23 1961


Uimhir 23 de 1961.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [28 Iúil, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1961-62.

1959, Uimh. 42 .

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt, ach is ráta seacht scilling sa phunt a bheidh i bhfeidhm i gcás na méideanna cánach is inasbhainte nó is inaisíoctha faoi alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , go dtí an 15ú lá de Bhealtaine, 1961, agus aon cheartú is gá déanfar é, an lá sin nó dá éis, trí asbhaintí nó aisíocaíochtaí ina dhiaidh sin faoin alt sin a choigeartú.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961, a mhuirearú i leith ioncam aon phearsan ar mó ná dhá mhíle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh é de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:

I leith an chéad dá mhíle agus cúig chéad punt den ioncam     ..     ..     ..

Nil.

I leith na breise ar dhá mhíle agus cúig chéad punt,

 

ar gach punt den chéad dá mhíle punt den bhreis     ..     ..     ..

 

Dhá scilling agus sé phingin.

ar gach punt den chéad trí mhíle punt ina dhiaidh sin den bhreis     ..

Cúig scilling.

ar gach punt d'fhuílleach na breise     ..

Seacht scilling agus sé phingin.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1961, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Forcháin don bhliain 1960-61.

1960, Uimh. 19 .

1928, Uimh. 11 .

2. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 1 den Acht Airgeadais, 1960 , ní dhéanfar forcháin a mhuirearú don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, i leith ioncam aon phearsan nach mó nó dhá mhíle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, a mhuirearú i leith ioncam aon phearsan ar mó ná dhá mhíle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:

I leith an chéad dá mhíle agus cúig chéad punt den ioncam     ..     ..     ..

Nil.

I leith na breise ar dhá mhíle agus cúig chéad punt,

 

ar gach punt den chéad dá mhíle punt den bhreis     ..     ..     ..

 

Dhá scilling agus sé phingin.

ar gach punt den chéad trí mhíle punt ina dhiaidh sin den bhreis     ..

Cúig scilling.

ar gach punt d'fhuílleach na breise     ..

Seacht scilling agus sé phingin.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh éifeacht ag alt 3 den Acht Airgid, 1928 , maidir leis an bhforcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960.

Alt 16 den Finance Act, 1920, a leasú.

1920, c.18.

3. —Leasaítear leis seo alt 16 den Finance Act, 1920, trí “five hundred pounds” a chur in ionad “four hundred and fifty pounds”.

Alt 19 den Finance Act, 1920, a leasú.

4. —Leasaítear leis seo alt 19 den Finance Act, 1920, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(4) This section shall also apply to a claimant being a married man, whose wife is not living with him and who is not entitled to the higher allowance mentioned in subsection (1) of the immediately preceding section, as it applies to a claimant being a widower, save that ‘his wife’ shall be substituted for ‘his deceased wife’.”.

Alt 21 den Finance Act, 1920, a leasú.

5. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 21 den Finance Act, 1920, trí “eighty pounds” a chur in ionad “sixty pounds”.

Alt 22 den Finance Act, 1920, a leasú.

6. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1920, trí “one hundred and ten pounds” a chur in ionad “eighty pounds”.

Deireadh le Riail 4 (1) de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D.

7. —(1) Maidir le mír (1) de Riail 4 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D—

(a) sa mhéid go bhforálann sé go lamhálfar cáin bhrabús corparáide a íocfaidh cuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta a asbhaint mar chaiteachas faoina ndeachthas sa tréimhse chuntasaíochta sin nuair a bheifear ag ríomh brabúis nó gnóchan na cuideachta chun críocha cánach ioncaim, ní bheidh feidhm ag an mír sin nuair is chun críocha cánach ioncaim don bhliain 1961-62 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a bheidh an ríomh á dhéanamh, agus

(b) sa mhéid go bhforálann sé, i gcás ina n-aisíocfar aon suim a íocadh roimhe sin i bhfoirm cháin bhrabús corparáide, go ndéanfar an méid a aisíocfar a áireamh mar bhrabús don bhliain a gheofar an aisíocaíocht, ní bheidh feidhm ag an mír sin ach amháin i gcás ina mbeifear tar éis ashbhaint méide a lamháil mar chaiteachas agus brabúis nó gnóchan á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

Alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 , a leasú.

1946, Uimh. 15 .

8. —(1) San alt seo ciallaíonn “an príomh-alt” alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 .

(2) Maidir le caiteachas caipitiúil de réir bhrí an phríomh-ailt faoina ndeachthas an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, beidh éifeacht ag an bpríomh-alt amhail is dá gcuirtí an míniú seo a leanas i bhfo-alt (1) in ionad an mhínithe ar an bhfocal “mianach”;

“ciallaíonn an focal ‘mianach’ mianach a oibrítear chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil mar a mhínítear in alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 ), a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar talún;”.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (5) den phríomh-alt tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur ag a dheireadh:

“Ar choinníoll nach rachaidh iomlán na lamháltas thar an difríocht mheasta.”.

(4) Leasaítear leis seo mír (a) d'fho-alt (8) den phríomh-alt trí “mír (3) den Riail sin 5 fágtha ar lár as an Riail sin” a chur in ionad “an chuing a ghabhas leis an mír sin (2) fágtha ar lár”.

(5) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12) den phríomh-alt:

“(12A) Más rud é maidir le haon bhliain mheasúnachta go mbeidh cuideachta i dteideal faoisimh i leith cánach ioncaim de bhua an Achta Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 ( Uimh. 8 de 1956 ), nó Chuid II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) , ansin, chun críocha fho-ailt (5), (10), (11) agus (12) den alt seo, measfar gur deonaíodh, in aghaidh na bliana sin i leith aon chaiteachais, an lamháltas forbartha mhianaigh iomlán a fhéadfaí, ar é a éileamh go cuí, a dheonú in aghaidh na bliana sin i leith an chaiteachais sin, mura mbeifear tar éis an lamháltas sin a dheonú iarbhír.”.

Alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , a leasú.

1959, Uimh. 42 .

1918, c.40.

1929, Uimh. 32 .

9. —I gcás—

(a) préimh a bheith íoctha maidir le hárachas, nó maidir le conradh i leith blianachta iarchurtha, a rinneadh le cuideachta árachais, agus

(b) go bhféadfaí asbhaint i leith na préimhe a dhéanamh faoi alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , mura mbeadh nach cuideachta den sórt a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Income Tax Act, 1918, an chuideachta,

ní thabharfar aird ar an bhfíoras sin, agus féadfar asbhaint i leith na préimhe a dhéanamh faoin alt sin 17 dá réir sin, más rud é—

(i) gur sa Stát atá cónaí ar an éilitheoir ach go raibh cónaí air roimhe sin lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí nár ghiorra ná deich mbliana,

(ii) go ndearnadh an t-árachas nó an conradh sula raibh deireadh leis an tréimhse chónaithe leanúnach lasmuigh den Stát, agus

(iii) nach bhfuil aon ioncam ag teacht as aon urrús nó sealúchas in aon áit atá lasmuigh den Stát nó, i gcás ina bhfuil ioncam ag teacht mar sin, go bhfuil feidhm ag Riail (1) de na Rialacha atá i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 , maidir le cáin i leith an ioncaim sin a ríomh.

Ranníocaí agus sochair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh.

1959, Uimh. 42 .

10. —(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, agus aon achtachán ina dhiaidh sin ar féidir na hAchtanna sin a lua ina theannta.

(2) Is iad na sochair lena mbaineann an t-alt seo pinsean baintrí (ranníocach), liúntas (ranníocach) dílleachta agus pinsean sean-aoise (ranníocach) is iníoctha faoi na hAchtanna.

(3) Maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine faoi na hAchtanna mar ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach déanfar an méid sin de a bheidh íoctha aige i leith sochar lena mbaineann an t-alt seo a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh ioncaim, an duine sin don bhliain mheasúnachta a íocadh an ranníoc, agus, i gcás inar gá sin, urscaoilfear nó aisíocfar cáin dá réir sin, agus déanfar ioncam iomlán an duine sin don bhliain mheasúnachta sin a ríomh dá réir sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus ní thabharfar ná ní lamhálfar aon fhaoiseamh ná asbhaint faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna sin maidir le haon ranníoc ar féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar an méid a bheidh le hasbhaint nó le fritháireamh a áireamh mar mhéid a laghdaíonn ioncam tuillte go príomha;

(b) i gcás breis a bheith ag an méid iomlán a bheidh le hasbhaint as ioncam, nó le fritháireamh in aghaidh ioncaim, duine phósta a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis nó atá in aontíos lena fearchéile ar ioncam iomlán an duine sin, go measfar gurb é atá sa bhreis méid a fhéadfaí, faoi na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh ioncaim, bhanchéile nó fhearchéile an duine sin;

(c) maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine ar tharla dó dul faoi árachas chun críche pinsin seanaoise (ranníocach) tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú, nach ndéanfar aon asbhaint ná fritháireamh a lamháil i leith na coda de a íocadh i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(4) Measfar gur díolaíochtaí lena mbaineann Cuid II den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , íocaíochtaí sochar lena mbaineann an t-alt seo agus gur ioncam tuillte iad chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(5) Aon duine a mbeidh, de bhua aon fhoráil atá sna hAchtanna, asbhaint bainte as a luach saothair i leith aon ranníoca measfar, chun críocha an ailt seo (ach ní chun aon chríche eile), ranníoc is comhionann le méid na hasbhainte a bheith íoctha aige.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb í cuid d'aon ranníoc a íocadh i leith aon tsochair nó i leith na sochar uile lena mbaineann an t-alt seo an chuid sin de a chinnfidh an tAire Leasa Shóisialaigh.

Forcháin a asbhaint as díolaíochtaí.

1959, Uimh. 42 .

11. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 ;

tá le “díolaíochtaí”, “fostaí” agus “fostóir” na bríonna céanna atá leo i gCuid II den Acht;

ciallaíonn “an bhliain roimhe sin”, maidir le bliain mheasúnachta, an bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain sin.

(2) Ar é do thabhairt fógra i scríbhinn don chigire cánach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh thosach bliana measúnachta go mbeidh cáin ioncaim inasbhainte, faoi aon Riail de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E nó faoi alt 5 den Acht, as díolaíochtaí a íocfar leis an bhliain mheasúnachta, féadfaidh fostaí a ghlacadh de rogha go ndéanfar an fhorcháin a measadh a bheith iníoctha aige don bhliain roimhe sin a aisghabháil trína hasbhaint as na díolaíochtaí a íocfar leis an bhliain mheasúnachta i dteannta na cánach ioncaim is inasbhainte astu mar a dúradh.

(3) I gcás ina nglacfar de rogha faoin alt seo go ndéanfar forcháin a aisghabháil trína hasbhaint as díolaíochtaí a íocfar bliain mheasúnachta, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, faoi réir fho-alt (4) den alt seo:

(a) mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, ní dhéanfar measúnacht i leith forchánach don bhliain roimhe sin roimh dheireadh na bliana measúnachta,

(b) ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le haon rialacháin faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim faoina mbeidh cáin ioncaim le hasbhaint as na díolaíochtaí agus cuntas le tabhairt inti do na Coimisinéirí Ioncaim amhail is dá mba cháin ioncaim ab inasbhainte as na díolaíochtaí an fhorcháin,

(c) i gcás—

(i) ina mbeidh an cigire cánach agus an fostaí tar éis comhaontú i scríbhinn a dhéanamh i dtaobh méid na forchánach is iníoctha ag an bhfostaí don bhliain roimhe sin, agus

(ii) go mbeidh an tsuim aisghafa trí asbhaint as díolaíochtaí,

ní gá aon mheasúnú i leith forchánach a dhéanamh don bhliain roimhe sin agus beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 13 den Acht, maidir leis an mbliain roimhe sin, amhail is dá bhfágfaí ar lár mír (c) den fho-alt sin.

(4) Ní bheidh aon éifeacht ag rogha a ghlacfar faoin alt seo má thugann an cigire cánach fógra don fhostaí nach indéanta éifeacht a thabhairt dó.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, féadfaidh siad leis na rialacháin sin—

(a) an fhoirm a fhorordú ina ndéanfar an rogha agus an t-eolas a fhorordú a bheidh le tabhairt maidir leis;

(b) an teorainn ama a fhorordú le haghaidh an cigire cánach do thabhairt an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo;

(c) foráil a dhéanamh le haghaidh an cigire cánach do thabhairt meastachán ar an méid forchánach is iníoctha agus le haghaidh an meastachán sin a athbhreithniú má bhíonn an fostaí míshásta leis;

(d) foráil a dhéanamh le haghaidh cinneadh na gcionúireachtaí ina mbeidh an méid iomlán cánach a íocfaidh fostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim, is cáin a asbhainfear as díolaíochtaí a íocfar le fostaí aon bhliain measúnachta áirithe, le dáiliú i leith cánach ioncaim agus forchánach faoi seach agus le haghaidh aon iarmhéid cánach ioncaim nó forchánach a bheidh dlite ón bhfostaí ar fhoras an dáilithe sin a aisghabháil, trína asbhaint as díolaíochtaí a íocfar bliain níos déanaí nó ar shlí eile;

(e) aon fhorálacha atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim nó a rinneadh fúthu (fara modhnú nó gan modhnú) a fheidhmiú chun críocha an ailt seo nó na rialachán.

(6) Gach rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimh sin faoin rialachán.

Bronntanais le haghaidh uaigheanna agus cuimhneacháin.

1961, Uimh. 17 .

12. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Carthanais, 1961;

tá le “bronntanas” agus “bronntanas carthanúil” na bríonna céanna atá leo san Acht.

(2) Baineann an t-alt seo le gach bronntanas a rinneadh roimh an lú lá d'Iúil, 1961, agus, dá mba é an lá sin nó dá éis a rinneadh é, arb é a bheadh ann, de bhua alt 50 den Acht, bronntanas carthanúil a mhéid a fhoráiltear san alt sin.

(3) Maidir leis an mbliain 1961-62 agus blianta measúnachta ina dhiaidh sin, beidh éifeacht ag alt 37 den Income Tax Act, 1918, maidir le bronntanas lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá mba é an lú lá d'Iúil, 1961, nó dá éis a rinneadh an bronntanas.

Cumhacht chun a cheangal go dtabharfaí tuairisceán i dtaobh na mbunadh ioncaim agus na méideanna a fuarthas uathu.

1956, Uimh. 22 .

1929, Uimh. 32 .

13. —(1) Déanfaidh gach pearsa, nuair a éileofar sin air trí fhógra a thabharfaidh cigire cánach dó maidir le haon bhliain mheasúnachta, tuairisceán fíor cruinn san fhoirm fhorordaithe maidir leis na nithe seo a leanas a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den tréimhse a theorainneofar leis an bhfógra—

(a) bunaidh uile a ioncaim don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar maidir léi a bheidh an fógra tugtha;

(b) méid an ioncaim ó gach bunadh don bhliain roimhe sin arna ríomh de réir fho-alt (2) den alt seo;

(c) cibé sonraí eile chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain roimhe sin nó don bhliain mheasúnachta a éileofar leis an bhfógra nó a iarrfar leis an bhfoirm fhorordaithe.

(2) Déanfar méid an ioncaim ó aon bhunadh a bheidh le háireamh i dtuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim ach amháin go ndéanfar an ríomh i ngach cás faoi threoir na bliana roimhe sin:

Ar choinníoll—

(a) i gcás ús den sórt dá dtagraítear in alt 3 den Acht Airgeadais, 1956 , go ndéanfar an ríomh gan aird ar an alt sin;

(b) go ndéanfar, i gcás brabúis nó gnóchan bliana dar chríoch dáta sa bhliain roimhe sin a bheith le háireamh, faoi alt 15 den Acht Airgid, 1929 , mar bhrabúis nó gnóchan na bliana roimhe sin, an ríomh faoi threoir na bliana sin dar chríoch dáta sa bhliain roimhe sin.

(3) Féadfaidh cigire cánach gan fógra sonrach a thabhairt de bhun teagasc faoi alt 99 den Income Tax Act, 1918, in aon chás ina mbeidh fógra tugtha aige, nó ina mbeartóidh sé fógra a thabhairt, faoin alt seo.

(4) Cuirfear tuairisceáin faoin alt seo ar fáil do na Coimisinéirí Speisialta le haghaidh measúnachtaí i leith forchánach a ullmhú agus a dhéanamh, agus beidh éifeacht ag fo-alt (5) d'alt 7 den Income Tax Act, 1918, amhail agus dá bhfolódh tagairtí ann do thuairisceán faoin alt sin 7 tagairtí do thuairisceán faoin alt seo.

(5) Má sheachadann duine d'aon chigire cánach tuairisceán i bhfoirm fhorordaithe, measfar gur éilíodh air trí fhógra faoin alt seo an tuairisceán sin a ullmhú agus a sheachadadh, agus measfar go ndeachaigh an t-am a bhí teorannaithe chun an tuairisceán sin a sheachadadh in éag ar dháta a sheachadta don chigire.

(6) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 107 den Income Tax Act, 1918, maidir le tuairisceán a éileofar faoin alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le liosta, dearbhú nó ráiteas arna éileamh trí fhógra dá dtagraítear san fho-alt sin (1).

(7) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú de bhua fho-alt (6) den alt seo—

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire cánach á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu gur tugadh go cuí don chosantóir fógra sonraithe lá sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sin sa ghnáth-chúrsa,

(b) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire cánach á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir tuairisceán sonraithe i rith tréimhse sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearna an cosantóir an tuairisceán sin a sheachadadh i rith na tréimhse sin,

(c) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo agus á airbheartú é a bheith sínithe ag cigire cánach a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é an cigire sin a shínigh é.

(8) San alt seo ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus, nuair a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim ag forordú foirmeacha chun críocha an ailt seo, tabharfaidh siad aird ar a inmhianaithe atá sé a áirithiú, a mhéid is féidir, nach n-éileofar ar aon phearsa níos mó ná aon tuairisceán amháin sa bhliain a thabhairt ar bhunaidh a ioncaim agus na méideanna a fuarthas uathu.

CUID II.

Custaim agus Mál.

Tobac.

1934, Uimh. 31 .

1960, Uimh. 19 .

1932, Uimh. 20 .

1940, Uimh. 14 .

14. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht Airgid, 1934 ;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Airgeadais, 1960 .

(2) Déanfar an dleacht chustam ar tobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 20ú lá d'Aibreán, 1961, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhua alt 19 d'Acht 1960.

(3) Déanfar an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 19 d'Acht 1934 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1961, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhua alt 19 d'Acht 1960.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 19 d'Acht 1934 maidir le tobac ar ar inmhuirir an dleacht mháil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt sin de réir ráta a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus chun críocha na feidhme sin forléireofar an tagairt san fho-alt sin (3) don Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1934 agus beidh éifeacht aici mar thagairt do Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(5) An lacáiste ar thobac crua-fháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , is de réir trí scilling déag agus ceithre phingin an punt a íocfar é maidir le haon tobac den sórt sin a dhéanfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe a dhíol agus a chur amach, lena úsáid sa Stát, an 20ú lá d'Aibreán, 1961, nó dá éis.

Dleacht siamsa—tuath-limistéir.

1954, Uimh. 22 .

15. —Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1954 , amhail is dá gcuirfí “sé bliana” in ionad “ceithre bliana”.

Mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach gan dleacht mhótar-fheithicle a íoc.

16. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach gan dleacht mhótar-fheithicle a íoc, i cibé cúinsí agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar sna rialacháin.

