10 1964


Uimhir 10 de 1964.


ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN PINSIN ÁIRITHE IS INÍOCTHA I LEITH SEIRBHÍSE POIBLÍ A MHÉADÚ.

[17 Meitheamh, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht na bPinsean (Méadú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1950, Uimh. 3 .

1956, Uimh. 44 .

1959, Uimh. 43 .

1960, Uimh. 36 .

1946, Uimh. 9 .

1956, Uimh. 10 .

1961, Uimh. 27 .

1914, c. 86.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na bPinsean (Méadú), 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1956” Acht na bPinsean (Méadú), 1956 ;

ciallaíonn “Acht 1959” Acht na bPinsean (Méadú), 1959 ;

ciallaíonn “Acht 1960” Acht na bPinsean (Méadú), 1960 ;

ciallaíonn “an dáta scoir”, maidir le pinsean nó le pinsinéir, lá deiridh na seirbhíse pinsin iomchuí;

ciallaíonn “údarás cuain” údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 ;

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , agus folaíonn sé freisin comhlacht lena mbaineann an tAcht sin de bhua ordaithe faoi alt 3 den Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “pinsean sceidealta” pinsean nó liúntas a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus, aon áit a bhfolaíonn an abairt tagairt do Chuid áirithe den Sceideal sin, ciallaíonn sí pinsean nó liúntas a shonraítear sa Chuid sin;

déanfar aon tagairt eile do phinsean a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt do liúntas.

(2) (a) I gcás pinsean sceidealta a dhámhachtain i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lá iomchuí, agus é a theacht i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, lá dá éis sin, measfar, chun críocha Chuid II nó Chuid III (de réir mar is cuí) den Acht seo, é a bheith i gcúrsa a íoctha an lá iomchuí, ach amháin i gcás dámhachtain i leith dhuine ar é do scor d'fhostaíocht is fostaíocht cheadaithe de réir bhrí alt 4 den Superannuation Act, 1914.

(b) Sa mhír roimhe seo ciallaíonn “an lá iomchuí”—

(i) maidir le Cuid II den Acht seo, an lú lá de Lúnasa, 1962, nó lá níos déanaí arna chinneadh faoi alt 13 nó alt 15 den Acht seo (de réir mar is cuí), nó

(ii) maidir le Cuid III den Acht seo, an lú lá de Shamhain, 1963, nó lá is déanaí arna chinneadh faoi alt 23 nó alt 25 den Acht seo (de réir mar is cuí).

(3) Aon phinsean a dheonaigh údarás áitiúil a bhfuil deireadh leis measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é comharba an údaráis áitiúil sin a dheonaigh é.

(4) Chun críocha an Achta seo, ní áireofar i méid aon phinsin a íoctar go páirteach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus go páirteach as airgead faoi riaradh rialtais eile aon mhéadú is iníoctha as airgead faoi riaradh an rialtais eile, ach, i gcás den sórt sin, déanfar an méid a bheidh le cur leis an bpinsean de réir an Achta seo a laghdú méid is comhionann le haon mhéadú den sórt sin ach amháin i gcás ina mbeifear tar éis an méadú sin a chur i gcuntas de bhun mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1950 nó mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1956 nó fho-alt (4) d'alt 1 d'Acht 1959 nó fho-alt (4) d'alt 1 d'Acht 1960.

(5) Déanfar tagairt san Acht seo do mhéid pinsin a fhorléiriú,faoi réir fho-alt (4) den alt seo, mar thagairt do mhéid bliantúil an phinsin iomláin (lúide aon chuid a fhorghéillfear), cibé acu a bheidh an pinsean i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach nó nach mbeidh sé i gcúrsa a íoctha ar aon chor.

(6) Déanfar aon tagairt san Acht seo do thuarastal nó do phá seachtainiúil a fhorléiriú—

(a) i gcás inar pinsean faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958, an pinsean iomchuí, mar thagairt don scála-thuarastal, de réir bhrí na Scéimeanna sin,

(b) i gcás inar pinsean faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1963, an pinsean iomchuí, mar thagairt don tuarastal caighdeánach lúide aon bhreisiú speisialta, de réir bhrí na Scéimeanna sin.

CUID II

Méaduithe 1962

Pinsin sceidealta (Cuid I) (seachas pinsin a shonraítear i míreanna (l) agus (m) de Chuid I den Sceideal) a mhéadú.

3. —(1) Déanfar aon phinsean—

(a) is pinsean a shonraítear i gCuid I (seachas míreanna (l) agus (m) ) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá de Lúnasa, 1962, agus

(c) a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an dáta sonraithe,

a mhéadú chun go mbeidh íocaíochtaí ina leith in aghaidh aon tréimhse dar thosach an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta dá éis sin, á ndéanamh ar an bhforas céanna agus bheidís dá mba rud é, ar dháta an scoir, go raibh an duine ar iníoctha an pinsean leis nó ina leith ag fáil an luach saothair a bheadh sé ag fáil dá mba ar dháta an scoir i gcéaduair a tháinig na rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúil chun bheith iníoctha ar tosaíodh á n-íoc ar dtús ar an dáta sonraithe.

Méadú breise i gcásanna áirithe ar phinsin sceidealta (Cuid I) (seachas pinsin a shonraíteari míreanna (l) agus (m) de Chuid I den Sceideal).

4. —(1) Baineann an t-alt seo le pinsean—

(a) a áiríodh go hiomlán nó go páirteach faoi threoir mheánmhéid bhliantúil an tuarastail nó an phá sheachtainiúil a fuarthas thar thréimhse a thosaigh roimh an dáta sonraithe, agus

(b) is pinsean a bheidh le méadú faoi alt 3 den Acht seo nó a mhéadófaí faoin alt sin dá mba rud é gur chríochnaigh an tseirbhís ar ina leith a deonaíodh é roimh an dáta sonraithe.

(2) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú chun go mbeidh íocaíochtaí ina leith in aghaidh aon tréimhse dar thosach an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta dá éis sin, á ndéanamh ar an bhforas céanna agus bheidís dá ndéanfaí an pinsean a áireamh faoi threoir mheánmhéid bhliantúil an tuarastail nó an phá sheachtainiúil arna ríomh de réir an chéad fho-ailt eile.

(3) Déanfar meánmhéid bliantúil an tuarastail ar faoina threoir a bheidh pinsean lena mbaineann an t-alt seo le hatháireamh a chinneadh de réir cibé rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúil is cuí leis an Aire, ach nach mó ná na rátaí ar tosaíodh á n-íoc ar dtús ar an dáta sonraithe, ach amháin go bhféadfar ráta níos airde a lamháil i leith aon chuid den tréimhse dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a thiocfaidh tar éis an dáta sonraithe má cuireadh san áireamh an ráta níos airde sin i leith na coda sin agus an pinsean a bheidh le méadú á ríomh.

