1 1959


Uimhir 1 de 1959.


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AILT 18 DEN ACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1936, AGUS AN CHÉAD SCEIDIL A GHABHANN LEIS, IONAS GO bhFÉADFAR ÉIFEACHT A THABHAIRT DO PHRÓTOCOL (A SÍNÍODH SAN HÁG AN 28ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1955) AG LEASÚ AN CHOINBHINSIÚIN UM AONTÚ RIALACHA ÁIRITHE MAIDIR LE hIOMPAR IDIRNÁISIÚNTA D'AER, A SÍNÍODH I WARSAW AN 12ú LÁ DE DHEIREADH FÓMHAIR, 1929, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Márta, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1950, agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin Codanna III agus IV agus an Sceideal) i ngníomh díreach ar é a rith.

(2) Tiocfaidh na forálacha seo a leanas den Acht seo, eadhon, Codanna III agus IV agus an Sceideal, i ngníomh cibé lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Rialtas.

Léiriú.

1936, Uimh. 40 .

3. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936;

ciallaíonn “Prótocol 1955 le Coinbhinsiún Warsaw” an Prótocol (a síníodh san Hág an 28 Meán Fómhair, 1955) ag leasú Coinbhinsiúin Warsaw;

tá le “Coinbhinsiún Warsaw” an bhrí chéanna atá leis sa Phríomh-Acht.

CUID II.

Leasuithe ar an bPríomh-Acht.

Alt 18 den Phríomh-Acht a leasú.

4. —(1) Cuirfear an clásal seo a leanas in ionad clásail (ii) de mhír (b) d'alt 18 den Phríomh-Acht—

“(ii) le linn aon ghaol a chomhaireamh—

(I) duine a uchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) , measfar gur leanbh leis an uchtóir nó leis na huchtóirí é a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é,

(II) faoi réir fo-chlásail (I) den chlásal seo, measfar gur leanbh dlisteanach lena mháthair agus lena athair toimhdean duine mí-dhlisteanach,

(III) aon duine atá in loco parentis ag duine eile measfar gurb é tuismitheoir an duine eile sin é;”.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás caingne chun dliteanas iompróra a chur i bhfeidhm maidir le bás paisinéara más roimh an Acht seo a rith a tharla an bás.

An Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú.

5. —Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú sna slite seo a leanas—

(a) cuirfear an focal “baggage” in ionad an fhocail “luggage” gach áit ina bhfuil an focal deiridh sin sa leagan Béarla,

(b) cuirfear an abairt “baggage ticket” in ionad na habairte “luggage ticket” gach áit ina bhfuil an abairt sin sa leagan Béarla,

(c) cuirfear tagairt do “lucht” in ionad na tagartha don fhocal “earraí” gach áit ina bhfuil an focal deiridh sin,

(d) cuirfear an abairt “bille aeriompair” in ionad na habairte “nóta aer-chonsighneachta” gach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin.

CUID III.

Forálacha maidir le Prótocol 1955 a ghabhann le Coinbhinsiún Warsaw.

Feidhm Choda III.

6. —Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo ach maidir le Stáit atá ina bpáirtithe i bPrótocol 1955 a ghabhann le Coinbhinsiún Warsaw.

Feidhm dlí a bheith sa Stát ag Prótocol 1955 a ghabhann le Coinbhinsiún Warsaw.

7. —(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag forálacha Phrótocoil 1955 a ghabhann le Coinbhinsiún Warsaw mar atá sin leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht, is é sin, alt 18 (arna leasú le halt 4 den Acht seo) agus ag an gCéad Sceideal (arna leasú le halt 5 den Acht seo).

(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú ó am go ham a dheimhniú cé hiad na páirtithe i bPrótocol 1955 a ghabhann le Coinbhinsiún Warsaw, cad iad na críocha faoi seach ar páirtithe iad maidir leo agus cad é an leas a bhaineadar as an gceart forcoimeáda dá ndéantar socrú in Airteagal XXVI de Phrótocol 1955 a ghabhann le Coinbhinsiún Warsaw.

(3) Aon suim i bhfrancanna a luaitear in Airteagal 22 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, arna leasú le hAirteagal XI den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar, chun críocha caingne i gcoinne an iompróra, é a chomhshó in airgeadra an Stáit de réir an ráta mhalartaithe a bheidh ann an dáta a chinnfidh an Chúirt méid aon damáistí a bheidh le n-íoc ag an iompróir.

