícháiliúcháin agus roimh dheireadh na tréimhse sin, iarratas a dhéanamh chun na cúirte a rinne an t-ordú á iarraidh an dícháiliúchán a chealú, agus féadfaidh an chúirt sin le hordú, más dóigh léi imthosca a bheith ann a d'fhágfadh ceart é sin a dhéanamh, an dícháiliúchán a chealú amhail ó dháta sonraithe nach luaithe ná trí mhí tar éis tosach na tréimhse dícháiliúcháin.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Aon duine a mbeidh sé ar intinn aige iarratas a dhéanamh faoin alt seo tabharfaidh sé fógra ceithre lá dhéag i scríbhinn do Cheannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil gnáth-chónaí ar an duine á rá go bhfuil sé ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh.”

Oibriú ordaithe dhícháiliúcháin.

20. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 30:

“Oibriú ordaithe dhícháiliúcháin.

30.(1) Aon duine a ndéanfar ordú dícháiliúcháin iarmartach, fo-ordú dícháiliúcháin nó ordú dícháiliúcháin speisialta ina thaobh beidh sé dícháilithe de réir an ordaithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú, agus beidh aon cheadúnas tiomána a bheidh ina sheilbh ar dháta an ordaithe arna fhionraí dá réir sin.

(2) I gcás ina gcealófar dícháiliúchán faoi alt 29 den Acht seo, scoirfidh fo-alt (1) den alt seo d'éifeacht a bheith aige amhail ar an agus ón dáta a chealófar amhlaidh an dícháiliúchán.

(3) (a) Ach amháin mar a fhoráiltear le míreanna (b) go (c) den fho-alt seo—

(i) tiocfaidh ordú dícháiliúcháin speisialta i ngníomh díreach tar éis a dhéanta agus tiocfaidh ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin i ngníomh an cúigiú lá déag tar éis a dhéanta,

(ii) ní dhéanfar oibriú ordaithe dhícháiliúcháin speisialta, fho-ordaithe dhícháiliúcháin nó ordaithe dhícháiliúcháin iarmartaigh a fhionraí ná a iarchur.

(b) Nuair a bheidh achomharc á dhéanamh i gcoinne ordaithe dhícháiliúcháin speisialta, féadfaidh an chúirt a dhéanfaidh an t-ordú a ordú go mbeidh oibriú an ordaithe ar fionraí an fad a bheidh an t-achomharc ar feitheamh.

(c) I gcás ina mbeidh ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin (nó, má bhíonn baint ag an ordú le ciontú, i gcás ina mbeidh an ciontú sin) ina ábhar achomhairc a dtaiscfear fógra ina thaobh laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe a dhéanamh, agus go mbeidh an duine ciontaithe tar éis dul faoi chúirtbhanna go cuí chun an t-achomharc a thabhairt ar aghaidh, beidh oibriú an ordaithe arna fhionraí an fad a bheidh an t-achomharc ar feitheamh.

(d) Nuair a bheidh ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin á dhéanamh, á dhaingniú nó á athrú aici féadfaidh an chúirt, dá rogha féin ach faoi réir mhír (e) den fho-alt seo, oibriú an ordaithe a iarchur go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí.

(e) Ní dhéanfaidh Cúirt oibriú ordaithe dhícháiliúcháin iarmartaigh nó oibriú fho-ordaithe dhícháiliúcháin a iarchur faoi mhír (d) den fho-alt seo mura deimhin léi gur chruthaigh an duine ciontaithe cúis speisialta (a shonróidh sí nuair a bheidh oibriú an ordaithe á iarchur aici) a bhaineann lena chúrsaí pearsanta (ar a n-áirítear cineál na fostaíochta sin aige) a bheith ann ina chás áirithe féin.

(4) Más rud é—

(a) go ndearnadh fógra achomhairc a thaisceadh i gcás ina ndearnadh ordú dícháiliúcháin iarmartach, fo-ordú dícháiliúcháin nó ordú dícháiliúcháin speisialta,

(b) go mbeidh oibriú an ordaithe arna fhionraí an fad a bheidh an t-achomharc ar feitheamh, agus

(c) go mbeidh an t-achomharcóir tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt gur mian leis an t-achomharc a tharraingt siar,

measfar gur chríochnaigh an fionraí ar oibriú an ordaithe díreach roimh an lá a tugadh an fógra agus tosóidh an tréimhse dícháiliúcháin an lá sin.

(5) Más rud é—

(a) go mbeidh ordú dícháiliúcháin iarmartach nó fo-ordú dícháiliúcháin (nó má bhíonn baint ag an ordú le ciontú, go mbeidh an ciontú sin) ina ábhar achomhairc,

(b) go mbeidh oibriú an ordaithe arna fhionraí an fad a bheidh an t-achomharc ar feitheamh, agus

(c) nach dtabharfar an t-achomhare ar aghaidh nó, d'eile, go ndéanfaidh an chúirt achomhairc an t-ordú a dhaingniú nó a athrú,

tosóidh an tréimhse dhícháiliúcháin an lá a dhéanfaidh an chúirt achomhairc an t-ordú iomchuí, ach amháin i gcás ina ndéanfar oibriú an ordaithe dhícháiliúcháin iarmartaigh nó an fho-ordaithe dhícháiliúcháin a iarchur faoi mhír (d) d'fho-alt (3) den alt seo.

(6) Más rud é—

(a) go n-oibreoidh ordú dícháiliúcháin iarmartach, fo-ordú dícháiliúcháin nó ordú dícháiliúcháin speisialta go dtí go dtabharfaidh an duine lena mbainfidh deimhniú inniúlachta nó infheidhmeachta ar aird don údarás ceadúnúcháin iomchuí, agus

(b) go dtabharfaidh an duine sin an deimhniú sin ar aird don údarás sin,

déanfaidh an t-údarás, i gcás inar iomchuí sin, nóta a chur ar an gceadúnas tiomána iomchuí gur tugadh an deimhniú sin ar aird.”

Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht.

21. —Déantar leis seo alt 33 den Phríomh-Acht (a bhaineann le deimhnithe inniúlachta) a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) (a) D'ainneoin aon ní bhfo-alt (3) den alt seo, ní dhéanfar tástáil faoin bhfo-alt sin ach amháin i gcás ina mbeidh an t-údarás eisiúna tar éis a dheimhniú dó féin sa tslí fhorordaithe radharc an iarratasóra nó, i gcás iarratasóir ar a raibh aineamh radhaire atá ceartaithe de thuras na huaire, radharc an iarratasóra arna cheartú amhlaidh, a bheith de réir an chaighdeáin fhorordaithe.

(b) Duine arb éagóir leis diúltú, de bhun mhír (a) den fho-alt seo, tástáil a dhéanamh féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun Breitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse san áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin, agus féadfaidh an Breitheamh diúltú don achomharc nó, má bhíonn sé sásta go bhfuil radharc nó radharc ceartaithe an iarratasóra de réir an chaighdeáin fhorordaithe, féadfaidh sé a ordú don údarás eisiúna an t-iarratasóir a thástáil nó a chur faoi deara é a thástáil faoi fho-alt (3) den alt seo.

(c) Breith chríochnaitheach nach inachomhairc breith Breithimh den Chúirt Dúiche faoin bhfo-alt seo.”

Deimhnithe inniúlachta teoranta le haghaidh cásanna speisialta.

22. —(1) I gcás ina n-iarrfaidh iarratasóir ar dheimhniú inniúlachta faoi alt 33 den Phríomh-Acht amhlaidh agus go gcinnfidh an t-údarás eisiúna amhlaidh de réir bhrí an ailt sin, ansin aon deimhniú inniúlachta a eiseofar faoi fho-alt (44) (b) (ii) den alt sin chun an iarratasóra sin, beidh, d'ainneoin aon ní san Acht sin, ráiteas ann á rá, maidir le haicme feithiclí a n-eiseofar an deimhniú ina leith, nach bhfuil feidhm ag an deimhniú ach amháin i ndáil le cineál sonraithe feithicle den aicme sin.

(2) I gcás ina mbeidh sa deimhniú inniúlachta a bheidh ag gabháil, de bhun alt 22 (3) (c) den Phríomh-Acht, le hiarratas faoin alt sin ar cheadúnas tiomána ráiteas nach bhfuil feidhm ag an deimhniú ach amháin i ndáil le cineál sonraithe feithicle d'aicme shonraithe ansin aon cheadúnas tiomána a eisofar de bhun an iarratais sin, beidh, d'ainneoin aon ní san Acht sin, ráiteas ann á rá, maidir leis an aicme sin, nach bhfuil feidhm ag an gceadúnas ach amháin maidir le feithicil den chineál a bheidh sonraithe sa deimhniú agus, chun críocha alt 38 den Phríomh-Acht, béidh éifeacht dá réir sin ag an gceadúnas.

Pionós i leith dul, nó iarracht a thabhairt ar dhul, faoi thástáil faoi alt 33 den Phríomh-Acht in ainm aon duine eile.

23. —(1) Aon duine a rachaidh faoi thástáil nó a dhéanfaidh iarracht ar dhul faoi thástáil, arna socrú faoi alt 33 den Phríomh-Acht, in ainm duine éigin eile beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) I gcás ina n-eiseofar deimhniú inniúlachta ar bheith críochnaithe do thástáil a ndearnadh maidir léi cion faoin alt seo, beidh an deimhniú sin agus beidh aon cheadúnas tiomána a deonaíodh de bhun iarratais a bhí ag gabháil le deimhniú den sórt sin ar neamhní agus gan éifeacht.

CUID IV

Luasteorainneacha

Luasteorainn ghinearálta.

24. —Leasaítear leis seo Cuid IV den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 44:

“Luasteorainn ghinearálta.

44A. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú luasteorainn (ar a dtabharfar luasteorainn ghinearálta) i leith gach bóthair phoiblí, nó gach bóthair phoiblí ach amháin cibé eisceachtaí a shonrófar sna rialacháin, do gach uile fheithicil inneallghluaiste.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo ag forordú luasteorainn ghinearálta aon aicme feithiclí a eisceadh ón teorainn agus féadfaidh siad a fhoráil nach mbainfidh an teorainn ach le tréimhse áirithe nó le tréimhsí áirithe.”

Leasú ar alt 46 den Phríomh-Acht.

25. —Leasaítear leis seo alt 46 den Phríomh-Acht trí fho-alt (2) a scriosadh agus trí “den lá agus den oíche” a scriosadh as fo-alt (3) (b).

Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht.

