|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 44 de 1961. | ||
[EN] |
ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL (LEASÚ), 1961. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952 . [20 Nollaig, 1961.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Modhnuithe ar Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 . |
1. —Beidh éifeacht ag Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (dá ngairtear “an Príomh-Acht” anseo), fara na modhnuithe air (lena n-áirítear breisithe, malartuithe, agus scriostaí) a shonraítear faoi seach sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
2. —(1) Cuirfear na mínithe seo a leanas, in ord cuí aibítre, isteach i measc na mínithe in alt 2 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “ábhar díobhálach” aon substaint (lena n-áirítear ábhar pléascach) a fhéadfadh, ar í a dhul amach nó ar í a scaoileadh amach in aon uiscí, na huiscí a dhéanamh nimhiúil nó dochrach d'iasc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc nó dochar a dhéanamh do luachmhaireacht éisc mar bhia daoine nó laghdú a dhéanamh ar thairbhe grinnill agus ithreach aon uiscí mar leapacha sceite nó ar a gcumas chun bia le haghaidh éisc a tháirgeadh; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn “iasc” sceith éisc agus gilidíní; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn “an tAire” an tAire Tailte; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn “substaint” aon leacht nó gás; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn “uiscí” aon uisce, sruthchúrsa nó cuid den fharraige. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Scriosfar an míniú ar “an tAire” in alt 2 den Phríomh-Acht. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Abhar díobhálach. 1907, c.17. |
3. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 41 agus 42 den Phríomh-Acht (a bhaineann le hábhair phléascacha nó le hábhar díobhálach a úsáid nó a shealbhú): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Eireaballóirí agus innleoga a úsáid go neamhdhleathach. |
4. —In alt 43 den Phríomh-Acht (a fhorchuireann pionós mar gheall ar dheiseanna áirithe le haghaidh gabháil éisc a úsáid nó a shealbhú go neamhdhleathach)— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) cuirfear isteach na focail “eireaballóir nó innleog” i ndiaidh an fhocail “otar” i bhfo-alt (2); | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) cuirfear isteach na focail “nó eireaballóir” i ndiaidh an fhocail “ga” i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Pionós mar gheall ar bhád nó feithicil a úsáid go neamhdhleathach. |
5. —Cuirfear an t-alt nua seo a leanas isteach i ndiaidh alt 52 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cumhachtaí méadaithe dul isteach agus coinneála. |
6. —I bhfo-alt (1) d'alt 64 den Phríomh-Acht (a údaraíonn iniúchta, scrúduithe agus coinneála áirithe)— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír (v) de mhír (b)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (vi) in aon teach ósta, teach aíochta, bialann nó áitreabh nó áit eile ina soláthraítear bia agus iostas nó béilí ar luaíocht;” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i mír (e) roimh na focail “faoin Acht seo” cuirfear isteach na focail “faoin Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , nó”; agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) cuirfear na focail “bád, feithicil nó earra” i mír (f) in ionad na bhfocal “nó aon earra”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Iarratas ar fhorghéilleadh. |
7. —Cuirfear an t-alt seo leanas in ionad alt 65 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Bád a fhorghéilleadh ar chiontú. |
8. —In alt 76 den Phríomh-Acht (a dhéanann foráil i dtaobh forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe), cuirfear isteach na focail “aon bhád nó inneall iascaigh” in ionad na bhfocal “aon inneall iascaigh”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasuithe maidir le cumhachtaí, etc., an Choimisiúin. |
9. —Sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (ina bhfuil forálacha maidir le Coimisiún Iascaigh an Fheabhail)— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) cuirfear na focail “nó, i líomatáiste an Fheabhail, chun aon dlí maidir le hiascaigh” isteach i bhfomhír (a) de mhír 2 i ndiaidh na bhfocal “faoin Acht seo”; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i dtosach fhomhír (2) de mhír 8 cuirfear isteach na focail “Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire agus na hAireachta, rúnaí a cheapadh nó a chur as oifig agus, mura gceapfar aon rúnaí de thuras na huaire,”; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) ag deireadh fhomhír (3) de mhír 16 cuirfear na fomhíreanna seo a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(4) Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire agus na hAireachta, scéim (dá ngairtear scéim pinsin sa mhír seo) a dhéanamh le haghaidh pinsin nó aiscí, nó pinsin agus aiscí, a sholáthar i leith seirbhís cibé oifigeach nó seirbhíseach leis an gCoimisiún is oiriúnach leo, agus cuirfidh an Coimisiún i gcrích aon scéim a dhéanfar amhlaidh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith le ceadú an Aire agus na hAireachta, le scéim pinsin ina dhiaidh sin (dá ngairtear scéim leasaitheach sa mhír seo) scéim pinsin nó scéim leasaitheach roimhe sin a leasú, agus féadfar a rá in aon scéim leasaitheach den sórt sin go mbeidh feidhm chúlghabhálach aici. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) I gcás ina leasóidh scéim leasaitheach scéim pinsin, féadfaidh oifigeach nó seirbhíseach lena mbaineann nó lenar bhain an scéim pinsin sin, laistigh de shé mhí tar éis an scéim leasaitheach a theacht i ngníomh, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an scéim leasaitheach maidir leis agus, má roghnaíonn sé amhlaidh, ní bheidh feidhm ag an scéim leasaitheach maidir leis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Ní fhoirceannfaidh ná ní laghdóidh scéim leasaitheach aon phinsean a bhí, díreach roimh an scéim leasaitheach sin a theacht i bhfeidhm, iníoctha faoin scéim a leasófar léi. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) Sa mhír seo ciallaíonn “seirbhís”, maidir le hoifigeach nó seirbhíseach, seirbhís faoin gCoimisiún ó dháta a fhostaithe ag an gCoimisiún agus, i gcás duine a tháinig chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Choimisiún de bhua fostaíochta a luaitear i bhfomhír (3), féadfar a sheirbhís san fhostaíocht sin a áireamh inti.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , do bhaint le Limistéar Mhagh Bhile. |
10. —(1) Na forálacha den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo bainfidh siad, d'ainneoin alt 325 den Acht sin, le Limistéar Mhagh Bhile ach tagairtí don Choimisiún a chur in ionad tagairtí do bhoird choimeádaithe agus tagairtí do Limistéar Mhagh Bhile a chur in ionad tagairtí do cheantar iascaigh agus, fós, faoi réir na modhnuithe a luaitear sa Tábla. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Maidir le forálacha na nAchtanna Iascaigh 1842 go 1958, a fhreagraíonn d'fhorálacha leathnaithe sin an Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , scoirfidh siad de bheith i bhfeidhm a mhéid a lean siad de bheith i bhfeidhm i Limistéar Mhagh Bhile de dhroim oibriú alt 325 den Acht sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Forléireofar tagairtí sa Phríomh-Acht do na hAchtanna Iascaigh mar thagairtí don Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) De dhroim na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo leasaítear leis seo an Príomh-Acht mar a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí na focail “alt 315 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 ” a chur, i bhfo-alt (1) d'alt 79, in ionad na bhfocal “alt 10 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 ( Uimh. 18 de 1949 )”; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trí na focail “alt 318 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 ” a chur, i bhfo-alt (3) d'alt 80, in ionad na bhfocal “alt 15 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 ( Uimh. 18 de 1949 )”; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) trí alt 4, fo-alt (4) d'alt 23, alt 36 agus an Chéad Sceideal a scriosadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
11. —(1) Féadfar Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh Achtanna Iascaigh an Fheabhail, 1952 agus 1961, a ghairm den Acht seo agus den Phríomh-Acht le chéile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh na hailt sin roimhe seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |