20 1961


Uimhir 20 de 1961.


AN tACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ FHEABHSAITHE CHUN TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁNÚ EARRAÍ, PRÓISEAS AGUS CLEACHTAS A CHUR CHUN CINN AGUS CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CRÍOCHA EILE DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN INSTITIÚID TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN A ATHEAGRÚ AGUS LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [17 Iúil, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Mínithe.

1946, Uimh. 25 .

1954, Uimh. 11 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail (Leasú), 1954 ;

ciallaíonn “An Institiúid” an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán a bunaíodh le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 4 d'Acht 1946 agus a choinnítear ar marthain leis an Acht seo;

folaíonn an focal “marc” comharthacht, branda, mírcheann, lipéad, ticéad, ainm, síniú, focal, litir, uimhir nó aon chónascadh díobh sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “clár”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, clár a choimeádfaidh an Institiúid de bhun alt 28 den Acht seo;

folaíonn “sonraíocht” tuairisc ar aon earra, próis nó cleachtas faoi threoir aon cheann nó cinn acu seo a leanas, eadhon, nádúr, cáilíocht, neart, íonacht, comhshuíomh, cainníocht, toisí, meáchan, grád, buanadas, bunús, aois agus aon airí eile;

ciallaíonn “sonraíocht chaighdeánach” sonraíocht a bhfuil sé, nó a meastar go bhfuil sé, dearbhaithe faoi alt 20 den Acht seo gur sonraíocht chaighdeánach í;

ciallaíonn “marc caighdeánach” marc arna ordú, nó a mheastar a bheith arna ordú, le hordú faoi alt 24 den Acht seo chun a úsáidte i ndáil le hearra, próis nó cleachtas chun a thaispeáint go bhfuil sé de réir sonraíochta caighdeánaí áirithe.

Aisghairm.

3. —Aisghairtear leis seo na hAchtanna Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 agus 1954.

Caitheachas.

4. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II.

An Institiúid agus a Feidhmeanna do Leanúint de bheith ar Marthain.

An Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán do leanúint de bheith ann.

5. —D'ainneoin na haisghairme a dhéantar le halt 3 den Acht seo, leanfaidh an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán (dá ngairtear an Institiúid san Acht seo) a bunaíodh le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 4 d'Acht 1946 de bheith ann mar chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala, agus cumhacht agartha aige agus é inagartha faoina ainm chorpraithe agus cumhacht aige talamh a theachtadh.

Feidhmeanna na hInstitiúide.

1958, Umih. 1.

6. —(1) Comhlíonfaidh an Institiúid na feidhmeanna a shanntra di leis an Acht seo.

(2) Is iad feidhmeanna na hInstitiúide—

(a) taighde agus fiosrú eolaíochta a ghabhail de láimh a, spreagadh agus a chothú d'fhonn—

(i) úsáid acmhainní nádúrtha an Stáit a chur ar aghaidh,

(ii) na próiseanna agus na modhanna teicniúla a úsáidtear i dtionscail an Stáit a fheabhsú,

(iii) próiseanna agus modhanna teicniúla a fhionnachtain a chuirfeadh chun cinn nó a d'éascódh leathnú tionscal atá ann nó forbairt tionscal nua, agus úsáid dramhtháirgí tionscail,

(b) sonraíochtaí do cibé earraí, próiseanna agus cleachtais a iarrfaidh an tAire ó am go ham a fhoirmliú don Aire de réir a orduithe,

(c) a dhearbhú, le toiliú an Aire, gur sonraíocht chaighdeánach don earra, don phróis nó don chleachtas lena mbainfidh sí aon sonraíocht a fhoirmleofar amhlaidh,

(d) moltaí a thabhairt don Aire maidir le sonraíochtaí caighdeánacha a sholáthar agus a úsáid d'earraí, próiseanna agus cleachtais a bheidh de réir sonraíochtaí caighdeánacha,

(e) litríocht agus eolas teicniúil a chur amach chuig tionscail,

(f) nuair is gá sin ar mhaithe le leas an phobail, forbairt agus saothrú aireagán a ghabháil de láimh nó cabhrú leis sin,

(g) earraí a bheidh beartaithe chun a ndíolta nó chun a n-úsáidte ag an bpobal a thástáil agus a thaifeach d'fhonn—

(i) taighde agus fiosrú eolaíochta a chur ar aghaidh nó a éascú,

(ii) a áirithiú go mbeidh siad de réir sonraíochtaí caighdeánacha,

(iii) caighdeánú earraí, próiseanna agus cleachtas a spreagadh,

nó, i gcoitinne, d'fhonn airíona na n-earraí sin a fhionnachtain ar mhaithe le leas an phobail,

(h) toradh aon tástála nó taifigh a bheidh déanta ag an Institiúid nó ag duine ar bith eile thar a ceann a fhoilsiú.

(3) Féadfaidh an Institiúid socrú a dhéanamh le haon duine chun an duine sin do dhéanamh aon taighde, fiosraithe, tástála nó taifigh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo thar ceann na hInstitiúide.