26. —Leasaítear leis seo alt 47 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, ar luas is mó ná luasteorainn limistéir fhoirgnithe nó luasteorainn speisialta a bhfuil feidhm léi maidir leis an bhfeithicil, ar bhóthar a dtaispeáintear ina leith an luasteorainn limistéir fhoirgnithe nó an luasteorainn speisialta le sín tráchta amháin nó níos mó de réir bhrí alt 95 den Acht seo, toimhdeofar, nó go suífidh an cosantóir a mhalairt, go raibh feidhm ag an teorainn a thaispeáintear amhlaidh maidir leis an mbóthar sin an tráth a líomhnaítear a rinneadh an cion.”, agus

(b) trí—

“(aa) luasteorainn ghinearálta” a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) (a).

CUID V

Cionta Tiomána

Mínithe do Chuid V.

1927, Uimh. 25 .

27. —Sa Chuid seo—

folaíonn “anailís” scrúdú, measúnú, anailís chemiceach agus aon oibríocht eile a úsáidtear chun an tiúchan alcóil i sampla anála, fola nó fuail a chinneadh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “Biúró” an bhrí a shanntar dó in alt 37 (1);

ciallaíonn “ainmnithe” ainmnithe ag an gcomhalta den Gharda Síochána a bheidh an tráth sin i bhfeighil stáisiún an Gharda;

tá le “Stiúrthóir” an bhrí a shanntar dó in alt 37 (1);

tá le “ordú bunaithe” an bhrí a thugtar dó in alt 37 (1);

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine atá cláraithe” duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 .

Oibleagáid réamhshampla anála a chur ar fáil.

28. —(1) Aon uair arb é tuairim chomhalta de Gharda Síochána go bhfuil duine atá i bhfeighil feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí tar éis deoch mheisciúil a ól, féadfaidh sé a cheangal air sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a bheidh ceaptha chun a thaispeáint go bhfuil alcól san anáil.

(2) Aon duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh déanamh láithreach de réir cheanglais faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan barántas—

(a) a bhí ag tiomáint feithicil inneallghluaiste nó a bhí ag tabhairt iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint in áit phoiblí agus atá ag déanamh ciona nó a rinne cion, faoin alt seo i dtuairim an chomhalta, nó

(b) atá nó a bhí i bhfeighil feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí le hintinn an fheithicil a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint, ach gan bheith á tiomáint nó ag tabhairt iarracht ar í a thiomáint, agus atá ag déanamh ciona, nó a rinne cion, faoin alt seo i dtuairim an chomhalta.

Leasú ar alt 49 den Phríomh-Acht.

29. —Déantar leis seo alt 49 den Phríomh-Acht a leasú trí “nó fad a bheidh ina cholainn an oiread sin alcóil gur mó ná 125 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millealíotar fola an cion alcóil ina fhuil, laistigh de thrí uair a chloig tar éis dó tiomáint nó tabhairt faoi thiomáint amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “faoi riar cheart” i bhfo-alt (1).

Oibleagáid ar dhuine sampla a chur ar fáil, nó a cheadú sampla a thógáil, ag stáisiún Garda (alt 49).

1907, c. 17.

30. —(1) I gcás duine a bheidh gafa faoi alt 49 (4) den Phríomh-Acht nó faoi alt 28 (3) (a) den Acht seo (dá ngairtear an duine gafa san alt seo) a thabhairt go dtí stáisiún Garda, féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin an tráth sin ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) a cheangal ar an duine gafa sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a bheidh ceaptha chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint nó isteach i gcoimeádán a bheidh ceaptha chun an sampla a chaomhnú le haghaidh anailíse ina dhiaidh sin,

(b) a cheangal ar an duine gafa a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa nó, más rogha leis an duine gafa é, sampla d'fhual an duine ghafa a chur ar fáil, de réir a nós imeachta fhorordaithe, don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), más rud é, i gcás duine gafa a roghnaigh sampla fuail a chur ar fáil de réir an nós imeachta fhorordaithe agus nach gcuirfidh an sampla sin ar fáil, féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin a iarraidh air a cheadú don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa.

(3) Aon duine gafa (seachas duine a bheidh tar éis sampla dá chuid fuail a chur ar fáil de réir an nós imeachta fhorordaithe) agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, tar éis ceanglas a chur air faoin alt seo, a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile, a chur air.

(4) Aon duine gafa a dhiúltóidh nó a mhainneoidh déanamh de réir cheanglais faoi fho-alt (1) (a) beidh sé ciontach i gcion.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907, maidir le cion faoin alt seo.

Urchosc ar chosaint áirithe in aghaidh cúiseamh faoi alt 49 den Phríomh-Acht.

31. —Ní cosaint mhaith do dhuine a chúiseofar faoi alt 49 den Phríomh-Acht i leith feithicil inneallghluaiste a thiomáint nó tabhairt faoina tiomáint in áit phoiblí agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga an oiread sin go bhfuil sé neamhchumasach ar an bhfeithicil a choimeád faoi riar cheart a shuíomh—

(a) nach ndearnadh anailís nó cinneadh faoin gCuid seo, agus

(b) nár ceanglaíodh air faoi alt 30 (1) (a) nó 33 (1) (a) sampla dá anáil a chur ar fáil.

Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

32. —Leasaítear leis seo alt 50 den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó a mbeidh ina cholainn an oiread sin alcóil gur mó ná 125 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millealíotar fola an cion alcóil ina fhuil, laistigh de thrí uair a chloig tar éis dó bheith i bhfeighil na feithicle amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “chun an fheithicil a thiomáint” i bhfo-alt (2).

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, toimhdeofar go raibh ar intinn ag an gcosantóir an fheithicil a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint go dtí go suífidh sé a mhalairt.”, agus

(c) trí “nó faoi alt 30 (3) nó 33 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 ” a chur isteach i ndiaidh “den Acht aisghairthe” i bhfo-alt (7).

Oibleagáid sampla a chur ar fáil, nó a cheadú sampla a thógáil, ag stáisiún Garda (alt 50).

1933, Uimh. 11 .

33. —(1) I gcás duine a bheidh gafa faoi alt 50 (6) den Phríomh-Acht nó faoi alt 28 (3) (b) den Acht seo (dá ngairtear an duine gafa san alt seo) a thabhairt go dtí stáisiún Garda, féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin an tráth sin ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) a cheangal ar an duine gafa sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a bheidh ceaptha chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint nó isteach i gcoimeádán a bheidh ceaptha chun an sampla a chaomhnú le haghaidh anailíse ina dhiaidh sin,

(b) a cheangal ar an duine gafa a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa nó, más rogha leis an duine gafa é, sampla d'fhual an duine ghafa a chur ar fáil, de réir an nós imeachta fhorordaithe, don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), más rud é, i gcás duine gafa a roghnaigh sampla fuail a chur ar fáil de réir an nós imeachta fhorordaithe, nach gcuirfidh an duine sin an sampla sin ar fáil, féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an stáisiúin a cheangal air a cheadú don lia-chleachtóir cláraíthe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa.

(3) Aon duine gafa (seachas duine a bheidh tar éis sampla dá chuid fuail a chur ar fáil de réir an nós imeachta fhorordaithe) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, tar éis ceanglas a chur air faoin alt seo, a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla dá chuid fola a thógáil ón duine gafa beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(4) Aon duine gafa a dhiúltóidh nó a mhainneoidh déanamh de réir cheanglais faoi fho-alt (1) (a) beidh sé ciontach i gcion.

(5) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo agus a ciontaíodh roimhe sin i gcion faoi alt 30 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht nó faoi alt 30 (3) den Acht seo déanfar, d'fhonn a dhliteanas i leith pionóis faoin alt seo a chinneadh, é a áireamh mar dhuine a ciontaíodh roimhe sin i gcion faoin alt seo.

Urchosc ar chosaint áirithe in aghaidh cúiseamh faoi alt 50 den Phríomh-Acht.

34. —Ní cosaint mhaith do dhuine a gcuirfear de chúiseamh faoi alt 50 den Phríomh-Acht ina leith é a bheith neamhfheidhmiúil chun feithicil inneallghluaiste a thiomáint agus é i bhfeighil na feithicle sin in áit phoiblí le hintinn an fheithicil sin a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint ach gan é ag tiomáint na feithicle ná ag tabhairt iarracht ar í a thiomáint, a shuíomh—

(a) nach ndearnadh anailís nó cinneadh faoin gCuid seo, agus

(b) nár ceanglaíodh air faoi alt 30 (1) (a) nó 33 (1) (a) sampla dá anáil a chur ar fáil.

Forálacha maidir le fianaise áirithe a thabhairt in ionchúisimh faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht.

35. —(1) Nuair a bheidh cúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht á éisteacht, ní gá a shuíomh nach raibh deoch mheisciúil ólta ag an gcosantóir tar éis an ama a líomhnaítear a rinneadh an cion ach roimh shampla a thógáil nó a chur ar fáil faoi alt 30 nó alt 33.

(2) Más rud é, nuair a bheidh cúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht á éisteacht, go dtabharfaidh an cosantóir, nó go dtabharfar thar a cheann, fianaise ar aird gur tar éis an ama a líomhnaítear a rinneadh an cion ach roimh shampla a thógáil nó a chur ar fáil faoi alt 30 nó alt 33 a d'ól sé deoch mheisciúil, déanfaidh an chúirt neamhshuim den fhianaise mura ndéanfaidh an cosantóir, nó mura ndéanfar thar a cheann, an chúirt a shásamh nach rachadh an cion alcóil i bhfuil an chosantóra (arna shonrú i ndeimhniú faoi alt 43 (3) nó 45 (2)) thar cion125 milleagram alcóil in aghaidh 100 millealíotar fola, mura mbeadh an t-ól sin.

(3) (a) Ní dhéanfaidh aon duine beart ar bith ná ní thabharfaidh sé faoi bheart ar bith a dhéanamh (lena n-áirítear alcól a ól ach gan áireamh a dhéanamh ar dhiúltú nó mainneachtain sampla dá chuid anála, fola nó fuail a chur ar fáil) le hintinn ionchúiseamh faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht a bhac.

(b) Duine ar bith a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Más rud é, ar chion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht a éisteacht, gur deimhin leis an gcúirt, i gcás aon bheart a rinne an cosantóir (lena n-áirítear alcól a ól ach gan áireamh a dhéanamh ar dhiúltú nó mainneachtain sampla dá chuid anála, fola nó fuail a chur ar fáil), gur beart é a rinneadh amhlaidh le hintinn ionchúiseamh faoin alt sin 49 nó 50 den Phríomh-Acht a bhac, féadfaidh an chúirt é a chiontú i gcion faoi fho-alt (3).

