9 1963


Uimhir 9 de 1963.


ACHT NA dTRÁDMHARCANNA, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ NUA MAIDIR LE TRÁDMHARCANNA AGUS NITHE GAOLMHARA, IN IONAD FORÁLACHA CHUID IV AGUS (SA MHÉID GO mBAINEANN SÉ LE TRÁDMHARCANNA) CHUID V DEN ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927 , AGUS ACHTACHÁN EILE INA LEITH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [3 Aibreán, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na dTrádmharcanna, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé dáta a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

1927, Uimh. 16 .

1890, c. 39.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ;

ciallaíonn “sannadh” sannadh trí ghníomh na bpáirtithe lena mbaineann;

ciallaíonn “an Ceannasaí” an Ceannasaí Maoine Tionscail agus Tráchtála a ceapadh faoi Acht 1927;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

ciallaíonn “an tIrisleabhar” an tIrisleabhar Oifigiúil um Maoin Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “teorainneacha” aon teorainneacha leis an gceart eisiatach chun úsáide trádmhairc a tugadh trí dhuine a chlárú mar dhílseánach an trádmhairc sin, lena n-áirítear teorainneacha leis an gceart sin maidir le modh úsáide, maidir le húsáid i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a dhíol (nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile) in aon áit sa Stát, nó maidir le húsáid i ndáil le hearraí atáthar chun a onnmhairiú go dtí aon mhargadh lasmuigh den Stát;

folaíonn “marc” samhlán, branda, mírcheann, lipéad, ticéad, ainm, síniú, focal, litir, uimhir, nó aon chónasc díobh sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Oifig” an Oifig Chláraitheachta Maoine Tionscail agus Tráchtála a bunaíodh faoi Acht 1927;

tá le “comhpháirtíocht” an bhrí a shanntar do “partnership” le halt 1 den Partnership Act, 1890;

tá le “úsáid cheadaithe” an bhrí a shanntar dó le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 36 den Acht seo;

ciallaíonn “forordaithe”, maidir le himeachtaí os comhair na Cúirte, forordaithe le rialacha cúirte, agus, i gcásanna eile, forordaithe leis an Acht seo nó leis na rialacha;

ciallaíonn “an clár” clár na dtrádmharcanna a choimeádtar faoin Acht seo;

ciallaíonn “trádmharc cláraithe” trádmharc atá iarbhír ar an gclár;

ciallaíonn “úsáidire cláraithe” duine atá de thuras na huaire cláraithe mar úsáidire cláraithe faoi alt 36 den Acht seo;

ciallaíonn “na rialacha” rialacha arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 3 nó alt 44 den Acht seo;

ciallaíonn “trádmharc”, ach amháin maidir le trádmharc deimhniúcháin, marc a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i ndáil le hearraí chun go dtaispeántar nó ar mhodh go dtaispeánfar baint i gcúrsa trádála idir na hearraí agus duine éigin ag a bhfuil an ceart mar dhílseánach nó mar úsáidire cláraithe an marc a úsáid, i dteannta nó d'éagmais aon taispeánadh ar chéannacht an duine sin, agus ciallaíonn sé, maidir le trádmhac deimoniúcháin, marc a cláraíodh nó a mheastar a cláraíodh faoi alt 45 den Acht seo;

ciallaíonn “tarchur” tarchur trí oibriú an dlí, cineachadh ar ionadaí pearsanta éagaigh, agus aon mhodh aistrithe eile nach sannadh

(2) (a) San Acht seo déanfar tagairtí do mharc a úsáid a fhorléiriú mar thagairtí do shamhail chlóite nó aon dearc-shamhail eile den mharc a úsáid, agus déanfar tagairtí do mharc a úsáid i ndáil le hearraí a fhorléiriú mar thagairtí don mharc sin a úsáid ar earraí nó i ndáil thadhlach nó i ndáil eile leis na hearraí sin.

(b) In aon Acht eile déanfar tagairtí do thrádmharc a fhorléiriú mar thagairtí do thrádmharc faoin Acht seo.

Cumhacht an Aire chun rialacha a dhéanamh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé rialacha a dhéanamh, cibé foirmeacha a fhorordú agus, i gcoitinne, cibé nithe is fóirsteanach leis a dhéanamh—

(a) i dtaobh an cleachtas faoin Acht seo, lena n-áirítear seirbheáil doiciméad, a rialáil;

(b) i dtaobh earraí a aicmiú le haghaidh trádmharcanna a chlárú;

(c) i dtaobh trádmharcanna agus doiciméid eile a dhéanamh nó a cheangal dúbláidí díobh a chur ar fáil;

(d) i dtaobh foilsiú agus díol nó dáileadh cóipeanna de thrádmharcanna agus de dhoiciméid eile a áirithiú agus a rialáil i cibé slí is cuí leis an Aire;

(e) i gcoitinne, i dtaobh rialáil a dhéanamh ar ghnó na hOifige maidir le trádmharcanna agus gach ní a chuirtear leis an Acht seo faoi stiúradh nó faoi urláimh an Cheannasaí nó an Aire;

(f) i dtaobh aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) An fad a bheidh rialacha a dhéanfar faoin Acht seo i bhfeidhm, beidh an éifeacht chéanna acu ionann is dá mbeadh siad san Acht seo.

(3) Fógrófar dhá uair san Irisleabhar gach riail a dhéanfar faoin Acht seo, agus leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an riail a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialach, beidh an riail ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúithi.

Táillí.

1879, c. 58.

4. —(1) Déanfar cibé táillí a fhorordóidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais a íoc maidir le hiarratais, cláruithe, fógraí, faisnéisí, ráitis, frithráitis, leasuithe, athnuachana, cealuithe, dearbhuithe, deimhnithe, cóipeanna deimhnithe, taifid agus nithe eile i ndáil le trádmharcanna faoin Acht seo.

(2) Déanfar na táillí go léir a fhorordófar faoin alt seo a bhailiú, agus tabharfar cuntas iontu, i cibé slí a ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.

Feidhmiú cumhachtaí an Aire.

5. —Gach ní a cheanglaítear nó a údaraítear faoin Acht seo a dhéanamh ag an Aire nó leis nó os a chomhair, féadfaidh Rúnaí na Roinne Tionscail agus Tráchtála nó aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh leis nó os a chomhair.

Laethanta eiscthe.

6. —Aon uair a thitfidh an lá deireanach a bheidh ceaptha faoin Acht seo chun aon ní a dhéanamh faoin Acht seo ar lá a mbeidh sé sonraithe leis na rialacha gur lá eiscthe é, féadfar a fhoráil sna rialacha go bhféadfar an ní sin a dhéanamh an chéad lá ina dhiaidh sin nach mbeidh sé sonraithe leis na rialacha gur lá eiscthe é.

Caiteachais.

7. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus cosaint.

8. —(1) Aisghairtear leis seo na hailt seo a leanas d'Acht 1927, eadhon, ailt 3 agus 9 (a mhéid a bhaineann siad le trádmharcanna), 80 go 123, agus (a mhéid a bhaineann siad le trádmharcanna) 124, 125, 127 go 138, agus 140 go 153.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon ordú, riail, rialachán nó ceanglas a rinneadh, d'aon tábla táillí nó deimhniú a eisíodh, d'aon fhógra, breith, cinneadh, ordú ná ceadú a tugadh, d'aon iarratas nó ní a rinneadh ná d'aon trádmharc nó marc a cláraíodh faoi Acht 1927; agus gach ordú, riail, rialachán, ceanglas, tábla táillí, deimhniú, fógra, breith, cinneadh, ordú, ceadú, iarratas, ní, trádmharc nó marc den sórt sin leanfaidh sé, má bhíonn sé i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an Achta seo, de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a fhéadfaí é a dhéanamh, a eisiúint, a thabhairt nó a chlárú faoin Acht seo, beidh éifeacht aige nó aici ionann is dá mba faoin alt comhréire den Acht seo a rinneadh, a eisíodh nó a tugadh é nó í.

(3) Déanfar aon doiciméad ina bhfuil tagairt d'aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú mar dhoiciméad a dhéanann tagairt don alt comhréire den Acht seo.

CUID II.

Forálacha Maidir le Clárú.

Clár na dtrádmharcanna.

9. —(1) Chun críocha an Achta seo, leanfar de leabhar dá ngairtear clár na dtrádmharcanna a choimeád san oifig ina dtaifeadfar na trádmharcanna cláraithe go léir maraon le hainmneacha, seolta, agus tuairiscí a ndílseánach, fógraí maidir le sannta agus tarchuir, ainmneacha, seolta agus tuairiscí gach úsáidire chláraithe, séanta, coinníollacha, teorainneacha agus cibé nithe eile a bheidh forordaithe maidir le trádmharcanna.

(2) Leanfaidh an clár de bheith ina dhá chuid dá ngairfear faoi seach Cuid A agus Cuid B.

(3) Beidh an clár ar oscailt gach tráth caothúil lena iniúchadh ag an bpobal, faoi réir cibé rialacháin a bheidh forordaithe.

(4) Coimeádfar an clár faoi urláimh agus faoi bhainistí an Cheannasaí.

(5) In ionad an clár a choimeád i bhfoirm leabhair, féadfar é a choimeád i cibé foirm taifid eile a cheadóidh an tAire ó am go ham.

Ní thionscnófar caingean mar gheall ar thrádmharc neamhchláraithe a shárú.

10. —Ní bheidh aon duine i dteideal aon imeachtaí a thionscnamh chun cosc a chur le sárú trádmhairc neamhchláraithe ná chun damáistí a ghnóthú mar gheall ar an sárú sin, ach measfar nach ndéanann aon ní san Acht seo difear do chearta caingne in aghaidh aon duine mar gheall ar earraí a thairiscint i leith is gur earraí duine eile iad ná do na leigheasanna i leith an chéanna.

Ní foláir clárú i leith earraí áirithe.

11. —Ní foláir trádmharc a chlárú i leith earraí áirithe nó aicmí áirithe earraí, agus is é an Ceannasaí a chinnfidh aon cheist a éireoidh maidir leis an aicme ar di aon earraí áirithe.

An ceart a thugann clárú i gCuid A agus sárú an chirt sin.

12. —(1) Faoi réir an ailt seo, agus ailt 15 agus 16 den Acht seo, tabharfaidh, nó measfar gur thug, clárú (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis) duine i gCuid A den chlár mar dhílseánach trádmhairc (seachas trádmharc deimhniúcháin) i leith aon earraí, ach an clárú sin a bheith bailí, ceart eisiatach don duine chun úsáide an trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin agus, gan dochar go ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, measfar an ceart sin a bheith sáraithe ag aon duine nach é dílseánach an trádmhairc é nó úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc agus é á úsáid de réir na húsáide ceadaithe a úsáidfidh marc comhionann leis nó chomh garchosúil sin leis gur dócha dó a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill i gcúrsa trádála, i ndáil le haon earraí a mbeidh sé cláraithe ina leith, agus i slí gur dhóigh go measfaí gurb éard úsáid an mhairc sin—

(a) úsáid mar thrádmharc; nó

(b) i gcás inarb éard í an úsáid sin úsáid ar na hearraí nó i ndáil tadhlach leo nó i gciorclán fógraíochta nó fógrán eile arna eisiúint chun an phobail, úsáid lena ngabhann tagairt do dhuine éigin ag a bhfuil an ceart mar dhílseánach nó mar úsáidire cláraithe an trádmharc a úsáid nó d'earraí lena bhfuil baint i gcúrsa trádála ag duine den sórt sin a dúradh.

(2) Beidh an ceart chun trádmharc a úsáid a tugadh trí chlárú mar a dúradh faoi réir aon choinníollacha nó teorainneacha a bheidh taifeadta ar an gclár, agus ní mheasfar gur sárú ar an gceart sin aon mharc den sórt sin a úsáid mar a dúradh ar aon mhodh, i ndáil le hearraí a bheifear chun a dhíol nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile in aon áit, i ndáil le hearraí a bheifear chun a onnmhairiú go dtí aon mhargadh, nó in aon chúinsí eile, nach dtagann, ag féachaint d'aon teorainneacha den sórt sin, faoi réim an chláraithe sin.

(3) Ní mheasfar gur sárú ar an gceart chun úsaide trádmharc a tugadh trí chlárú mar a dúradh aon mharc den sórt sin mar a dúradh a úsáid ag aon duine—

(a) i ndáil le hearraí a bhfuil baint acu i gcúrsa trádála le dílseánach an trádmhairc nó le duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc, más rud é, maidir leis na hearraí sin nó le last ar cuid de iad, go ndearna an dílseánach nó an t-úsáidire cláraithe, agus é ag cloí leis an úsáid cheadaithe, an trádmharc a chur agus nár bhain sé anuas nó nár scrios sé é dá éis sin nó gur thoiligh sé go sainráite nó go hintuigthe aon tráth leis an trádmharc a úsáid; nó

(b) i ndáil le hearraí a bheidh oiriúnaithe chun bheith ina gcuid d'earraí eile, nó chun bheith ag gabháil le hearraí eile, ar úsáideadh an trádmharc i ndáil leo gan an ceart sin a tugadh mar a dúradh a shárú nó a bhféadfaí é a úsáid amhlaidh i ndáil leo de thuras na huaire, más gá le réasún an marc a úsáid lena thaispeáint go bhfuil na hearraí oiriúnaithe amhlaidh agus nach é is cuspóir ná is éifeacht d'úsáid an mhairc ach amháin baint i gcúrsa trádála idir aon duine agus na hearraí a thaispeáint de réir an fhíorais.

(4) Má úsáidtear trádmharc cláraithe ar trádmharc é de dhá thrádmharc chláraithe nó níos mó atá comhionann nó garchosúil le chéile, i bhfeidhmiú an chirt chun úsáide an trádmhairc a tugadh trí chlárú mar a dúradh, ní mheasfar gur sárú é ar an gceart a tugadh amhlaidh chun úsáide aon chinn eile de na trádmharcanna sin.

An ceart a thugann clárú i gCuid B agus sárú an chirt sin.

13. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (2) den alt seo, tabharfaidh nó measfar gur thug clárú (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis) duine i gCuid B den Chlár mar dhílseánach trádmhairc i leith aon earraí, ach an clárú sin a bheith bailí, an ceart céanna i ndáil leis na hearraí sin don duine sin, ionann is dá mba i gCuid A den chlár a rinneadh an clárú, agus beidh éifeacht ag forálacha alt 12 den Acht seo sa tslí chéanna maidir le trádmharc arna chlárú i gCuid B den chlár díreach mar tá éifeacht acu maidir le trádmharc arna chlárú i gCuid A den chlár.

(2) In aon chaingean i dtaobh sárú an chirt chun úsáide trádmhairc a tugadh trí chlárú mar a dúradh i gCuid B den chlár, ar shlí eile seachas trí ghníomh a meastar gur sárú é de bhua alt 14 den Acht seo, ní dheonófar aon urghaire ná faoiseamh eile don ghearánaí má shuíonn an cosantóir chun sástachta na cúirte nach dócha don úsáid faoina bhfuil an gearánaí ag gearán a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill nó go measfaí go dtaispeánann sí baint i gcúrsa trádála idir na hearraí agus duine éigin ag a bhfuil an ceart mar dhílseánach nó mar úsáidire cláraithe an trádmharc a úsáid.

Ceart a shárú trí shriantachtaí áirithe a shárú.

14. —(1) I gcás ina rachaidh ceannaitheoir nó úinéir earraí, trí chonradh i scríbhinn arna dhéanamh le dílseánach nó úsáidire cláraithe trádmhairc chláraithe, faoi oibleagáid arb éifeacht di nach ndéanfaidh sé, i ndáil leis na hearraí, gníomh lena mbaineann an t-alt seo, measfar tríd sin an ceart cun an trádmharc a úsáid a tugadh trí chlárú an chéanna a bheith sáraithe ag aon duine, arb é úinéir na n-earraí sin é de thuras na huaire agus fógra i dtaobh na hoibleagáide aige, a dhéanfaidh an gníomh, nó a údaróidh an gníomh a dhéanamh, i ndáil leis na hearraí, i gcúrsa trádála nó d'fhonn aon déileáil a dhéanamh leo i gcúrsa trádála, mura dtáinig an duine sin chun bheith ina úinéir ar na hearraí trína gceannach de mheon mhacánta ar airgead nó ar luach airgid sula bhfuair sé fógra i dtaobh na hoibleagáide nó de bhua teideal a gabhadh trí dhuine eile a tháinig amhlaidh chun bheith ina úinéir ar na hearraí.

(2) Is iad na gníomhartha lena mbaineann an t-alt seo—

(a) an trádmharc a chur ar na hearraí tar éis athrú a bheith déanta orthu in aon mhodh a bheidh sonraithe sa chonradh maidir lena staid nó a riocht, a ngléasadh nó a bpacáil;

(b) i gcás ina mbeidh an trádmharc ar na hearraí, an trádmharc sin a athrú, nó cuid de a bhaint de na hearraí nó cuid de a scriosadh;

(c) i gcás ina mbeidh an trádmharc ar na hearraí, agus go mbeidh orthu freisin ábhar eile is ábhar a thaispeánann baint i gcúrsa trádála idir an dílseánach nó an t-úsáidire cláraithe agus na hearraí, an trádmharc a bhaint de na hearraí nó a scriosadh, go hiomlán nó go páirteach, mura ndéanfar an t-ábhar eile sin a bhaint de na hearraí nó a scriosadh, go hiomlán;

(d) i gcás ina mbeidh an trádmharc ar na hearraí, aon trádmharc eile a chur ar na hearraí;

(e) i gcás ina mbeidh an trádmharc ar na hearraí, aon ábhar eile i scríbhinn ar dócha dó díobháil a dhéanamh do cháil an trádmhairc a chur ar na hearraí.

