35 1958


Uimhir 35 de 1958.


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) 1927 GO 1955, AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE MAIDIR LE CUMHACHTAÍ BHORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS FAOI ACHTACHÁIN ÁIRITHE EILE. [23 Nollaig, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1945, Uimh. 12 .

1949, Uimh. 12 .

1954, Uimh. 17 .

1955, Uimh. 20 .

R. & O.R., 1943, Uimh. 183.

1942, Uimh. 17 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1945” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ;

ciallaíonn “Acht 1949” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949 ;

ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 ;

ciallaíonn “Acht 1955” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1955 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1955;

ciallaíonn “an tsuim iomchuí” maidir le pinsean—

(a) mura mó ná £100 sa bhliain méid an phinsin, 15 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(b) más mó ná £100 sa bhliain ach nach mó ná £125 sa bhliain méid an phinsin, £15 sa bhliain,

(c) más mó ná £125 sa bhliain ach nach mó ná £150 sa bhliain méid an phinsin, 12 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(d) más mó ná £150 sa bhliain ach nach mó ná £200 sa bhliain méid an phinsin, £18 sa bhliain,

(e) más mó ná £200 sa bhliain ach nach mó ná £300 sa bhliain méid an phinsin, 9 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(f) más mó ná £300 sa bhliain ach nach mó ná £450 sa bhliain méid an phinsin, £27 sa bhliain,

(g) más mó ná £450 sa bhliain méid an phinsin, 6 faoin gcéad de mhéid an phinsin;

ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

ciallaíonn “pinsean” an pinsean iomlán, lúide aon chuid de a géilleadh, is iníoctha le duine nach bhfuil i seirbhís an Bhoird, faoi na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1955, nó faoi cséim arna déanamh de bhun an Acht Aoisliúntais, 1942, nó iad araon;

ciallaíonn “dáta iomchuí”—

(a) i gcás duine lena mbaineann an scéim atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Bord Soláthair an Leictreachais (Scéim Aoisliúntais na Lámh-Oibrithe a Dhaingniú), 1943, nó a aicmeofaí nó a bheadh aicmithe mar lámh-oibrí chun críocha na scéime sin dá mbaineadh an scéim sin leis, an 1ú lá d'Iúil, 1957,

(b) i gcás duine a ndearnadh a luach saothair amhail ar an 13ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus ón lá sin amach, a choigeartú faoi réim threoir-fhigiúir chostais mhaireachtála, an dáta sin, agus

(c) in aon chás eile, an lú lá d'Iúil, 1952;

ciallaíonn “Acht Aoisliúntais 1942” Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942.

Méadú ar an gcaiteachas iomlán chun tuath-límistéir a leictriú.

2. —Ní rachaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun tuathlímistéi ar leictriú thar tríocha milliún punt agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1955 amhail is dá gcuirtí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ansin.

Airgead a sholáthar chun tuath-límistéir a leictriú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire Tionscail agus Tráchtála, agus go dtí, agus amháin go dtí, go sroichfidh caiteachas iomlán an Bhoird chun tuath-límistéir a leictriú tríocha milliún punt, leath an chaiteachais faoina ndeachaigh an Bord, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó ina dhiaidh sin é, a airleacan chun an Bhoird tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1958, de réir mar iarrfaidh agus nuair a iarrfaidh an Bord é, chun tuath-límistéir a leictriú.

(2) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a eiseofar agus a íocfar an t-airgead uile a airleacfar chun an Bhoird faoin bhfo-alt roimhe seo den alt seo.

(3) Déanfar an t-airgead uile a airleacfaidh an tAire Airgeadais chun an Bhoird faoin alt seo a aisíoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an bPríomh-Chiste cibé tráth nó tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Tar éis dáta an Achta seo a rith ní thabharfar a thuilleadh airleacain faoi alt 41 d'Acht 1945.

Airleacain chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste chun tuathlímistéir a leictriú.

4. —An chumhacht a thugtar don Aire Airgeadais le halt 5 d'Acht 1954 chun airgead a airleacan chun an Bhoird, féadfar í a fheidhmiú chun airgead a airleacan chun an Bhoird chun tuathlímistéir a leictriú agus, dá réir sin, déantar leis seo “agus faoi réir fo-ailt (2) d'alt 2 d'Acht 1955” a chur isteach i ndiaidh “faoi réir fo-ailt (3) d'alt 2” agus “chun gach críche caipitil” a chur in ionad “chun críocha seachas leictriú tuath-líomatáistí”.

