13 1960


Uimhir 13 de 1960.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGEADAIS AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1958. [24 Bealtaine, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1952, Uimh. 16 .

1956, Uimh. 31 .

1958, Uimh. 27 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1956” Acht na dTithe (Leasú), 1956 ;

ciallaíonn “Acht 1958” Acht na dTithe (Leasú), 1958 .

Ailt áirithe do leanúint i bhfeidhm.

1948, Uimh. 1 .

2. —(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá (de bhua alt 6 d'Acht 1958) i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 16 d'Acht na dTithe (Leasú), 1948 , i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Acht sin agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1952 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.

(2) (a) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá (de bhua alt 6 d'Acht 1958) i mír (ii) d'fho-alt (1) agus i mír (ii) d'fho-alt (2) d'alt 11 d'Acht 1956 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.

(b) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1958) d'alt 11 d'Acht 1956 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.

(3) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá in alt 9 d'Acht 1958 a fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1962.

(4) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an alt seo amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach.

Caiteachas.

3. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire Rialtais Áitiúil ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) A mhéid a leasaíonn an tAcht seo Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1958, féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1960, a ghairm de agus de na hAchtanna sin le chéile.