CUID IV.

Aeriompar nach Aeriompar Idirnáisiúnta.

Alt 20 den Phríomh-Acht a leasú.

8. —In alt 20 den Phríomh-Acht—

(a) forléireofar tagairtí don Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar thagairtí don Chéad Sceideal sin arna leasú le halt 5 den Acht seo agus leis an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) forléireofar an tagairt d'alt 18 den Phríomh-Acht mar thagairt don alt sin 18 arna leasú le halt 4 den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

PROTOCOL

Ailt 7 agus 8.

DO LEASU AN CHOINBHINSIUIN UM AONTU RIALACHA AIRITHE MAIDIR LE hIOMPAR IDIRNAISIUNTA d'AER A SINIODH I WARSAW AN 12 DEIREADH FOMHAIR, 1929.

TA NA RIALTAIS, A BHFUIL A SINIU FAOI SEO,

DE BHRÍ gur inmhianaithe leo go leasófaí an Coinbhinsiún um Aontú Rialacha Airithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a síníodh i Warsaw an 12 Deireadh Fómhair, 1929,

TAR EIS COMHAONTU mar leanas:

CAIBIDIL I.

Leasuithe ar an gCoinbhinsiún.

Airteagal I.

In Airteagal I den Choinbhinsiún—

(a) scriosfar mír (2) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad:—

“(2) Chun críocha an Choinbhinsiún seo, ciallaíonn an abairt “iompar idirnáisiúnta” aon iompar ina mbeidh, de réir an chomhaontaithe idir na páirtithe, an áit fágála agus an ceann scríbe, cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iompar a bhriseadh nó tarloingsiú, i gcríocha dhá Pháirtí Ard-Chonarthacha nó i gcríoch aon Pháirtí Ard-Chonarthaigh amháin má bhíonn áit stoptha chomhaontaithe i gcríoch Stáit eile, fiú muran Páirtí Ard-Chonarthach an Stát sin. Ní iompar idirnáisiúnta chun críocha an Choinbhinsiúin seo iompar idir dhá phointe laistigh de chríoch aon Pháirtí Ard-Chonarthaigh amháin gan áit stoptha chomhaontaithe a bheidh laistigh de chríoch Stáit eile.”

(b) scriosfar mír (3) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad—

“(3) Iompar a bheidh le déanamh ag roinnt aeriompróirí i ndiaidh a chéile measfar, chun críocha an Choinbhinsiúin seo, gur iompar neamhroinnte amháin é má áiríonn na páirtithe é mar aon oibríocht amháin, cibé acu a comhaontaíodh nó nár comhaontaíodh ina thaobh i bhfoirm chonartha amháin nó sreath conarthaí, agus ní chaillfidh sé a ghné idirnáisiúnta de bhíthin conradh amháin nó sreath conarthaí a bheith le comhlíonadh uile go léir i gcríoch an aon-Stáit amháin.”

Airteagal II.

In Airteagal 2 den Choinbhinsiún—

scriosfar mír (2) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad:—

“(2) Ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo le hiompar litreacha agus pacáidí poist.”

Airteagal III.

In Airteagal 3 den Choinbhinsiún—

(a) scriosfar mír (1) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad:—

“(1) Maidir le hiompar paisinéirí seachadfar ticéad a mbeidh:

(a) an áit fágála agus an ceann scríbe luaite ann;

(b) más i gcríoch aon Pháirtí Ard-Chonarthaigh amháin atá an áit fágála agus an ceann scríbe, agus gur i gcríoch Stáit eile atá áit stoptha chomhaontaithe amháin nó níos mó, áit stoptha amháin ar a laghad acu sin luaite ann;

(c) fógra sa chéill seo air, eadhon, má stopann paisinéir ag ceann scríbe nó d'aga turais i dtír seachas an tír a fhágfar, go bhféadfaidh feidhm a bheith ag Coinbhinsiún Warsaw agus go rialaíonn an Coinnhinsiún agus go dteorannaíonn sé i bhformhór na gcásanna dliteanas iompróirí maidir le bás nó díobháil phearsanta agus maidir le bagáiste a chailleadh nó a dhamáistiú.”