(2) Má sháraíonn duine, trí ghníomh nó trí neamhghníomh, aon choinníoll faoi rialachán faoin alt seo, beidh an duine sin, gan dochar d'aon phionós eile a bheidh sé faoi dhliteanas a chur air, ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós a chur air is ionann agus trí oiread luach na mótar-fheithicle, lena n-áirítear an dleacht is iníoctha ar an mótar-fheithicil, nó céad punt, de réir rogha na gCoimisinéirí Ioncaim; agus dlífear an mhótar-fheithicil a fhorghéilleadh agus féadfar an ciontóir a choinneáil nó féadfar imeachtaí a bhunú ina aghaidh trí thoghairm.

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú.

1952 Uimh. 24.

17. —(1) Déantar leis seo an fhomhír seo a leanas a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i ndiaidh fhomhír (i):

“ (iA) i gcás feithicil lena mbaineann mír 4A nó fomhír (cc) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, go n-úsáidtear í i riocht nó ar shlí nó chun críche a thabharfadh, dá gcruthófaí an tráth a tógadh amach an ceadúnas gur úsáideadh í sa riocht nó sa tslí sin nó chun na críche sin, go mba inchurtha faoi dhleacht í de réir ráta níos airde ná an ráta ar dá réir a íocadh dleacht, nó”.

(2) Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i ndiaidh mhír 4:

“4A. Feithiclí (ar a dtugtar dumpairí de ghnáth) nach mó toilleadh ná 4 shlat chiúbach, ualaithe go cothrom, agus atá deartha agus déanta le húsáid ar láithreáin oibreacha foirgníochta (lena n-áirítear déanamh bóthar agus oibreacha tí agus tógála eile) le haghaidh coincréit, screallach, cré nó ábhar eile den sórt sin a iompar i gcás ina ndéanfaidh an duine a thógfaidh amach an ceadúnas a chruthú don údarás ceadúnúcháin gur ar láithreáin den sórt sin a úsáidtear, go formhór, an fheithicil, agus nach n-úsáidtear ar bhóithre poiblí í ach amháin—

(a) chun dul go dtí an láithreán agus teacht ón láithreán ar a n-úsáidfear í, agus, ag dul agus ag teacht amhlaidh di, gan aon ualach a bheith á iompar ná á tharraingt aici seachas ualach is gá le haghaidh a tiomána nó a trealmhaithe,

(b) chun coincréit, screallach, cré nó ábhar eile den sórt sin a iompar ar feadh leathmhíle ar a mhéid chun aon láithreáin den sórt sin agus uaidh—

(i) nach mó toilleadh ná 1 slat chiúbach, ualaithe go cothrom     ..     ..     ..

£5

(ii) is mó toilleadh ná 1 slat chiúbach ach nach mó toilleadh ná 2 shlat chiúbach, ualaithe go cothrom     ..     ..     ..

£10

(iii) is mó toilleadh ná 2 shlat chiúbach ach nach mó toilleadh ná 3 shlat chiúbach, ualaithe go cothrom     ..     ..     ..

£15

(iv) is mó toilleadh ná 3 shlat chiúbach, ualaithe go cothrom     ..     ..     ..

£20 ”.

(3) Déantar leis seo an fhomhír seo a leanas a chur isteach i mír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i ndiaidh mhír (c):

“(cc) feithiclí (ar a dtugtar trucailí forc-chrochta) atá deartha agus déanta chun earraí a luchtú agus dhíluchtú i gcás ina gcruthóidh an duine a thógfaidh amach an ceadúnas don údarás ceadúnúcháin nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach amháin—

(i) chun dul go dtí an láithreán agus teacht ón láithreán ar a n-úsáidfear í le haghaidh luchtaithe agus díluchtaithe, agus, ag dul agus teacht amhlaidh di, gan aon ualach a bheith á iompar ná á tharraingt aici seachas ualach is gá le haghaidh a tiomána nó a trealmhaithe,

(ii) mar chuid den phróis luchtaithe nó díluchtaithe, chun earraí a iompar ar feadh leathmhíle ar a mhéid go dtí an láithreán agus ón láithreán ar a luchtóidh nó a dhíluchtóidh sí—

nach bhfuil thar 8 n-eachchumhacht nó a thiomáintear le

leictreachas

     ..    £8

atá thar 8 n-eachchumhacht     ..

£1 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta”.

(4) Má ritear an tAcht seo an lú lá d'Iúil, 1961, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-ailt (1) go (3) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar iad a theacht i ngníomh an lá sin.

(5) Tabharfar aird ar na forálacha roimhe seo den Acht seo agus na haisíocaíochtaí iomchuí á ndéanamh agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Alt 4 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú.

1952, Uimh. 24 .

1933, Uimh. 11 .

18. —Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ag gach duine a thógfaidh amach ceadúnas tiomána faoi aon Acht a aisghaireann agus a athachtaíonn fara modhnuithe an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , dleacht mháil mar a leanas—

(a) punt más bliain tréimhse an cheadúnais, agus

(b) punt in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais más dhá bhliain nó níos mó an tréimhse sin,

ach má thugtar suas an ceadúnas faoi fhorálacha an Achta, nó faoi fhorálacha arna ndéanamh faoin Acht, ar faoi a tógadh amach é, féadfar aisíoc i leith na dleachta a íocadh a dhéanamh i cibé cúinsí, a mhéid agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin.”.

Rátaí dleachtanna custam ar earraí áirithe.

1919, c.32.

19. —(1) Féadfaidh an Rialtas, maidir leis na hearraí uile a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur de shaghas iad a raibh feidhm maidir leo, tráth ar bith, ag na rátaí dleachtanna custam dá dtagraítear in alt 8 den Finance Act, 1919, agus a mbeidh na rátaí sin tar éis scor d'fheidhm a bheith acu maidir leo, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, a údarú do na Coimisinéirí Ioncaim a n-allmhairiú a cheadú ar na dleachtanna custam a íoc is innmhuirir orthu de réir na rátaí ag a mbeadh feidhm dá mbeadh feidhm ag na rátaí dá dtagraítear san alt sin 8 maidir le hearraí den saghas sin.

(2) Féadfaidh an Rialtas údarás faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú agus féadfaidh an t-údarás sin baint a bheith aige leis na hearraí uile den saghas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó d'aon chineál nó cineálacha díobh sin a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Rialtas.

Orduithe a dhaingniú.

I.R. Uimh. 77 de 1961.

I.R. Uimh. 78 de 1961.

20. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 104) (Dleachtanna Custam Ilghnéitheacha), 1961, agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 105) (Mótar-Fheithiclí), 1961.

CUID III.

Dleachtanna Báis.

Diúscairt.

21. —Sa Chuid seo den Acht seo folaíonn “diúscairt” aon iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht, cibé acu ar le hidirbheart amháin nó le sraith idirbhearta a rinneadh an céanna.

Rátaí dleacht eastáit a athrú.

1960, Uimh. 19 .

22. —I gcás daoine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith, is é an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh, agus is aige a bheidh éifeacht, mar scála rátaí dleacht eastáit in ionad an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1960 .

Díolúine i gcás bronntanas don Stát.

23. —(1) Chun críocha dleacht eastáit agus faoi réir fhorálacha an ailt seo—

(a) ní dhéanfar maoin is ábhar bronntanais don Stát a ghlacfaidh éifeacht seilbhe le linn beo an deontóra nó ar a bhás a áireamh ar an maoin a aistreoidh nó a mheasfar a aistreoidh ar é d'fháil bháis más tar éis dáta an Achta seo a rith a tharlóidh an bás,

(b) ní dhéanfar maoin is ábhar bronntanais don Stát atá teorannaithe chun éifeacht seilbhe a ghlacadh ar bhás seachas bás an deontóra a áireamh ar an maoin a aistreoidh nó a mheasfar a aistreoidh ar an mbás ar a nglacfaidh an bronntanas éifeacht seilbhe más tar éis dáta an Achta seo a rith a tharlóidh an bás sin.

(2) Beidh feidhm ag díolúine a dheonófar le fo-alt (1) den alt seo an fad (agus amháin an fad) a leanfaidh an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas faoi théarmaí an bhronntanais de bheith ar teachtadh go heisiatach le haghaidh úsáid agus sealúchas nó sochar an phobail, ach má bhíonn an díolúine sin i ngníomh le deich mbliana ar a laghad, ní chomhshuimeofar an mhaoin sin d'fhonn an ráta dleacht eastáit is iníoctha ar an mbás a chinneadh agus, mura mbeidh sí díolmhaithe faoi Acht éigin eile, beidh sí inmhuirir de réir an ráta is iomchuí i gcás luach príomhshuim na maoine lena gcomhshuimeofaí í dá mba nár mhaoin í lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo.

(3) Aon dleacht a thiocfaidh chun bheith iníoctha i gcás maoin a bheidh ar áireamh i mbronntanas don Stát de bhíthin deireadh a bheith le díolúine faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sí ina muirear ar an maoin agus tabharfar cuntas inti agus íocfar í ag na hiontaobhaithe ina mbeidh an mhaoin dílsithe an dáta a scoirfidh an díolúine d'éifeacht a bheith aici agus ag an duine nó na daoine a bheidh i dteideal tairbhiúil na maoine as sin amach, agus beidh ús ar an dleacht iníoctha ón dáta sin.

(4) Sna fo-ailt roimhe seo den alt seo ciallaíonn “bronntanas don Stát” bronntanas (seachas tiomnacht eastáit iarmharaigh nó scair de sin) ar bronntanas é le haghaidh úsáid nó sochar an phobail agus a ndeimhneoidh an tAire gur bronntanas don Stát é chun críocha an ailt seo.

Bronntanais inter vivos agus maoin a aistreoidh mar gheall ar leas saoil a dhiúscairt nó mar gheall ar é foirceannadh.

1894, c.30.

1910, c.8.

1941, Uimh. 14 .

24. —(1) Maidir le maoin a ghlacfar faoi dhiúscairt a airbheartóidh oibriú mar bhronntanas láithreach inter vivos agus a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith ag duine laistigh de thrí bliana dá bhás agus a mheasfar a bheith ar áireamh sa mhaoin a aistreoidh ar a bhás chun críocha dleacht eastáit, beidh éifeacht ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 7 den Finance Act, 1894, agus ag fo-alt (2) d'alt 60 den Finance (1909-10) Act, 1910, ach “at the date of the gift” a chur in ionad “at the time of the death of the deceased” nó “at the date of the death of the deceased” (de réir mar a bheidh).

(2) I gcás ina measfar, de bhua fho-alt (1) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 , maoin d'aistriú, go hiomlán nó réim áirithe nó réim teoranta, ar bhás duine mar gheall ar leas, a bhí teorannaithe chun scor ar a bhás a bheith, d'éis dáta an Achta seo a rith, arna dhiúscairt nó tar éis foirceannadh, is í an mhaoin a mheasfar amhlaidh d'aistriú an mhaoin ina raibh an leas a bhí teorannaithe amhlaidh chun scor ar marthain ar dháta an diúscartha nó an fhoirceannta agus, maidir leis an maoin sin, beidh éifeacht ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 7 den Finance Act, 1894, agus ag fo-alt (2) d'alt 60 den Finance (1909-10) Act, 1910, ach “at the date of the disposition or determination” a chur in ionad “at the time of the death of the deceased” nó “at the date of the death of the deceased” (de réir mar a bheidh).

(3) I gcás—

(a) ina mbeidh duine, d'éis dáta an Achta seo a rith, tar éis diúscairt a dhéanamh ar mhaoin a airbheartóidh oibriú mar bhronntanas láithreach inter vivos,

(b) go ndearnadh an diúscairt laistigh de thrí bliana dá bhás ach nár bhronntanas é chun críocha poiblí nó críocha carthanúla a rinneadh dhá mhí dhéag nó níos mó roimh a bhás,

(c) nach i gcomaoin pósta a rinneadh an diúscairt,

(d) an duine sin, tar éis dáta an diúscartha, a bheith, mar gheall ar idirbheart nó sraith idirbhearta a rinneadh ar chomaoin luachmhar in airgead nó i luach airgid, tar éis leas a fháil sa mhaoin sin nó cumhacht cheapacháin a fháil uirthi nó a chur faoi deara í a bheith ina hábhar do dhiúscairt eile, agus

(e) go n-aistreoidh, nó go measfar go n-aistreoidh, an mhaoin ar a bhás de dhroim an idirbhirt nó na n-idirbhearta,

ansin, maidir le suim airgid comhionann leis an gcomaoin nó na comaoineacha a thug an t-éagach san idirbheart nó sna hidirbhearta nó a cuireadh ar fáil as aon mhaoin, nó trí aon mhaoin, a raibh sé inniúil í a dhiúscairt measfar chun críocha dleacht eastáit gur maoin í a glacadh faoi dhiúscairt a rinne an t-éagach laistigh de thrí bliana dá bhás a airbheartaigh oibriú mar bhronntanas inter vivos don duine ar ina fhabhar nó chun na gcríocha ar ina bhfabhar a rinneadh an diúscairt dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, agus, maidir le haon suim den sórt sin, measfar, chun críocha comhshuimithe, gur maoin í a raibh leas ag an éagach inti agus ní bheidh aon fheidhm ina leith ag alt 3 den Finance Act, 1894, ná ag fo-alt (10) d'alt 7 den Acht sin.

(4) I gcás ina mbeidh, de bhua an ailt seo, maoin le luacháil le haghaidh dleacht eastáit ar dháta seachas dáta báis an éagaigh, ní bheidh feidhm i leith na maoine ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 60 den Finance (1909-10) Act, 1910.

Dleacht a bhailiú ó iontaobhaithe tar éis leas saoil a dhiúscairt nó tar éis dó foir-ceannadh.

1941, Uimh. 14 .

25. —(1) I gcás leas a bhí teorannaithe chun scor ar bhás duine (de réir bhrí alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 ) a bheith arna dhiúscairt nó tar éis foirceannadh go hiomlán nó go páirteach tar éis é a theacht chun bheith ina leas i seilbh, ansin, cibé cineál maoine ina raibh an leas, beidh na daoine seo a leanas freagrach in aon dleacht eastáit is iníoctha ar an mbás de bhua an ailt sin (i dteannta aon daoine a bheidh freagrach inti ar leith ón bhfo-alt seo):

(a) má bhíonn an tsocraíocht ar fúithi a bhí an leas ar marthain ag an mbás, iontaobhaithe na socraíochta sin de thuras na huaire, agus

(b) murab ann di, na daoine arbh iad iontaobhaithe deiridh na socraíochta sin iad.

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin maidir le básanna a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, cibé acu a dhiúscrófar nó nach ndiúscrófar nó cibé acu a fhoirceannfaidh nó nach bhfoirceannfaidh an leas iomchuí tar éis an dáta sin, i slí, áfach, nach mbeidh aon duine de bhua an fho-ailt sin freagrach mar iontaobhaí aon socraíochta in aon dleacht ach amháin an oiread agus a bhainfidh leis an maoin a bheidh ar áireamh sa tsocraíocht tar éis dáta an Achta seo a rith.

Díolúine i gcás nach mó ná £5,000 an glanluach.

26. —(1) Mura mó ná cúig mhíle punt glanluach na maoine, réadach agus pearsanta, a aistreoidh ar bhás an éagaigh, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh dleachtanna leagáide agus comharbais iníoctha faoi uacht nó díthiomnacht an éagaigh i leith na maoine sin.

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith.

Forálacha ag a mbeidh feidhm i gcás ina mbeidh éifeacht ag alt 33 den Wills Act, 1837.

1837, c.26.

27. —Chun críocha dleacht eastáit ní mheasfar maoin d'aistriú, ná a bheith tar éis aistriú, ar bhás duine ar an ábhar, ar bhás níos déanaí tarlú tar éis dáta an Achta seo a rith, go nglacfaidh diúscairt tiomnach ar an maoin sin éifeacht, faoi alt 33 den Wills Act, 1837, nó ar shlí eile, amhail is dá mbeadh an duine sin, nó aon duine eile, ar marthain tar éis an tiomnóra.

(2) I gcás—

(a) duine d'fháil bháis roimh thiomnóir, agus

(b) gur tar éis dáta an Achta seo a rith a gheobhaidh an tiomnóir bás,

ní áireofar an duine sin chun críocha dleacht leagáide nó dleacht chomharbais mar dhuine a fuair leagáid nó a tháinig chun bheith i dteideal comharbais i maoin a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh le huacht an tiomnóra.

(3) I gcás—

(a) duine do mharthain tar éis tiomnóra,

(b) gur tar éis dáta an Achta seo a rith a gheobhaidh an tiomnóir bás,

(c) go dtiocfaidh an duine sin chun bheith, trí chineachadh ó dhuine, nó faoi dhiúscairt arna dhéanamh ag duine, a fuair bás roimh an tiomnóir, i dteideal aon leas i maoin nó chun an ioncaim ó mhaoin, is maoin a réadthiomnaigh nó a thiomnaigh an tiomnóir, agus

(d) go mbeidh éifeacht ag alt 33 den Wills Act, 1837, maidir leis an réadtiomnú nó leis an tiomnú.

áireofar chun críocha dleacht leagáide agus dleacht chomharbais go bhfuair an duine sin an leas nó an t-ioncam ón tiomnóir, ach ní rachaidh méid aon dleacht leagáide ná dleacht chomharbais a thiocfaidh chun bheith iníoctha de bhua an fho-ailt seo thar an méid ab iníoctha dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

Maoin áirithe a eisceadh ó aistriú ar bhás.

1894, c.30.

1941, Uimh. 14 .

28. —(1) Ní dhéanfar maoin a ghlacfar faoi bhronntanas, cibé acu trí shocraíocht nó ar shlí eile, a thabharfaidh aon duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith a áireamh ar an maoin a mheasfar a aistreoidh ar a bhás faoi fhorálacha mhír (c) nó mhír (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, de bhíthin amháin go raibh leas sa mhaoin go ceann saoil nó go ceann aon tréimhse eile ab infhoirceannta faoi threoir báis ar forcoimeád don deontóir nó nach ndearna na deontaí seilbh agus sealúchas bona fide na maoine a ghlacadh láithreach nuair a tugadh an bronntanas agus a choimeád uaidh sin amach ar chuma go raibh an deontóir nó aon sochar dó trí chonradh nó ar shlí eile eisiata ar fad.

(2) Aon leas nó sochar a bheidh ar forcoimeád don deontóir nó urraithe dó i ndáil le diúscairt lena mbainfidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) murar muirearaíodh é ar an maoin nó murar eisigh sé as an maoin a bhí ar áireamh sa diúscairt measfar, dá ainneoin sin, chun críocha dleacht eastáit gur leas é sa mhaoin sin,

(b) má bhí sé, maidir lena mhéid, a íoc nó a sholáthar, faoi réir rogha a bhí dílsithe in aon duine nó daoine, measfar, dá ainneoin sin, chun críocha dleacht eastáit gur leas é sa mhaoin sin is comhionann ina luach bliantúil leis an tríú cuid de chomhshuim na leas nó na sochar uile sin a fuair, a shealbhaigh nó a dhiúscair an deontóir, go hiarbhír, i gcaitheamh na trí bliana díreach roimh a bhás,

agus, maidir le maoin a raibh, nó a meastar leis an bhfo-alt seo go raibh, aon leas nó sochar den sórt sin inti, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ach “holder of an office, or” a scriosadh.

(3) Ní mheasfar maoin a bheith ar áireamh sa mhaoin a aistreoidh ar bhás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith de bhua fho-alt (1) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 , de bhíthin amháin nach ndearnadh seilbh agus sealúchas bona fide na maoine a ghlacadh, díreach tar éis diúscairt nó foirceannadh an leasa a bhí teorannaithe chun scor ar an mbás, ag an duine a tháinig chun bheith ina theideal sin de bhua nó d'aithle na diúscartha nó an fhoirceannta agus nár coimeádadh an seilbh agus an sealúchas sin uaidh sin amach ar chuma go raibh an duine ag a raibh an leas, agus go raibh aon leas dó trí chonradh nó ar shlí eile, eisiata ar fad.

(4) Más rud é, maidir le haon diúscairt nó foirceannadh den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 , go ndearnadh aon leas nó sochar a fhorcoimeád ag an duine, nó a urrú don duine, ar diúscraíodh nó ar fhoirceann a leas, is duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh an leas nó an sochar faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) murar muirearaíodh é ar an maoin, nó murar eisigh sé as an maoin, ina raibh an leas a diúscraíodh nó a d'fhoirceann, measfar, dá ainneoin sin, chun críocha dleacht eastáit gur leas é sa mhaoin sin,

(b) má bhí sé, maidir lena mhéid, a íoc nó a sholáthar, faoi réir rogha a bhí dílsithe in aon duine nó daoine, measfar, dá ainneoin sin, chun críocha dleacht eastáit gur leas é sa mhaoin sin is comhionann ina luach bliantúil leis an tríú cuid de chomhshuim na leas nó na sochar uile sin a fuair, a shealbhaigh nó a dhiúscair an duine, go hiarbhír, ar diúscraíodh nó ar fhoirceann a leas i rith na dtrí bliana díreach roimh an mbás a raibh an leas a diúscraíodh nó a d'fhoirceann teorannaithe chun scor nuair a tharlódh sé,

agus, maidir le maoin a raibh, nó a meastar leis an bhfo-alt seo go raibh, aon leas nó sochar den sórt sin inti, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ach “holder of an office, or” a scriosadh.

CUID IV.

Dleachtanna Stampa.

Deireadh le dleacht stampa ar admhálacha.

1891, c.39.

1957, Uimh. 20 .

29. —(1) An dleacht stampa a mhuirearaítear leis an Stamp Act, 1891, faoin mírcheann “Receipt given for, or upon the payment of, money amounting to £2 or upwards” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin scoirfidh sí de bheith inmhuirir.

(2) Aon chomhaontú faoi alt 24 den Acht Airgeadais, 1957 , a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo ní bheidh feidhm aige maidir le hadmhálacha a eiseofar tar éis an tosach feidhme sin.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1961, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí.

Teorainn le dleacht ar ionstraimí áirithe a thabharfar i modh urrúis.

30. —(1) Ní mó ná deich scillinge an méid iomlán dleachta is iníochta faoi réir nó faoi threoir an mhírchinn “Mortgage, Bond, Debenture, Covenant and Warrant of Attorney” atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, nó ar aon ionstraim a thabharfar i modh urrúis do chuideachta ag fo-chuideachta don chuideachta sin.

(2) Chun críocha an ailt seo is fo-chuideachta do chuideachta eile cuideachta más rud é, agus amháin más rud é, go bhfuil nócha faoin gcéad ar a laghad dá scair-chaipiteal eisithe ar úineireacht thairbhiúil ag an gcuideachta eile.

(3) Aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus a mbeidh méid dleachta stampáilte uirthi is lú ná an méid ab inmhuirir mura mbeadh an t-alt seo, ní mheasfar í a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim ina thaobh sin a chur in iúl de réir alt 12 den Stamp Act, 1891, agus go mbeidh an ionstraim stampáilte le stampa áirithe a thaispeánfaidh go bhfuil sí stampáilte go cuí.

Dleacht stampa ar bhillí malairte agus ar nótaí gealltanais.

1958, Uimh. 25 .

1936, Uimh. 31 .

31. —(1) Cuirfear an mírcheann seo a leanas isteach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, in ionad na mírchinn atá ann i dtaobh billí malairte agus nótaí gealltanais:

“BILL OF EXCHANGE or PROMISSORY NOTE—

£

s.

d.

drawn in the State

 

 

drawn outside the State

 

 

2 ”

(2) Féadfar an dleacht ar bhille malairte nó ar nóta gealltanais faoin bhfo-alt sin roimhe seo a thaispeáint le stampa greamaitheach a chealófar, más sa Stát a tarraingíodh an bille, ag an duine a shíneoidh an bille nó an nóta sula dtugaidh sé as a láimh, a choimeád nó a chumhacht é.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 38 den Stamp Act, 1891, maidir le gach bille malairte a thíolacfar chun a íoctha agus gan é a bheith stampáilte nó gan é a bheith stampáilte go dóthaineach faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear in ionad na tagairte do phingin tagairt don méid is iomchuí chun go bhféadfar an bille a stampáil leis an dleacht faoi fho-alt (1) den alt seo nó iarmhéid na dleachta sin (de réir mar a bheidh).

(4) I bhfo-alt (1) d'alt 57 den Acht Airgeadais, 1958 , léifear an tagairt don mhírcheann “Bill of Exchange payable on demand” amhail is dá mba thagairt í don mhírcheann atá i bhfo-alt (1) den alt seo.

(5) Féadfar dleacht faoi fho-alt (1) den alt seo a thaispeáint le stampaí neamhleithreasaithe.

(6) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir le—

(a) billí agus nótaí arna dtarraingt an lú lá de Lúnasa, 1961, nó dá éis sin, nó dáta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí,

(b) billí agus nótaí arna dtarraingt lasmuigh den Stát roimh an dáta sin ach a thiocfaidh chun bheith inmhuirir i dtosach, de réir alt 35 den Stamp Act, 1891, an dáta sin nó dá éis,

agus, chun go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta sin an soláthar stampaí a chríochnú a leithreasaíodh chun dleacht ar bhillí malairte agus nótaí gealltanais a thaispeáint, féadfar, i gcás dleacht ad valorem de réir na rátaí a bhí i bhfeidhm roimh an dáta a dúradh ar bhille malairte nó ar nóta gealltanais a ndéanfar, de bhua an ailt sin 35 nó alt 25 den Acht Airgid, 1936 , é a stampáil an dáta sin nó dá éis, an dleacht sin a thaispeáint le stampaí neamhleithreasaithe arb éard a bheidh iontu, d'ainneoin aon ní sa Stamp Act, 1891, stampaí múnlaithe.

(7) Aon bhille malairte nó nóta gealltanais arna tharraingt roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1961, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí, agus a bheidh stampáilte le stampa múnlaithe a mbeidh leor-mhéid ann ach ar d'ainmluach mírcheart é, measfar é a bheith stampáilte go cuí.

Feidhm alt 42 den Finance Act, 1920, a leathnú.

1920, c. 18.

32. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “stoc” aon stoc nó urrús arna eisiúint nó arna dhéanamh ag comhlacht nó thar ceann comhlachta a corpraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, agus a luaitear ar Stocmhargadh sa Stát;

ciallaíonn “cuideachta déileála” comhlacht corpraithe atá aitheanta de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais mar chuideachta atá ag déileáil i stoic chun gníomhaíocht sa mhargadh le haghaidh stoc a urasú.

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais aitheantas a thug an tAire sin do chomhlacht corpraithe chun críocha an ailt seo a tharraingt siar tráth ar bith.

(2) I gcás ina gceannóidh cuideachta déileála stoc trí chomhalta de Stocmhargadh sa Stát agus go ndéanfar an ceannach i gcúrsa déileála chun gníomhaíocht sa mhargadh le haghaidh stoc a urasú, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 42 den Finance Act, 1920, maidir leis an aistriú iomchuí ach “four months” a chur in ionad “two months” i mír (a) agus i mír (b) d'fho-alt (2), agus chuige sin—

(i) cuirfear tagairt don chuideachta déileála in ionad gach tagartha sna fo-ailt do dhéileálaí, agus

(ii) cuirfear tagairt d'idirbheart a rinne an chuideachta déileála chun gníomhaíocht sa mhargadh le haghaidh stoc a urasú in ionad na tagartha atá sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'idirbheart ag an déileálaí i ngnáth-chúrsa a ghnó mar dhéileálaí,

Alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , a leasú.

1947, Uimh. 33 .

1950, Uimh. 16 .

1891, c.39.

1851, c. 93.

1949, Uimh. 3 .

33. —(1) San alt seo ciallaíonn “alt 1947” alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 1947:

“(4) Beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den alt seo más rud é agus amháin más rud é—

(a) go mbeidh an tAire Airgeadais, ar mholadh (is ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 ) aon bheirt Choimisinéirí Tuata de Choimisiún na Talún, tar éis a n-iarratas maidir leis an tíolacas nó an t-aistriú a údarú, nó

(b) go mbeidh san ionstraim ráiteas ón duine a mbeidh an mhaoin á tíolacadh dó nó á haistriú chuige á dheimhniú—

(i) gur maoin i gcontae-bhuirg, buirg, ceantar uirbeach nó baile an mhaoin, nó

(ii) gur maoin atá á fáil le haghaidh cónaí príobháideach an mhaoin agus nach bhfuil níos mó ná cúig acra talún ar áireamh inti, nó

(iii) gur saoránach Éireannach nó duine (seachas comhlacht corpraithe) ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát de thuras na huaire agus ar a raibh gnáth-chónaí sa Stát go leanúnach ar feadh na dtrí bliana díreach roimh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, an duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, gach duine acu), nó

(c) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim—

(i) gurb éard í an mhaoin maoin atá á fáil go heisiatach le haghaidh tionscail seachas talmhaíocht, nó

(ii) go bhfuil an mhaoin á fáil ag comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát i gcás níos mó ná leath (de réir luacha ainmniúil) na scaireanna de gach saghas a eisíodh a bheith ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) den fho-alt seo, nó

(iii) go bhfuil an mhaoin á fáil ag comhlacht corpraithe nach bhfuil scair-chaipiteal aige agus a corpraíodh sa Stát i gcás an tromlach dá chomhaltaí a bheith comhdhéanta de dhaoine a bhfuil gach duine acu faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) den fho-alt seo agus an tromlach de na daoine a fheidhmíonn rialú agus bainistí an chomhlachta chorpraithe a bheith comhdhéanta mar a dúradh, nó

(iv) go bhfuil an mhaoin á fáil ag comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát i gcás níos mó ná leath (de réir luacha ainmniúil) na scaireanna de gach saghas a eisíodh a bheith ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) den fho-alt seo nó gur comhlacht corpraithe é mar a thuairiscítear i bhfomhír (iii) de mhír (b) den fho-alt seo nó gur comhlacht corpraithe é mar a thuairiscítear i bhfomhír (ii) nó i bhfomhír (iii) den mhír seo.”

(3) Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (7) d'alt 1947:

“(a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le gach tíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán cibé acu ar a ndíol é nó i gcás ina n-oibreoidh sé mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, mura rud é—

(i) go mbeidh údarás ann faoi mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo maidir leis an tíolacadh nó an t-aistriú, nó

(ii) go mbeidh an mhaoin faoi réir cheann de na tuairiscí atá leagtha amach i bhfomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b) agus i bhfomhír (i) de mhír (c) den fho-alt sin, nó

(iii) go mbeidh an duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, gach duine acu) faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) nó gur comhlacht corpraithe é den sórt a thuairiscítear i bhfomhír (ii), (iii) nó (iv) de mhír (c) den fho-alt sin.”

(4) I gcás nach mbeidh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 1947 mar gheall ar an gcás a bheith faoi réim mhír (a) nó mhír (c) d'fho-alt (4) den alt sin, ní mheasfar an ionstraim iomchuí a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim air sin a lua de réir alt 12 den Stamp Act, 1891, agus go mbeidh an ionstraim stampáilte le stampa áirithe á chur in iúl go bhfuil sí stampáilte go cuí.

(5) I gcás ina mainneoidh duine a thaispeáint chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil idirbheart faoi réim fhomhír (ii), (iii) nó (iv) de mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 1947, beidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte i gcoinne cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim.

(6) I gcás tíolacadh nó aistriú maoine nach raibh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 1947 maidir leis mar gheall ar an gcás a bheith faoi réir fhomhír (i) de mhír (c) d'fho-alt (4) den alt sin agus gur choinnigh an duine chun ar tíolacadh nó chun ar aistríodh í an mhaoin ach nár úsáideadh í le haghaidh tionscail seachas talmhaíocht laistigh de thrí bliana ó dháta na hionstraime iomchuí—

(a) tiocfaidh an ionstraim sin láithreach, d'ainneoin í a bheith stampáilte cheana féin agus cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a stampáil le stampa áirithe á chur in iúl go bhfuil sí stampáilte go cuí, chun dleacht stampa a bheith inmhuirir uirthi arís.

(b) beidh an dleacht sin inmhuirir de réir cúig phunt is fiche faoin gcéad ar mhéid nó luach na comaoine, agus tabharfar lámháltas cuí sa mhéid den dleacht stampa a bheidh íoctha cheana féin,

(c) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an ionstraim a theacht arís chun dleacht stampa a bheith inmhuirir uirthi, nach mbeidh sí stampáilte de réir na míre sin roimhe seo, beidh suim is comhionann le dhá oiread na dleachta a bheidh gan íoc dlite air sin mar fhiach don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste ón duine sin.

(7) (a) Chun críocha mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 1947, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a éileamh go seachadfar dóibh dearbhuithe reachtúla i cibé foirm a ordóidh siad agus cibé fianaise bhreise, más aon fhianaise é, a éileoidh siad.

(b) Na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim le mír (a) den fho-alt seo is cumhachtaí iad i dteannta, agus ní cumhachtaí iad in ionad, na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 12 den Stamp Act, 1891.

(8) (a) Má dhéanann duine ráiteas nó dearbhú bréagach d'fhonn a shuíomh nach bhfuil dleacht stampa inmhuirir ar ionstraim de réir an ráta dá bhforáiltear le fo-alt (5) d'alt 1947, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil cúig chéad punt a chur air, nó de réir rogha na Cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(b) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin bhfo-alt seo agus go gcruthófar go ndearnadh é faoi údarás nó le toiliú nó le haontú aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, measfar gurb é an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin a rinne an cion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.

(c) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, maidir le cion faoin bhfo-alt seo.

(9) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “maoin” tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin.

(b) Más rud é, de bhua ionstraim a forghníomhaíodh an 20ú lá d'Aibreán, 1961, nó dá éis agus roimh thosach feidhme an ailt seo, go mbeidh maoin seachas—

(i) maoin i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach nó i mbaile, nó

(ii) maoin a fuarthas go heisiatach le haghaidh tionscail seachas talmhaíocht, nó

(iii) maoin a fuarthas le haghaidh cónaí príobháideach agus nach bhfuil níos mó ná cúig acra talún ar áireamh inti,

arna tíolacadh nó arna haistriú chun comhlachta chorpraithe seachas comhlacht corpraithe mar a thuairiscítear i bhfomhír (ii), (iii) nó (iv) de mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 1947, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas mura mbeidh an ionstraim stampáilte cheana féin le dleacht stampa de réir an ráta dá bhforáiltear le fo-alt (5) d'alt 1947:

(I) ansin, d'ainneoin go mb'fhéidir í a bheidh stampáilte cheana féin, agus cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a stampáil le stampa áirithe á chur in iúl go bhfuil sí stampáilte go cuí, tiocfaidh an ionstraim sin láithreach ar dháta tosach feidhme an ailt seo chun dleacht stampa a bheith inmhuirir uirthi,

(II) beidh an dleacht sin inmhuirir de réir cúig phunt is fiche faoin gcéad ar mhéid nó luach na comaoine, agus tabharfar lamháltas cuí sa mhéid d'aon dleacht stampa a bheidh íoctha cheana féin,

(III) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite ó dháta tosach feidhme an ailt seo, nach mbeidh an ionstraim stampáilte de réir na fomhíre sin roimhe seo, beidh suim is comhionann le dhá oiread na dleachta a bheidh gan íoc dlite air sin mar fhiach don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste ón gcomhlacht corpraithe.

(10) In alt 26 den Acht Airgeadais, 1949 ,—

(a) ní fholóidh “maoin”—

(i) tailte, tionóntáin ná oidhreachtáin a bhí, ar dháta an tíolactha nó an aistrithe iomchuí, faoi réim cheann de na tuairiscí atá leagtha amach i bhfomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b) agus i bhfomhír (i) de mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 1947, ná

(ii) tailte, tionóntáin ná oidhreachtáin a bhfuil údarás ann faoi mhír (a) den fho-alt sin maidir lena dtíolacadh nó a n-aistriú,

(b) forléireofar “comhlacht corprach Éireannach” mar ní is ionann agus “comhlacht corprach” mar a thuairiscítear i bhfomhír (iv) de mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 1947,

(c) cuirfear “fhomhíreanna (iii) de mhír (b) agus (ii) agus (iii) de mhír (c) in ionad “míre de mhíreanna (a) go (e)” i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (4).

(11) (a) Aon suim is fiach a bheidh dlite don Aire Airgeadais de réir an ailt seo beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh sí inaisghafa ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, aon suim is inaisghafa faoi mhír (a) den fho-alt seo a mhaolú nó a loghadh.

(12) Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do Choimisiún na Talún sonraí na dtíolacas agus na n-aistrithe uile a thiocfaidh faoina n-iúl agus a mbeidh dleacht stampa inmhuirir orthu de réir an ráta dá bhforáiltear le fo-alt (5) d'alt 1947 nó a mbeidh an cás faoi réim fhomhír (i) de mhír (c) d'fho-alt (4) den alt sin.

(13) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1961, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí.

Alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , a leasú.

1949, Uimh. 24 .

1950, Uimh. 16 .

1891, c. 39.

1851. c.93

1950, Uimh. 18 .

34. —(1) San alt seo ciallaíonn “alt 1949” alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 .

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 1949:

“(4) Beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den alt seo más rud é, agus amháin más rud é,—

(a) go mbeidh an tAire Airgeadais, ar mholadh (is ábhar eiscthe chun críocha alt 12 den Acht Talún, 1950 ) aon bheirt Choimisinéirí Tuata de Choimisiún na Talún, tar éis a n-iarratas maidir leis an léas a údarú, nó

(b) go mbeidh san ionstraim ráiteas ón léasaí á dheimhniú—

(i) gur maoin i gcontae-bhuirg, buirg, ceantar uirbeach nó baile an mhaoin, nó

(ii) go bhfuil leas an léasaí faoin léas á fháil le haghaidh cónaí príobháideach agus nach bhfuil ar áireamh ann leas i dtalamh a bhfuil níos mó ná cúig acra ann, nó

(iii) gur saoránach Éireannach nó duine (seachas comhlacht corpraithe) ar a bhfuil gnáth-chónaí sa Stát de thuras na huaire agus ar a raibh gnáth-chónaí sa Stát go leanúnach ar feadh na dtrí bliana díreach roimh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, an duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal an leasa thairbhiúil uile i leas an léasóra faoin léas (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach duine acu), nó

(c) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim—

(i) gur go heisiatach le haghaidh tionscail seachas talmhaíocht atá leas an léasaí faoin léas á fháil, nó

(ii) go bhfuil leas an léasaí faoin léas á fháil ag comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát i gcás níos mó ná leath (de réir luacha ainmniúil) na scaireanna de gach saghas a eisíodh a bheith ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) den fho-alt seo, nó

(iii) go bhfuil leas an léasaí faoin léas á fháil ag comhlacht corpraithe nach bhfuil scair-chaipiteal aige agus a corpraíodh sa Stát i gcás an tromlach dá chomhaltaí a bheith comhdhéanta de dhaoine a bhfuil gach duine acu faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) den fho-alt seo agus an tromlach de na daoine a fheidhmíonn rialú agus bainistí an chomhlachta chorpraithe a bheith comhdhéanta mar a dúradh, nó

(iv) go bhfuil leas an léasaí faoin léas á fháil ag comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát i gcás níos mó ná leath (de réir luacha ainmniúil) na scaireanna de gach saghas a eisíodh a bheith ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) den fho-alt seo nó gur comhlacht corpraithe é mar a thuairiscítear i bhfomhír (ii) nó i bhfomhír (iii) den mhír seo.”

