|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1959. | ||
[EN] |
ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 AGUS 1946. [18 Márta, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||
[EN] |
Foirm na bpáipéar ballóide i reifreann bunreachta. |
1. —I reifreann bunreachta— | ||||||||||||||||||||
[EN] | (a) is sa bhfoirm atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh gach páipéar ballóide, agus | |||||||||||||||||||||
[EN] | (b) déanfar an togra is ábhar don reifreann a lua ar an bpáipéar ballóide tríd an mBille ina mbeidh an togra sin agus a bheidh rite nó a mheasfar a bheith rite ag dhá Theach an Oireachtais a lua faoina ghearrtheideal. | |||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasuithe de dhroim ailt 1. 1942, Uimh. 8 . |
2. —Beidh éifeacht ag Acht an Reifrinn, 1942 , faoi réir na leasuithe a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | ||||||||||||||||||||
[EN] |
Vótáil ag daoine i bhfostaíocht ceann comhairimh áitiúla. |
3. —I gcás— | ||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ina mbeidh teideal ag duine vóta a chaitheamh sa vótáil i reifreann, | |||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go mbeidh sé fostaithe, ag an gceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar ina mbeidh teideal aige vótáil, chun aon chríche i ndáil leis an vótáil sa dáilcheantar sin, agus | |||||||||||||||||||||
[EN] | (c) gur amhlaidh d'imthosca a fhostaíochta, i dtuairim an oifigigh sin, go gcoisceann siad air vótáil sa stáisiún vótála a mbeadh teideal aige vótáil ann mura mbeadh sin, | |||||||||||||||||||||
[EN] | feadfaidh an t-oifigeach sin údarás i scríbhinn a thabhairt dó chun vótáil i stáisiún vótála sonraithe eile sa dáilcheantar sin, agus measfar, chun críche rialach 8 den na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942 , gurb é an stáisiún vótála a shonrófar amhlaidh an stáisiún vótála a bheidh ceaptha dó. | |||||||||||||||||||||
[EN] |
Lá na vótála i reifreann bunreachta arb é freisin lá na vótála é do thoghchán an Uachtaráin nó d'olltoghchán. |
4. —(1) Aon uair arb é lá na vótála i reifreann bunreachta an lá a dhéanfar freisin an vótáil chun duine a thoghadh chun oifige Uachtarán na hÉireann nó in olltoghchán, oibreoidh údarás faoi alt 3 den Acht seo freisin, i dteannta oibriú chun a údarú do dhuine dá dtabharfar é vóta a chaitheamh sa vótáil sa reifreann sa stáisiún vótála a shonrófar san údarás, chun a údarú dó vóta a chaitheamh sa vótáil sa toghchán sa stáisiún vótála sin, agus measfar, chun críocha rialach 7 de na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht Toghcháin an Uachtaráin, 1937, nó rialach 16 de na rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923 (de réir mar is iomchuí), gurb é an stáisiún vótála sin an stáisiún vótála a bheidh ceaptha dó. | ||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I dteannta feidhm a bheith ag alt 28 d'Acht an Reifrinn, 1942 , aon uair arb é lá na vótála i reifreann bunreachta lá na vótála freisin in olltoghchán, beidh feidhm aige freisin aon uair arb é lá na vótála i reifreann bunreachta an lá a dhéanfar freisin vótáil chun duine a thoghadh chun oifige Uachtarán na hÉireann agus, chun na críche sin, déanfar tagairtí san alt sin d'olltoghchán a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine a thoghadh chun na hoifige sin. | |||||||||||||||||||||
[EN] |
Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958. |
5. —I reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958— | ||||||||||||||||||||
[EN] | (a) beidh an ráiteas atá leagtha amach sa bhFo-Scríbhinn a ghabhann leis an alt seo ar chárta vótála a chuirfear amach faoi fho-alt (1) d'alt 4 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1946 . | |||||||||||||||||||||
[EN] | (b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótála freisin go dtí gach toghthóir a bhfuil a ainm ar an gclár de thoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar an liosta de phost-vótálaithe don dáilcheantar sin, | |||||||||||||||||||||
[EN] | (c) aon chárta vótála a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo— | |||||||||||||||||||||
[EN] | (i) cuirfidh sé in iúl gur do phost-vótálaí é agus dá réir sin ní luafar ann uimhir agus suíomh na háite vótála dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt sin 4, | |||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) beidh an ráiteas ann dá dtagartar i mír (a) den alt seo, agus | |||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) cuirfear é leis an bpost chun an toghthóra, an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige go dtí an seoladh céanna a luafar ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide, | |||||||||||||||||||||
[EN] | (d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 4 maidir le cártaí vótála a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo, | |||||||||||||||||||||
[EN] | (e) féadfar cóipeanna den ráiteas dá dtagartar i mír (a) den alt seo a chur ar taispeáint i stáisiúin vótála nó ina maighne, | |||||||||||||||||||||
