2 1968


Uimhir 2 de 1968


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BUN CRANNCHA), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 10 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946 , I nDÁIL LE CEANTAR UIRBEACH BHUN CRANNCHA. [13 Márta, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

An Príomh-alt.

1946, Uimh. 24 .

1954, Uimh. 8 .

1955, Uimh. 9 .

1960, Uimh. 38 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-alt” alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , arna leasú le halt 7 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 , le halt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , agus le halt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960 .

Leasú ar an bPríomh-alt.

2. —Leasaítear an Príomh-alt leis seo mar a leanas:

(a) i bhfo-alt (6A) cuirfear “na hocht mbliana airgeadais áitiúla comhleanúnacha” in ionad “na tríocha bliain airgeadais áitiúil chomhleanúnach” agus scriosfar míreanna (ix) go (xxx),

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (6A):

“(6B) I bhfo-alt (6) den alt seo déanfar na focail ‘ráta de phingin sa phunt i ngach líomatáiste’ a fhorléiriú, i gcás inarb é an líomatáiste uirbeach arb é ceantar uirbeach Bhun Cranncha an líomatáiste a bheidh i gceist, maidir le gach bliain airgeadais áitiúil tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1968 (nach í an chéad bhliain airgeadais áitiúil í ina mbeidh éifeacht ag athbhreithniú ginearálta ar luachálacha inrátaithe i gContae Dhún na nGall ná bliain airgeadais áitiúil níos déanaí), mar ní a thagraíonn do ráta seacht ndeichiú de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin.”

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Bun Cranncha), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960, agus den Acht seo.