16 1966


Uimhir 16 de 1966.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (DÍOBHÁLACHA CEIRDE), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ AN CHÓRAIS LEASA SHÓISIALAIGH A BUNAÍODH LEIS AN ACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952, IONAS GO mBEIDH FEIDHM AIGE MAIDIR LE DÍOBHÁLACHA CEIRDE AGUS GALAIR CHEIRDE, D'AISGHAIRM NA nACHT UM CHÚITEAMH DO LUCHT OIBRE, 1934 GO 1955, AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [6 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leiriú.

1952, Uimh. 11 .

1934, Uimh. 9 .

1906, c. 58.

1946, Uimh. 8 .

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966;

ciallaíonn “printíseach” duine a bhfuil oiliúint lánaimsire á fháil aige le haghaidh aon cheirde, gnó, gairme, oifige nó fostaíochta;

tá le “cóireáil ospidéil cheadaithe” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 33;

ciallaíonn “leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo” duine—

(a) atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois,

(b) a bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát,

(c) nach bhfuil faoi choinneáil i scoil cheartúcháin nó i scoil saothair, agus

(d) mura bhfuil sé faoi bhun sé bliana déag d'aois—

(i) atá ag fáil teagaisc lánaimsire i scoil lae,

(ii) is printíseach nach bhfuil luach saothair á fháil aige nó nach bhfuil luach saothair thar caoga scilling sa tseachtain á fháil aige, nó

(iii) atá éagumasach, de dheasca laige coirp nó meabhrach, ar ghabháil d'aon slí bheatha ar luach saothair agus ar dócha dó bheith éagumasach amhlaidh go ceann tréimhse fada;

ciallaíonn “éilitheoir” duine atá ag éileamh sochair dhíobhálacha ceirde, agus folaíonn sé freisin iarratasóir ar dhearbhú gur thionóisc cheirde nó nár thionóisc cheirde tionóisc áirithe, agus déanfar tagairt d'éileamh a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “an t-éagach”, maidir le sochar báis, an duine ar i leith a bháis a éilítear nó is iníoctha an sochar;

tá le “aisce mhíthreorach” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (7) d'alt 9;

tá le “pinsean míthreorach” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (8) nó i bhfo-alt (9) d'alt 9;

ciallaíonn” tréimhse shochar díobhála”, maidir le haon tionóisc, an tréimhse céad caoga agus sé lá (gan Domhnaigh a áireamh) dar tosach lá na tionóisce, nó an chuid den tréimhse sin nach bhfuil, faoi fho-alt (2) d'alt 9 den Acht seo, sochar míthreorach ar fáil don duine árachaithe i leith na tionóisce;

tá le “fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde)” an bhrí a shonraítear in alt 3;

folaíonn “scrúdú dochtúra” tástálacha baictéareolaíochta agus raideagrafaíochta agus iniúchadh dá samhail sin, agus déanfar tagairtí do dhul faoi scrúdú dochtúra a fhorléiriú dá réir sin;

tá le “cóireáil liachta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33;

tá le “tionóisc cheirde” an bhrí a shonraítear in alt 29;

tá le “árachas díobhálacha ceirde” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 2;

ciallaíonn “dílleachta agus é cáilithe chun críocha an Achta seo”—

(a) leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo, ar leanbh dlisteanach é, a bhfuil a bheirt tuismitheoir marbh, agus, i gcás leas-tuismitheoir a bheith aige, nach mbíonn cónaí rialta air i dteannta an leas-tuismitheora nó i dteannta duine atá pósta leis an leas-tuismitheoir nó in aontíos leis an leas-tuismitheoir, nó

(b) leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo, ar leanbh neamhdhlisteanach é, a bhfuil a mháthair marbh agus a bhfuil a athair marbh nó nach eol cé hé féin agus, má mhaireann fearchéile a mháthar, nach gcónaíonn go rialta leis an bhfearchéile sin nó le bean atá pósta leis an bhfearchéile sin agus in aontíos leis;

ciallaíonn “An Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “tionóisc iomchuí” agus “díobháil iomchuí”, faoi seach, maidir le haon sochar, an tionóisc agus an díobháil ar ina leith a éilítear nó is iníoctha an sochar; agus ciallaíonn “cailleadh iomchuí cumais” an cailleadh cumais de dheasca na díobhála iomchuí;

tá le “forlíonadh do-fhostaitheachta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 12;

ciallaíonn “na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre” na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, nó na hachtacháin a aisghairtear leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, nó na hachtacháin a aisghairtear leis an Workmen's Compensation Act, 1906.

(2) Déanfar na tagairtí san Acht seo do chumas coirp a chailleadh a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do mháchailiú, cibé acu a ghabhann nó nach ngabhann aon chailleadh cumais iarbhír leis.

(3) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don Acht sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.

(4) San Acht seo ciallaíonn “an lá ceaptha” cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha éagsúla den Acht seo nó chun na críche céanna maidir le cásanna nó aicmí cásanna éagsúla.

(5) Ceist ar bith a bhaineann le cónaí rialta linbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo déanfar, chun críocha an Achta seo, í a chinneadh de réir fho-alt (2) d'alt 5 den Acht Liúntais Leanbhaí (Leasú), 1946, agus na rialacha faoin bhfo-alt sin.

(6) I gcás ina ndearnadh nó ina ndéanfar leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo a uchtáil de bhun na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, ansin chun críocha an Achta seo—

(a) áireofar an leanbh ionann agus dá mba leanbh é leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó, di, nó dóibh de phósadh dleathach agus nárbh é leanbh aon duine eile é agus, má ba dhílleachta agus é cáilithe chun críocha an Achta seo é díreach roimh an uchtáil, ionann agus dá mba rud é gur scoir sé de bheith ina dhílleachta den sórt sin, agus

(b) mura bhfuil ann ach uchtóir amháin, in aon fheidhmiú, tar éis na huchtála, maidir leis an leanbh ar an míniú ar “dílleachta agus é cáilithe chun críocha an Achta seo” atá i bhfo-alt (1) den alt seo, cuirfear “a bhfuil a thuismitheoir marbh” in ionad “a bhfuil a bheirt tuismitheoir marbh” mír (a) den mhíniú sin.

(7) Forléireofar alt 3 (seachas fo-alt (4) de) den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige—

(a) ionann agus dá mbeadh ar na tagairtí ann do chumhacht chun rialacháin a dhéanamh tagairtí d'aon chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, agus

(b) ionann agus dá mbeadh ar na tagairtí ann do rialacháin tagairtí d'aon rialacháin faoin Acht seo.

(8) (a) Déantar leis seo an míniú ar “méadú” atá i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht a leasú trí “den Acht seo nó faoi alt 10, alt 11, alt 12, alt 13, alt 14 nó alt 19 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 ” a chur isteach i ndiaidh “nó alt 27”.

(b) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 31 den Phríomh-Acht trí “nó méadú faoi alt 10 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , i leith an fhearchéile nó an bhanchéile sin” a chur isteach i ndiaidh “an duine sin”.

Árachas díobhálacha ceirde.

1887, c. 67.

2. —(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna, déanfar gach duine, is cuma cad is aois dó, a bheidh fostaithe an lá ceaptha nó dá éis i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) a árachú faoi na hAchtanna in aghaidh díobhála pearsanta a bhainfidh dó an lá ceaptha nó dá éis de thionóisc a tharlóidh de dhroim agus i gcúrsa na fostaíochta sin.

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'árachas díobhálacha ceirde a fhorléiriú mar thagairt don árachas dá bhforáiltear leis an alt seo.

(3) Ní dhéanfar aon liúntas ná aisce a dheonú faoi alt 1 den Superannuation Act, 1887, i gcás inar do dhuine ag a raibh árachas díobhálacha ceirde a bhain an díobháil.

Fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceírde).

I.R. Uimh. 373 de 1952.

1913, seis. 1, c. 31.

3. —(1) Faoi réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) a fhorléiriú mar thagairt d'aon fhostaíocht atá de thuras na huaire sonraithe i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus nach fostaíocht a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin.

(2) (a) Chun críocha an ailt seo, measfar na fostaíochtaí seo a leanas a bheith curtha leis na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

(i) fostaíocht sa Stát ag lorg fruilithe le haon fheithicil, árthach, aerárthach, inneall nó ainmhí, a bhfaightear a úsáid faoi aon chonradh earbtha (seachas comhaontú fruilcheannaigh) i gcomaoin suim chinnte a íoc nó scair den tuilleamh nó eile,

(ii) fostaíocht faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta arna dhéanamh sa Stát (seachas mar chaptaen, mar mháistir nó mar chomhalta den fhoireann) ar bord loinge nó aerárthaigh, ar fostaíocht í chun críche na loinge nó an aerárthaigh nó aon phaisinéirí nó lasta nó poist a iompraíonn an long nó an t-aerárthach,

(iii) fostaíocht sa Stát mar chomhalta nó mar dhuine faoi oiliúint chun bheith ina chomhalta d'aon bhriogáid dóiteáin, briogáid tarrthála, buíon gharchabhrach nó buíon tarrthálais i monarcha, i mianach nó in oibreacha, a bheidh forordaithe, nó d'aon eagraíocht dá samhail sin a bheidh forordaithe.

(b) I bhfomhír (ii) den mhír sin roimhe seo—

ciallaíonn “long”—

(i) aon long atá cláraithe sa Stát, nó

(ii) aon long nó árthach eile a bhfuil a húinéir nó, má tá níos mó ná úinéir amháin uirthi, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a príomh-áit ghnó aige, sa Stát;

ciallaíonn “aerárthach”—

(i) aon aerárthach atá cláraithe sa Stát, nó

(ii) aon aerárthach eile a bhfuil a húinéir nó, má tá níos mó ná úinéir amháin uirthi, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar na fostaíochtaí seo a leanas a bheith curtha leis na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

(a) fostaíocht mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann,

(b) fostaíocht, nach fostaíocht lánaimsire mar a bheidh mínithe i rialacháin nó faoi chonradh seirbhíse, mar chomhalta d'fhoireann báid iascaigh i gcás inarb é luach saothair iomlán an duine fhostaithe cion de na brabúis nó den mhór-thuilleamh as an árthach a oibriú,

(c) fostaíocht, ar shlí seachas faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, mar eachtar-oibrí,

(d) fostaíocht faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile ag comhlíonadh aon chonartha i leith seirbhísí.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar nach bhfuil fostaíocht ócáideach chun críocha aon oibre in áit chónaithe an fhostóra nó ina timpeall ar áireamh i mír 3 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar nach bhfuil fostaíocht faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta ar áireamh i míreanna 7, 9 agus 10 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (is míreanna a cuireadh leis an gCuid sin leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Aireamh agus Eisiamh i leith Arachais), 1952.

(6) Chun críocha an ailt seo, i gcás piolóta lena mbaineann an Pilotage Act, 1913, measfar, nuair a bheidh sé fostaithe ar aon long (mar a mhínítear i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo), gur comhalta d'fhoireann na loinge sin é.

(7) Féadfaidh an tAire, maidir le míreanna 5 agus 6 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, a fhoráil, le rialacháin, go ndéanfar, i gcás fostaíocht a sonraítear gur fofhostaíocht í nó i gcás fostaíocht a sonraítear gur mionfhostaíocht í, a mheas chun críocha an ailt seo gur fostaíocht í nach sonraítear amhlaidh.

(8) Féadfaidh an tAire le rialacháin, a bheidh faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, a fhoráil go ndéanfar, i gcás aon fhostaíochta sonraithe faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile, a mheas chun críocha an ailt seo í a bheith curtha le Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(9) I gcás inar dóigh leis an Aire—

(a) go bhfuil cineál nó cúrsaí eile na seirbhíse nó na hoibre a dhéantar in aon fhostaíocht arb éard í, ar leith ón bhfo-alt seo, fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus in aon fhostaíocht nach fostaíocht den sórt sin í ar leith ón bhfo-alt seo (toisc gur fostaíocht eiscthe nó eile í) chomh cosúil lena chéile go dtiocfadh aimhrialtachtaí díobh in oibriú na nAchtanna, agus

(b) (i) gur féidir an fhostaíocht chéadluaite a áireamh go caothúil ar na fostaíochtaí eiscthe, nó

(ii) gur féidir an fhostaíocht a luaitear sa dara áit a áireamh go caothúil ar na fostaíochtaí inárachaithe (díobhálacha ceirde),

féadfaidh an tAire le rialacháin, a bheidh faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, a fhoráil go mbeidh an fhostaíocht ar áireamh amhlaidh.

(10) Féadfaidh an tAire le rialacháin, a bheidh faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, forálacha na nAchtanna a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás daoine ar fostú i bhfostaíochtaí a shonraítear i bhfomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo.

Leathnú ar bhrí tagairtí do tharlú de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta.

4. —(1) Aon tionóisc a tharlóidh i gcúrsa fostaíochta dhuine árachaithe measfar chun críocha na nAchtanna, cheal fianaise dá mhalairt, í do tharlú de dhroim na fostaíochta sin freisin.

(2) Déanfar, chun críocha na nAchtanna, tionóisc a áireamh, i gcás nach ndéanfaí ar leith ón alt seo í a áireamh amhlaidh, mar thionóisc a tharla de dhroim fostaíochta duine árachaithe más rud é—

(a) gur i gcúrsa na fostaíochta a tharla an tionóisc,

(b) maidir leis an tionóisc—

(i) gurb é is cúis léi mí-iompar, ábhaillí nó faillí duine eile, beartanna a rinneadh de dhroim aon mhí-iompair, ábhaillí nó faillí den sórt sin nó an chuma inar iompair ainmhí (lena n-áirítear éan, iasc nó feithid) é féin nó ainmhí a bheith sa láthair, nó

(ii) gurb é is cúis léi nó gurb é atá inti rud ar bith nó tintreach do bhualadh an duine árachaithe, agus

(c) nach ndearna an duine árachaithe go díreach ná go neamhdhíreach trína iompar lasmuigh den fhostaíocht nó trí aon ghníomh nár bhain leis an bhfostaíocht tarlú na tionóisce a aslú nó cabhrú lena tarlú.

(3) Chun críocha na nAchtanna, measfar tionóisc do tharlú de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta duine árachaithe, d'ainneoin an duine a beith tráth na tionóisce ag gníomhú contrártha d'aon rialacháin reachtúla nó rialacháin eile a bhaineann lena fhostaíocht, nó d'aon orduithe a bheidh tugtha ag fostóir nó thar a cheann, nó é a bheith ag gníomhú gan treoracha óna fhostóir, más rud é—

(a) go measfaí chun críocha na nAchtanna an tionóisc do tharlú amhlaidh dá mba nach ndearnadh an gníomh contrártha mar a dúradh nó gan treoracha óna fhostóir, cibé acu é, agus

(b) gur chun críocha thrádáil nó ghnó an fhostóta nó i ndáil leis an trádáil nó an gnó sin a rinneadh an gníomh.

(4) Aon tionóisc a tharlóidh agus duine árachaithe ag taisteal, le cead sainráite nó intuigthe óna fhostóir, mar phaisinéir in aon fheithicil go dtí a ionad oibre nó uaidh, measfar chun críocha na nAchtanna, d'ainneoin gan é a bheith faoi aon oibleagáid ag a fhostóir taisteal san fheithicil sin, gur tionóisc í a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, más rud é—

(a) go measfaí chun na gcríocha sin an tionóisc tarlú amhlaidh dá mbeadh sé faoi oibleagáid den sórt sin, agus

(b) tráth na tionóisce—

(i) go mbeidh an fheithicil á hoibriú ag an bhfostóir nó thar a cheann nó ag nó thar ceann duine éigin eile a sholáthraigh í de bhun comhshocraíochtaí a rinneadh lena fhostóir, agus

(ii) nach mbeidh sí á hoibriú i ngnáth-chúrsa seirbhíse iompair phoiblí.

San fho-alt seo folaíonn tagairtí d'fheithicil tagairtí do long, árthach nó aerárthach.

(5) Aon tionóisc a tharlóidh do dhuine árachaithe in aon áitreabh nó timpeall aon áitribh a mbeidh sé fostaithe ann de thuras na huaire chun críocha trádála nó gnó a fhostóra measfar chun críocha na nAchtanna í tarlú de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta má tharlaíonn sí agus beartanna á ndéanamh aige, in éigeandáil iarbhír nó cheaptha san áitreabh sin, chun daoine a tharrtháil, a fhurtacht nó a chosaint atá nó a mheastar a bheith, nó a mheastar a d'fhéadfadh a bheith, díobháilte nó i nguais, nó chun mórdhamáiste do mhaoin a chosc nó a laghdú.

(6) Aon tionóisc a tharlóidh do dhuine árachaithe, ar printíseach é, agus é ag freastal ar cheardscoil nó áit eile le haghaidh oiliúna nó teagaisc (cibé acu le linn guáth-uaire fostaíochta nó eile), measfar chun críocha na nAchtanna, cheal fianaise dá mhalairt, gur de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta a tharla an tionóisc más le toiliú a fhostóra nó faoi cheanglas orduithe a fhostóra nó faoina chonradh printíseachta a bhíonn sé ag freastal ar an scoil sin nó san áit sin.

Tionóiscí i gcúrsa fostaíochta neamhdhleathaí, etc.

5. —(1) I gcás ina ndéanfar éileamh ar shochar díobhálacha ceirde faoi na hAchtanna maidir le haon tionóisc nó aon ghalar nó díobháil a bheidh forordaithe chun críocha alt 23 den Acht seo, nó ina ndéanfar iarratas faoin gcéanna ar dhearbhú gur thionóisc ceirde aon tionóisc áirithe nó ar dhearbhú comhréireach i dtaobh aon ghalair nó díobhála den sórt sin, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar chun críocha na nAchtanna an fhostaíocht iomchuí a áireamh, maidir leis an tionóisc, an galar nó an díobháil sin, mar fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), d'ainneoin gur tharla, mar gheall ar shárú nó neamhchomhlíonadh forála éigin atá in aon achtachán, nó ag a bhfuil éifeacht faoi aon achtachán, a ritheadh chun daoine fostaithe nó aon aicme daoine fostaithe a chosaint, go raibh an conradh a d'airbheartaigh an fhostaíocht a rialú ar neamhní nó nach raibh an duine fostaithe ar fostú go dleathach léi san am nó san áit ar tharla an tionóisc nó ar tolgadh an galar nó ar tharla an díobháil.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo ciallaíonn “fostaíocht iomchuí”, maidir le tionóisc, an fhostaíocht ar dá droim agus ina cúrsa a tharla an tionóisc agus, maidir le galar nó díobháil, an fhostaíocht arb é a cineál is cúis leis an ngalar nó an díobháil.

Tionóiscí lasmuigh den Stát.

6. —Ach amháin i gcás ina bhforálfaidh rialacháin a mhalairt, ní bheidh sochar díobhálacha ceirde iníoctha i leith tionóisc a tharlóidh le linn don duine árachaithe a bheith lasmuigh den Stát.

Sochar díobhálacha ceirde.

7. —Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur le deireadh fho-alt (1) de:

“(h) sochar díobhálacha ceirde, a mbeidh sochar díobhála, sochar míthreorach agus sochar báis ar áireamh ann.”

Sochar díobhála.

8. —(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna, duine árachaithe dá mbainfidh díobháil phearsanta arb é is cúis léi tionóisc a tharlóidh an lá ceaptha nó dá éis de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, is fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde), beidh sé i dteideal sochair dhíobhála in aghaidh aon lae a bheidh sé, de dheasca na díobhála, éagumasach chun oibre sa tréimhse shochar díobhála:

Ar choinníoll nach mbeidh duine árachaithe, faoi réir mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, i dteideal sochair dhíobhála in aghaidh an chéad trí lá acu sin mura mbeidh sé, de dheasca na díobhála, éagumasach chun oibre dhá lá dhéag ar a laghad sa tréimhse sin.

(2) Nuair a bheifear a chinneadh i dtaobh duine árachaithe a bheith éagumasach chun oibre lá na tionóisce, ní thabharfar aird ar aon chuid den lá sin roimh an tionóisc tarlú.

(3) Is é a bheidh i sochar díobhála liúntas is iníoctha de réir ráta seachtainiúil—

(a) i gcás an tairbhí—

(I) a bheith faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, nó

(II) a bheith os cionn ocht mbliana déag d'aois agus gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leith óna fearchéile agus nach féidir léi aon chúnamh airgid a fháil uaidh,

agus gan teideal ag an tairbhí sin chun méadú sochair i leith leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo nó i leith leanaí atá cáilithe amhlaidh nó i leith cleithiúnaí aosaithe—seachtó a seacht scilling agus sé phingin, agus

(b) in aon chás eile—céad agus cúig scilling déag.

(4) Is é an méid is iníoctha mar shochar díobhála in aghaidh aon lae áirithe éagumais an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí.

(5) Ní bheidh duine faoi bhun sé bliana déag d'aois i dteideal sochair dhíobhála ach amháin a mhéid a fhoráiltear le rialacháin.

Sochar míthreorach.

9. —(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna, duine árachaithe a fhulaingeoidh díobháil phearsanta arb é is cúis léi tionóisc a tharlóidh an lá ceaptha nó dá éis de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, is fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) beidh sé i dteideal sochair mhíthreorach má fhulaingíonn sé cailleadh cumais choirp nó mheabhrach de dheasca na tionóisce ionas nach lú ná aon faoin gcéad méid na míthreorach dá dhroim sin arna mheasúnú de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo; agus chun críocha na bhforálacha sin measfar gan aon chailleadh cumais iomchuí a bheith ann nuair nár mhó ná aon faoin gcéad méid na míthreorach de dhroim na tionóisce dá measúnófaí amhlaidh é.

(2) Ní bheidh sochar míthreorach ar fáil do dhuine árachaithe go dtí tar éis an tríú lá den tréimhse céad caoga agus sé lá (gan Domhnaigh a áireamh) dar tosach lá na tionóisce iomchuí nó go dtí tar éis an lae dheiridh, más aon lá é, den tréimhse ar a mbeidh sé éagumasach chun oibre mar gheall ar an tionóisc iomchuí:

Ar choinníoll go bhféadfaidh sé, mura mbeidh sé éagumasach amhlaidh aon lá áirithe, arb é an ceathrú lá é nó lá níos déanaí tar éis na tionóisce iomchuí, roimh dheireadh na tréimhse sin, sochar míchumais a éileamh, agus má bhíonn sé ina theideal ar shlí eile, go bhféadfar sochar míthreorach a dhámhadh dó, amhail ón lá sin, ach sa chás sin nach dtabharfar, chun críocha an fho-ailt seo, aird ar é a bheith nó go bhféadfadh sé a bheith éagumasach aon lá ina dhiaidh sin sa tréimhse.

(3) Chun críocha an ailt seo, déanfar méid na míthreorach a mheasúnú, faoi threoir na míchumas a thabhaigh an t-éilitheoir mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, de réir na bprionsabal ginearálta seo a leanas:

(a) ach amháin mar a fhoráiltear ina dhiaidh seo san fho-alt seo, is iad na míchumais a bheidh le cur i gcuntas na míchumais uile (cibé acu a ghabhann nó nach ngabhann cailleadh cumhacht tuillimh nó caiteachas breise leo) a bhféadfaidh súil a bheith leis a thiocfadh ar an éilitheoir, ag féachaint dá staid choirp agus mheabhrach ar dháta an mheasúnaithe i gcaitheamh na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú i gcomparáid le duine den aois agus den ghnéas céanna ar ghnáth-staid choirp agus mheabhrach;

(b) déanfar gach míchumas den sórt sin a áireamh mar mhíchumas a tabhaíodh mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí ach amháin, faoi réir forálacha aon rialacháin arna ndéanamh faoin gcéad fho-alt eile, nach ndéanfar é a áireamh amhlaidh sa mhéid—

(i) go mbeadh an míchumas sin ag cur ar an éilitheoir ar aon nós mar gheall ar éalaing ó bhroinn nó mar gheall ar dhíobháil a tharla nó galar a tolgadh roimh an tionóisc iomchuí, nó

(ii) nach mbeadh an míchumas sin ag cur ar an éilitheoir mura mbeadh díobháil éigin a tharla nó galar éigin a tolgadh tar éis na tionóisce sin agus nach inchurtha go díreach ina leith;

(c) déanfar an measúnú ar neamhshuim le himthosca áirithe an éilitheora seachas aois, gnéas agus staid choirp agus mheabhrach;

(d) na míchumais de bharr an chailleadh cumais sin a bheidh forordaithe measfar gur céad faoin gcéad míthreorach a bheidh iontu agus déanfar míchumais eile a mheasúnú dá réir sin.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin chun na prionsabail ar dá réir a bheidh méid na míthreorach le measúnú a shonrú tuilleadh agus féadfaidh na rialacháin sin a ordú go háirithe go ndéanfar cailleadh cumais forordaithe a áireamh mar ní ar tháinig grád forordaithe míthreorach dá dheasca; agus, maidir le haon ordachán den sórt sin, ní ghlacfar le haon ní i mír (c) den fho-alt deiridh roimhe seo mar ní a choisceann foráil dá mhalairt a dhéanamh, i gcás cailleadh cumais i láimh nó i sciathán nó a bhaineann le láimh nó sciathán, do dhaoine deasógacha agus do dhaoine ciotógacha.

(5) Is í an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas trí mhéid míthreorach éilitheora a mheasúnú an tréimhse (dar tosach dáta nach luaithe ná deireadh na tréimhse sochair dhíobhála, agus a bheidh teorannaithe faoi threoir shaol an éilitheora nó dháta chinnte) a mbeidh an t-éilitheoir tar éis an cailleadh cumais iomchuí, agus a bhféadfaidh súil a bheith ann go leanfaidh sé den chailleadh cumais iomchuí, a fhulaingt:

Ar choinníoll, mura rud é ar aon mheasúnú nach amhlaidh do staid an éilitheora, ag féachaint don dóchúlacht athruithe teacht ar an staid sin (cibé acu is féidir nó nach féidir iad a thuar), gur féidir measúnú críochnaitheach a dhéanamh suas go dtí deireadh na tréimhse sin—

(a) go ndéanfar measúnú sealadach, agus nach gcuirfear i gcuntas ach amháin cibé tréimhse is giorra ná sin a dhealraíonn a bheith réasúnach ag féachaint dá staid agus don dóchúlacht a dúradh, agus

(b) ar an gcéad mheasúnú eile go dtosóidh an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse a cuireadh i gcuntas leis an measúnú sealadach.

(6) Luafar i measúnú an grád míthreorach mar chéatadán agus sonrófar ann an tréimhse a bheidh le cur i gcuntas leis agus, i gcás ina mbeidh sí teorannaithe faoi threoir dháta chinnte, luafar cé acu measúnú sealadach nó measúnú críochnaitheach é:

Ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar an céatadán agus an tréimhse sin a shonrú níos beaichte ná mar is gá chun cearta an éilitheora maidir le sochar míthreorach a chinneadh de réir an ailt seo, agus

(b) go ndéanfar céatadán idir fiche agus céad nach iolrú ar dheich a áireamh—

(i) más iolrú é ar chúig, mar an gcéad chéatadán eile is airde ná sin ar iolrú é ar dheich, agus

(ii) murab iolrú é ar chúig, mar an gcéatadán is gaire is iolrú ar dheich.

(7) I gcás ina ndéanfar méid na míthreorach a mheasúnú don tréimhse a chuirfear i gcuntas mar mhéid is lú ná fiche faoin gcéad, is é a bheidh i sochar míthreorach aisce (dá ngairtear aisce míthreorach san Acht seo)—

(a) a mbeidh inti an méid a shocrófar, de réir fad na tréimhse sin agus de réir an ghráid mhíthreorach, trí scála forordaithe, ach nach rachaidh in aon chás thar trí chéad agus ochtó punt, agus

(b) is iníoctha, má fhorálann na rialacháin é agus i cibé cásanna a fhorálfaidh siad amhlaidh, ina thráthchodanna.

Is é an scála céanna a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo do gach uile dhuine, ach amháin go bhféadfar méid níos lú a shocrú leis sin le haghaidh cásanna a mbeidh an tairbhí, i dtosach na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú, faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, agus féadfar a shocrú go mbraithfidh sé ar an dáta a shroichfidh an tairbhí an aois sin, nó inarb éard an tairbhí agus í os cionn ocht mbliana déag d'aois, bean phósta seachas bean phósta a chónaíonn ar leith óna fearchéile agus nach féidir léí aon chúnamh airgid a fháil uaidh:

Ar choinníoll—

(i) nach mbeidh an méid níos lú sin níos lú in aon chás ná dhá thrian an mhéid a mbeadh teideal ag an tairbhí chuige thairis sin, agus

(ii) i gcás ceachtar aicme tairbhí mar a dúradh, go mbeidh an ráta níos mó iníoctha dá mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás eisean nó ise a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad aisce mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo nó i leith leanaí atá cáilithe amhlaidh nó i leith cleithiúnaí aosaithe.

(8) I gcás ina measúnófar gur fiche faoin gcéad nó níos mó méid na míthreorach in aghaidh na tréimhse a chuirfear i gcuntas, is é a bheidh i sochar míthreorach pinsean (dá ngairtear pinsean míthreorach san Acht seo) in aghaidh na tréimhse sin de réir an ráta sheachtainiúil is iomchuí de réir Tábla I a ghabhann leis an bhfo-alt seo:

Ar choinníoll—

(a) i gcás an tréimhse sin a bheith teorannaithe faoi réir dháta chinnte, go scoirfidh an pinsean ar an tairbhí d'éag roimh an dáta sin, agus

(b) i gcás ina mbeidh an tairbhí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois nó, má bhíonn an tairbhí os cionn na haoise sin, gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leith óna fearchéile agus nach féidir léi aon chúnamh airgid a fháil uaidh, is de réir an ráta sheachtainiúil iomchuí de réir Tábla II a ghabhann leis an bhfo-alt seo a bheidh an ráta seachtainiúil i leith aon ghráid mhíthreorach mura rud é go mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás í a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad pinsin mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo nó i leith leanaí atá cáilithe amhlaidh nó i leith cleithiúnaí aosaithe.

TÁBLA I

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil

 100 faoin gcéad

115s.

0d.

90     ,,      ,, 

103s.

6d.

80     ,,      ,, 

92s.

0d.

70     ,,      ,, 

80s.

6d.

60     ,,      ,, 

69s.

0d.

50     ,,      ,, 

57s.

6d.

40     ,,      ,, 

46s.

0d.

30     ,,      ,, 

34s.

6d.

20     ,,      ,, 

23s.

0d.

TÁBLA II

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil

 100 faoin gcéad

77s.

6d.

90     ,,      ,, 

69s.

9d.

80     ,,      ,, 

62s.

0d.

70     ,,      ,, 

54s.

3d.

60     ,,      ,, 

46s.

6d.

50     ,,      ,, 

38s.

9d.

40     ,,      ,, 

31s.

0d.

30     ,,      ,, 

23s.

3d.

20     ,,      ,, 

15s.

6d.

(9) (a) Más rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, go mbeadh aisce le híoc faoi fho-alt (7) den alt seo i gcás inarb í an tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú míthreorach tréimhse saoil an éilitheora nó tréimhse is mó ná seacht mbliana, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas má roghnaíonn an t-éilitheoir sula n-íocfar an aisce, pinsean a chur in ionad na haisce:

(i) ní íocfar an aisce,

(ii) is é a bheidh sa sochar míthreorach pinsean (dá ngairtear pinsean míthreorach freisin san Acht seo) de réir an ráta sheachtainiúil iomchuí de réir scála fhorordaithe,

(iii) pinsean míthreorach a bheidh ann in aghaidh na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú míthreorach faoi réir an choinníll, má bhíonn an tréimhse sin teorannaithe faoi threoir dháta chinnte, go scoirfidh an pinsean ar an tairbhí d'éag roimh an dáta sin.

(b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an scála a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo:

(i) is é an scála céanna a bheidh ann do gach uile dhuine, ach amháin go bhféadfar méid níos lú a shocrú leis sin do chásanna a mbeidh an tairbhí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois nó, má bhíonn an tairbhí os cionn na haoise sin agus gur bean phósta í a chónaíonn ar leith óna fearchéile agus nach féidir léi aon chúnamh airgid a fháil uaidh mura rud é go mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás í a bheith ag fáil sochair dhíobhála in ionad pinsin mhíthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith leanbh atá cáillithe chun críocha an Achta seo nó i leith leanaí atá cáilithe amhlaidh nó i leith cleithiúnaí aosaithe,

(ii) féadfar méideanna éagsúla a shonrú maidir leis na céatadáin éagsúla faoi bhun fiche faoin gcéad, ach, maidir le gach méid den sórt sin, ní bheidh sé níos lú ná an méid a mbeidh idir é agus an pinsean míthreorach is iomchuí do ghrád míthreorach fiche faoin gcéad (is é sin, 23s. 0d. nó 15s 6d. de réir mar is iomchuí) an chomhréir chéanna a bheidh idir an céatadán ar ina leith a shonrófar é agus fiche faoin gcéad.

(10) D'ainneoin fo-alt (1) d'alt 44 den Phríomh-Acht, ní bheidh ábhar achomhairc ann in aghaidh measúnú sealadach ar mhéid na míthreorach roimh cheann dá bhliain ón dáta a dhéanfar an chéad mheasúnú ar mhéid na míthreorach sa chás, ná i gcás ina mbeidh an tréimhse uile a bheidh curtha i gcuntas leis an measúnú laistigh den dá bhliain sin.

Méadú ar shochar díobhála agus ar phinsean míchumais do chleithiúnaithe aosaithe.

10. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála a mhéadú daichead scilling in aghaidh aon tréimhse—

(a) a bheidh an tairbhí ina chónaí lena bhanchéile nó a bheidh sí á cothabháil ar fad nó go formhór aige, nó

(b) a bheidh a fearchéile, agus é éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar laige éigin choirp nó mheabhrach, á chothabháil ar fad nó go formhór ag an tairbhí, nó

(c) a bheidh an tairbhí, ar fear singil nó baintreach fir é, ag cothabháil (ar fad nó go formhór) baineannach os cionn sé bliana déag d'aois ar a mbeidh cúram linbh amháin nó níos mó ná leanbh amháin atá cáilithe chun críocha an Achta seo agus a chónaíonn leis go rialta,

faoi réir na sriantachta nach mbeidh teideal ag tairbhí in aghaidh na tréimhse céanna chun méadú sochair dhíobhála faoin alt seo i leith níos mó ná duine amháin a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le pinsean míthreorach, mar atá feidhm aige maidir le sochar díobhála, in aghaidh aon tréimhse a bheidh teideal ag an tairbhí chun forlíonadh do-fhostaitheachta nó a bheidh cóireáil ospidéil cheadaithe á fáil aige.

Méadú ar shochar díobhála agus ar phinsean míthreorach i gcás leanbh nó leanaí atá cáilithe chun críocha an Achta seo.

11. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála a mhéadú trí scilling déag i leith leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo nó i leith gach linbh de bheirt leanaí atá cáilithe amhlaidh a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás ina mbeidh níos mó ná beirt leanbh den sórt sin ann, ocht scilling i leith gach linbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le pinsean míthreorach mar atá feidhm aige maidir le sochar díobhála, in aghaidh aon tréimhse a bheidh teideal ag an tairbhí chun forlíonadh do-fhostaitheachta nó a bheidh cóireáil ospidéil cheadaithe á fáil aige.

Méadú ar phinsean míthreorach mar gheall ar dhofhostaitheacht.

12. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin mhíthreorach a mhéadú—

(a) i gcás an tairbhí—

(i) a bheith faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, nó

(ii) a bheith os cionn ocht mbliana déag d'aois agus gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leith óna fearchéile agus nach féidir léi aon chúnamh airgid a fháil uaidh,

agus gan teideal aici chun méadú pinsin i leith leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo ná i leith leanaí atá cáilithe amhlaidh ná i leith cleithiúnaí aosaithe— daichead scilling, agus

(b) in aon chás eile—caoga a dó scilling agus sé phingin,

más rud é, mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, go bhfuil an tairbhí éagumasach chun oibre agus gur dóigh dó bheith éagumasach amhlaidh go buan.

(2) (a) Chun críocha an ailt seo, féadfar a áireamh go bhfuil duine éagumasach chun oibre agus gur dóigh dó bheith éagumasach go buan chun oibre, d'ainneoin nach cailleadh cumais é de shórt a choisceann é ó bheith i gcumas oibre, más dóigh go gcoimeádfaidh sé é ó bhreis agus céad agus ceithre phunt sa bhliain a thuilleamh.

(b) Sa mhír sin roimhe seo folaíonn an tagairt do thuilleamh tagairt d'aon luach saothair nó brabús ó phost sochair.

(3) Beidh méadú pinsin faoin alt seo (dá ngairtear forlíonadh do-fhostaitheachta san Acht seo) iníoctha in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear tráth a dheonaithe, ach féadfar é a athnuachan ó am go ham.

Méadú ar phinsean míthreorach i gcás inar gá síorfhreastal.

13. —(1) I gcás inar iníoctha pinsean míthreorach i leith measúnú céad faoin gcéad, ansin, más rud é, mar gheall ar an gcailleadh cumais iomchuí, go mbeidh an tairbhí i ngá síor-fhreastail, méadófar ráta seachtainiúil an phinsin de mhéid a chinnfear de réir rialachán faoi threoir mhéid agus chineál an fhreastail is gá a bheith ag an tairbhí, faoi réir na teorann nach rachaidh an méid sin thar daichead scilling, ach amháin i gcásanna dian-mhíchumais, nó ochtó scilling in aon chás.

(2) Beidh méadú pinsin faoin Acht seo iníoctha in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear tráth a dheonaithe, ach féadfar é a athnuachan ó am go ham:

Ar choinníoll nach mbeidh aon mhéadú den sórt sin iníoctha in aghaidh aon tréimhse a bheidh cóireáil leighis á fáil ag an tairbhí mar othar istigh in ospidéal nó i bhforas dá samhail.

Méadú ar shochar míthreorach le linn cóireála ospidéil ceadaithe.

14. —I gcás ina ndámhfar sochar míthreorach do dhuine, ach go measúnófar gur lú ná céad faoin gcéad méid a mhíchumais don tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú, áireofar go bhfuil sé measúnaithe gur céad faoin gcéad méid a mhíthreorach aon chuid den tréimhse sin a gheobhfaidh sé cóireáil ospidéil cheadaithe (cibé acu roimh an measúnú a dhéanamh nó an sochar a dhámhadh nó ina dhiaidh sin é):

Ar choinníoll, i gcás méid na míthreorach a bheith measúnaithe amhlaidh ar mhéid is lú ná fiche faoin gcéad, nach ndéanfaidh an t-alt seo difear d'oibriú na bhforálacha a bhaineann le haiscí míthreorach, ach, i gcás pinsean míthreorach is iníoctha de bhua an ailt seo le duine dar dámhadh aisce míthreorach go hiomlán nó go páirteach in aghaidh na tréimhse céanna, go ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin (tar éis lamháil a dhéanamh i leith aon mhéadaithe dá bhforáiltear leis an Acht seo) a laghdú an méid a bhforordófar gurb é luach seachtainiúil a aisce é.

Coigeartuithe i gcás tionóiscí comhleanúnacha.

15. —(1) I gcás ina bhfulaingeoidh duine dhá thionóisc nó níos mó í ndiaidh a chéile a bhfuil sé árachaithe ina n-aghaidh le hárachas díobhálacha pearsanta—

(a) ní bheidh an duine i dteideal (ar leith ó aon mhéadú sochair mar a luaitear sa chéad fho-alt eile) sochar a fháil in aghaidh na tréimhse céanna ar mhodh sochair dhíobhála agus aon phinsin mhíthreorach nó pinsean míthreorach nó ar mhodh dhá phinsean míthreorach nó níos mó, de réir ráta chomhiomláin sheachtainiúil is mó ná—

(i) i gcás an duine—

(I) a bheith faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, nó

(II) a bheith os cionn ocht mbliana déag d'aois agus gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leith óna fearchéile agus nach féidir léi aon chúnamh airgid a fháil uaidh,

agus, más iníoctha sochar díobhála, gan teideal chun méadú sochair i leith leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo nó i leith leanaí atá cáilithe amhlaidh nó i leith cleithiúnaí aosaithe nó, más iníoctha pinsin mhíthreorach, nach mbeadh i dteideal amhlaidh dá mba shochar díobhála agus nár phinsin mhíthreorach ab iníoctha—seachtó a seacht scilling agus sé phingin, agus

(ii) in aon chás eile—céad agus cúig scilling déag,

(b) an fhoráil den Acht seo a eisceann ceart chun sochair dhíobhála don chéad trí lá míchumais de dheasca na tionóisce iomchuí mura bhfuil dhá lá dhéag den sórt sin ann i gcaitheamh na tréimhse sochair dhíobhála beidh feidhm aici, maidir le dhá thionóisc nó níos mó a tharlóidh i gceann eatramh nach faide ná trí sheachtain déag a mbeidh an duine éagumasach chun oibre dá ndeasca lá éigin i gcaitheamh a tréimhse sochair dhíobhála, ionas go gceadófar go gcuirfí i gcuntas, d'fhonn an dá lá dhéag a dúradh a dhéanamh suas i gcás gach tionóisce acu sin, aon laethanta a fhéadfar a chur i gcuntas amhlaidh i gcás aon chinn eile acu,

(c) féadfaidh foráil a bheith i rialacháin chun coigeartú a dhéanamh—

(i) ar shochar díobhála nó sochar míthreorach, nó ar na coinníollacha lena fháil, in aon chás ina bhfuair an duine aisce mhíthreorach nó ina bhféadfadh teideal a bheith aige chuici,

(ii) ar aon mhéadú sochair den sórt a luaitear sa chéad fho-alt eile, nó ar na coinníollacha lena fháil.

(2) Na méaduithe sochair dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo is méaduithe iad ar an ráta sochair dhíobhála nó an phinsin mhíthreorach faoi ailt 10, 11, 12 agus 13 den Acht seo.

Teideal chun sochair bháis.

16. —Faoi réir forálacha na nAchtanna, i gcás duine árachaithe d'éag de dheasca díobháil phearsanta a bhain dó an lá ceaptha nó dá éis mar gheall ar thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta, arbh fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) í, beidh sochar báis iníoctha mar a fhoráiltear sna chéad sé alt eile ina dhiaidh seo.

Sochar báis— baintreacha.

17. —(1) Beidh baintreach an éagaigh i dteideal sochair bháis más rud é go raibh sí, tráth a bháis, ina cónaí leis nó go raibh sí, nó go mbeadh sí mura mbeadh an tionóisc iomchuí, á cothabháil ar fad nó go formhór aige.

(2) I gcás baintrí, is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir ráta sheachtainiúil nócha agus cúig scilling.

(3) Ní bheidh pinsean faoin alt seo iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis don bhaintreach athphósadh.

(4) Beidh baintreach dícháilithe chun pinsean a fháil faoin alt seo má bhíonn sí féin, agus an fad a bheidh sí féin, agus aon duine ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta.

Sochar báis— baintreacha fir.

18. —(1) Beidh baintreach fir an éagaigh i dteideal sochair bháis más rud é go raibh sé, tráth a báis, á chothabháil ar fad nó go formhór aici nó go mbeadh sé á chothabháil amhlaidh mura mbeadh an tionóisc iomchuí.

(2) I gcás baintreach fir a bhí, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach agus ar dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan, is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir ráta sheachtainiúil nócha agus cúig scilling.

(3) I gcás aon bhaintreach fir eile, is é a bheidh i sochar báis aisce dhá chéad daichead agus seacht bpunt.

(4) Ní bheidh pinsean faoin alt seo iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis an duine lenarb iníoctha é scor de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach.

Sochar báis— pinsean baintrí nó baintrí fir a mhéadú i leith leanbh nó leanaí atá cáilithe chun críocha an Achta seo.

19. —Déanfar ráta seachtainiúil pinsin faoi alt 17 nó alt 18 den Acht seo a mhéadú trí scilling déag i leith leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo nó i leith gach linbh de bheirt leanbh atá cáilithe amhlaidh agus a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus—

(a) a chónaigh go rialta leis an tairbhí nó leis an éagach díreach roimh bhás an éagaigh, nó

(b) is leanbh, ua nó leas-leanbh, nó leanaí, uanna nó leasleanaí, leis an éagach nó leis an tairbhí, agus a tháining chun cónaí go rialta leis an tairbhí tar éis bhás an éagaigh, nó

(c) a d'uchtaigh an tairbhí de bhun forálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, tar éis bhás an éagaigh,

agus, ina theannta sin, i gcás ina mbeidh níos mó ná beirt leanbh den sórt sin ann, méadófar é ocht scilling i leith gach linbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

Sochar báis— tuismitheoirí.

20. —(1) Beidh tuismitheoir de chuid an éagaigh i dteideal sochair bháis más rud é, ar bhás an éagaigh, go raibh seisean nó sise, á chothabháil nó á cothabháil ar fad nó go formhór ag an éagach, nó go mbeadh seisean á chothabháil amhlaidh nó sise á cothabháil amhlaidh mura mbeadh an tionóisc iomchuí.

(2) I gcás tuismitheora, má ba dhuine pósta an t-éagach tráth an bháis, is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir ráta sheachtainiúil ceithre scilling agus fiche.

(3) I gcás tuismitheora, má ba bhaintreach fir nó baintreach nó duine neamhphósta an t-éagach tráth an bháis, is é a bheidh i sochair báis—

(a) i gcás inarb é an t-athair an tuismitheoir—pinsean de réir ráta sheachtainiúil nócha agus cúig scilling i gcás é a bheith, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach agus gur dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan agus de réir ráta sheachtainiúil ceithre scilling is fiche in aon chás eile,

(b) i gcás inarb í an mháthair an tuismitheoir, agus í, ar bhás an éagaigh, ina baintreach nó a theacht chun bheith ina baintreach dá éis sin—pinsean de réir ráta sheachtainiúil nócha agus cúig scilling,

(c) i gcás inarb í an mháthar an tuismitheoir agus nach baintreach í—pinsean de réir ráta sheachtainiúil ceithre scilling agus fiche i gcás pinsean de réir ráta sheachtainiúil nócha agus cúig scilling a bheith iníoctha lena fearchéile faoi mhír (a) den fho-alt seo agus de réir ráta sheachtainiúil nócha agus cúig scilling in aon chás eile.

(4) I gcás duine lenarb iníoctha pinsean de réir ráta sheachtainiúil nócha agus cúig scilling faoi mhír (a) den fho-alt sin roimhe seo scor tráth ar bith de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach, is de réir ráta sheachtainiúil ceithre scilling agus fiche a bheidh an pinsean iníoctha ina dhiaidh sin agus, más rud é go mbeidh pinsean de réir ráta sheachtainiúil ceithre scilling agus fiche iníoctha an tráth sin lena bhanchéile faoi mhír (c) den fho-alt sin, is de réir ráta sheachtainiúil nócha agus cúig scilling a bheidh an pinsean sin iníoctha ina dhiaidh sin.

(5) I gcás ina raibh tuismitheoir á chothabháil go páirteach ag gach duine de bheirt daoine árachaithe nó níos mó a d'éag de dheasca tionóiscí a tharla de dhroim agus i gcúrsa a bhfostaíochtaí ab fhostaíochtaí inárachaithe (díobhálacha ceirde), féadfar a áireamh chun críocha an ailt seo go bhfuair an tuismitheoir ón duine ba dhéanaí a d'éag de na daoine árachaithe sin ranníocaí i leith a chothabhála nó a cothabhála is comhionann leis an méid comhshuimithe a bhí á ranníoc i dteannta a chéile ag na daoine árachaithe sin sular tharla an tionóisc agus nach bhfuair sé nó sí aon rud ón duine nó ó na daoine eile.

(6) Aon phinsean ab iníoctha faoin alt seo le bean ar bhaintreach nó bean neamhphósta í tráth an t-éagach d'éag ní bheidh sé iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis a hathphósta nó a pósta.

(7) Beidh baintreach nó bean neamhphósta dícháilithe chun pinsean a fháil faoin alt seo má bhíonn sí féin, agus an fad a bheidh sí féin, agus aon duine ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta.

(8) (a) Maidir le “tuismitheoir” sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo—

(i) má uchtaíodh an t-éagach de bhun forálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, measfar go dtagraíonn sé do na huchtaitheoirí nó don uchtaitheoir, agus

(ii) folaíonn sé leastuismitheoir, agus forléireofar dá réir sin “athair” agus “máthair”.

(b) Faoi réir fhomhír (i) den mhír sin roimhe seo, measfar, má ba dhuine neamhdhlisteanach an t-éagach, gur do mháthair an éagaigh a thagraíonn “tuismitheoir” sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo.

Sochar báis— dílleachtaí atá cáilithe chun críocha an Achta seo.

21. —(1) Beidh sochar báis iníoctha i gcás dílleachta atá cáilithe chun críocha an Achta seo agus is leanbh nó leas-leanbh de chuid an éagaigh, agus i leith dílleachta atá cáilithe amhlaidh agus a bhí á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag an éagach ar dháta a bháis.

(2) I gcás dílleachta, is é a bheidh i sochar báis pinsean de réir ráta sheachtainiúil seacht scilling agus daichead is sé phingin.

(3) Beidh feidhm ag alt 24 den Phríomh-Acht maidir le pinsean faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le liúntas dílleachta (ranníocach).

Sochar báis— costais sochraide.

22. —(1) Beidh sochar báis ar mhodh caoga punt de dheontas i leith costas sochraide iníoctha, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, i leith báis an éagaigh.

(2) I gcás ar bith den sórt sin a shonrófar le rialacha, forléireofar an tagairt do chaoga punt i bhfo-alt (1) den alt seo mar thagairt do cibé méid is lú ná caoga punt a shonrófar leis na rialacháin i leith an cháis sin.

(3) Ach amháin i gcás ina bhforálfaidh rialacháin a mhalairt, ní bheidh deontas faoin alt seo iníoctha i leith bás a tharlóidh lasmuigh den Stát.

Árachas in aghaidh galar forordaithe agus díobhálacha nach tionóisc is cúis leo.

23. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, duine atá árachaithe faoi na hAchtanna in aghaidh díobhála pearsanta arbh é is cúis léi tionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta beidh sé árachaithe freisin in aghaidh aon ghalair fhorordaithe agus in aghaidh aon díobhála pearsanta forordaithe nach é sin is cúis leis nó léi, is galar nó díobháil de bharr cineál na fostaíochta sin agus a tolgadh an lá ceaptha nó dá éis.

(2) Déanfar galar nó díobháil a fhorordú chun críocha an ailt seo maidir le haon daoine árachaithe, más deimhin leis an Aire—

(a) gur chóir a áireamh, ag féachaint do na cúiseanna a bhí leis nó léi agus d'aon nithe iomchuí eile, gur fiontar é nó í a ghabhann lena slí bheatha agus nach fiontar é nó í a bhaineann i gcoitinne le gach uile dhuine, agus

(b) gur galar nó díobháil é nó í de shórt ar féidir, d'éagmais imthosca speisialta, a chruthú nó a thoimhdeadh le cinnteacht réasúnach gurb é cineál na fostaíochta is cúis le cásanna áirithe den ghalar nó den díobháil sin.

(3) Féadfaidh rialacháin a fhorordóidh aon ghalar nó díobháil chun críocha an ailt seo a fhoráil, maidir le duine a tholg an galar nó an díobháil tráth ar bith tar éis dáta a shonraítear sna rialacháin, is dáta roimh dháta na rialacháin a theacht i bhfeidhm ach nach dáta roimh an lá ceaptha, go ndéileálfar leis an duine sin chun críocha an ailt seo, faoi réir aon mhodhnuithe forordaithe, ionann agus dá mbeadh na rialacháin i bhfeidhm nuair a tholg sé an galar nó an díobháil.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin chun a chinneadh cad é an tráth a mbeidh sé le háireamh chun críocha na nAchtanna a tholg duine aon díobháil nó galar a fhorordófar chun críocha an ailt seo, agus maidir le haon ghalar nó díobháil den sórt sin, i gcás an duine a bheidh i gceist d'fhulaingt uaidh nó uaithi roimhe sin, cad iad na himthosca a mbeidh sé le háireamh go bhfuil sé nó sí tagtha in athchúrsa ar an duine sin, nó tolgtha aige, nó tar éis tarlú dó, an athuair.

(5) Is é an sochar is iníochta de bhun an ailt seo maidir le galar forordaithe nó díobháil fhorordaithe an sochar is iníochta, agus is iad na coinníollacha a bhaineann le fáil an tsochair sin na coinníollacha ag a mbeidh feidhm, i gcás díobhála pearsanta ó thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta duine, ach sin faoi réir na cumhachta chun foráil dá mhalairt a dhéanamh le rialacháin maidir le haon ábhar a bheidh le forordú agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo.

(6) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin, i ndáil le galair fhorordaithe agus díobhálacha forordaithe, chun forálacha an Achta seo maidir le sochar díobhála agus sochar míthreorach a mhodhnú agus chun tagairtí san Acht seo do thionóiscí a oiriúnú, agus chun forálacha na nAchtanna a mhodhnú ina bhfeidhm maidir le héilimh ar shochar agus maidir le ceisteanna a éireoidh i ndáil leis an gcéanna nó i ndáil le dámhachtain sochair ar aon éileamh den sórt sin.

(7) Gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin roimhe seo, féadfaidh, go sonrach, foráil a bheith sna rialacháin sin—

(a) chun go dtoimhdeofar i gcás aon ghalair fhorordaithe nó aon díobhála forordaithe—

(i) gurb é is trúig leis nó léi, mura gcruthófar a mhalairt, cineál fostaíochta duine i gcás é bheith fostaithe le haon slí bheatha forordaithe an tráth a tholg sé an galar nó an díobháil nó laistigh de thréimhse fhorordaithe nó ar feadh faid fhorordaithe ama (cibé acu comhleanúnach dó nó nach ea) sular tholg sé an galar nó an díobháil;

(ii) gurb é cineál fostaíochta duine is trúig leis nó léi mura raibh sé ar fostú le fostaíocht fhorordaithe éigin an tráth a tholg sé an galar nó an díobháil nó laistigh de thréimhse fhorordaithe nó ar feadh faid fhorordaithe ama (cibé acu comhleanúnach dó nó nach ea) sular tholg sé an galar nó an díobháil;

(b) le haghaidh cibé nithe is dóigh leis an Aire a bheith foghabhálach nó iarmartach maidir le forálacha a bheidh sna rialacháin de bhua na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

(8) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart aon duine chun sochair maidir le galar is díobháil phearsanta ó thionóisc de réir brí an Achta seo, ach amháin nach mbeidh duine i dteideal sochair i leith galair ionann is gur díobháil é ó thionóisc a tharla de dhroim agus i gcúrsa aon fhostaíochta más rud é tráth na tionóisce gur ghalar forordaithe maidir leis an galar de bhua na slí bheatha dá raibh sé ag gabháil san fhostaíocht sin.

Forlíonadh ar íocaíochtaí cúitimh do lucht oibre.

24. —(1) Beidh foráil i rialacháin chun go dtabharfar do dhaoine—

(a) atá nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis sin, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla ar mhodh cúitimh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith aon díobhála nó galair, agus

(b) atá, nó a bhféadfaí a áireamh chun críche na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le forlíonadh dofhostaitheachta go bhfuil siad éagumasach chun oibre, agus gur dóigh dóibh a bheith éagumasach amhlaidh go buan, de dheasca na díobhála nó an ghalair,an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin Acht seo ar mhodh forlíonadh do-fhostaitheachta agus an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin Acht seo i leith linbh nó cleithiúnaí aosaithe ionann is dá mba dhíobháil nó galar a mbeadh pinsean míthreorach iníoctha de thuras na huaire ina leith an díobháil nó an galar.

(2) Beidh foráil freisin i rialacháin chun go dtabharfar do dhaoine—

(a) atá nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis sin, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla ar mhodh cúitimh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith aon díobhála nó galair, agus

(b) a mbíonn síor-fhreastal ag teastáil uathu mar gheall ar an díobháil nó an galar sin,

an ceart céanna chun íocaíochtaí faoin Acht seo i ndáil leis an ngá le síor-fhreastal ionann agus dá mba dhíobháil nó galar é arbh iníoctha pinsean míthreorach maidir leis de thuras na huaire i leith measúnacht chéad faoin gcéad.

(3) Féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin freisin chun go ndéanfar, i ndáil le híocaíochtaí faoin alt seo, na forálacha de na hAchtanna a bhaineann le sochar agus le héilimh a dhéanamh agus le héilimh agus ceisteanna a chinneadh sa mhéid go mbeidh feidhm ag na forálacha sin maidir le forlíonadh do-fhostaitheachta a chur chun feidhme maidir le méadú ar phinsean míthreorach i leith linbh nó cleithiúnaí aosaithe, nó maidir le méadú ar phinsean míthreorach i ndáil leis an ngá le síor-fhreastal, de réir mar a bheidh, faoi réir aon bhreisithe nó modhnuithe.

(4) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse roimh an lá ceaptha.

(5) Déanfar gach íocaíocht faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde.

Gan sochair a dhul thar tuilleamh roimh thionóisc.

25. —(1) Ní rachaidh an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála, lena n-áirítear aon mhéadú air, ná an ráta seachtainiúil pinsin mhíthreorach, lena n-áirítear aon mhéadú air, thar tuilleamh seachtainiúil an tairbhí ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí.

(2) Más rud é, maidir le hiomlán nó le cuid d'aon tseachtain a bhfuil tairbhí i dteideal pinsean míthreorach a íoc leis ina haghaidh, go mbeidh aon cheann acu seo a leanas iníoctha leis freisin ina haghaidh—

(a) sochar míchumais,

(b) sochar dífhostaíochta,

(c) cúnamh dífhostaíochta faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1965,

agus mura mbeadh sin go mbeadh barrachas ag comhshuim an dá íocaíocht ar thuilleamh seachtainiúil an tairbhí ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí, déanfar ráta seachtainiúil an phinsin mhíthreorach, lena n-áirítear aon mhéadú air, a laghdú i leith na seachtaine sin de mhéid an bharrachais.

(3) Beidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll nach ndéanfar i gcás ar bith an ráta is iníoctha, lena n-áirítear aon mhéadú air, a laghdú faoi bhun—

(a) i gcás an tairbhí—

(i) a bheith faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, nó

(ii) a bheith os cionn ocht mbliana déag d'aois agus gur bean phósta í seachas bean phósta a chónaíonn ar leith óna fearchéile agus nach féidir léi aon chúnamh airgid a fháil uaidh,

agus, i gcás sochar díobhála a bheith iníoctha, gan teideal aici chun méadú sochair i leith leanbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo ná i leith leanaí atá cáillithe amhlaidh ná i leith cleithiúnaí aosaithe ná, i gcás pinsean míthreorach a bheith iníoctha, nach mbeadh sí i dteideal amhlaidh dá mba shochar díobhála agus nár phinsean míthreorach ab iníoctha— cúig scilling déag agus sé phingin, agus

(b) in aon chás eile—trí scilling agus fiche.

(4) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, is é tuilleamh seachtainiúil duine ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí a ráta luach saothair an tráth sin in aghaidh gnáth-sheachtaine iomláine oibre leis an bhfostaíocht inar tharla an tionóisc, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am chun na críche sin, nó, mura raibh sé fostaithe go lánaimseartha leis an bhfostaíocht sin tráth na tionóisce iomchuí, an ráta luach saothair a chuirfeadh a fhostóir ar fáil i leith gnáthsheachtaine iomláine oibre leis an bhfostaíocht sin, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am:

Ar choinníoll—

(a) i gcás luach saothair a bheith á fháil ag duine ar shlí seachas de réir ráta sheachtainiúil, gurb é tuilleamh seachtainiúil an duine sin ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) tráth na tionóisce iomchuí ráta an luach saothair a thuillfeadh sé in aghaidh ghnáthsheachtaine iomláine oibre leis an bhfostaíocht sin, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am,

(b) i gcás nach indéanta, mar gheall ar gur chorrfhostaíocht an fhostaíocht nó mar gheall ar théarmaí na fostaíochta, an ráta luach saothair a ríomh a chuirfeadh an fostóir ar fáil in aghaidh gnáth-sheachtaine iomláine oibre tráth na tionóisce iomchuí, go bhféadfar aird a thabhairt ar an méid seachtainiúil a bhí á thuilleamh an tráth sin ag duine a bhí fostaithe leis an obair chéanna ag an bhfostóir céanna, nó mura raibh aon duine fostaithe amhlaidh, ag duine sa ghrád céanna a bhí fostaithe leis an aicme chéanna fostaíochta agus sa cheantar céanna, agus

(c) chun críocha fho-alt (1) den alt seo i gcás pinsin mhíthreorach agus chun críocha fho-alt (2) den alt seo, go bhféadfar an luach saothair seachtainiúil, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am, a cuireadh ar fáil i gcaitheamh aon tréimhse tar éis na tionóisce iomchuí i bhfostaíocht lena raibh duine fostaithe tráth na tionóisce iomchuí a chur, maidir leis an tréimhse sin, in ionad a thuillimh sheachtainiúil iarbhír tráth na tionóisce iomchuí más tairbhiúla sin dó; agus go gcuirfear sa chuntas chun na críche sin (más iomchuí) ionchas réasúnach an duine sin dul ar aghaidh chun lánráta luach saothair duine aosaithe a fháil.

(5) Más rud é—

(a) go bhfuil duine, de bhua rialachán faoi alt 24 den Acht seo, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla faoin Acht seo, agus

(b) go bhfuil barrachas ag méid aon íocaíochta nó íocaíochtaí den sórt sin in aghaidh aon tseachtaine mar aon leis an íocaíocht sheachtainiúil cúitimh a bhfuil sé ina theideal faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre (nó i gcás inar scoir sé de bheith i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla cúitimh faoi na hAchtanna sin, an íocaíocht sheachtainiúil deiridh acu sin) ar mhéid an tuillimh sheachtainiúil, agus gan aird a thabhairt ar bhreis-am, a cuireadh ar fáil de thuras na huaire san fhostaíocht inar tharla an tíonóisc iomchuí nó ar mar gheall ar a cinéal a tolgadh an galar iomchuí, agus ionchas réasúnach duine chun lánráta luach saothair duine aosaithe a fháil a chur sa chuntas chun na críche sin (más iomchuí).

déanfar méid na híocaíochta nó na n-íocaíochtaí seachtainiúla faoin Acht seo in aghaidh na seachtaine sin a laghdú méid an bharrachais.

San fho-alt seo ciallaíonn “tionóisc iomchuí” an tionóisc ar ina leith a tháinig an íocaíocht sheachtainiúil chúitimh chun bheith iníoctha agus ciallaíonn “galar iomchuí” an galar ar ina leith a tháinig an íocaíocht sin chun bheith iníoctha.

(6) Chun críocha an ailt seo, i gcás inarb é atá i méid an tuillimh sheachtainiúil slánuimhir scillingí agus cuid de scilling, glacfar gurb í an chéad slánuimhir eile scillingí is mó an méid sin.

Costas cúram liachta a íoc.

1953, Uimh. 26 .

1945, Uimh. 19 .

26. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar costas an chúraim liachta a mheasfaidh an tAire a thabhaigh duine árachaithe go réasúnach agus go riachtanach de dheasca díobháil nó galar a raibh sé, nuair a bhain sí dó nó nuair a tholg sé é, faoi árachas ina haghaidh nó ina aghaidh faoi na hAchtanna a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde a mhéid nach nglanfar an costas sin faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, nó faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, nó faoi rialacháin faoi alt 25 den Phríomh-Acht.

(2) I gcás ina mbeidh an duine árachaithe cáilithe chun leas a bhaint dó féin as seirbhísí arna soláthar faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, nó faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, nó as sochar cóireála faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 25 den Phríomh-Acht, ach nach ndéanfaidh sé amhlaidh, ní rachaidh an méid is iníoctha faoin alt seo thar an méid ab iníoctha dá mba rud é gur bhain sé leas as na seirbhísí nó an sochar sin.

(3) I gcás ina bhfaighidh duine árachaithe cúram liachta i gcaitheamh aon tréimhse a bheidh sé ina othar istigh in ospidéal nó i bhforas dá shamhail, ní rachaidh an méid is iníoctha faoin alt seo i leith an chúraim sin thar—

(a) an méid uasta ab inmhuirir faoi fho-alt (4) d'alt 15 den Acht Sláinte, 1953 , i gcás duine árachaithe a gcuirfí na seirbhísí forais arna soláthar faoin alt sin ar fáil dó in aghaidh na tréimhse sin, nó

(b) an méid uasta ab inmhuirir faoin alt 231A den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , i gcás duine árachaithe a gcuirfí cúnamh ospidéil meabhair-ghalar ar fáil dó in aghaidh na tréimhse sin,

cibé méid acu sin is iomchuí.

(4) An méid is iníoctha faoin alt seo i leith cúram liachta a cuireadh ar fáil ar shlí seachas i gcaitheamh tréimhse a bhí an duine árachaithe ina othar istigh in ospidéal nó i bhforas dá shamhail is é a bheidh ann cibé suim a mheasfaidh an tAire is iomchuí don chúram a tugadh dó, ag féachaint don ghá réasúnach a bhí leis an gcúram sin agus don táille is gnách ina leith, ach, i gcás scrúdú X-gha nó seirbhíse speisialta eile, ní rachaidh an méid is iníoctha amhlaidh thar an méid uasta ab inmhuirir faoi fho-alt (5) d'alt 15 den Acht Sláinte, 1953 , i gcás duine árachaithe.

(5) I gcás ina dteastóidh cúram liachta ó dhuine árachaithe de dheasca díobháil nó galar a raibh sé árachaithe ina haghaidh nó ina aghaidh faoi na hAchtanna an tráth a bhain an díobháil dó nó a tholg sé an galar, déanfaidh seisean nó cibé duine eile a bheidh forordaithe fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire, laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe, i dtaobh an chúraim a bheidh ag teastáil uaidh, agus tabharfaidh sé cibé sonraí a iarrfar i dtaobh an chúraim sin, agus ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo mura dtabharfar an fógra agus, má iarrtar aon sonraí mar a dúradh, na sonraí sin.

(6) I gcás ina dtabharfar fógra faoin bhfo-alt sin roimhe seo, féadfar a cheangal ar an duine árachaithe dul faoi scrúdú dochtúra d'fhonn a chruthú gur gá an cúram liachta de dheasca na tionóisce nó an ghalair iomchuí agus gur cúram é atá réasúnach ina chás, agus ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo mura gcomhlíonfaidh sé an ceanglas.

(7) Is le cibé daoine is iomchuí leis an Aire a dhéanfar íocaíochtaí faoin alt seo agus go sonrach, más d'údarás sláinte a bheidh costas an chúraim liachta faoin alt seo dlite, féadfar íocaíocht a dhéanamh leis an údarás sin.

(8) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin chun go gcuirfear chun feidhme maidir le híocaíochtaí faoin alt seo aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna a bhaineann le sochair agus le héilimh a dhéanamh, faoi réir aon bhreisithe nó modhnuithe.

(9) Chun críocha an ailt seo áireofar ar chúram liachta, faoi réir aon bhreisithe a fhéadfar a dhéanamh le rialacháin,—

(a) cúram gnáthdhochtúra agus cúram sainliachta, lena n-áirítear cuairteanna baile,

(b) cúram altranais sa bhaile ach amháin i gcás ina nglanfar an costas trí mhéadú faoi alt 13 den Acht i leith síorfhreastail, agus cúram altranais agus cothabháil in ospidéil, i dtithe téarnaimh, i sanatoria nó i bhforais liachta eile,

(c) soláthairtí cógaiseoireachta agus soláthairtí liachta nó máinliachta eile, lena n-áirítear fearais phróistéiteacha agus chluasfhearais, arna bhforordú ag liachleachtóir cláraithe, iad sin a choinneáil i ndeisriocht, agus iad a athsholáthar nuair is gá sin,

(d) déadchóireáil agus déadfhearais agus súilchóireáil agus súilfhearais,

(e) cúram, ar oideas liachleachtóra chláraithe, ag comhaltaí de ghairmeacha atá gaolmhar do ghairm na liachta, lena n-áirítear fisiteiripithe agus cosleá.

Fógra i dtaobh tionóiscí.

27. —(1) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin á cheangal ar an duine árachaithe an fógra forordaithe a thabhairt laistigh den tréimhse fhorordaithe faoi aon tionóisc a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 26 den Acht seo a bheith iníoctha ina leith, nó, más rud é go bhfaighidh sé bás de dheasca na tionóisce laistigh den tréimhse sin, ar cibé duine eile a bheidh forordaithe an fógra sin a thabhairt d'fhostóir an duine árachaithe nó don duine forordaithe eile.

(2) Má mhainnítear gan chúis mhaith an fógra forordaithe a thabhairt dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo (lena n-áirítear, i gcás éileamh ar shochar báis, mainneachtain ag duine éigin eile an fógra forordaithe faoin tionóisc iomchuí a thabhairt) féadfar foráil a bheith i rialacháin le haghaidh dícháiliú chun sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid a fháil faoi alt 26 den Acht seo in aghaidh cibé tréimhse a chinnfear de réir na rialachán.

Fostóirí do thuairisciú tionóiscí.

28. —Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin á cheangal ar fhostóirí—

(a) tuarascálacha a thabhairt, do cibé duine agus i cibé foirm agus laistigh de cibé am a fhorordófar, i dtaobh tionóiscí a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 26 den Acht seo a bheith iníoctha ina leith,

(b) aon eolas a thabhairt don duine forordaithe is gá le haghaidh cinneadh a dhéanamh ar éilimh ar shochar díobhálacha ceirde nó ar cheisteanna a éireoidh i ndáil le héilimh ar an sochar sin nó i ndáil leis an sochar sin a dhámhachtain,

(c) cibé bearta eile a dhéanamh a fhorordófar chun a urasú fógraí a thabhairt i dtaobh tionóiscí a bhféadfadh sochar díobhálacha ceirde nó aon mhéid faoi alt 26 den Acht seo a bheith iníoctha ina leith, éilimh a dhéanamh ar an sochar sin, agus cinneadh a dhéanamh as éilimh ar an sochar sin agus ar cheisteanna a éireoidh i ndáil le héilimh ar an sochar sin nó i ndáil leis an sochar sin a dhámhachtain.

Dearbhú gur tionóisc cheirde tionóisc áirithe.

29. —(1) Más rud é, maidir le haon éileamh ar shochar díobhálacha ceirde, go gcinnfear gur thionóisc cheirde nó nárbh ea an tionóisc iomchuí déanfar agus taifeadfar dearbhú sainráite ar an ní sin agus (faoi réir forálacha fho-alt (3) den alt seo) beidh sé de theideal ag an éilitheoir go ndéanfaí cinneadh ar an gceist i dtaobh an tionóisc iomchuí a bheith ina tionóisc cheirde d'ainneoin go ndiúltófar ar fhorais eile dá éileamh.

(2) Faoi réir forálacha an chéad fho-ailt eile ina dhiaidh seo, beidh duine a fhulaingíonn ó dhíobháil phearsanta de dheasca tionóisce i dteideal, má éilíonn sé gur tionóisc cheirde an tionóisc, go ndéanfar cinneadh ar an gceist sin, agus go ndéanfar dearbhú agus go dtaifeadfar é dá réir sin, d'ainneoin nach mbeidh aon éileamh déanta ar shochar díobhálacha ceirde ar maidir leis a éiríonn an cheist, agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna chun na críche sin ionann agus dá mba rud é gur maidir le héileamh ar shochar díobhálacha ceirde a d'éirigh an cheist.

(3) D'ainneoin aon ní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, féadfaidh an t-oifigeach breithiúnachta nó an t-oifigeach achomhairc, cibé acu é, diúltú cinneadh a dhéanamh ar an gceist i dtaobh ar thionóisc cheirde tionóisc áirithe más deimhin leis nach dócha go mbeidh sé riachtanach an cheist a chinneadh chun críocha aon éilimh ar shochar díobhálacha ceirde, ach aon diúltú den sórt sin ag oifigeach breithiúnachta déanfar, ar fhógra achomhairc a thabhairt don Aire laistigh den tréimhse fhorordaithe, é a tharchur chun oifigeach achomhairc.

(4) Faoi réir forálacha na nAchtanna maidir le hachomharc agus athbhreithniú, beidh aon dearbhú faoin alt seo á dhearbhú gur thionóisc cheirde nó nárbh ea tionóisc áirithe críochnaitheach chun críocha aon éilimh ar shochar díobhálacha ceirde maidir leis an tionóisc sin, cibé acu arb é nó nach é an t-éilitheoir an duine arb ar a thionscnamh a rinneadh an dearbhú.

(5) Chun críocha an ailt seo, aon tionóisc a bhfulaingíonn duine díobháil phearsanta dá dheasca measfar gur tionóisc cheirde í maidir leis an duine sin más rud é—

(a) gur tharla sí de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta,

(b) gur fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) an fhostaíocht sin, agus

(c) nach bhfuil íoc sochair díobhálacha ceirde coiscthe toisc an tionóisc tarlú le linn dó a bheith lasmuigh den Stát,

agus forléireofar dá réir sin tagairtí in altanna eile den Acht seo do thionóisc cheirde.

Leathnú ar alt 47 den Phríomh-Acht maidir le híocaíochtaí áirithe.

30. —D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna, féadfaidh rialacháin arna ndéanamh de bhun alt 47 den Phríomh-Acht maidir le ham íoca sochair díobhálacha ceirde seachas sochar díobhála foráil a dhéanamh chun coigeartú a dhéanamh ar dháta tosaithe agus críochnaithe sochair, nó ar aon athruithe ar an ráta sochair, ionas nach ndéanfar íocaíochtaí in aghaidh tréimhsí is giorra ná seachtain ná íocaíochtaí de réir rátaí éagsúla i leith codanna éagsúla de sheachtain.

Dícháiliú chun sochair dhíobhála nó sochair mhíthreorach agus imeachtaí a fhionraí.

31. —(1) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin chun duine a dhícháiliú chun sochar díobhála nó sochar míthreorach a fháil in aghaidh aon tréimhse is faide ná sé sheachtain, nó chun go bhfionrófar imeachtaí ar aon éileamh ar shochar díobhála nó ar shochar míthreorach nó ar aon íocaíocht shochair dhíobhála nó shochair mhíthreorach, má mhainníonn an duine gan chúis mhaith—

(a) chur dul faoi scrúdú dochtúra ó am go ham d'fhonn éifeacht na tionóisce iomchuí a chinneadh, d'fhonn a chinneadh ar tháinig cailleadh cumais den tionóisc, cén grád ar dá réir atá méid na míthreorach a tharla de dheasca cailleadh cumais le measúnú agus cén tréimhse atá le cur i gcuntas sa mheasúnacht, nó cén chóireáil is oiriúnach don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí,

(b) dul ó am go ham faoi chóireáil liachta oiriúnach don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí,

(c) teacht i láthair i cibé áiteanna agus amanna is gá chun críocha an scrúdaithe dochtúra nó na cóireála liachta sin, nó

(d) aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh.

(2) Beidh foráil i rialacháin faoin alt seo chun íocaíocht a thabhairt d'aon duine a thiocfaidh i láthair le haghaidh scrúdú nó cóireála liachta mar a dúradh a mbeidh cibé méid inti a chinnfidh an tAire gurb é méid na gcostas taistil agus na gcostas eile (lena n-áirítear aon chostas arb é a bhí ann cailleadh ama lenar ghabh luach saothair) é a thabhaigh an duine go réasúnach agus go riachtanach i leith teacht i láthair.

Duine a áireamh mar dhuine atá éagumasach chun oibre, etc.

32. —Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin chun duine a áireamh chun críocha an Achta seo mar dhuine atá éagumasach chun oibre de dheasca tionóisce nó díobhála nuair nach n-áireofaí amhlaidh é ar leith ó na rialacháin agus féadfaidh foráil a bheith iontu freisin—

(a) maidir leis na laethanta a bheidh nó nach mbeidh, i gcás duine a áirítear nó atá le háireamh am ar bith mar dhuine éagumasach chun oibre de dheasca tionóisce nó díobhála, le háireamh chun críocha sochair díobhálacha ceirde mar laethanta a bhí an duine éagumasach chun oibre, agus

(b) maidir leis an lá a bheidh, i gcás oibrithe oíche agus cásanna speisialta eile, le háireamh chun críocha díobhálacha ceirde mar lá na tionóisce.

Cóireáil liachta agus cóireáil ospidéil cheadaithe.

33. —(1) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “cóireáil liachta” cóireáil liachta, máinliachta nó athinmheachain (lena n-áirítear aon bhiachúrsa nó regimen eile) agus forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo do dhuine a bhfuil cóireáil liachta á fháil aige nó atá ag dul faoi chóireáil liachta.

(2) Déanfar na tagairtí san Acht seo do dhuine a bhfuil cóireáil ospidéil cheadaithe á fáil aige a fhorléiriú, maidir le haon sochar díobhálacha ceirde is iníoctha leis, mar thagairtí a thagraíonn do chóireáil liachta a bheith á fáil aige don díobháil iomchuí nó don chailleadh cumais iomchuí, mar othar istigh in ospidéal nó i bhforas dá shamhail, le ceadú an Aire.

(3) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin chun go ndéanfar, i gcás duine d'fháil cóireáil liachta mar othar istigh in ospidéal ar feadh dhá thréimhse ar leithligh nó níos mó a raibh eatramh nó eatraimh eatarthu ba ghiorra ná fad sonraithe, é a áireamh chun críocha an Achta seo mar dhuine a bhí á fáil go leanúnach ó thosach na chéad tréimhse go dtí deireadh na tréimhse deiridh.

Athinmheachan.

1953, Uimh. 26 .

34. —(1) Féadfaidh an tAire cibé ranníocaí a chinnfidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, a thabhairt i leith costas seirbhísí athinmheachain (lena n-áirítear seirbhísí athinmheachain arna soláthar faoi alt 50 den Acht Sláinte, 1953 ) do dhaoine a bheidh i dteideal sochair mhíthreorach.

(2) Déanfar na méideanna a bheidh ag teastáil le haghaidh aon ranníocaí faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde.

Taighde.

35. —(1) Féadfaidh an tAire taighde a chur chun cinn faoi chúiseanna agus minicíocht, agus faoi mhodhanna coiscthe—

(a) tionóiscí agus díobhálacha a soláthraítear árachas díobhálacha ceirde ina n-aghaidh, nó

(b) galair a soláthraítear árachas den sórt sin ina n-aghaidh nó a bhfuiltear ar intinn é a fhorordú chun críocha alt 23 den Acht seo,

trí dhaoine a fhostú é féin chun an taighde a stiúradh nó trí ranníoc a thabhairt i leith costas daoine eile, nó trí chabhrú ar shlí eile le daoine eile, a bheidh ag gabháil don taighde.

(2) Féadfaidh an tAire cibé tuarastail nó luach saothair eile, agus cibé liúntais taistil nó liúntais eile, a chinnfidh sé le toiliú an Aire Airgeadais a íoc le daoine a fhostófar mar a dúradh.

(3) Déanfar na méideanna a bheidh ag teastáil le haghaidh aon íocaíochtaí faoin alt seo a íoc amach as Ciste na nDíobhálacha Ceirde.

Ranníocaí fostaíochta.

36. —(1) Gach uile dhuine, is cuma cén aois é, a bheidh, an lá ceaptha nó dá éis, fostaithe le fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) is ranníocóir fostaithe é agus déanfar tagairtí sna hAchtanna do ranníocóir fostaithe a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Maidir le ranníocóir fostaithe nár ranníocóir mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo—

(a) i gcás é a bheith faoi bhun sé bliana déag d'aois, ní bheidh aon ranníocaí fostaíochta iníoctha,

(b) in aon chás eile (lena n-áirítear cás ina mbeidh sé os cionn aoise inphinsin) is é a bheidh sna ranníocaí fostaíochta seachtainiúla ranníocaí fostóirí 2s. 1d., agus sin amháin, i gcás ranníocóra fhostaithe fhireann agus 1s. 6d., agus sin amháin, i gcás ranníocóra fhostaithe bhaineann.

(3) Maidir le ranníocóir fostaithe is ranníocóir fostaithe de bhua alt 4 den Phríomh-Acht agus fho-alt (1) den alt seo, déanfar gach ceann de na rátaí seachtainiúla ranníocaí fostóirí atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a mhéadú 2s. 1d. i gcás ranníocóra fhostaithe fhireann agus 1s. 6d. i gcás ranníocóra fhostaithe bhaineann.

(4) Ní dhéanfar nníoc fostaíochta is iníoctha de bhua mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo a ríomh chun duine ar bith a cháiliú nó a athcháiliú le haghaidh aon cheann de na sochair dá dtagraítear i míreanna (a) go (g) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Phríomh-Acht.

(5) Ní thabharfar aird ar árachas díobhálacha ceirde aon duine nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ar a cheart chun bheith, agus leanúint de bheith, ina ranníocóir saorálach agus ní dhéanfaidh an t-árachas sin difear don ráta ranníoca shaorálaigh is iníoctha in aon chás.

(6) Leathnaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (4) d'alt 6 den Phríomh-Acht d'fhonn éifeacht a bheith aici i gcás nár thug an ranníocóir fostaithe aon seirbhísí i gcaitheamh seachtaine áirithe agus a raibh sé ag fáil sochair dhíobhála in aghaidh, nó ag fáil forlíonadh do-fhostaitheachta is inchurtha i leith, na seachtaine go léir nó aon choda di.

(7) Déanfar tagairtí d'fhostaíocht inárachaithe i bhfo-ailt (4) agus (5) d'alt 2, i bhfo-alt (1) d'alt 42 agus i bhfo-ailt (3) agus (6) d'alt 49 den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairtí freisin d'fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).

Ciste na nDíobhálacha Ceirde.

37. —(1) Bunófar ciste (dá ngairfear Ciste na nDíobhálacha Ceirde) arb é a bheidh ann cuntas reatha, a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire, agus cuntas infheistíochta, a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire Airgeadais.

(2) (a) D'ainneoin aon fhoráil contrártha dó sin, déanfar sochair dhíobhálacha ceirde, mar aon le haon íocaíochtaí eile faoin Acht seo is iníoctha as Ciste na nDíobh-álacha Ceirde, a íoc amach as cuntas reatha an Chiste sin, agus, chun airgead a sholáthar le haghaidh an chaiteachais ar shochair agus íocaíochtaí eile den sórt sin, déanfar ranníocaí fostaíochta a íocadh isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh de dhroim fho-alt (2) d'alt 36 den Acht seo agus méaduithe ar ranníocaí fostaíochta a íocadh amhlaidh de dhroim fho-alt (3) den chéanna a íoc amach as an gCiste sin le cuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde.

(b) Déanfar na suimeanna seo a leanas a bheifear tar éis a íoc amach as an gCiste Árachais Shóisialaigh a aisíoc leis an gCiste sin as Ciste na nDíobhálacha Ceirde:

(i) suimeanna a bheifear tar éis a íoc ar mhodh sochair mhíchumais i leith éagumas chun oibre mar gheall ar thionóisc cheirde, nó ghalar nó dhíobháil a fhorordófar chun críocha alt 23 den Acht seo, le duine i dteideal sochair mhíthreorach i leith na tionóisce, an ghalair nó na díobhála sin,

(ii) suimeanna a bheifear tar éis a íoc i leith aon tréimhse a thosóidh lá nach luaithe ná an lá ceaptha, ar mhodh sochair éagumais i leith éagumas chun oibre mar gheall ar dhíobháil nó galar, ar suimeanna iad a bheifear tar éis a íoc le duine a bheidh nó a bhí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1965, nó dá éis sin, i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla cúitimh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre i leith na díobhála nó an ghalair sin.

(3) Aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde agus nach mbeidh ag teastáil faoi chomhair caiteachais reatha aistreofar é go dtí cuntas infheistíochta an Chiste sin.

(4) Aon uair nach leor an t-airgead i gcuntas reatha Chiste na nDíobhálacha Ceirde faoi chomhair dliteanais an chuntais sin aistreofar chun an chuntais sin ó chuntas infheistíochta an Chiste sin cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh.

(5) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, aon airgead a bheidh chun creidiúna chuntas infheistíochta Chiste na nDíobhálacha Ceirde infheisteoidh an tAire Airgeadais é agus íocfar isteach sa chuntas sin aon ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin.

(6) Aon infheistíocht a dhéanfar de bhun fho-alt (5) den alt seo féadfar í a dhéanamh in aon urrúis a mbeidh cumhacht ag iontaobhaithe de thuras na huaire de réir dlí cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon chuid de na stoic, de na cistí agus de na hurrúis a bheidh de thuras na huaire údaraithe le dlí mar infheistíochtaí do Chistí Bhanc Taisce an Phoist.

(7) Déanfar cuntais Chiste na nDíobhálacha Ceirde a ullmhú i cibé foirm agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin a scrúdú agus a dheimhniú agus déanfar cóip de, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(8) Beidh na caiteachais seo a leanas inghnóthaithe ó Chiste na nDíobhálacha Ceirde cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais—

(a) caiteachais an Aire (arna gcinneadh ar cibé foras is cuí leis) i ndáil le réim árachais shóisialaigh a leathnú de bhun an Achta seo, agus

(b) caiteachais aon Aire eile (arna gcinneadh ar cibé foras ar a gcomhaontófar idir é féin agus an tAire) maidir leis an leathnú réime sin.

(9) Déanfar aon airgead a gheofar de bhun fho-alt (8) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(10) Nuair a bheidh caiteachais á meas chun críocha fho-alt (8) den alt seo, áireofar orthu cibé méid is ionann, dar leis an Aire Airgeadais, agus méid an dliteannais a fhaibhreoidh i leith aon aoisliúntais nó liúntais scoir, cnapshuimeanna nó aiscí eile a fhaibhreoidh maidir le fostaíocht aon oifigigh nó duine eile chun críocha an Achta seo.

(11) (a) I gcaitheamh na tréimhse dhá bhliain dar tosach an lá ceaptha, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suimeanna a airleacan, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, is gá chun dliteanais Chiste na nDíobhálacha Ceirde a ghlanadh, agus féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh na suimeanna a bheidh le hairleacan amhlaidh, airgead a fháil ar iasacht i cibé slí is cuí leis agus déanfar an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh a íoc isteach sa Státchiste.

(b) Aon suimeanna a airleacfar faoin mír sin roimhe seo, mar aon leis an ús (más aon ús é) orthu de réir cibé ráta a shocróidh an tAire Airgeadais, beidh siad ina muirear ar Chiste na nDíobhálacha Ceirde agus inaisíoctha as agus nuair a aisíocfar amhlaidh iad íocfar isteach sa Státchiste iad.

(c) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrúis a eiseoidh an tAire Airgeadais chun airgead a fháil ar iasacht faoin bhfo-alt seo agus na gcaiteachas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(12) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar athbhreithnithe achtúireachta ar staid airgeadais Chiste na nDíobhálacha Ceirde, ag féachaint, go háirithe, do dhóthanacht, nó neamhdhóthanacht, na ranníocaí le haghaidh na sochar agus na n-íocaíochtaí eile, agus cuirfidh sé faoi deara cóip de gach tuarascáil ón achtúire faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(b) Déanfar athbhreithniú faoin bhfo-alt seo i leith na tréimhse dar críoch an chéad 31ú lá de Mhárta i ndiaidh deireadh na tréimhse chúig bliana dar tosach an lá ceaptha agus dá éis sin i leith na tréimhse dar críoch an 31ú lá de Mhárta gach cúigiú bliain, faoi réir an choinníll go bhféadfaidh an tAire an tréimhse lena mbainfidh aon athbhreithniú den sórt sin a athrú.

(13) Déanfar tagairtí in ailt 32, 52, 54 agus 57 den Phríomh-Acht don Chiste a fhorléiriú mar thagairtí do Chiste na nDíobhálacha Ceirde freisin.

Modhnú ar ailt 44, 45 agus 46 den Phríomh-Acht.

38. —Beidh éifeacht ag ailt 44, 45 agus 46 den Phríomh-Acht ionann agus nach raibh ar áireamh sna focail “aon cheist dá sonraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 42 den Acht seo” in alt 44 ná sna focail “ceist a sonraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) d'alt 42 den Acht seo” in ailt 45 agus 46 tagairt do cheist faoin Acht seo i dtaobh ar de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta a tharla tionóisc.

Sochar a chur i gcuntas agus damáistí á measúnú.

1964, Uimh. 17 .

1961, Uimh. 41 .

39. —(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , agus alt 34 den Phríomh-Acht, i gcaingean i leith damáistí mar gheall ar dhíobhálacha pearsanta (lena n-áirítear non chaingean den sórt sin de dhroim conartha), cuirfear i gcuntas, agus na damáistí sin á measúnú, in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha, luach aon chearta a d'fhaibhrigh nó ar dócha dó faibhriú chuige uaidh sin i leith sochair dhíobhála nó sochair mhíthreorach (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 13 den Acht seo i leith síor-fhreastail) do na cúig bliana dar tosach an tráth a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt seo do mheasúnú na ndamáistí i leith díobhálacha pearsanta glacfar, i gcásanna ina bhfuil na damáistí is inghnóthaithe ar aon bhealach eile faoi réir a laghdaithe faoin dlí a bhaineann le faillí rannpháirteach nó teorannaithe le haon Acht nó faoi aon Acht nó le conradh, gur tagairt í d'iomlán na ndamáistí ab inghnóthaithe ar leith ón laghdú nó ón teorainniú.

(3) D'ainneoin alt 50 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , nuair a bheidh damáistí á measúnú i leith bás duine faoi Chuid IV den Acht sin, féadfar aon sochar báis, ar mhodh deontais faoi alt 22 den Acht seo i leith costas sochraide, a tháinig de bhás an duine sin, a chur i gcuntas.

Aisghairm.

1961, Uimh. 41 .

1934, Uimh. 9 .

1906, c. 58.

40. —Ní bheidh cúiteamh do lucht oibre faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, arna leasú le Cuid V den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , iníoctha i leith aon fhostaíochta an lá ceaptha nó dá éis, agus dá réir sin aisghairtear leis seo amhail ón lá sin na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, agus Cuid V den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 :

Ar choinníoll—

(a) go leanfaidh na hAchtanna sin d'fheidhm a bheith acu maidir le cásanna a mbeadh feidhm acu maidir leo dá mba nár ritheadh an tAcht seo, is cásanna ina n-éiríonn nó inar éirigh ceart chun cúitimh i leith fostaíochta roimh an lá ceaptha, ach amháin, i gcás galar nó díobháil atá forordaithe chun críocha alt 23 den Acht seo, nuair nach n-éireoidh an ceart roimh an lá ceaptha agus go mbeidh an t-oibrí, roimh é d'éirí, árachaithe faoin Acht seo in aghaidh an ghalair nó na díobhála sin;

(b) nach ndéanfaidh aisghairm an Achta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, difear d'aon rialacha cúirte arna ndéanamh faoin Acht sin ná don chumhacht chun rialacha cúirte nua a dhéanamh chun críocha an Achta sin; agus

(c) nach ndéanfaidh aisghairm fho-alt (1) d'alt 13 den Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, difear d'fheidhmiú na nAchtanna a aisghairtear leis an Acht sin nó leis an Workmen's Compensation Act, 1906, maidir le cásanna a bhfuil siad le leanúint d'fheidhm a bheith acu maidir leo de bhua an fho-ailt sin.

Cumhacht chun deacrachtaí a chur ar neamhní.

41. —(1) Más rud é i gcúrsa ar bith go dtarlóidh aon deacracht ag tabhairt an Achta seo, nó aon leasaithe nó aisghairme a dhéantar leis an Acht seo, i ngníomh, féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, rud ar bith a dhéanamh le hordú a dhealraíonn a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin forálacha na nAchtanna a mhodhnú a mhéid a dhealróidh sé a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an t-ordú a chur in éifeacht.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite ón lá ceaptha.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 .

1956, Uimh. 10 .

42. —(1) An míniú ar “lá seirbhíse” atá in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , leasaítear é leis seo tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) lá (seachas Domhnach) ar íocadh sochar díobhála nó sochar mhíthreorach leis an seirbhíseach ina leith faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , ar choinníoll—

(i) gur lá mar a luaitear i mír (a) den mhíniú seo a tharla an tionóisc (nó, cibé acu é, a tharla an díobháil nó a tolgadh an galar),

(ii)  (I) nárbh fhaide ná bliain an tréimhse go léir ar íocadh an sochar ina leith, nó

(II) má b'fhaide ná bliain an tréimhse go léir ar íocadh an sochar ina leith, gur lá é sa chuid sin den tréimhse a bhí laistigh de bhliain óna tosach, agus

(iii) i gcás lá ar íocadh sochar míthreorach leis an seirbhíseach ina leith, gur lá é a bhí sé éagumasach chun oibre nó neamhábalta, de dheasca na tionóisce, na díobhála nó an ghalair sin agus dá dheasca sin amháin, obair a dhéanamh sa tslí dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú seo,”.

(2) An míniú ar “páigh” atá in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , leasaítear é leis seo tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) i gcás seirbhíseach a bhfuil sochar díobhála nó sochar míthreorach á íoc leis faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , folaíonn sé, má tharla an tionóisc (nó, cibé acu é, má tharla an díobháil nó má tolgadh an galar) lá den sórt dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar ‘lá seirbhíse’ atá san alt seo agus más rud é, i gcás sochar míthreorach a bheith á íoc leis, go bhfuil sé éagumasach chun oibre nó neamhábalta, de dheasca na tionóisce, na díobhála nó an ghalair sin agus dá dheasca sin amháin, obair a dhéanamh sa tslí dá dtagraítear sa mhír sin (a), an pháigh a gheobhadh sé dá mba rud é nach raibh an sochar sin á fháil aige, agus”.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 43 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , tríd an méid seo a leanas a chur leis i ndeireadh an fho-ailt sin:—“nó i leith tréimhse ar íocadh sochar díobhála nó sochar míthreorach leis ina haghaidh faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , má tharla an tionóisc (nó, cibé acu é, má tharla an díobháil nó má tolgadh an galar) lá den sórt dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar ‘lá seirbhíse’ atá in alt 2 den Acht seo agus más rud é, i gcás tréimhse ar íocadh sochar míthreorach leis ina haghaidh, go raibh sé, ar a feadh, éagumasach chun oibre nó neamhábalta, de dheasca na tionóisce, na díobhála nó an ghalair sin agus dá dheasca sin amháin, obair a dhéanamh sa tslí dá dtagraítear sa mhír sin (a)”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

43. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , a ghairm den Acht seo agus forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1965.

(2) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966, a ghairm de na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1965, agus den Acht seo le chéile.