(4) Ní bheidh ar áireamh feidhmeanna na hInstitiúide aon fheidhm a shanntar don Fhoras Talúntais leis an Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 .

CUID III.

Bunú agus Feidhmeanna Bhord na hInstitiúide.

Bord na hInstitiúide.

7. —Beidh Bord ann, ar a dtabharfar Bord na hInstitiúide Taighde Tionscail agus Caighdeán (dá ngairtear an Bord san Acht seo) chun rialú ginearálta na hInstitiúide a dhéanamh agus a cúrsaí a riaradh.

Comhaltas an Bhoird.

8. —(1) Naonúr comhaltaí ar a mhéid a bheidh ar an mBord agus beidh duine acu ina chathaoirleach agus gnáthchomhaltaí a bheidh sna comhaltaí eile.

(2) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí uile an Bhoird, agus ainmneoidh an tAire comhalta den Bhord chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

(3) Gach duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta den Bhord roghnóidh an tAire é i gcóir an cheapacháin sin de thairbhe a earmaisí taighde eolaíochta i ndáil le tionscal nó é bheith ionadach don tionscal nó do dhaoine ar fostú i dtionscal nó go bhfuil ar a chumas cabhair mhór phraiticiúil a thabhairt le `hobair na hInstitiúide.

(4) Ceapfar comhaltaí an chéad Bhoird a luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(5) Ceapfar comhaltaí an dara Bord an cúigiú bliain díreach tar éis comhaltaí an chéad Bhoird a cheapadh agus ceapfar comhaltaí gach Bord dá éis sin gach cúigiú bliain.

(6) Rachaidh comhaltaí uile an Bhoird as oifig ar an gcéad cheapachán cúighbhliantúil eile de chomhaltaí ach beidh siad inathcheaptha.

Téarmaí agus luach saothair chomhaltaí an Bhoird.

9. —(1) Sealbhóidh gach comhalta den Bhord oifig ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire.

(2) Déanfar cibé luach saothair agus costais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a íoc le gach comhalta den Bhord as airgead a bheidh faoina réir ag an Institiúid.

Comhalta den Bhord d'éirí as.

10. —(1) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a chomhaltas trí litir chuig an Aire ag tairiscint éirí as.

(2) Beidh éifeacht ag éirí as comhalta amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir i dtaobh an éirí as.

Comhalta den Bhord a chur as oifig.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn chun aon chomhalta den Bhord, an comhalta sin a chur as oifig mar gheall ar fháthanna a luafar san fhógra agus is leor i dtuairim an Aire.

(2) Beidh éifeacht ag cur as oifig aon chomhalta den Bhord faoin alt seo amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an comhalta sin an fógra i dtaobh an tAire á chur as oifig nó ar aon dáta is déanaí ná sin a shonróidh an tAire san fhógra sin.

Corrfholúntais.

12. —Féadfaidh an tAire corrfholúntais i gcomhaltas an Bhoird a líonadh trí cheapachán.

Comhaltaí, oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

13. —(1) Má thagann oifigeach don Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ansin, ar é a theacht faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin chun teideal a bheith aige suí ann, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Aon duine a bheidh i dteideal de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

(3) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin mBord a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch dáta a scortha de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón mBord, aon tuarastal ná pá, de réir mar a bheidh, in aghaidh tréimhse na hiasachta,

(c) má bhíonn scéim de bhun alt 35 den Acht seo i bhfeidhm agus go mbunaítear leis an scéim ciste lena n-íocfaidh an Bord agus an duine ranníocaí—

(i) measfar, chun críocha na scéime sin, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochar aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta más rud é agus amháin más rud é—

(I) go raibh sé i mbuan-fhostaíocht an Bhoird agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta,

(II) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Bhord laistigh de thrí mhí tar éis dáta tosaigh tréimhse na hiasachta, ranníocaí a íoc faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta de réir fhorálacha an ailt seo, agus

(III) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonrófar de réir na scéime, ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta ar comhionann a méid agus comhshuim na ranníocaí a bheadh íoctha aige féin agus na ranníocaí a bheadh íoctha ag an mBord in aghaidh tréimhse na hiasachta, dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Bhoird ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeidh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin,

(ii) ní íocfaidh an Bord aon ranníocaí faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, an chuid sin de na ranníocaí a bheith íoctha ag an mBord is iníoctha ag an duine sin mar a dúradh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha ag an mBord faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Bhoird ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin,

(iii) má fhoirceanntar tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor den fhostaíocht sin, measfar, chun críocha na scéime, gur éag sé nó gur scoir sé de bheith i seirbhís an Bhoird, de réir mar bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige ón mBord díreach roimh éag nó scor dó amhlaidh, de réir mar bheidh,

(iv) mura n-íocfaidh sé ranníocaí mar a dúradh, nó más rud é, tar éis dó ranníocaí a íoc faoin scéim de réir fhorálacha an fho-ailt seo, go scoirfidh sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh, measfar, chun críocha na scéime, gur éirigh sé as an bhfostaíocht sin—

(I) i gcás é do scor de ranníocaí a íoc mar a dúradh, ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(II) in aon chás eile, díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta.

