|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 24 de 1965. | ||
[EN] |
ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1965 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1962. [3 Samhain, 1965.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1936” Acht na Sclábhaithe, 1936 ; | |
[EN] | tá le “blianacht” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1936, agus folaíonn sé cuid de bhlianacht den sórt sin; | |
[EN] | ciallaíonn “iostán” iostán arna chur ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962, agus, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn sé an plásán (más ann) a tugadh leis an iostán sin; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil. | |
[EN] |
Is féidir iostán nó plásán a mhuirearú, a mhorgáistiú, a fhoroinnt nó a choimhthiú. |
2. —(1) D'ainneoin ailt 17 agus 21 d'Acht 1936, agus faoi réir forálacha an ailt seo, féadfar aon iostán, nó aon phlásán nó cuid de phlásán a bheidh á shealbhú i dteannta iostáin, agus measfar gurbh fhéidir riamh, i rith na tréimhse íocaíochta i leith an iostáin, a mhuirearú, a mhorgáistiú, a fhoroinnt nó a choimhthiú ar dhóigh seachas trí réadtiomnú nó trí oibriú dlí, le toiliú ó chomhairle iomchuí contae. |
[EN] | (2) Gan dochar d'aon chumhacht eile chuige sin, féadfaidh comhairle contae a dtoiliú le coimhthiú iostáin a choinneáil gan tabhairt más é a dtuairim— | |
[EN] | (a) gur duine nach bhfuil i ngá tithíochta an duine a bhfuiltear ar intinn an t-iostán a choimhthiú chuige, nó | |
[EN] | (b) dá ndéanfaí an coimhthiú, go bhfágfadh sé, nó gur dóigh go bhfágfadh sé, go mbeadh an duine atá chun an coimhthiú a dhéanamh nó aon duine dá chleithiúnaithe gan tithíocht dhóthanach nó gan tithíocht oiriúnach. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeifear ar intinn iostán atá faoi réir blianachta agus faoi mhuirear a híoctha sa todhchaí a dhíol nó a aistriú, féadfaidh comhairle contae, sula dtoileoidh siad leis an díol nó leis an aistriú, a cheangal go bhfuasclófar an bhlianacht faoi alt 3 den Acht seo. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar plásán nó cuid de phlásán a shealbhaítear i dteannta iostáin agus é faoi réir blianachta agus faoi mhuirear a híoctha sa todhchaí a mhuirearú, a mhorgáistiú, a fhoroinnt nó a choimhthiú, ar dhóigh seachas trí réadtiomnú nó trí oibriú dlí, tar éis an tAcht seo a rith, cionroinnfidh comhairle contae an bhlianacht mar is iomchuí leo, agus i gcás díola nó aistrithe ceanglóidh an chomhairle go bhfuasclófar faoi alt 3 den Acht seo an chuid den bhlianacht a chionroinnfidh siad i leith an phlásáin nó an chuid de phlásán. | |
[EN] | (5) Féadfaidh comhairle contae, sula dtabharfaidh siad a dtoiliú le coimhthiú nó foroinnt aon iostáin nó an phlásáin nó aon choda den phlásán a shealbhaítear i dteannta an iostáin, a cheangal go n-íocfar leo suim a bheidh formheasta ag an Aire chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Blianachtaí a fhuascailt. |
3. —I gcás blianachta a bheidh gan íoc tráth ar bith, féadfaidh an duine a dhlífidh an bhlianacht a íoc í a fhuascailt, más cuí sin leis an gcomhairle contae atá i dteideal an bhlianacht a fháil, trí cibé suim a bheidh formheasta ag an Aire a íoc leis an gcomhairle, agus ar an gcomhairle d'fháil na suime a bheidh formheasta amhlaidh, beidh an t-áitreabh, a bheadh faoi réir na blianachta agus faoi mhuirear a híoctha, mura mbeadh an fo-alt seo, saortha agus fuascailte ó íoc na blianachta. |
[EN] |
Acht 1936 a scor, go hiomlán nó ar dhóigh eile, d'fheidhm a bheith aige in imthosca áirithe. |
4. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) áitreabh atá faoi réir blianachta agus faoi mhuirear a híoctha sa todhchaí a choimhthiú nó a fháil ag comhairle contae lenar ghá, roimh an t-áitreabh a fháil, an bhlianacht a íoc, nó | |
[EN] | (b) ina bhfuasclófar blianacht faoi alt 3 den Acht seo, | |
[EN] | ansin, má fhaightear an t-áitreabh amhlaidh nó má fhuasclaítear an bhlianacht go hiomlán, scoirfidh forálacha uile Acht 1936, lena n-áirítear na coinníollacha reachtúla, a leanfadh de bheith ag baint, murach an t-alt seo, leis an áitreabh i gcaitheamh na tréimhse íocaíochta, nó in aon chás eile, scoirfidh siad de bhaint a bheith acu amhlaidh a mhéid a chinnfidh comhairle contae le hordú. | |
[EN] | (2) San alt seo, tá le “coinníollacha reachtúla” agus “tréimhse íocaíochta” na bríonna céanna atá leo in alt 17 d'Acht 1936. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar Acht na Sclábhaithe, 1965 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1965, a ghairm den Acht seo mar aon le hAchtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962. |