8 1968


Uimhir 8 de 1968


AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) (LEASÚ), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1938 GO 1964. [26 Márta, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 6A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 .

1938, Uimh. 34 .

1960, Uimh. 12 .

1963, Uimh. 24 .

1952, Uimh. 25 .

1. —Déantar leis seo alt 6A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 (is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 5 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 ), arna leasú le halt 30 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963 , a leasú tuilleadh leis seo tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(6) (a) D'ainneoin aon ní sna fo-ailt roimhe seo den alt seo—

(i) féadfaidh leasú faoi fho-alt (4) den alt seo socrú a dhéanamh, i gcás daoine éagtha ba chomhaltaí den Oireachtas, le haghaidh pinsean dá mbaintreacha agus dá leanaí,

(ii) féadfaidh an tAire cibé deontais is cuí leis a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, don chiste a bheidh á chothabháil de bhun scéim lena mbaineann an t-alt seo.

(b) I bhfomhír (i) den mhír roimhe seo folaíonn ‘leanaí’ duine a raibh i bhfeidhm le haghaidh a uchtála, tráth báis an duine éagtha iomchuí, ordú uchtála faoin Acht Uchtála, 1952 , a shonraigh gurbh é an duine éagtha sin an t-uchtóir nó duine de na huchtóirí.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1964, agus den Acht seo le chéile.