|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 38 de 1961. | ||
[EN] |
ACHT NA gCÚIRTEANNA (BUNÚ AGUS COMHDHÉANAMH), 1961 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT CHUN CÚIRT ACHOMHAIRC DHEIRIDH, AN CHÚIRT ACHOMHAIRC CHOIRIÚIL AGUS CÚIRTEANNA CÉADCHÉIME A BHUNÚ, DE BHUN AIRTEAGAL 34 DEN BHUNREACHT, CHUN COMHDHÉANAMH NA gCÚIRTEANNA SIN A SHONRÚ, CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH FAOI SCARADH LE hOIFIGÍ BREITHIÚNACHA AGUS FOLÚNTAIS IONTU A LÍONADH, AGUS, DE BHUN AIRTEAGAL 58 DEN BHUNREACHT, CHUN NA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS ÉAGSÚLA A LUAITEAR SAN AIRTEAGAL SIN A DHÍBHUNÚ AGUS OIFIGÍ BREITHIÚNA NA gCÚIRTEANNA SIN A DHÍCHUR. [16 Lúnasa, 1961.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Uachtaraí. |
1. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh an Chúirt Achomhairc Dheiridh, dar teideal de bhun Airteagal 34 den Bhunreacht An Chúirt Uachtarach (The Supreme Court), arna bunú. |
[EN] | (2) Beidh an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas— | |
[EN] | (a) uachtarán na cúirte sin, eadhon, An Príomh-Bhreitheamh (The Chief Justice), agus | |
[EN] | (b) cibé líon (nach lú ná ceathrar) gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Uachtarach” (“Judge of the Supreme Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas. | |
[EN] | (3) Is breitheamh breise den Chúirt Uachtarach ex officio Uachtarán na hArd-Chúirte | |
[EN] | (4) Más rud é, toisc breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheith breoite nó ar chúis ar bith eile, nach mbeidh leorlion breithiúna den Chúirt Uachtarach ar fáil chun gnó na Cúirte sin a dhéanamh, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh a iarraidh ar ghnáth-bhreitheamh nó gnáth-bhreithiúna ar bith den Ard-Chúirt suíle linn éisteacht aon achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí nó aon ábhair eile is intriailte ag an gCúirt Uachtarach, agus aon bhreitheamh a n-iarrfar sin air amhlaidh suífidh sé le linn éisteacht an achomhairc nó an ábhair eile sin agus beidh sé ina bhreitheamh breise den Chúirt Uachtarach i leith an achomhairc nó an ábhair eile sin. | |
[EN] |
Bunú agus comhdhéanmh na hArd-Chúirte. |
2. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh an Chúirt Chéadchéime ar a dtugtar an Ard-Chúirt (The High Court) in Airteagal 34 den Bhunreacht arna bunú. |
[EN] | (2) Beidh an Ard-Chúirt comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas— | |
[EN] | (a) uachtarán na cúirte sin, dá ngairfear “Uachtarán na hArd-Chúirte” (“The President of the High Court”), agus | |
[EN] | (b) cibé líon gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Ard-Chúirt” (“Judge of the High Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas. | |
[EN] | (3) Is breitheamh breise den Ard-Chúirt ex officio an Príomh-Bhreitheamh. | |
[EN] | (4) Is breitheamh breise den Ard-Chúirt ex officio Uachtarán na Cúirte Cuarda. | |
[EN] | (5) (a) Más rud é, toisc breitheamh den Ard-Chúirt a bheith breoite nó ar chúis ar bith eile, nach mbeidh leorlíon breithiúna den Ard-Chúirt ar fáil chun gnó na Cúirte sin a dhéanamh nó, mar gheall ar an méid gnó atá le déanamh san Ard-Chúirt nó ar chúis ar bith eile de bharr staid an ghnó sa Chúirt sin, gurb oircheas an líon breithiúna atá ar fáil chun críocha na hArd-Chúirte a mhéadú go sealadach, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh, ar Uachtarán na hArd-Chúirte dá iarraidh sin air, a iarraidh ar ghnáth-bhreitheamh ar bith den Chúirt Uachtarach suí san Ard-Chúirt mar bhreitheamh breise di, agus gach gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach a n-iarrfar sin air amhlaidh suífidh sé san Ard-Chúirt. | |
[EN] | (b) Aon uair a shuífidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach san Ard-Chúirt de bhun an fho-ailt seo, beidh sé ina bhreitheamh breise den Ard-Chúirt chun críocha uile na Cúirte sin. | |
[EN] |
Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Achomhairc Choiriúil. |
3. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh Cúirt Achomhairc, dar teideal An Chúirt Achomhairc Choiriúil (The Court of Criminal Appeal), arna bunú. |
[EN] | (2) Chun aon achomharc áirithe is intriailte ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil a éisteacht agus a chinneadh, déanfar an Chúirt Achomhairc Choiriúil a chomóradh de réir orduithe a thabharfaidh an Príomh-Bhreitheamh, agus beidh an Chúirt comhdhéanta go cuí má bhíonn triúr breitheamh ar a laghad inti agus— | |
