17 1966


Uimhir 17 de 1966.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [7 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Cáin Ioncaim

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1966-67.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1966, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1966, a mhuirearú i leith ioncam aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1966, agus ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1966, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar alt 21 den Finance Act,1920.

1920, c. 18.

2. —Leasaítear leis seo alt 21 den Finance Act, 1920,—

(a) trí “and such deduction, in the case of a child shown by the claimant to have been over the age of eleven years at the commencement of the year of assessment, shall be of the amount of one hundred and fifty pounds and, in any other case, shall be of the amount” a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh “of one hundred and twenty pounds”, agus

(b) trí “exceeding eighty pounds a year, except that if the amount of the excess is less than the deduction which apart from this subsection would be allowable, a deduction reduced by that amount shall be allowed” a chur i bhfo-alt (3) in ionad na bhfocal ó “of two hundred pounds” go dtí “the amount of the excess”.

Leasú ar alt 21 den Finance Act, 1922.

1922, c. 17.

3. —(1) Aon chuideachta lena mbaineann alt 21 den Finance Act, 1922, féadfaidh sí, aon tráth tar éis an chruinnithe ghinearálta ag a nglacfar le cuntais na cuideachta mar a bheidh siad déanta suas d'aon bhliain nó tréimhse eile, cóip de na cuntais sin, mar aon le cóip den tuarascáil, más ann, ó na stiúrthóirí don bhliain nó don tréimhse sin agus cibé eolas breise, más ann, is oiriúnach léi a chur chuig na Coimisinéirí Speisialta chun iad a bhreithniú acu, agus, nuair a gheobhaidh na Coimisinéirí Speisialta na cuntais agus na doiciméid eile sin, más ann, a dúradh, rachaidh siad, faoi réir forálacha an ailt seo, i mbun staid na cuideachta maidir leis an alt sin 21 a bhreithniú.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta a luaithe is féidir é le réasún, ach tráth nach déanaí ná ocht lá is fiche tar éis na cuntais agus na doiciméid eile sin, más ann, a fháil, a iarraidh ar an gcuideachta cibé sonraí breise a iarrfaidh siad le réasún a thabhairt dóibh laistigh d'ocht lá is fiche, nó cibé tréimhse fadaithe a cheadóidh siad dá éis sin:

Ar choinníoll, mura ndéanfar na sonraí a iarrfar amhlaidh a thabhairt do na Coimisinéirí laistigh den tréimhse nó den tréimhse fhadaithe a cheadófar chuige sin, go bhféadfaidh siad dul ar aghaidh faoin alt seo ar bhonn an eolais a bheidh os a gcomhair.

(3) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis cuntais na cuideachta d'aon bhliain nó tréimhse eile, i dteannta nó d'éagmais aon doiciméad eile, a chur, faoi fho-alt (1) den alt seo, chuig na Coimisinéirí Speisialta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) mura ndéanfaidh na Coimisinéirí Speisialta, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh na cuntais agus na doiciméid eile sin, nó má iarradh tuilleadh sonraí mar a dúradh, laistigh de thrí mhí tar éis na sonraí sin a fháil, nó tar éis deireadh na tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí sin le tabhairt, de réir mar a bheidh, a chur in iúl don chuideachta go bhfuil beartaithe acu gníomh breise a dhéanamh i gcás na cuideachta faoin alt sin 21 maidir leis an mbliain sin nó an tréimhse eile sin, beidh deireadh agus foirceann, go hiomlán, le cumhacht na gCoimisinéirí aon ghníomh breise eile den sórt sin a dhéanamh maidir leis an mbliain sin nó leis an tréimhse eile sin; agus

(b) d'ainneoin beartú acu mar a dúradh a bheith curtha in iúl ag na Coimisinéirí Speisialta, ní bheidh, tar éis sé mhí ó dháta an beartú a chur in iúl, cumhacht acu maidir leis an gcuideachta sin fógra a eisiúint faoi mhír 4 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1922, maidir leis an mbliain nó an tréimhse sin, nó, mura mbeidh fógra den sórt sin eisithe roimh dheireadh na tréimhse sé mhí sin, ordú a thabhairt maidir leis an gcuideachta faoi alt 21 (1) den Acht sin.

Cáin chorparáide na Ríochta Aontaithe a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach ioncaim.

1950, Uimh. 18 .

4. —(1) San alt seo agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

ciallaíonn “cáin chorparáirde” an cháin ar a dtugtar cáin chorparáide sa Ríocht Aontaithe;

ciallaíonn “brabúis” maidir le cáin ioncaim ioncam;

ciallaíonn “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann, gan Oileáin Mhuir nIocht ná Oileán Mhanann a áireamh.

(2) Faoi réir forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo, déanfar cáin chorparáide is iníoctha i leith brabús a tháinig sa Ríocht Aontaithe a lamháil, a mhéid a bheidh sé le cur i gcuntas chun críocha an ailt seo, mar chreidmheas i gcoinne na cánach ioncaim is inmhuirir d'aon bhliain mheasúnachta faoi threoir na mbrabús sin.

(3) I gcás cuideachta a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe d'íoc díbhinne le cuideachta arb í is úinéir tairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ar chuid nach lú ná trí cheathrú de ghnáth scairchaipiteal na céad chuideachta, cuirfidh an creidmheas i gcuntas an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcéad chuideachta i leith a brabús.

(4) Déanfar an cháin chorparáide is iníoctha i leith aon bhrabús a chur i gcuntas chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás ina bhfuil na brabúis faoi réir cháin bhrabús corparáide, a mhéid agus a mhéid amháin nach féidir, ar éileamh cuí a dhéanamh chuige sin, í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, nó

(b) i gcás nach bhfuil na brabúis faoi réir cháin bhrabús corparáide, a mhéid agus a mhéid amháin nach bhféadfaí, ar éileamh cuí a dhéanamh chuige sin, í a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cháin bhrabús corparáide dá mbeadh na brabúis faoi réir na cánach sin mar bhrabúis de chuid cuideachta a corpraíodh le dlíthe an Stáit nó faoina réir.

(5) (a) Leasaítear leis seo an míniú ar “faoiseamh ó chánachas dúbalta” in alt 13 (2) den Acht Airgeadais, 1950 , trí “alt 4 den Acht Airgeadais, 1966 , nó” a chur isteach i ndiaidh “de bhuaidh”.

(b) I gcás ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo, beidh éifeacht ag alt 13 (4) den Acht Airgeadais, 1950 , maidir le díbhinn a íocadh sular ritheadh an tAcht seo mar atá éifeacht aige maidir le díbhinn a íocadh sular ritheadh an t Acht Airgeadais, 1950 .

Riail 4 de na Rialacha is inchurtha chun feidhme maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D a chur chun feidhme.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 (a) den Acht Airgeadais, 1961 , trí “dar críoch lá roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1966,” a chur isteach i ndiaidh “d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin”.

(2) Maidir le ríomh brabús nó gnóchain chun críocha cánach ioncaim do 1966-67 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, beidh éifeacht faoi réir na bhforálacha seo a leanas ag Riail 4 (1) de na Rialacha is inchurtha chun feidhme maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D:

(a) déanfar tagairtí inti do thréimhse chuntasaíochta a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1966, nó lá dá éis sin, agus

(b) déanfar neamhshuim chun críocha an chéanna den oiread sin den cháin bhrabús corparáide a íocadh in aghaidh aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin a thosaigh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1966, agus is inchurtha i leith brabús a chionroinnfear faoi alt 21 (2) den Acht seo i leith na coda den tréimhse chuntasaíochta roimh an lá sin.

Deireadh le halt 4 (b) den Acht Airgeadais, 1964 .

1964, Uimh. 15 .

6. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 4 (b) den Acht Airgeadais, 1964 , maidir le cáin choigríche i leith ioncam a tháinig an 1ú lá d'Aibreán, 1966, nó dá éis, agus, dá réir sin, measfar na focail a scriosadh leis a bheith curtha ar ais maidir leis an gcáin choigríche sin.

(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo, i gcás inar inmhuirir cáin choigríche i leith ioncam a d'éirigh i dtréimhse ar roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1966, do chuid di agus ar tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, do chuid eile di cionroinnfear an cháin choigríche i gcomhréir le fadanna faoi seach na gcodanna sin.

Leasú ar an liúntas deisiúcháin

1934, Uimh. 31 .

7. —Déantar leis seo alt 2 (1) den Acht Airgid, 1934 , a leasú trí “agus le halt 28 den Acht Airgeadais, 1966 ,” a chur isteach i ndiaidh “ Acht Airgeadais, 1959 ,” agus Riail 5 (3) (a) (i) de na Rialacha is inchurtha chun feidhme maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D a leasú trí “and section 28 of the Finance Act, 1966,” a chur isteach i ndiaidh “Finance Act, 1959,”.

CUID II

Custaim agus Mál

Beoir.

1965, Uimh. 22 .

1933, Uimh. 15 .

8. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 12 (1) den Acht Airgeadais, 1965 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 10ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis sin, dleacht máil de réir seacht bpunt déag, naoi scilling déag agus cúig phingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle caoga is cúig ghrád.

(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 12 (2) den Acht Airgeadais, 1965 , déanfar, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt a allmhaireofar isteach sa Stát de réir seacht bpunt déag, naoi scilling déag agus aon phingin déag ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir seacht bpunt déag naoi scilling déag agus ocht bpingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Biotáille.

1920, c. 18.

1926, Uimh. 35 .

9. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, tríd an ábhar atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin le halt 13 den Acht Airgeadais, 1965 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920, a dúradh.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur i dTuaisceart Éireann a monaraíodh í go hiomlán agus gurb é an driogaire a rinne í a bhuidéalú agus a choinsíniú.

(b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir aon phunt déag, cúig scilling déag agus aon phingin déag an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1965 , a aisghairm amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966.

(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir aon phunt déag, cúig scilling déag agus sé phingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua alt 13 (3) den Acht Airgeadais, 1965 .

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Olaí hiodracarbóin.

1935, Uimh. 28 .

1965, Uimh. 22 .

1931, Uimh. 43 .

1935, Uimh. 7 .

I.R. Uimh. 219 de 1959.

1957, Uimh. 20 .

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Airgid, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Airgeadais, 1965 .

(2) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, déanfar an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir 3s. 8d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (2) d'Acht 1965.

(b) Déanfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 919/20d. an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin roimhe seo.

(3) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 , déanfar, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra an 10ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 7d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (3) d'Acht 1965.

(b) Maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra, an 15ú lá de Mheitheamh, 1966, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, déanfar an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s.819/20d. an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin roimhe seo.

(4) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, maidir le hola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir 3s. 0¾d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (4) d'Acht 1965.

(b) Déanfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 27/10d. an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin roimhe seo.

(5) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, faoi alt 21 (2) d'Acht 1935—

(i) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 0¾d. an galún, 3s. 0¾d. an galún, agus

(ii) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, de bhua mhír 6 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, a íoc uirthi de réir 2s. 11¾d. an galún, 2s. 11¾d. an galún,

in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 10ú lá de Mhárta, 1966, de bhua alt 14 (5) d'Acht 1965.

(b) Is é ráta aon lacáiste a lamhálfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, faoi alt 21 (2) d'Acht 1935—

(i) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 27/10d. an galún, 3s. 27/10d. an galún, agus

(ii) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi, de bhua mhír 6 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, de réir 3s. 17/10d. an galún, 3s. 17/10d. an galún,

in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá de Mheitheamh, 1966, de bhua na míre sin roimhe seo.

(6) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, maidir le hola hiodracarbóin ar ar inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra, an 10ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 2s. 11¾d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (6) d'Acht 1965.

(b) Maidir le hola hiodracarbóin ar ar inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra, an 15ú lá de Mheitheamh, 1966, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, déanfar an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 17/10d. an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin roimhe seo.

(7) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, faoi alt 21 (4) d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc uirthi de réir 2s. 11¾d. an galún, 2s. 11¾d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 10ú lá de Mhárta, 1966, de bhua alt 14 (7) d'Acht 1965.

(b) Is é ráta aon lacáiste a lamhálfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, faoi alt 21 (4) d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 17/10d. an galún, 3s. 17/10d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá de Mheitheamh, 1966, de bhua na míre sin roimhe seo.

(8) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, is é ráta aon aisíoca a lamhálfar, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, faoi alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1957 , maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an t-aisíoc sin ina leith agus a ndearnadh—

(i) an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc uirthi de réir 2s. 11¾d. an galún, nó

(ii) an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi de réir 2s. 11¾d. an galún nó 3s. 0¾d. an galún a íoc uirthi,

1s. 4d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 10ú lá de Mhárta, 1966.

(b) Is é ráta an aisíoca a lamhálfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, faoi alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1957 , maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an t-aisíoc sin ina leith agus a ndearnadh—

(i) an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 17/10d. an galún, nó

(ii) an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 17/10d. an galún nó 3s. 27/10d. an galún,

1s. 6d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá de Mheitheamh, 1966.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

I.R. Uimh. 163 de 1962.

1919, c. 32.

1934, Uimh. 31 .

1940, Uimh. 14 .

11. —(1) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1965 .

(b) Déanfar an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe, agus a coinsíníodh as agus a monaraíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 128) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1966, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirír faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo—

(i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann is nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo,

(ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon le tuairiscí an tobac mhonaraithe sin i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin a ghabhann leis an Finance Act, 1919, os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus

(iii) faoi réir go ndéanfar neamhshuim den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(3) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mharta, 1966, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1965 .

(b) Déanfar an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid V den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Sceideal sin.

(4) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad fho-alt eile den alt seo an bhrí chéanna atá leis in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 .

(5) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnáth a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe.

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe).

12. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 9ú lá de Mhárta, 1966, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas bannastóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) a mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) a mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ina thaobh go raibh sé, ar a cúig a chlog san iarnóin, an 9ú lá de Mhárta, 1966, lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ar seilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coiméad mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh i gcomhair díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic má bhí sé, de réir gnáth-chúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige le cur fós faoi phróiseas éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(3) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 16ú lá de Mhárta, 1966, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé eolas a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na meáchain tobac de gach tuairisc a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 9ú lá de Mhárta, 1966, in aon áit sa Stát seachas bannastóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairiscéan a thabharfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 9ú lá de Mhárta, 1966.

(5) Díreach tar éis an tuairiscéan a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo nó ar an 16ú lá de Mhárta, 1966, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéirí Ioncaim méid iomlán na dleachta a luaitear san alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 9ú lá de Mhárta, 1966, agus ar arb inmhuirir an dleacht sin agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá de Shamhain, 1966, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamh-iomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach ciona den sórt sin agus forghéillfar an tobac go léir ar maidir leis a rinneadh an cion sin.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-ailt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe) (14.6.66).

13. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 14 lá de Mheitheamh, 1966, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas bannastóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) a mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) a mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ina thaobh go raibh sé, ar a cúig a chlog san iarnóin, an 14 lá de Mheitheamh, 1966, lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ar seilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coiméad mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh i gcomhair díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic má bhí sé, de réir gnáth-chúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige le cur fós faoi phróiseas éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(3) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 21 lá de Mheitheamh, 1966, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé eolas a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na meáchain tobac de gach tuairisc a bhi ar úinéireacht nó ina sheilbh aige, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 14 lá de Mheitheamh, 1966, in aon áit sa Stát seachas bannastósas.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairisceán a thabharfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 14 lá de Mheitheamh, 1966.

