28 1964


Uimhir 28 de 1964.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1963, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1963, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1963, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1963. [15 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1963, Uimh. 26 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963 .

Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú.

2. —(1) Déantar leis seo gach ceann de na rátaí 35s. 0d., 30s. 0d., 25s. 0d., 20s. 0d., 15s. 0d., 10s. 0d., agus 5s. 0d., atá leagtha amach sa Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1963) a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 77 d'Acht 1952 a mhéadú 2s. 6d.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an lú lá de Lúnasa, 1964.

Rátaí cúnaimh dífhostaíochta a mhéadú.

3. —(1) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur, in Acht 1933, in ionad an Sceidil a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le halt 3 d'Acht 1963:

“AN SCEIDEAL

Rátaí Cúnaimh Dífhostaíochta.

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile.

Sa tseachtain

Sa tseachtain

Duine gan chleithiúnaí

29s. 0d.

23s. 0d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..

52s. 6d.

44s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ...     ...

62s. 6d.

54s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh cleithiúnacha

nó níos mó     ...

72s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

64s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin

39s. 0d.

33s. 0d.

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha

nó níos mó     ...     ...

49s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

43s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1964.

Rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach) a mhéadú.

1962, Uimh. 17 .

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935, trí—

(a) “níos mó ná céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag” i mír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962 ) d'fho-alt (1),

(b) trí “níos mó ná dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “níos mó ná céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” agus “sé scilling” a chur in ionad “ocht scilling agus sé phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (i) den mhír sin (b),

(c) trí “níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “níos mó ná céad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag”, “níos mó ná céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag”, “de bhreis ar chéad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag agus pingin” a chur in ionad “de bhreis ar chéad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag agus pingin” agus “sé scilling” a chur in ionad “ocht scilling agus sé phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfo-mhír (ii) den mhír sin (b), agus

(d) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B:

“TABLA B

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s. 

d.

s. 

d.

s.

d. 

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ...     ...     ...

36

0

46

0

56

0

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d.     ...     ...     ...

31

0

41

0

51

0

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s 0d.     ...     ...     ...

26

0

36

0

46

0

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d.     ...     ...     ...

21

0

31

0

41

0

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d.     ...     ...     ...

16

0

26

0

36

0

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d.     ...     ...     ...

11

0

21

0

31

0

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d.     ...     ...     ...

6

0

16

0

26

0

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d.     ...     ...     ...

Neamhní

11

0

21

0

níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £169 15s. 0d.     ...     ...     ...

Neamhní

6

0

16

0

níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £182 15s. 0d.     ...     ...     ...

Neamhní

Neamhní

11

0

níos mó ná £182 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £195 15s. 0d.     ...     ...     ...

Neamhní

Neamhní

6

0

 

 

 

 

 

 

”.

(2) Tiocfaidh fo-alt 1 den alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1964.

Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú i leith leanaí cáilithe.

1924, Uimh. 19 .

1960, Uimh. 28 .

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 trí fho-alt (2) a scriosadh agus na fo-ailt seo a leanas a chur isteach:

“  (2) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—

(a) i gcás gan acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, an ráta atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(b) i gcás inar mó acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí ná céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean dá mbeadh acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí níos mó ná céad agus tríocha punt agus cúig scilling déag ach gan bheith níos mó ná céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, lúide cúig scilling i leith gach suim trí phunt déag (más ann) atá san acmhainn bhliantúil sin de bhreis ar chéad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, agus aon chodán de thrí phunt déag a áireamh chun na críche sin mar thrí phunt déag; ar choinníoll, má bhíonn an ráta, arna ríomh de bhun na míre seo, ar dá réir ab iníoctha an pinsean mura mbeadh an coinníoll seo, níos lú ná seacht scilling agus sé phingin, nach mbeidh an pinsean iníoctha.

AN TABLA

An Ráta Pinsin

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Eilitheoir nó Pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Eilitheoir nó Pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Eilitheoir nó Pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Má bhionn acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ...     ...     ...

37

6

47

6

57

6

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d.     ...     ...     ...     ...

32

6

42

6

52

6

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d.     ...     ...     ...

27

6

37

6

47

6

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d.     ...     ...     ...

22

6

32

6

42

6

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d.     ...     ...     ...

17

6

27

6

37

6

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d.     ...     ...     ...

12

6

22

6

32

6

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d.     ...     ...     ...

7

6

17

6

27

6

 

 

 

 

 

 

 

 

(2A) Nuair a bheidh feidhm á thabhairt don Tábla a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo maidir leis an bhfo-alt sin—

(a) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (3) i gcás leanbh cáilithe amháin (agus sin an méid) a bheith ag an éilitheoir nó ag an bpinsinéir,

(b) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (4) i gcás beirt leanbh cháilithe nó níos mó a bheith ag an éilitheoir nó ag an bpinsinéir,

(c) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (2) in aon chás eile.

(2B) San alt seo ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’ maidir le héilitheoir nó le pinsinéir leanbh a bhfuil an t-éilitheoir nó an pinsinéir i dteideal liúntais leanaí ina leith faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1963.”