(4) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord a theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952—

(a) ní bheidh teideal aige tréimhse iomlán a sheirbhíse inphinsin ná aon chuid di, de réir bhrí na nAchtanna sin, a ríomh i leith aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh de bhun alt 35 den Acht seo,

(b) má bhíonn aon ranníocaí íoctha aige de réir fhorálacha fho-alt (3) den alt seo in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread díobh agus is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha aige faoin scéim in aghaidh na tréimhse sin dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoi fho-alt (3) den alt seo, i seirbhís an Bhoird i gcaitheamh na tréimhse sin agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníocaí eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.

(5) Aon tagairt i bhfo-alt (3) nó i bhfo-alt (4) den alt seo do luach saothair a bheith á fháil ag aon duine ón mBord measfar gur tagairt í do luach saothair a bheith á fháil ag an duine sin ón mBord de réir an ráta a raibh luach saothair á fháil aige ón mBord lá deiridh a fhostaíochta lánaimsire faoin mBord roimh dhul ar iasacht faoi fho-alt (3) den alt seo.

(6) Duine ag a mbeidh de thuras na huaire teideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

Leasa nochtadh.

14. —Nochtfaidh comhalta den Bhord don Bhord aon leas airgid nó eile atá aige in aon ghnólacht lena mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh.

Cruinnithe an Bhoird.

15. —Beidh ag an mBord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá i dtuairim an Bhoird chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

Nós imeachta.

16. —(1) Ag cruinniú den Bhord is é cathaoirleach an Bhoird, nuair a bheidh sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(2) Nuair a bheidh cathaoirleach an Bhoird as láthair ó chruinniú den Bhord, nó, má bhíonn oifig chathaoirleach an Bhoird folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais ina chomhaltas.

(5) Féadfaidh an Bord ó am go ham an córam a shocrú dá chuid cruinnithe ach, más rud é aon uair nach mbeidh córam ar bith socraithe amhlaidh, triúr an córam a bheidh ann do chruinnithe an Bhoird.

(6) Faoi réir na méide sin roimhe seo, féadfaidh an Bord, trí Bhuan-Orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ghnó féin agus nós imeachta agus gnó aon choiste a cheapfaidh an Bord a rialú.

Cosití an Bhoird.

17. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé coistí is oiriúnach leis a cheapadh chun cabhair agus comhairle a thabhairt don Bhord maidir le haon cheann dá fheidhmeanna.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ar choiste a cheapfar faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an Bord aon chomhalta de choiste a cheapfar faoin alt seo a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste sin.

(4) Íocfar le comhaltaí aon choiste den sórt sin, as airgead a bheidh faoina réir ag an Institiúid—

(a) cibé luach saothair i leith a seirbhísí a chinnfidh an Bord le toiliú an Aire, agus

(b) cibé suimeanna i leith liúntais taistil agus cothabhála a chinnfidh an Bord.

(5) Féadfaidh an Bord aon tráth comhaltas gach comhalta nó aon chomhalta de choiste den sórt sin a fhoirceannadh.

CUID IV.

Taighde Eolaíochta.

Taighde a dhéanamh.

18. —Déanfaidh an Institiúid cibé taighde, lena n-áirítear taighde ar scála saotharlainne nó treoir-ghléasra, agus cibé fiosruithe, tástála agus taifigh a iarrfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, agus féadfaidh sí, fairis sin, an taighde a dúradh a dhéanamh agus cibé fiosruithe, tástála agus taifigh a dhéanamh is cuí leis an mBord ó am go ham.

Fionnachtana agus aireagáin.

19. —(1) Is leis an Aire gach fionnachtain nó aireagán a thiocfaidh as taighde nó fiosruithe a ghabhfar de láimh ag an Institiúid nó thar a ceann, ach amháin na fionnachtana agus na haireagáin sin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) Aon fhionnachtain nó aireagán a thiocfaidh as taighde nó fiosruithe a ghabhfar de láimh ag an Institiúid nó thar a ceann do dhuine ar bith (seachas Aire Stáit) tiocfaidh sé chun bheith de dhílseánacht eisiatach de chuid an duine sin, mura gcomhaontaítear ar a mhalairt idir an Institiúid agus an duine sin.

(3) Aon fhionnachtain nó aireagán nó aon chuid d'fhionnachtain nó d'aireagán nach dtiocfaidh chun bheith de dhílseánacht de chuid an duine dár gabhadh aon taighde nó fiosrú den sórt a dúradh de láimh tiocfaidh sé chun bheith ina dhílseánacht de chuid an Aire.

(4) Sula bhfoilseoidh an tAire aon fhionnachtain nó aireagán rachaidh sé i gcomhairle leis an mBord i dtaobh ar inmholta an foilsiú sin a dhéanamh.

(5) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, cibé bónais nó ríchíosa is cuí leis an mBord a íoc, as airgead a bheidh faoina réir ag an Institiúid, le comhaltaí d'fhoireann na hInstitiúide a rinne fionnachtana nó aireagáin thábhachtacha nó a chabhraigh go hábhartha le fionnachtana nó aireagáin den sórt sin a dhéanamh.

CUID V

Sonraíochtaí Caighdeánacha agus Marcanna Caighdeánacha.

Sonraíochtaí caighdeánacha.

20. —(1) Déanfaidh an Institiúid sonraíochtaí a fhoirmliú don Aire do cibé earraí, próiseanna agus cleachtais a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

(2) Nuair a bheidh sonraíochtaí á bhfoirmliú ag an Institiúid faoi fho-alt (1) den alt seo, comhlíonfaidh sí ordacháin an Aire.

(3) Ar shonraíocht a bheith foirmlithe aici, féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire, a dhearbhú gur sonraíocht chaighdeánach í don earra, don phróis nó don chleachtas lena mbainfidh sí.

(4) I gcás ina n-údaraítear, faoi aon achtachán eile, d'aon Aire Stáit sonraíocht nó caighdeán cáilíochta a ordú d'aon earra, próis nó cleachtas, nó ceadúnais a eisiúint chun aon earra a dhíol nó a fhógairt, ní thoileoidh an tAire leis an dearbhú ar shonraíocht chaighdeánach i leith an chéanna ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.

(5) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire, sonraíocht chaighdeánach a chúlghairm nó a leasú.

(6) Na sonraíochtaí a dearbhaíodh le horduithe a rinneadh faoi alt 20 d'Acht 1946 nó faoi alt 2 d'Acht 1954 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo measfar gur faoin alt seo a dearbhaíodh iad.

Fógra faoi shonraíocht chaighdeánach a fhoilsiú.

21. —A luaithe is féidir tar éis sonraíocht chaighdeánach a dhearbhú tabharfaidh an Institiúid go bhfoilseofar fógra fúithi san Iris Oifigiúil agus i cibé slí eile a ordóidh an tAire agus foilseoidh sí, agus cuirfidh sí ar díol, cóipeanna den tsonraíocht chaighdeánach.

Fianaise faoi shonraíocht chaighdeánach.

1925, Uimh. 24 .

22. —(1) Féadfar fianaise prima facie faoi shonraíocht chaighdeánach a thabhairt trí chóip di a thabhairt ar aird a airbheartóidh a bheith arna foilsiú le húdarás na hInstitiúide.

(2) Bainfidh alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , le doiciméid a airbheartaíonn gur sonraíochtaí caighdeánacha iad a chlóbhualadh a fhoilsiú agus a thairiscint i bhfianaise amhail mar bhaineann sé leis na doiciméid oifigiúla dá dtagraítear san alt sin ach tagairtí don Institiúid a chur in ionad tagairtí d'Oifig an tSoláthair.

Uiríoll bréagach maidir le sonraíochtaí caighdeánacha.

1887, c. 28.

23. —(1) Gach duine a dhéanfaidh aon uiríoll, a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha, gur de shonraíocht chaighdeánach aon earra, próis nó cleachtas, beidh sé, mura gcruthóidh sé gur gan intinn calaois a dhéanamh a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion.

(2) San alt seo ciallaíonn an focal “uiríoll”, maidir le hearra, próis nó cleachtas, aon uiríoll, díreach nó neamhdhíreach, ó bhéal nó trí iompar nó i scríbhinn, agus, más i scríbhinn é, folaíonn sé uiríoll in aon fhógrán, catalóg, ceann bille nó doiciméad eile a bhainfidh leis an earra, an phróis nó an cleachtas nó a chuirfear i gcéill trí aon mharc nó teideal trádála a úsáid.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a theorainníonn oibriú mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Merchandise Marks Act, 1887.

Marcanna caighdeánacha.

24. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú marc caighdeánach nó marcanna caighdeánacha a ordú le húsáid, de réir an Achta seo, i ndáil le hearraí, próiseanna agus cleachtais i gcoitinne nó le haon saghas nó cineál earra, próise nó cleachtais chun a chur in iúl go bhfuil sin de réir sonraíochta caighdeánaí.

(2) Na marcanna a ordaíodh faoi alt 22 d'Acht 1946 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo measfar iad a bheith arna n-ordú le horduithe faoin alt seo agus féadfar iad a chúlghairm le horduithe faoin alt seo.

(3) Beidh na focail “Caighdeán Éireannach”, nó na hinisileacha “C.É.” i marc caighdeánach agus féadfaidh na focail “Irish Standard” nó na hinisileacha “I.S.” nó aon mharc eile a bheith ann.

(4) Féadfaidh an tAire ordú a rinne sé faoin alt seo a chúlghairm.

(5) Má bhíonn ordú i bhfeidhm de thuras na huaire ag ordú marc caighdeánach le húsáid i ndáil le hearra, próis nó cleachtas a bheidh de réir sonraíochta caighdeánaí áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) is é an tAire a bheidh ina dhílseánach ar an marc caighdeánach;

(b) chun críocha na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, is marc trádála a bheidh sa mharc caighdeánach.

Ceadúnas a dheonú chun marc caighdeánach a úsáid.

25. —(1) Féadfaidh an Institiúid ceadúnas a dheonú do dhuine chun marc caighdeánach a úsáid, faoi réir cibé coinníollacha a luafar sa cheadúnas, i ndáil le haon earra, próis nó cleachtas a mbeidh sonraíocht chaighdeánach ann dó.

(2) Beidh ar na coinníollacha a luafar i gceadúnas a dheonófar faoin alt seo coinníollacha nach n-úsáidfear an marc caighdeánach d'aon earra, próis nó cleachtas ach amháin—

(a) in éineacht leis an tsraith-uimhir a bheidh sannta ag an Institiúid don tsonraíocht chaighdeánach le haghaidh an earra, na próise nó an cleachtais sin, agus

(b) i ndáil le hearra, próis nó cleachtas a bheidh de réir na sonraíochta caighdeánaí sin.

(3) I gcás inar léir don Institiúid—

(a) nach gcomhlíontar an coinníoll a luaitear i bhfomhír (a) nó an coinníoll a luaitear i bhfomhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, nó

(b) in aon chás eile ina bhfeictear don Institiúid gur cuí é a dhéanamh,

féadfaidh an Institiúid ceadúnas a deonaíodh faoin alt seo a chúlghairm.

(4) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas faoi fho-alt (3) den alt seo cuirfidh an Institiúid in iúl don cheadúnaí go ndearnadh an chúlghairm agus an chúis a bhí leis an gcúlghairm sin.

(5) Ní dhéanfaidh an Institiúid, gan toiliú an Aire, ceadúnas a dheonú faoin alt seo do dhuine daonna nach gcónaíonn go rialta in Éirinn ná do dhuine dlíthiúil nach bhfuil buan-bhunachas aige in Éirinn.

(6) I gcás ina dtoileoidh an tAire, le comhthoiliú Aire Stáit eile, leis an dearbhú ar shonraíocht chaighdeánach i leith aon earra, próise nó cleachtais, ní fhéadfaidh an Institiúid ceadúnas a dheonú faoin alt seo chun marc caighdeánach a úsáid i ndáil leis an earra, leis an bpróis nó leis an gcleachtas sin ach amháin le toiliú an Aire i gcomhaontú leis an Aire Stáit eile sin.

(7) I gcás nach mbeadh sé praiticiúil marc caighdeánach a úsáid ar earra ná ar a ghabhadán, féadfaidh ceadúnas chun an marc caighdeánach sin a úsáid a údarú an marc a úsáid ar stáiseanóireacht ghnó nó i bhfógráin ar choinníollacha a choiscfeadh míthuiscintí maidir leis an earra lena mbainfidh an marc.

(8) Ní mheasfar gur tuairisc thrádála bhréagach ar earraí chun críocha na nAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, marc caighdeánach a úsáid i ndáil le hearra, próis nó cleachtas nach bhfuil de réir na sonraíochta caighdeánaí a bhaineann leis an earra, leis an bpróis nó leis an gcleachtas sin.

(9) Aon cheadúnas a deonaíodh d'aon duine faoi alt 22 d'Acht 1946 agus nár cúlghaireadh roimh thosach feidhme an Achta seo measfar chun críocha an Achta seo gur ceadúnas é a deonaíodh faoin alt seo.

Marcanna caighdeánacha a úsáid go mídhleathach.

26. —(1) Gach duine—

(a) a úsáidfidh marc caighdeánach gan ceadúnas a deonaíodh dó faoin Acht seo aige chun sin a dhéanamh, nó

(b) a dhéanfaidh aon uiríoll nó a úsáidfidh aon mharc i ndáil le haon earra, próis nó cleachtas a thabharfaidh le tuiscint nó ar dóigh dó a thabhairt le tuiscint duine nach bhfuil ceadúnaithe chun marc caighdeánach a úsáid i ndáil leis an earra, an phróis nó an cleachtas sin a bheith ceadúnaithe amhlaidh nó a bheith i dteideal marc caighdeánach a úsáid,

beidh sé ciontach i gcion mura gcruthóidh sé gur gan intinn calaois a dhéanamh a ghníomhaigh sé.

(2) Tá leis an bhfocal “uiríoll” i bhfo-alt (1) den alt seo an bhrí atá leis in alt 23 den Acht seo.

Marcanna caighdeánacha a chlárú lasmuigh den Stát.

27. —Féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfar marc caighdeánach a chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád in aon áit lasmuigh den Stát, agus féadfaidh a thabhairt go dtaifeadfar é féin sa chlár mar dhílseánach an mharc chaighdeánaigh.

Cláir.