(5) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo nó ar an 21 lá de Mheitheamh, 1966, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéirí Ioncaim méid iomlán na dleachta a luaitear san alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 14 lá de Mheitheamh, 1966, agus ar ar inmhuirir an dleacht sin agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 31 lá de Nollaig, 1966, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach ciona den sórt sin agus forghéillfar an tobac go léir ar maidir leis an rinneadh an cion sin.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-ailt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Uiscí boird.

I.R. Uimh. 163 de 1962.

1916, (Seis. 2), c. 11.

1956, Uimh. 22 .

I.R. Uimh. 209 de 1962.

14. —(1) Déanfar na dleachtanna custam a fhorchuirtear de réir 1s. 4d. an galún (cibé acu mar dhleacht bhreise nó nach ea) le mír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 128) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962, agus a luaitear ag na Ceannteidil darb uimhreacha 20.07 (A), 22.01 (A), 22.02 (A) 22.02 (B) agus 22.07 (D) (2) sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin, a athrú, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, trí “1s. 9⅚d.” a chur in ionad “1s. 4d.” sa tríú, sa cheathrú agus sa chúigiú colún den Sceideal ag na ceannteidil sin.

(2) Déanfar na dleachtanna máil ar uiscí boird a fhorchuirtear le halt 4 den Finance (New Duties) Act, 1916, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir 1s. 5⅚d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (2) den Acht Airgeadais, 1956 .

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le hearraí is inchurtha faoi na dleachtanna custam a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe agus a coinsíníodh as agus arb i leith toradh saothair sa Ríocht Aontaithe is inchurtha fiche a cúig faoin gcéad ar a laghad dá luach.

(b) Déanfar na dleachtanna custam a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1966, ar earraí lena mbaineann an fo-alt seo de réir 1s. 9⅖d. an galún in ionad an ráta 1s. 9⅚d. an galun is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Beidh feidhm chun críocha mhír (a) den fho-alt seo ag forálacha mhíreanna (a), (b) agus (c) de Rialachán 5 de na Rialacháin um Chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe (Cionúireacht Fhorordaithe Luacha), 1962.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

Fíon Éireannach.

15. —(1) Muirearófar, toibheofar agus íocfar, agus íocfaidh gach déantoir a dhéanann fíon Éireannach lena dhíol, ar fhíon Éireannach dleacht máil de réir na rátaí leithleacha atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leo an Acht seo ar an gcainniocht den fhíon sin a rinneadh sa Stát agus a chuirfear amach as a áitreabh ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1966.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh—

(a) chun an dleacht sin a urrú agus a bhailiú;

(b) chun faoiseamh ón dleacht sin a thabhairt i leith fíon atáthar chun a onnmhairiú nó a loingsiú mar stórais, nó a úsáid ag ullmhú earraí nó mar tháthchuid d'earraí atáthar chun a onnmhariú nó a loingsiú mar stórais, nó i leith fíon a chuirfear amach go dtí áitreabh déantóra eile a dhéanann fíon Éireannach lena dhíol.

(3) Má sháraíonn aon duine foráil, nó má mhainníonn sé déanamh de réir aon fhorála, a bheidh in aon rialacháin a dhéanfar mar a dúradh, dlífear pionós máil céad punt a chur air in aghaidh gach ciona agus forghéillfear aon earra a ndearnadh an cion maidir leis.

(4) San alt seo ciallaíonn “fíon Éireannach” aon liocáir atá déanta as toradh agus siúcra, nó as toradh nó siúcra measctha le haon ábhar eile agus a chuaigh faoi phróiseas giosála le linn a dhéanta, agus folaíonn sé fíonta saorga agus meá.

Dleacht cheadúnas arm tine.

1964, Uimh. 15 .

16 —An dleacht máil ar cheadúnas arm tine a thiocfaidh i bhfeidhm, trí dheonú nó athnuachan, an lú lá de Lúnasa, 1966, nó dá éis, is de réir an ráta a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íocfar í in ionad an ráta dá bhforáltar le halt 18 den Acht Airgeadais, 1964 , agus beidh éifeacht ag an alt sin dá réir sin.

Feithicli inneallghluaiste a úsáidtear ar bhóithre poiblí.

1952, Uimh. 24 .

1961, Uimh. 24 .

1920, c. 72.

17. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952.

(2) Déanfar, amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1966, gach ceann de na rátaí máil a shonraítear i mír I de Chuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht (lena n-áirítear an dleacht bhreise £2 i gcás rothair má úsáidtear é chun leantóir nó taobhcharr a tharraingt) a mhéadú fiche a cúig faoin gcéad.

(3) Déanfar, amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1966, gach ceann de na rátaí dleachta máil a shonraítear i mír 6 (d) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht (lena n-áirítear, i gcás feithiclí is mó ná 12 each-chumhacht, an dleacht bhreise £2 in aghaidh gach aonaid nó coda d'aonad each-chumhachta de bhreis ar 12 each-chumhacht) a mhéadú fiche a cúig faoin gcéad.

(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo faoi réir an choinníll—

(a) i gcás aon fheithicil—

(i) a úsáidtear mar bheag-fheithicil seirbhíse poiblí de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile,

(ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe uirthi agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidsheirbhíse de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile, nó

(iii) a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile,

nach mbeidh aon mhéadú ar aon cheann de na rátaí dá dtagraítear san fho-alt, agus

(b) i gcás aon fheithicil—

(i) nach feithicil den sórt dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo,

(ii) a bhfuil thar 16 each-chumhacht inti, agus

(iii) nach feithicil den sórt dá dtagraítear i mír 5 (4) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht,

nach mbeidh, maidir le méadú na dleachta breise £2 in aghaidh gach aonaid nó coda d'aonad de bhreis ar 12 each-chumhacht, aon mhéadú uirthi i gcás aon aonaid, nó coda d'aonad, each-chumhachta de bhreis ar 16.

(5) Déanfar, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1966, “chúig phunt nó níos lú” a chur in ionad “trí phunt nó níos lú” in alt 1 (2) (b) den Acht.

(6) I gcás aon fheithicil lena mbaineann mír 6 (d) de Chuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht agus—

(a) nach feithicil í den sórt dá dtagraítear i mír 5 (4) de Chuid II den Sceideal sin, agus

(b) a bhfuil thar 16 each-chumhacht inti,

déanfar an dleacht bhreise £2 in aghaidh gach aonaid nó coda d'aonad de bhreis ar 16 each-chumhacht a laghdú deich faoin gcéad.

(7) Déantar leis seo fomhír (1) de mhír 3 de Chuid 11 den Sceideal a ghabhann leis an Acht a leasú tríd an méid seo a leanas a chur léi:

“nó

(c) gurb éard é an duine sin comhlacht a bhfuil deimhnithe ina thaobh ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh gur comharchumann talmhaíochta é chun críocha an Achta seo agus gur go hócáideach a úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí agus ansin amháin mar seo a leanas—

(i) chun táirge feirmeacha agus earraí is gá le haghaidh feirmeacha, lena n-áirítear tithe feirme agus foirgnimh feirme, chomhaltaí an chumainn a tharraingt, ar choinníoll nach ar luach saothair a dhéantar é, ach gan tarraingt bhreosla a áireamh más mar earra le díol a iompraítear é, nó

(ii) chun earraí den chineál céanna a tharraingt d'fheirmeoirí eile ar choinníoll nach ar luach saothair a tharraingítear na hearraí sin, nó

(iii) chun na hearraí seo a leanas a tharraingt do chomhaltaí an chumainn nó d'fheirmeoirí eile ar luach saothair—

(I) bainne a bheifear a tharraingt go dtí uachtarlann nó go dtí stáisiún deighilte uachtair, nó

(II) bainne deighilte a bheifear a tharraingt ó uachtarlann nó ó stáisiún deighilte uachtair, nó

(III) coimeádáin bhainne a bheifear a tharraingt go dtí uachtarlann nó uaidh nó go dtí stáisiún deighilte uachtair nó uaidh.”