(2) Leasaítear leis seo alt 8 (arna leasú le hAcht 1963) d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 , trí “nách mó ná céad daichead is trí phunt, cúig scillinge déag a acfuinn mar a háirítear fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise” a scriosadh i bhfo-alt (1) agus an méid seo a leanas a chur isteach: “nach mó a acmhainn arna háireamh faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise—

(i) i gcás nach bhfuil aon leanaí (dá ngairtear leanaí cáilithe san fho-alt seo) ag an duine a bhfuil sé i dteideal liúntais leanaí ina leith faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1963, ná céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag,

(ii) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe amháin nó beirt leanbh cháilithe ag an duine, ná sé phunt is fiche i leith gach linbh cháilithe agus céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, agus

(iii) i gcás ina bhfuil níos mó ná beirt leanbh cháilithe ag an duine, ná sé phunt is fiche i leith gach linbh de bheirt leanbh cháilithe agus trí phunt déag i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt agus céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag.”

(3) Beidh éifeacht ag Riail 1 den Seachtú Sceideal d'Acht 1952 agus acmhainn éilitheora nó pinsinéara á háireamh, i gcás pinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1964, ionann is dá gcuirfí an fho-mhír seo a leanas i mír (II) in ionad fo-mhír (j) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 )—

“(j) i gcás duine nach duine dall agus a bhfuil leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe aige a chónaíonn go rialta leis, tuilleamh iomlán an duine sin ó fhostaíocht is fostaíocht a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ach amháin agus a mhéid a ríomhfar suim bhliantúil an tuillimh sin a bheith níos mó ná £39 i leith gach linbh den sórt sin.”

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1952.

6. —Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1952 tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh fo-mhír (c):

“(cc) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna atá aitheanta ag an Aire Oideachais le haghaidh múinteoirí i scoileanna náisiúnta, nó”.

Leasú ar alt 25 d'Acht 1952.

7. —Leasaítear leis seo alt 25 d'Acht 1952 trí “(faoi réir tórann cúig céad míle punt i ngach bliain airgeadais)” a scriosadh i bhfo-alt (3).

Leasú ar alt 27 d'Acht 1952.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1952 trí “nó pinsin (ranníocach) seanaoise” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “sochair dífhostaíochta”.

(2) Tiocfaidh ailt 9 agus 10 den Acht seo agus an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leasú ar alt 28A d'Acht 1952.

1960, Uimh. 25 .

9. —Leasaítear leis seo alt 28A (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ) d'Acht 1952 trí “nó faoi fho-alt (1) d'alt 27” a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “faoi fho-alt (2) d'alt 26”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

10. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí—

(a) “13” a chur isteach i gcolún (4) de Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1963) ag uimhir thagartha 5, agus

(b) “8” a chur isteach i gcolún (5) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin 5.

An dáta feidhm le haghaidh freaschur nó athbhreithniú breitheanna áirithe maidir le cúnamh dífhostaíochta.

11. —(1) Más rud é, de dhroim breith a fhreaschur nó a athbhreithniú, go dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal deimhniú cáilíochta a shealbhú faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, measfar, chun críocha na nAchtanna sin, go raibh an duine ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an bhreith, arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(2) Más rud é, de dhroim breith a fhreaschur nó a athbhreithniú, go gcúlghairfear deimhniú cáilíochta a bheidh eisithe chun duine faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, measfar, chun críocha na nAchtanna seo, nach raibh an duine sin ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an bhreith, arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(3) Más rud é, de dhroim breith a fhreaschur nó a athbhreithniú, go n-athrófar an ráiteas ar an ráta seachtainiúil acmhainne i ndeimhniú cáilíochta a eisofar chun duine faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, measfar, chun críocha na nAchtanna sin, go raibh an duine sin ina shealbhóir ar cibé deimhniú a bheidh sé i dteideal a shealbhú faoin mbreith, arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an bhreith arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(4) An t-iarratas ar chúnamh dífhostaíochta a dhéanfaidh duine a thiocfaidh i dteideal deimhniú cáilíochta de dhroim breith a fhreaschur nó a athbhreithniú féadfar a mheas go ndearnadh é ar an dáta a tháinig an bhreith arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh, in éifeacht, nó ar aon dáta ina dhiaidh sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “breith” breith oifigigh bhreithiúnachta nó oifigigh achomharc maidir le deimhniú cáilíochta faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964.

Leasú ar alt 13 d'Acht 1933.

1962, Uimh. 17 .

12. —Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1933 tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh fo-mhír (xi) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962 ):

“(xii) i gcás duine a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam a fhaightear uaithi nach dtéann thar £80 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam sin a théann thar £80 sa bhliain ach nach dtéann thar £200 sa bhliain”.

Leasú ar Acht 1935.

1948, Uimh. 17 .

1948, Uimh. 17 .

13. —(1) Déanfar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach in Acht 1935 in ionad alt 21 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1948 ):

“21. Ní dheonófar pinsean (neamhranníocach) baintrí do bhaintreach mura rud é nach bhfuil seachtó bliain d'aois slán aici.”

(2) Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1935 trí fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1948 ) a scriosadh.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

14. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé an hAchtanna um Pinsin Seanaoise, 1908 go 1963, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1964, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1963, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1963, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1964, a ghairm díobh le chéile agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1963, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1964, a ghairm díobh le chéile.