Muirearú caiteachais iascaigh áirithe ag an mBord.

5. —Más rud é, sula gcinnfidh an Bord cé acu a chaomhnóidh nó nach gcaomhnóidh siad iascach nó ceart iascaireachta a dílsíodh sa Bhord, go rachaidh an Bord faoi chaiteachas maidir leis an iascach nó an ceart iascaireachta ag fionnadh a luacha nó ag cothabháil agus ag caomhnadh stoc éisc, muirearófar an caiteachas ar ioncam ginearálta an Bhoird agus is as a íocfar é.

Cuntas iascaigh.

1935, Uimh. 4 .

1927, Uimh. 27 .

1935, Uimh. 4 .

6. —(1) I ngach bliain airgeadais de chuid an Bhoird coimeádfaidh an Bord cuntas ar an airgead uile a gheobhaidh nó a chaithfidh an Bord,—

(a) faoi Achtanna Iascaigh na Sionainne, 1935 agus 1938,

(b) ag comhlíonadh na ndualgas a fhorchuirtear ar an mBord le Cuid III d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 , maidir le hiascaigh na Sionainne, de réir bhrí an Achta sin, agus

(c) ag feidhmiú cumhachtaí an Bhoird faoi alt 16 d'Acht 1945,

agus déanfar an t-iarmhéid ar scór an chuntais a chorprú i gcuntais ghinearálta an Bhoird.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht Soláthair an Leictreachais, 1927, maidir le hairgead a bhfuil feidhm ag an alt seo ina leith, agus beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) den alt sin agus, sa mhéid go bhfuil foráil ann i dtaobh cuntais a chur chun an Aire agus i dtaobh cóipeanna de chuntais a fhoilsiú agus a chur ar díol, beidh feidhm ag fo-alt (4) den alt sin maidir le cuntas a choimeádfar faoin alt seo amhail is dá mba chuntas é a coimeádadh faoin alt sin.

(3) Athghairtear leis seo alt 17 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 , agus fo-alt (3) d'alt 16 d'Acht 1945.

Cumhacht chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine i gcaillteanas nó i gceataí mar gheall ar Dhroichead Mhic Giobúin a ligean faoi uisce.

7. —In aon chás inar dóigh leis an mBord gur tharla nó go dtarlóidh, mar gheall ar Dhroichead Mhic Giobúin (ar a dtugtar Droichead na Dribsighe freisin) ar Abhainn Dribsighe i gContae Chorcaighe, a ligean faoi uisce, caillteanas mór nó ceataí mhór do dhuine ar bith is úinéir nó áititheoir, ar dháta thosach feidhme an Achta seo, ar thalamh i mbaile fearainn Chor an Óda nó i mbaile fearainn an Fhorghais i gContae Chorcaighe, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, cúiteamh a íoc leis an duine sin i leith an chaillteanais nó na ceataí adúradh a mbeidh cibé méid ann a mheasfaidh an Bord a bheith réasúnach ag féachaint do na himthosca uile.

Diúscairt talún ag an mBord.

8. —(1) Is dleathach agus measfar gur dhleathach riamh don Bhord aon talamh, cead slí, éasúint nó ceart eile i leith talún nó uisce a dhíol, a léasadh nó a dhiúscairt ar shlí eile i gcás inar dóigh leis an mBord nach bhfuil sin ag teastáil uathu feasta chun a ndualgais a chomhlíonadh nó a gcumhachtaí nó a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.

(2) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar ní a theorannaíonn aon chumhacht leis an mBord a thugtar le haon achtachán eile nó faoi.

Comhaltaí, oifigigh nó seirbhísigh an Bhoird a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

1927, Uimh. 27 .