[EN] | (f) d'ainneoin ailt 2 den Acht seo agus fo-mhíre (ii) de mhír 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis, nuair a bheifear ag feidhmiú míre (3) de riail 18 de na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942 — | |||||||||||||||||||||
[EN] | (I) cuirfear an fho-mhír seo a leanas in ionad fomhíre (a) den mhír sin: | |||||||||||||||||||||
[EN] | “(a) léifidh an t-oifigeach ceannais don vótálaí gearrtheideal an Bhille ina bhfuil an togra chun an Bunreacht a leasú mar a bheidh sin ráite sa pháipéar ballóide agus fiafróidh sé ansin den vótálaí, ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an mBille sin a bheith ina dhlí nó an bhfuil tú i gcoinne an Bhille sin a bheith ina dhlí ?';” | |||||||||||||||||||||
[EN] | (II) cuirfear an fho-mhír seo a leanas in ionad fo-mhíre (c) den mhír sin: | |||||||||||||||||||||
[EN] | “(c) mura dtuigeann an vótálaí brí na ceiste sin— | |||||||||||||||||||||
[EN] | (i) léifidh an t-oifigeach ceannais don vótálaí an coimriú sin ar an togra is ábhar don reifreann atá sa ráiteas atá leagtha amach sa bhFo-Scríbhinn a ghabhann le halt 5 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1959 , | |||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) fiafróidh an t-oifigeach ceannais ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh—vótáil i bhfabhar an togra? nó vótáil i gcoinne an togra?', agus | |||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) marcálfaidh an t-oifigeach ceannais ansin an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí;” | |||||||||||||||||||||
FO-SCRIBHINN | ||||||||||||||||||||||
Tá an Coimriú seo a leanas ar phríomhthograí an Bhille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958, á chur amach mar eolas do vótálaithe. | ||||||||||||||||||||||
Faoi láthair, déantar comhaltaí Dháil Éireann a thoghadh de réir na hionadaíochta cionúire do dháilcheantair a dtoghann gach dáilcheantar ar leith díobh triúr Teachta Dála ar a laghad, agus bíonn vóta inaistrithe amháin ag gach vótálaí. | ||||||||||||||||||||||
Tá sé beartaithe sa Bhille deireadh a chur le córas na hionadaíochta cionúire agus glacadh, ina ionad, le córas dáilcheantar a dtoghfar Teachta Dála amháin do gach dáilcheantar ar leith díobh, agus vóta amháin nach mbeidh inaistrithe a bheith ag gach vótálaí. | ||||||||||||||||||||||
Tá beartaithe freisin sa Bhille Coimisiún a chur ar bun chun na Dáilcheantair a chinneadh agus a athmheas in ionad é sin a bheith á dhéanamh ag an Oireachtas, mar atá an scéal faoi láthair. | ||||||||||||||||||||||
MÁ THOILÍONN TÚ leis na tograí atá sa Bhille, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bPáipéar Ballóide. | ||||||||||||||||||||||
MURA dTOILÍONN TÚ leis na tograí atá sa Bhille, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bPáipéar Ballóide. | ||||||||||||||||||||||
Is féidir cóip de théacs iomlán an Bhille a iniúchadh agus a cheannach in aon Phost-Oifig sa tír. | ||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú, 1942, Uimh. 8 . |
6. —(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||
(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1959, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 agus 1946, agus den Acht seo le chéile. | ||||||||||||||||||||||
(3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 agus 1946, mar aon ní amháin. | ||||||||||||||||||||||
AN CHÉAD SCEIDEAL. Foirm an Pháipéir Bhallóide i Reifreann Bunreachta. | ||||||||||||||||||||||
Foirm éadain an pháipéir bhallóide. | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Foirm chúil an pháipéir bhallóide. | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
AN DARA SCEIDEAL. Leasuithe ar Acht an Reifrinn, 1942 . | ||||||||||||||||||||||
1. Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 15 maidir le reifreann bunreachta agus scoirfidh fo-alt (5) den alt sin d'éifeacht a bheith aige. | ||||||||||||||||||||||
2. I gcás reifrinn bhunreachta— | ||||||||||||||||||||||
(i) nuair a bheifear ag feidhmiú míre (1) de riail 3 de na rialacha atá sa Chéad Sceideal, cuirfear an fho-mhír seo a leanas in ionad fo-mhíre (b) den mhír sin: | ||||||||||||||||||||||
“(b) i dtaobh gearrtheidil an Bhille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann sin, agus”; agus | ||||||||||||||||||||||
(ii) nuair a bheifear ag feidhmiú míre (3) de riail 18 de na rialacha sin, cuirfear an fho-mhír seo a leanas in ionad fo-mhíre (c) den mhír sin: | ||||||||||||||||||||||
“(c) mura dtuigeann an vótálaí brí na ceiste sin, léifidh an t-oifigeach ceannais don vótálaí gearrtheideal an Bhille do leasú an Bhunreachta mar a bheidh sin ráite sa pháipéar ballóide agus fiafróidh sé ansin den vótálaí, ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an mBille sin a bheith ina dhlí nó an bhfuil tú i gcoinne an Bhille sin a bheith ina dhlí? agus marcálfaidh sé ansin an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí;”. |