(8) Más ar an lú lá d'Iúil, 1966, nó roimhe sin, a rithfear an tAcht seo, tiocfaidh fo-ailt (6) agus (7) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig siad i ngníomh.

(9) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha fho-ailt (6) (7) agus (8) den alt seo agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

(10) D'ainneoin alt 3 den Acht, déanfar neamhshuim de na fáltais ó mhéaduithe dleachtanna a dhéantar leis an alt seo le linn suim a eiseofar as an bPríomh-Chiste faoi alt 2 (1) den Roads Act, 1920, a bheith á cinneadh.

CUID III

Dleachtanna Báis

Sochair a fhaibhríonn de bhun scéimeanna aoisliúntais.

1894, c. 30.

1965, Uimh. 22 .

1945, Uimh. 20 .

18. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “sochar báis” aon sochar a fhaibhreoidh de bhun scéim aoisliúntais ar bhás nó maidir le bás, a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, le linn seirbhíse nó tar éis scor;

folaíonn “scéim aoisliúntais” aon chomhshocraíocht a bhaineann le fostaíocht;

folaíonn “fostaíocht” fostaíocht mar stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe.

(2) Chun críocha alt 2 (1) (d) den Finance Act, 1894, measfar leas tairbhiúil a bheith faibhrithe ar an mbás a bhfuil sochar báis íoctha ina leith d'ainneoin nach raibh ag duine ar bith, ar dháta an bháis, aon cheart a bhí inchurtha i bhfeidhm de réir dlí chun an tsochair agus bainfidh forálacha an Achta sin agus forálacha alt 24 den Acht Airgeadais, 1965 , leis an sochar ionann is dá mbeadh an ceart sin ann an tráth sin.

(3) Aon sochar báis lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo measfar chun gach críche a bhaineann le dleacht eastáit, dleacht leagáide agus dleacht chomharbais—

(a) i gcás ina bhfuil sé íoctha le hionadaí pearsanta dlíthiúil an éagaigh, gur cuid é d'eastát pearsanta an éagaigh a aistríonn faoina uacht nó faoina dhíthiomnacht,

(b) in aon chás eile, gur comharbas é a dhíorthaigh faoi dhiúscairt a rinne an t-éagach.

(4) I gcás inarb éard é sochar báis maoin seachas airgead, déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) den alt seo do shochar báis a bheith íoctha a fhorléiriú dá réir sin.

(5) Déantar leis seo alt 5 den Acht Airgeadais, 1945 , a aisghairm maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis an tAcht seo a rith.

Leasú ar alt 29 den Acht Airgeadais, 1965 .

19. —(1) Déantar leis seo alt 29 den Acht Airgeadais, 1965 , a leasú mar a leanas:

(a) cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fo-ailt (2), (3) agus (4);

“(2) I gcás inarb í an bhaintreach an t-aon chleithiúnaí amháin a bheidh i dteideal sochair ar bhás an éagaigh, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith an tsochair sin a laghdú suim £350 mar aon le suim £250 i leith gach linbh.

(3) Más bhíonn beirt chleithiúnaí nó níos mó ann ar duine acu an bhaintreach agus gur leanbh an t-aon chleithiúnaí atá i dteadeal sochair ar bhás an éagaigh nó go bhfuil níos mó ná cleithiúnaí amháin i dteideal sochar ar bhás an éagaigh—

(a) déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair linbh a laghdú suim £250;

(b) má bhíonn an bhaintreach i dteideal sochair, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith an tsochair sin a laghdú suim £350 mar aon le suim £250 i leith gach linbh nach bhfuil i dteideal sochair.

(4) Má ba bhaintreach an t-éagach tráth a bháis nó a báis, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair a laghdú suim £250.”;

(b) cuirfear “£25,000” in ionad “£15,000” i bhfo-alt (6);

(c) i gcás ina mbeadh, murach an t-eastát a bheith níos mó ná £25,000, laghdú ar dhleacht eastáit, beidh feidmh ag an alt faoi réim na teorann go ndéanfar an laghdú iomlán ab iomchuí, ar leith ó mhír (b) d'fho-alt (5), dá mba nár mhó ná £25,000 an t-eastát, a ísliú an méid de bhreis ar £25,000 atá san eastát agus beidh éifeacht dá réir sin ag an mír sin (b).

(2) I dteannta feidhm a bheith aige maidir le básanna a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh feidhm freisin ag an alt seo maidir le básanna a tharla roimh an rith sin agus tar éis an tAcht Airgeadais, 1965 , a rith, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Comhaontú maidir le dleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

1891, c. 39.

20. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo dá rogha féin, comhaontú a dhéanamh le haon duine de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo chun imshocrú a dhéanamh ar na dleachtanna stampa is inmhuirir faoin gceannteideal “Bill of Exchange or Promissory Note” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar bhillí agus ar nótaí a tarraingíodh nó a rinneadh lasmuigh den Stát agus a thiocfaidh isteach ina láimh sa Stát sula mbeidh siad stampáilte agus a thairgfidh sé le haghaidh íocaíochta a fhormhuineoidh nó a aistreoidh sé, nó a thrádálfaidh nó a íocfaidh sé in aon slí.

(2) Maidir le haon chomhaontú den sórt sin is i cibé foirm agus téarmaí a bheidh sé, agus beidh cibé coinníollacha ann, is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus, go háirithe, ceanglóidh an comhaontú ar an duine lena mbaineann cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh na n-ionstraimí lena mbaineann sé ag insint sonraí na n-ionstraimí sin.

(3) An fad a leanfaidh aon chomhaontú den sórt sin i bhfeidhm, ní beidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ionstraim lena mbainfidh sé agus a mbeidh cibé taispeánadh uirthi gur íocadh dleacht stampa de réir cheanglas na gCoimisinéirí Ioncaim, ach ina ionad sin agus ar mhodh imshocraíochta an duine a bheidh tar éis an comhaontú a dhéanamh íocfaidh sé leis na Coimisinéirí Ioncaim, ar aon chuntas a sheachadadh faoin gcomhaontú, cibé suimeanna a bheadh, murach forálacha an ailt seo, inmhuirir ar mhodh dleacht stampa ar ionstraimí lena mbaineann an comhaontú in aghaidh na tréimhse lena mbainfidh an cuntas.

(4) Má mhainníonn duine aon chuntas a sheachadadh a cheanglaíonn aon chomhaontú den sórt sin nó an dleacht a íoc is iníoctha ar aon chuntas den sórt sin a sheachadadh, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air in aghaidh aon lae a leanfaidh an mhainneachtain sin agus dlífidh sé freisin go n-íocfaidh sé, i dteannta na dleachta, ús uirthi, a bheidh inghnóthaithe ionann is dá mba chuid di é, de réir cúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosóidh an mhainneachtain.

CUID V

Cáin Bhrabús Corparáide

Méadú ar an ráta cánach bhrabús corparáide. 1963, Uimh. 23 .

1920, c. 18.

21. —(1) In ionad forálacha míreanna (i), (ii) agus (iii) d'alt 37 (1) den Acht Airgeadais, 1963 , beidh feidhm agus éifeacht faoi réir an chéad fho-ailt eile, ag na forálacha seo a leanas maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1966, nó aon lá dá éis sin:

(i) forléireofar fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, agus beidh éifeacht aige, ionann is dá gcuirfí “twenty-three per cent.” in ionad “five per cent.”;

(ii) forléireofar mír (a) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin agus beidh éifeacht aici ionann is dá gcuirfí “tax shall be charged at a rate of seven and one-half per cent. on so much of the profits as does not exceed two thousand five hundred pounds, and where the profits are profits arising in some shorter accounting period, tax shall be charged at a rate of seven and one-half per cent. on such amount of the profits as bears to two thousand five hundred pounds” in ionad “no tax shall be charged on the first five hundred pounds thereof, and where the profits are profits arising in some shorter accounting period, no tax shall be charged on such amount of the profits as bears to five hundred pounds”;

(iii) forléireofar mír (b) den choinníoll sin agus beidh éifeacht aici ionann is dá gcuirfí “thirty per cent.” in ionad “ten per cent.”.

(2) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin a thosaigh roimh an lú lá d'Aibreán, 1966, cionroinnfear na brabúis idir an gcuid den tréimhse roimh an lá sin agus an chuid de i ndiaidh an 31ú lá de Mhárta, 1966, i gcomhréir le fadanna na gcodanna sin faoi seach agus—

(a) maidir leis an méid sin de na brabúis a chionroinnfear i leith na coda céadluaite, muirearófar cáin bhrabús corparáide air de réir cúig déag faoin gcéad, ar choinníoll go muirearófar an cháin de réir cúig faoin gcéad ar an méid sin de a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus dhá mhíle cúig chéad punt agus a bheidh idir an chuid sin agus dhá mhí dhéag,

(b) maidir leis an méid sin de na brabúis a chionroinnfear i leith an dara cuid a luaitear, muirearófar cáin bhrabús corparáide air de réir fiche a trí faoin gcéad, ar choinníoll go muirearófar cáin de réir seacht go leith faoin gcéad ar an méid sin de a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus dhá mhíle cúig chéad punt agus a bheidh idir an chuid sin agus dhá mhí dhéag,

(c) ní rachaidh an méid cánach is iníoctha ag cuideachta atá corparaithe le dlíthe an Stáit nó fúthu thar suim na méideanna seo a leanas in aon chás:

(i) an méid is ionann agus fiche faoin gcéad den iarmhéid de na brabúis a cionroinneadh i leith na coda céadluaite a bheidh fágtha tar éis an chomhréir sin a lamháil de na hasbhaintí a shonraítear i mír (b) den choinníoll a ghabhann le halt 52 (1) den Finance Act, 1920, ab iomchuí i leith na coda sin dá gcionroinnfí na hasbhaintí sin mar a cheanglaítear leis an bhfo-alt seo na brabúis a chionroinnt, agus

(ii) an méid is ionann agus tríocha faoin gcéad den iarmhéid de na brabúis a cionroinneadh i leith an dara cuid a luaitear tar éis an chomhréir sin a lamháil de na hasbhaintí ab iomchuí i leith na coda sin dá gcionroinnfí na hasbhaintí sin mar a dúradh.

Leasú ar Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 , agus an Chuid sin a chur chun feidhme maidir le cáin chorparáide na Ríochta Aontaithe.

1949, Uimh. 13 .

22. —Maidir le Cuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 ,—

(a) leasaítear í leis seo—

(i) trí “in aghaidh cánach brabús corparáide nó cánach ioncaim” a chur in ionad “in aghaidh cánach brabús corparáide” i mír 5 (3), agus

(ii) trí “an chigire chánach” a chur in ionad “na gCoimisinéirí Ioncaim” agus “an cigire cánach” a chur in ionad “na Coimisinéirí Ioncaim” i mír 8;

(b) forléireofar í agus beidh éifeacht aici ionann is dá bhfolódh na tagairtí i míreanna 4, 5, 6, 7 agus 8 do cháin bhrabús tagairtí don cháin sa Ríocht Aontaithe ar a dtugtar cáin chorparáide.

CUID VI

Cáin Láimhdeachais

Forálacha maidir le rincí.

1963, Uimh. 23 .

1851, c. 93.

23. —(1) (a) I gcás rincí, agus earraí a dhíolfar agus seirbhísí a sholáthrófar i ndáil le rincí má bhíonn íocaíocht i leith na n-earraí nó na seirbhísí sin ar áireamh san íocaíocht i leith ligean isteach nó mar choinníoll a ghabhann le ligean isteach, is í an cháin deich faoin gcéad de láimhdeachas inchánach an duine fhreagraigh agus déanfar an méid cánach is inmhuirir a íoc de réir rialacháin faoi Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 .

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is é an laimhdeachas inchánach an méid iomlán airgid a fuarthas nó is inghnóthaithe ó dhaoine a ligeadh isteach chun rince i leith iad a ligean isteach agus, ina theannta sin, i gcás earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar, nó earraí a dhíol agus seirbhísí a sholáthar, i ndáil leis an rince, agus íoc i leith an chéanna a bheith mar choinníoll a ghabhann le ligean isteach agus gan an t-íoc sin a bheith ar áireamh san íocaíocht i leith ligean isteach, an méid iomlán airgid a fuarthas nó is infhaighte i leith an chéanna.

(2) (a) Gach duine a bheidh chun rince nó sraith rincí a sheoladh tabharfaidh sé fógra do na Coimisinéirí Ioncaim de réir rialacháin faoi Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , go bhfuil sé chun sin a dhéanamh.

(b) Dlífear fineáil fiche punt a chur ar aon duine a sháróidh an mhír sin roimhe seo.

(c) In imeachtaí chun pionós faoin bhfo-alt seo a ghnóthú—

(i) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur iniúchaigh sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus gur dealraitheach uathu nár thug an cosantóir an fógra iomchuí do na Coimisinéirí Ioncaim ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár thug an cosantóir an fógra,

(ii) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i bhfomhír (i) den mhír seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

(3) (a) Ni sheolfaidh dílseánach aon áitribh rince san áitreabh sin ná ní cheadóidh sé rince a sheoladh ann ag aon duine eile go dtí go bhfaighidh sé fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim gur tugadh fógra dóibh de réir fho-alt (2) den alt seo.

(b) Dlífear fíneáil fiche punt a chur ar aon duine a sháróidh an mhír sin roimhe seo.

(c) In imeachtaí chun pionós faoin bhfo-alt seo a ghnóthú—

(i) beidh deimhniú faoi láimh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí á dheimhniú gur iniúchaigh sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus gur dealraitheach uathu nár eisíodh aon fhógra chun an chosantóra maidir leis an rince iomchuí ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach bhfuair an cosantóir an fógra iomchuí,

(ii) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i bhfomhír (i) den mhír seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

(4) (a) Féadfaidh oifigeach údaraithe, ar a údarás a thabhairt ar aird má iarrtar sin air, dul isteach aon tráth réasúnach in aon áit ina bhfuil rince ar siúl agus in aon áit a úsáidtear de ghnáth chun rince, d'fhonn a fháil amach an bhfuil forálacha an ailt agus na rialacháin maidir le cáin á gcomhlíonadh i gcás rincí.

(b) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe ó dhul isteach mar a dúradh dlífidh sé pionós fiche punt a chur air.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an fho-ailt seo.

(5) Gan dochar d'aon mhodh eile chun pionóis faoin alt seo a ghnóthú, féadfar imeachtaí a thionscnamh ina leith agus iad a ghnóthú go hachomair sa tslí chéanna mar a dhéanfaí i gcás imeachtaí achomaire chun pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú, agus, d'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoin alt seo a bhunú laistigh de thrí bliana ó dháta an pionós a thabhú.

(6) Faoi réir an ailt seo; na rialacha de chuid na cúirte lena mbainfidh de thuras na huaire is inchurtha chun feidhme maidir le himeachtaí sibhialta beidh feidhm acu maidir le himeachtaí de bhun fho-alt (2), (3) nó (4) den alt seo.

(7) Ní bheidh feidhm ag aon ní in ailt 47 (3), 48 (3), 49 agus 53 den Acht Airgeadais, 1963 , maidir le rincí nó earraí a dhíoltar nó seirbhísí a sholáthraítear sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina mbeidh céad mar theorainn leis an líon daoine a ligfear isteach chun an rince agus nach mó ná ceithre scilling an íocaíocht chun duine a ligean isteach.

(9) San alt seo folaíonn “rince” damhsa.

(10) Chun críocha an ailt seo déanfar an abairt “airgead a gheofar” in alt 47 (1) (a) den Acht Airgeadais, 1963 , a fhorléirú mar abairt a fholaíonn “airgead is infhaighte”.

(11) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1966.

Láimhdeachas inchánach a mheas.

24. —(1) I gcás ina mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a chreidiúint go raibh láimhdeachas inchánach duine fhreagraigh—

(a) maidir le haon tréimhse míosa nó dhá mhí comhleanúnacha nó níos mó ná dhá mhí comhleanúnacha, nó

(b) maidir le haon rince nó maidir le hearra a díoladh nó seirbhísí a soláthraíodh sna himthosca a luaitear in alt 23 (1) (a) den Acht seo,

níos mó ná an láimhdeachas inchánach ar ar íocadh cáin, ansin, gan dochar d'aon ghníomh eile a fhéadfar a dhéanamh, féadfaidh siad, maidir le haon cheann de na hábhair a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo, meas a dhéanamh i suim amháin ar an laimhdeachas inchánach ar ar cheart, dar leo, cáin a bheith íoctha, agus féadfaidh siad fógra a sheirbheáil ar an duine freagrach ina sonróidh siad—

(i) an láimhdeachas inchánach arna mheas amhlaidh, agus

(ii) an cháin is iomchuí maidir leis an méid a bheidh de bhreis ag an meastachán ar an láimhdeachas inchánach ar a mbeidh cáin íoctha.

(2) I gcás ina seirbhéalfar fógra ar dhuine freagrach faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé go bhfuil an láimhdeachas inchánach a bheidh san fhógra iomarcach, féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag ó dháta an fógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim,

(b) ar an tréimhse sin a bheith caite, mura mbeidh aon fhógra achomhairc faighte, nó, má bhíonn fógra achomhairc faighte, ar an achomharc a chinneadh trí chomhaontú nó ar shlí eile, tiocfaidh an cháin a bheidh sonraithe san fhógra, nó an cháin leasaithe arna cinneadh maidir leis an achomharc, chun bheith dlite agus inghnóthaithe sa tslí chéanna agus trí na himeachtaí comhchosúla ionann agus dá mbeadh an duine tar éis sonraí a chur, de réir na rialachán iomchuí, ag taispeáint na cánach sin a bheidh dlite de ar dháta an tréimhse sin d'éag nó an t-achomharc a chinneadh, de réir mar a bheidh.

(3) Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis an méid seo a leanas—

(a) ceapadh tráthanna agus áiteanna chun achomhairc a éisteacht,

(b) fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc,

(c) cinneadh achomhairc trí chomhaontú idir an t-achomharcóir agus na Coimisinéirí Ioncaim,

(d) cinneadh achomhairc ar an achomharcóir do thabhairt fógra nach bhfuil sé chun dul ar aghaidh lena achomharc,

(e) éisteacht agus cinneadh achomhairc ag na Coimisinéirí Speisialta, lena n-áirítear éisteacht agus cinneadh achomhairc ag Coimisinéir Speisialta amháin,

(f) duine a thug fógra achomhairc d'fhaillí nó do mhainniú láithriú os comhair na gCoimisinéirí Speisialta an tráth agus san áit a ceapadh,

(g) fadú ar an am chun fógra achomhairc a thabhairt agus achomhairc a athghlacadh ag na Coimisinéirí Speisialta,

(h) athéisteacht achomhairc ag an gCúirt Chuarda agus cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí,

(i) cumhacht na gCoimisinéirí Speisialta chun a ordú cáin faoi achomharc a íoc,

(j) cáin a íoc a gcomhaontaítear nach ábhar díospóide í maidir le hachomharc,

(k) an nós imeachta ar achomhairc,

beidh, le haon mhodhnuithe is gá, feidhm acu ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnú i leith cánach an t-achomharc faoi fho-alt (2) den alt seo.

Leasú ar alt 54 den Acht Airgeadais, 1963 .

1923, Uimh. 21 .

25. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1963 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (2):

“(d) i gcás ina mbeifear tar éis caingean a bhunú chun cáin a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo a ghnóthú, is caingean i modh imeachtaí a thionscamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 7 den Acht Airgid, 1923 , ní bheidh, mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, feidhm ag mír (c) den fho-alt seo maidir leis an bhfógra sin go dtí go mbeidh an chaingean sin críochnaithe.”

Oifigeach a bheidh freagrach i gcás comhlacht daoine.

1965, Uimh. 22 .

26. —(1) Beidh an rúnaí nó oifigeach eile a bheidh de thuras na huaire ag gníomhú mar rúnaí d'aon chomhlacht daoine freagrach, i dteannta an chomhlachta, i ndéanamh na ngníomhartha go léir atá de cheangal ar an gcomhlacht a dhéanamh faoi aon cheann de na forálacha a bhaineann le cáin.

(2) Féadfaidh gach oifigeach mar a dúradh an oiread sin d'aon airgead a thiocfaidh isteach ina lámha thar ceann an chomhlachta is leor chun an cháin a íoc atá dlite den chomhlacht a choimeád ó am go ham agus slánófar é i leith gach íocaíochta den sórt sin a dhéanfar de bhun an ailt seo.

(3) Aon fhógra is gá a thabhairt do chomhlacht daoine faoi aon cheann de na forálacha a bhaineann le cáin féadfar é a thabhairt do rúnaí an chomhlachta sin nó don oifigeach eile a bheidh de thuras na huaire ag gníomhú mar rúnaí don chomhlacht sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “na foralácha a bhaineann le cáin”—

(a) forálacha Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , agus na rialacháin faoin gCuid sin, agus

(b) na forálacha a bhaineann le cáin den Acht Airgeadais, 1965 , agus den Acht seo agus d'aon Acht dá éis sin.

CUID VII

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1965, Uimh. 22 .

27. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1965” alt 61 den Acht Airgeadais, 1965 ;

ciallaíonn “an séú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1965 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1967, ach “£1,739,171” a chur in ionad “£1,819,122”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1965 ach “£1,103,334” a chur in ionad “£1,176,735”.

(4) Déanfar suim £1,819,988, chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1967.

(5) Déanfar an séú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den séú blianacht bhreise déag, nach mó ná £1,177,295 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an séú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Liúntais i leith foirgnimh nó déanmhais áirithe a úsáidtear chun garraíodóireacht mhargaidh.

1956, Uimh. 47 .

1958, Uimh. 25 .

1926, Uimh. 15 .

1959, Uimh. 18 .

28. —(1) Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , trí “nó” agus an mhír seo a leanas a chur isteach ag deireadh fo-alt (1):

“(d) le haghaidh torthaí, glasraí nó rudaí eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireacht mhargaidh de réir brí alt 2 den Acht Airgeadais, 1958 .”

(2) Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1962 , trí “a bhfuil liúntas faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , le tabhairt ina leith de bhua alt 17 (1) (d) den Acht sin nó” a chur isteach i ndiaidh “seachas caiteachas caipitiúil”.

(3) Maidir le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é do bhua fho-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag Cuid V den Acht Airgeadais, 1959 , ionann is dá ndéanfaí—

(a) “an deichiú” a chur in ionad “an gcaogadú” in alt 25 (1) agus in alt 27 (4) den Acht sin, agus

(b) “deichiú” a chur in ionad “caogadú” in alt 25 (3) agus in ionad “chaogadú” in alt 26 (1) den Acht sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den alt seo—

(a) amhail ón 7ú lá d'Aibreán, 1964, a mhéid a bhaineann siad le liúntais faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , agus

(b) amhail ón 6ú lá d'Aibreán, 1965, a mhéid a bhaineann siad le liúntais nó muirir chothromaíochta faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 .

ach ní thabharfar aon liúntas faoin gCuid sin IV ná faoin gCuid sin V de bhua an ailt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1966-67.

Leasú ar Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

29. —(1) I gcás comhlacht corpraithe a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di seirbhísí a dhéanamh do dhuine eile i modh earraí nó ábhair leis an duine sin a chur faoi aon phróiseas déantóireachta, beidh, más rogha leis an gcomhlacht corpraithe é, feidhm chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim agus ó cháin bhrabús corparáide faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ag na forálacha seo a leanas:

(a) measfar gur cuideachta an comhlacht corpraithe i ngach cás nach measfaí gur comhlacht corpraithe é mura mbeadh sin;

(b) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh sa Stát agus measfar méid is infhaighte i leith earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ina leith, agus

(c) i gcás—

(i) na seirbhísí sin a dhéanamh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát maidir le hearraí nó ábhair a allmhairíodh isteach sa Stát, agus

(ii) tar éis na seirbhísí a bheith déanta, go ndéanfar na hearraí nó na hábhair, nó na táirgí nó na baill a bheidh déanta díobh, a onnmhairiú amach as an Stát agus gur leis an duine sin iad i gcaitheamh an ama,

measfar gur onnmhairigh an comhlacht corpraithe earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte aige ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon íocaíocht is infhaighte aige as na seirbhísí.

(2) Aon rogha a ghlacfar faoi fho-alt (1) den alt seo glacfar é trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire cánach agus beidh éifeacht aici maidir le gach bliain éilimh agus gach tréimhse chuntasaíochta a mbeidh faoiseamh faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , á iarraidh nó iarrtha ina leith ag an gcomhlacht corpraithe a ghlacfaidh an rogha sin.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chomhlacht corpraithe a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1) den alt seo, cibé eolas nó sonraí a thabhairt dóibh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht ag alt 12 (1) agus ag alt 13 (1) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ionann is dá mbeadh an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn na hailt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail ó dháta an Achta Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , a rith, agus féadfar faoiseamh ó cháin maidir leis an tréimhse idir an dáta sin agus dáta an Achta seo a rith a thabhairt dá réir sin trí aisíoc nó ar shlí eile mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim:

Ar Choinníoll, i gcás ina ndearna comhlacht corpraithe, sular ghlac sé rogha faoin alt seo, díbhinn a íoc agus go bhfuil breis ag an méid cánach ioncaim a bhí sé i dteideal a bhaint as an díbhinn ar an méid a bheadh sé i dteideal faoi alt 15 (2) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , a asbhaint dá nglacfaí an rogha sular íocadh an díbhinn, go ndéanfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim ab inlamháilte mura mbeadh sin a laghdú méid na breise.

(5) I gcás inarb é ioncam nó cuid d'ioncam aon duine d'aon bhliain mheasúnachta díbhinn a raibh éifeacht maidir léi ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (4) den alt seo, beidh teideal ag an duine sin a éileamh go n-aisíocfar leis an méid sin, más aon mhéidé, cánach ioncaim agus forchánach a laghdóidh a dhliteanais iomlána i leith na gcánacha sin go dtí an méid arbh é a dhliteanais é dá n-asbhainfí cáin ioncaim as an díbhinn de réir an ráta ar dá réir ab inasbhainte í dá mba rud é go raibh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an gcomhlacht corpraithe an tráth a íocadh an díbhinn.

Leasú ar alt 19 den Acht Airgid, 1937 .

1937, Uimh. 18 .

1892, c. 48.

R. & O.R.,

Uimh. 237 de 1937.

30. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 den Acht Airgid, 1937 , trí “agus faoi réir an Bank Act, 1892, a eisceadh, bainfidh siad, agus tuigfear iad a bhaint riamh, mar aon leis na modhnuithe sin, le bainistí Bhanc Ceannais na hÉireann ar na stoic, na cistí agus na hurrúis sin faoi réir Bannaí Náisiúnta a eisceadh” a chur isteach ag deireadh an ailt.

(2) Leasaítear leis seo Rialachán 3 de na Rialacháin Stuic Rialtais (Bainistí), 1937, trí “Bannaí Náisiúnta nó” a chur isteach roimh “Bannaí Talmhan” agus “Banc Ceannais na hÉireann,” a chur isteach roimh “Banc na hÉireann.”

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

31. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (ach amháin dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1891, c. 39.

1920, c. 18.

1963, Uimh. 23 .

1965, Uimh. 22 .

32. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I agus (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim agus forcháin) ailt 28 agus 29 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid IV den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Déanfar Cuid V agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) ailt 28 agus 29 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(6) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , agus Chuid VI den Acht Airgeadais, 1965 .

(7) Measfar Cuid I den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis a theacht i bhfeidhm, agus beidh éifeacht acu, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1966.

(8) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL

Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim i modh Creidmheasa maidir le Cáin Chorparáide na Ríochta Aontaithe


Alt 4.

1. Faoi réir forálacha an Sceidil seo, i gcás ina bhfuil, faoi alt 4 den Acht seo, creidmheas le lamháil i gcoinne cánach ioncaim is inmhuirir faoi threoir aon bhrabús, déanfar an méid cánach ioncaim is inmhuirir amhlaidh a laghdú méid an chreidmheasa.

2. An méid creidmheasa a bheidh le lamháil i gcoinne cánach ioncaim maidir le cáin chorparáide faoi threoir aon bhrabús ní rachaidh sé, d'aon bhliain mheasúnachta, thar an gcáin ioncaim is inmhuirir faoi threoir na mbrabús sin.

3. (a) I gcás cáin ioncaim a leith aon bhunaidh ioncaim a bheith inmhuirir trí mheasúnacht, measfar an cháin is inmhuirir tríd an measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta áirithe a bheith inmhuirir faoi threoir brabús na bonn-tréimhse don bhliain sin agus cinnfear dá réir sin an méid cánach corparáide is iníoctha i leith aon bhrabús ar inmhuirir cáin ioncaim faoina dtreoir d'aon bhliain mheasúnachta áirithe:

1942, Uimh. 14 .

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar an mheasúnacht d'aon bhliain mheasúnachta áirithe a laghdú faoi alt 5 den Acht Airgeadais, 1942 , go measfar gurb í an cháin chorparáide is iníoctha i leith na mbrabús ar inmhuirir cáin ioncaim faoina dtreoir tríd an méid, más ann, atá de bhreis ag an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha i leith na mbrabús a tháinig an bhliain mheasúnachta sin agus an bhliain roimh an mbliain sin ar mhéid aon chánach corparáide is iníoctha i leith brabús ar inmhuirir cáin ioncaim faoina dtreoir don bhliain roimhe sin a dúradh.

(b) Maidir le haon bhunadh brabús measfar, chun críocha na fomhíre sin roimhe seo, gurb í an bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabús atá cáin ioncaim le ríomh go críochnaitheach i leith an bhunaidh sin nó, i gcás ina bhfuil sé, de bhua aon Achta, le meas gurb iad brabús na tréimhse sin brabús aon tréimhse eile, an tréimhse eile sin.

4. (a) Faoi réir forálacha na míre seo, i gcás ina mbeidh creidhmheas do cháin chorparáide i leith aon bhrabús le lamháil i gcoinne cánach brabús corparáide nó cánach ioncaim, ní dhéanfar aon asbhaint do cháin chorparáide (cibé acu i leith na mbrabús sin nó aon bhrabús eile) le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar mhéid na mbrabús sin chun críocha cánach ioncaim.

1949, Uimh. 13 .

(b) Measfar, chun críocha cánach ioncaim, méid díbhinne den sórt a luaitear in alt 4 (3) den Acht seo a bheith méadaithe den mhéid cánach corparáide nach inmhuirir go díreach ina leith a bheidh le cur i gcuntas le linn méid an chreidmheasa a bheith á ríomh agus, chun an méid sin cánach corparáide a chinneadh, beidh éifeacht ag mír 6 de Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 , ionann is dá ndéanfaí tagairt don alt sin 4 a chur in ionad na tagartha don chomhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal sin agus tagairt do cháin ioncaim a chur in ionad na tagartha do cháin bhrabús corparáide.

(c) D'ainneoin aon ní sna fomhíreanna sin roimhe seo—

(i) i gcás nach féidir aon chuid den cháin chorparáide i leith aon bhrabús (lena n-áirítear aon cháin chorparáide a bhfuil sé le meas, faoi fhomhír (b) den mhír seo, go méadaíonn sí méid aon díbhinne) a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide ná cánach ioncaim, measfar, chun críocha cánach ioncaim, méid na mbrabús a bheith laghdaithe den chuid sin den cháin chorparáide, agus

(ii) i gcás ina mbeidh aon chuid den cháin chorparáide i leith aon bhrabús a thiocfaidh an lú lá d'Aibreán, 1966, nó dá éis (lena n-áirítear aon cháin chorparáide a bhfuil sé le meas, faoi fhomhír (b) den mhír seo, go méadaíonn sé méid aon díbhinne) le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, measfar, chun críocha cánach ioncaim, méid na mbrabús a bheith laghdaithe den chuid sin den cháin chorparáide.

5. (a) I gcás inar gá chun aon chríche de chuid an Sceidil seo, ionas go dtiocfar ar an méid cánach corparáide is iníoctha i leith na mbrabús a tháinig in aon bhliain mheasúnachta nó in aon tréimhse eile, na brabúis ar a ndearnadh aon mheasúnacht i leith cánach a roinnt agus a chionroinnt ar threimhsí so nracha, nó aon bhrabúis den sórt sin nó aon chodanna cionroinnte díobh a chomhshuimiú, is dleathach an roinnt agus an chionroinnt sin nó an comhshuimiú sin a dhéanamh.

(b) Aon chionroinnt a dhéanfar faoin mír seo déanfar é i gcomhréir le fadanna faoi seach na dtréimhsí.

1958, Uimh. 25 .

6. Beidh éifeacht ag forálacha míreanna 6, 12, 13 agus 14 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1958 , le haon mhodhnuithe is gá, maidir le creidmheas do cháin chorparáide a lamháil faoi alt 4 den Acht seo mar atá éifeacht acu maidir le creidmheas a lamháil do cháin is iníoctha faoi dhlíthe críche a bhfuil comhshocraíochtaí i bhfeidhm maidir léi de bhua alt 44 den Acht Airgeadais, 1958 .

AN DARA SCEIDEAL

Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam)

Alt 9.

An Saghas Biotáille

Rátaí Fabhair

Lán-rátaí

(1)

(2)

(3)

£

s.

d.

£

s.

d.

Ar gach galún de Bhiotáille Chumhraithe     ..

21

4

10

21

8

10

Ar gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a thaifeadfar i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ..

17

18

5

18

1

9

Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon saghas biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille     ..

13

5

6

13

8

0

AN TRIU SCEIDEAL

Dleachtanna ar Thobac

Alt 11.

Cuid I

Custaim

Tobac Neamhmhonaraithe:—

£

s.

d.

Má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

3

9

5

agus níos lú na 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..

,,

3

17

Mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..

,,

3

9

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..

,,

3

17

1

Lán-ráta

Ráta Fabhair

Tobac Monaraithe:—

£

s.

d.

£

s.

d.

todóga     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

4

6

10⅕

3

12

toitíní     ..     ..     ..     ..     ..

,,

4

4

  6⅗

3

10

Cavendish nó Negrohead     ..     ..

,,

4

6

  3

3

11

10½

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna     ..     ..     ..

,,

4

5

  7⅘

3

11

tobac monaraithe eile     ..     ..

,,

4

4

  3

3

10

snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..

,,

4

3

10⅕

3

9

10½

snaois nach bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..

,,

4

6

  3

3

11

10½

Cuid II

Custaim

Tobac Neamhmhonaraithe:—

£

s.

d.

Má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

3

12

10

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..

,,

4

0

11

Mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..

,,

3

12

  9½

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..

..

4

0

10½

Lán-rátaí

Rátaí Fabhair

Tobac Monaraithe:—

£

s.

  d.

£

s.

d.

todóga    ..    ..    ..    ..    ..

an lb.

4

10

11⅖

3

15

toitíní    ..    ..    ..    ..    ..

,,

4

8

  7⅘

3

13

10½

Cavendish nó Negrohead    ..    ..

,,

4

10

  4⅕

3

15

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna    ..    ..    ..

,,

4

9

  9

3

14

tobac monaraithe eile    ..    ..

,,

4

8

  4⅕

3

13

snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain    ..    ..    ..    ..

,,

4

7

11⅖

3

13

snaois nach bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain    ..    ..    ..    ..

,,

4

10

  4⅕

3

15

Cuid III

Custaim

Lán-rátaí

Rátaí Fabhair

Tobac Monaraithe:—

£

s.

  d.

£

s.

  d.

todóga     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

4

8

  29/10

3

15

  9½

toitíní     ..     ..     ..     ..     ..

,,

4

5

11⅖

3

13

10½

Cavendish nó Negrohead     ..     ..

,,

4

7

  8

3

15

  3½

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna     ..     ..     ..

,,

4

7

  11/10

3

14

  9½

tobac monaraithe eile:—

tobac crua-fháiscthe     ..     ..

,,

4

3

  39/10

3

11

  3

tobac píopa eile     ..     ..     ..

,,

4

5

  3

3

13

  21/10

tobac monaraithe eile     ..     ..

,,

4

5

  8⅖

3

13

  7½

snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..

,,

4

5

  3½

3

13

  3½

snaois nach bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..

,,

4

7

  8

3

15

  3½

Cuid IV

Mál

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

3

8

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

3

15

10½

Tobac monaraithe:—

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna     ..

,,

3

10

Cuid V

Mál

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

3

11

agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

3

19

8

Tobac monaraithe:—

Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna     ..

,,

3

13

AN CEATHRU SCEIDEAL

Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Éireannach

Alt 15.

An Cineál Fíona

Ráta na Dleachta

s.

d.

FÍON ÉIREANNACH—

Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa     ..     ..     ..

0

an galún

Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de bhiotáille phrofa     ..

1

0

,,   ,,

Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa     ..     ..     ..     ..

2

0

,,   ,,

AN CUIGIU SCEIDEAL

Rátaí Dleachta Arm Tine

Alt 16.

£

s.

d.

1. Ar dheimhniú airm tine i leith piostail, lena n-áirítear aerphiostal nó gunnán     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

0

10

0

2. Ar dheimhniú airm tine i leith raidhfil, lena n-áirítear mionraidhfil

1

10

0

3. Ar dheimhniú airm tine i leith aerghunna, lena n-áirítear aer-raidhfil

1

0

0

4. Ar dheimhniú airm tine i leith airm thoirmiscthe     ..     ..     ..

0

10

0

5. Ar dheimhniú airm tine i leith gunna gráin lena mbaineann forálacha alt 12 d'Acht na nArm Tine, 1964      ..     ..     ..     ..

0

15

0

6. Ar aon deimhniú airm tine eile—

Ar dheimhniú amháin den sórt sin     ..     ..     ..

3

5

0

I gcás ina ndeonófar dhá dheimhniú nó níos mó don duine céanna (ní gá gur san am céanna é) agus go rachaidh siad in éag ar an dáta céanna—

Ar an gcéad deimhniú den sórt sin     ..     ..     ..

3

5

0

Ar an dara deimhniú den sórt sin agus ar gach deimhniú den sórt sin ina dhiaidh sin     ..     ..     ..

0

15

0