(3) San alt seo déanfar tagairtí i ndáil le haon earraí do dhílseánach, d'úsáidire cláraithe, agus do chlárú, trádmhairc a fhorléiriú, faoi seach, mar thagairtí don dílseánach a bhfuil an trádmharc cláraithe ina ainm, d'úsáidire cláraithe atá cláraithe, agus do chlárú an trádmhairc, i leith na n-earraí sin, agus folaíonn “ar” i ndáil le haon earraí, tagairt do dháil thadhlach maidir leo.

Cosaint do chearta dílsithe.

15. —Ní thabharfaidh aon ní san Acht seo teideal do dhílseánach ná d'úsáidire cláraithe trádmhairc chláraithe aon duine a bhac nó a shrianadh ó úsáid a dhéanamh de thrádmharc comhionann leis nó garchosúil leis i ndáil le hearraí a ndearna an duine sin nó réamhtheachtaí i dteideal dá chuid an trádmharc sin a úsáid i ndáil leo go leanúnach—

(a) ó dháta sular úsáideadh an trádmharc céadluaite i ndáil leis na hearraí sin ag an dílseánach nó ag réamhtheachtaí i dteideal dá chuid; nó

(b) ó dháta sular cláraíodh an trádmharc céadluaite i leith na n-earraí sin in ainm an dílseánaigh nó réamhtheachtaí i dteideal dá chuid;

cibé acu is túisce, ná cur in aghaidh (ar an úsáid sin a bheith cruthaithe) an duine sin a chur ar an gclár don trádmharc comh ionann nó garchosúil sin i leith na n-earraí sin faoi fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo.

Cosaint le haghaidh ainm, seoladh nó tuairisc earraí a úsáid.

16. —Ní dhéanfaidh clárú trádmhairc difear—

(a) d'aon úsáid bona fide ag duine ar a ainm féin nó ainm a áit gnó, nó ainm, nó ainm áit gnó aon duine dá réamhtheachtaithe i ngnó, ná

(b) d'úsáid ag aon duine ar aon tuairisc bona fide ar ghné nó cáilíocht a earraí, nach tuairisc í ar dócha go measfaí uaithi go ngabhann aon tagairt léi d'aon sórt dá luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 12, nó i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 45, den Acht seo.

Idirdhealaitheacht riachtanach chun clárú i gCuid A.

17. —(1) Chun trádmharc (seachas trádmharc deimhniúcháin) a bheith inchláraithe i gCuid A den chlár, ní mór gurb éard a bheidh ann nó go mbeidh ann sonra amháin ar a laghad de na sonraí riachtanacha seo a leanas:—

(a) ainm cuideachta, pearsa nó gnólachta, arna léiriú ar mhodh speisialta nó ar mhodh áirithe;

(b) síniú an duine atá ag iarraidh clárú nó síniú réamhtheachtaí éigin ina ghnó;

(c) focal cumtha nó focail chumtha;

(d) focal nó focail nach bhfuil aon tagairt díreach iontu do ghné nó do cháilíocht na n-earraí agus nach ainm ná seoladh geografach de réir a ghnáth-chéille;

(e) ní bheidh aon mharc idirdhealaitheach eile, ach amháin ainm, síniú nó focal nó focail seachas iad sin atá sua tuairiscí i míreanna (a), (b), (c) agus (d) den fho-alt seo, inchláraithe faoin mír seo ach amháin ar fhianaise i dtaobh a idirdhealaitheachta.

(2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “idirdhealaitheach” oiriúnaithe, i ndáil leis na hearraí a bhfuil trádmharc cláraithe nó a mbeartaítear trádmharc a chlárú ina leith, chun earraí a bhfuil baint, nó a bhféadfadh baint a bheith, ag dílseánach an trádmhairc leo i gcúrsa trádála a idirdhealú ó earraí nach bhfuil aon bhaint den sórt sin ar substaineadh maidir leo, i gcoitinne nó, i gcás ina bhfuil an trádmharc cláraithe, nó ina mbeartaítear é a chlárú, faoi réir teorainneacha, i ndáil le húsáid laistigh de réim an chláraithe.

(3) Nuair a bheifear a chinneadh an bhfuil trádmharc oiriúnaithe chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) aird a thabhairt—

(a) ar a mhéid atá an trádmharc oiriúnaithe go bunúsach chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh, agus

(b) mar gheall ar úsáid an trádmhairc nó aon imthoscaí eile, ar a mhéid atá an trádmharc oiriúnaithe iarbhír chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh.

Inniúlacht ar idirdhealú a dhéanamh riachtanach chun clárú i gCuid B.

18. —(1) Ionas go mbeidh trádmharc inchláraithe i gCuid B den chlár caithfidh sé a bheith inniúil, i ndáil leis na hearraí a bhfuil sé cláraithe, nó a mbeartaítear é a chlárú, ina leith, earraí a bhfuil baint nó a bhféadfadh baint a bheith ag dílseánach an trádmhairc leo i gcúrsa trádála a idirdhealú ó earraí nach bhfuil aon bhaint den sórt sin ar substaineadh maidir leo, i gcoitinne nó i gcás ina bhfuil an trádmharc cláraithe, nó ina mbeartaítear é a chlárú, faoi réir teorainneacha i ndáil le húsáid laistigh de réim an chláraithe.

(2) Nuair a bheifear a chinneadh an bhfuil trádmharc inniúil ar idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) aird a thabhairt—

(a) ar a mhéid atá an trádmharc inniúil go bunúsach ar idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh; agus

(b) mar gheall ar úsáid an trádmhairc nó aon imthoscaí eile, ar a mhéid atá an trádmharc inniúil iarbhír ar idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh.

(3) Féadfar trádmharc a chlárú i gCuid B d'ainneoin aon chlárú i gCuid A in ainm dílseánaigh chéanna an trádmhairc chéanna nó aon choda nó codanna den trádmharc sin.

Toirmeasc ar ábhar meabhlaireachta agus ábhar áirithe eile a chlárú.

19. —Ní dleathach aon ábhar a chlárú mar thrádmharc nó mar chuid de thrádmharc is ábhar a mbeadh a úsáid, mar gheall ar gur dócha dó meabhlaireacht a dhéanamh, nó mearbhall a chur, ar dhaoine nó eile, ó theideal cosanta i gcúirt dlí, nó contrártha don dlí nó don mhoráltacht, ná aon deara scannalach.

Toirmeasc ar thrádmharcanna comhionanna agus cosúla a chlárú.

20. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, ní chlárófar aon trádmharc i leith aon earraí nó tuairisc earraí atá comhionann le trádmharc le dílseánach eile agus atá ar an gclár cheana féin i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí, nó atá chomh garchosúil sin le trádmharc den sórt sin gur dócha dó a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill.

(2) I gcás úsáid ionraic chomhthráthach, nó imthoscaí speisialta eile a fhágann i dtuairim na Cúirte nó an Cheannasaí gur cuí é a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) clárú trádmharcanna atá comhionann nó garchosúil le chéile i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí ag níos mó ná dílseánach amháin a cheadú faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha, más ann, a mheasfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) is ceart a fhorchur.

(3) I gcás ina ndéanfaidh daoine éagsúla iarratais ar leithligh ar a gclárú mar dhílseánaigh faoi seach ar thrádmharcanna atá comhionann nó garchosúil le chéile, i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí, féadfaidh an Ceannasaí diúltú aon duine acu a chlárú go dtí go ndéanfar a gcearta a chinneadh ag an gCúirt, nó a shocrú trí chomhaontú i slí a cheadóidh seisean nó an Chúirt ar achomharc, de réir mar a bheidh:

Ar choinníoll, má dhéanann daoine éagsúla iarratais ar leithligh ar dhátaí éagsúla ar a gclárú mar dhílseánaigh faoi seach ar thrádmharcanna atá comhionann nó garchosúil le chéile, go bhféadfaidh an Ceannasaí diúltú dul ar aghaidh leis an dara ceann nó an ceann is deireanaí de na hiarratais sin go dtí go gcinnfear an chéad iarratas agus go measfar gurb éard é an trádmharc is ábhar don chéad iarratas, má dhéantar an trádmharc a chlárú air sin, trádmharc atá ar an gclár cheana féin faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil leis an trádmharc is ábhar don dara iarratas nó don iarratas is deireanaí.

Clárú i gCuid A a bheith ina chruthú dochloíte maidir le bailíocht tar éis seacht mbliana.

21. —(1) I ngach imeacht dlíthiúil a bhainfidh le trádmharc a bheidh cláraithe i gCuid A den chlár (lena n-áirítear iarratais faoi alt 40 den Acht seo), measfar clárú bunaidh an trádmhairc i gCuid A den chlár a bheith bailí ar gach slí tar éis seacht mbliana a bheith caite ó dháta an chláraithe sin, mura rud é—

(a) gur trí chalaois a fuarthas an clárú sin, nó

(b) go gciontaíonn an trádmharc in aghaidh alt 19 den Acht seo.

(2) Ní dhéanfar aon ní i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Acht seo a fhorléiriú mar ní a thugann na forálacha sin roimhe seo den alt seo a bhaineann le trádmharc atá cláraithe i gCuid A den chlár a bheith inchurtha chun feidhme maidir le trádmharc mar thrádmharc atá cláraithe i gCuid B den chlár.

Clárú faoi réir séanadh.

22. —Má bhíonn i dtrádmharc—

(a) aon pháirt nár chláraigh an dílseánach go leithleach mar thrádmharc; nó

(b) ábhar a bhaineann leis an trádáil i gcoitinne nó ábhar de chineál neamb-idirdhealaitheach;

féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh), agus í nó é ag cinneadh a dtaifeadfar nó a bhfágfar an trádmharc ar an gclár, a cheangal mar choinníoll chun é a bheith ar an gclár—

(i) go séanfaidh an dílseánach aon cheart chun úsáide eisiataí aon pháirte den trádmharc, nó chun úsáide eisiataí gach coda nó aon choda d'aon ábhar den sórt sin a dúradh, i gcás inarb é cinneadh na Cúirte nó an Cheannasaí (de réir mar a bheidh) nach bhfuil teideal aige chun úsáide eisiataí an chéanna; nó

(ii) go ndéanfaidh an dílseánach cibé séanadh eile a mheasfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) is gá chun a chearta faoin gclárú a shonrú:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon séanadh a bheidh ar an gclár difear d'aon chearta de chuid dílseánaigh trádmhairc ach amháin iad sin a éireoidh as clárú an trádmhairc a mbeidh an séanadh déanta ina leith.

Focal trádmhairc a úsáidtear mar ainm earra nó substainte.

23. —(1) Ní measfar clárú trádmhairc a theacht chun bheith neamhbhailí de bhíthin amháin focal nó focail atá sa trádmharc nó arb é an trádmharc sin é nó iad a úsáid in aon slí tar éis dáta an chláraithe mar ainm nó tuairisc an earra nó na substainte:

Ar choinníoll má chruthaítear—

(a) go bhfuil úsáid seanaitheanta agus bunaithe ann maidir le húsáid an fhocail nó na bhfocal mar ainm nó tuairisc an earra nó na substainte ag duine nó daoine a sheolann trádáil leis an gcéanna, agus nach úsáid i ndáil le hearraí a bhfuil baint acu i gcúrsa trádála le dílseánach an trádmhairc nó le duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc ná (i gcás trádmharc deimhniúcháin) le hearraí arna ndeimhniú ag an dílseánach; nó

(b) gur monaraíodh an t-earra nó an tsubstaint roimhe sin faoi phaitinn (ba phaitinn a bhí i bhfeidhm an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, nó a deonaíodh ina dhiaidh sin), go bhfuil tréimhse dhá bhliain nó níos mó caite ó scoir an phaitinn, agus gurb é an focal sin nó gurb iad na focail sin an t-aon ainm nó tuairisc phraiticiúil ar an earra nó ar an tsubstaint;

beidh éifeacht ag forálacha fo-alt (2) den alt seo.

(2) I gcás ina ndéanfar na fíorais a luaitear i mír (a) nó (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) den alt seo a chruthú maidir le haon fhocal nó focail, ansin—

(a) más é amháin a bheidh sa trádmharc an focal nó na focail sin, measfar chun críocha alt 40 den Acht seo gur taifead atá fanta go mícheart ar an gclár clárú an trádmhairc a mhéid a bhainfidh le clárú i leith an earra nó na substainte lena mbainfidh nó le haon earraí den tuairisc chéanna;

(b) má bhíonn an focal nó na focail sin agus ábhar eile sa trádmharc, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh), agus í nó é ag cinneadh an bhfanfaidh an trádmharc ar an gclár, a mhéid a bhainfidh le clárú i leith an earra nó na substainte a bheidh i gceist agus le clárú i leith aon earraí den tuairisc chéanna, a cheangal, i gcás cinneadh i bhfabhar é a fhágáil ar an gclár, mar choinníoll a rachaidh leis sin go séanfaidh an dílseánach aon cheart chun úsáide eisiataí an fhocail nó na bhfocal sin i ndáil leis an earra nó an tsubstaint sin agus aon earraí den tuairisc chéanna, i slí, áfach, nach ndéanfaidh aon séanadh ar an gclár difear d'aon chearta le dílseánach trádmhairc ach amháin iad sin a éireoidh as clárú an trádmhairc a bhfuil an séanadh déanta ina leith; agus

(c) chun críocha aon imeachtaí dlíthiúla eile a bhainfidh leis an trádmharc, measfar—

(i) más é amháin a bheidh sa trádmharc an focal nó na focail sin, cearta uile an dílseánaigh, cibé acu faoin dlí coitian é nó trí chlárú, chun úsáide eisiataí an trádmhairc i ndáil leis an earra nó an tsubstaint lena mbainfidh nó i ndáil le haon earraí den tuairisc chéanna, nó

(ii) má bhíonn an focal nó na focail sin agus ábhar eile sa trádmharc, gach ceart den sórt sin leis an dílseánach chun úsáide eisiataí an fhocail nó na bhfocal sin i ndáil mar a dúradh,

do scor ar an dáta a tháinig an úsáid a luaitear i mír (a) den choinníoll atá ag gabháil le fo-alt (1) den alt seo chun bheith seanaitheanta agus bunaithe ar dtús, nó ar bheith caite don tréimhse dhá bhliain a luaitear i mír (b) den choinníoll sin.

(3) Ní dhéanfar aon fhocal arb é a thugtar agus lena nglactar de ghnáth mar ainm ar aon dúil shingil cheimiciúil nó ar chumasc singil ceimiciúil, ar leith ó mheascán, a chlárú mar thrádmharc i leith substainte nó ullmhóide ceimiciúla, agus aon chlárú den sórt sin a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin, measfar, chun críocha alt 40 den Acht seo agus d'ainneoin alt 21 den Acht seo, gur taifead é a rinneadh sa chlár gan leorchúis, nó gur taifead é atá fanta go mícheart ar an gclár, de réir mar is gá sna himthoscaí:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo i ndáil le focal a úsáidtear chun comharthú, agus gan ach comharthú, a dhéanamh ar bhranda nó déanamh den dúil nó den chumasc arna dhéanamh ag dílseánach an trádmhairc nó ag duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc, ar leith ón dúil nó ón gcumasc arna dhéanamh ag daoine eile agus maraon le hainm nó tuairisc oiriúnach atá faoi réir a úsáidte ag an bpobal.

Eifeacht teorannaithe maidir le dath nó easpa datha.

24. —(1) Féadfaidh dath sonraithe amháin nó níos mó a bheith de theorainn datha le trádmharc go huile nó go páirteach, agus in aon chás den sórt sin cuirfidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) san áireamh go bhfuil teorainn den sórt sin leis nuair a bheidh gné idirdhealaitheach an trádmhairc á cinneadh.

(2) Más rud é go mbeidh agus sa mhéid go mbeidh trádmharc cláraithe gan teorainn datha, measfar é bheith cláraithe i leith gach datha.

Iarratas ar chlárú.

25. —(1) Aon duine a éilíonn gurb é féin dílseánach trádmhairc a d'úsáid sé nó a bheartaíonn sé a úsáid agus ar mian leis an trádmharc a chlárú, ní mór dó iarratas i scríbhinn a chur go dtí an Ceannasaí sa tslí fhorordaithe ag iarraidh clárú i gCuid A nó i gCuid B den chlár.

(2) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Ceannasaí diúltú don iarratas, nó glacadh leis go huilíoch nó faoi réir cibé leasuithe, modhnuithe, coinníollacha nó teorainneacha, más ann, a mheasfaidh sé a bheith ceart.

(3) I gcás iarratas ar thrádmharc (seachas trádmharc deimhniúcháin) a chlárú i gCuid A den chlár, féadfaidh an Ceannasaí, má bhíonn an t-iarratasóir toilteanach, in ionad diúltú don iarratas, féachaint air mar iarratas ar chlárú i gCuid B agus déileáil leis an iarratas dá réir sin.

(4) I gcás diúltú nó glacadh coinníollach, sonróidh an Ceannasaí i scríbhinn, má éilíonn an t-iarratasóir air é laistigh den am forordaithe, forais a chinnte agus na hábhair a d'úsáid sé chun teacht ar an gcinneadh sin.

(5) Déanfaidh aon iarratasóir ar mian leis achomharc a dhéanamh faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo iarratas chun an Cheannasaí faoi fho-alt (4) den alt seo ag iarraidh an ráitis i scríbhinn dá dtagraítear ann, agus ar an achomharc tabharfaidh an Chúirt, má éilítear uirthi é, éisteacht don iarratasóir agus don Cheannasaí, agus déanfaidh sí ordú á chinneadh an nglacfar leis an iarratas agus cad iad na leasuithe, na modhnuithe, na coinníollacha nó na teorainneacha, más ann, ar faoina réir a ghlacfar leis an iarratas.

(6) Ach amháin le cead na Cúirte ní dhéanfar aon achomharc in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo ach amháin laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a cuireadh chun an iarratasóra an ráiteas i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo nó laistigh de cibé tréimhse breise nach faide ná trí mhí a cheadóidh an Ceannasaí (ar iarraidh chuige sin a fháil roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí sin).

(7) Déanfar achomhairc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinnte ag an gCeannasaí faoin alt seo a éisteacht ar na hábhair a shonróidh an Ceannasaí mar a dúradh, agus ní lámhalfar don Cheannasaí aon fhorais agóide eile a shuíomh in aghaidh glacadh leis an iarratas, seachas na forais sin a shonróidh sé amhlaidh mar a dúradh, ach amháin le cead na Cúirte.

(8) Féadfaidh an Ceannasaí nó an Chúirt (de réir mar a bheidh) aon uair, sula nglacfar leis an iarratas nó dá éis sin, aon earráid san iarratas nó i ndáil leis a cheartú, nó féadfaidh a cheadú don iarratasóir a iarratas a leasú ar cibé téarmaí is cuí leis an gCeannasaí nó leis an gCúirt (de réir mar a bheidh).

Freasúra in aghaidh clárú.

26. —(1) Nuair a bheidh glactha le hiarratas ar thrádmharc a chlárú, go huilíoch nó faoi réir coinníollacha nó teorainneacha, cuirfidh an Ceannasaí faoi deara, a luaithe is féidir tar éis an ghlactha, an t-iarratas mar glacadh leis a fhógairt sa tslí fhorordaithe, agus beidh na coinníollacha agus na teorainneacha go léir ar faoina réir a glacadh leis an iarratas leagtha amach san fhógra:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Ceannasaí a chur faoi deara iarratas a fhógairt sula nglacfar leis in aon chás ina bhfeicfear dó gurb oiriúnach sin a dhéanamh mar gheall ar aon imthoscaí eisceachtúla, agus, i gcás ina mbeifear tar éis iarratas a fhógairt amhlaidh, féadfaidh an Ceannasaí, más cuí leis, é a fhógairt arís nuair a bheidh glactha leis ach ní bheidh d'iallach air déanamh amhlaidh.

(2) Féadfaidh aon duine, laistigh den am forordaithe ó dháta iarratas a fhógairt, fógra a thabhairt don Cheannasaí go bhfuil sé i bhfreasúra leis an gclárú.

(3) Is i scríbhinn sa tslí fhorordaithe a thabharar an fógra agus beidh ráiteas ann ag insint foras an fhreasúra.

(4) Cuirfidh an Ceannasaí cóip den fhógra chun an iarratasóra agus, laistigh den am forordaithe tar éis í a fháil, cuirfidh an t-iarratasóir chuig an gCeannasaí, sa tslí fhorordaithe, frithráiteas ag insint na bhforas ar a bhfuil a sheasamh maidir lena iarratas, agus, mura ndéanfaidh sé amhlaidh, measfar a iarratas a bheith tréigthe aige.

(5) Má chuireann an t-iarratasóir frithráiteas den sórt sin a dúradh chuig an gCeannasaí, tabharfaidh an Ceannasaí cóip de do na daoine a thabharfaidh fógra freasúra agus, tar éis éisteacht leis na páirtithe, má iarrtar sin air, agus an fhianaise a bhreithniú, cinnfidh sé cé acu a cheadófar nó nach gceadófar an clárú agus, má cheadaítear, na coinníollacha nó na teorainneacha, más ann, ar faoina réir a cheadófar é agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir agus don fhreasúróir dá réir sin.

(6) Féadfaidh an t-iarratasóir nó an freasúróir, laistigh den am forordaithe tar éis an dáta a dhéanfar cinneadh an Cheannasaí a fhógairt, iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí ag iarraidh ráitis scríofa air ag insint na bhforas a bhí lena chinneadh.

(7) Aon duine ar mian leis achomharc a dhéanamh faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo déanfaidh sé an ráiteas scríofa dá bhfuil tagairt i bhfo-alt (6) den alt seo a iarraidh ar an gCeannasaí faoin fho-alt sin (6) agus ar an achomharc éistfidh an Chúirt, má iarrtar sin, leis na páirtithe agus déanfaidh an Ceannasaí ordú ag cinneadh cé acu a cheadófar nó nach gceadófar an clárú agus, má cheadaítear, na gcoinníollacha nó na dteorainneacha ar faoina réir a cheadófar é.

(8) Ach amháin le cead na Cúirte, ní dhéanfar aon achomharc in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo ach amháin laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a cuireadh chun an iarratasóra an ráiteas i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo nó laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná trí mhí a cheadóidh an Ceannasaí (ar iarraidh chuige fháil roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí sin).

(9) Ar achomharc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo a bheith á éisteacht, féadfaidh aon pháirtí, sa tslí fhorordaithe nó le cead speisialta ón gCúirt, tuilleadh ábhair a thabhairt ar aird lena bhreithniú ag an gCúirt.

(10) (a) Ar achomharc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo ní lamhálfar, ach amháin le cead na Cúirte, don fhreasúróir ná don Cheannasaí aon fhoras agóide eile a shuíomh in aghaidh clárú trádmhairc, seachas iad sin a bheidh luaite mar a dúradh ag an bhfreasúróir.

(b) I gcás ina suífear aon fhorais agóide eile, beidh an t-iarratasóir i dteideal a iarratas a tharraingt siar gan costais an fhreasúróra a íoc ar fhógra a thabhairt sa tslí fhorordaithe.

(11) Ar achomharc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh ag an gCeannasaí faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, tar éis éisteacht leis an gCeannasaí, a cheadú go ndéanfar an trádmharc a bheartaítear a chlárú a mhodhnú in aon slí nach ndéanfaidh difear substaintiúil dá chéannacht, ach in aon chás den sórt sin déanfar an trádmharc arna mhodhnú amhlaidh a fhógairt sa tslí fhorordaithe sula gclárófar é.

(12) Más rud é i gcás duine a thabharfaidh fógra freasúra nó iarratasóir a sheolfaidh frithráiteas tar éis cóip d'fhógra den sórt sin a fháil, nó achomharcóir nach gcónaíonn sé agus nach seolann sé gnó sa Stát, féadfaidh an Chúirt (i gcás achomhairc) nó an Ceannasaí (in aon chás eile) a cheangal air urrús i leith costas na n-imeachtaí a thabhairt agus, má mhainnítear urrús den sórt sin a thabhairt go cuí, féadfar déileáil leis an bhfreasúra nó leis an iarratas nó leis an achomharc, de réir mar a bheidh, mar fhreasúra, iarratas nó achomharc tréigthe.

Clárú.

27. —(1) Nuair a bheidh glactha le hiarratas ag iarraidh trádmharc a chlárú i gCuid A nó i gCuid B den chlár agus—

(a) nach mbeidh freasúra déanta in aghaidh an iarratais agus go mbeidh an t-am chun fógra freasúra a thabhairt caite, nó

(b) go mbeidh freasúra déanta in aghaidh an iarratais agus go mbeidh cinneadh i dtaobh an fhreasúra déanta i bhfabhar an iarratasóra,

déanfaidh an Ceannasaí, mura d'earráid a bheidh glactha leis an iarratas, an trádmharc a chlárú i gCuid A nó i gCuid B, de réir mar a bheidh, agus, nuair a chlárófar an trádmharc, is faoi dháta an iarratais ar chlárú a chlárófar é agus measfar chun críocha an Achta seo gurb é an dáta sin dáta an chláraithe:

Ar choinníoll go mbeidh éifeacht faoi réir alt 70 den Acht seo maidir le trádmharc arna chlárú faoin Acht seo maille le sochar an ailt sin ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo a bhaineann leis an dáta ar faoi a chlárófar trádmharc agus leis an dáta a measfar gurb é dáta an chláraithe é.

(2) Ar thrádmharc a chlárú eiseoidh an Ceannasaí chun an iarratasóra deimhniú san fhoirm fhorordaithe ar chlárú an trádmhairc agus é séalaithe le séala oifigiúil an Cheannasaí.

(3) I gcás nach ndéanfar, mar gheall ar mhainneachtain an iarratasóra, clárú trádmhairc a chríochnú laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an iarratais, féadfaidh an Ceannasaí, tar éis fógra a thabhairt i scríbhinn sa tslí fhorordaithe don iarratasóir i dtaobh é a bheith gan chríochnú, déileáil leis an iarratas mar iarratas tréigthe mura gcríochnófar é laistigh den am a bheidh sonraithe chuige sin san fhógra.

Ré agus athnuachan clárú.

28. —(1) Mairfidh clárú trádmhairc go ceann tréimhse seacht mbliana, ach féadfar é a athnuachan ó am go ham de réir an ailt seo:

Ar choinníoll go mbeidh, i ndáil le clárú faoi dháta roimh thosach feidhme an Achta seo, éifeacht ag an bhfo-alt seo trí thréimhse ceithre bliana déag a chur in ionad na tréimhse seacht mbliana sin.

(2) Déanfaidh an Ceannasaí, ar iarratas sa tslí fhorordaithe a fháil laistigh den tréimhse fhorordaithe ó dhílseánach cláraithe trádmhairc, clárú an trádmhairc a athnuachan go ceann tréimhse ceithre bliana déag ó dháta éagtha an chláraithe bhunaidh nó dáta na hathnuachana deiridh, cibé acu é, dáta ar a dtugtar “dul in éag don chlárú deiridh” san alt seo,

(3) Ag an am forordaithe roimh dhul in éag don chlárú deiridh ar thrádmharc, cuirfidh an Ceannasaí fógra sa tslí fhorordaithe chuig an dílseánach cláraithe i dtaobh dáta an éagtha agus na gcoinníollacha maidir le híoc táillí agus eile ar a bhféadfar athnuachan clárú a fháil, agus, más rud é, ar bheith caite don am a bheidh forordaithe chuige sin, nach mbeidh na coinníollacha comhlíonta go cuí, féadfaidh an Ceannasaí an trádmharc a bhaint den chlár, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, maidir lena athchur ar an gclár, a fhorordófar.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis trádmharc a bhaint den chlár mar gheall ar an táille athnuachana a bheith gan íoc, measfar, mar sin féin, chun críche aon iarratais ar thrádmharc a chlárú i rith bliana amháin díreach tar éis an dáta a baineadh den chlár é, gur trádmharc é atá ar an gclár cheana féin:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo i gcás inar deimhin leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh)—

(a) nach ndearnadh aon úsáid trádála bona fide den trádmharc a baineadh den chlár i rith an dá bhliain díreach roimh é bhaint de; nó

(b) nach dóigh aon mheabhlaireacht ná mearbhall a theacht trí úsáid an trádmhairc is ábhar don iarratas ar chlárú de bhíthin aon úsáid roimhe sin den trádmharc a baineadh den chlár.

Clárú codanna de thrádmharcanna agus trádmharcanna mar shraitheanna.

29. —(1) (a) I gcás ina n-éileoidh dílseánach trádmhairc go bhfuil teideal aige chun úsáide eisiataí aon choda ar leithligh den trádmharc, féadfaidh sé a iarraidh go gclárófar an t-iomlán agus aon chuid den sórt sin mar thrádmharcanna ar leithligh.

(b) Caithfidh gach trádmharc ar leithligh mar sin na coinníollacha go léir a chomhlíonadh a bhaineann le trádmharc neamhspleách agus, faoi réir fo-alt (3) d'alt 31 agus fo-alt (2) d'alt 38 den Acht seo, beidh aige na comhleanúntais go léir a bhaineann le trádmharc neamhspleách.

(2) I gcás duine a bheidh á éileamh gurb é féin dílseánach trádmharcanna éagsúla, i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí, atá cosúil le chéile ina sonraí ábhartha, ach atá éagsúil maidir le—

(a) ráitis ag lua na n-earraí a n-úsáidtear nó a mbeartaítear iad a úsáid faoi seach i ndáil leo; nó

(b) ráitis ag lua uimhir, praghas, cáilíocht nó ainmneacha áiteanna; nó

(c) ábhar eile de ghné neamh-idirdhealaitheach nach ndéanann difear substaintiúil do chéannacht an trádmhairc; nó

(d) dath;

agus a iarrfaidh go gclárófar na trádmharcanna, féadfar iad a chlárú mar shraith i gclárú amháin.

Cumhachtaí sannta agus tarchuir agus sriantachtaí le sannadh agus tarchur.

30. —(1) D'ainneoin aon riail dlí nó cothromais contrártha dó sin, agus faoi réir an ailt seo, beidh trádmharc cláraithe, agus measfar é a bheith riamh, insannta agus intarchurtha i ndáil le deáthoil gnó nó a mhalairt.

(2) Faoi réir an ailt seo, beidh trádmharc cláraithe, agus measfar é bheith riamh, insannta agus intarchurtha i leith na n-earraí go léir a bhfuil sé cláraithe nó a raibh sé cláraithe ina leith, de réir mar a bheidh, nó i leith coda de na hearraí sin (ach ní hiad go léir).

(3) Beidh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i gcás trádmharc neamhchláraithe a úsáidtear i ndáil le haon earraí amhail mar tá éifeacht acu i gcás trádmharc cláraithe atá cláraithe i leith aon earraí, má dhéantar nó má rinneadh, tráth an trádmharc neamhchláraithe a shannadh nó a tharchur, a úsáid sa ghnó céanna mar thrádmharc cláraithe, agus má dhéantar nó má rinneadh é féin agus an trádmharc cláraithe sin a shannadh nó a tharchur an tráth céanna agus chun an duine chéanna agus i leith earraí arb earraí iad go léir a n-úsáidfear nó ar úsáideadh an trádmharc neamhchláraithe sa ghnó sin i ndáil leo agus a ndéanfar nó a ndearnadh an trádmharc cláraithe sin a shannadh nó a tharchur ina leith.

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo, ní bheidh, ná ní mheasfar go raibh, trádmharc insannta ná intarchurtha i gcás ina mbeadh de thoradh sannta nó tarchurtha cearta eisiatacha ar substaineadh, faoin dlí coitian nó trí chlárú, i níos mó ná aon duine amháin de na daoine iomchuí chun úsáid a dhéanamh i ndáil leis na hearraí céanna nó leis an tuairisc chéanna earraí de thrádmharcanna garchosúla nó comhionanna, más rud é, agus ag féachaint do chomhchosúlacht na n-earraí agus na dtrádmharcanna, gur dóigh nó gur dhóigh meabhlaireacht nó mearbhall a theacht de bharr na trádmharcanna a úsáid i bhfeidhmiú na gceartanna sin:

Ar choinníoll, má dhéantar nó má rinneadh trádmharc a shannadh nó a tharchur i gcás mar a dúradh, nach measfar an sannadh nó an tarchur a bheith neamhbhailí faoin bhfo-alt seo más amhlaidh do na ceartanna a bhí nó a bheidh ar substaineadh dá thoradh sin sna daoine iomchuí faoi seach, agus ag féachaint do na teorainneacha a forchuireadh ar na cearta sin, gur cearta nó gur chearta iad nach infheidhmithe nó nárbh infheidhmithe ag beirt duine nó níos mó i ndáil le hearraí atáthar nó a bhíothas chun a dhíol nó a bhfuiltear nó a rabhthas chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile laistigh den Stát (seachas iad a onnmhairiú as an Stát) nó i ndáil le hearraí atáthar nó a bhíothas chun a onnmhairiú go dtí an margadh céanna lasmuigh den Stát.

(5) Féadfaidh dílseánach trádmhairc chláraithe a bheartóidh an trádmharc sin a shannadh i leith aon earraí a bhfuil an trádmharc sin cláraithe ina leith sonrú cáis ag sonrú na n-imthoscaí a chur faoi bhráid an Cheannasaí sa tslí fhorordaithe, agus féadfaidh an Ceannasaí deimhniú a eisiúint chuige á rá cé acu a bheadh nó nach mbeadh, ag féachaint do chomhchosúlacht na n-earraí agus na dtrádmharcanna dá mbeidh tagairt sa sonrú cáis, an sannadh a bheidh beartaithe a dhéanamh ar an trádmharc céadluaite neamhbhailí faoi fho-alt (4) den alt seo, agus beidh deimhniú a eiseofar amhlaidh, mura suífear gur trí chalaois nó mífhaisnéis a fuarthas an deimhniú, ina dheimhniú dochloíte ar bhailíocht nó neamhbhailíocht an tsannta faoi fho-alt (4) den alt seo a mhéid a bhraithfidh an bhailíocht nó an neamhbhailíocht sin ar na fíorais a bheidh leagtha amach sa sonrú cáis, ach, maidir le deimhniú i bhfabhar bailíochta, is coinníoll go mbeidh sin amhlaidh go ndéanfar iarratas, laistigh de shé mhí ón dáta a eiseofar an deimhniú, á iarraidh go gclárófar faoi alt 33 den Acht seo teideal an duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal.