Cosaint ar dhiúltú cead a thabhairt sampla a thógáil.

36. —(1) In aon ionchúiseamh i leith diúltú nó mainneachtain cead a thabhairt do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla fola a thógáil, is cosaint mhaith don chosantóir—

(a) a shuíomh nach bhfuair sé, nuair a tugadh é go dtí stáisiún an Gharda agus sular cuireadh ceanglas air faoi alt 30 (1) (b) nó faoi alt 33 (1) (b), deis ón gcomhalta den Gharda Síochána a bhí an tráth sin i bhfeighil an stáisiúin (tar éis dó deis den sórt a iarraidh ar an gcomhalta sin) sampla dá anáil a chur ar fáil sa tslí fhorordaithe trí easanálú isteach i ngaireas a ceapadh le taispeáint go bhfuil alcól san anáil, nó

(b) a shuíomh nach raibh, nuair a ceanglaíodh air a cheadú an sampla a thógáil, rabhadh tugtha dó sna téarmaí forordaithe ar an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith le diúltú nó mainneachtain aige, nó

(c) an chúirt a shásamh go raibh cúis speisialta substaintiúil lena dhiúltú nó lena mhainneachtain.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) (c), ar chúiseamh i gcion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht a éisteacht, féadfar, má dhiúltaigh nó má mhainnigh an cosantóir sampla fola nó fuail a chur ar fáil nó a cheadú sampla fola nó fuail a thógáil, an fíoras sin a thabhairt i bhfianaise.

Biúró a bhunú chun críocha na Coda seo.

37. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairtear an t-ordú bunaithe sa Chuid seo) comhlacht (dá ngairtear an Biúró sa Chuid seo) a bhunú amhail ar dháta sonraithe agus ón dáta sin amach chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a bheidh arna sannadh don Bhiúró sin leis an Acht seo nó faoi.

(2) Tabharfar cibé teideal ar an mBiúró a shonrófar san ordú bunaithe agus sin é a ghairfear de agus is comhlacht corpraithe a bheidh ann le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt le toiliú an Aire.

(3) Triúr comhaltaí ar a laghad agus cúigear comhaltaí ar a mhéid a bheidh sa Bhiúró.

(4) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhiúró.

(5) Ní fhéadfar aon luach saothair ná airgead i leith caiteachas a íoc le comhalta den Bhiúró ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

Feidhmeanna agus dualgais an Bhiúró.

38. —(1) Comhlíonfaidh an Biúró na feidhmeanna a bheidh arna sannadh dó leis an Acht seo nó faoi.

(2) Go háirithe, agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an Biúró, faoi réir an Achta seo agus faoi réir aon rialacháin faoi agus faoi réir an ordú bhunaithe, socrú chun críocha na Coda seo le haghaidh na nithe seo a leanas:—

(a) samplaí fola agus fuail a chuirfear ar aghaidh chuige faoin gCuid seo a ghlacadh agus a anailísiú,

(b) an cion alcóil san fhuil a chinneadh maidir leis na samplaí sin,

(c) deimhnithe a eisiúint faoi ailt 43 (3) agus 45 (2), agus

(d) trealamh a chur ar fáil le haghaidh samplaí fola agus fuail a thógáil nó a chur ar fáil.

(3) Féadfaidh an Biúró, ó am go ham, le toiliú an Aire, socrú a dhéanamh le haghaidh taighde sna nithe seo a leanas:—

(a) infheidhmeacht choirp agus aigne tiománaithe feithiclí,

(b) sabháilteacht ar bhóithre ó thaobh cúrsaí liachta;

(c) an éifeacht a bhíonn le hól dí meisciúla nó le glacadh drugaí ar thiománaithe feithiclí agus na modhanna chun an éifeacht sin a thomhas,

(d) na modhanna chun an méid alcóil nó an méid drugaí atá i gcolainn duine a chinneadh.

(4) Féadfaidh an Biúró, le toiliú an Aire—

(a) socrú a dhéanamh le haghaidh soláthar agus tástáil trealaimh nó gairis chun samplaí anála arna sóláthar faoin gCuid seo a fháil nó a thástáil,

(b) cibé cúnamh is cuí leis, in airgead nó eile, a thabhairt do dhaoine ag a mbeidh taighde de shórt á dhéanamh, nó a mbeidh ar intinn acu taighde de shórt a dhéanamh, a n-údaraítear don Bhiúró leis an Acht seo é a dhéanamh.

Stiúrthóir an Bhiúró.

39. —(1) Déanfaidh an t-ordú bunaithe socrú le haghaidh an tAire do cheapadh Stiúrthóir ar an mBiúró, dá ngairtear an Stiúrthóir sa Chuid seo.

(2) Faoi réir an Achta seo, agus faoi réir aon rialachán faoin Acht seo agus faoi réir an ordú bhunaithe, is é an Stiúrthóir a dhéanfaidh bainistí ó lá go lá ar ghnó an Bhiúró agus feidhmeoidh sé maoirseacht ghinearálta ar ghlacadh agus anailísiú samplaí a gheobhaidh an Biúró faoin gCuid seo agus fós ar eisiúint deimhnithe ar gá don Bhiúró socrú a dhéanamh ina leith faoin gCuid seo.

(3) Íocfar leis an Stiúrthóir, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBiúró—

(a) cibé luach saothair a shocróidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, agus

(b) cibé méideanna i leith costas a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham.

(4) Féadfaidh an Stiúrthóir bheith ina chomhalta den Bhiúró.

(5) Féadfaidh an Stiúrthóir, le toiliú an Bhiúró agus mar a fhoráiltear leis an ordú bunaithe, duine amháin nó níos mó a cheapadh ó am go ham le gníomhú mar ionadaí dó agus féadfaidh sé ó am go ham aon cheann de dhualgais nó d'fheidhmeanna an Stiúrthóra a tharmligean chun aon duine den sórt sin.

(6) I gcás tarmligean chun duine faoin alt seo—

(a) comhlíonfaidh an duine sin na feidhmeanna tarmligthe faoi threorú agus rialú ghinearálta an Stiúrthóra,

(b) comhlíonfaidh an duine sin an fheidhm tharmligthe de réir cibé teorainneacha (más ann) a bheidh sonraithe sa tarmligean maidir leis an limistéar nó an tréimhse ina mbeidh, nó maidir le cá mhéad a bheidh, an fheidhm sin le comhlíonadh aige, agus

(c) aon fhoráil arna déanamh leis an Acht seo nó faoi a dhílsíonn feidhmeanna don Stiúrthóir nó a rialaíonn an tslí ina mbeidh aon fheidhm áirithe le comhlíonadh beidh éifeacht aici, más inchurtha chun feidhme, agus a mhéid is inchurtha chun feidhme, í, maidir leis an bhfeidhm tharmligthe, chun críocha na feidhme sin a chomhlíonadh ag an duine sin, ach an duine sin a chur in ionad an Stiúrthóra.

(7) D'ainneoin fho-alt (6), i gcás ina ndéanfar tarmligean chun duine faoin alt seo—

(a) féadfaidh an Stiúrthóir, in aon chás áirithe maidir le comhlíonadh na feidhme, a chur in iúl don duine gur chinn sé an fheidhm a chomhlíonadh é féin, agus air sin is ag an Stiúrthóir agus ní ag an duine a bheidh an fheidhm inchomhlíonta sa chás sin, agus

(b) más deimhin leis an duine, in aon chás áirithe maidir le comhlíonadh na feidhme, go mba chuí-de dá mba é an Stiúrthóir a chomhlíonfadh í mar gheall ar thábhacht an chinnidh a bheidh i gceist nó mar gheall ar aon chúrsa réasúnach eile, féadfaidh an duine sin an cás a chur faoi bhráid an Stiúrthóra, agus air sin is ag an Stiúrthóir agus ní ag an duine a bheidh an fheidhm le comhlíonadh sa chás sin.

(8) Déanfar ainm an Stiúrthóra agus aon duine a cheapfar faoi fho-alt (5) a fhoilsiú sa tslí a shonrófar san ordú bunaithe.

Forálacha an ordaithe bhunaithe.

40. —(1) Beidh san ordú bunaithe cibé forálacha is cuí leis an Aire d'fhonn a chumasú don Bhiúró a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtúil agus éifeacht a thabhairt d'fhorálacha na Coda seo a mhéid a bhaineann siad leis an mBiúró.

(2) Go háirithe, agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh san ordú bunaithe forálacha maidir le gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas:

(a) téarmaí agus coinníollacha ceapacháin agus seilbh oifige an Stiúrthóra agus chomhaltaí an Bhiúró;

(b) ceapadh oifigeach agus fostú seirbhíseach ag an mBiúró agus luach saothair agus coinníollacha seirbhíse na n-oifigeach agus na seirbhíseach sin;

(c) cruinnithe an Bhiúró agus nós imeachta ag na cruinnithe sin;

(d) rialáil chúrsaí airgeadais an Bhiúró agus coimeád agus iniúchadh a chuid cuntas;

(e) an Biúró do thabhairt eolais don Aire ó am go ham i dtaobh comhlíonadh feidhmeanna an Bhiúró;

(f) a chumhachtú don Bhiúró séala a sholáthar dó féin agus socrú a dhéanamh le haghaidh an séala a úsáid agus a fhíordheimhniú;

(g) a chumhachtú don Bhiúró comhshocraíochtaí a dhéanamh le duine eile nó comhlacht eile le haghaidh úsáid áitreabh agus trealaimh de chuid an duine nó an chomhlachta sin ag an mBiúró agus le haghaidh úsáid seirbhísí oifigeach agus seirbhíseach de chuid an duine nó an chomhlachta sin.

(3) Ní fhéadfaidh aon fhoráil maidir leis na nithe a luaitear i bhfo-alt (2) (b) a bheith san ordú bunaithe ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú an t-ordú bunaithe a leasú agus ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Costais an Bhiúró.

1920, c. 72.

41. —(1) Faoi réir aon treorúcháin ghinearálta a thabharfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, íocfar amach as an Ród-Chiste gach bliain leis an mBiúró suim ar cóimhéid leis na costais a thabhóidh an Biúró, le réasún agus go cuí dar leis an Aire, ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, lúide aon táillí nó íocaíochtaí eile a íocfar leis an mBiúró faoin Acht seo nó faoin ordú bunaithe.

(2) Forléireofar fo-alt (4) d'alt 3 den Roads Act, 1920, agus beidh éifeacht aige ionann dá mbeadh na costais a cheanglaíonn an t-alt seo a íoc as an Ród-Chiste ar áireamh na gcostas a luaitear i mír (e) den fho-alt sin.

Cosaint don Stiúrthóir, etc., in aghaidh imeachtaí dlíthiúla.

42. —Ní bheidh aon ábhar caingne nó imeachta dlíthiúla eile ann (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana toiliúla) i gcoinne an Stiúrthóra nó aon chomhalta, oifigeach nó seirbhíseach don Bhiúró de bhíthin nó de dhroim aon anailís nó cinneadh a dhéanamh faoin Acht seo.

An nós imeachta a leanfar tar éis sampla a thógáil nó a chur ar fáil.

43. —(1) Uair ar bith a bheidh lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe tar éis sampla fola a thógáil nó sampla fuail a fháil ó dhuine, tar éis ceanglas a bheith curtha faoi alt 30 nó alt 33, deimhneoidh sé na sonraí forordaithe ar fhoirm fhorordaithe agus tabharfaidh sé an fhoirm sin don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh an tráth sin i bhfeighil an staisiúin, agus cuirfear an sampla agus cóip den deimhniú ar aghaidh go dtí an Biúró de réir an nós imeachta fhorordaithe.

(2) Ar an mBiúró d'fháil sampla a chuirfear chuige faoi fho-alt (1), déanfar, de réir an nós imeachta fhorordaithe, anailísiú ar chuid den sampla agus an cion alcóil ann a chinneadh, agus buanchoimeádfar an chuid eile den sampla de réir an nós imeachta fhorordaithe.

(3) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (2)—

(a) cuirfear deimhniú ina mbeidh toradh an chinnidh agus cibé nithe eile a bheidh forordaithe go dtí an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil stáisiún an Gharda ónar cuireadh an sampla ar aghaidh, agus

(b) déanfar ráiteas san fhoirm fhorordaithe ina mbeidh toradh an chinnidh agus cibé nithe eile a bheidh forordaithe a chur sa tslí fhorordaithe go dtí an duine ónar tógadh an sampla nó a chuir an sampla ar fáil.

Éifeacht deimhnithe faoi alt 43 ó thaobh fianaise.

44. —(1) Aon deimhniú a déarfaidh é a bheith arna eisiúint faoi alt 43 (1) beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurb é a shínigh an deimhniú nó gurbh é an duine sin an duine cuí chun é a shíniú amhlaidh, ina leorchruthú in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú, go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(2) I gcás ina ndéarfaidh deimhniú é a bheith arna éisiúint faoi alt 43 (3), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gurb é a shínigh an deimhniú nó gurbh é an duine cuí chun é a shíniú amhlaidh:

(a) i gcás ina luafar sa deimhniú go bhfuiltear tar éis a chinneadh go raibh i sampla fola cion sonraithe alcóil nó go raibh i sampla fuail cion alcóil comhionann le cion sonraithe alcóil san fhuil, ansin, in ionchúiseamh i gcion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht, ach faoi réir alt 45 (4) den Acht seo, beidh an deimhniú ina fhianaise dhochloíte gurbh é an cion sonraithe alcóil an cion alcóil a bhí, tráth an sampla a thógáil nó a chur ar fáil, i bhfuil an duine ónar tógadh an sampla nó a chuir an sampla ar fáil;

(b) i gcás ina luafar sa deimhniú fíorais eile a fuarthas ó thaifid is gá a choimeád faoin gCuid seo, is leor d'fhianaise é in aon imeachtaí dlíthiúla ar fhírinne na bhfíoras sin go dtí go suífear a mhalairt.

Ceart chun anailíse breise.

45. —(1) I gcás ina n-ainilíseofar cuid de shampla agus go ndéanfar cinneadh ina leith faoi alt 43 (2) féadfaidh an duine lena mbainfidh an sampla, laistigh den tréimhse fhorordaithe agus sa tslí fhorordaithe agus faoi réir an táille fhorordaithe a íoc leis an mBiúró, a cheangal ar an mBiúró anailísiú a dhéanamh, de réir an nóis imeachta fhorordaithe, ar chuid den mhéid a bheidh fágtha den sampla sin agus an cion alcóil ann a chinneadh de réir an nóis imeachta fhorordaithe agus déanfaidh an Biúró de réir an cheanglais sin, de réir an Achta seo agus aon rialachán iomchuí faoin Acht seo.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1)—

(a) cuirfear deimhniú ina mbeidh toradh an chinnidh agus cibé nithe eile a bheidh forordaithe, go dtí an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil stáisiún an Gharda ónar cuireadh an sampla ar aghaidh, agus

(b) déanfar ráiteas san fhoirm fhorordaithe ina mbeidh toradh an chinnidh agus cibé nithe eile a bheidh forordaithe a chur sa tslí fhorordaithe go dtí an duine ónar tógadh an sampla nó a chuir an sampla ar fáil.

(3) Ar dhuine a chuirfidh ceanglas faoin alt seo dá iarraidh sin sa tslí fhorordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, is ina láthair féin nó i láthair duine a ainmneoidh sé a dhéanfar ainilísiú agus cinneadh faoin alt seo.

(4) I gcás ina sonróidh deimhniú arna eisiúint faoi fho-alt (2) cion alcóil is lú ná an cion a bheidh sonraithe sa deimhniú arna eisiúint faoi alt 43 (3) i ndáil leis an sampla sin, déanfar, chun críocha alt 44 (2), an deimhniú sin is déanaí a luaitear a léamh ionann agus dá ndéanfaí an cion alcóil níos lú a chur in ionad an cion alcóil a bheidh sonraithe ansin.

Deis chun go dtógfar nó go dtabharfar sampla breise, nó chun go gcuirfear cuid de shampla ar fáil.

46. —(1) Aon duine a dhéanfaidh de réir cheanglais faoi alt 30 (1) (b), 30 (2), 33 (1) (b) nó 33 (2)—

(a) tabharfar deis dó chun go dtógfaidh lia-chleachtóir cláraithe dá rogha féin sampla breise fola nó chun go dtabharfaidh sé sampla breise fuail don lia-chleachtóir sin, nó

(b) má iarrann an duine sin é tabharfaidh an lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla breise fola dó a tógadh ón duine sin de réir an nós imeachta fhorordaithe díreach tar éis an sampla a thógáil de bhun an cheanglais nó, i gcás inar cuireadh sampla fuail ar fáil, tabharfaidh an lia-chleachtóir cuid den sampla sin dó.

(2) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht nó faoi alt 30 (3) nó 33 (3) den Acht seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go ndearnadh de réir cheanglais fho-alt (1).

(3) I gcás ina dtabharfaidh an cosantóir fianaise chun a chruthú nach ndearnadh de réir forálacha fho-alt (1), ansin, mura dteastaíonn uaidh déanamh amhlaidh, ní iarrfar air agus ní cheanglófar air fianaise a thabhairt i dtaobh aon ní eile.

Rialacháin le haghaidh ailt 27 go 46.

47. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt d'ailt 27 go 46.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a bheith iontu i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas nó gach ní nó aon ní acu sin a fhorordú:

(a) an nós imeachta a bheidh le leanúint nuair a bheidh sampla á thógáil nó a chur ar fáil faoi alt 30 nó alt 33 agus sula gcuirfear sampla fola nó fuail ar aghaidh go dtí an Biúró, agus an tslí ina ndéanfar sampla den sórt sin a thógáil nó a chur ar fáil;

(b) foirmeacha deimhnithe agus ráiteas a bheidh le heisiúint faoi ailt 43 agus 45 agus sonrú na ndaoine a eiseoidh deimhnithe agus ráitis faoi ailt 43 (3) agus 45 (2);

(c) an nós imeachta a bheidh le leanúint nuair a bheidh samplaí agus deimhnithe faoi alt 43 á gcur ar aghaidh go dtí an Biúró agus an nós imeachta a bheidh le leanúint ar an mBiúró d'fháil na samplaí agus na ndeimhnithe sin;

(d) sonrú na ndaoine a dhéanfaidh cinneadh faoi ailt 43 (2) agus 45 (1);

(e) buanchoimeád taifead agus doiciméad eile agus buanchoimeád samplaí a fuair an Biúró;

(f) maidir le gach deimhniú agus ráiteas a eiseofar faoi alt 43 (3) nó 45 (2) agus a bhainfidh le sampla fuail, ráiteas a bheith ann á rá go raibh an cion alcóil san fhual arna chinneadh faoin Acht seo comhionann le cion sonraithe alcóil san fhuil;

(g) an modh ar a ndéanfar an comhionnanas dá dtagraítear i mír (f) a ríomh;

(h) ar nós imeachta a bheidh le leanúint le linn trealamh nó gaireas a bheith á thabhairt don Gharda Síochána le haghaidh samplaí fola nó fuail a thógáil nó a chur ar fáil faoin gCuid seo agus an nós imeachta a bheidh le leanúint agus na modhanna a bheidh le húsáid ag an mBiúró le linn anailísiú a bheith á dhéanamh ar shamplaí a thógfar nó a chuirfear ar fáil amhlaidh, lena n-áirítear cinneadh na modhanna sin ag an mBiúró;

(i) an rabhadh a bheidh le tabhairt sula gcuirfear ceanglas faoi alt 30 nó 33;

(j) an nós imeachta agus na modhanna a bheidh le húsáid le linn cinneadh faoi alt 43 (2) agus alt 45 (1).

Feithicil ainmhítharraingthe nó rothar cos a thiomáint ag duine agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga.

48. —Leasaítear leis seo alt 51 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus—

(a) más le feithicil ainmhí-tharraingthe a bhainfidh an cion, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air más é an chéad chion aige é nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, agus

(b) más le rothar cos a bhainfidh an cion, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”

Tiomáint gan aird chuí.

49. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 51:

“Tiomáint gan aird chuí.

51A. (1) Ní thiomáinfidh duine feithicil in áit phoiblí gan aird chuí ar dhaoine eile a bheidh ag úsáid na háite.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.”

Tiomáint neamhaireach.

50. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 52:

“Tiomáint neamhaireach.

52. (1) Ní thiomáinfidh duine feithicil in áit phoiblí gan aire agus cúram ceart.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.”

Leasú ar alt 53 den Phríomh-Acht.

51. —Leasaítear leis seo alt 53 den Phríomh-Acht—

(a) trí “ar luas ná” a scriosadh as fo-alt (1), “(ar a n-áirítear luas)” a chur isteach san fho-alt sin i ndiaidh “i slí”, agus “staid na feithicle,” a chur isteach san fho-alt sin i ndiaidh “ar a n-áirítear”,

(b) trí “an luasteorainn ghinearálta,” a chur isteach i bhfo-alt (3) roimh “limistéir fhoirgnithe”, agus

(c) trí “agus gur chúis bháis nó mórdhíobhála coirp do dhuine eile an sárú sin” agus “chéadluaite” a scriosadh as fo-alt (6).