28. —(1) Coimeádfaidh an Institiúid—

(a) clár de shonraíochtaí caighdeánacha (dá ngairfear an Clár de Shonraíochtaí Caighdeánacha),

(b) clár de mharcanna caighdeánacha (dá ngairfear an Clár de Mharcanna Caighdeánacha), agus

(c) clár de cheadúnais faoi alt 25 den Acht seo (dá ngairfear Clár Ceadúnaithe na hInstitiúide Taighde Tionscail agus Caighdeán).

(2) Beidh gach clár acu ar fáil chun a iniúchta ag aon duine, gach tráth réasúnach, ar tháille scillinge a íoc,

(3) Beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil na hInstitiúide i dtaobh lánas cláir nó i dtaobh aon taifead ann ina fhianaise prima facie ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(4) Tabharfaidh an Institiúid d'aon duine, ar tháille scillinge a íoc in aghaidh gach taifid, deimhniú mar a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo.

Srian le clárú faoin Registration of Business Names Act, 1916.

1916, c. 58.

29. —(1) Ní dhéanfar, tar éis tosach feidhme an Achta seo, duine a chlárú faoin Registration of Business Names Act, 1916, faoi ainm ina mbeidh, nó arb é a bheidh inti, an focal “Caighdeán”, nó an focal “Standard”, nó na hinisileacha “C.É.” nó “I.S.” ná faoi ainm a bheidh chomh cosúil sin le haon fhocal nó inisileacha acu sin gur dócha meabhlú a theacht de.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le clárú duine faoi ainm cosúil leis an ainm faoina raibh aon réamhtheachtaí i ngnó an duine sin cláraithe, díreach roimh thosach feidhme Acht 1946, faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, nó faoin Registration of Business Names Act, 1916.

Srian le clárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959.

30. —(1) Ní dhéanfar, tar éis tosach feidhme an Achta seo, cuideachta a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, faoi ainm ina mbeidh, nó arb é a bheidh inti, an focal “Caighdeán” nó an focal “Standard”, nó na hinisileacha “C.É.” nó “I.S.” ná faoi ainm a bheidh chomh cosúil sin le haon fhocal nó inisileacha acu sin gur dócha meabhlú a theacht de.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le clárú cuideachta faoi ainm cosúil leis an ainm faoina raibh aon réamhtheachtaí i ngnó na cuideachta sin cláraithe, díreach roimh thosach feidhme Acht 1946, faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, nó faoin Registration of Business Names Act, 1916.

Srian le clárú faoi na hAchtanna Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1958.

31. —Ní dhéanfar, tar éis tosach feidhme an Achta seo, aon mharc ná dearadh trádála a chlárú faoi na hAchtanna Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1958, a mbeidh ann, nó arb é a bheidh ann, an focal “Caighdeán” nó an focal “Standard” nó na hinisileacha “C.É.” nó “I.S.” nó má bhíonn sé chomh cosúil sin leis an bhfocal nó na hinisileacha sin nó le haon mharc caighdeánach gur dócha meabhlú a theacht de.

CUID VI

Riaradh na hInstitiúide.

Séala na hInstitiúide.

32. —(1) Is ar ordú an Bhoird amháin a dhéanfar séala na hInstitiúide a ghreamú d'aon doiciméad agus déanfar greamú an tséala a fhianú trí shíniú chomhalta den Bhord.

(2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na hInstitiúide, agus gach doiciméad a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala na hInstitiúide agus a bheith fianaithe de réir an ailt seo glacfar, mura gcruthófar a mhalairt, i bhfianaise é gan a thuilleadh cruthúnais.

Oifigí agus áitribh.

33. —(1) Chun oifigí agus áitribh a chur ar fáil a bheidh ag teastáil chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an Institiúid—

(a) aon talamh a cheannach nó a thógáil ar léas, agus

(b) oifigí agus áitribh a thógáil, a ghléasadh agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh an Institiúid aon talamh, oifigí nó áitribh a bheidh ar teachtadh aici agus nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun a feidhmeanna a chomhlíonadh a dhíol nó a chur ar léas.

Oifigigh agus seirbhísigh na hInstitiúide.

34. —(1) Ceapfaidh an Institiúid cibé daoine agus cibé méid daoine ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Institiúid, is cuí leis an Institiúid ó am go ham, ach, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní cheapfar aon duine faoin alt seo ina oifigeach don Institiúid mura mbeifear tar éis é a roghnú trí chomórtas poiblí.

(2) An ceanglas roghnaithe trí chomórtas poiblí a fhorchuireann fo-alt (1) den alt seo ní bheidh feidhm aige maidir le—

(a) oifig ar go ceann tréimhsí teoranta, tréimhse dhá bhliain ar a mhéid, a dhéantar ceapacháin chuici, nó

(b) ceapachán is ardú céime do dhuine is oifigeach cheana féin don Institiúid, seachas oifigeach atá i seilbh oifige lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo.

(3) Cinnfidh an Institiúid, ó am go ham, líon, gráid, luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse chomhaltaí fhoireann na hInstitiúide.