9. —(1) Má ainmnítear comhalta den Bhord mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht an Bhoird do theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch dáta a scortha de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón mBord, aon tuarastal ná pá, de réir mar bheidh, in aghaidh tréimhse na hiasachta,

(c) d'ainneoin aon fhoráil sna hAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, nó in aon scéim a rinneadh de bhun Acht Aoisliúntais 1942—

(i) measfar, chun críocha aon scéime den sórt sin, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochar aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta ach ní mheasfar sin muran rud é agus amháin muran rud é—

(I) go raibh sé i mbuan-fhostaíocht an Bhoird agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta agus nach duine eiscthe (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi sa bhfo-alt seo agus sa chéad fho-alt eile agus atá léi in alt 13 d'Acht Aoisliúntais 1942),

(II) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Bhord laistigh de thrí mhí tar éis dáta tosaigh tréimhse na hiasachta, ranníoca a íoc faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta de réir forálacha an fho-ailt seo, agus

(III) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonróidh an coiste a cheapfar go cuí faoin scéim, ranníoca faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta ar comhionann a méid agus comhshuim na ranníoc a bheadh íoctha aige féin agus na ranníoc a bheadh íoctha ag an mBord in aghaidh tréimhse na hiasachta, dá bhfanadh sé gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Bhoird ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin,

(ii) ní íocfaidh an Bord aon ranníoca faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, an chuid sin de na ranníoca a bheith íoctha ag an mBord is iníoctha ag an duine sin mar adúradh agus is comhionann le méid na ranníoc a bheadh íoctha ag an mBord faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-alt seo, i seirbhís an Bhoird ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin,

(iii) má fhoirceanntar tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor den fhostaíocht sin, measfar, chun críocha na scéime, gur éag sé, nó gur scoir sé de bheith, i seirbhís an Bhoird, de réir mar bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige ón mBord díreach roimh éag nó scor dó amhlaidh, de réir mar bheidh,

(iv) mura n-íocfaidh sé nó más rud é, tar éis dó ranníoca a íoc faoin scéim de réir forálacha an fho-ailt seo, go scoirfidh sé de ranníoca a íoc mar adúradh, measfar, chun críocha na scéime, gur éirigh sé as an bhfostaíocht sin—

(I) i gcás é do scor de ranníoca a íoc mar adúradh, ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(II) in aon chás eile, díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta, agus

(v) aon tagairt sa bhfo-alt seo nó sa chéad fho-alt eile ina dhiaidh do luach saothair a bheith á fháil ag duine ar bith ón mBord measfar gur tagairt í do luach saothair a bheith á fháil ag an duine sin ón mBord de réir an ráta a raibh luach saothair á fháil aige ón mBord lá deiridh a fhostaíochta lán-aimsire faoin mBord roimh dhul ar iasacht faoi bhfo-alt seo, agus

(d)      (i) d'ainneoin aon fhorálacha sna hAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, más duine eiscthe é agus go raibh sé i mbuan-fhostaíocht an Bhoird díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta, ansin, chun críocha méid aon sochair aoisliúntais a mbeidh teideal aige chuige a íoc agus a ríomh, measfar gur seirbhís í ag an duine sin is ináirithe i leith sochar aoisliúntais is iníoctha ag an mBord faoi alt 39 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , nó faoi alt 13 d'Acht Aoisliúntais 1942 agus measfar, chun na gcríocha adúradh, go raibh luach saothair á fháil aige ón mBord ar feadh tréimhse na hiasachta, agus

(ii) má fhoirceanntar tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor den fhostaíocht sin, measfar, chun na gcríocha adúradh, gur éag sé, nó gur scoir sé de bheith, i seirbhís an Bhoird, de réir mar bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige ón mBord díreach roimh éag nó scor dó amhlaidh, de réir mar bheidh.

(3) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord do theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952—

(a) ní bheidh teideal aige tréimhse iomlán a sheirbhíse inphinsin ná aon chuid di, de réir bhrí na nAchtanna sin, a ríomh i leith aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh de bhun Acht Aoisliúntais 1942 nó is iníoctha ag an mBord,

(b) má bhíonn aon ranníoca íoctha aige de réir forálacha fo-ailt (2) den alt seo in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread díobh agus is comhionann le méid na ranníoc a bheadh íoctha aige faoin scéim in aghaidh na tréimhse sin dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoi fho-alt (2) den alt seo, i seirbhís an Bhoird i gcaitheamh na tréimhse sin agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón mBord i gcaitheamh na tréimhse sin a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníoca eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim, agus

(c) más duine eiscthe é, íocfaidh an Bord leis suim is comhionann leis an méid a thabharfaí ar ais dó faoi mhír (b) den fho-alt seo dá mba nár dhuine eiscthe é agus go mbeadh ranníoca íoctha aige de réir forálacha fo-ailt (2) den alt seo in aghaidh na tréimhse sin má íocann agus nuair a íocfaidh an Bord sochar nó íocaíocht eile leis ar scór a theidil chun aoisliúntais.

