11 1964


Uimhir 11 de 1964.


ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 AGUS 1962. [24 Meitheamh, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1961, Uimh. 39 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

Líon gnáthbhreithiúna na Cúirte Cuarda.

2. —(1) Naonúr ar a mhéad an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.

(2) Aisghairtear leis seo alt 16 d'Acht 1961.

Cuarda a athrú.

3. —(1) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, más cuí leo é, le hordú—

(a) comhdhéanamh cuarda (seachas Cuaird Bhaile Atha Cliath agus Cuaird Chorcaí) a athrú trí chontae nó contaetha nó contae-bhuirg nó contae-bhuirgí nó contae nó contaetha agus contae-bhuirg nó contaebhuirgí a chur leis an gcuaird nó a bhaint aisti, agus

(b) i gcás inarb iomchuí é, ainm a thabhairt ar an gcuaird a ghairfear di in ionad an ainm a bheidh uirthi i láthair na huaire.

(2) Sula ndéanfaidh siad ordú faoin alt seo, rachaidh an Rialtas, ag gníomhú dóibh tríd an Aire, i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Cuarda, agus leis na breithiúna (más ann) den Chúirt Chuarda a bheidh buansannta do na cuarda lena mbainfidh an t-ordú.

(3) (a) Féadfar le hordú faoin alt seo socrú a dhéanamh chun go leanfar ar aghaidh agus go gcuirfear críoch le haon ghnó a bheidh á dhéanamh i gcuaird lena mbaineann an t-ordú agus a tionscnaíodh roimh thosach feidhme an ordaithe agus nach mbeidh críochnaithe roimh an tosach feidhme sin.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gnó a bheidh á dhéanamh sa Chuirt Chuarda a bheith á thionscnamh an lá a eisítear an bille sibhialta nó an doiciméad tionscnaimh eile a bhaineann leis.

Breitheamh a shannadh do chuaird in imthosca áirithe.

1947, Uimh. 20 .

4. —(1) D'ainneoin mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 20 d'Acht 1961, más rud é, aon uair a bheidh beirt bhreitheamh buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath agus a bheidh breitheamh buansannta do gach cuaird eile agus nach mbeidh aon bhreitheamh ann nach bhfuil buansannta do chuaird, go gceapfar breitheamh, féadfaidh an Rialtas an breitheamh sin a bhuansannadh d'aon chuaird in ionad breithimh a scoirfidh de bheith buansannta don chuaird sin agus, go dtí go ndéanfar an buansannadh sin, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuardaó am go ham é a shannadh go sealadach d'aon chuaird.

(2) Má bhíonn breitheamh buansannta do chuaird, féadfaidh an Rialtas, más cuí leo é, ar an mbreitheamh sin dá iarraidh sin, buansannadh an bhreithimh sin don chuaird sin a fhoirceannadh agus féadfaidh an Rialtas tráth ar bith ina dhiaidh sin é a bhuansannadh d'aon chuaird agus, go dtí go ndéanfar an buansannadh sin, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham é a shannadh go sealadach d'aon chuaird ach ní bheidh ann tráth ar bith níos mó ná breitheamh amháin nach bhfuil buansannta do chuaird.

(3) Nuair a dhéanfar breitheamh a shannadh go sealadach, faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, do chuaird, ansin, fad a bheidh sé sannta go sealadach amhlaidh, beidh ag an mbreitheamh sin, maidir leis an gcuaird sin, agus i gcomhréim le haon bhreitheamh a bheidh buansannta di agus le haon bhreitheamh a bheidh sannta go sealadach, faoi alt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 , arna chur chun feidhme le halt 48 d'Acht 1961 maidir leis an gcuaird sin, na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais uile a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha le dlí ar bhreitheamh a bheidh buansannta don chuaird sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “breitheamh” breitheamh den Chúirt Chuarda.

Saoire bhreithiúna na Cúirte Dúiche.

5. —Is iad na tráthanna a fhéadfaidh breithiúna na Cúirte Dúiche saoire a thógáil ná cibé tráthanna a cheadóidh an tAire.

Aistriú trialacha i gcásanna coiriúla ag breithiúna den Chúirt Chuarda.