An méid a bheidh le háireamh i leith sochar oifige.

5. —I gcás ina ndéanfar sochair oifige seachas tuarastal nó pá seachtainiúil a áireamh le haghaidh pinsin a bheidh le méadú faoi alt 3 nó alt 4 den Acht seo, nó le haghaidh pinsin nach mbeifear tar éis é a mhéadú faoi cheachtar de na hailt sin ach a bheidh le méadú faoi alt 6 den Acht seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis sin, méid athscrúdaithe sochar oifige a chinneadh maidir leis an bpinsean, faoi réir uasmhéid den tsuim a gheofaí dá ndéanfaí na sochair oifige a luacháil de réir na rátaí ab iomchuí i gcás na sochar oifige ar an dáta sonraithe, agus má chinneann an tAire méid athscrúdaithe sochar oifige amhlaidh i gcás pinsin nach mbeifear tar éis é a mhéadú faoi cheachtar de na hailt sin ach a bheidh le méadú faoi alt 6 den Acht seo, déanfar an pinsean a atháireamh faoi threoir mhéid athscrúdaithe na sochar oifige sula méadofar amhlaidh é.

Méadú breise 6% i gcásanna áirithe.

6. —(1) Déanfar aon phinsean—

(a) is pinsean a shonraítear i gCuid I (seachas míreanna (l) agus (m) ) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá de Lúnasa, 1962, agus

(c) a méadaíodh faoi alt 3 nó faoi alt 4 den Acht seo nó a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an dáta iomchuí,

a mhéadú 6% de mhéid an phinsin, maidir le haon tréimhse dar thosach an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta dá éis sin, agus dar chríoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dáta roimhe sin.

(2) Aireofar ar mhéid pinsin a bheidh le méadú faoin alt seo aon mhéadú a dheonófar faoi alt 3 nó faoi alt 4 den Acht seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le pinsean a deonaíodh roimh an dáta sonraithe mura lú an méid pinsin is iníoctha ná an méid ab iníoctha dá ndéanfaí an pinsean a atháireamh faoi threoir ailt 3 agus 4 den Acht seo agus a mhéadú faoin alt seo.

An dáta sonraithe chun críocha ailt 3, 4, 5 agus 6.

7. —Chun críocha ailt 3, 4, 5, agus 6 den Acht seo, is é an dáta sonraithe—

(i) i gcás ina bhfuil an pinsean sonraithe i mír (j) nó (k) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, an lú lá d'Aibreán, 1953, agus

(ii) in aon chás eile, an lú lá de Shamhain, 1955.

Méadú breise den dóú cuid déag de 6% i gcásanna áirithe.

8. —Déanfar aon phinsean—

(a) a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an dáta iomchuí nó dá éis,

(b) a ríomhadh go hiomlán nó go páirteach faoi threoir mheánmhéid an tuarastail nó an phá sheachtainiúil thar thréimhse a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh an dáta iomchuí,

(c) a mhéadófaí faoi alt 6 den Acht seo dá gcríochnódh an tseirbhís roimh an dáta iomchuí, agus

(d) nach pinsean atá le méadú faoi aon fhoráil eile den Chuid seo den Acht seo,

a mhéadú an dóú cuid déag de 6% i leith gach tréimhse trí mhí roimh an dáta iomchuí atá ar áireamh sa tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den alt seo, maidir le haon tréimhse dar thosach an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta dá éis sin, agus dar chríoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dáta roimhe sin.

An dáta iomchuí chun críocha ailt 6 agus 8.

9. —Chun críocha ailt 6 agus 8 den Acht seo is é an dáta iomchuí—

(i) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (b) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, an lú lá d'Eanáir, 1960,

(ii) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (c) den Chuid sin, an lú lá d'Fheabhra, 1960,

(iii) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (e) den Chuid sin, an lú lá de Mhárta, 1960,

(iv) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (g) (h), (i) nó (q) den Chuid sin, an 15ú lá de Nollaig, 1959,

(v) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (j) den Chuid sin, an lú lá d'Eanáir, 1959,

(vi) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (n) den Chuid sin, an lú lá d'Eanáir, 1962.

Pinsin a shonraítear i míreanna (l) agus (m) de Chuid I den Sceideal a mhéadú.

10. —Déanfar pinsean a shonraítear i mír (l) nó (m) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéadú 20% de mhéid an phinsin sin.

Pinsin a shonraítear i míreanna (e), (f) agus (g) de Chuid II den Sceideal a mhéadú.

1960, Uimh. 12 .

11. —(1) Aon phinsean a shonraítear i mír (e), (f) nó (g) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus is iníoctha le haon duine an lú lá de Lúnasa, 1962, nó dá éis, méadófar é chun go mbeidh aon íocaíochtaí dá n-íocfar de i leith aon tréimhse dar thosach an 1ú lá de Lúnasa, 1962, nó dáta dá éis sin, comhionann leis an méid a chinnfear mar a fhoráiltear le fo-alt (2), (3) nó (4) (de réir mar is iomchuí) den alt seo más mó an méid sin ná méid an phinsin ab iníoctha dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

(2) I gcás pinsin a shonraítear i mír (e) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is é an méid a chinnfear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo méid an phinsin ab iníoctha dá mba nár ritheadh an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 , agus go dtabharfaí neamhaird ar mhéaduithe faoi Achtanna 1950, 1956 agus 1959, faoi réir méadú ar mhéid an phinsin sin de 30% de más pinsean aireachta an pinsean agus 37½% de más pinsean rúnaíochta an pinsean.

(3) I gcás pinsin a shonraítear i mír (f) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is é an méid a chinnfear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo leath pinsin fhearchéile an phinsinéara arna chinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo (cibé acu ar íocadh nó nár íocadh pinsean den sórt sin leis).

(4) I gcás pinsin a shonraítear i mír (g) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is é an méid a chinnfear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo suim £100, faoi réir an tsuim sin a mhéadú 37½%.

Pinsin do bhaintreacha agus liúntais leanaí a shonraítear gCuid II den Sceideal a mhéadú.

I.R. Uimh. 115 de 1955.

R. & O.R., Uimh. 63 de 1925.

12. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “pinsean baintrí (Scála I)” pinsean a shonraítear i bhfo-mhír (i) de mhír (a) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “pinsean baintrí (Scala II)” pinsean a shonraítear bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den Chuid sin.

(2) Déanfar pinsean baintrí (Scála I) nó pinsean baintrí (Scála II) a mhéadú go dtí cibé méid acu seo a leanas is mó:

(a) méid an phinsin bhaintrí (Scála I) ab iníoctha, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, faoi na forálacha a bheadh i bhfeidhm an tráth sin dá mba rud é nárbh iníoctha aon phinsean baintrí (Scála II) sa chás, faoi réir méadú 20% ar an méid sin;

(b) i gcás inar deonaíodh an pinsean (cibé acu pinsean baintrí (Scála I) nó pinsean baintrí (Scála II) é) i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955— méid an phinsin bhaintrí (Scála II) ab iníoctha dá mba rud é go raibh fearchéile an phinsinéara, ar dháta an scoir, ag fáil an luach saothair a bheadh sé ag fáil dá mba rud é gur tháinig na rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúil ar tosaíodh á n-íoc ar dtús an lú lá de Shamhain, 1955, chun bheith iníoctha i gcéaduair lá an scoir, faoi réir méadú 6% ar an méid sin;

(c) i gcás inar pinsean baintrí (Scála II) an pinsean, a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an lú lá de Shamhain, 1955, nó dáta dá éis, agus roimh an lú lá de Mhárta, 1960, méid an phinsin sin faoi réir méadú 6%;

(d) in aon chás—£98 sa bhliain.

(3) Déanfar liúntas linbh dá dtagraítear i mír (c) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéadú go dtí cibé méid acu seo a leanas is mó:

(a) méid an liúntais a bheadh iníoctha díreach roimh dháta an Achta seo a rith, faoi na forálacha a bhí i bhfeidhm an tráth sin, faoi réir méadú 20% ar an méid sin;

(b) £34 sa bhliain nó má tá baint leis an gcás ag an méadú céatadáin dá dtagraítear i Riail 10 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú le hAirteagal 7 den Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1955, nó i bhfo-mhír 2 de mhír C i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, arna leasú le hAirteagal 10 den Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1955, £65 sa bhliain.

(4) (a) Déanfar liúntas linbh a shonraítear i mír (d) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955, a mhéadú go dtí méid an liúntais sin ab iníoctha dá mba rud é go raibh athair an linbh, ar dháta an scoir, ag fáil an luach saothair a bheadh sé ag fáil dá mba rud é gur tháinig na rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúl ar tosaíodh á n-íoc ar dtús an lú lá de Shamhain, 1955, chun bheith iníoctha i gcéaduair ar dháta an scoir, agus go ndearnadh méid an liúntais linbh a méadaíodh amhlaidh a mhéadú tuilleadh de 6%.

(b) Méadófar 6% liúntas linbh a shonraítear i mír (d) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an lú lá de Shamhain, 1955, nó dáta dá éis sin, agus roimh an lú lá de Mhárta, 1960.

(5) (a) I gcás pinsean nó liúntas is iníoctha le baintreach nó leanbh chomhalta den Gharda Síochána nó chomhalta de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath a áireamh mar chionúireacht den mheán-phá bliantúil a fuair an comhalta i gcaitheamh tréimhse a thosaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955, méadófar an pinsean nó an liúntas trína atháireamh faoi threoir meántuarastail bhliantúil athscrúdaithe arna ríomh de réir cibé rátaí pá bhliantúil a chinnfidh an tAire, ach nach mó ná rátaí ar tosaíodh á n-íoc ar dtús an lú lá de Shamhain, 1955, ach amháin sa mhéid go ndearnadh ráta pá bhliantúil níos airde nó rátaí pá bhliantúil níos airde a áireamh i leith aon tréimhse de sheirbhís an chomhalta tar éis an lae sin agus an pinsean a bheidh le méadú á ríomh.

(b) Déanfar méid pinsin nó liúntais a mhéadófar faoin mír roimhe seo a mhéadú tuilleadh 6%.

(c) Déanfar aon phinsean—

(i) is iníoctha le baintreach nó leanbh chomhalta den Gharda Síochána,

(ii) a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh tar éis an lú lá de Mhárta, 1960,

(iii) a áiríodh mar chionúireacht den mheán-phá bliantúil a fuair an comhalta sin i gcaitheamh tréimhse a thosaigh tráth nach déanaí na trí mhí roimh an lú lá de Mhárta, 1960,

(iv) a mhéadófaí faoin alt seo dá mba rud é gur chríochnaigh an tseirbhís roimh an lú lá de Mhárta, 1960, agus

(v) nach pinsean a bheidh le méadú faoi aon fhoráil eile den Acht seo,

a mhéadú an dóú cuid déag de 6% i leith gach tréimhse trí mhí roimh an lú lá de Mhárta, 1960, atá ar áireamh sa tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (iii) den mhír seo.

(6) Déanfar pinsean a shonraítear i mír (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéadú go dtí an méid a gheofar trí 20% dá mhéid a chur leis, nó go dtí £98, cibé méid acu is mó.

Pinsin sceidealta (Cuid III) a mhéadú.

1947, Uimh. 1 .

13. —(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid III), is pinsean a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach ar dháta nach luaithe ná an 1ú lá de Lúnasa, 1962, a chinn sé, aon mhéadú amháin (agus sin an méid) ar an bpinsean a dheonú, agus is é a bheidh sa mhéadú méadú de mhéid a cheadóidh an tAire Rialtais Áitiúil, nó a bheidh de réir ceadaithe a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire sin i leith aicme pinsean den sórt sin.

(2) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar go ndiúltófar nó go mainneofar, i rith na tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, méadú a dheonú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine sin, i gcás diúltaithe, tráth nach déanaí na sé mhí tar éis an diúltaithe, nó, i gcás mainneachtana, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dá mhí dhéag sin a bheith caite, achomharc a dhéanamh chun an Aire Rialtais Áitiúil i gcoinne an diúltaithe nó na mainneachtanna.

(3) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar mhéadú a dheonófar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an méadú a dheonú, achomharc a dhéanamh ina choinne chun an Aire Rialtais Áitiúil.

(4) Nuair a dhéanfar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil diúltú don achomharc nó cibé socruithe a dhéanamh ba chóir, dar leis, don údarás áitiúil lena mbainfidh a dhéanamh, agus aon socruithe a dhéanfaidh an tAire sin amhlaidh beidh éifeacht acu amhail is dá mba é an t-údarás sin a rinne iad.

(5) An pinsean is iníoctha faoi alt 4 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947 , measfar, chun críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo agus Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, gur pinsean é a dheonaigh an t-údarás íoca dá dtagraítear san alt sin.

Pinsin sceidealta (Cuid IV) a mhéadú.

14. —(1) Féadfaidh an t-údarás cuain a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid IV) is pinsean a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach ar an lú lá de Lúnasa, 1962, aon mhéadú amháin (agus sin an méid) ar an bpinsean a dheonú, agus is é a bheidh sa mhéadú méadú de mhéid a cheadóidh an tAire Iompair agus Cumhachta, nó a bheidh de réir ceadaithe a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire sin i leith aicme pinsean den sórt sin.

(2) Nuair a bheidh ceadú nó formheas faoin alt seo á thabhairt aige tabharfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta aird ar fhorálacha na n-alt eile den Acht maidir le méadú pinsean.

Pinsin sceidealta (Cuid V) a mhéadú.

15. —Féadfaidh an bord nó an comhlacht eile a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid V), is pinsean a bhí i gcúrsa a íoctha ar dháta nach luaithe ná an lú lá de Lúnasa, 1962, a chinn sé, aon mhéadú amháin (agus sin an méid) ar an bpinsean a dheonú, agus is é a bheidh sa mhéadú méadú de cibé méid (más aon mhéid é) a cheadóidh an tAire nó a bheidh de réir ceadaithe a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire i leith aicme pinsean den sórt sin.

Tosú méadaithe.

16. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an gCuid seo den Acht seo, beidh éifeacht ag méadú faoin gCuid seo den Acht seo ón dáta a shonraítear mar a leanas (agus an dáta sin a áireamh)—

(a) i gcás pinsin sceidealta (Cuid III)—dáta tosaithe an phinsin nó an dáta a chinnfear de bhun fho-alt (1) d'alt 13 den Acht seo, cibé dáta acu is déanaí,

(b) i gcás pinsin sceidealta (Cuid V)—dáta tosaithe an phinsin nó an dáta a chinnfear de bhun alt 15 den Acht seo, cibé dáta acu is déanaí,

(c) in aon chás eile—dáta tosaithe an phinsin nó an lú lá de Lúnasa, 1962, cibé dáta acu is déanaí.

CUID III

Méaduithe 1963

Pinsin sceidealta (Cuid I) (seachas pinsin a shonraítear i míreanna (l), (m) agus (n) de Chuid I den Sceideal) a mhéadú.

17. —(1) Déanfar aon phinsean—

(a) is pinsean a shonraítear i gCuid I (seachas míreanna (l), (m) agus (n)) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá de Lúnasa, 1963, agus

(c) a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an dáta sonraithe,

a mhéadú chun go mbeidh íocaíochtaí ina leith in aghaidh aon tréimhse dar tosach an lú lá de Shamhain, 1963, nó dáta dá éis sin, á ndéanamh ar an bhforas céanna agus bheidís dá mba rud é, ar dháta an scoir, go raibh an duine ar iníoctha an pinsean leis nó ina leith ag fáil an luach saothair a bheadh sé ag fáil dá mba ar dháta an scoir i gcéaduair a tháinig na rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúil chun bheith iníoctha ar tosaíodh á n-íoc ar dtús ar an dáta sonraithe.

(2) Aon mhéadú a dheonófar faoin alt seo ní bheidh sé, i gcás pinsin a mhéadófar faoi alt 6 den Acht seo, níos lú ná an méadú a dheonófar faoin alt sin.

Méadú breise i gcásanna áirithe ar phinsin sceidealta (Cuid I) (seachas pinsin a shonraítear i míreanna (l), (m) agus (n) de Chuid I den Sceideal).

18. —(1) Baineann an t-alt seo le pinsean—

(a) a áiríodh go hiomlán nó go páirteach faoi threoir mheánmhéid bhliantúil an tuarastail nó an phá sheachtainiúil a fuarthas thar thréimhse a thosaigh roimh an dáta sonraithe, agus

(b) is pinsean atá le méadú faoi alt 17 den Acht seo nó a mhéadófaí faoin alt sin dá gcríochnódh an tseirbhís ar ina leith a deonaíodh é roimh an dáta sonraithe.

(2) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú chun go mbeidh íocaíochtaí ina leith in aghaidh aon tréimhse dar tosach an lú lá de Shamhain, 1963, nó dáta dá éis sin, á ndéanamh ar an bhforas céanna agus bheidís dá ndéanfaí an pinsean a áireamh faoi threoir mheánmhéid bhliantúil an tuarastail nó an phá sheachtainiúil arna ríomh de réir an chéad fho-ailt eile.

(3) Déanfar meánmhéid bliantúil an tuarastail ar faoina threoir a bheidh pinsean lena mbaineann an t-alt seo le hatháireamh a chinneadh de réir cibé rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúil is cuí leis an Aire, ach nach mó ná na rátaí ar tosaíodh á n-íoc ar dtús ar an dáta sonraithe, ach amháin go bhféadfar ráta níos airde a lamháil i leith aon chuid den tréimhse dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a thiocfaidh tar éis an dáta sonraithe má cuireadh san áireamh an ráta níos airde sin i leith na coda sin agus an pinsean a bheidh le méadú á ríomh.

(4) Aon mhéadú a dheonófar faoin alt seo ní bheidh sé, i gcás pinsin a mhéadófar faoi alt 6 den Acht seo, níos lú ná an méadú a dheonófar faoin alt sin.

An méid a bheidh le háireamh i leith sochair oifige agus foráil do chás ina dtabharfar cuid de pinsean suas chun pinsean a chur ar fáil do bhanchéile nó do chleithiúnaí.

19. —(1) I gcás ina ndearnadh sochair oifige seachas tuarastal nó pá seachtainiúil a áireamh le haghaidh pinsin—

(a) is pinsean atá le méadú faoi alt 17 nó faoi alt 18 den Acht seo, nó

(b) is pinsean a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh laistigh den tréimhse trí bliana dar tosach an dáta sonraithe agus a mbeifí tar éis é a mhéadú faoi alt 17 den Acht seo dá mba rud é gur chríochnaigh an tseirbhís ar ina leith a deonaíodh é roimh an dáta sonraithe,

féadfaidh an tAire, más cuí leis sin, méid athscrúdaithe sochar oifige a chinneadh maidir leis an bpinsean, faoi réir uasmhéid den tsuim a gheofaí dá ndéanfaí na sochair oifige a luacháil de réir na rátaí ab iomchuí i gcás na sochar oifige ar an dáta sonraithe agus, má chinneann an tAire amhlaidh, déanfar an pinsean a atháireamh faoi threoir mhéid athscrúdaithe na sochar oifige.

(2) I gcás ina ndearna duine cuid de phinsean dá dtagraítear in alt 17 nó in alt 18 den Acht seo a thabhairt suas d'fhonn pinsean a chur ar fáil do bhanchéile nó do chleithiúnaí, déanfar aon phinsean is iníoctha iarbhír leis féin nó leis an mbanchéile nó leis an gcleithiúnaí a mhéadú de chéatadán is comhionann leis an gcéatadán a mhéadófaí an pinsean roimh an tabhairt suas dá mba rud é go raibh sé i gcúrsa a íoctha an lú lá de Shamhain, 1963, agus gur méadaíodh é amhail ón dáta sin faoi alt 17, alt 18 nó alt 19 (mar is iomchuí) den Acht seo.

An dáta sonraithe chun críocha ailt 17, 18 agus 19.

20. —Chun críocha ailt 17, 18 agus 19 den Acht seo, is é an dáta sonraithe—

(i) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (a) nó (b) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, an lú lá d'Eanáir, 1960,

(ii) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (c) den Chuid sin, an lú lá d'Fheabhra, 1960,

(iii) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (d), (e) nó (f) den Chuid sin, an lú lá de Mhárta, 1960,

(iv) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (g), (h), (i), (o), (p) nó (q) den Chuid sin, an 15ú lá de Nollaig, 1959,

(v) i gcás an pinsean a bheith sonraithe i mír (j) nó (k) den Chuid sin, an lú lá d'Eanáir, 1959.

Pinsin a shonraítear i míreanna (e), (f) agus (g) de Chuid II den Sceideal a mhéadú.

1960, Uimh. 12 .

21. —(1) Aon phinsean a shonraítear i mír (e), (f) nó (g) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus is iníoctha le haon duine an lú lá de Shamhain, 1963, nó dá éis, méadófar é chun go mbeidh aon íocaíochtaí dá n-íocfar de i leith aon tréimhse dar tosach an lú lá de Shamhain, 1963, nó dáta dá éis sin, comhionann leis an méid a chinnfear mar a fhoráiltear le fo-alt (2), (3) nó (4) (de réir mar is iomchuí) den alt seo más mó an méid sin ná méid an phinsin ab iníoctha dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

(2) I gcás pinsin a shonraítear i mír (e) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is é an méid a chinnfear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo méid an phinsin ab iníoctha dá mba rud é nár ritheadh an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 , agus go dtabharfaí neamhaird ar mhéaduithe faoi Achtanna 1950, 1956 agus 1959, agus faoi Chuid II den Acht seo, faoi réir méadú 64% ar mhéid an phinsin sin más pinsean aireachta é agus faoi réir méadú 66⅔% más pinsean rúnaíochta é.

(3) I gcás pinsin a shonraítear i mír (f) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is é an méid a chinnfear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo leath pinsin fhearchéile an phinsinéara arna chinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo (cibé acu ar íocadh nó nár íocadh pinsean den sórt sin leis).

(4) I gcás pinsin a shonraítear i mír (g) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is é an méid a chinnfear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo suim £100, faoi réir an tsuim sin a mhéadú 66⅔%.

Pinsin do bhaintreacha agus liúntais leanaí a shonraítear i gCuid II den Sceideal a mhéadú.

I.R. Uimh. 115 de 1955.

R. & O.R., Uimh. 63 de 1925.

22. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “pinsean baintrí (Scála I)” pinsean a shonraítear i bhfomhír (i) de mhír (a) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “pinsean baintrí (Scála II)” pinsean a shonraítear i bhfomhír (ii) de mhír (a) den Chuid sin.

(2) Déanfar pinsean baintrí (Scála I) nó pinsean baintrí (Scála II) a mhéadú go dtí cibé méid acu seo a leanas is mó:

(a) méid an phinsin bhaintrí (Scála I) ab iníoctha, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, faoi na forálacha a bheadh i bhfeidhm an tráth sin dá mba rud é nárbh iníoctha aon phinsean baintrí (Scála II) sa chás, faoi réir méadú 26% ar an méid sin;

(b) i gcás inar deonaíodh an pinsean (cibé acu pinsean baintrí (Scála I) nó pinsean baintrí (Scála II) é) i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955—méid an phinsin bhaintrí (Scála II) ab iníoctha dá mba rud é go raibh fearchéile an phinsinéara, ar dháta an scoir, ag fáil an luach saothair a bheadh sé ag fáil dá mba rud é gur tháinig na rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúil ar tosaíodh á n-íoc ar dtús an lú lá de Mhárta, 1960, chun bheith iníoctha i gcéaduair lá an scoir;

(c) in aon chás—£111 sa bhliain.

(3) Déanfar liúntas linbh dá dtagraítear i mír (c) de Chuid II den Sceideal a ghabann leis an Acht seo a mhéadú go dtí cibé méid acu seo a leanas is mó:

(a) méid an liúntais a bheadh iníoctha, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, faoi na forálacha a bhí i bhfeidhm an tráth sin, faoi réir méadú 26% ar an méid sin;

(b) £34 sa bhliain nó, má tá baint leis an gcás ag an méadú céatadáin dá dtagraítear i Riail 10 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú le hAirteagal 7 den Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1955, nó i bhfomhír 2 de mhír C i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, arna leasú le hAirteagal 10 den Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1955, £65 sa bhliain.

(4) Déanfar liúntas linbh a shonraítear i mír (d) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Mhárta, 1960, a mhéadú go dtí méid an liúntais sin ab iníoctha dá mba rud é go raibh athair an linbh, ar dháta an scoir, ag fáil an luach saothair a bheadh sé ag fáil dá mba rud é gur tháinig na rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúil ar tosaíodh á n-íoc ar dtús an lú lá de Mhárta, 1960, chun bheith iníoctha i gcéaduair ar dháta an scoir.

(5) I gcás pinsean nó liúntas is iníoctha le baintreach nó le leanbh chomhalta den Gharda Síochána nó chomhalta de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath a áireamh mar chionúireacht den mheán-phá bliantúil a fuair an comhalta i gcaitheamh tréimhse a thosaigh roimh an lú lá de Mhárta, 1960, méadófar an pinsean nó an liúntas trína atháireamh faoi threoir meántuarastail bhliantúil athscrúdaithe arna ríomh de réir cibé rátaí pá bhliantúil a chinnfidh an tAire, ach nach mó ná na rátaí ar tosaíodh á n-íoc ar dtús an lú lá de Mhárta, 1960, ach amháin sa mhéid go ndearnadh ráta pá bhliantúil nó rátaí pá bhliantúil níos airde a áireamh i leith aon tréimhse de sheirbhís an chomhalta tar éis an lae sin agus an pinsean a bheidh le méadú á ríomh.

(6) Déanfar aon phinsean a shonraítear i mír (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéadú go dtí—

(a) méid £111, nó

(b) méid ab iníoctha, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, faoi na forálacha a bhí i bhfeidhm an uair sin, faoi réir méadú 26% ar an méid sin.

cibé méid acu is mó.

Pinsin sceidealta (Cuid III) a mhéadú.

1947, Uimh. 1 .

23. —(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid III), is pinsean a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach ar dháta nach luaithe ná an lú lá de Shamhain, 1963, a chinn sé, méadú amháin (agus sin an méid) ar an bpinsean a dheonú, agus is é a bheidh sa mhéadú méadú de mhéid a cheadóidh an tAire Rialtais Áitiúil, nó a bheidh de réir ceadaithe a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire sin i leith aicme pinsean den sórt sin.

(2) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar go ndiúltófar nó go mainneofar, i rith na tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, méadú a dheonú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine sin, i gcás diúltaithe, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an diúltaithe, nó, i gcás mainneachtana, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dá mhí dhéag sin a bheith caite, achomharc a dhéanamh chun an Aire Rialtais Áitiúil, i gcoinne an diúltaithe nó na mainneachtana.

(3) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar mhéadú a dheonófar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an méadú a dheonú, achomharc a dhéanamh ina choinne chun an Aire Rialtais Áitiúil.

(4) Nuair a dhéanfar achomharc faoin Acht seo féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil diúltú don achomharc nó cibé socruithe a dhéanamh ba chóir, dar leis, don údarás áitiúil lena mbainfidh a dhéanamh, agus aon socruithe a dhéanfaidh an tAire sin amhlaidh beidh éifeacht acu amhail is dá mba é an t-údarás sin a rinne iad.

(5) An pinsean is iníoctha faoi alt 4 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947 , measfar, chun críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo agus Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, gur pinsean é a dheonaigh an t-údarás íoca dá dtagraítear san alt sin.

Pinsin sceidealta (Cuid IV) a mhéadú.

24. —(1) Féadfaidh an t-údarás cuain a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid IV), is pinsean a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach ar an lú lá de Shamhain, 1963, aon mhéadú amháin (agus sin an méid) ar an bpinsean a dheonú, agus is é a bheidh sa mhéadú méadú de mhéid a cheadóidh an tAire Iompair agus Cumhachta, nó a bheidh de réir ceadaithe a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire sin i leith aicme pinsean den sórt sin.

(2) Nuair a bheidh ceadú nó formheas faoin alt seo á thabhairt aige tabharfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta aird ar fhorálacha na n-alt eile den Acht seo maidir le méadú pinsean.

Pinsin sceidealta (Cuid V) a mhéadú.

25. —Féadfaidh an bord nó an comhlacht eile a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid V), is pinsean a bhí i gcúrsa a íoctha ar dháta nach luaithe ná an lú lá de Shamhain, 1963, a chinn sé, aon mhéadú amháin (agus sin an méid) ar an bpinsean a dheonú, agus is é a bheidh sa mhéadú méadú de cibé méid (más aon mhéid é) a cheadóidh an tAire nó a bheidh de réir ceadaithe a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire i leith aicme pinsean den sórt sin.

Tosú méadaithe.

26. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an gCuid seo den Acht seo, beidh éifeacht ag méadú faoin gCuid seo den Acht seo ón dáta a shonraítear mar a leanas (agus an dáta sin a áireamh)—

(a) i gcás pinsin sceidealta (Cuid III)—dáta tosaithe an phinsin nó an dáta a chinnfear de bhun fo-alt (1) d'alt 23 den Acht seo, cibé dáta acu is déanaí,

(b) i gcás pinsin sceidealta (Cuid V)—dáta tosaithe an phinsin nó an dáta a chinnfear de bhun alt 25 den Acht seo, cibé dáta acu is déanaí,

(c) in aon chás eile—dáta tosaithe an phinsin nó an lú lá de Shamhain, 1963, cibé dáta acu is déanaí.

CUID IV

Ilghnéitheach

Méaduithe áirithe a dheonú.

27. —Is é a dheonóidh méadú faoin Acht seo ar phinsean, nach pinsean sceidealta (Cuid III), pinsean sceidealta (Cuid IV) ná pinsean sceidealta (Cuid V)—

(a) i gcás pinsean a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, an tAire Oideachais,

(b) i gcás pinsean a shonraítear i mír (d) nó (e) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó i mír (a), (c) nó (d) de Chuid II den Sceideal sin, an tAire Dlí agus Cirt,

(c) i gcás pinsean i leith seirbhíse a chríochnaigh sa Roinn Poist agus Telegrafa agus a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, an tAire Poist agus Telegrafa, agus

(d) in aon chás eile, an tAire.

Forálacha forlíontacha.

1957, I.R. Uimh. 231.

R. & O.R., Uimh. 9 de 1924 .

1951, I.R. Uimh. 410.

1925, Uimh. 7 .

1947, Uimh. 29 .

1947, Uimh. 41 .

1948, Uimh. 4 .

28. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, gach foráil, is foráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht agus ag a raibh feidhm maidir le pinsean a mhéadófar faoin Acht seo nó faoi scéim a dhéanfar de bhua an Achta seo sula ndearnadh an méadú sin, beidh feidhm aici maidir leis an bpinsean arna mhéadú amhlaidh, lena n-áirítear, go sonrach, gach foráil den sórt sin a bhaineann leis an gciste, leis an airgead nó leis an bhfoinse eile as a mbeidh an pinsean le híoc nó a bhaineann leis an modh ar a mbeidh costas an phinsin le hiompar nó le híoc nó ar a mbeidh ranníoc le déanamh ina leith.

(2) (a) Aon fhoráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht agus a bhaineann le fionraí nó le laghdú pinsean is inmhéadaithe faoin Acht seo, beidh feidhm aici, le héifeacht ón lá iomchuí (agus an lá sin a áireamh), maidir leis an bpinsean méadaithe mar a leanas:

(i) i gcás ina ndearnadh an pinsean a mhéadú trína atháireamh faoi threoir rátaí tuarastail nó luach saothair eile ar tosaíodh á n-íoc ar dtús ar dháta sonraithe i ndiaidh an dáta scoir, amhail agus dá mba ar dháta an scoir a tosaíodh i gcéaduair ar na rátaí tuarastail nó luach saothair eile sin a íoc,

(ii) i gcás ina ndearnadh an pinsean a athrú trí shuim shonraithe a chur leis, amhail agus dá mbeadh an tsuim shonraithe sin curtha leis an tuarastal nó leis an luach saothair eile (arna chinneadh faoin mír roimhe sin nó ar shlí eile) ar faoina threoir a bheidh an pinsean le fionraí.

(b) Sa mhír roimhe seo ciallaíonn “an lá iomchuí”—

(i) maidir le Cuid II den Acht seo, an lú lá de Lúnasa, 1962, nó lá níos déanaí a chinnfear faoi alt 13 nó faoi alt 15 den Acht seo (de réir mar is iomchuí), nó

(ii) maidir le Cuid III den Acht seo, an lú lá de Shamhain, 1963, nó lá níos déanaí a chinnfear faoi alt 23 nó faoi alt 25 den Acht seo (de réir mar is iomchuí).

(3) Measfar an pá bliantúil ar faoina threoir a bheidh pinsean le fionraí de dhroim an Ordú um Pinsean an Gharda Shíochána, 1957, a bheith méadaithe 5%, le héifeacht amhail ón lú lá de Lúnasa, 1960 (agus an lá sin a áireamh).

(4) (a) I gcás inar deonaíodh pinsean a shonraítear i mír (f) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo do dhuine agus fós pinsean eile is iníoctha as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, beidh feidhm ag fo-airteagal (b) d'Airteagal 5 d'Ordú Pinsean Constáblaíocht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh as agus Fir a Briseadh), 1924, maidir leis fara cibé modhnuithe (más ann) is cuí leis an Aire.

(b) I gcás inar deonaíodh pinsean a shonraítear i mír (e) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo do dhuine agus fós pinsean eile is iníoctha as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, beidh feidhm maidir leis, le héifeacht ón lú lá de Lúnasa, 1959, ag Tábla III den Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1951, fara cibé modhnuithe (más ann) is cuí leis an Aire.

(5) I gcás méid pinsin dá dtagraítear i gCuid I nó i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheith le hathrú, is é an tAire a chinnfidh aon cheist a éireoidh i dtaobh méid an luach saothair nó na sochar oifige ar faoina dtreoir a bheidh an pinsean athraithe le háireamh.

(6) (a) I gcás pinsean lena mbaineann an fo-alt seo a bheith le méadú trína atháireamh faoi threoir rátaí tuarastail nó luach saothair eile ar tosaíodh á n-íoc ar dtús ar dháta áirithe, déanfaidh an tAire na rátaí tuarastail nó luach saothair eile ar faoina dtreoir a bheidh an pinsean le hatháireamh a chinneadh—

(i) i gcás inar pinsean a shonraítear i bhfo-mhír (i) den chéad mhír eile an pinsean, faoi threoir na rátaí tuarastail nó pá sheachtainiúil ar tosaíodh á n-íoc ar dtús ar an dáta áirithe le comhaltaí den Gharda Síochána, agus

(ii) i gcás inar pinsean a shonraítear i bhfo-mhír (ii) den chéad mhír eile an pinsean, faoi threoir cibé rátaí is cuí leis an Aire de na rátaí tuarastail nó luach saothair eile ar tosaíodh á n-íoc ar dtús le státseirbhísigh ar an dáta áirithe.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) maidir le haon phinsean is iníoctha i leith seirbhíse i gConstáblaíocht Ríoga na hÉireann, nó i leith seirbhíse i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath ag duine ar chríochnaigh a sheirbhís i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath roimh thosach feidhme Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 ,

(ii) maidir le haon phinsean a shonraítear i mír (o) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(7) (a) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, i gcás ina raibh méadú ar phinsean sceidealta a deonaíodh de bhun fhorálacha an Pensions (Increase) Act, 1920, an Achta Aoisliúntas, 1947 , Achta an Gharda Shíochána (Pinsin), 1947 , alt 79 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 , Acht 1950, Acht 1956, Acht 1959 nó Acht 1960 i gcúrsa a íoctha an lá iomchuí is é méid an phinsin sin a fhéadfar a mhéadú faoin Acht seo an méid pinsin ab iníoctha amhail ar an lá iomchuí.

(b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “an lá iomchuí”—

(i) maidir le Cuid II den Acht seo, an lú lá de Lúnasa, 1962, nó lá níos déanaí ná sin a chinnfear faoi alt 13 nó faoi alt 15 den Acht seo (de réir mar is iomchuí), nó

(ii) maidir le Cuid III den Acht seo, an lú lá de Shamhain, 1963, nó lá níos déanaí arna chinneadh faoi alt 23 nó faoi alt 25 den Acht seo (de réir mar is iomchuí).

(8) Más é a bheidh i ngnáthmhéid pinsin arna mhéadú leis an Acht seo slánuimhir scillingí agus cuid de scilling, is é an pinsean—

(a) i gcás inar lú ná sé phingin an chuid de scilling, an tslánuimhir scillingí, agus

(b) i gcás inar sé phingin nó níos mó an chuid de scilling an tslánuimhir scillingí móide scilling.

(9) Is é an tAire a bhreithneoidh gach amhras, ceist nó díospóid a bheidh ann faoin Acht seo i dtaobh pinsin sceidealta (Cuid I) nó pinsin sceidealta (Cuid II), agus is breith chríochnaitheach, dhochloíte a bhreith sin ar an gcéanna.

Rialacháin i dtaobh méaduithe.

29. —(1) Féadfaidh an tAire aon phinsean nó liúntas is iníoctha as an bPríomh-Chiste nó as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, údarás áitiúil nó údarás cuain a chur, le rialacháin, leis an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh le haghaidh méadú ar aon phinsean sceidealta, agus féadfaidh éifeacht a bheith ag aon mhéadú den sórt sin ó dháta roimh dhéanamh na rialachán.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt sin a bheidh ar comhréir, le modhnuithe nó gan modnuithe, le haon fhorálacha acu sin sna hailt roimh seo den Acht seo.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Pinsin áirithe a deonaíodh faoi sceimeanna a mhéadú.

30. —(1) (a) Aon fhoráil atá in aon Acht ón Oireachtas nó ó Oireachtas Shaorstát Éireann á chumasú do bhord nó do chomhlacht eile scéim a dhéanamh le haghaidh pinsin a dheonú dá fhostaithe forléireofar í mar ní a chumasaíonn don bhord nó don chomhlacht scéimeanna a dhéanamh ó am go ham, le ceadú ón Aire agus ón Aire iomchuí, le haghaidh pinsin is iníoctha le daoine a scoir ó sheirbhís an bhoird nó an chomhlachta a mhéadú, agus féadfaidh éifeacht a bheith ag aon mhéadú den sórt sin ó dháta roimh dhéanamh na scéime a dhéanann foráil le haghaidh an mhéadaithe.

(b) Sa mhír sin roimhe seo tagraíonn “an tAire iomchuí” do cibé Aire ar cheangail an fhoráil reachtúil iomchuí air scéimeanna faoin bhforáil sin a cheadú.

(2) Gach scéim, a dhéanfar de bhua an ailt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déant'a agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Srian ginearálta.

31. —Ní dhéanfar aon ní san Acht seo ná in aon rialacháin faoi a fhorléiriú mar ní a údaraíonn méadú—

(a) ar aon chúiteamh is iníoctha faoi Airteagal 10 de Chonradh 1921,

(b) ar aon liúntas nó íocaíocht nach pinsean sceidealta ná pinsean dá dtagraítear in alt 30 den Acht seo, ná

(c) ar aon aisce.

AN SCEIDEAL

Pinsin Sceidealta

Cuid I

(a) Pinsean a deonaíodh faoin National School Teachers (Ireland) Act, 1879.

(b) Pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958.

(c) Pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1963.

(d) Pinsean nó liúntas a deonaíodh faoin Constabulary and Police (Ireland) Act, 1883, arna leasú leis an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1908, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1914, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1916, an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1918, agus an Constabulary and Police (Ireland) Act, 1919 nach pinsean a deonaíodh faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Chathrach Bhaile Átha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú leis na horduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1957, do dhuine nó i leith duine a tháinig chun bheith ina chomhalta den fhórsa comhnasctha faoi Acht Cónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925.

(e) Pinsean a deonaíodh faoi na hOrduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1957, nó faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Chathrach Bhaile Átha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú leis na hOrduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1957, nach pinsean a shonraítear sa mhír sin roimhe seo ná pinsean baintrí ná liúntas linbh.

(f) Pinsean a deonaíodh faoi Orduithe Pinsean Constáblaíocht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh As agus Fir a Briseadh), 1924, 1929, 1936 agus 1949, agus nach pinsean baintrí.

(g) Liúntas bliantúil a deonaíodh faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.

(h) Liúntas bliantúil a deonaíodh faoi bharántas arna dhéanamh faoi alt 1 den Superannuation Act, 1887.

(i) Liúntas bliantúil speisialta a deonaíodh mar chúiteamh faoi alt 7 den Superannuation Act, 1859, nó faoi alt 6 den Superannuation Act, 1909.

(j) Pinsean a deonaíodh faoi na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1961.

(k) Pinsean a deonaíodh faoi Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 agus Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 .

(l) Pinsean a deonaíodh faoi Acht Socruithe na nGríobhthach, 1923 .

(m) Pinsean a deonaíodh faoin Acht um Chomhachta Feidhmiúcháin (Forálacha Iarmartacha) 1937.

(n) Pinsean a deonaíodh do dhuine a bhí ar fostú ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn maidir le haireachasú nó caomhnú a dhéanamh ar uiscebhealach nó siltean na Sionainne nó aon fho-abhann di nó ar oibreacha a rinneadh chun feabhas a chur ar an uiscebhealach nó ar an siltean sin.

(o) Pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na comhshocraíochtaí aoisliúntas a cheadaigh an Cumann sin.

(p) Liúntas cúitimh is iníoctha faoin Acht um Chléireach Sheanad Éireann (Cúiteamh), 1939 .

(q) Pinsean a deonaíodh faoi alt 4 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 .

Cuid II

(a) (i) Pinsean baintrí a deonaíodh, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Scála (i) i mír (a) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950 (I.R., Uimh. 154 de 1950), nó faoi Scála (i) i Mír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 (R. & O.R., Uimh. 63 de 1925), arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950.

(ii) Gnáthphinsean baintrí a deonaíodh, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Scála (ii) i Mír (a) i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, nó faoi Scála (ii) i Mír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, nó pinsean speisialta baintrí arna áireamh faoi riail 7 i Mír (a) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950, nó faoi fhomhír 2 de Mhír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950.

(b) Pinsean baintrí a deonaíodh, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Orduithe Pinsean Constáblaíocht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh as agus Fir a Briseadh), 1924, 1929, 1936 agus 1949.

(c) Liúntas linbh cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a deonaíodh é, is iníoctha de réir ráta a shonraítear i mír 7 nó mír 10 den Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1955 (I.R. Uimh. 115 de 1955).

(d) Liúntas linbh arna áireamh faoi riail 9 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950 (I.R. Uimh. 154 de 1950) nó faoi fhomhír 1 de mhír (c) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 (R. & O.R., Uimh. 63 de 1925), arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950.

(e) Pinsean aireachta nó rúnaíochta a deonaíodh roimh dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960.

(f) Pinsean baintrí a deonaíodh roimh dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960.

(g) Pinsean baintrí a deonaíodh roimh dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin faoin Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1949 .

Cuid III.

Pinsean nó liúntas a dheonaigh údarás áitiúil—

(i) ar pinsean nó liúntas é a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 15 Nollaig, 1959, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a chríochnaigh roimh lá nár dhéanaí ná an 4 Aibreán, 1960, a chinn an t-údarás áitiúil le toiliú an Aire sin, nó

(ii) ar pinsean nó liúntas é a ríomhadh, go hiomlán nó go páirteach, faoi threoir meánmhéid an luach saothair bhliantúil inphinsin thar thréimhse a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh an 15 Nollaig, 1959, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh lá nár dhéanaí ná an 4 Aibreán, 1960, a chinn an t-údarás áitiúil le toiliú an Aire sin.

Cuid IV.

Pinsean nó liúntas a dheonaigh údarás cuain—

(i) ar pinsean nó liúntas é a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an 1 Iúil, 1959, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire Iompair agus Cumhachta imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás cuain agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a chríochnaigh roimh lá nár dhéanaí ná an 9 Samhain, 1960, a chinn an t-údarás cuain le toiliú an Aire sin, nó.

(ii) ar pinsean nó liúntas é a ríomhadh, go hiomlán nó go páirteach, faoi threoir meánmhéid an luach saothair bhliantúil inphinsin thar thréimhse a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh an 1 Iúil, 1959, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire Iompair agus Cumhachta imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás cuain agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh lá nár dhéanaí ná an 9 Samhain, 1960, a chinn an t-údarás cuain le toiliú an Aire sin.

Cuid V.

Pinsean nó liúntas is iníoctha faoi fhoráil atá in Acht ón Oireachtas nó ó Oireachtas Shaorstát Éireann maidir le seirbhísí faoi bhord nó faoi chomhlacht eile arna bhunú faoi aon Acht den sórt sin (nach údarás áitiúil).