3 1962


Uimhir 3 de 1962.


AN tACHT RÓD-CHISTE (DEONTAIS) (FORÁLACHA SEALADACHA), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLACHA SEALADACHA LE hAGHAIDH DEONTAS DON RÓD-CHISTE. [27 Márta, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Deontais don Ród-Chiste.

1. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, i rith na dtrí bliana dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1961, deontais a thabhairt don Ród-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Ní mó ná seacht gcéad míle punt méid iomlán na ndeontas a thabharfar faoin alt seo.

Aisghairm agus forálacha iarmartacha.

1926, Uimh. 29 .

1959, Uimh. 12 .

2. —(1) Aisghairtear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Ród-Chiste (Roimh-Iocanna), 1926, agus alt 3 den Acht Ród-Chiste (Deontais agus Airleacain) (Forálacha Sealadacha), 1959 .

(2) Aon mhéid a bhí, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, gan aisíoc i leith aon suim a airleacadh faoi alt 1 den Acht Ród-Chiste (Roimh-Iocanna), 1926 , nó alt 3 den Acht Ród-Chiste (Deontais agus Airleacain) (Forálacha Sealadacha) 1959, áireofar é, maraon leis an ús a bheidh faibhrithe chun a bheith dlite air, mar dheontas nach inaisíoctha.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1962.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Ród-Chiste (Deontais) (Forálacha Sealadacha), 1962 , a ghairm den Acht seo.