(b) scriosfar mír (2) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad:—

“(2) Beidh an ticéad paisinéara ina fhianaise prima facie ar an gconradh iompair a dhéanamh agus ar a choinníollacha. Mura mbeidh an ticéad paisinéara ann nó má bhíonn sé neamhrialta nó má chailltear é ní dhéanfaidh sin difir do chonradh iompair a bheith ann ná do bhailíocht an chonartha sin, agus beidh an conradh iompair, ar a shon sin, faoi réir rialacha an Choinbhinsiúin seo. Ach, mar sin féin, má théann an paisinéir ar bord, le toiliú an iompróra, gan ticéad paisinéara a bheith seachadta, nó mura mbeidh ar an ticéad an fógra a cheanglaítear le mír (1) (c) den Airteagal seo, ní bheidh an t-iompróir i dteideal leas a bhaint as forálacha Airteagail 22.”

Airteagal IV.

In Airteagal 4 den Choinbhinsiún—

(a) scriosfar míreanna (1), (2) agus (3) agus cuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:—

“(1) Maidir le bagáiste cláraithe a iompar, tabharfar duillín bagáiste a mbeidh, mura mbeidh sé ag gabháil le ticéad paisinéara nó corpraithe i dticéad paisnéara a chomhlíonann forálacha Airteagail 3, mír (1),:

(a) an áit fágála agus an ceann scríbe luaite ann;

(b) más i gcríoch aon Pháirtí Ard-Chonarthaigh amháin atá an áit fágála agus an ceann scríbe, agus gur i gcríoch Stáit eile atá áit stoptha chomhaontaithe amháin nó níos mó, áit stoptha amháin ar a laghad acu sin luaite ann;

(c) fógra sa chéill seo ann, eadhon, má stopann au t-iompar ag ceann scríbe nó d'aga turais i dtír seachas an tír a fhágfar, go bhféadfaidh feidhm a bheith ag Coinbhinsiún Warsaw agus go rialaíonn an Coinbhinsiún agus go dteorannaíonn sé i bhformhór na gcásanna dliteanas iompróirí maidir le bagáiste a chailleadh nó a dhamáistiú.”

(b) scriosfar mír (4) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad:—

“(2) Beidh an duillín bagáiste ina fhianaise prima facie ar an mbagáiste a chlárú agus ar choinníollacha an chonartha iompair. Mura mbeidh an duillín bagáiste ann nó má bhíonn sé neamhrialta nó má chailltear é ní dhéanfaidh sin difir do bhailíocht an an chonartha iompair agus beidh an conradh iompair, ar a shon sin, faoi réir rialacha an Choinbhinsiúin seo. Ach, mar sin féin, má ghlacann an t-iompróir urlámh ar an mbagáiste gan duillín bagáiste a bheith seachadta nó mura mbeidh sa duillín bagáiste (mura mbeidh sé ag gabháil leis an ticéad paisinéara, nó corpraithe sa ticéad paisinéara, a chomhlíonfaidh forálacha Airteagail 3, mír (1) (c) an fógra a cheanglaítear le mír (1) (c) den Airteagal seo, ní bheidh teideal aige leas a bhaint as forálacha Airteagail 22, mír (2).”

Airteagal V.

In Airteagal 6 den Choinbhinsiún—

scriosfar mír (3) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad:—

“(3) Síneoidh an t-iompróir sula gcuirfear an lucht ar bord an aerárthaigh.”

Airteagal VI.

Scriosfar Airteagal 8 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:—

“Maidir leis an mbille aeriompair:

(a) beidh an áit fágála agus an ceann scríbe luaite ann;

(b) más i gcríoch aon Pháirtí Ard-Chonarthaigh amháin atá an áit fágála agus an ceann scríbe, agus gur i gcríoch Stáit eile atá áit stoptha chomhaontaithe amháin nó níos mó, beidh áit stoptha amháin ar a laghad acu sin luaite ann;

(c) beidh fógra ann chun an choinsíneora sa chéill seo, eadhon, má stopann an t-iompar ag ceann scríbe nó d'aga turais i dtír seachas an tír a fhágfar, go bhféadfaidh feidhm a bheith ag Coinbhinsiún Warsaw agus go rialaíonn an Coinbhinsiún agus go dteorannaíonn sé i bhformhór na gcásanna dliteanas iompróirí maidir le lucht a chailleadh nó a dhamáistiú.”