(4) Duine ag a mbeidh de thuras na huaire teideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fhad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

(5) Athghairtear leis seo alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 .

Méadú ar phinsin áirithe i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an dáta iomchuí.

10. —(1) Baineann an t-alt seo le pinsean a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an dáta iomchuí agus a cinneadh mar chionúireacht de luach saothair an duine lenar bhain sé.

(2) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú—

(a) an tsuim iomchuí, nó

(b) méid a dhéanfadh an pinsean comhionann leis an bpinsean dob iníoctha ar scor dó leis an duine lena mbaineann dá mba rud é go raibh, ar feadh na gcúig bliana díreach roimh scor dó, luach saothair á fháil aige de réir an ráta nó an scála luach saothair a bhain le fostaí don Bhord dá chomhchéim agus dá chomhsheirbhís ar an dáta iomchuí,

cibé acu is lú.

Méadú ar phinsin áirithe i leith seirbhíse a chríochnaigh tar éis an dáta iomchuí.

11. —(1) Baineann an t-alt seo le pinsean a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh an dáta iomchuí nó dá éis ach roimh an lú lá d'Aibreán, 1954, agus a cinneadh mar chionúireacht de luach saothair an duine lenar bhain sé.

(2) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú—

(a) an tsuim iomchuí, nó

(b) méid a dhéanfadh an pinsean sin comhionann leis an bpinsean dob iníoctha ar scor dó leis an duine lena mbaineann dá mba rud é go raibh, ar feadh na gcúig bliana díreach roimh an dáta iomchuí, luach saothair á fháil aige de réir an ráta nó an scála luach saothair a bhain leis ar an dáta iomchuí,

cibé acu is lú.

Méadú ar phinsin áirithe eile.

12. —(1) Baineann an t-alt seo le pinsean a deonadh roimh an dáta iomchuí agus a cinneadh ar shlí seachas mar chionúireacht de luach saothair an duine lenar bhain sé.

(2) Féadfar, más oiriúnach leis an mBord é, pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú cibé méid is cuí leis an mBord ag féachaint do na himthosca uile ach faoi réir na teorann nach rachaidh an méadú thar an suim iomchuí.

An dáta a thosóidh méadú pinsean agus a ré.

13. —Beidh éifeacht ag méadú pinsin faoin Acht seo ó dháta tosaithe an phinsin (agus an lá sin a áireamh) nó ón lú lá de Lúnasa, 1956, cibé acu is déanaí, agus ní hiníoctha é ach amháin ar feadh saoil an duine dár deonadh é.

Aoisliúntas Risteáird de Brún.

14. —(1) Má bhíonn Risteárd de Brún i seilbh oifige mar chathaoirleach an Bhoird, ar dháta tosach feidhme an Achta seo, beidh éifeacht ag alt 2 d'Acht Aoisliúntais 1942, arna leasú le alt 19 d'Acht 1954, i leith an Risteáird de Brún sin, amhail is dá ndéantaí “an ochtú cuid ceathrachad de thuarastal bhliantúil an bhaill sin in aghaidh gach bliana iomláine de thréimhse a bhallraíochta lánaimsire sa Bhord, ach gan an méid sin do dhul thar an ochtú cuid ceathrachad faoi fhiche ceathair” a scriosadh as agus “an ochtódú cuid de thuarastal bhliantúil an bhaill sin in aghaidh gach bliana iomláine de thréimhse iomlán a sheirbhíse in aon phost i roinn phoiblí (mar mhínítear in alt 3 den Acht seo) agus mar bhall lán-aimsire de Bhord ach gan an méid sin do dhul thar an ochtódú cuid faoi dhaichead den tuarastal sin agus aisce a dheonadh don bhall sin agus a íoc leis dar méid méid a ríomhfar de réir an tríochadú cuid de thuarastal bhliantúil an bhaill sin in aghaidh gach bliana iomláine de thréimhse iomlán na seirbhíse sin, ach gan an méid sin do dhul thar an tríochadú cuid faoi dhaichead a cúig den tuarastal bliantúil sin” a chur ina ionad.

(2) