7 1964


Uimhir 7 de 1964.


AN tACHT UM CHAOMHNÓIREACHT NAÍON, 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH COMHDHLÚTHÚ MAILLE LE LEASUITHE AR NA hACHTACHÁIN A BHAINEANN LE COIMEÁD AGUS CAOMHNÓIREACHT NAÍON. [25 Márta, 1964].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

1952, Uimh. 25 .

2. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ordú uchtála” ordú uchtála arna dhéanamh faoin Acht Uchtála, 1952 , agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire;

folaíonn “athair” fear-uchtaitheoir faoi ordú uchtála ach ní fholaíonn sé athair nádúrtha naín neamhdhlisteanaigh;

ní fholaíonn “naíon neamhdhlisteanach” aon naíon a uchtaíodh faoi ordú uchtála;

ciallaíonn “naíon” duine faoi bhun bliain is fiche d'aois;

folaíonn “cothabháil” oideachas;

folaíonn “máthair” ban-uchtaitheoir faoi ordú uchtála;

ciallaíonn “tuismitheoir” athair nó máthair mar a mhínítear leis an alt seo;

ciallaíonn “caomhnóir tiomnach” caomhnóir a ceapadh trí ghníomhas nó uacht;

folaíonn “leas”, maidir le naíon, leas creidimh, leas morálta, leas intleachta, leas coirp agus leas sóisialach an naín.

Tosaíocht ag leas naín.

3. —I gcás ina mbeadh, in aon imeachtaí os comhair aon chúirte, coimeád, caomhnóireacht nó tógáil naín, nó riaradh aon mhaoine leis an naíon nó a bheidh ar teachtadh don naíon nó úsáid ioncam na maoine sin, i gceist, is é leas an naín an chéad ní agus an ní is tábhachtaí ar a dtabharfaidh an chúirt aird nuair a bheidh an cheist sin á cinneadh aici.

Aisghairm.

4. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal.

CUID II

Caomhnoireacht

Dlínse in ábhair a bhaineann le caomhnóireacht.

1961, Uimh. 39 .

1886, c. 27.

5. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt nó, faoi réir alt 22 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , an Chúirt Chuarda, an dlínse a thugtar do chúirt faoin gCuid seo a fheidhmiú.

(2) Dá réir sin, déanfar tagairt don Chuid seo a chur ag uimhir thagartha 45 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin in ionad na tagartha don Guardianship of Infants Act, 1886 (a aisghairtear leis an Acht seo).

(3) An dlínse a thugtar leis an gCuid seo is dlínse í i dteannta aon dlínse eile chun caomhnóirí a cheapadh nó a chur as oifig nó maidir le coimircíocht naíon nó cúram eastát naíon.

Ceart tuismitheoirí chun bheith ina gcaomhnóirí.

6. —(1) Beidh athair agus máthair naín ina gcaomhnóirí i gcomhpháirt ar an naíon.

(2) Ar athair naín d'fháil bháis beidh an mháthair, má mhaireann sí, ina caomhnóir ar an naíon, ina haonar nó i gcomhpháirt le haon chaomhnóir a cheap an t-athair nó an chúirt.

(3) Ar mháthair naín d'fháil bháis, beidh an t-athair, má mhaireann sé, ina chaomhnóir ar an naíon ina aonar nó i gcomhpháirt le haon chaomhnóir a cheap an mháthair nó an chúirt.

(4) I gcás naín neamhdhlisteanaigh is í máthair an naín a bheidh ina caomhnóir ar an naíon.

Cumhacht athar agus máthar chun caomhnóirí tiomnacha a cheapadh.

1837, c. 26.

7. —(1) Féadfaidh athair naín trí ghníomhas nó uacht, duine nó daoine a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon tar éis a bháis.

(2) Féadfaidh máthair naín, trí ghníomhas nó uacht, duine nó daoine a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon tar éis a báis.

(3) Gníomhóidh caomhnóir tiomnach i gcomhpháirt le tuismitheoir marthanach an naín an fad is beo an tuismitheoir marthanach mura gcuirfidh an tuismitheoir marthanach in aghaidh an chaomhnóra gníomhú amhlaidh.

(4) Má chuireann an tuismitheoir marthanach in aghaidh caomhnóra tiomnaigh amhlaidh nó má mheasann caomhnóir tiomnach go bhfuil an tuismitheoir marthanach neamhoiriúnach chun an naíon a bheith faoina choimeád, féadfaidh an caomhnóir tiomnach iarratas ar ordú faoin alt seo a dhéanamh chun na cúirte.

(5) Féadfaidh an chúirt—

(a) diúltú ordú a dhéanamh (agus sa chás sin is é an tuismitheoir marthanach an t-aon chaomhnóir amháin a bheidh ann), nó

(b) ordú a dhéanamh go ngníomhóidh an caomhnóir tiomnach i gcomhpháirt leis an tuismitheoir marthanach, nó

(c) ordú a dhéanamh go ngníomhóidh sé mar chaomhnóir ar an naíon agus go n-eisiafar, a mhéid is cuí leis an gcúirt, an tuismitheoir marthanach.

(6) Sa chás a luaitear i mír (c) d'fho-alt (5) féadfaidh an chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh maidir le coimeád an naín agus leis an gceart rochtana ar an naíon a bheidh ag an tuismitheoir marthanach, agus féadfaidh an chúirt a ordú freisin go n-íocfaidh an tuismitheoir marthanach leis an gcaomhnóir nó na caomhnóirí nó le haon duine acu cibé suim sheachtainiúil nó suim thréimhsiúil eile i leith chothabháil an naín a mheasfaidh an chúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'acmhainn an tuismitheora mharthanaigh.

(7) Beidh duine faoi bhun bliain is fiche d'aois i dteideal caomhnóirí a cheapadh le huacht d'ainneoin alt 7 den Wills Act, 1837.

(8) Féadfar ceapadh caomhnóra le gníomhas a chúlghairm le gníomhas eile ina dhiaidh sin nó le huacht.

Caomhnóirí a cheapadh agus a chur as oifig ag cúirt.

8. —(1) Mura mbeidh aon chaomhnóir ag naíon, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine nó daoine, an t-iarratasóir nó na hiarratasóirí, nó aon duine acu, a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon.

(2) Nuair nach mbeidh aon chaomhnóir ceaptha ag tuismitheoir éagtha nó má éagann caomhnóir a ceapadh amhlaidh nó ná dhiúltaíonn sé gníomhú, féadfaidh an chúirt caomhnóir nó caomhnóirí a cheapadh chun gníomhú i gcomhpháirt leis an tuismitheoir marthanach.

(3) Aon chaomhnóir a cheapfaidh an chúirt chun gníomhú i gcomhpháirt le tuismitheoir marthanach leanfaidh sé air ag gníomhú mar chaomhnóir tar éis an tuismitheoir marthanach d'fháil bháis.

(4) Féadfaidh an chúirt aon chaomhnóir a ceapadh le huacht nó gníomhas nó le hordú cúirte, a chur as oifig.

(5) Féadfaidh an chúirt caomhnóir eile a cheapadh in ionad caomhnóir a cuireadh as oifig amhlaidh nó in ionad caomhnóir a ceapadh le haon ordú den sórt sin agus atá tar éis bháis.

Forálacha i gcás ina gceapfar dhá chaomhnóir nó níos mó.

9. —(1) I gcás ina gceapfar dhá dhuine nó níos mó chun bheith ina gcaomhnóirí gníomhóidh siad i gcomhpháirt agus i gcás duine acu d'fháil bháis, leanfaidh an marthanóir air, nó na marthanóirí orthu, ag gníomhú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an dá thuismitheoir caomhnóirí a cheapadh gníomhóidh na caomhnóirí a cheapfar amhlaidh i gcomhpháirt tar éis an tuismitheoir marthanach d'fháil bháis.

Cumhachtaí agus dualgais caomhnóirí.

10. —(1) Beidh gach caomhnóir faoin Acht seo ina chaomhnóir ar phearsa agus ar eastát an naín mura bhforálfar a mhalairt i dtéarmaí a cheapacháin, i gcás caomhnóir a ceapadh le gníomhas nó uacht nó le hordú na cúirte.

(2) Faoi réir téarmaí aon ghníomhais, uachta nó ordaithe den sórt sin, beidh caomhnóir faoin Acht seo i dteideal—

(a) mar chaomhnóir ar an bpearsa amhail in aghaidh gach duine nach bhfuil, i gcomhpháirt leis, ina chaomhnóir ar an bpearsa, coimeád an naín a bheith aige, agus beidh sé i dteideal imeachtaí a thionscnamh chun coimeád an naín a fháil ar ais in aghaidh aon duine a thabharfaidh an naíon chun bealaigh nó a choinneoidh an naíon, go héagórach, agus chun damáistí a ghnóthú ar mhaithe leis an naíon mar gheall ar aon díobháil do phearsa an naín nó aon fhoghail air;

(b) mar chaomhnóir ar an eastát, maoin uile an naín, réadach agus pearsanta, a bheith ina sheilbh agus faoina urláimh, agus déanfaidh sé an mhaoin go léir den sórt sin a bhainistí agus na cíosanna agus na brabúis a ghlacadh thar ceann an naín agus ar mhaithe leis go dtí go slánóidh an naíon bliain is fiche d'aois nó i gcaitheamh aon tréimhse is giorra ná sin dá mbeidh sé ceaptha mar chaomhnóir agus féadfaidh sé aon imeachtaí a thionscnamh maidir leis an gcéanna is féidir le haon duine is caomhnóir ar eastát naín a thionscnamh de réir dlí.

(3) Ní dhéanann forálacha an ailt seo dochar d'fhorálacha aon achtacháin eile ná d'aon chumhachtaí a thugtar nó dualgais a fhorchuirtear, le dlí, ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí naíon nó ar iontaobhaithe maoin naíon.

Iarratais chun na cúirte.

11. —(1) Féadfaidh aon duine is caomhnóir ar naíon iarratas a dhéanamh chun na cúirte ag iarraidh treorach uirthi maidir le haon cheist a bhainfidh le leas an naín agus féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi.

(2) Féadfaidh an chúirt le hordú faoin alt seo—

(a) cibé treoracha is cuí léi a thabhairt maidir le coimeád an naín agus leis an gceart rochtana ar an naíon a bheidh ag an athair nó an mháthair;

(b) a ordú don athair nó don mháthair cibé suim sheachtainiúil nó suim thréimhsiúil eile a íoc i leith chothabháil an naín a mheasfaidh an chúirt a bheith réasúnach, ag féachaint d'acmhainn an athar nó na máthar.

(3) Féadfar ordú faoin alt seo a dhéanamh ar iarratas ó cheachtar tuismitheoir d'ainneoin na tuismitheoirí a bheith in aontíos an uair sin ach ní fhéadfar ordú a dhéanfar faoi fho-alt (2) a chur i bhfeidhm agus ní fhaibhreoidh aon dliteanas dá thairbhe fad a bheidh siad in aontíos, agus scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith aige má leanann siad orthu in aontíos ar feadh trí mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(4) I gcás naín neamhdhlisteanaigh beidh ag athair nádúrtha an naín an ceart chun iarratas a dhéanamh faoin alt seo maidir le coimeád an naín maraon leis an gceart rochtana ar an naíon atá ag a athair nó a mháthair air agus chun na críche seo déanfar tagairtí san alt seo d'athair nó do thuismitheoir naín a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn eisean; ach ní dhéanfar, ar iarratas den sórt sin, aon ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (2).

Orduithe cúirte a athrú agus a urscaoileadh.

12. —Féadfaidh an chúirt aon ordú a athrú nó a urscaoileadh a rinne an chúirt roimhe sin faoin gCuid seo.

CUID III

Ceart Coimeádta a chur i bhFeidhm

Mínithe do Chuid III.

1947, Uimh. 28 .

1960, Uimh. 9 .

13. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an chúirt” an Ard-Chúirt;

tá ag “údarás sláinte” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Sláinte, 1947 , arna leasú le halt 9 den Acht um Údaráis Sláinte, 1960 ;

folaíonn “tuismitheoir” caomhnóir ar an bpearsa agus aon duine a dhlíonn de réir dlí naíon a chothabháil nó atá i dteideal é a bheith ina choimeád aige;

folaíonn “duine” aon scoil nó foras.

Cumhacht na cúirte maidir le naíon a thabhairt ar aird.

14. —I gcás ina ndéanfaidh tuismitheoir naín iarratas chun na cúirte ar ordú chun an naíon a thabhairt ar aird agus gurb é tuairim na cúirte gur thréig an tuismitheoir sin an naíon nó d'eile, gur iompair sé é féin ar dhóigh gur chóir don Chúirt diúltú a cheart a chur i bhfeidhm chun coimeád an naín a bheith aige, féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, diúltú an t-ordú a dhéanamh.

Cumhacht don chúirt ordú a thabhairt go n-aisíocfar costais tógála naín.

1953, Uimh. 26 .

15. —Má chinneann an chúirt, ar iarratas ó thuismitheoir chun naíon a thabhairt ar aird—

(a) go bhfuil an naíon á thógáil ar chostas duine eile, nó

(b) gur sholáthraigh údarás sláinte cúnamh don naíon aon uair faoi alt 55 den Acht Sláinte, 1953 ,

féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, má ordaíonn sí an naíon a thabhairt suas don tuismitheoir, ordú eile a dhéanamh go n-íocfaidh an tuismitheoir leis an duine sin nó leis an údarás sláinte sin iomlán na gcostas faoina ndeachaigh an duine nó an t-údarás sláinte sin go cuí ag tógáil an naín nó ag soláthar cúnaimh dó nó cibé cion de na costais sin a mheasann an chúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'imthosca uile an cháis, lena n-áirítear, go sonrach, acmhainn an tuismitheora.

Tabharfaidh an chúirt aird ar iompar tuismitheora nuair a bheidh ordú á dhéanamh aioi.

1953, Uimh. 26 .

16. —I gcás—

(a) inar thréig tuismitheoir naíon, nó

(b) inar cheadaigh tuismitheoir naíon a thógáil ag duine eile ar chostas an duine sin, nó cúnamh a sholáthar dó ag údarás sláinte faoi alt 55 den Acht Sláinte, 1953 , ar feadh an fhad sin ama agus in imthosca gur deimhin leis an gcúirt gur neamhshuim leis an tuismitheoir sin a dhualgais mar thuismitheoir,

ní dhéanfaidh an chúirt ordú chun an naíon a thabhairt suas don tuismitheoir murar dheimhnigh an tuismitheoir don chúirt gur duine oiriúnach é chun coimeád an naín a bheith aige.

Cumhacht na cúirte maidir le hoideachas creidimh naín.

17. —(1) I gcás aon iarratas ó thuismitheoir á iarraidh naíon a thabhairt ar aird nó a chur ina choimeád, beidh cumhacht ag an gcúirt, más é a tuairim nach ceart go mbeadh coimeád an naín ag an tuismitheoir sin, cibé ordú a dhéanamh is oiriúnach léi chun a áirithiú go dtogfar an naíon leis an gcreideamh a bhfuil ceart dlíthiúil ag na tuismitheoirí nó ag tuismitheoir a cheangal go dtógfar an naíon leis.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo díth ná difear do chumhacht na cúirte chun a fháil amach cad is mian leis an naíon nuair a bheidh sí ag breithniú cad é an t-ordú ba chóir a dhéanamh ná laghdú ar an gceart atá ag aon naíon anois.

Coimeád i gcás na tuismitheoirí a bheith scartha ó chéile.

1952, Uimh. 25 .

18. —(1) In aon chás ina ndéanfar foraithne idirscartha a mensa et thoro a fhógairt, féadfaidh an chúirt a dhearbhú leis an bhforaithne sin gur duine atá neamhoiriúnach chun na leanaí (más ann) den phósadh nó aon leanaí a d'uchtaigh na tuismitheoirí i gcomhpháirt faoin Acht Uchtála, 1952 , a bheith ina choimeád ag tuismitheoir arbh é a mhí-iompar ba chúis leis an bhforaithne a dhéanamh; agus i gcás den sórt sin, ní bheidh an tuismitheoir a dhearbhófar a bheith neamhoiriúnach i dteideal, de cheart, coimeád na leanaí a bheith aige, ar bhás an tuismitheora.

(2) Ní bheidh foráil a bheidh in aon chomhaontú idirscartha a dhéanfaidh athair agus máthair naín neamhbhailí de bhíthin amháin go bhforálann sí go dtabharfaidh duine acu coimeád nó urlámh an naín don duine eile.

AN SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 4.

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

14 & 15 Chas. 2, sess. 4, c. 19.

An tAcht um Chealú Tionachtaí, 1662.

Ailt 6, 7, 15 agus 16.

36 Vict. c. 12.

Custody of Infants Act, 1873.

An tAcht iomlán.

49 & 50 Vict. c. 27.

Guardianship of Infants Act, 1886.

An tAcht iomlán.

54 Vict. c. 3.

Custody of Children Act, 1891.

An tAcht iomlán.