Airteagal VII.

Scriosfar Airteagal 9 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:—

“Má dhéantar, le toiliú an iompróra, lucht a chur ar bord an aerárthaigh gan bille aeriompair a bheith déanta amach, nó mura mbeidh sa bhille aeriompair an fógra a cheanglaítear le hAirteagal 8, mír (c), ní bheidh teideal ag an iompróir leas a bhaint as forálacha Airteagail 22, mír (2).”

Airteagal VIII.

In Airteagal 10 den Choinbhinsiún—

scriosfar mír (2) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad:—

“(2) Tabharfaidh an coinsíneoir slánaíocht don iompróir sa damáiste go léir a tharlóidh dó féin, nó d'aon duine eile a mbeidh an t-iompróir faoi dhliteanas dó, de dhroim na sonraí agus na ráitis a thug an coinsíneoir a bheith neamhrialta, mícheart nó neamhdhóthaineach.”

Airteagal IX.

Cuirfear le hAirteagal 15 den Choinbhinsiún—

an mhír seo leanas:—

“(3) Ní choisceann aon ní sa Choinbhinsiún seo bille aeriompair so-shannta a eisiúint.”

Airteagal X.

Scriosfar mír (2) d'Airteagal 20 den Choinbhinsiún.

Airteagal XI.

Scriosfar Airteagal 22 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo leanas ina ionad:—

“Airteagal 22

(1) In iompar daoine tá dhá chéad agus caoga míle franc de theorainn le dliteanas an iompróra i leith gach paisinéara. Más rud é gur féidir, de réir dlí na cúirte ar os a comhair a bheidh an cás, damáistí a dhámhadh i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla, ní bheidh comhluach caipitiúil na n-íocaíochtaí sin níos mó ná dhá chéad agus caoga míle franc. Ach mar sin féin, féadfaidh an paisinéir, trí chonradh speisialta, a chomhaontú leis an iompróir gur teorainn níos airde ná sin a bheidh leis an dliteanas.

(2) (a) In iompar bagáiste chláraithe agus luchta, tá dhá chéad agus caoga franc an cilegram de theorainn le dliteanas an iompróra, mura mbeidh an paisinéir nó an coinsíneoir tar éis dearbhú speisialta a dhéanamh, le linn an pacáiste a thabhairt don iompróir, ag dearbhú leasa sa seachadadh ag ceann scríbe agus tar éis suim fhorlíontach a íoc más gá sin. Sa chás sin, dlífidh an t-iompróir suim nach mó ná an tsuim dearbhaithe a íoc, mura gcruthóidh sé gur mó an tsuim sin ná leas iarbhír an phaisinéara nó an choinsíneora sa seachadadh ag ceann scríbe.

(b) Má chailltear, má dhamáistítear nó má mhoillítear cuid de bhagáiste cláraithe nó de lucht, nó aon ní sa chéanna, is é an meáchan a chuirfear san áireamh, nuair a bheifear ag cinneadh na suime a bheidh de theorainn le dliteanas an iompróra, meáchan iomlán, agus meáchan iomlán amháin, an phacáiste nó na bpacáistí a bheidh i gceist. Mar sin féin, i gcás ina ndéanfaidh cuid den bhagáiste cláraithe nó den lucht, nó aon ní sa chéanna, a chailleadh, a dhamáistiú nó a mhoilliú difir do luach pacáistí eile a bheidh ar áireamh sa duillín bagáiste céanna nó sa bhille aeriompair céanna, déanfar meáchan iomlán an phacáiste nó na bpacáistí sin a chur san áireamh freisin nuair a bheifear ag cinneadh teorann an dliteanais.

(3) Maidir le nithe a ghlacfaidh an paisinéir féin faoina chúram, cúig mhíle franc an paisinéir teorainn dliteanais an iompróra.

(4) Ní choiscfidh na teorainneacha a fhorordaítear leis an Airteagal seo an chúirt ón méid iomlán, nó cuid den méid iomlán, costas cúirte agus caiteachas eile dlí faoina rachaidh an gearánaí a dhámhadh ina theannta sin, de réir a dlí féin. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin roimhe seo muran mó méid an damáiste a dhámhfar, gan costais chúirte agus caiteachais eile dlí a áireamh, ná an tsuim a thairg an t-iompróir i scríbhinn don ghearánaí laistigh de thréimhse sé mhí ó dháta an teagmhais ba chúis leis an damáiste, nó roimh an gcaingean do thosú, más déanaí sin.