(4) D'ainneoin aon fhoráil eile san alt seo—

(a) féadfaidh an tAire dhá oifig ar a mhéid i seirbhís na hInstitiúide a ainmniú mar oifigí a bhfuil freagracht speisialta ag gabháil leo,

(b) ní cheapfar duine chun oifige a bheidh ainmnithe amhlaidh ach amháin le toiliú an Aire,

(c) déanfaidh an tAire luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse aon duine a cheapfar chun oifige a bheidh ainmnithe amhlaidh a chinneadh ó am go ham faoi réir cheadú an Aire Airgeadais.

(5) Ní cheapfar duine ar bith chun oifige ná poist i ngrád cléireachais ar fhoireann na hInstitiúide murab é tuairim an Bhoird go bhfuil eolas maith aige ar an nGaeilge, agus, nuair a bheidh aon cheapachán eile á dhéanamh chun na foirne sin, tabharfar tosaíocht do dhuine a mbeidh aige, i dtuairim an Bhoird, eolas maith ar an nGaeilge.

(6) Aon oifigeach nó seirbhíseach don Institiúid a ceapadh faoi alt 31 d'Acht 1946 measfar, chun críocha an Achta seo, gur faoin alt seo a ceapadh é agus beidh an luach saothair, an tsealbhaíocht oifige, na coinníollacha seirbhíse agus na c0earta aoisliúntais céanna aige a bhí aige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

Aoisliúntais.

35. —(1) Féadfaidh an Institiúid ó am go ham, agus déanfaidh sí ar an Aire á iarraidh sin, scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, do bhuan-fhoireann na hInstitiúide ar scor dóibh.

(2) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo is cead gurb é a bheidh inti, agus is é a bheidh inti má iarrann an tAire sin, scéim a bhunóidh ciste lena n-íocfaidh an Institiúid agus comhaltaí a buan-fhoirne ranníocaí.

(3) Má cheadaíonn an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo cuirfidh an Institiúid an scéim i ngníomh de réir a téarmaí.

(4) Féadfaidh an Institiúid tráth ar bith, le ceadú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú.

(5) Aon scéim a ceadaíodh faoi alt 32 d'Acht 1946 measfar gur scéim í a ceadaíodh faoin alt seo agus féadfar í a leasú dá réir sin.

(6) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo, socróidh sí an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo faoin scéim ar scor dóibh, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(7) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire sin ar an díospóid sin.

(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Scoláireachtaí agus deontais do thaighde tionscail.

36. —(1) Féadfaidh an Institiúid, le ceadú an Aire, scoláireachtaí agus dámhachtana eile a chur ar fáil chun daoine a oiliúint i dtaighde tionscail.

(2) Féadfaidh an Institiúid cibé cúnamh airgeadais nó cúnamh eile is cuí léi a thabhairt do dhaoine a ghabhfaidh de láimh taighde a dhéanamh de chineál a údaraítear don Institiúid féin a ghabhail de láimh.

An Stát do mhaoiniú na hInstitiúide.

37. —(1) Gach bliain airgeadais, íocfar leis an Institiúid as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé deontais faoi chomhair a caiteachais a chinnfidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(2) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid aon deontais den sórt sin a íocfar aon bhliain airgeadais áirithe, tabharfaidh an tAire aird chuí ar ioncam agus caiteachas na hInstitiúide agus chun na críche sin déanfaidh an Bord eolas i dtaobh an ioncaim agus an chaiteachais sin a thabhairt don Aire de réir mar is gá agus nuair is gá é.

Cumhacht chun táillí a éileamh.

38. —Beidh cumhacht ag an Institiúid táillí a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú mar gheall ar thaighde, tástála, fiosruithe agus taifigh a ghabhfaidh an Institiúid de láimh thar ceann aon duine seachas an tAire.

Síntiúis ó ghnólachtaí tionscail agus ó chomhlachtaí eile.

39. —Féadfaidh an Institiúid síntiúis airgid a ghlacadh ó ghnólachtaí tionscail nó ó chomhlachtaí eile i gcomaoin na gnólachtaí sin nó na comhlachtaí eile sin d'úsáid cibé seirbhísí agus saoráidí de chuid na hInstitiúide a chinnfidh an Institiúid.

Cumhacht chun bronntanais a ghlacadh.

40. —(1) Féadfaidh an Institiúid bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh, ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas.

(2) Ní ghlacfaidh an Institiúid bronntanas ar bith má bhíonn na coinníollacha a chuirfidh an bronntóir ag gabháil le glacadh an bhronntanais ar neamhréir le feidhmeanna na hInstitiúide.

Airgeadas, cuntais agus iniúchadh.

41. —(1) Coimeádfaidh an Institiúid, i cibé foirmeacha a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an Institiúid, agus go sonrach, coimeádfaidh sí sna foirmeacha a dúradh gach cuntas speisialta a ndéanfaidh an tAire, uaidh féin nó ar an Aire Airgeadais á iarraidh, é a ordú ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Institiúid, gach bliain, cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin, arna n-iniúchadh amhlaidh, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

42. —(1) Ullmhóidh an Institiúid gach bliain airgeadais tuarascáil ar obair na hInstitiúide an bhliain airgeadais roimhe sin agus clár ginearálta den obair a bheidh beartaithe a dhéanamh.

(2) Cuirfidh an Institiúid gach tuarascáil den sórt sin faoi bhráid an Aire an tráth céanna a chuirfear cuntais na hInstitiúide don bhliain lena mbainfidh an tuarascáil faoina bhráid.

(3) Déanfaidh an tAire cóip de gach tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Rialtais agus a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

CUID VII

Ilghnéitheach.

Aireagáin a fhorbairt agus a shaothrú.

43. —(1) I gcás inar dóigh leis an Institiúid gur le leas an phobail é, féadfaidh an Institiúid forbairt agus saothrú aireagáin a ghabháil de láimh nó cabhrú leis sin.

(2) Féadfaidh an tAire cibé orduithe de chineál ginearálta is cuí leis a thabhairt don Institiúid i ndáil le forbairt agus saothrú aireagán.

(3) D'fhonn a feidhmeanna faoin alt seo maidir le haon aireagán a chomhlíonadh féadfaidh an Institiúid, i dteannta na gcumhachtaí a thugtar di ar shlí eile leis an Acht seo, cearta paitinne a cheannach, a dhíol, a ghlacadh nó a dheonú agus féad faidh an Institiúid, ar cibé téarmaí a chinnfidh sí, comhshocraíocht a dhéanamh le haon daoine nó gnólachtaí chun saothrú tionscail a dhéanamh ar an aireagán.

(4) Na téarmaí a shocróidh an Institiúid maidir le haon chomhshocraíocht a dhéanfaidh an Institiúid faoi fho-alt (3) den alt seo le haon duine nó gnólacht, féadfar, le toiliú an Aire, cúnamh airgid i bhfoirm iasachta (lena n-áirítear iasacht a bheidh urraithe le bintiúr) nó deontas a thabhairt don duine nó don ghnólacht sin a áireamh orthu.

(5) Ní rachaidh an Institiúid faoi chaiteachas (lena n-áirítear cúnamh airgid i bhfoirm iasachtaí nó deontas) faoin alt seo is mó ná suim cúig mhíle punt ar aon tionscadal ar leith ach amháin le toiliú an Aire.

É a bheith mídhleathach earraí áirithe a mhonarú lena ndíol.

44. —(1) D'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh an pobal earra a bheartaítear a dhíol leis an bpobal (nó a chur in aon earra eile a bheartaítear a dhíol amhlaidh) a úsáid go sábháilte féadfaidh an tAire, le hordú faoin alt seo, a dhearbhú gur mídhleathach é an t-earra sin a mhonarú, a chóimeáil nó a dhíol mura mbeidh sé de réir na sonraíochta caighdeánaí a bheidh dearbhaithe ag an Institiúid don earra sin nó de réir sonraíochta nó caighdeáin cháilíochta a bheidh ordaithe ag Aire Stáit nó de réir aon choinníll a bheidh ordaithe ag Aire Stáit nó de réir aon choinníll a bheidh sonraithe san ordú sin agus a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó inmhianaithe.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, teorainn a chur le feidhm ordú a dhéanfar faoin alt seo ionas nach mbainfidh sé ach le hearra a bheartaítear a dhíol leis an bpobal in aon tír nó tíortha a shonrófar san ordú nó a chur in aon earra eile a bheartaítear a dhíol amhlaidh.

(3) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo i gcás cumhacht a bheith ann chun ordú dá shórt a dhéanamh faoi aon achtachán eile.

(4) Gach duine a mhonaróidh, a chóimeáilfidh nó a dhíolfaidh aon earra contrártha d'ordú arna dhéanamh ag an Aire faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(5) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe faoin ordú.

Eolas eolaíochta agus eolas teicniúil a fhoilsiú.

45. —Féadfaidh an Institiúid ó am go ham eolas eolaíochta agus eolas teicniúil a fhoilsiú ina hainm féin, agus, le toiliú a Aire, cóid de chleachtais mholta.

Ionchúiseamh agus pionós i leith cionta.

46. —(1) Féadfaidh an tAire, nó féadfar ar agra an Aire mar ionchúisitheoir, ionchúiseamh a dhéanamh i leith gach ciona faoin Acht seo.

(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí nó fíneáil nach mó céad punt nó an phríosúnacht agus an fhíneáil sin le chéile a chur air.

Cosaint ar imeachtaí dlí.

47. —Ní luífidh aon chaingean ná imeacht dlí (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana toiliúla) in aghaidh na hInstitiúide ná an Bhoird ná in aghaidh aon chomhalta den Bhord ná aon choiste arna cheapadh ag an mBord ná in aghaidh oifigeach nó seirbhíseach don Institiúid i dtaobh, nó de dhroim, iad do dhéanamh taighde, fiosraithe, tástála nó taifigh de réir an Achta seo nó d'fhoilsiú a thorthaí sin in ainm na hInstitiúide.