1924, Uimh. 10 .

1963, Uimh. 23 .

6. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, nuair a dhéanfar duine (dá ngairtear cúisí san alt seo) a chúiseofar i gcion indíotáilte a chur ar aghaidh lena thriail ag an gCúirt Chuarda, má dhéanann an tArd-Aighne nó an cúisí iarratas chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar os a chomhair a bheidh an cúisí intriailte á iarraidh an triail a aistriú go dtí an Phríomh-Chúirt Choiriúil, déanfar—

(a) i gcás ina ndearna páirtí an iarratais, seacht lá ar a laghad sula ndearnadh é, fógra i dtaobh an iarratais a thabhairt don chúisí nó don Ard-Aighne, cibé acu é, an t-iarratas a dheonú, agus

(b) in aon chás eile, de rogha an bhreithimh, an t-iarratas a dheonú nó a dhiúltú, agus beidh an bhreith ag deonú nó ag diúltú an iarratais ina breith chríochnaitheach nach bhféadfar achomharc a dhéanamh ina coinne.

(2) I gcás—

(a) ina gcuirfear beirt chúisí nó níos mó ar aghaidh lena dtriail go dtí an Chúirt Chuarda agus go mbeartófar iad a thriail le chéile, agus

(b) ina ndeonófar iarratas ó dhuine amháin nó níos mó, ach gan é a bheith ina iarratas ó gach duine, de na cúisithe faoi fho-alt (1) den alt seo,

deonófar iarratas, gan fógra a bheith tugtha don chúisí, ón Ard-Aighne chun an bhreithimh a dheonaigh an t-iarratas réamhráite á iarraidh triail duine amháin nó níos mó de na cúisithe a bheidh fágtha a aistriú go dtí an Phríomh-Chúirt Choiriúil.

(3) Má bhíonn níos lú ná seacht lá idir an dáta a chuirfear cúisí ar aghaidh lena thriail agus an dáta a thosóidh an triail, déanfar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an triail a dheonú.

(4) Déantar leis seo alt 54 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , agus fo-alt (8) d'alt 34 den Acht Airgeadais, 1963 , a aisghairm.

Doiciméid chúirte a sheirbheáil leis an bpost.

1926, Uimh. 27 .

7. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “doiciméad Cúirte Cuarda” aon doiciméad lena dtionscnaítear imeachtaí sa Chúirt Chuarda (lena n-áirítear achomhairc ón gCúirt Dúiche) agus aon doiciméad eile maidir le himeachtaí sibhialta sa Chúirt Chuarda ar fógra, ordú nó toghairm fhinné é;

ciallaíonn “doiciméad Cúirte Dúiche” aon doiciméad lena dtionscnaítear imeachtaí sa Chúirt Dúiche (seachas imeachtaí i modh toghairme ar comhalta den Gharda Síochána, Aire Stáit, oifigeach d'Aire Stáit, an tArd-Aighne nó oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim an gearánach iontu, nó imeachtaí faoi na hAchtanna Freastal Scoile, 1926 agus 1936) agus toghairm fhinné maidir leis na himeachtaí sin.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le seirbheáil doiciméad Cúirte Cuarda agus doiciméad Cúirte Dúiche in aon limistéar aon uair nach mbeidh agus fad nach mbeidh aon seirbheálaí toghairme arna shannadh don limistéar sin ag an gCláraitheoir Contae don chontae ina bhfuil an limistéar.

(3) Féadfar doiciméad Cúirte Cuarda nó doiciméad Cúirte Dúiche a sheirbheáil trí chóip den doiciméad a chur leis an bpost réamhíoctha cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun an duine atá le seirbheáil ag an seoladh nó an áit ghnó is déanaí is eol a bheith aige sa Stát agus féadfaidh an duine a n-airbheartóidh an doiciméad é a bheith á eisiúint thar a cheann nó duine a bheidh údaraithe chuige sin aige an doiciméad a chur leis an bpost.

(4) Má dhéantar doiciméad Cúirte Cuarda nó doiciméad Cúirte Dúiche a sheirbheáil ar dhuine de bhun fho-alt (3) den alt seo, measfar, ar a chruthú go ndearnadh an clúdach ina raibh cóip den doiciméad a dhíriú, a chlárú agus a chur leis an bpost de réir forálacha an fho-ailt sin, gur seirbheáil bhailí ar an duine é mura gcruthaítear nár seachadadh an chóip sin.

(5) (a) I gcás—

(i) duine a mbeartófar doiciméad a sheirbheáil air de bhun fho-alt (3) den alt seo a bheith lasmuigh den Stát nó nach fios cá bhfuil sé agus nach féidir é sin a fháil amach trí fhiosrú réasúnach, nó

(ii) clúdach ina mbeidh cóip de dhoiciméad a bheidh le seirbheáil ar dhuine de bhun an fho-ailt sin (3) a chur go dtí an duine leis an bpost cláraithe agus é a theacht ar ais go dtí an seoltóir gan a bheith seachadta,féadfaidh an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche, cibé acu is iomchuí, cibé ordú is cuí léi a dhéanamh le haghaidh seirbheáil ionadach nó le haghaidh fógra a thabhairt trí fhógrán nó ar dhóigh eile in ionad seirbheáil a dhéanamh.

(b) An chumhacht a thugtar don Chúirt Chuarda agus don Chúirt Dúiche leis an bhfo-alt seo, beidh sí gan dochar d'aon chumhacht eile dá bhfuil ag na Cúirteanna sin chun orduithe a dhéanamh le haghaidh seirbheáil ionadach nó le haghaidh fógra a thabhairt trí fhógrán nó ar dhóigh eile in ionad seirbheáil a dhéanamh.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn “seirbheáil ionadach” seirbheáil ar dhóigh seachas ag seirbheálaí toghairme nó de bhun fho-alt (3) den alt seo.

(6) (a) Nuair a sheirbheálfar doiciméad ar dhuine trí chóip de a chur leis an bpost réamhíoctha cláraithe i gclúdach a dhíreofar chun an duine de bhun fho-alt (3) den alt seo—

(i) measfar an doiciméad a sheirbheáil ar an duine ag an am a sheachadfaí an clúdach i ngnáthchúrsa an phoist,

(ii) measfar an doiciméad a eisiúint ag an am a phostálfar an clúdach,

(iii) féadfar díriú, clárú agus postáil an chlúdaigh, de réir forálacha fho-alt (3) den alt seo, a chruthú le dearbhú reachtúil (a fhormhuineofar ar an doiciméad bunaidh agus a dhéanfaidh an duine a phostáil an clúdach tráth nach luaithe ná deich lá i ndiaidh an lae a postáladh an clúdach) ina dtaispeánfar an deimhniú gur postáladh an clúdach réamhráite agus ina ndéarfar, más amhlaidh a bhí, go raibh an doiciméad bunaidh stampáilte go cuí nuair a postáladh é agus nach ndearnadh an clúdach a chur ar ais go dtí an seoltóir gan a bheith seachadta, agus

(iv) formhuineofar ar an doiciméad bunaidh an t-am an dáta agus an áit ar postáladh an clúdach.

(b) I gcás doiciméad a sheirbheálfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a bheith le taisceadh in aon oifig chúirte, déanfar an formhuiniú a shonraítear i míreanna (iii) agus (iv) de mhír (a) den fho-alt seo air sula dtaiscfear san oifig sin é.

(7) Nuair is gá de réir dlí doiciméad Cúirte Cuarda nó doiciméad Cúirte Dúiche a stampáil, ní bheidh aon éifeacht ná bailíocht ag seirbheáil an doiciméid sin de bhun fho-alt (3) den alt seo mura mbeidh air an tráth a sheirbheálfar amhlaidh é stampa nó stampaí den chineál agus den luach is gá de réir dlí.

(8) Ní fhorléireofar alt 44 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 , mar ní a cheanglaíonn go mbeidh seirbheálaí toghairme amháin nó níos mó ag gabháil gach tráth nó aon tráth le gach oifig chúirte cuarda nó le haon oifig chúirte cuarda.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

8. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1964, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 agus 1962, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 agus 1962, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.