(5) Na suimeanna a luaitear i bhfrancanna san Airteagal seo measfar gur suimeanna iad in airgeadra a bhfuil seasca a cúig go leith milleagram óir d'fhíneáltacht naoi gcéad as an míle ina aonad. Féadfar na suimeanna sin a chomhshó in airgeadraí náisiúnta ina bhfigiúirí is iolraithe ar dheich. I gcás imeachtaí breithiúnais, déanfar na suimeanna a chomhshó in airgeadraí náisiúnta seachas ór de réir ór-luach na n-airgeadraí sin ar dháta an bhreithiúnais.”

Airteagal XII.

In Airteagal 23 den Choinbhinsiún, athuimhreofar an fhoráil láithreach ina mhír (1) agus cuirfear mír eile isteach mar leanas:—

“(2) Ní bhainfidh mír (1) den Airteagal seo le forálacha a bhaineann le caillteanas nó damáiste de dheasca locht, cáilíocht nó duáilce nádúrtha an luchta a iompraíodh.”

Airteagal XIII.

In Airteagal 25 den Choinbhinsiún—

scriosfar míreanna (1) agus (2) agus cuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:—

“Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha dliteanais a shonraítear in Airteagal 22 má chruthaítear gur tharla an damáiste de dhroim gnímh nó neamhghnímh an iompróra, a sheirbhíseach nó a ghníomhairí, a rinneadh le hintinn damáiste a dhéanamh, nó go rascánta agus a fhios gur dhócha go dtiocfadh damáiste de; ar choinníoll go ndéanfar, i gcás gnímh nó neamhghnímh den sórt sin ag seirbhíseach nó gníomhaire, a chruthú freisin go raibh sé ag gníomhú faoi chuimsiú a fhostaíochta.”

Airteagal XIV.

Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagail 25 den Choinbhinsiún:—

“Airteagal 25 A.

(1) Má bhunaítear caingean i gcoinne seirbhísigh nó gníomhaire don iompróir de dhroim damáiste lena mbaineann an Coinbhinsiún seo, beidh teideal ag an seirbhíseach nó ag an ngníomhaire sin, má chruthaíonn sé gur ghníomhaigh sé faoi chuimsiú a fhostaíochta, leas a bhaint as na teorainneacha dliteanais a bhfuil teideal ag an iompróir sin féin leas a bhaint astu faoi Airteagal 22.

(2) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna is inaisghafa ón iompróir, a sheirbhísigh agus a ghníomhairí sa chás sin thar na teorainneacha sin adúradh.

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha míreanna (1) agus (2) den Airteagal seo má chruthaítear gur tharla an damáiste de dhroim gnímh nó neamhghnímh an tseirbhísigh nó an ghníomhaire a rinneadh le hintinn damáiste a dhéanamh nó go rascánta agus a fhios gur dhócha go dtiocfadh damáiste de.”

Airteagal XV.

In Airteagal 26 den Choinbhinsiún—

scriosfar mír (2) agus cuirfear an méid seo a leanas ina hionad:—

“(2) I gcás damáiste, caithfidh an duine a bheidh i dteideal seachadadh a fháil gearán a dhéanamh leis an iompróir láithreach tar éis an damáiste a fhionnadh, agus, ar a dhéanaí, laistigh de sheacht lá ó dháta a fhála i gcás bagáiste agus laistigh de cheithre lá déag ó dháta a fhála i gcás luchta. I gcás moille, caithfear an gearán a dhéanamh laistigh de lá agus fiche ar a dhéanaí ón dáta a cuireadh an bagáiste nó an lucht ar fáil dó.”

Airteagal XVI.

Scriosfar Airteagal 34 den Choinbhinsiún agus cuirfear an méid seo a leanas ina ionad:—

“Na forálacha sin d'Airteagail 3 go 9 go huile a bhaineann le doiciméid iompair ní bheidh feidhm acu i gcás iompar a dhéanfar in imthosca neamhchoitianta lasmuigh de ghnáth-scóp ghnó aeriompróra.”

Airteagal XVII.

Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagail 40 den Choinbhinsiún:—

“Airteagal 40 A.