(6) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) go (3) den alt seo, ní bheidh trádmharc insannta ná intarchurtha ar dháta tosach feidhme an Achta seo nó dá éis i gcás ina mbeadh, de thoradh a shannta nó a tharchurtha, ceart eisiatach ar substaineadh, faoin dlí coitiann nó trí chlárú, i nduine amháin de na daoine iomchuí chun úsáid a dhéanamh den trádmharc faoi theorainn a úsáidte i ndáil le hearraí atáthar chun a dhíol nó a bhfuiltear chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile, in áit nó in áiteanna sa Stát agus ceart eisiatach ar substaineadh i nduine eile de na daoine sin chun úsáid a dhéanamh de thrádmharc atá garchosúil leis an trádmharc céadluaite nó de thrádmharc comhionann leis i ndáil leis na hearraí céanna nó leis an tuairisc chéanna earraí faoi theorainn a úsáidte i ndáil le hearraí atáthar chun a dhíol nó a bhfuiltear chun trádáil a dhéanamh leo, in áit nó in áiteanna eile sa Stát:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas sa tslí fhorordaithe ó dhílseánach trádmhairc a bheartaíonn an trád mharc sin a shannadh, nó ó dhuine a éilíonn go ndearnadh trádmharc a tharchur chuige nó chuig réamhtheachtaí i dteideal dá chuid ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, in aon chás den sórt sin, go bhféadfaidh sé, más deimhin leis nach mbeadh, sna himthoscaí go léir, úsáid an trádmhairc i bhfeidhmiú na gceartanna sin contrártha do leas an phobail, an sannadh nó an tarchur a cheadú, agus ní mheasfar go bhfuil nó go raibh sannadh nó tarchur a cheadófar amhlaidh neamhbhailí faoin bhfo-alt seo nó faoi fho-alt (4) den alt seo, ar mhodh, áfach, nach mbeidh éifeacht i gcás trádmhairc chláraithe ag an bhforáil seo mura ndéanfar iarratas, laistigh de shé mhí ón dáta a thabharfar an ceadú, ar theideal an duine a thiocfaidh i dteideal a chlárú faoi alt 33 den Acht seo nó, i gcás tarchuir, mura ndearnadh iarratas den sórt sin roimh an dáta sin.

(7) I gcás ina ndéanfar sannadh i leith aon earraí ar thrádmharc a bheidh á úsáid tráth an tsannta i ngnó leis na hearraí sin, ar dháta tosach feidhme an Achta seo nó dá éis, ar shlí seachas i ndáil le deáthoil an ghnó sin, ní bheidh éifeacht ag an sannadh sin go dtí go ndéanfar, de bhun iarratais arna dhéanamh ag an sannaí sa tslí fhorordaithe chun an Cheannasaí laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a ndéanfar an sannadh (nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh, má cheadaíonn, an Ceannasaí), fógra faoin sannadh a fhoilsiú san Irisleabhar.

Trádmharcanna áirithe le comhghabháil ionas gur mar thrádmharc iomlán a bheidh siad insannta nó intarchurtha.

31. —(1) Aon trádmharcanna atá cláraithe, nó a meastar de bhua an Achta seo a bheith cláraithe, mar thrádmharcanna comhghabhálacha is mar thrádmharc iomlán agus ní mar thrádmharcanna ar leithligh a bheidh siad insannta nó intarchurtha, ach measfar chun gach críche eile iad a bheith cláraithe mar thrádmharcanna ar leithligh.

(2) I gcás trádmharc atá cláraithe, nó is ábhar d'iarratas ar chlárú, i leith aon earraí a bheith comhionann le trádmharc eile atá cláraithe, nó is ábhar d'iarratas ar chlárú, in ainm an dílseánaigh chéanna i leith na n-earraí céanna nó an tuairisc chéanna earraí nó a bheith chomh garchosúil leis gur dócha dó a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill má úsáideann duine seachas an dílseánach é, féadfaidh an Ceannasaí tráth ar bith a chur faoi deara go dtaifeadfar na trádmharcanna sa chlár mar thrádmharcanna comhghabhálacha.

(3) I gcás trádmharc agus aon chuid nó codanna de a bheith, de bhua fo-alt (1) d'alt 29 den Acht seo, cláraithe mar thrádmharcanna ar leithligh in ainm an dílseánaigh chéanna, measfar go bhfuil siad, agus beidh siad, cláraithe mar thrádmharcanna comhghabhálacha.

(4) Na trádmharcanna go léir atá, de bhua fo-alt (2) d'alt 29 den Acht seo, cláraithe mar shraith i gclárú amháin, measfar go bhfuil siad, agus beidh siad, cláraithe mar thrádmharcanna comhghabhálacha.

(5) Ar iarratas sa tslí fhorordaithe ó dhuine is dílseánach cláraithe dhá thrádmharc nó níos mó a cláraíodh mar thrádmharcanna comhghabhálacha, féadfaidh an Ceannasaí an chomhghabháil a chur ar ceal maidir le haon cheann acu más deimhin leis nach dócha go mbeadh aon mheabhlaireacht ná mearbhall dá n-úsáidfeadh duine eile an trádmharc sin i ndáil le haon chuid de na hearraí a bhfuil sé cláraithe ina leith, agus féadfaidh sé an clár a leasú dá réir sin.

Cumhacht ag dílseánach cláraithe sannadh a dhéanamh agus admhálacha a thabhairt.

32. —Faoi réir an Achta seo, beidh ag an duine a bheidh de thuras na huaire taifeadtha sa chlár mar dhílseánach trádmhairc cumhacht, faoi réir aon chearta a dhealróidh ón gclár a bheith dílsithe d'aon duine eile, chun an trádmharc a shannadh agus chun admhálacha éifeachtúla a thabhairt ar aon chomaoin i leith aon sannadh ar an trádmharc sin.

Sannta agus tarchurtha a chlárú.

33. —(1) I gcás ina dtiocfaidh duine chun teideal a bheith aige chun trádmhairc chláraithe trí shannadh nó tarchur, iarrfaidh sé sa tslí fhorordaithe ar an gCeannasaí a theideal a chlárú, agus déanfaidh an Ceannasaí, ar an iarratas a fháil agus ar chruthúnas teidil chun a shástachta a fháil, é a chlárú mar dhílseánach an trádmhairc i leith na n-earraí a bhfuil éifeacht ag an sannadh nó an tarchur ina leith, agus cuirfidh sé faoi deara sonraí an tsannta nó an tarchurtha a thaifeadadh sa chlár.

(2) Ach amháin chun críocha achomhairc faoi alt 57 den Acht seo in aghaidh cinneadh an Cheannasaí faoin alt seo nó chun críocha iarratais faoi alt 40 den Acht seo, ní dhéanfar doiciméad ná ionstraim nach mbeidh aon taifead déanta ina leith sa chlár de réir fo-alt (1) den alt seo a ghlacadh i bhfianaise in aon chúirt dlí i gcruthúnas ar an teideal chun tradmhairc mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

Trádmharc a bhaint den chlár agus teorainneacha a fhorchur mar gheall ar neamhúsáid.

34. —(1) Faoi réir alt 35 den Acht seo, féadfar trádmharc cláraithe a bhaint den chlár i leith aon chuid de na hearraí a bhfuil sé cláraithe ina leith ar iarratas chun na Cúirte ó aon duine éagóraithe nó, más rogha sin leis an iarratasóir agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí, ar an bhforas—

(a) gur cláraíodh an trádmharc gan é a bheith ar intinn bona fide ag iarratasóir an chláraithe go n-úsáidfeadh sé é i ndáil leis na hearraí sin agus nach ndearnadh iarbhír aon úsáid bona fide den trádmharc sin i ndáil leis na hearraí ag aon duine ba dhílseánach air de thuras na huaire suas go dtí dáta mí roimh dháta an iarratais; nó

(b) go raibh, go dtí dáta mí roimh dháta an iarratais, tréimhse comhleanúnach cúig bliana nó níos mó caite ar thrádmharc cláraithe an trádmharc lena linn agus nach ndearnadh lena linn aon úsáid bona fide den trádmharc sin i ndáil leis na hearraí sin ag aon duine ba dhílseánach ar an trádmharc de thuras na huaire:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) (ach amháin i gcás ina mbeidh cead tugtha don iarratasóir faoi fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo trádmharc comhionann nó garchosúil leis a chlárú i leith na n-earraí a bheidh i gceist nó i gcás inarb é tuairim na Cúirte nó an Cheannasaí (de réir mar a bheidh) go bhféadfaí a cheadú go cuí dó trádmharc den sórt sin a chlárú amhlaidh) diúltú d'iarratas a dhéanfar faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo i ndáil le haon earraí, má shuítear go ndearnadh, roimh an dáta iomchuí nó i rith na tréimhse iomchuí, de réir mar a bheidh, úsáid bona fide den trádmharc ag aon duine ba dhílseánach air de thuras na huaire i ndáil le hearraí den tuairisc chéanna, arb earraí iad a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith.

(2) Más rud é, maidir le haon earraí a bhfuil trádmharc cláraithe ina leith—

(a) go suífear na hábhair dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo a mhéid a bhaineann le neamh-úsáid an trádmhairc i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a dhíol, nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile, in áit áirithe sa Stát (ar shlí eile seachas chun iad a onnmhairiú as an Stát), nó i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a onnmhairiú go dtí margadh áirithe lasmuigh den Stát; agus

(b) gur ceadaíodh do dhuine faoi fho-alt (2) d'alt 20 den Acht seo trádmharc comhionann nó garchosúil leis a chlárú, i leith na n-earraí sin faoi chlárú a bhfuil réim aige maidir le húsáid i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a dhíol, nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile, san áit sin (ar shlí eile seachas chun iad a onnmhairiú as an Stát), nó i ndáil le hearraí a bhfuiltear chun iad a onnmhairiú go dtí an margadh sin, nó gurb é tuairim na Cúirte nó an Cheannasaí go bhféadfaí a cheadú go cuí dó an trádmharc sin a chlárú amhlaidh, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh), ar iarratas ón duine sin chun na Cúirte, nó, mar is rogha leis an iarratasóir agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí, cibé teorainneacha is cuí leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) a fhorchur ar chlárú an trádmhairc chéadluaite chun a áirithiú go scoirfidh an clárú sin de bhaint a bheith aige leis an úsáid sin is deireanaí a luaitear.

(3) Ní bheidh iarratasóir i dteideal brath, chun críocha mhír (b) d'fho-alt (1), nó chun críocha fo-alt (2) den alt seo, ar aon neamh-úsáid trádmhairc nuair a shuífear gur mar gheall ar imthosca speisialta sa trádáil a tharla sé agus nach mar gheall ar é a bheith ar intinn gan an trádmharc a úsáid nó a thréigean i ndáil le hearraí lena mbaineann an t-iarratas.

Tcádmharcanna cosanta.

35. —(1) I gcás trádmharc ar focal cumtha nó focail chumtha atá ann a theacht chun eolas chomh mór sin a bheith air i leith aon earraí a bhfuil sé cláraithe ina leith agus a ndearnadh é a úsáid i ndáil leo gur dóigh go dtaispeáinfeadh úsáid an chéanna i ndáil le hearraí eile baint i gcúrsa trádála idir na hearraí sin agus duine atá i dteideal an trádmharc a úsáid i ndáil leis na hearraí céadluaite, ansin, d'ainneoin nach ndéanann nó nach mbeartaíonn an dílseánach atá cláraithe i leith na n-earraí céadluaite an trádmharc a úsáid i ndáil leis na hearraí eile sin agus d'ainneoin aon ní atá in alt 34 den Acht seo, féadfar, ar iarratas sa tslí fhorordaithe ón dílseánach atá cláraithe i leith na n-earraí céadluaite sin, an trádmharc a chlárú ina ainm mar thrádmharc cosanta i leith na n-earraí sin eile agus, an fad a bheidh sé cláraithe amhlaidh, ní dhlífear é a bhaint den chlár i leith na n-earraí sin faoi alt 34 den Acht seo.

(2) Féadfaidh dílseánach cláraithe trádmhairc a iarraidh go gclárófar an trádmharc i leith aon earraí mar thrádmharc cosanta d'ainneoin é bheith cláraithe cheana féin ina ainm i leith na n-earraí sin ar shlí eile seachas mar thrádmharc cosanta, nó féadfaidh sé a iarraidh go gclárófar an trádmharc sin i leith aon earraí ar shlí eile seachas mar thrádmharc cosanta d'ainneoin é bheith cláraithe cheana féin ina ainm i leith na n-earraí sin mar thrádmharc cosanta, in ionad an chláraithe atá ar substaineadh i ngach cás.

(3) Aon trádmharc atá cláraithe mar thrádmharc cosanta agus fós an trádmharc sin mar atá sé cláraithe ar shlí eile in ainm an dílseánaigh chéanna measfar iad a bheith agus beidh siad, d'ainneoin gur cláruithe i leith earraí éagsúla na cláraithe faoi seach, cláraithe mar thrádmharcanna comhghabhálacha.

(4) Ar iarratas ó aon duine éagóraithe chun na Cúirte nó, mar is rogha leis an iarratasóir agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí, féadfar clárú trádmhairc mar thrádmharc cosanta a chealú ar an bhforas nach bhfuil ceanglais fo-alt (1) den alt seo á gcomhlíonadh a thuilleadh maidir le haon earraí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith in ainm an dílseánaigh chéanna ar shlí eile seachas mar thrádmharc cosanta, nó féadfar é a chealú i leith aon earraí a bhfuil sé cláraithe ina leith mar thrádmharc cosanta ar an bhforas nach dócha a thuilleadh go measfaí go dtugann an úsáid an trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin an taispeánadh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(5) Féadfaidh an Ceannasaí aon uair cealú a dhéanamh ar chlárú mar thrádmharc cosanta a bheidh déanta ar thrádmharc nach bhfuil aon chlárú air a thuilleadh in ainm an dílseánaigh chéanna ar shlí eile seachas mar thrádmharc cosanta.

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite san alt seo, beidh feidhm ag an Acht seo maidir le clárú trádmharcanna mar thrádmharcanna cosanta agus le clárú trádmharcanna a bheidh cláraithe amhlaidh díreach mar atá feidhm acu maidir le cásanna eile.

Usáidirí cláraithe.

36. —(1) (a) Faoi réir an ailt seo, féadfar duine seachas dílseánach trádmhairc a chlárú mar úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc sin maidir le gach earra nó aon earra a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith (ar shlí seachas mar thrádmharc cosanta) agus i dteannta nó d'éagmais coinníollacha nó sriantachtaí, ar choinníoll go bhfuil caidreamh forordaithe ar substaineadh idir an dílseánach agus an duine a mholtar a chlárú mar úsáidire cláraithe.

(b) San Acht seo gairtear úsáid cheadaithe d'úsáid trádmhairc ag duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc sin maidir le hearraí a bhfuil baint aige leo i gcúrsa trádála agus a bhfuil an trádmharc cláraithe, agus a bhfuil seisean cláraithe mar úsáidire cláraithe, ina leith de thuras na huaire agus arb úsáid í a chomhlíonann aon choinníollacha nó sriantachtaí a bhfuil an clárú faoina réir.

(2) Measfar gurb éard é úsáid cheadaithe trádmhairc úsáid ag dílseánach an trádmhairc, agus measfar nach úsáid é ag duine seachas an dílseánach chun críocha alt 34 den Acht seo agus chun aon chríocha eile ar ní ábhartha chuige sin faoin Acht seo nó faoin dlí coitian an úsáid sin.

(3) (a) Faoi réir aon chomhaontú a bheidh ar substaineadh idir na páirtithe, beidh úsáidire cláraithe i leith trádmhairc i dteideal glaoch ar dhílseánach an chéanna chun imeachtaí a thionscnamh chun sárú an trádmhairc sin a chosc, agus, má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an dílseánach déanamh amhlaidh laistigh de dhá mhí tar éis glaoch air amhlaidh, féadfaidh an t-úsáidire cláraithe imeachtaí mar gheall ar shárú a thionscnamh ina ainm féin amhail is dá mba é féin an dílseánach, agus cosantóir a dhéanamh den dílseánach.

(b) Ní dhlífear aon chostais a chur ar dhílseánach a ndéanfar cosantóir mar sin de mura ndéanfaidh sé láithreas a thaifeadadh agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

(4) I gcás ina molfar go ndéanfar duine a chlárú mar úsáidire cláraithe trádmhairc, ní mór don dílseánach agus don duine sin iarratas i scríbhinn a dhéanamh chun an Cheannasaí sa tslí fhorordaithe agus ní mór dóibh cibé doiciméid, eolas nó fianaise a bheidh ag teastáil faoi na rialacha nó ón gCeannasaí a chur ar fáil don Cheannasaí.

(5) Más rud é, tar éis ceanglais fo-alt (4) den alt seo a bheith comhlíonta, gur deimhin leis an gCeannasaí, tar éis an t-eolas a cuireadh ar fáil dó faoin bhfo-alt sin a bhreithniú, nach mbeadh, sna himthoscaí go léir, úsáid an trádmhairc i ndáil leis na hearraí molta nó le haon chuid acu ag an úsáidire cláraithe molta faoi réir aon choinníollacha nó sriantachtaí is cuí leis an gCeannasaí, contrártha do leas an phobail, féadfaidh an Ceannasaí an t-úsáidire cláraithe molta a chlárú mar úsáidire cláraithe i leith na n-earraí a bhfuil sé deimhneach amhlaidh ina dtaobh faoi réir na gcoinníollacha agus na sriantachtaí sin a dúradh.

(6) Diúltóidh an Ceannasaí glacadh le hiarratas faoi fho-alt (4) den alt seo má fheictear dó go n-éascódh sé margaíocht sa trádmharc dá ngéilltí don iarratas.

