26 1966


Uimhir 26 de 1966.


AN tACHT IOMPAIR, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIOMPAR. [19 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1950, Uimh. 12 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “an Bord” córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “an Chuideachta” an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company;

folaíonn “líne iarnróid” roinn de líne iarnróid.

Seirbhísí traenach a fhoirceannadh ar línte iarnróid de chuid na Cuideachta.

1958, Uimh. 19 .

2. —Beidh ag alt 19 den Acht Iompair, 1958 , a dhéanann foráil chun seirbhísí traenach a fhoirceannadh, feidhm agus éifeacht maidir le haon seirbhís traenacha le haghaidh paisinéirí agus marsantais nó ceachtar acu atá curtha ar fáil ag an mBord ar líne iarnróid de chuid na cuideachta.

Línte iarnróid de chuid na Cuideachta a thréigean.

1955, Uimh. 25 .

3. —(1) Beidh ag alt 21 d'Acht 1950, a dhéanann foráil chun línte iarnróid a thréigean, feidhm maidir le líne iarnróid de chuid na Cuideachta ar a bhfuil gach uile sheirbhís traenach foirceannta ag an mBord.

(2) Déanfar an t-alt sin 21, ina fheidhm maidir le líne iarnróid de chuid na Cuideachta ar a bhfuil gach uile sheirbhís traenach foirceannta ag an mBord a fhorléiriú agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba rud é—

(a) gur cuireadh an mhír seo a leanas in ionad mhír (a) d'fho-alt (2), is é sin le rá:

“(a) I gcás an Bord a bheith tar éis gach uile sheirbhís traenach ar líne iarnróid shonraithe de chuid an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company a fhoirceannadh, féadfaidh an Chuideachta sin, faoi réir an fho-ailt seo agus le hordú (dá ngairtear ordú tréigin san alt seo) a dhearbhú go bhfuil beartaithe aici an líne iarnróid sin a thréigean”, agus

(b) gur thagairtí don Chuideachta na tagairtí don Bhord i bhfo-ailt (2) (b), go (d), (3), (4), (5) agus (7).

(3) I gcás ina dtarlóidh de bhua an ailt sin 21 arna leasú leis an alt seo, nó de bhua alt 7 den Acht Iompair, 1955 , go mbeidh deireadh le dliteanas na Cuideachta maidir le cothabháil aon oibreacha beidh deireadh freisin le haon dliteanas comhréire de chuid an Bhoird.

(4) Measfar gur cuideachta iarnróid chun críocha aon achtacháin a bhaineann le hiarnróid an Chuideachta.

An talamh faoi línte iarnróid tréigthe nó ag síneadh leo a dhíol.

4. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 21 d'Acht 1950 nó in aon achtachán eile, féadfaidh cuideachta iarnróid talamh ar bith faoi líne iarnróid tréigthe nó ag síneadh léi a dhíol, trí chonradh príobháideach, le haon tionónta ar an talamh sin nó le haon tionónta ar thalamh ag síneadh leis faoin líne sin nó ag síneadh léi.

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 9ú lá d'Iúil, 1963.

An Chúirt Chuarda do chinneadh díospóidí, aighneas agus achomharc áirithe.

1926, Uimh. 25 .

1924, Uimh. 29 .

1944, Uimh. 21 .

5. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon díospóid, aighneas nó achomharc a fhéadfar a tharchur nó a dhéanamh chun buaneadránaí arna cheapadh chun críocha an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1924, alt 43 d'Acht 1944 nó alt 41 nó 42 d'Acht 1950, ansin, in ionad é a tharchur nó a dhéanamh chun an eadránaí sin, éistfidh agus cinnfidh an Chúirt Chuarda é má dhéanann páirtí sa chéanna atá i dteideal faoi na forálacha sin é a tharchur nó a dhéanamh chun an eadránaí sin iarratas chun na Cúirte sin trí thairiscint ar fhógra a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile sa chéanna tráth nach lú ná lá agus fiche roimh an lá ar a bhfuil sé beartaithe an t-iarratas a dhéanamh, agus, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar, i leith aon iarratais den sórt sin, na forálacha réamhráite sin a fhorléiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(2) Más rud é, maidir le díospóid, aighneas nó achomharc a tarchuireadh nó a rinneadh chun an bhuan-eadránaí réamhráite sin faoi aon cheann de na forálacha réamhráite roimh dháta an Achta seo a rith, nár tugadh cinneadh roimh an Acht seo a rith agus nach mbeidh sé tugtha sa tréimhse trí mhí díreach tar éis an tAcht seo a rith, ansin, in ionad an t-eadránaí á chinneadh, éistfidh agus cinnfidh an Chúirt Chuarda é má dhéanann páirtí sa chéanna iarratas tar éis deireadh na tréimhse sin chun na Cúirte Cuarda trí thairiscint ar fhógra a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile sa chéanna agus ar an eadránaí sin lá nach lú ná lá agus fiche roimh an lá ar a bhfuil sé beartaithe an t-iarratas a dhéanamh, agus, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar, i leith aon iarratais den sórt sin, na forálacha réamhráite sin a fhorléiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(3) De rogha an duine a dhéanfaidh an t-iarratas, déanfar iarratas chun na Cúirte Cuarda faoin alt seo chun breithimh de Chuaird Bhaile Átha Cliath nó chun an bhreithimh den chuaird ina bhfuil cónaí ar an duine sin nó ina bhfuil a phríomh-áit ghnó aige.

(4) D'ainneoin aon ní atá sa Tríú Sceideal sin, san alt sin 43 nó san alt sin 41 nó 42, féadfar achomharc chun na hArd-Chúirte (agus is breith chríochnaitheach a breith) ar cheist dlí a dhéanamh in aghaidh breith na Cúirte Cuarda faoin alt seo, ach ní fhéadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe den sórt sin ar cheist fíorais.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 8 den Acht Bóthair Iarainn (Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhísigh), 1926 , ag alt 43 (6) go (10) d'Acht 1944 nó ag alt 43 d'Acht 1950 maidir le díospóidí, aighnis nó achomhairc a bheidh le héisteacht agus le breithniú ag an gCúirt Chuarda faoin alt seo.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1924” Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ;

ciallaíonn “Acht 1944” an tAcht Iompair, 1944 .

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht Iompair, 1966 , a ghairm den Acht seo.