(1) In Airteagal 37, mír (2) agus in Airteagal 40, mír (1) Stát a chiallóidh an abairt Páirtí Ard-Chonarthach. I ngach cás eile, ciallóidh an abairt Páirtí Ard-Chonarthach Stát a bhfuil a dhaingniú ar, nó a ghabháil leis, an gCoinbhinsiún tar éis teacht in éifeacht agus nach bhfuil a shéanadh air tar éis teacht in éifeacht.

(2) Chun críocha an Choinbhinsiúin, ciallaíonn an focal críocha ní hé amháin críocha metrapolaiteacha Stáit ach na críocha eachtrannacha uile a bhfuil an Stát sin freagrach ina gcaidreamh coigríche.”

CAIBIDIL II.

Scóp Feidhme an Choinbhinsiúin arna Leasú.

Airteagal XVIII.

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún, arna leasú leis an bPrótocol seo, maidir le hiompar idirnáisiúnta mar mhínítear sin in Airteagal 1 den Choinbhinsiún, ar choinníoll gur i gcríocha dhá pháirtí sa Phrótocol seo nó i gcríoch aon pháirtí amháin sa Phrótocol seo atá an áit fágála agus an ceann scríbe dá dtagraítear san Airteagal sin agus áit stoptha chomhaontaithe i gcríoch Stáit eile.

CAIBIDIL III.

Clásail Dheiridh.

Airteagal XIX.

Amháil idir na Páirtithe sa Phrótocol seo, léifear agus léireofar an Coinbhinsiún agus an Prótocol le chéile mar aon ionstraim amháin agus Coinbhinsiún Warsaw arna leasú sa Hág, 1955, a ghairfear den chéanna.

Airteagal XX.

Go dtí an dáta a thiocfaidh an Prótocol seo i bhfeidhm de réir forálacha Airteagail XXII, mír (1), fanfaidh sé ar oscailt chun a shínithe thar ceann aon Stáit a bheidh, suas go dtí an dáta sin, tar éis an Coinbhinsiún a dhaingniú nó gabháil leis, nó tar éis páirt a ghlacadh sa Chomhdháil ag ar glacadh leis an bPrótocol seo.

Airteagal XXI.

(1) Beidh an Prótocol seo faoi réir a dhaingnithe ag na Stáit a shínigh é.

(2) Má dhaingníonn aon Stát nach Páirtí sa Choinbhinsiún an Prótocol seo is é a éifeacht sin gabháil leis an gCoinbhinsiún arna leasú leis an bPrótocol seo.

(3) Taiscfear na doiciméid daingniúcháin le Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne.

Airteagal XXII.

(1) A luaithe a bheidh tríocha Stát sínitheach tar éis a n-ionstraimí ag daingniú an Phrótocoil seo a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatorthu an nóchadú lá tar éis an tríochadú doiciméad daingniúcháin a thaisceadh. Gach Stát a dhaingneoidh é ina dhiaidh sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ina leith an nóchadú lá tar éis don Stát a ionstraim daingniúcháin a thaisceadh.

(2) A luaithe a thiocfaidh an Prótocol seo i bhfeidhm, déanfaidh Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne é a chlárú leis na Náisiúin Aontaithe.

Airteagal XXIII.

(1) Tar éis é don Phrótocol seo teacht i bhfeidhm, beidh sé ar oscailt chun aon Stát nár shínigh é do ghabháil leis.

(2) Má ghabhann aon Stát nach Páirtí sa Choinbhinsiún leis an bPrótocol seo is é a éifeacht sin gabháil leis an gCoinbhinsiún arna leasú leis an bPrótocol seo.

(3) Gabhfar leis an bPrótocol seo trí ionstraim ghabhála a thaisceadh le Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne agus tiocfaidh an ghabháil sin in éifeacht an nóchadú lá tar éis an taiscthe.

Airteagal XXIV.

(1) Féadfaidh aon Pháirtí sa Phrótocol seo an Prótocol a shéanadh trí fhógra a dhíreofar chun Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne.

(2) Tiocfaidh séanadh in éifeacht sé mhí tar éis do Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne an fógra séanta a fháil.

(3) Amhail idir na Páirtithe sa Phrótocol seo, má shéanann aon cheann acu an Coinbhinsiún de réir Airteagail 39 de, ní fhorléireofar sin ar aon slí mar shéanadh ar an gCoinbhinsiún arna leasú leis an bPrótocol seo.

Airteagal XXV.

(1) Beidh feidhm ag an bPrótocol seo maidir le gach críoch a bhfuil Stát is Páirtí sa Phrótocol seo freagrach ina gcaidreamh coigríche, ach amháin críocha a bhfuil dearbhú déanta maidir leo de réir míre (2) den Airteagal seo.

(2) Féadfaidh aon Stát, an tráth a thaiscfear a ionstraim daingniúcháin nó gabhála, a dhearbhú nach mbaineann a ghlacadh leis an bPrótocol seo le haon cheann nó níos mó de na críocha a bhfuil an Stát sin freagrach i gcaidreamh coigríche an chéanna.

(3) Féadfaidh aon Stát ina dhiaidh sin, trí fhógra chun Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne, feidhm an Phrótocoil seo a shíneadh chun aon cheann nó gach ceann de na críocha a mbeidh dearbhú déanta aige faoi de réir míre (2) den Airteagal seo. Glacfaidh an fógra éifeacht an nóchadú lá tar éis don Rialtas sin é a fháil.

(4) Féadfaidh aon Stát is Páirtí sa Phrótocol seo é a shéanadh, de réir forálacha Airteagail XXIV, mír (1), ar leithligh maidir le haon cheann nó le gach ceann de na críocha a bhfuil an Stát sin freagrach i gcaidreamh coigríche an chéanna.

Airteagal XXVI.

Ní fhéadfar aon fhorcoimeád a dhéanamh maidir leis an bPrótocol seo ach go bhféadfaidh Stát a dhearbhú, tráth ar bith, trí fhógra a dhíreofar chun Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne nach mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún, arna leasú leis an bPrótocol seo, maidir le daoine, lucht agus bagáiste a iompar dá údaráis mhíleata ar aerárthaigh a bheidh cláraithe sa Stát sin agus a mbeidh a dtoille uile curtha in áirithe ag na húdaráis sin nó thar a gceann.

Airteagal XXVII.

Tabharfaidh Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne fógra láithreach do Rialtais na Stát uile a shínigh an Coinbhinsiún nó an Prótocol seo, do gach Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún nó sa Phrótocol seo, agus do gach Stát is Comhalta den Eagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Sibhialta nó de na Náisiúin Aontaithe agus don Eagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Sibhialta ina gcuirfear in iúl:

(a) aon síniú ar an bPrótocol seo agus a dháta;

(b) taisceadh aon ionstraime daingniúcháin nó gabhála i leith an Phrótocoil seo agus a dháta;

(c) an dáta a thiocfaidh an Prótocol seo i bhfeidhm de réir Airteagail XXII, mír (1);

(d) fáil aon fhógra shéanta a fuarthas agus a dháta;

(e) fáil aon dearbhaithe nó fógra a rinneadh faoi Airteagal XXV agus a dháta; agus

(f) fáil aon fhógra a rinneadh faoi Airteagal XXVI agus a dháta.

MAR FHIANAISE AIR SIN shínigh na Lánchumhachtaigh a bhfuil a sínithe thíos, agus iad údaraithe go cuí, an Prótocol seo.

ARNA DHEANAMH sa Hág an tOchtú lá fichead de mhí Mheán Fómhair na bliana Míle Naoi gCéad Caoga a Cúig, i dtrí théacs údarásach i mBéarla, Francis agus Spáinnis. I gcás aon neamhréire, beidh tosaíocht ag an téacs san Fhraincis, an teanga inar dréachtaíodh an Coinbhinsiún.

Taiscfear an Prótocol seo le Rialtas Daon-Phoblacht na Polainne, lena bhfanfaidh sé, de réir Airteagail XX, ar oscailt chun a shínithe, agus cuirfidh an Rialtas sin cóipeanna deimhnithe de go dtí Rialtais na Stát uile a shínigh an Coinbhinsiún nó an Prótocol seo, go dtí na Stáit uile is Páirtithe sa Choinbhinsiún nó sa Phrótocol seo, agus go dtí na Stáit uile is Comhaltaí den Eagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Sibhialta nó de na Náisiúin Aontaithe, agus go dtí an tEagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Sibhialta.

(Tá anseo ina dhiaidh seo sínithe thar ceann Stát áirithe, lena n-áirítear an Stát).