(7) Gan dochar d'alt 40 den Acht seo, féadfaidh an Ceannasaí clárú duine mar úsáidire cláraithe—

(a) a athrú maidir leis na hearraí a bhfuil éifeacht ag an gclárú sin ina leith, nó maidir le haon choinníollacha nó sriantachtaí a bhfuil éifeacht ag an gclárú sin faoina réir, ar iarratas i scríbhinn sa tslí fhorordaithe ó dhílseánach cláraithe an trádmhairc lena mbaineann an clárú;

(b) a chealú ar iarratas i scríbhinn sa tslí fhorordaithe ó dhílseánach cláraithe nó ó úsáidire cláraithe an trádmhairc nó ó aon duine is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc; nó

(c) a chealú ar iarratas i scríbhinn sa tslí fhorordaithe ó aon duine ar aon fhoras acu seo a leanas, is é sin le rá—

(i) gur úsáid an t-úsáidire cláraithe an trádmharc ar shlí seachas de réir na húsáide ceadaithe, nó ar slí a bhí, nó ar dhócha dó a bheith, ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill;

(ii) gur mhífhaisnéisigh nó nár nocht an dílseánach nó an t-úsáidire cláraithe fíoras éigin ab fhíoras ábhartha i leith leis an iarratas ar chlárú, nó gur tháinig athrú ábhartha ar na himthoscaí ó dháta an chláraithe;

(iii) nár chóir an clárú a dhéanamh ag féachaint do chearta atá dílsithe don iarratasóir de bhua conradh a bhfuil leas aige ina chomhlíonadh.

(8) Forálfar leis na rialacha go ndéanfar fógra i dtaobh duine a chlárú mar úsáidire cláraithe a thabhairt d'aon duine eile is úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc sin agus go dtabharfar fógra i dtaobh iarratais faoi fho-alt (7) den alt seo do dhílseánach cláraithe an trádmhairc sin agus do gach duine is úsáidire cláraithe (nach é an t-iarratasóir é) i leith an trádmhairc sin agus chun go dtabharfar don iarratasóir ar an iarratas sin a dhéanamh, agus do gach duine dá dtabharfar fógra i dtaobh an iarratais agus a dhéanfaidh idiragra sna himeachtaí de réir na rialacha, caoi ar éisteacht a fháil.

(9) Féadfaidh an Ceannasaí tráth ar bith cealú a dhéanamh ar chlárú duine mar úsáidire cláraithe trádmhairc i leith aon earraí nach bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith a thuilleadh.

(10) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo d'úsáidire cláraithe trádmhairc aon cheart insannta nó intarchurtha chun an trádmharc a úsáid.

(11) Aon duine a bheidh cláraithe faoin Acht seo mar úsáidire cláraithe trádmhairc measfar gur faoi dháta an iarratais ar a chlárú mar úsáidire cláraithe a cláraíodh amhlaidh é.

Usáid a bheartaítear a dhéanamh de thrádmharc ag corparáid atáthar chun a bhunú.

37. —(1) Ní dhiúltófar d'aon iarratas ar thrádmharc a chlárú i leith aon earraí ná ní choimeádfar siar cead le haghaidh an chláraithe sin ar an bhforas amháin gur dealraitheach nach ndéanann, nó nach mbeartaíonn an t-iarratasóir an trádmharc a úsáid—

(a) más deimhin leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) go bhfuiltear ar tí comhlachas corpraithe a bhunú, agus go bhfuil ar intinn ag an iarratasóir an trádmharc a shannadh don chorporáid le hintinn an chorporáid d'úsáid an trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin; nó

(b) má bhíonn iarratas go gclárófar duine mar úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc ag gabháil leis an iarratas, agus gur deimhin leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) go bhfuil ar intinn ag an dílseánach go n-úsáidfidh an duine sin é i ndáil leis na hearraí sin agus gur deimhin freisin leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) go gclárófar an duine sin mar úsáidire cláraithe i leith an trádmhairc díreach tar éis an trádmharc a chlárú.

(2) Beidh éifeacht ag alt 34 den Acht seo i ndáil le trádmharc a chlárófar faoin gcumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirfí in ionad na tagartha, atá i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo, do é a bheith ar intinn ag duine is iarratasóir ar chlárú go n-úsáidfeadh sé trádmharc tagairt do é a bheith ar intinn aige go ndéanfadh an chorparáid nó an t-úsáidire cláraithe iomchuí é a úsáid.

(3) Féadfaidh an Ceannasaí nó (i gcás achomhairc) an Chúirt a cheangal, mar choinníoll ar a ndéanfar an chumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i bhfabhar iarratasóra a bhraithfidh ar é a bheith ar intinn aige sannadh chun corparáide mar a dúradh, ar an iarratasóir urrús a thabhairt i leith costas aon imeachtaí os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte (de réir mar a bheidh) agus mura dtabharfar an t-urrús sin go cuí déileáfar leis an iarratas mar iarratas tréigthe.

(4) I gcás ina gclárófar trádmharc i leith aon earraí faoin gcumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo in ainm iarratasóra a bhraitheann ar é a bheith ar intinn aige sannadh chun corparáide mar a dúradh, ansin, mura ndéanfar an chorporáid a chlárú mar dhílseánach an trádmhairc i leith na n-earraí sin laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe nó, laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná sé mhí a cheadóidh an Ceannasaí ar iarratas a dhéanamh chuige sa tslí fhorordaithe, scoirfidh an clárú d'éifeacht a bheith aige i leith na n-earraí sin ar bheith caite don tréimhse sin, agus leasóidh an Ceannasaí an clár dá réir sin.

Usáid ceann amháin de thrádmharcanna comhghabhálacha nó de thrádmharcanna atá comhionann go substaintiúil le chéile a bheith ar comhchéim le húsáid cinn eile.

38. —(1) I gcás inar gá faoin Acht seo úsáid trádmhairc chláraithe a chruthú chun aon chríche, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) glacadh le húsáid trádmhairc chomhghabhálaigh chláraithe, nó le húsáid an trádmhairc sin maille le breisithe nó athruithe nach ndéanann difear substaintiúil dá chéannacht, mar úsáid comhionann leis an úsáid is gá a chruthú.

(2) Aon úsáid a dhéanfar d'iomlán aon trádmhairc chláraithe measfar, chun críocha an Achta seo, gurb éard é freisin úsáid d'aon trádmharc cláraithe, is cuid den chéanna, atá cláraithe in ainm an dílseánaigh chéanna de bhua fo-alt (1) d'alt 29 den Acht seo.

Usáid trádmhairc don trádáil onnmhairíochta.

39. —Measfar gurb ionann trádmharc a chur sa Stát ar earraí a bheifear chun a onnmhairiú as an Stát agus fós aon ghníomh eile a dhéanfar sa Stát i ndáil le hearraí a bheifear chun a onnmhairiú amhlaidh agus arbh úsáid trádmhairc sa Stát é dá mba i ndáil le hearraí a mbeifí chun iad a dhíol, nó chun trádáil ar shlí eile a dhéanamh leo, sa Stát a dhéanfaí é, measfar gurb ionann é agus úsáid trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin chun aon chríche arb úsáid ábhartha chuige faoin Acht seo nó faoin dlí coiteann an úsáid sin.

Cumhacht ghinearálta chun ceartú a dhéanamh ar thaifid i gclár.

40. —(1) Aon duine arb éagóir leis aon taifead áirithe bheith gan cur sa chlár nó a fhágáil as, nó aon taifead áirithe a chur sa chlár gan chúis leordhóthanach, nó aon taifead áirithe a bheidh fanta go mícheart ar an gclár, nó aon earráid nó easnamh in aon taifead sa chlár, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh sa tslí fhorordaithe chun na Cúirte nó, de rogha an iarratasóra agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí, agus féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) cibé ordú is cuí leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) a dhéanamh chun an taifead a dhéanamh, a scriosadh nó a athrú.

(2) In aon imeacht faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) cinneadh a dhéanamh maidir le haon cheist is gá nó is fóirsteanach a chinneadh maidir le ceartú an chláir.

(3) I gcás calaois i gclárú, i sannadh nó i dtarchur trádmhairc chláraithe, nó in aon chás eile ina measann sé é bheith riachtanach ar mhaithe leis an bpobal, féadfaidh an Ceannasaí féin iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoin alt seo.

(4) Tabharfaidh aon ordú de chuid na Cúirte ag ceartú an chláir ordú go ndéanfar fógra i dtaobh an cheartaithe a sheirbheáil sa tslí fhorordaithe ar an gCeannasaí agus, ar an bhfógra a fháil, ceartóidh an Ceannasaí an clár dá réir sin.

(5) Folóidh an chumhacht a thugtar leis an alt seo chun an clár a cheartú cumhacht chun clárú atá i gCuid A den chlár a aistriú go Cuid B.

Cumhacht chun clárú a scriosadh nó a athrú mar gheall ar shárú coinníll.

41. —Ar iarratas chun na Cúirte ó aon duine éagóraithe nó, mar is rogha leis an iarratasóir agus faoi réir alt 59 den Acht seo, chun an Cheannasaí nó ar iarratas ón gCeannasaí chun na Cúirte, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) cibé ordú is oiriúnach leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí (de réir mar a bheidh) a dhéanamh chun clárú trádmhairc a scriosadh nó a athrú ar an bhforas gur sáraíodh coinníoll, nó nár urramaíodh coinníoll, a bhí taifeadta sa chlár i ndáil leis an gclárú.

An clár a cheartú.

42. —(1) Féadfaidh an Ceannasaí ar iarratas sa tslí fhorordaithe ón dílseánach cláraithe—

(a) aon earráid in ainm, seoladh nó tuairisc dílseánach cláraithe trádmhairc a cheartú,

(b) aon athrú ar ainm, seoladh nó tuairisc an duine atá cláraithe mar dhílseánach trádmhairc a thaifeadadh;

(c) taifeadadh trádmhairc sa chlár a chealú;

(d) sonraíocht na n-earraí a bhfuil trádmharc cláraithe ina leith a leasú, ar choinníoll nach ndéanfaidh an leasú méadú in aon slí ar na cearta a thugtar leis an gclárú atá ann ar an trádmharc; nó

(e) séanadh nó meabhrán maidir le trádmharc a thaifeadadh nach méadóidh in aon slí na cearta a thugtar leis an gclárú atá ann ar an trádmharc.

(2) Ar úsáidire cláraithe trádmhairc á iarraidh sin sa tslí fhorordaithe, féadfaidh an Ceannasaí aon earráid a cheartú, nó aon athrú ar ainm, seoladh nó tuairisc an úsáidire chláraithe a thaifeadadh.

(3) Féadfaidh an Ceannasaí, uaidh féin, tar éis an fógra forordaithe a thabhairt, aon earráid a rinne sé in aon taifead sa chlár a cheartú.

Trádmharc cláraithe a athrú.

43. —(1) Féadfaidh dílseánach cláraithe trádmhairc cead a iarraidh sa tslí fhorordaithe ar an gCeannasaí chun cur leis an trádmharc nó é a athrú in aon slí nach ndéanfaidh difear substaintiúil do chéannacht an trádmhairc sin, agus féadfaidh an Ceannasaí diúltú cead a thabhairt nó cead a thabhairt ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé teorainneacha is cuí leis.

(2) Féadfaidh an Ceannasaí a chur faoi deara go bhfógrófar iarratas faoin alt seo sa tslí fhorordaithe in aon chás ina bhfeicfear dó gur foirstineach sin a dhéanamh, agus, i gcás ina ndéanfaidh sé amhlaidh, má thugann aon duine fógra don Cheannasaí, sa tslí fhorordaithe laistigh den am forordaithe ó dháta an fhógra, go bhfuil sé i bhfreasúra leis an iarratas, déanfaidh an Ceannasaí cinneadh faoin ábhar, tar éis éisteacht leis na páirtithe má éilítear sin.

(3) I gcás ina dtabharfar cead mar a dúradh, déanfar an trádmharc, arna athrú, a fhógairt sa tslí fhorordaithe, san fhoirm chun ar athraíodh é, i bhfógra faoi fho-alt (2) den alt seo mura mbeidh sé fógartha cheana féin.

Taifid i gclár a chur in oiriúint d'aon aicme leasaithe nó malartaithe earraí.

44. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé rialacha a dhéanamh, cibé foirmeacha a fhorordú agus, i gcoitinne, cibé nithe a dhéanamh is fóirsteanach leis, chun a chumasú don Cheannasaí an clár a leasú trí thaifid a chur ann nó taifid atá ann a scriosadh nó a athrú, a mhéid is gá chun an t-ainmniú atá ann ar na hearraí nó na haicmí earraí a bhfuil trádmharcanna cláraithe ina leith a chur in oiriúint d'aon aicme leasaithe nó malartaithe a fhorordófar.

(2) Ní dhéanfaidh an Ceannasaí, i bhfeidhmiú aon chumhachta a thugtar dó chun na críche sin a dúradh, aon leasú ar an gclár arb éifeacht dó aon earraí nó aicmí earraí a chur de bhreis leis na hearraí a bhfuil trádmharc cláraithe ina leith (is aicme amháin nó níos mó) díreach sula mbeidh an leasú le déanamh, nó clárú trádmhairc i leith aon earraí a réamhdhátú:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo i ndáil le hearraí ar deimhin leis an gCeannasaí ina dtaobh go mbainfeadh aimhréiteacht mhíchui le comhlíonadh an fho-ailt sin i ndáil leis na hearraí sin agus nach ndéanfadh an cur de bhreis ná an réamhdhátú, de réir mar a bheidh, difear d'aon mhór-chainníocht earraí agus nach ndéanfadh sé dochar substaintiúil do chearta aon duine.

(3) Déanfar moladh chun an clár a leasú chun na críche a dúradh a chur i bhfios do dhílseánach cláraithe an trádmhairc iomchuí agus a fhógairt fara aon mhodhnuithe agus féadfaidh aon duine a bheidh éagóraithe ar an bhforas go sáraíonn an leasú atá molta fo-alt (2) den alt seo cur ina aghaidh os comhair an Cheannasaí.

Trádmharcanna deimhniúcháin.

45. —(1) Aon mharc a bheidh curtha in oiriúint i ndáil le haon earraí chun earraí a bheidh deimhnithe ag aon duine maidir le bunadh, ábhar, modh déantóireachta, cáilíocht, cruinneas nó aon saintréith eile a idirdhealú i gcúrsa trádála ó earraí nach mbeidh deimhnithe amhlaidh beidh sé inchláraithe mar thrádmharc deimhniúcháin i gCuid A den chlár i leith na n-earraí sin in ainm an duine sin mar dhílseánach an trádmhairc:

Ar choinníoll nach mbeidh marc inchláraithe amhlaidh in ainm duine a sheolann trádáil in earraí den chineál a bheidh deimhnithe.

(2) Nuair a bheidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) ag cinneadh an bhfuil marc oiriúnaithe chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh, féadfaidh sí nó sé (de réir mar a bheidh) aird a thabhairt—

(a) ar a mhéid atá an marc oiriúnach ó bhunús chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh i ndáil leis na hearraí iomchuí; agus

(b) ar a mhéid atá an marc oiriúnach iarbhír, mar gheall ar úsáid an mhairc nó aon imthoscaí eile, chun idirdhealú a dhéanamh mar a dúradh i ndáil leis na hearraí iomchuí.

(3) Faoi réir fo-ailt (4) go (6) den alt seo, agus ailt 15 agus 16 den Acht seo, tabharfaidh clárú duine mar dhílseánach trádmhairc deimhniúcháin i leith aon earraí, ach an clárú sin a bheith bailí, ceart eisiatach don duine sin chun úsáide an trádmhairc i ndáil leis na hearraí sin, agus, gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, measfar an ceart sin a bheith sáraithe ag aon duine, nach é dílseánach an trádmhairc agus é á úsáid dá réir sin, a bheidh tar éis úsáid a dhéanamh de thrádmharc comhionann leis nó chomh garchosúil sin leis gur dócha dó a bheith ina chúis meabhlaireachta nó mearbhaill, i gcúrsa trádála, i ndáil le haon earraí a bhfuil sé cláraithe ina leith, agus i slí gur dhócha go measfaí gurb éard úsáid an mhairc—

(a) úsáid mar thrádmharc; nó

(b) i gcás inarb éard í an úsáid sin úsáid ar na hearraí nó i ndáil ábhartha leo nó i gciorclán fógraíochta nó fógrán eile arna eisiúint chun an phobail, úsáid lena ngabhann tagairt do dhuine éigin ag a bhfuil an ceart mar dhílseánach nó le húdarás uaidh faoi na rialacháin iomchuí an trádmharc a úsáid nó d'earraí atá deimhnithe ag an dílseánach.

(4) Beidh an ceart chun úsáide trádmhairc deimhniúcháin arna thabhairt trí chlárú mar a dúradh faoi réir aon choinníollacha nó teorainneacha a bheidh taifeadta sa chlár, agus ní mheasfar an ceart sin a bheith sáraithe mar gheall ar aon trádmharc den sórt sin a úsáid mar a dúradh ar aon mhodh i ndáil le hearraí a mbeifear chun iad a dhíol nó chun trádáil a dhéanamh leo ar shlí eile in aon áit, i ndáil le hearraí a mbeifear chun iad a onnmhairiú go dtí aon mhargadh, nó in aon imthoscaí eile nach dtagann, ag féachaint d'aon teorainneacha den sórt sin, faoi réim an chláraithe sin.

(5) Ní mheasfar gur sárú ar an gceart chun úsáide trádmhairc dheimhniúcháin arna thabhairt trí chlárú mar a dúradh aon mharc den sórt sin a úsáid mar a dúradh ag aon duine—

(a) i ndáil le hearraí atá deimhnithe ag dílseánach ar trádmhairc más rud é, maidir leis na hearraí sin nó le last ar cuid de iad, go ndearna an dílseánach nó duine eile de réir a údaráis faoi na rialacháin iomchuí an trádmharc a chur agus nár bhain sé anuas nó nár scrios sé é dá éis sin, nó gur thoiligh an dílseánach go sainráite nó go hintuigthe aon tráth leis an trádmharc a úsáid; nó

(b) i ndáil le hearraí atá oiriúnaithe chun bheith ina gcuid d'earraí eile, nó chun bheith ag gabháil le hearraí eile, ar úsáideadh an trádmharc i ndáil leo gan an ceart sin a tugadh mar a dúradh a shárú nó a bhféadfaí é a úsáid amhlaidh de thuras na huaire más gá le réasún úsáid an mhairc chun a thaispeáint go bhfuil na hearraí oiriúnaithe amhlaidh agus nach é is cuspóir ná is éifeacht d'úsáid an mhairc ach amháin chun a thaispeáint go bhfuil de réir an fhíorais na hearraí deimhnithe ag an dílseánach:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo i gcás úsáide arb éard í aon mharc den sórt sin a chur ar aon earraí, d'ainneoin gurb earraí iad den sórt a luaitear sa mhír sin, má tá sé contrártha do na rialacháin iomchuí marc den sórt sin a chur ar na hearraí.

(6) I gcás inar ceann de dhá thrádmharc chláraithe nó níos mó atá comhionann nó garchosúil le chéile trádmharc deimhniúcháin, ní mheasfar úsáid aon cheann de na trádmharcanna sin i bhfeidhmiú an chirt chun úsáide an trádmhairc sin a bheidh tugtha trí chlárú do shárú an chirt a bheidh tugtha amhlaidh chun úsáide aon cheann eile de na trádmharcanna sin.

(7) (a) Taiscfear san Oifig i leith gach trádmhairc a chlárófar faoin alt seo rialacháin a bheidh ceadaithe ag an Aire chun úsáid an trádmhairc sin a rialú, agus beidh iontu forálacha maidir leis na cásanna ina ndéanfaidh an dílseánach earraí a dheimhniú agus úsáid an trádmhairc a údarú, agus féadfaidh aon fhorálacha eile a bheith iontu a cheanglóidh an tAire nó a cheadóidh sé a chur iontu (lena n-áirítear forálacha ag tabhairt ceart achomhairc chun an Cheannasaí in aghaidh aon diúltú ag an dílseánach earraí a dheimhniú nó úsáid an trádmhairc de réir na rialachán a údarú).

(b) Beidh rialacháin a thaiscfear faoin bhfo-alt seo ar oscailt chun a n-iniúchta mar a bheidh an clár.

(8) Ní bheidh trádmharc deimhniúcháin insannta ná intarchurtha ach amháin le toiliú an Aire.

(9) Beidh éifeacht ag forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo maidir le clárú mairc faoin alt seo agus le marcanna a bheidh cláraithe amhlaidh.

Airí do chlárú marcanna.

46. —(1) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh Aire Stáit a thabhairt go ndéanfar trádmharc nó trádmharc deimhniúcháin a chlárú agus aon Aire a thabharfaidh go ndéanfar clárú den sórt sin, clárófar é mar dhílseánach an chéanna chun gach críche faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh Aire Stáit a thabhairt go ndéanfar trádmharc (cibé acu atá nó nach bhfuil sé cláraithe faoi fho-alt (1) den alt seo) a chlárú in aon chlár a chothabháiltear lasmuigh den Stát más cead, agus a mhéid is cead, agus faoi réir cibé coinníollacha ar ar cead, an clárú sin a dhéanamh faoin dlí a rialaíonn an clár sin agus in aon chás den sórt sin féadfaidh sé a thabhairt go ndéanfar é féin a thaifeadadh sa chlár sin mar dhílseánach an trádmhairc sin.

Mí-úsáid trádmharcanna a thaispeánann bunús Éireannach.

47. —Is dleathach don Aire cibé bearta dleathacha is cuí leis a dhéanamh lasmuigh den Stát, trí chaingean nó ionchúiseamh dlí nó ar shlí eile, chun cosc nó srian nó pionós a chur le haon trádmharc nó aon mharc nó tuairisc eile a chlárú, a úsáid nó a chur chun feidhme i ndáil le nó maidir le hearraí nach sa Stát a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh iad, más trádmharc, marc nó tuairisc eile é a chuireann in iúl nó i dtuiscint, nó ar dócha dó a thabhairt ar dhaoine a chreidiúint, gur sa Stát a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh na hearraí a mbeidh an trádmharc, an marc nó an tuairisc sin á úsáid ina leith nó curtha orthu.

CUID III.

Forálacha a Bhaineann le Cumhachtaí agus Dualgais an Cheannasaí agus le hImeachtaí Dlíthiúla.

Réamhchomhairle ón gCeannasaí maidir le hidirdhealaitheacht.

48. —(1) Is feidhm de chuid an Cheannasaí faoin Acht seo an chumhacht chun comhairle a thabhairt do dhuine a bheartaíonn iarratas a dhéanamh ar thrádmharc a chlárú i gCuid A nó i gCuid B den chlár i dtaobh an dealraitheach prima facie don Cheannasaí an trádmharc a bheith oiriúnach ó bhunús chun idirdhealú a dhéanamh nó a bheith inniúil idirdhealú a dhéanamh, cibé acu é.

(2) Ní foláir d'aon duine den sórt sin ar mian leis an chomhairle sin a fháil iarratas á hiarraidh a dhéanamh chun an Cheannasaí sa tslí fhorordaithe.

(3) Má tharlaíonn, ar iarratas á iarraidh go gclárófaí trádmharc a mbeidh comhairle aontachais mar a dúradh tugtha ina leith ag an gCeannasaí agus a dhéanfar laistigh de thrí mhí tar éis an chomhairle a thabhairt, go dtabharfaidh an Ceannasaí, tar éis tuilleadh fiosrúcháin agus breithnithe, fógra don iarratasóir i dtaobh agóid a bheith ann ar an bhforas nach bhfuil an trádmharc oiriúnaithe ná inniúil chun idirdhealú a dhéanamh, cibé acu é, beidh an t-iarratasóir i dteideal, ar fhógra a thabhairt laistigh den tréimhse fhorordaithe go bhfuil an t-iarratas á tharraingt siar, aon táille a d'íoc sé nuair a rinne sé an t-iarratas a aisíoc leis.

Féadfaidh an Ceannasaí dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne.

49. —In aon chás a mbeidh amhras nó deacracht ann maidir le riaradh an Achta seo, féadfaidh an Ceannasaí treoracha i dtaobh an ábhair a iarraidh ar an Ard-Aighne.

Eisteacht sula bhfeidhmeofar rogha an Cheannasaí.

50. —In aon chás ina mbeidh cumhacht lánroghnach nó aon chumhacht eile ag an gCeannasaí faoin Acht seo nó faoi na rialacha, ní fheidhmeoidh sé an chumhacht sin go dochrach don iarratasóir ar chlárú ná do dhílseánach cláraithe an trádmhairc a bheidh i gceist gan (má iarrtar sin go cuí air laistigh den am fhorordaithe) caoi ar éisteacht a thabhairt don iarratasóir nó don dílseánach cláraithe.

Cumhacht an Cheannasaí chun costais a dhámhadh.

51. —I ngach imeacht os comhair an Cheannasaí faoin Acht seo beidh cumhacht ag an gCeannasaí cibé costais a mheasann sé a bheith réasúnach a dhámhadh d'aon pháirtí agus ordú a thabhairt conas a íocfar iad, cé hiad na páirtithe a íocfaidh iad, agus, le cead na Cúirte, féadfar aon ordú den sórt sin a chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina gcuirfí i bhfeidhm breith nó ordú den éifeacht chéanna ón gCúirt.

Clárú a bheith ina fhianaise prima facie ar bhailíocht.

52. —I n?ach imeacht dlíthiúil a bhaineann le trádmharc cláraithe (lena n-áirítear iarratais faoi alt 40 den Acht seo) is fianaise prima facie duine a bheith cláraithe mar dhílseánach an trádmhairc ar bhailíocht chlárú bunaidh an trádmhairc agus ar bhailíocht gach sannadh agus tarchur ina dhiaidh sin ar an trádmharc.

Deimhniú bailíochta.

53. —In aon imeacht dlíthiúil ina mbeidh bailíocht chlárú trádmhairc chláraithe i gceist agus ina ndéanfar cinneadh i bhfabhar dílseánach an trádmhairc, féadfaidh an Chúirt é sin a dheimhniú, agus má dheimhníonn sí amhlaidh, ansin, in aon imeacht dlíthiúil ina dhiaidh sin ina mbeidh bailíocht an chláraithe i gceist, gheobhaidh dílseánach an trádmhairc, tar éis ordú críochnaitheach nó breithiúnas ina fhabhar a fháil, iomlán a chuid costais, muirir agus caiteachais amhail idir abhcóide agus cliant, mura ndeimhneoidh an Chúirt san imeacht ina dhiaidh sin nach ceart dó iad a fháil.

Costais an Cheannasaí in imeachtaí Cúirte.

54. —In aon imeachtaí os comhair na Cúirte faoin Acht seo ní dhámhfar costais don Cheannasaí ná ní ordófar dó costais aon pháirtí eile a íoc.

Gnáthamh trádála agus nithe eile le cur san áireamh.

55. —In aon chaingean nó imeacht i ndáil le trádmharc nó le hainm trádála, glacfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) fianaise i dtaobh gnáthaimh na trádála lena mbaineann agus i dtaobh aon trádmharc nó ainm trádála nó cóir eile a úsáideann daoine eile go dlisteanach.

Láithriú an Cheannasaí in imeachtaí.

56. —(1) Tabharfar don Cheannasaí fógra i scríbhinn (ón ngearánaí, ón achomharcóir nó ón iarratasóir, de réir mar a bheidh) i dtaobh aon imeacht dlíthiúil ina ndéanfadh an faoiseamh a bheifear a iarraidh difear don chlár (lena n-áirítear achomharc i gcoinne aon ordú nó cinneadh de chuid an Cheannasaí agus iarratas faoi alt 25 nó 26 den Acht seo chun síneadh a dhéanamh ar an am chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh de chuid an Cheannasaí faoi cheachtar de na hailt sin) agus i dtaobh breith na Cúirte i leith aon imeachta dhlíthiúil den sórt sin, agus beidh de cheart aige láithriú agus éisteacht a fháil, agus láithreoidh sé má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, in aon imeacht dlíthiúil den sórt sin.

(2) Ach amháin mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, féadfaidh an Ceannasaí, in ionad láithriú agus éisteacht a fháil, ráiteas i scríbhinn faoina láimh a chur faoi bhráid na Cúirte ag tabhairt sonraí i dtaobh na n-imeachtaí os a chomhair i ndáil leis an ábhar a bheidh i saincheist nó na bhforas ba bhonn le haon chinneadh a rinne sé a rinne difear don ábhar nó i dtaobh cleachtas na hOifige i gcásanna den sórt nó i dtaobh aon ábhair eile a bhaineann go cuí leis na saincheisteanna agus atá ar eolas aige mar Cheannasaí, de réir mar is cuí leis, agus measfar gur cuid den fhianaise san imeacht an ráiteas sin.

Achomharc chun na Cúirte.

57. —(1) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh aon ordú nó cinneadh de chuid an Cheannasaí faoi aon fhoráil den Acht seo (nach cinneadh de chuid an Cheannasaí faoi alt 11 nó fo-alt (7) d'alt 69 den Acht seo) nó in aghaidh ceartú earráide sa chlár ag an gCeannasaí faoi fho-alt (3) d'alt 42 den Acht seo, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh chun ordú nó cinneadh nó ceartú an Cheannasaí a dhaingniú, a neamhniú nó a athrú.

(2) In aon achomharc chun na Cúirte faoin Acht seo in aghaidh cinneadh de chuid an Cheannasaí, beidh ag an gCúirt agus feidhmeoidh sí na cumhachtaí lánroghnacha céanna a thugtar don Cheannasaí faoin Acht seo.

(3) Ach amháin le cead na Cúirte, ní thabharfar aird ar aon achomharc (seachas achomharc faoi alt 25 nó 26 den Acht seo) in aghaidh ordú nó cinneadh de chuid an Cheannasaí nó in aghaidh ceartú earráide sa chlár ag an gCeannasaí faoi fho-alt (3) d'alt 42 den Acht seo nach dtabharfar fógra faoi don Chúirt laistigh de mhí ó dháta an ordaithe, an chinnte nó an cheartaithe a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh nó laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná trí mhí a cheadóidh an Ceannasaí (ar iarraidh a fháil roimh dheireadh na tréimhse míosa sin).

(4) Faoi réir fo-alt (5) den alt seo, is cinneadh críochnaitheach nach inachomhairc cinneadh na Cúirte faoin alt seo.

(5) Féadfar, le cead na Cúirte, achomharc in aghaidh cinneadh de chuid na Cúirte faoin alt seo a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

Cumhacht na Cúirte chun cinneadh an Cheannasaí a athbhreithniú.

58. —Beidh ag an gCúirt agus í ag déileáil le haon cheist a bhaineann le ceartú ar an gclár (lena n-áirítear gach iarratas faoi alt 40 den Acht seo) an chumhacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar aon chinneadh de chuid an Cheannasaí maidir leis an taifead a bheidh i gceist nó leis an gceartú a mbeifear á iarraidh go ndéanfaí é.

Nós imeachta i gcásanna ina bhfuil rogha ann chun iarratas a dhéanamh chun na Cúirte nó chun an Cheannasaí.

59. —I gcás ina mbeidh de rogha ag an iarratasóir faoin Acht seo iarratas a dhéanamh chun na Cúirte nó chun an Cheannasaí—

(a) is chun na Cúirte a chaithfear an t-iarratas a dhéanamh má bhíonn caingean maidir leis an trádmharc a bheidh i gceist ar feitheamh;

(b) más chun an Cheannasaí a dhéanfar an t-iarratas, féadfaidh sé, ag aon chéim de na himeachtaí, an t-iarratas a tharchur chun na Cúirte, nó féadfaidh sé, tar éis éisteacht leis na páirtithe, cinneadh a dhéanamh ar an gceist eatarthu, faoi réir achomharc chun na Cúirte.

An modh ar a dtabharfar fianaise.

60. —(1) In aon imeacht faoin Acht seo os comhair an Cheannasaí is trí dhearbhú reachtúil a thabharfar an fhianaise sin mura n-ordaítear a mhalairt, ach, in aon chás ina measfaidh an Ceannasaí gur ceart déanamh amhlaidh, féadfaidh an Ceannasaí fianaise ó bhéal a ghlacadh in ionad nó i dteannta fianaise trí dhearbhú.

(2) I gcás achomhairc, féadfar aon dearbhú reachtúil den sórt sin a úsáid os comhair na Cúirte in ionad fianaise trí mhionnscríbhinn, ach, má úsáidtear amhlaidh é, bainfidh comhleanúntais agus iarmairtí uile fianaise trí mhionnscríbhinn leis.

(3) Má ghlactar aon chuid den fhianaise ó bhéal, féadfaidh an Ceannasaí gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) finnéithe a ghairm chun freastal os a chomhair;

(b) na finnéithe a bheidh ag freastal os a chomhair a cheistiú faoi mhionn (agus tugtar údarás dó leis seo daoine a chur faoi mhionn) nó cead a thabhairt iad a cheistiú faoi mhionn,

(c) a cheangal ar aon fhinné den sórt sin aon doiciméad atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an fhinné sin a thabhairt ar aird don Cheannasaí.

(4) Beidh teideal ag finné os comhair an Cheannasaí chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné os comhair na Cúirte é.

(5) Síneoidh an Ceannasaí aon toghairm.

(6) Má rud é—

(a) go mainneoidh duine ar bith freastal a dhéanamh tar éis é a thoghairm go cuí mar fhinné os comhair an Cheannasaí, nó

(b) go ndiúltóidh duine ar bith ar bheith i láthair dó mar fhinné mionn a thabhairt a cheanglóidh an Ceannasaí air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh an Ceannasaí air a thabhairt ar aird nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Ceannasaí air go dlíthiúil a fhreagairt, nó

(c) go ndéanfaidh duine ar bith aon ní eile arbh éard é dá mba chúirt dlí ag a mbeadh cumhacht chimithe i gcás dísbeagtha an Ceannasaí dísbeagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh an Ceannasaí cion an duine sin a dheimhniú faoina shéala oifigiúil don Chúirt agus féadfaidh an Chúirt, tar éis cibé fiosrúchán is cuí léi a dhéanamh, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun an duine sin a phionósú ionann is dá mba i ndíspeagadh na Cúirte a bhí sé ciontach.

Fianaise i dtaobh taifid sa chlár.

61. —(1) Aon chóip d'aon taifead sa chlár a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gCeannasaí agus séalaithe lena shéala oifigiúil glacfar i bhfianaise í in aon chúirt dlí, agus i ngach imeacht, gan a thuilleadh cruthúnais ar an taifead bunaidh ná gan an taifead bunaidh a thabhairt ar aird.