(3) Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (7) d'alt 1949:

“(a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le gach léas den sórt dá dtagraítear sna fo-ailt roimhe seo den alt seo, cibé acu is leas é a oibríonn mar dhiúscairt shaorálach inter vivos nó nach ea, mura rud é—

(i) go mbeidh údarás ann faoi mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo maidir leis an léas, nó

(ii) go mbeidh an mhaoin faoi réim na tuairisce atá leagtha amach i bhfomhír (i) de mhír (b) den fho-alt sin, nó

(iii) go mbeidh an léas faoi réim fhomhír (ii) de mhír (b) nó fhomhír (i) de mhír (c) den fho-alt sin, nó

(iv) go mbeidh an duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal an leasa thairbhiúil uile i leas an léasaí faoin léas (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, gach duine acu) ina dhuine faoi réim fhomhír (iii) de mhír (b) nó gur comhlacht corpraithe é den sórt a thuairiscítear i bhfomhír (ii), (iii) nó (iv) de mhír (c) den fho-alt sin.”

(4) I gcás nach mbeidh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 1949 mar gheall ar an gcás a bheith faoi réim mhír (a) nó mhír (c) d'fho-alt (4) den alt sin, ní mheasfar an ionstraim iomchuí a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim air sin a lua de réir alt 12 den Stamp Act, 1891, agus go mbeidh an ionstraim stampáilte le stampa áirithe á chur in iúl go bhfuil sí stampáilte go cuí.

(5) I gcás ina mainneoidh duine a thaispeáint chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil idirbheart faoi réim fhomhír (ii), (iii) nó (iv) de mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 1949, beidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte i gcoinne cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim.

(6) I gcás léasadh maoine nach raibh feidhm maidir leis ag fo-alt (5) d'alt 1947 mar gheall ar an gcás a bheith faoi réim fhomhír (i) de mhír (c) d'fho-alt (4) den alt sin agus gur choinnigh an léasaí leas an léasaí sa mhaoin ach nár úsáideadh an mhaoin le haghaidh tionscail seachas talmhaíocht laistigh de thrí bliana ó dháta na hionstraime iomchuí—

(a) tiocfaidh an ionstraim sin láithreach, d'ainneoin i a bheith stampáilte cheana féin agus cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a stampáil le stampa áirithe á chur in iúl go bhfuil sí stampáilte go cuí, chun dleacht stampa a bheith inmhuirir uirthi arís,

(b) beidh an dleacht sin inmhuirir de réir cúig phunt is fiche faoin gcéad ar mhéid nó luach aon chomhaoine i leith an léasa arb éard é airgead, stoc nó urrús (seachas cíos), agus tabharfar lamháltas cuí sa mhéid den dleacht stampa a bheidh íoctha cheana féin,

(c) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an ionstraim a theacht arís chun dleacht stampa a bheith inmhuirir uirthi, nach mbeidh sí stampáilte de réir na míre sin roimhe seo, beidh suim is comhionann le dhá oiread na dleachta a bheidh gan íoc dlite air sin mar fhiach don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste ón léasaí.

(7) (a) Chun críocha mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 1949, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a éileamh go seachadfar dóibh dearbhuithe reachtúla i cibé foirm a ordóidh siad agus cibé fianaise bhreise, más aon fhianaise é, a éileoidh siad.

(b) Na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim le mír (a) den fho-alt seo is cumhachtaí iad i dteannta, agus ní cumhachtaí iad in ionad, na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 12 den Stamp Act, 1891.

(8) (a) Má dhéanann duine ráiteas nó dearbhú bréagach d'fhonn a shuíomh nach bhfuil dleacht stampa inmhuirir arionstraim de réir an ráta dá bhforáiltear i bhfo-alt (5) d'alt 1949, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil cúig chéad punt a chur air, nó de réir rogha na Cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach mó ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(b) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin bhfo-alt seo agus go gcruthófar go ndearnadh é faoi údarás nó le toiliú nó le haontú aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, measfar gurb é an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin a rinne an cion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.

(c) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, maidir le cion faoin bhfo-alt seo.

(9) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “maoin” tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin.

(b) Más rud é, de bhua léas a forghníomhaíodh an 20ú lá d'Aibreán, 1961, nó dá éis, agus roimh thosach feidhme an ailt seo, go mbeidh maoin seachas—

(i) maoin i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach nó i mbaile, nó

(ii) maoin a bhfuarthas leas an léasaí faoin léas inti go heisiatach le haghaidh tionscail seachas talmhaíocht, nó

(iii) maoin a bhfuarthas leas an léasaí faoin léas inti le haghaidh cónaí príobháideach agus nach bhfuil ar áireamh ann leas i dtalamh is mó ná cúig acra,

arna léasadh chun comhlachta chorpraithe seachas comhlacht corpraithe mar a thuairiscítear i bhfomhír (ii), (iii) nó (iv) de mhír (c) d'fho-alt (4) d'alt 1949, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas mura mbeidh an ionstraim stampáilte cheana féin le dleacht stampa de réir an ráta dá bhforáiltear le fo-alt (5) d'alt 1949:

(I) ansin, d'ainneoin go mb'fhéidir í a bheith stampáilte cheana féin, agus cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a stampáil le stampa áirithe á chur in iúl go bhfuil sí stampáilte go cuí, tiocfaidh an ionstraim sin láithreach ar dháta tosach feidhme an ailt seo chun dleacht stampa a bheith inmhuirir uirthi,

(II) beidh an dleacht sin inmhuirir de réir cúig phunt is fiche faoin gcéad ar mhéid nó luach aon chomaoine is airgead, stoc nó urrús (seachas cíos) agus tabharfar lamháltas cuí i méid aon dleachta stampa a bheidh íoctha cheana féin,

(III) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite ó dháta thosach feidhme an ailt seo, nach mbeidh an ionstraim stampáilte de réir na fomhíre sin roimhe seo, beidh suim is comhionann le dhá oiread na dleachta a bheidh gan íoc dlite air sin mar fhiach don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste ón gcomhlacht corpraithe.

(10) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1950 , amhail is dá bhfolódh an tagairt atá ann do ráiteas ón léasaí tagairt do ráiteas faoi mhír (b) d'fho-alt (4) d'alt 1949.

(11) (a) Aon suim is fiach a bheidh dlite don Aire Airgeadais de réir an ailt seo beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh sí inaisghafa ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, aon suim is inaisghafa faoi mhír (a) den fho-alt seo a mhaolú nó a loghadh.

(12) Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do Choimisiún na Talún sonraí na léasanna uile a thiocfaidh faoina n-iúl agus a mbeidh dleacht stampa inmhuirir orthu de réir an ráta dá bhforáiltear le fo-alt (5) d'alt 1949 nó a mbeidh an cás faoi réim fhomhír (i) de mhír (c) d'fho-alt (4) den alt sin.

(13) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1961, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí.

Rátaí dleachtanna stampa áirithe faoin Stamp Act,1891.

1891, c.39.

1947, Uimh. 33 .

1949, Uimh. 24 .

35. —I gcás inarb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a bheith, an lú lá de Lúnasa, 1961, nó dá éis nó dáta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí, tar éis teacht isteach in úinéireacht thairbhiúil, seilbh, áitiú nó urláimh aon duine (dá ngairtear an t-áititheoir san alt seo), agus

(b) gur tháinig sin amhlaidh de thoradh aon chomhshocraíochta nó comhshocraíochtaí arb é príomhchuspóir nó ceann de phríomh-chuspóirí an chéanna seachaint nó laghdú an dliteanais i leith dleacht stampa faoin Stamp Act, 1891, de réir an ráta dá bhforáiltear le fo-alt (5) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , nó le fo-alt (5) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i)  (I) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a fhoréileamh ar an áititheoir ráiteas i scríbhinn ina mbeidh cibé sonraí a éileoidh siad i dtaobh an aistrithe a thabhairt dóibh laistigh de thríocha lá tar éis dáta an fhoréilimh (nó, i gcás achomharc faoi mhír (ii) den alt seo i gcoinne cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim gan cealú a dhéanamh ar an bhforéileamh a chinnfear i bhfabhar na gCoimisinéirí Ioncaim nó a tharraingeofar siar, laistigh de thríocha lá tar éis an dáta a chinnfear nó a tharraingeofar siar é, de réir mar bheidh), agus

(II) déanfaidh an t-áititheoir de réir an fhoréilimh,

(ii) maidir leis an ráiteas—

(I) muirearófar air an méid dleacht stampa a mhuirearófaí air, agus

(II) beidh sé faoi réir na bhforálacha reachtúla a mbeadh sé faoina réir,

dá mb'éard é tíolachadh nó aistriú de dhroim díola ar an leas i bhfeo-simplí sna tailte, sna tionóntáin nó sna hoidhreachtáin, saor ó gach eire, chun an áititheora ar chomaoin in airgead comhionann le luach an leasa sin agus a forghníomhaíodh ar dháta an teachta agus lamháltas cuí a thabhairt i méid aon dleacht stampa a bheidh íoctha cheana féin maidir leis an teacht: ar choinníoll, má dhéanann an t-áititheoir, laistigh de thríocha lá tar éis dáta an fhoréilimh faoi mhír (i) den alt seo, cúis a shuíomh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim faoi gur chóir an foréileamh faoi mhír (i) den alt seo a chealú, cealóidh na Coimisinéirí Ioncaim an foréileamh agus an ráiteas, más aon ráiteas é, a seachadadh de bhun an chéanna,

(iii) beidh feidhm ag forálacha fho-alt (8) d'alt 33 agus fho-alt (8) d'alt 34 den Acht seo maidir leis an ráiteas,

(iv) i gcás nach mbeidh an t-áititheoir tar éis déanamh de réir an fhoréilimh faoi mhír (i) den alt seo agus nach mbeidh sé tar éis cúis a shuíomh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim faoi gur chóir an foréileamh a chealú, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ráiteas i scríbhinn a ullmhú ina dtabharfar na sonraí maidir leis an teacht mar is léir dóibh-sean iad agus cóip de a sheachadadh don áititheoir agus, ar an gcóip a sheachadadh, measfar gurb é an ráiteas an ráiteas a seachadadh de réir an fhoréilimh faoi mhír (i) den alt seo: ar choinníoll—