[EN] | (a) gur duine acu— | |
[EN] | (i) an Príomh-Bhreitheamh, nó | |
[EN] | (ii) gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, agus | |
[EN] | (b) gurb iad an bheirt eile— | |
[EN] | (i) beirt ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, nó | |
[EN] | (ii) Uachtarán na hArd-Chúirte, i gcás é dá ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh agus é a bheith toilteanach gníomhú, agus gnáth-bhreitheamh amháin den Ard-Chúirt arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, | |
[EN] | ach féadfaidh breitheamh nó breithiúna ar bith eile a bheidh ar fáil den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt freastal mar chomhalta nó comhaltaí den Chúirt, ar an bPríomh-Bhreitheamh dá iarraidh sin. | |
[EN] |
Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Cuarda. |
4. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh Cúirt Chéadchéime, dar teideal An Chúirt Chuarda (The Circuit Court), arna bunú. |
[EN] | (2) Beidh an Chúirt Chuarda comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas— | |
[EN] | (a) breitheamh, dá ngairfear “Uachtarán na Cúirte Cuarda” (“The President of the Circuit Court”), agus | |
[EN] | (b) cibé líon gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Chuarda” (Judge of the Circuit Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas. | |
[EN] |
Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Dúiche. |
5. —(1) I dtosach feidhme an Achta seo; beidh Cúirt Chéadchéime, dar teideal An Chúirt Dúiche (The District Court), arna bunú. |
[EN] | (2) Beidh an Chúirt Dúiche comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas— | |
[EN] | (a) breitheamh dá ngairfear “Uachtarán na Cúirte Dúiche” (“The President of the District Court”), agus | |
[EN] | (b) cibé líon de bhreithiúna eile (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Dúiche” (“Justice of the District Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas. | |
[EN] |
Scaradh le hoifig bhreithiúnach agus líonadh folúntais. |
6. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “oifig bhreithiúnach” oifig arb í oifig í— |
[EN] | (a) oifig an Phríomh-Bhreithimh, Uachtarán na hArd-Chúirte, ghnáth-bhreithimh den Chúirt Uachtarach, ghnáthbhreithimh den Ard-Chúirt, Uachtarán na Cúirte Cuarda nó ghnáth-bhreithimh den Chúirt Chuarda, nó | |
[EN] | (b) oifig Uachtarán na Cúirte Dúiche nó bhreithimh den Chúirt Dúiche. | |
[EN] | (2) Féadfaidh duine ar bith scaradh le hoifig bhreithiúnach a bheidh ar seilbh aige trína éirí as oifig a chur in iúl i scríbhinn faoina láimh a bheidh dírithe chun an Uachtaráin agus a chuirfear chun an Taoisigh. | |
[EN] | (3) Aon duine a mbeidh oifig bhreithiúnach ar seilbh aige scarfaidh sé leis an oifig sin ar é a cheapadh, lena thoiliú, d'oifig bhreithiúnach eile. | |
[EN] | (4) Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina bhreitheamh d'aon chúirt bhreithiúnais dá luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht, scarfaidh sé leis an oifig a bhí ar seilbh aige ar é a cheapadh, lena thoiliú, d'oifig bhreithiúnach. | |
[EN] | (5) Measfar gach Cúirt acu seo a leanas, eadhon, an Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt agus an Chúirt Chuarda, a bheith comhdhéanta go cuí le linn agus d'ainneoin aon fholúntais in oifig aon bhreithimh den Chúirt sin. | |
[EN] | (6) Measfar an Chúirt Dúiche a bheith comhdhéanta go cuí le linn agus d'ainneoin aon fholúntais in oifig Uachtarán na Cúirte sin nó in oifig aon bhreithimh di. | |
[EN] | (7) I gcás oifig bhreithiúnach a bheith folamh, féadfar duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh. | |
[EN] |
Na cúirteanna a luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht a scor de dhlínse a oibriú, na cúirteanna sin a dhíbhunú agus oifigi breithiúna na gcúirteanna sin a dhíchur. |
7. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “na cúirteanna do láthair” na cúirteanna breithiúnais éagsúla a luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht. |
[EN] | (2) I dtosach feidhme an Achta seo, scoirfidh na cúirteanna do láthair de dhlínse ar bith a oibriú. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifig bhreithimh d'aon cheann de na cúirteanna do láthair tar éis scaradh leis an oifig sin— | |
[EN] | (a) scoirfidh na cúirteanna do láthair de bheith ar bun, | |
[EN] | (b) beidh gach oifig acu sin arna díchur. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
8. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé dáta a shocrófar chuige sin le hordú ón Rialtas. |