Leasú ar alt 55 den Phríomh-Acht.

52. —Leasaítear leis seo alt 55 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní dhéanfaidh duine feithicil a locadh in áit phoiblí más rud é, ar í a bheith loctha amhlaidh, gur dóigh don fheithicil a bheith ina cúis chontúirte do dhaoine eile a bheidh ag úsáid na háite sin.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I gcás inarb é tuairim chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.”

CUID VI

Árachas Éigeantach

Deireadh le héifeacht na bhforálacha den Phríomh-Acht a bhaineann le ráthaíocht fhormheasta.

53. —Scoirfidh na forálacha de Chuid VI den Phríomh-Acht a bhaineann le ráthaíocht fhormheasta d'éifeacht a bheith acu.

Duine díolmhaithe.

54. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 60 den Phríomh-Acht:

“Duine díolmhaithe.

60. (1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “duine díolmhaithe”, faoi réir fho-alt (3) d'alt 78 den Acht seo—

(a) bord nó comhlacht eile arna bhunú le hAcht nó faoi Acht ón Oireachtas nó le hAcht nó faoi Acht ó Oireachtas Shaorstát Éireann,

1963, Uimh. 33 .

(b) cuideachta (dá ngairtear cuideachta Stát-tionscanta anseo ina dhiaidh seo) de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ina bhfuil tromlach na scaireanna ar seilbh ag Aire Stáit nó thar a cheann, nó

(c) cuideachta de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ina bhfuil tromlach na ngnáth-scaireanna ar seilbh ag cuideachta Stát-tionscanta nó ag bord nó comhlacht éigin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo,

a bhfuil an tAire tar éis deimhniú a eisiúint ina leith gur duine díolmhaithe de thuras na huaire chun críocha a Achta seo an bord, an comhlacht eile sin nó an chuideachta eile sin.

(2) Ní eiseoidh an tAire deimhniú faoin alt seo mura dóigh leis (tar éis dó, i gcás taisce faoi alt 61 den Acht seo a bheith taiscthe agus coimeádta taiscthe, an taisce sin a chur san áireamh) go bhfuil agus go mbeidh an bord sin, an comhlacht eile nó an chuideachta eile ábalta freastal d'aon dliteanas a éireoidh mar gheall ar úsáid fhaillíoch feithicle inneallghluaiste or ghá polasaí árachais formheasta a bheith i bhfeidhm ina leith an tráth ábhartha dá mba rud é nár dhuine eiscthe nó árachóir feithicle an bord sin, nó an comhlacht eile sin nó an chuideachta eile sin.”

Taiscí ó dhaoine díolmhaithe.

55. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 61 den Phríomh-Acht:

“Taiscí ó dhaoine díolmhaithe.

61. (1) Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal go ndéanfaidh duine a dteastaíonn uaidh bheith ina dhuine díolmhaithe cibé suim a thaisceadh le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais a shonróidh an tAire sa cheanglas sin.

(2) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais suim a thaiscfear leis faoin alt seo a infheistiú i cibé urrús nó urrúis a mbeidh sé údaraithe de réir dlí cistí san Ard-Chúirt a infheistiú iontu a ordóidh an taisceoir, agus déanfar an t-ioncam a fhaibhreoidh ar na hurrúis sin a íoc leis an taisceoir.

(3) Ní ghlacfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais le taisce faoin alt seo ach amháin ar bharántas ón Aire.

(4) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh i dtaobh iarratais ar bharántais chun críocha an ailt seo, i dtaobh taiscí a íoc agus iad a infheistiú nó déileáil leo, i dtaobh stoic, scaireanna nó urrúis eile a thaisceadh in ionad airgid, i dtaobh an ioncaim a íoc a fhaibhreoidh ó am go ham ar urrúis ina mbeidh taiscí infheistithe de thuras na huaire agus i dtaobh taiscí a tharraingt amach agus taiscí a aistriú.”

(2) Aon taisce a rinne duine is duine eiscthe a thaisceadh roimh thosach feidhme an ailt seo measfar gur taisceadh é faoi alt 61 (a chuirtear isteach leis an alt seo) den Phríomh-Acht.

CUID VII

Feithiclí Seirbhíse Poiblí

Pionós mar gheall ar fheithicil seirbhíse poiblí a dhamáistiú.

56. —(1) Aon duine a dhéanfaidh go toiliúil nó go mailíseach aon damáiste nó dióbháil d'fheithicil seirbhíse poiblí beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair, i dteannta aon phionóis a fhéadfar a fhorchur faoi alt 102 den Phríomh-Acht, féadfaidh an chúirt a chiontóidh amhlaidh é a ordú dó cibé suim a íoc le húinéir na feithicle sin a shocróidh an chúirt mar chúiteamh sa damáiste nó sa díobháil agus i leith cailliúint ama úinéir agus tiománaí agus stiúrthóir na feithicle nó aon duine acu sin (de réir mar is gá sa chás) mar gheall ar an gcúirt a fhreastal.

(2) Aon uair a bheidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána lena chreidiúint go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine féadfaidh an comhalta a ainm agus a sheoladh a iarraidh ar an duine sin agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta lena chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan barántas.

Leasú ar alt 82 den Phríomh-Acht.

57. —Leasaítear leis seo alt 82 den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó a iarrfar” a chur isteach i ndiaidh “a dheonófar” i bhfo-alt (2) (c), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhofho-alt (8):

“(9) Aon uair a bheidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána lena chreidiúint, i gcás duine a thaispeáinfidh úinéir, tiománaí nó stiúrthóir feithicle seirbhíse poiblí dó, gur dhiúltaigh an duine sin aon suim a íoc, nó gur fhág sé aon suim gan íoc, leis an úinéir, leis an tiománaí nó leis an stiúrthóir sin is iníoctha ag an duine sin leis an úinéir, leis an tiománaí nó leis an stiúrthóir sin i leith fruiliú na feithicle nó i leith táille iompair an duine sin san fheithicil sin, féadfaidh an comhalta, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta lena chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach, feadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan barántas.”

Feidhmeanna de chuid Choimisinéir an Gharda Síochána faoi alt 86 den Phríomh-Acht a aistriú chun an Aire.

58. —Leasaítear leis seo alt 86 den Phríomh-Acht—

(a) trí “Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh” a chur in ionad “Féadfaidh an Coimisinéir, le cead an Aire, fodhlíthe a dhéanamh” i bhfo-alt (2),

(b) trí “rialacháin” a chur in ionad “fodhlíthe” i bhfo-alt (3),

(c) trí “do rialachán” a chur in ionad “d'fhodhlí” i bhfo-alt (4) agus “rialachán” a chur in ionad “fodhlí” i bhfo-alt (6), agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) I gcás ina n-úsáidfidh duine feithicil inneallghluaiste seachas bus contrártha do rialachán faoin alt seo, beidh gach duine acu seo a leanas ciontach i gcion:

(a) úinéir cláraithe na feithicle,

(b) má bhíonn an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid a bheidh i gceist, an fruilitheoir faoin gcomhaontú, agus

(c) murab é an t-úinéir cláraithe nó an fruilitheoir faoi chomhaontú fruiltiomána an duine a bheidh ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist, an duine a bheidh ag úsáid na feithicle amhlaidh.”

CUID VIII

Trácht a Rialáil

Pionós ar dhuine a gheofar in áit phoiblí agus é faoi bhrí dí meisciúla nó druga.

1836, c. 38.

1872, c. 94.

1894, c. 69.

1908, c. 24.

59. —(1) Duine ar bith a gheofar in áit phoiblí sa riocht sin gur ábhar contúirte é do thrácht nó dó féin mar gheall ar é a bheith faoi bhrí dí meisciúla nó druga, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Duine ar bith a chúiseofar i gcion faoin alt seo ní dhéanfar, maidir leis na fíorais a líomhnófar gurb iad an cion sin iad, é a chúiseamh faoi alt 12 den Licensing Act, 1836, alt 12 den Licensing Act, 1872, alt 25 den Licensing (Ireland) Act, 1874, nó alt 9 den Summary Jurisdiction Act, 1908.

(3) I gcás inar dóigh le comhalta den Gharda Síochána go bhfuil cion á dhéanamh ag duine faoin alt seo féadfaidh sé an duine a ghabháil gan barántas.

Rialacháin chun trácht agus coisithe a rialú i gcoitinne.

60. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun trácht agus coisithe in áiteanna poiblí a rialáil agus a rialú i gcoitinne.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:

(a) rialacha i dtaobh úsáid bóithre ag trácht agus coisithe a shonrú;

(b) rialacha i dtaobh locadh feithiclí in áiteanna poiblí a shonrú;

(c) a cheangal ar thrácht gluaiseacht ar feadh taobh shonraithe den ród nó, i gcás dhá charrbhealach nó níos mó a bheith ann, ar feadh carrbhealaigh shonraithe;

(d) codanna éagsúla den ród (lena n-áirítear rothar-rianta) a shannadh do chineálacha éagsúla tráctha;

(e) a thoirmeasc ar thrácht sonraithe codanna sonraithe den ród a úsáid;

(f) a thoirmeasc ar thrácht cosáin a úsáid;

(g) sonraí na gcearta tosaíochta gluaiseachta do thrácht a bheidh ag dul san aontreo nó i dtreonna éagsúla (cibé acu i gcoinne a chéile é nó trasna ar a chéile);

(h) na cúrsaí a shonrú a leanfaidh trácht ag acomhail bóithre;

(i) stopadh, cúlú, casadh agus scothadh feithiclí a rialáil agus a rialú;

(j) tiomáint feithiclí inneallghluaiste agus rothar cos i ndáil le hainmhithe nó le trácht ainmhí-tharraingthe a rialáil agus a rialú;

(k) tiomáint nó cinnireacht ainmhithe a rialáil agus a rialú;

(l) codanna sonraithe den bhóthar a shannadh do choisithe;

(m) béas-iompar coisithe ar bhóithre (agus, go háirithe, trasnú ród ag coisithe) a rialáil agus a rialú agus cearta tosaíochta faoi seach tráchta agus coisithe ar róid a shonrú;

(n) a cheangal go dtabharfaidh daoine a bheidh i bhfeighil tráchta comharthaí sonraithe chun a chur in iúl cad atá ar intinn acu;

(o) comhaltaí den Gharda Síochána do rialú tráchta agus coisithe (agus, go háirithe, na comharthaí a shonrú a thabharfaidh na comhaltaí sin agus a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta agus ar choisithe déanamh de réir na gcomharthaí sin);

(p) trácht agus coisithe a rialú agus a rialáil le síneacha tráchta a mbeidh rialacháin (lena n-áirítear rialacháin i dtaobh an bhrí a bheidh le cur leis na síneacha sin) i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire faoi alt 95 (2) den Phríomh-Acht (agus, go háirithe, a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta agus ar choisithe déanamh de réir aon toirmeasc, srian nó ceanglas a chuirfear in iúl leis na síneacha sin);

(g) a cheangal ar dhaoine a bheidh i bhfeighil tráchta rabhadh inchloiste a thabhairt go bhfuil siad ag teacht;

(r) toirmeasc (nó toirmeasc ach amháin i gcás ina mbeidh údárás tugtha ag daoine sonraithe agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh ag gabháil leis an údarás) nó srian a chur le ráisaí, cruinnithe, tástálacha luais nó comórtais eile are bhóithre;

(s) rialacha a shonrú le haghaidh luas tráchta in imthosca sonraithe.

(3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla tráchta,

(b) le haghaidh imthosca éagsúla, limistéir éagsúla agus aicmí éagsúla bóithre.

(4) Aon fhodhlíthe a rinneadh faoi alt 88 den Phríomh-Acht agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad i bhfeidhm agus measfar gur rialacháin iad a rinneadh faoin alt seo agus beidh siad inleasaithe nó inchúlghairthe dá réir sin.

(5) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) San alt seo ní fholaíonn “trácht” coisithe.

Leasú ar alt 93 den Phríomh-Acht.

61. —Leasaítear leis seo alt 63 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a):

“(a) Féadfaidh údarás bóithre, cuideachta iarnróid nó canálach nó duine eile a dhlíonn droichead ar a bhfuil bóthar poiblí a chothabháil, trí fhógraí san fhoirm fhorordaithe a chuirfear sa tslí fhorordaithe ar na bealaí chun an droichid, a thoirmeasc ar aon fheithicil nó cónasc feithiclí a chuireann, nó a gcuireann aon chuid de, ar uachtar an bhóthair sin meáchan is mó ná an meáchan a shonraítear san fhógra maidir leis an bhfeithicil nó an cónasc feithiclí sin nó maidir le haon chuid den fheithicil nó den chónasc sin, dul thar an droichead sin ar aon chor nó (de réir mar a bheidh sonraithe sna fógraí) ar luas is mó ná luas sonraithe nó faoi réir coinníollacha sonraithe.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) (b):

“(c) An tagairt atá san fho-alt seo do mheáchan a chuirfidh feithicil nó cónasc feithiclí ar uachtar an bhóthair forléireofar í mar thagairt do mheáchan na feithicle nó an chónaisc sin, mar aon le meáchan an ualaigh (más aon ualach é) air, nuair a bhíonn an fheithicil nó an cónasc sin ina stad, agus forléireofar dá réir sin an tagairt atá san fho-alt seo do mheachán a chuirfidh aon chuid d'fheithicil nó de chónasc feithiclí ar uachtar bóthair”, agus

(c) trí “nó cónasc feithiclí” a chur isteach i ndiaidh “feithicil” i bhfo-alt (6) agus i bhfo-alt (8), agus trí “nó an chónaisc feithiclí” a chur isteach i ndiaidh “úinéir na feithicle” sa dá áit ina bhfuil na focail sin i bhfo-alt (8) agus trí “nó an cónasc feithiclí” a chur isteach i ndiaidh “tríd an bhfeithicil” i bhfo-alt (8).

Feidhmeanna tráchta a aistriú chun údarás áitiúil.

62. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú—

(a) feidhm shonraithe maidir le limistéar sonraithe (cibé acu laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin) de chuid an Choimisinéara faoi alt 84, 85, 86, 89, 90, 93, 94, 95 nó 96 den Phríomh-Acht a aistriú chun údaráis bóithre shonraithe,

(b) feidhmeanna an údaráis áitiúil iomchuí faoi alt 90 (3) den Phríomh-Acht a aistriú chun údaráis bóithre shonraithe agus feidhm údaráis bóithre faoi alt 93, 94 nó 95 den Phríomh-Acht a aistriú chun údaráis bóithre eile.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Féadfar cibé forálacha iarmartacha nó foghabhálacha a bheith in ordú faoin alt seo is gá le réasún le haghaidh comhlíonadh an aistrithe a dhéanfar leis an ordú agus féadfaidh cibé modhnuithe ar an bPríomh-Acht a bheith ann is gá de réir réasúin chuige sin.

Feithiclí a bheidh tréigthe nó loctha go neamhdhleathach a aistriú.

63. —Déanfar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 97 den Phríomh-Acht:

“Feithiclí a bheidh tréigthe nó loctha go mídhleathach a aistriú.

97. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag údarú agus ag déanamh socrú le haghaidh feithiclí a aistriú, a stóráil agus a dhiúscairt—

(a) a tréigeadh, nó a ndealraíonn sé gur tréigeadh iad, ar bhóthar poiblí, nó i gcarrloc a cuireadh ar fáil faoi alt 101 den Acht seo, nó

(b) a locadh contrártha don Acht seo nó do rialachán, fodhlí nó riail faoi.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) na daoine nó na haicmí daoine a shonrú a fhéadfaidh údarás a thabhairt nó óna bhféadfar údarás a fháil feithiclí a aistriú, a stóráil nó a dhiúscairt,

(b) údarás a thabhairt agus socrú a dhéanamh le haghaidh daoine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo do ghnóthú ó úinéirí feithiclí a bheidh aistrithe nó stóráilte táillí, de réir scála fhorordaithe, i leith an aistrithe nó na stórála sin agus le haghaidh diúscairt airgid a bheidh faighte i leith na dtáillí sin,

(c) údaras a thabhairt agus socrú a dhéanamh le go ndíolfar (nó go ndiúscrófar ar shlí seachas trí dhíol) ag nó thar ceann daoine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo feithiclí a bheidh aistrithe nó storáilte agus socrú a dhéanamh chun an t-airgead a dhiúscairt a gheofar i leith an díola nó na diúscartha eile sin.

(3) Féadfaidh feidhm a bheith ag rialacháin faoin alt seo go ginearálta nó i cibé imthosca a bheidh sonraithe sna rialacháin sin agus féadfar rialachán éagsúla a dhéanamh le haghaidh imthosca éagsúla.

(4) D'ainneoin aon fhorálacha eile den alt seo, ní dhéanfar feithicil a aistríodh faoin alt seo a dhiúscairt faoin alt seo roimh dheireadh thréimhse sé seachtaine ó dháta an aistrithe ná dhá sheachtain tar éis fógra a bheith tugtha sa tslí fhorordaithe, cibé acu is faide.

(5) Aon duine a chuirfidh cosc nó bac, nó a chabhróidh le duine eile chun cosc nó bac a chur, le feithicil a aistriú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Ní bheidh aon ábhar caingne ann i gcás aon ní a rinneadh de mheon macánta agus gan faillí le linn feithicil a bheith á haistriú, á stóráil nó á diúscairt faoin alt seo.

(7) Chun críocha an ailt seo folóidh feithicil '—

(a) cuid d'fheithicil,

(b)earra a bheidh ceaptha mar fheithicil ach nach mbeidh, tráth an aistrithe, infheidhmithe mar fheithicil,

(c) ualach ar fheithicil nó i bhfeithicil.”

CUID IX

Ilghnéitheach

Leasú ar alt 103 den Phríomh-Acht.

1956, Uimh. 45 .

1956, Uimh. 46 .

64. —(1) Leasaítear leis seo alt 103 den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó duine údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “comhalta den Gharda Síochána” sa chéad áit a bhfuil an abairt sin, agus “nó duine údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “an comhalta”, i bhfo-ailt (2) agus (3),

(b) trí an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) San alt seo ciallaíonn ‘duine údaraithe’ duine arna cheapadh ag an gCoimisinéir le bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo.”

(2) I gcás ina bhfaighidh duine is duine údaraithe chun críocha alt 103 den Phríomh-Acht duine agus go mbeidh cúis reasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt sin á dhéanamh nó déanta ag an duine sin, féadfaidh an duine údaraithe a ainm agus a sheoladh a iarraidh ar an duine sin agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Is de réir mar a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais a bheidh an líon daoine a cheapfaidh an Coimisinéir ina ndaoine údaraithe chun críocha alt 103 den Phríomh-Acht mar aon le luach saothair agus coinníollacha eile seirbhíse na ndaoine sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Státseirbhíse, 1956, ná ag Acht Rialaithe na Státseirbhíse, 1956, maidir leis an bpost mar dhuine údaraithe chun críocha alt 103 den Phríomh-Acht.

Feithicil a thógáil gan údarás.

65. —Leasaítear leis seo alt 112 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) Ní úsáidfidh aon duine feithicil inneallghluaiste, ná ní thógfaidh aon duine seilbh ar fheithicil inneallghluaiste, gan toiliú a húinéara nó údarás dleathach eile.

(b) I gcás ina mbeifear tar éis seilbh a thógáil ar fheithicil contrártha don fho-alt seo, ní cheadóidh duine a mbeidh a fhios aige í a bheith tógtha amhlaidh é féin a iompar inti nó uirthi gan toiliú a húinéara nó údarás dleathach eile”, agus

(b) trí “nó déanta” a chur isteach i ndiaidh “á dhéanamh” i bhfo-alt (6).

Duine a bheidh údaraithe ag an Aire do dhéanamh iniúchadh agus fiosrú i dtaobh tionóisc lena mbeidh baint ag feithicil.

66. —(1) Aon uair a bheidh feithicil i dtionóisc in áit phoiblí, féadfaidh duine údaraithe—

(a) na himthosca inar tharla an tionóisc a fhiosrú,

(b) dul isteach (ar a údarás a thabhairt ar aird má iarrann úinéir, nó an duine i bhfeighil, an áitribh a luaitear anseo ina dhiaidh seo é) aon tráth réasúnach in aon áitreabh ina bhfuil feithicil a bhí sa tionóisc,

(c) cibé iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh (lena n-áirítear tástáil) is dóigh leis is gá de réir réasúin chun críocha an fhiosraithe,

(d) cibé bearta a dhéanamh agus ceanglais a chur is dóigh leis is gá de réir réasúin chun críocha an fhiosraithe agus, go háirithe,

(i) a cheangal, le toghairm, go bhfreastalóidh na daoine sin go léir os a chomhair ar cuí leis glaoch orthu agus a scrúdú chun críocha a thuarascála agus a cheangal go bhfaighidh sé freagraí nó tuairisceáin ar aon fhiafruithe is cuí leis a dhéanamh,

(ii) a cheangal ar aon duine cibé leabhair, páipéir agus doiciméid eile agus fós aon earraí (a bheidh i seilbh an duine sin nó faoina rialú) a thabhairt ar aird a mheasfaidh sé is iomchuí agus na leabhair, na páipéir, na doiciméid agus na hearraí sin a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh siad ag teastáil uaidh de réir réasúin, agus

(e) tuarascáil a thabhairt don Aire ar na cúiseanna a bhí leis an tionóisc agus ar na himthosca go léir a bhain leis an tionóisc agus moltaí a dhéanamh ina leith sin.

(2) Uair ar bith a mheasfaidh an tAire gur gá sin, féadfaidh sé a ordú go seolfar fiosrú poiblí faoi chúis tionóisce ina raibh feithicil.

(3) Chun críocha fiosrú a sheoladh faoin alt seo, féadfaidh an tAire nó féadfaidh an duine a bheidh údaraithe aige an fiosrú a sheoladh—

(a) a cheangal ar aon duine freastal mar fhinné chun fianaise a thabhairt nó aon doiciméid a thabhairt ar aird a bhainfidh le hábhar an fhiosraithe;

(b) duine a chur faoi mhionn nó a chur faoi deara duine a chur faoi mhionn agus fianaise a ghlacadh faoi mhionn.

(4) (a) Féadfaidh an tAire le hordú socrú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) an tAire d'íoc na gcaiteachas réasúnach a thabhóidh duine a thabharfaidh fianaise nó a thabharfaidh doiciméid ar aird ag fiosrú faoin alt seo,

(ii) an tAire d'íoc costas a thabhóidh duine go réasúnach maidir le fiosrú faoin alt seo,

(iii) costais a thabhóidh an tAire maidir le fiosrú faoin alt seo a ghnóthú ó aon duine áirithe.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(5) Aon duine a sháróidh ceanglas a chuirfidh duine údaraithe faoi fho-alt (1) den alt seo nó a bhacfaidh duine údaraithe agus é ag comhlíonadh a dhualgas faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás duine ar bith (dá ngairtear an finné anseo ina dhiaidh seo)—

(a) a thoghairmfear go cuí mar fhinné os comhair fiosraithe faoin alt seo, do mhainniú freastal,

(b) ar é freastal mar fhinné, do dhiúltú mionn a ghlacadh a cheanglóidh an duine ag a mbeidh fiosrú á sheoladh faoin alt seo air a ghlacadh, nó do dhiúltú aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina rialú a thabhairt ar aird a chuirfidh an duine ag a mbeidh fiosrú á sheoladh faoin alt seo de cheangal air de réir dlí a thabhairt ar aird, nó do dhiúltú aon cheist a fhreagairt a bhféadfaidh an duine ag á mbeidh fiosrú á sheoladh faoin alt seo a cheangal de réir dlí go dtabharfar freagra uirthi, nó

(c) do dhéanamh aon ní eile a bheadh, dá mba é a bhí sa duine ag a raibh an fiosrú á sheoladh faoin alt seo cúirt dlí le cumhacht chun duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh an duine ag a mbeidh an fiosrú á sheoladh faoin alt seo cion an fhinné a dheimhniú don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis cibé fiosrú a dhéanamh is cuí léi, an finné a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú ionann agus dá mba i ndíspeagadh na hArd-Chúirte a bhí sé ciontach.

(7) Ní dhéanfar tuarascáil faoin alt seo a úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla a éireoidh as an tionóisc a bheidh i gceist.

(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo.

(9) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe” duine a bheidh údaraithe go cuí i scríbhinn ag an Aire chun críocha an ailt seo.

AN SCEIDEAL

Mionleasuithe agus leasuithe iarmartacha ar an bPríomh-Acht

Alt 6.

An fhoráil a leasaítear

An Cíneál Leasaithe

(1)

(2)

Alt 3.

“ciallaíonn ‘luasteorainn ghinearálta’ luasteorainn faoi alt 44A den Acht seo;” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “cosán”.

“ ‘feithicil faoi rialú coisí’ ” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “‘feithicil inneallghluaiste faoi urláimh coisí’”

“in áit phoiblí” a chur in ionad “ar bhóthar poiblí” gach áit a bhfuil an abairt sin sa mhíniú ar “feithicil sráidseirbhíse”.

Alt 11.

An méid seo a leanas a chur i ndiaidh “gléasra tarraingte” i bhfo-alt (6): “agus aon ghaireas ar féidir feidhm a bhaint as le taispeáint go bhfuil fearas leictreonach nó fearas eile ann, nó sárú a dhéanamh ar oibriú fearais leictreonaigh nó fearais eile, atá á úsáid chun comharthaí a thabhairt ónar féidir an luas ar a raibh duine ag tiomáint a dhéanamh amach”.

Alt 12.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “leis an gcónasc” i bhfo-alt (3) (b): “nó a thaispeántar ar phláta nó ar dheimhniú arna eisiúint faoi alt 11 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , agus a bheidh i bhfeidhm maidir leis an bhfeithicil nó leis an gcónasc”.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “leis an bhfeithicil” i bhfo-alt (3) (c): “nó a thaispeántar ar phláta nó ar dheimhniú arna eisiúint faoi alt 11 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , agus a bheidh i bhfeidhm maidir leis án bhfeithicil”.

Alt 15.

“nó ó oifigeach don Aire” a chur isteach i bhfo-alt (5) i ndiaidh “d'údarás bóithre” agus “nó ag oifigeach don Aire” a chur isteach i bhfo-alt (7) i ndiaidh “den Gharda Síochána”.

Alt 16.

“nó seirbhíseach” a chur isteach i bhfo-alt (7) (a) (ii) i ndiaidh “oifigeach”.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7) (a) (ii):—

“nó

(iii) oifigeach don Aire a bheidh údaraithe ag an Aire mar dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo”.

Alt 17.

An fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) An dlínse maidir le gnóthu a dhéanamh faoin alt seo ar mhéid aon chaiteachais neamhghnácha a thabhaigh údarás bóithre ag deisiú bóthair feidhmeofar í, comhthráthach leis an Ard-Chúirt, de rogha an ghearánaí—

(a) ag an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird nó, de réir mar is iomchuí, ag an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don cheantar, ina ndearnadh an damáiste, nó

(b) ag an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird nó, de réir mar is iomchuí, ag an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheith sannta de thuras na huaire don cheantar, ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó gnó á sheoladh aige.”

Alt 18.

“inneallghluaiste” a scriosadh as fo-ailt (1), (7), (10) (a) agus 10 (l).

Alt 19.

“inneallghluaiste” a scriosadh as fo-ailt (1) (a) agus 2 (a).

Alt 20.

An méid seo a leanas a chur isteach roimh “de bharr” i bhfo-alt (3):—“de bharr iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh faoi alt 12 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , ar fheithicil inneallghluaiste, nó”.

An méid seo a leanas a chur isteach roimh “de bharr” i bhfo-alt (5): “de bharr iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh faoi alt 12 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , ar fheithicil a bheidh á tarraingt ag feithicil inneallghluaiste, nó”.

Alt 26.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) (a) (ii):

“nó

(iii) i gcion faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 ,”.

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (b):

“(b) (i) I gcás duine, a ciontaíodh cheana i gcion faoi alt 49 den Acht seo, a chiontú i gcion faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , féachfar, chun críocha na míre sin roimhe seo, ar a gciontú céadluaite mar chiontú faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 .

(ii) I gcás duine a ciontaíodh cheana i gcion faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , a chiontú i gcion faoi alt 49 den Acht seo, féachfar, chun críocha na míre sin roimhe seo, ar an gciontú céadluaite mar chiontú faoi alt 49 den Acht seo”.

“nó faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 ” a chur isteach i ndiaidh “faoi alt 49 den Acht seo” i bhfo-alt (5) (a) (i).

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (b):

“(b) (i) I gcás duine a ciontaíodh cheana i gcion faoi alt 49 den Acht seo a chiontú i gcion faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , féachfar, chun críocha na míre sin roimhe seo, ar an gciontú céadluaite mar chiontú faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 .

(ii) I gcás duine a ciontaíodh cheana i gcion faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , a chiontú i gcion faoi alt 49 den Acht seo, féachfar, chun críocha na míre sin roimhe seo, ar an gciontú céadluaite mar chiontú faoi alt 49 den Acht seo.”

Alt 36.

“5A, 5B,” a chur isteach i ndiaidh “5,” i bhfo-alt (1).

“nó arna iarchur” agus “nó iarchur” a scriosadh as fo-alt (3) (b) agus (4) (b) gach áit a bhfuil siad.

Alt 40.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “a fheiceáil agus a léamh” i bhfo-alt (5): “a shonraíonn an aicme nó na haicmí feithiclí ar ina leith a deonaíodh an ceadúnas agus an ráiteas (más ann) a cheanglaítear a bheith sa cheadúnas le halt 22 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , agus”.

Alt 42.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) (j):

“(k) na táillí a bheidh le híoc le húdarás ceadúnúcháin i leith an údaráis do sholáthar eolais maidir le ceadúnas tiomána nó le ceadúnas sealadach nó le ceadúnas arna eisiúint faoi Chuid III den Acht aisghairthe, agus diúscairt na dtáillí sin.”

Alt 54.

Fo-alt (1) a scriosadh.

“(1) nó fo-alt” a scriosadh as fo-alt (4).

Alt 58.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “an ailt sin” i mír (a) agus i ndiaidh “an gnó sin” i mír (b):

1936, Uimh. 45 .

“faoi réim agus de réir cheadúnais arna dheonú ag an Aire Tionscail agus Tráchtála faoi Chuid II den Acht Árachais, 1936 ”.

Alt 64.

“faoi fho-alt (1) den alt seo” a scriosadh as fo-alt (3) agus “faoin alt seo” a chur ina ionad.

An fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

1851, c. 93.

“(4) D'ainneoin fho-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i gcion faoin alt seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí déag ó dháta an chiona.”

Alt 65.

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a):

“(a) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil don phearsa a tharla dó féin le linn dó a bheith i bhfeithicil inneallghluaiste nó ar fheithicil inneallghluaiste (nó feithicil a bhí á tarraingt aici sin) lena mbaineann an doiciméad iomchuí, seachas feithicil inneallghluaiste, nó feithicil tarraingthe, nó feithiclí ar chónasc feithiclí iad d'aicme atá sonraithe ag an Aire chun críocha na míre seo le rialacháin,”.

“(nó feithicil a bhí á tarraingt aici sin)” a chur isteach i bhfo-alt (1) (c) i ndiaidh “ar fheithicil inneallghluaiste”.

Fo-ailt (1) (e) go dtí (1) (g) a scriosadh.

Alt 76.

“cion” a chur in ionad “oilghníomh” i bhfo-alt (1) (e).

Alt 77.

“Aire” a chur in ionad “Aire Tionscail agus Tráchtála” i bhfo-alt (5).

Alt 84.

“ar bhóithre poiblí” a scriosadh as fo-ailt (1) (a) agus (1) (c).

Alt 87.

“ar an táille fhorordaithe” a chur i bhfo-alt (8) in ionad “ar tháille scillinge”, agus “ar an táille fhorordaithe a íoc” a chur í bhfo-alt (9) in ionad “ar tháille sé phingin a íoc in aghaidh gach fóilió nó cuid d'fhóilió de dhá fhocal is seachtó a bheidh sa chóip”.

Alt 89.

“a thoirmeasc nó” a chur isteach roimh “a shrianadh” i bhfo-alt (2) (h) agus (2) (i).

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) (l):

“(m) trácht agus coisithe a rialú agus a rialáil ar bhóithre poiblí (cibé acu a bheidh siad sonraithe i bhfo-dhlíthe nó nach mbeidh) le síneacha tráchta a mbeidh rialacháin, lena n-áirítear rialacháin i dtaobh an bhrí a bheidh le cur leis na síneacha sin, i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire faoi fho-alt (2) d'alt 95 den Acht seo (agus, go háirithe, a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta agus ar choisithe déanamh de réir aon toirmeasc, srian nó ceanglas a chuirfear in iúl leis na síneacha sin).”

Alt 90.

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (i):

“(i) a thoirmeasc ar aon duine seachas freastalaí loctha ceadúnaithe gníomhú, nó a thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ullamh chun gníomhú, mar fhreastalaí loctha ar bhóthar poiblí;”

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) (i):

(j) locadh ar bhóithre poiblí (cibé acu a bheidh siad sonraithe i bhfo-dhlíthe nó nach mbeidh) a rialú agus a rialáil le síneacha tráchta a mbeidh rialacháin, lena n-áirítear rialacháin i dtaobh an bhrí a bheidh le cur leis na síneacha sin, i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire faoi fho-alt (2) d'alt 95 den Acht seo (agus, go háirithe, a cheangal ar dhaoine i bhfeighil feithiclí déanamh de réir aon toirmeasc, srian nó ceanglas a chuirfear in iúl leis na síneacha sin).”

“in áiteanna loctha” a scriosadh as fo-alt (6) (a).

An fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Aon uair a shárófar fo-dhlí nó riail faoin alt seo agus go mbeidh baint ag feithicil inneallghluaiste leis an sárú, beidh gach duine acu seo a leanas ciontach i gcion:

(a) úinéir cláraithe na feithicle,

(b) má bhí an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid a bheidh i gceist, an fruilitheoir faoin gcomhaontú, agus

(c) murab é an t-úinéir cláraithe nó an fruilitheoir faoi chomhaontú fruiltiomána an duine a loc í, an duine a loc an fheithicil.”

“in áit loctha” a scriosadh as an míniú ar “freastalaí loctha ceadúnaithe” i bhfo-alt (15) (a).

Alt 91.

“nó trí shíneacha iniompair a úsáid de cibé méid, foirm agus dath a bheidh forordaithe agus lena mbeidh cibé brí a bheidh forordaithe” a chur isteach i ndiaidh “láimhe” i bhfo-alt (2).

“nó a sháróidh toirmeasc, srian nó ceanglas a thaispeántar le sín dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo” a chur isteach i ndiaidh “faoin alt seo” i bhfo-alt (3).

Alt 92.

“ailt 219 agus 221 go 223” a chur in ionad “ailt 219 go 223” i bhfo-alt (2).

Alt 95.

“91,” a chur isteach i ndiaidh “86,” sa mhíniú ar “rialachán bóthair”.

“nó a chuireann in iúl foráil a bheith in achtachán maidir le trácht ar bhóithre” a chur isteach i ndiaidh “le chéile” i mír (c) den mhíniú ar “sín tráchta”.

Alt 96.

“maoir scoile” a chur in ionad “maoir tráchta” i bhfo-alt (1).

“scoile” a chur in ionad “tráchta” i bhfo-ailt (2), (4) agus (6).

Alt 101.

Fo-ailt (4) agus (5) a scriosadh.

“stáisiúin pheitril, siopaí” a chur isteach i ndiaidh “seomraí cótaí” i bhfo-alt (6) (b).

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7) (c):

“(d) na coinníollacha a shonrú ar faoina réir a fhéadfaidh feithiclí an carrloc a úsáid.”

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) Aon duine a sháróidh fodhlí faoi fho-alt (7) den alt seo beidh sé ciontach i gcion”.

“alt 219 agus ailt 221 go 223” a chur i bhfo-alt (8) in ionad “ailt 219 go 223”.

“nó aon áiseanna a soláthraíodh don charrloc faoi fho-alt (6) den alt seo” a chur isteach i ndiaidh “aon chuid de” i bhfo-alt (10).

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

“(12) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha maidir le haisíoc is cuí leis an Aire sin, iasachtaí a thabhairt as an Ród-Chiste faoi chomhair na gcostas a thabhoidh údarás áitiúil faoin alt seo.

(13) Measfar nach gnó de réir bhrí na nAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1967, oibriú carrloic (lena n-áirítear oibriú áiseanna lena aghaidh) ar mhaoin nó i maoin arna léasadh ag údarás áitiúil.”

Alt 103.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Féadfar suimeanna éagsúla a fhorordú chun críocha mhír (b) d'fho-alt (2) agus mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo i leith cionta éagsúla, aicmí éagsúla feithiclí agus i leith cionta a líomhnaítear a rinneadh in áiteanna poiblí áirithe nó i limistéir éagsúla.”

Alt 104.

“alt 47, 51A, 52 nó 53” a chur in ionad “alt 47, 52 nó 53”.

An fhomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i) (I) den choinníoll:

“(1A) d'ainneoin neamhchomhlíonadh an cheanglais, go raibh an cúisí gach tráth ábhartha eolach ar an teagmhas ar ina leith a tugadh ar aghaidh an cúiseamh i leith an chiona sin, nó”.

Alt 106.

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (d):

“(d) más rud é—

(i) go ndéanfar díobháil do mhaoin seachas maoin de chuid tiománaí na feithicle agus ar chúis ar bith nach ndéanfaidh seisean nó, má mharaítear nó má éagumasaítear é, nach ndéanfaidh an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle an uair sin an t-eolas iomchuí a thabhairt in áit an teagmhais do dhuine a mbeidh teideal aige faoin alt seo é a éileamh, nó

(ii) má dhéantar díobháil do dhuine seachas tiománaí na feithicle,

déanfaidh tiománaí na feithicle nó, má mharaítear nó má éagumasaítear é, an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle an uair sin, mura mbeidh an t-eolas iomchuí tugtha aige cheana féin do chomhalta den Gharda Síochána, tuairisc i dtaobh an teagmhais a thabhairt a luaithe is féidir do chomhalta den sórt sin agus, más gá, rachaidh sé chun na críche sin go dtí an stáisiún Garda Síochána is gaire chaothúla agus tabharfaidh sé freisin an t-eolas iomchuí don chomhalta ar a éileamh.”

Alt 109.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “á cheangal sin air” i bhfo-alt (1): “agus coimeádfaidh sé ina stad í ar feadh cibé tréimhse is gá de réir réasúin chun go bhféadfaidh an comhalta sin a dhualgais a chomhlíonadh”.

Alt 113.

“nó déanta” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “á dhéanamh”.

Alt 114.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (b) (v):

“(vi) aicmí sonraithe feithiclí a eisiamh ó fheidhm na rialachán.”

Alt 115.

“nó pláta” a chur isteach i ndiaidh “ar cheadúnas” i bhfo-ailt (1) agus (3); “pláta” a chur isteach i ndiaidh “le ceadúnas” i bhfo-alt (1) agus “nó an pláta” a chur isteach i ndiaidh “an ceadúnas” i bhfo-alt (3).

“ná cead speisialta faoi rialacháin faoi alt 13 den Acht seo” a chur isteach i ndiaidh “arna ndéanamh faoi” i bhfo-alt (4).

Alt 123.

“árachóir feithicle nó duine eiscthe de réir bhrí Chuid VI den Acht seo” a chur in ionad “duine eiscthe” i mír (a) (ii).

 

An fhoráil a leasaítear

An Cineál Leasaithe

(1)

(2)

An Dara Sceideal.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4:

“Diúltú nó mainniú sampla a chur ar fáil, nó a cheadú sampla a thógáil, ag stáisiún Garda (alt 49)

4A. Cion faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 .”.

Na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír 5:

“Bheith i bhfeighil feithicle inneallghluaiste le linn bheith faoi bhrí dí meisciúla nó druga

5. Cion faoi alt 50, arb é an dara cion é nó aon chion ina dhiaidh sin laistigh d'aon tréimhse 3 bliana:

ar choinníoll, i gcás duine a ciontaíodh cheana i gcion faoi alt 49 den Acht seo nó faoi alt 30 (3) nó 33 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , a chiontú i gcion faoi alt 50 den Acht seo, go bhféachfar, chun críocha na míre seo, ar an gciontú céaduaite sin mar chiontú faoi alt 50 den Acht seo.

Diúltú nó mainniú sampla a chur ar fáil, nó a cheadú sampla a thógáil, ag stáisiún Garda (alt 50).

5A. Cion faoi alt 33 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , arb é an dara cion é nó aon chion ina dhiaidh sin laistigh d'aon tréimhse 3 bliana:

ar choinníoll, i gcás duine a ciontaíodh cheana i gcion faoi alt 49 nó 50 den Acht seo nó faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , a chiontú i gcion faoi alt 33 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 , go bhféachfar, chun críocha na míre seo, ar an gciontú céadluaite sin mar chiontú faoi alt 33 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 .”

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (5):

“Tiomáint neamhairreach.

5B. Cion faoi alt 52, i gcás inar chuid den sárú feithicil inneallghluaiste a thiomáint, arb é an tríú cion é nó aon chion den sórt sin ina dhiaidh sin laistigh d'aon tréimhse trí bliana.”