(I) má dhéanann an t-áititheoir, laistigh de thríocha lá tar éis an dáta a seachadadh an chóip a dúradh dó, cúis a shuíomh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim faoi gur chóir an ráiteas a chealú, go gcealóidh na Coimisinéirí Ioncaim an ráiteas, agus

(II) má dhéanann an t-áititheoir, laistigh de thríocha lá tar éis an chóip a dúradh a sheachadadh dó, cúis a shuíomh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim faoi gur chóir na sonraí sa ráiteas a mhodhnú, go modhnóidh na Coimisinéirí Ioncaim iad,

(v) (I) faoi réir chlásal (II) den mhír seo, más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an dáta (arb éard é, i gcás achomharc a thabhairt faoi mhír (vi) den alt seo, dáta tar éis an dáta a cinneadh nó a tarraingíodh siar an t-achomharc, cibé acu é, agus, in aon chás eile, dáta tar éis an dáta a bheidh deireadh leis an tréimhse le haghaidh aon achomharc a thabharfar faoin mír sin) ar a mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis méid na dleachta is inmhuirir ar an ráiteas a chur in iúl don áititheoir nach mbeidh an ráiteas stampáilte de réir mhír (ii) den alt seo, beidh suim is comhionann le dhá oiread na dleachta a bheidh gan íoc dlite air sin mar fhiach don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste ón áititheoir,

(II) ní bheidh feidhm ag clásal (I) den mhír seo maidir le ráiteas arna sheachadadh de réir an fhoréilimh faoi mhír (i) den alt seo agus a ndearnadh a chealú ag na Coimisinéirí Ioncaim nó le hordú ón gCúirt ar achomharc faoi mhír (vi) den alt seo agus, i gcás ráiteas ar mhodhnaigh na Coimisinéirí Ioncaim a shonraí nó ar ordaigh an Chúirt, ar achomharc faoin mír sin (vi), iad a mhodhnú, beidh feidhm ag clásal (I) den mhír seo maidir leis an ráiteas faoi réir an mhodhnaithe a rinneadh nó a ordaíodh mar a dúradh,

agus

(vi) i gcás ina mainneoidh an t-áititheoir cúis a shuíomh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim faoi gur chóir an foréileamh faoi mhír (i) den alt seo a chealú nó faoi gur chóir an ráiteas a d'ullmhaigh na gCoimisinéirí Ioncaim a chealú nó faoi gur chóir na sonraí sa ráiteas a d'ullmhaigh na Coimisinéirí Ioncaim a mhodhnú, beidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte i gcoinne cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim.

CUID V.

Ilghnéitheach.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1960, Uimh. 19 .

36. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1960” alt 38 den Acht Airgeadais, 1960 ;

ciallaíonn “an t-aonú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1960, maidir leis na naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha agus fiche dar tosach an bhliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1962 ach “£946,321” a chur in ionad “£951,035”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1960 ach “£600,348” a chur in ionad “£615,195”.

(4) Déanfar suim £1,134,682 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1962.

(5) Déanfar an t-aonú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den aonú blianacht bhreise déag nach mó ná £733,991 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid mar chabhair chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an aonú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Deireadh le feidhm alt 11 de 21 & 22 Geo. III, c.16 (Ir.) maidir le hairleacain agus iasachtaí áirithe.

37. —Ní bheidh ag alt 11 den Reacht Éireannach réamh-Aontachta dar teideal “An Act for establishing a bank by the name of the Governors and Company of the Bank of Ireland” agus a ritheadh sa bhliain 1781-82 feidhm maidir le haon airleacan nó iasacht a thabharfar tar éis dáta an Achta seo a rith don Aire Airgeadais, ach, faoi réir na sriantachta sin, leanfaidh an t-alt sin de lán-fheidhm agus lán-éifeacht a bheith aige.

Alt 30 den Acht Airgeadais, 1960 , a leasú.

1960, Uimh. 19 .

38. —(1) Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1960 ,—

(a) trí “agus freisin maidir le cuideachta a éileoidh faoiseamh faoin gCuid sin III ar shlí seachas de bhua na n-alt sin” a chur ag deireadh fo-alt (1), agus

(b) trí “nó faoiseamh faoi Chuid III den Acht ar shlí seachas de bhua na n-alt sin (de réir mar is iomchuí),” a chur isteach i bhfo-alt (4) roimh “a dheonú”.

(2) I gcás ina mbeidh feidhm ag alt 30 den Acht Airgeadais, 1960 , de bhua na leasuithe a dhéantar leis an bhfo-alt sin roimhe seo, beidh éifeacht aige maidir le hidirbhearta agus comharbais a tharlóidh tar éis an 19ú lá d'Aibreán, 1961.

Aisghairm.

1891, c.39.

39. —(1) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Ní bheidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith.

(2) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcólún (3) den Chuid sin.

(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1961, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí.

(3) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin, ach ní bheidh feidhm ag an aisghairm sin i gcás aon bhille nó nóta tarraingíodh nó a rinneadh roimh an lú lá de Lúnasa, 1961, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí, agus ar bille nó nóta é a tháinig i gcéadóir chun bheith inmhuirir de réir alt 35 den Stamp Act, 1891, roimh an dáta sin más lasmuigh den Stát a tarraingíodh nó a rinneadh é.

Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna.

40. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1891, c.39.

41. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.

(5) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1961, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin.

(6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Dleachtanna ar Thobac.

Alt. 14.

Cuid I.

Custaim.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

 

£

s.

d.

má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

 

 

 

 

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb.

 

 

 

 

meáchain de

...

...

...

...

...

...

an lb.

2

9

8

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

 

 

 

 

meáchain de

...

...

...

...

...

...

,,

2

15

2

mura mbeidh sé scúite nó díloirgnithe:—

 

 

 

 

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb.

 

 

 

 

meáchain de

...

...

...

...

...

...

,,

2

9

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

 

 

 

 

meáchain de

...

...

...

...

...

...

,,

2

15

 

Lán-ráta

Ráta Fabhair

 

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe:—

 

 

 

 

 

 

todóga

...

...

...

...

...

an lb.

3

3

0

2

12

6

toitíní

...

...

...

...

...

,,

3

1

0

2

10

10

CavendishNegrohead

...

...

...

,,

3

2

6

2

12

1

CavendishNegrohead a monaraíodh

 

 

 

 

 

 

 

faoi bhanna

...

...

...

...

,,

3

2

0

2

11

8

tobac monaraithe eile

...

...

...

,,

3

0

6

2

10

5

snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain

 

 

 

 

 

 

 

de

...

...

...

...

...

,,

3

0

0

2

10

0

snaois nach bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain

 

 

 

 

 

 

 

de

...

...

...

...

...

,,

3

2

6

2

12

1

Cuid II.

Mál.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

 

£

s.

d.

agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb.

 

 

 

 

meáchain de

...

...

...

...

...

...

an lb.

2

8

agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb.

 

 

 

 

meáchain de

...

...

...

...

...

...

,,

2

13

11

Tobac Monaraithe:—

 

 

 

 

CavendishNegrohead a monaraíodh faoi bhanna

,,

2

10

4

AN DARA SCEIDEAL.

Scála Rátaí Dleacht Eastáit.

Alt 22.

Luach Príomhshuime an Eastáit

An ráta dleachta faoin gcéad

 

£

 

£

 

 

 

Níos mó ná

5,000

gan bheith níos mo ná

6,000

...

...

1

,,

6,000

,,        ,,

7,000

...

...

2

,,

7,000

,,        ,,

8,000

...

...

3

,,

8,000

,,        ,,

10,000

...

...

4

,,

10,000

,,        ,,

12,500

...

...

6

,,

12,500

,,        ,,

15,000

...

...

8

,,

15,000

,,        ,,

17,500

...

...

10

,,

17,500

,,        ,,

20,000

...

...

12

,,

20,000

,,        ,,

25,000

...

...

14

,,

25,000

,,        ,,

30,000

...

...

16

,,

30,000

,,        ,,

35,000

...

...

18

,,

35,000

,,        ,,

40,000

...

...

21

,,

40,000

,,        ,,

45,000

...

...

24

,,

45,000

,,        ,,

50,000

...

...

27

,,

50,000

,,        ,,

60,000

...

...

30

,,

60,000

,,        ,,

75,000

...

...

33

,,

75,000

,,        ,,

100,000

...

...

37

,,

100,000

...      ...

...      ...

...

...

40

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtacháin a Aisghairtear.

Alt. 39.

Cuid I.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme.

(1)

(2)

(3)

Uimh. 19 de 1960 .

An tAcht Airgeadais, 1960 .

Fo-alt (1) d'alt 24.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cuid II.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimhir 27 de 1924.

An tAcht Airgid, 1924 .

Alt 22.

Uimhir 22 de 1956.

An tAcht Airgeadais, 1956 .

Ailt 30 agus 31.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cuid III.

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid an hAisghairme

(1)

(2)

(3)

54 & 55 Vic., c.39.

Stamp Act, 1891.

Alt 34; in alt 36, na focail “determining the mode in which” agus na focail “is to be denoted”; fo-alt (1) d'alt 37; i bhfo-alt (2) d'alt 37, na focail “Except as aforesaid”; i bhfo-alt (2) d'alt 38, na focail “payable on demand or at sight or on presentation”. Sa Chéad Sceideal, na mírchinn dar tosach “Bill of Exchange payable on demand” agus “Bill of Exchange of any other kind” (ach gan na díolúintí ina dhiaidh sin a áireamh).

62 & 63 Vic., c.9.

Finance Act, 1899.

Alt 10.

9 Edw. 7, c.43.

Revenue Act, 1909.

Alt 10.

8 & 9 Geo. 5, c.15.

Finance Act, 1918.

Alt 36.