(2) Beidh aon duine a dteastóidh cóip dheimhnithe mar a dúradh uaidh i dteideal í a fháil ar an táille fhorordaithe a íoc.

Fianaise i dtaobh nithe a rinne an Ceannasaí.

62. —Beidh aon deimhniú a airbheartóidh a bheith faoi shéala oifigiúil an Cheannasaí maidir le haon taifead, ábhar nó ní a údaraítear dó leis an Acht seo nó leis na rialacha a dhéanamh ina fhianaise prima facie go ndearnadh an taifead agus fós ar lánais an taifid, agus ar an ábhar nó ní a bheith déanta nó gan a bheith déanta.

CUID IV.

Ilghnéitheach.

Taifid i gclár a fhalsú.

63. —Aon duine a dhéanfaidh nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar taifead bréagach i gclár, nó scríbhinn a airbheartóidh go bréagach gur cóip í de thaifead atá sa chlár, nó a dhéanfaidh nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar aon scríbhinn den sórt sin a thabhairt ar aird nó a thairiscint i bhfianaise, agus a fhios aige an taifead nó an scríbhinn a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Fíneáil mar gheall ar a thabhairt le tuiscint go bréagach trádmharc a bheith cláraithe.

64. —(1) Aon duine a thabharfaidh le tuiscint—

(a) maidir le marc nach trádmharc cláraithe, gur trádmharc cláraithe é; nó

(b) maidir le cuid de thrádmharc cláraithe nach cuid atá cláraithe ar leithligh mar thrádmharc, go bhfuil sí cláraithe amhlaidh, nó

(c) go bhfuil trádmharc cláraithe cláraithe i leith aon earraí nach bhfuil sé cláraithe ina leith; nó

(d) go dtugann clárú trádmhairc ceart eisiatach chun a úsáidte in aon imthoscaí nach dtugann an clárú, ag féachaint do na teorainneacha atá taifeadta sa chlár, an ceart sin;

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar, maidir le húsáid an fhocail “cláraithe” sa Stát i ndáil le trádmharc, nó úsáid aon fhocail eile a dhéanann tagairt go sainráite nó go hintuigthe do chlárú, nó úsáid aon samhailchomhartha fhorordaithe, go bhfuil ag gabháil leis tagairt do chlárú sa chlár, ach amháin—

(a) i gcás ina n-úsáidtear an focal sin nó an samhailchomhartha sin i gcomhcheangal ábhartha le focail atá línithe i litreacha atá ar a laghad chomh mór leo sin ina bhfuil an focal sin nó an samhailchomhartha sin línithe agus a chuireann in iúl gur tagairt í do chlárú mar thrádmharc faoi dhlí áite lasmuigh den Stát, arb áit í a bhfuil an clárú dá dtagraítear i bhfeidhm iarbhír faoina dlí;

(b) más éard é an focal sin (ar focal é seachas an focal “cláraithe”) nó an samhailchomhartha sin focal nó samhailchomhartha a chuireann in iúl uaidh féin gur tagairt í don chlárú sin is déanaí a luaitear roimhe seo; nó

(c) i gcás ina n-úsáidtear an focal sin nó an samhailchomhartha sin i ndáil le marc atá cláraithe mar thrádmharc faoi dhlí áite lasmuigh den Stát agus i ndáil le hearraí atáthar chun a onnmhairiú go dtí an áit sin.

Usáid neamhúdaraithe de Státsuaitheantais.

65. —Aon duine a dhéanfaidh gan údarás dleathach aon suaitheantas, samhlán, feathal, nó bratach atá forcoimeádta le dlí chun úsáide ag, nó a úsáidtear go coitianta ag, an Stát, Óglaigh na hÉireann, aon oifigeach de chuid an Stáit nó aon Roinn Stáit (nó aon suaitheantas, samhlán, feathal nó bratach atá chomh garchosúil leis an gcéanna gur dóigh dó a bheith ina chúis meabhlaireachta) a úsáid i ndáil le haon ghnó, trádáil, slí bheatha nó gairm i slí ar dóigh go gcreidfí uaidh go bhfuil sé údaraithe go cuí chun an suaitheantas, an samhlán, an feathal nó an bhratach sin a úsáid beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt (agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den cion) a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí.

Ní mheasfar gur cúis meabhlaireachta athrú ar ghné baint trádála.

66. —Ní mheasfar gur dóigh d'úsáid trádmhairc chláraithe i ndáil le hearraí a bhfuil aon sórt baint i gcúrsa trádála idir iad agus an duine a úsáideann é a bheith ina chúis meabhlaireachta ar an bhforas amháin gur úsáideadh, nó go n-úsáidtear, an trádmharc, i ndáil le hearraí a bhfuil nó a raibh sórt eile baint i gcúrsa trádála idir iad agus an duine sin nó réamhtheachtaí i dteideal dá chuid.

Comhúinéireacht trádmharcanna.

67. —(1) I gcás inar amhlaidh don chaidreamh idir beirt duine nó níos mó a bhfuil leas acu i dtrádmharc nach bhfuil aon duine acu i dteideal amhail idir é féin agus an duine nó na daoine eile acu é úsáid ach amháin—

(a) thar ceann na beirte acu nó thar a gceann go léir, nó

(b) i ndáil le hearra a bhfuil baint i gcúrsa trádála acu beirt leis nó acu go léir leis,

féadfar na daoine sin a chlárú mar chomhúinéirí an trádmhairc, agus beidh éifeacht ag an Acht seo i ndáil le haon cheartanna chun úsáide an trádmhairc a bheidh dílsithe do na daoine sin amhail is dá mba do dhuine aonair a bheadh na ceartanna sin dílsithe:

Ar choinníoll go measfar ceartanna aon duine atá cláraithe amhlaidh a bheith sáraithe ag aon duine eile de na daoine sin a úsáídeann an trádmharc i ndáil ábhartha nó i ndáil eile le hearraí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith faoin alt seo, ach nach bhfuil nó nach raibh baint i gcúrsa trádála ag an mbeirt duine sin nó ag na daoine sin go léir leo.

(2) Faoi réir fo-alt (1) den alt seo, ní údaróidh aon ní san Acht seo beirt duine nó níos mó a úsáideann trádmharc go neamhspleách nó a bheartaíonn é a úsáid amhlaidh a chlárú mar chomhdhílseánaigh ar an trádmharc sin.

Iontaobhais agus cothromais.

68. —(1) Ní thaifeadfar sa chlár aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais sainráite, intuigthe nó inchiallaithe, ná ní bheidh aon fhógra den sórt sin inghlactha ag an gCeannasaí.

(2) Faoi réir an Achta seo, féadfar cothromais i leith trádmhairc a chur i bhfeidhm amhail mar dhéantar i leith aon mhaoine pearsanta eile.

Gníomhairí trádmharcanna a aithint agus a chlárú.

1956, Uimh. 26 .

1954, Uimh. 36 .

1851, c. 93.

69. —(1) Aon uair faoin Acht seo a bheidh aon ghníomh le déanamh ag aon duine, nó le haon duine, i ndáil le trádmharc nó aon imeacht a bhaineann le trádmharc nó le clárú an chéanna, féadfar, faoi réim agus de réir rialacha faoin alt seo nó, i gcásanna áirithe, le toiliú an Aire, an gníomh (mura mbeidh sé eiscthe faoi na rialacha) a dhéanamh ag nó le gníomhaire don duine sin a bheidh údaraithe go cuí sa tslí fhorordaithe agus, más le haghaidh sochair a bheidh sé ag gníomhú, a bheidh cláraithe sa chlár a bheidh á choimeád faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Coimeádfar san Oifig clár ar a dtabharfar clár na ngníomhairí trádmharcanna, agus ní dhéanfaidh aon duine ina aonar nó i gcomhpháirtíocht le haon duine eile cleachtadh mar ghníomhaire trádmharcanna ná a thuairisciú ná a thabhairt le tuiscint gur gníomhaire trádmharcanna é ná a cheadú a thuairisciú nó a thabhairt le tuiscint gur gníomhaire trádmharcanna é, mura mbeidh sé cláraithe i gclár na ngníomhairí trádmharcanna, agus ní dhéanfaidh comhpháirtíocht cleachtadh mar ghníomhaire trádmharcanna ná a thuairisciú ná a thabhairt le tuiscint gur gníomhaire trádmharcanna í ná a cheadú a thuairisciú nó a thabhairt le tuiscint gur gníomhaire trádmharcanna í, mura mbeidh na comhpháirtithe go léir cláraithe amhlaidh.

(3) Aon duine—

(a) a bhfuil cónaí air sa Stát,

(b) a bhfuil áit gnó aige sa Stát,

(c) nach eachtrannach (de réir bhrí alt 2 den Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 ),

(d) a bhfuil na cáilíochtaí forordaithe oideachais agus gairmiúla aige, agus

(e) a chomhlíonann na coinníollacha forordaithe,

beidh sé inchláraithe i gclár na ngníomhairí trádmharcanna, agus beidh comhpháirtíocht inchláraithe amhlaidh má bhíonn gach comhpháirtaí di cláraithe de réir an ailt seo, agus déanfar aon duine nó aon chomhpháirtíocht a bheidh inchláraithe amhlaidh a chlárú amhlaidh ar iarratas a dhéanamh san fhoirm agus sa tslí fhorordaithe agus tar éis an táille fhorordaithe a íoc.

(4) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (3) den alt seo, aon duine a bhí ag cleachtadh go comhleanúnach mar ghníomhaire trádmharcanna sa Stát ar feadh tréimhse cúig bliana roimh thosach feidhme an Achta seo agus a dhéanfaidh iarratas (san fhoirm agus sa tslí fhorordaithe agus ar an táille fhorordaithe a íoc) ar chlárú laistigh de dhá mhí dhéag ó thosach feidhme an Achta seo beidh sé inchláraithe i gclár na ngníomhairí trádmharcanna.

(5) Aon duine a sháróidh an t-alt seo aon am tar éis trí mhí a bheith caite ó thosach feidhme an Achta seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air más é an chéad chion aige é agus céad punt más é an dara cion nó aon chion dá éis sin aige é.

(6) Aon duine a bheidh cláraithe i gclár na ngníomhairí trádmharcanna—

(a) a scoirfidh de bheith inchláraithe amhlaidh, nó

(b) a dhéanfaidh iarratas ar é a bhaint den chlár,

féadfaidh an Ceannasaí é a bhaint de chlár na ngníomhairí trádmharcanna, ach ní bhainfear aon duine den chlár sin amhlaidh (ach amháin ar a iarratas féin) gan caoi éisteachta a thabhairt dó.

(7)  (a) I gcás ina bhfaighidh an Ceannasaí, tar éis dó fiosrúchán a dhéanamh go cuí (lena n-áirítear an Ceannasaí d'éisteacht uiríolla, más ann, ón duine féin) go bhfuil duine atá cláraithe i gclár na ngníomhairí trádmharcanna ciontach in iompar is ábhar náire don duine sin de dhuine dá ghairm, féadfaidh an Ceannasaí, más cuí leis é, a chinneadh gur cóir ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí trádmharcanna.

(b) Ar chinneadh a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an Ceannasaí fógra i scríbhinn ina luafar an cinneadh a rinneadh, dáta an chinnte sin agus an fáth a bhí leis a chur láithreach tríd an bpost chun an duine lena mbainfidh an cinneadh go dtí a sheoladh mar a bheidh sin i gclár na ngníomhairí trádmharcanna.

(c) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gCeannasaí faoin bhfo-alt seo iarratas a dhéanamh chun na Cúirte laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach dáta an chinnte, ar fhógra a thabhairt don Cheannasaí sa tslí fhorordaithe, chun an cinneadh a chur ar ceal, agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh—

(i) féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas d'éisteacht—

(I) an cinneadh a chur ar ceal, nó

(II) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí trádmharcanna,

(ii) má dheimhníonn an Ceannasaí don Chúirt aon uair go ndearna an duine sin moill mhíchuí ag dul ar aghaidh leis na himeachtaí, déanfaidh an Chúirt, mura léir di cúis mhaith lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh den chlár,

(iii) féadfaidh an Chúirt, faoi réir alt 54 den Acht seo, a ordú conas a iomprófar costais an iarratais.

(d) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh de chuid an Cheannasaí faoin bhfo-alt seo iarratas chun na Cúirte, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach dáta an chinnte, á iarraidh an cinneadh a chur ar ceal, féadfaidh an Ceannasaí iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte á iarraidh an cinneadh a dhaingniú agus, má dhéanann an Ceannasaí iarratas den sórt sin, déanfaidh an Chúirt, ar an iarratas a éisteacht agus mura léir di cúis mhaith lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí trádmharcanna.

(e) Is breith chríochnaitheach breith na Cúirte ar iarratas faoin bhfo-alt seo, ach amháin go bhféadfaidh an Ceannasaí nó an duine lena mbainfidh, le cead na Cúirte, achomharc in aghaidh na breithe a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar shaincheist dlí.

(f) Ar ainm duine a scriosadh de chlár na ngníomhairí trádmharcanna faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an Ceannasaí fógra i scríbhinn i dtaobh a ainm a bheith glanta den chlár sin a chur láithreach tríd an bpost chun an duine sin go dtí a sheoladh mar a bheidh sin i gclár na ngníomhairí trádmharcanna.

(g) Féadfar aon duine a mbeifear tar éis a ainm a scriosadh de chlár na ngníomhairí trádmharcanna faoin bhfo-alt seo a chur ar ais aon tráth ar an gclár ar ordú speisialta ón gCeannasaí ach ní in aon slí eile, agus nuair a chuirfear duine ar ais amhlaidh ar an gclár, féadfaidh an Ceannasaí cibé coinníollacha is cuí leis (lena n-áirítear íoc táille nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é sin an chéad uair aige á chlárú) a chur ag gabháil leis an gcur ar ais.

(8) Féadfaidh aon duine (dá ngairtear gníomhaire san fho-alt seo) a bheidh údaraithe go cuí ag aon duine faoi fho-alt (1) den alt seo chun gníomhú mar ghníomhaire dó, féadfaidh sé (faoi réir aon fhorála dá mhalairt in aon chomhaontú idir an gníomhaire agus an duine sin), ar fhógra a thabhairt don Cheannasaí agus don duine sin, scor de ghníomhú mar ghníomhaire don duine sin.

(9) Féadfaidh an tAire le hordú rialacha a dhéanamh faoin alt seo chun clár na ngníomhairí trádmharcanna a bhainistí, agus féadfaidh sé leis na rialacha sin aon ábhar nó ní dá dtagraítear san alt seo mar ábhar nó ní forordaithe a fhorordú, agus féadfaidh sé go háirithe na cáilíochtaí oideachais agus gairmiúla agus na coinníollacha i dtaobh inchláraitheachta chun clárú i gclár na ngníomhairí trádmharcanna a fhorordú amhlaidh, agus fós na huastáillí a fhéadfaidh aon duine a bheidh cláraithe i gclár na ngníomhairí trádmharcanna a éileamh de bharr na seirbhísí sin, i ndáil le clárú trádmharcanna, a shonrófar sna rialacha sin.

(10) (a) Ní bheidh aon duine a bheidh cláraithe i gclár na ngníomhairí trádmharcanna ciontach i gcion faoi alt 58 den Acht Aturnaetha, 1954, de bhíthin amháin é d'ullmhú aon doiciméad seachas gníomhas lena úsáid in imeachtaí faoin Acht seo os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte.

(b) D'ainneoin fo-alt (5) den alt seo, ní cion faoin alt seo d'ionadaí pearsanta dlíthiúil ghníomhaire trádmharcanna éagtha gnó a sheoladh nó cleachtadh a dhéanamh in ainm an ghníomhaire trádmharcanna éagtha sin go ceann tréimhse nach faide ná trí bliana ó bhás an ghníomhaire trádmharcanna sin, nó go ceann cibé tréimhse breise (más ann) a cheadóidh an Chúirt, más gníomhaire trádmharcanna an t-ionadaí pearsanta dlíthiúil é féin nó má bhíonn gníomhaire trádmharcanna fostaithe aige chun an gnó nó an cleachtas a bhainistí thar a cheann.

(11) D'ainneoin fo-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire, d'fhonn go gcomhlíonfaidh an Rialtas thar ceann an Stáit aon chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stáit, a dhearbhú le hordú go mbeidh saoránach de stát áirithe (is é sin stát is páirtí freisin sa chomhaontú idirnáisiúnta sin) inchláraithe i gclár na ngníomhairí trádmharcanna má chomhlíonann sé fairis sin an fo-alt sin.

(12) D'ainneoin fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomhairc i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

Comhaontuithe idirnáisiúnta.

70. —(1) I gcás aon duine a bheith tar éis iarratas a dhéanamh, i Stát coigríche is páirtí in aon chomhaontú idirnáisiúnta le haghaidh comhchosaint trádmharcanna ar páirtí ann an Stát, ar chosaint do thrádmharc arb é an duine sin a dhílseánach, beidh an duine sin nó a ionadaí dlíthiúil nó a shannaí i dteideal go gclárófaí an trádmharc sin faoin Acht seo i dtosaíocht ar iarratasóirí eile; agus is é dáta an iarratais sa Stát coigríche sin an dáta céanna a bheidh ar an gclárú:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar an t-iarratas sa Stát laistigh den tréimhse fhorordaithe, agus

(b) nach dtabharfaidh aon ní san alt seo teideal do dhílseánach trádmhairc damáistí a ghnóthú mar gheall ar aon sárú a tharlóidh roimh an dáta arbh é, mura mbeadh fo-alt (1) d'alt 27 den Acht seo, dáta cláraithe an trádmhairc sin é.

(2) Ní dhéanfar an clárú faoin Acht seo ar thrádmharc lena mbaineann an t-alt seo neamhbhailí de bhíthin amháin an trádmharc sin a úsáid sa Stát i rith na tréimhse a bhforordaítear faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo gurb í an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar an t-iarratas ar an gclárú sin a dhéanamh.

(3) Aon iarratas ar thrádmharc lena mbaineann an t-alt seo a chlarú faoin Acht seo déanfar é sa tslí a shonraítear in alt 25 den Acht seo nó, i gcás trádmhairc deimhniúcháin, sa tslí a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(4) Aon duine a bheidh, trí iarratas—

(a) is comhionann de réir dlí aon Stáit choigríche le hiarratas arna dhéanamh go cuí sa Stát coigríche sin, nó

(b) is comhionann, de réir téarmaí aon chomhaontaithe idirnáisiúnta atá ar substaineadh idir aon dá stát choigríche nó níos mó, le hiarratas arna dhéanamh go cuí i gceann amháin de na stáit choigríche sin,

tar éis cosaint a iarraidh do thrádmharc arb eisean a dhílseánach measfar, chun críche an ailt seo, iarratas a bheith déanta aige amhlaidh sa Stát coigríche sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás na stát coigríche sin a mbeidh dearbhaithe ag an Rialtas, le hordú, é a bheith infheidhmithe ina dtaobh agus amháin an fad, i gcás gach stáit choigríche, a bheidh an t-ordú i ngníomh maidir leis an stát coigríche sin.

(6) San alt seo folaíonn “ stát coigríche ” aon chríoch a measann aon stát áirithe (ar stát é is páirtí in aon chomhaontú idirnáisiúnta le haghaidh comhchosaint trádmharcanna ar páirtí ann an Stát) é féin a bheith freagrach ina caidreamh coigríche.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe agus ag comhlachtaí neamhohorpraithe.

71. —I gcás cion faoi alt 63, 64, 65 nó 69 den Acht seo—

(a) a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhpháirtíochta, agus

(b) go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú aon duine, nó gur éascaíodh é trí mhainneachtain aon duine, arb éard é, i gcás comhlachta chorpraithe, stiúrthóir ar an gcomhlacht sin, nó, i gcás comhpháirtíochta, páirtí den chomhpháirtíocht sin,

beidh an duine sin ciontach sa chion.

Forálacha idirlinne.

72. —Beidh éifeacht ag na forálacha idirlinne atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na hábhair a luaitear ann faoi seach.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Trádmharcanna Deimhniúcháin.

Alt 45.

1. (1) Caithfear aon iarratas ar mharc a chlárú faoi alt 45 den Acht seo a dhéanamh i scríbhinn chun an Cheannasaí sa tslí fhorordaithe ag an duine a mholtar a chlárú mar dhílseánacb an mhairc sin.

(2) Beidh éifeacht ag forálacha fo-alt (2) agus fo-ailt (4) go (8) d'alt 25 den Acht seo maidir le hiarratas faoin alt sin 45 amhail mar tá éifeacht acu maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt sin 25, ach amháin go gcuirfear tagairtí d'údarás chun dul ar aghaidh leis an iarratas in ionad na dtagairtí atá iontu i dtaobh glacadh le hiarratas.

(3) Nuair a bheifear ag déileáil faoi na forálacha sin le hiarratas faoin alt sin 45, tabharfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) aird ar na dálais chéanna a mhéid is iomchuí, amhail is dá mba iarratas faoin alt sin 25 den Acht seo an t-iarratas agus ar aon dálais eile (nach ábhair ar inniúlacht an Aire faoi fhomhír (5) den mhír seo) is iomchuí maidir le hiarratais faoin alt sin 45, lena n-áirítear a inmhianaithe é a áirithiú go mbeidh taispeánadh éigin i dtrádmharc deimhniúcháin á thaispeáint gur trádmharc den sórt sin é.

(4) Cuirfidh duine a iarrfaidh go gclárófar marc áirithe faoin alt sin 45 chun an Cheannasaí dréacht-rialacháin chun úsáid an mhairc a rialú cibé tráth, sula ndéanfaidh an Ceannasaí cinneadh ar an iarratas, a theastóidh uaidh chun a chur ar a chumas an dréacht a bhreithniú, agus tabharfaidh an Ceannasaí tuarascáil orthu don Aire.

(5) Nuair a bheidh údarás chun dul ar aghaidh le hiarratas tugtha, breithneoidh an tAire an t-iarratas maidir leis na hábhair seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) an bhfuil an t-iarratasóir inniúil chun na hearraí a dheimhniú a bhfuil an marc le clárú ina leith;

(b) an bhfuil na dréacht-rialacháin sásúil; agus

(c) arbh é, sna himthoscaí go léir, leas an phobail go ndéanfaí an clárú atáthar a iarraidh;

agus féadfaidh sé—

(i) a ordú nach nglacfar leis an iarratas; nó

(ii) a ordú don Cheannasaí glacadh leis an iarratas, agus na rialacháin a cheadú, gan mhodhnú agus go neamhchoinníollach nó faoi réir aon choinníollacha nó teorainneacha, nó aon leasuithe nó modhnuithe ar an iarratas nó ar na rialacháin, is dóigh leis is gá ag féachaint d'aon cheann de na hábhair réamhráite;

ach lasmuigh de chás ordú ag ordú glacadh agus ceadú gan mhodhnú agus go neamhchoinníollach, ní chinnfidh an tAire an t-ábhar gan caoi a thabhairt don iarratasóir ar éisteacht a fháil:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an tAire, ar an iarratasóir á iarraidh sin le comhthoiliú an Cheannasaí, an t-iarratas a bhreithniú maidir le haon cheann de na hábhair réamhráite sula dtabharfar údarás chun dul ar aghaidh leis an iarratas, ar shlí áfach go bhféadfaidh an tAire athbhreithniú a dhéanamh ar aon ábhar ar a ndearna sé cinneadh faoin gcoinníoll seo má dhéantar aon leasú nó modhnú ar an iarratas nó ar na dréacht-rialacháin dá éis sin.

2.—(1) Nuair a bheidh glactha le hiarratas, cuirfidh an Ceannasaí faoi deara, a luaithe is féidir tar éis an ghlactha sin, an t-iarratas amhail mar a bheidh glactha leis a fhógairt sa tslí fhorordaithe, agus beidh éifeacht ag forálacha fo-ailt (2) go (12) d'alt 26 den Acht seo i ndáil le clárú an mhairc amhail is dá mba iarratas faoi alt 25 den Acht seo an t-iarratas:

Ar choinníoll, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh faoi na forálacha sin, go dtabharfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí (de réir mar a bheidh) aird ar na dálais dá dtagraítear i bhfomhír (3) de mhír 1 den Sceideal seo agus orthu sin amháin, agus go mbeidh cinneadh faoi na forálacha sin i bhfabhar an iarratasóra faoi réir an choinníll go ndéanfaidh an tAire cinneadh ina fhabhar faoi fhomhír (2) den mhír seo maidir le haon fhreasúra a bhainfidh le haon cheann de na hábhair dá dtagraítear i bhfomhír (5) den mhír sin 1.

(2) Nuair a thabharfar fógra freasúra a bhainfidh le haon cheann de na hábhair dá dtagraítear i bhfomhír (5) de mhír 1 den Sceideal seo, déanfaidh an tAire, tar éis éisteacht leis na páirtithe, má iarrtar sin air agus aon fhianaise a bhreithniú, a chinneadh a ndéanfar, agus cad iad na coinníollacha nó na teorainneacha, nó na leasuithe nó na modhnuithe ar an iarratas nó ar na rialacháin, más ann, ar faoina réir a dhéanfar, ag féachaint do na hábhair sin, an clárú a cheadú.

3. (1) Féadfaidh an Ceannasaí le toiliú an Aire na rialacháin a bheidh taiscthe i leith trádmhairc deimhniúcháin a athrú ar iarratas ón dílseánach cláraithe.

(2) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara go ndéanfar iarratas ar a thoiliú a fhógairt in aon chás ina bhfeictear dó gur fóirsteanacl é sin a dhéanamh, agus, i gcás ina gcuirfidh an tAire faoi deara iarratas a fhógairt, ní dhéanfaidh sé, má dhéanann aon duine fógra i dtaobh freasúra in aghaidh an iarratais a thabhairt dó laistigh den am forordaithe ó dháta an fhógráin, an t-ábhar a chinneadh gan caoi a thabhairt do na páirtithe ar éisteacht a fháil.

4. (1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas sa tslí fhorordaithe ó aon duine éagóraithe nó ar iarratas ón gCeannasaí, cibé ordú is cuí leis a dhéanamh chun aon taifead sa chlár a bhainfidh le trádmharc deimhniúcháin a scriosadh nó a athrú, nó chun na rialacháin taiscthe a athrú, ar an bhforas—

(a) nach bhfuil an dílseánach inniúil a thuilleadh, i gcás aon chuid de na hearraí a bhfuil an trádmharc cláraithe ina leith, na hearraí sin a dheimhniú;

(b) gur mhainnigh an dílseánach foráil de chuid na rialachán thaiscthe a bhí le comhlíonadh aige a chomhlíonadh;

(c) nach é leas an phobail é a thuilleadh an trádmharc a bheith cláraithe, nó

(d) gur gá, mar bhuntáiste don phobal, na rialacháin a athrú má leanann an trádmharc de bheith cláraithe;

agus ní bheidh aon dlínse ag an gCúirt ná ag an gCeannasaí ordú a dhéanamh faoi alt 40 den Acht seo ar aon cheann de na forais sin.

(2) Ceartóidh an Ceannasaí an clár agus na rialacháin thaiscthe i cibé slí is gá chun éifeacht a thabhairt d'ordú a dhéanfar faoi fhomhír (1) den mhír seo.

5. D'ainneoin aon ní in alt 51 den Acht seo, ní bheidh aon dlínse ag an gCeannasaí costais a dhámhachtain d'aon pháirtí nó in aghaidh aon pháirtí ar achomharc a dhéanfar chuige in aghaidh dílseánach trádmhairc deimhniúcháin do dhiúltú earraí a dheimhniú nó úsáid an trádmhairc a údarú.

6. Ní bheidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den Acht seo maidir le trádmharc deimhniúcháin, is é sin le rá, alt 12, alt 14, alt 17, ailt 25 agus 26 (ach amháin mar a gcuirtear sin chun feidhme go sainráite leis an Sceideal seo), fo-ailt (4) go (7) d'alt 30, ailt 34 go 37, alt 66, agus aon fhorálacha a gcuireann a dtéarmaí de theorainn leo gur i gCuid B den chlár is inchláraithe iad.

AN DARA SCEIDEAL.

Forálacha Idirlinne.

Alt. 72.

Cearta faoi alt 82(2) d'Acht 1927 a chaomhnadh go ceann trí bliana.

1. D'ainneoin fo-alt (1) d'alt 17 den Acht seo agus fo-alt 82 d'Acht 1927 a aisghairm, aon fhocal no focail, litir, uimhir nó aon chónasc de litreacha nó d'uimhreacha, speisialta nó idirdhealaitheach, a úsáideadh mar thrádmharc ag an iarratasóir nó ag a réamhtheachtaithe i ngnó roimh an 13ú lá de Lúnasa, 1875, agus ar leanadh d'é úsáid (ina bhunfhoirm nó maraon le breisithe nó athruithe air nach ndearna difear substainteach dá chéannacht) anuas go dtí dáta an iarratais, beidh sé, sa tréimhse dar críoch an lá atá trí bliana tar éis tosach feidhme an Achta seo, inchláraithe mar thrádmharc i gCuid A den chlár faoin Acht seo.

Sannta agus tarchurtha roimh thosach feidhme an Achta seo a thugann cearta eisiatacha in áiteanna éagsúla sa Stát.

2. Déanfar bailíocht sannadh nó tarchur trádmhairc a rinneadh, nó a éilítear a rinneadh, roimh thosach feidhme an Achta seo, in aon chás den sórt a luaitear i bhfo-alt (6) d'alt 30 den Acht seo, a chinneadh amhail is dá mba rud é nár achtaíodh na forálacha atá i bhfo-ailt (1) go (5) den alt sin:

Ar choinníoll go mbeidh ag an gCeannasaí, ar iarratas sa tslí fhorordaithe laistigh de thrí bliana ó thosach feidhme an Achta seo ó dhuine a éilíonn go ndearnadh trádmharc cláraithe a shannadh amhlaidh dó féin nó do réamhtheachtaí i dteideal dá chuid nó a tharchur amhlaidh chuige féin nó chuig réamhtheachtaí i dteideal dá chuid, an dlínse chéanna atá aige faoin gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (6) den alt sin 30, agus ní mheasfar sannadh nó tarchur a bheidh ceadaithe aige a bheith neamhbhailí ar an bhforas go bhfuil ceartanna den sórt a luaitear san fho-alt sin (6) ar substaineadh nó ar an bhforas go ndearnadh an sannadh nó an tarchur ar shlí eile seachas i ndáil le deá-thoil gnó nó go ndearnadh é maidir le cuid (ach ní hea an chuid go léir) de na hearraí ar cláraíodh an trádmharc ina leith, má dhéantar iarratas á iarraidh clárú a dhéanamh faoi alt 33 den Acht seo ar theideal an duine a thiocfaidh chun teideal a bheith aige laistigh de shé mhí ón dáta ar a dtabharfar an ceadú, nó má rinneadh an t-iarratas sin roimh an dáta sin.

Cosaint maidir le forálacha cúlghabhálacha a bhaineann le sannta agus tarchurtha.

3. Beidh ag na forálacha cúlghabhálacha atá in alt 30 den Acht seo agus i mír 2 den Sceideal seo éifeacht gan dochar d'aon chinneadh a rinne an Ceannasaí nó an Chúirt roimh thosach feidhme an Achta seo, nó do chinneadh ar achomharc in aghaidh cinneadh a rinneadh amhlaidh, nó d'aon teideal a fuarthas ar chomaoin luachmhar roimh thosach feidhme an Achta seo.

Comhghabhálas trádmharcanna is insannta nó is intarchurtha mar aonad iomlán.

4. I gcás ina raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, trádmharc cláraithe i gCuid B den chlár faoi réir coinníll a d'fhág nárbh insannta ná intarchurtha é ach mar aonad iomlán maraon le trádmharc eile a bhí cláraithe in ainm an dílseánaigh chéanna nó le dhá thrádmharc nó níos mó a bhí cláraithe amhlaidh, agus ní ar leithligh, measfar gur trádmharcanna comhghabhálacha na trádmharcanna, agus féadfar na taifid sa chlár a bhaineann leo a leasú dá réir sin.

Úsáid trádmhairc roimhe sin ag duine a thiocfaidh chun bheith ina úsáidire cláraithe ar iarratas a dhéanamh laistigh de thrí bliana ón lá ceaptha.

5. I gcás duine a chlárú mar úsáidire cláraithe trádmhairc ar iarratas a dhéanamh laistigh de thrí bliana ó thosach feidhme an Achta seo, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 36 den Acht seo maidir le haon úsáid a rinneadh den trádmharc roimhe sin (roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis) ag an duine sin, arbh úsáid í i ndáil leis na hearraí a bhfuil sé cláraithe ina leith agus, i gcás é a chlárú faoi réir coinníollacha nó sriantachtaí, arbh úsáid í de shórt a chomhlíonann na coinníollacha agus na sriantachtaí sin go substaintiúil amhail is dá mba úsáid cheadaithe an úsáid sin roimhe sin.

Úsáid trádmhairc le haghaidh na trádála onnmhairíochta roimh an lá ceaptha.

6. Measfar éifeacht a bheith ag alt 39 den Acht seo maidir le gníomh a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo mar atá éifeacht aige maidir le gníomh arna dhéanamh tar éis tosach feidhme an Achta seo, ach sin gan dochar, áfach, d'aon chinneadh ag an gCeannasaí nó ag an gCúirt roimh thosach feidhme an Achta seo nó don chinneadh ar aon achomharc in aghaidh cinneadh a rinneadh amhlaidh.

Measfar go bhfuil trádmharcanna a cláraíodh faoi alt 123 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 cláraithe faoi alt 45 den Acht seo.

7. Beidh éifeacht ag alt 45 den Acht seo, maidir le trádmharc a bhí díreach roimh an lá ceaptha ar an gclár de bhua alt 123 d'Acht 1927, ionann is dá mbeadh an t-alt sin 45 i ngníomh ar dháta cláraithe an trádmhairc agus gur cláraíodh é faoin alt sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, áfach, is é sin le rá:—

(a) ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) den alt sin 45;

(b) i gcás rialacháin chun úsáid an trádmhairc a rialú a bheith taiscthe san Oifig i dtosach feidhme an Achta seo, measfar gur faoin alt sin 45 a taisceadh iad;

(c) i gcás nach mbeidh aon rialacháin den sórt sin taiscthe i dtosach feidhme an Achta seo, féadfaidh an dílseánach, nó féadfaidh an tAire a cheangal air mar choinníoll go leanfadh an clárú ar substaineadh, cibé rialacháin a cheadóidh nó a cheanglóidh an tAire a thaisceadh aon uair dá éis sin; agus

(d) i gcás nach mbeidh aon rialacháin den sórt sin taiscthe de thuras na huaire, beidh éifeacht ag an alt sin 45 amhail is dá bhfágtaí ar lár na tagairtí atá ann agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo do na rialacháin.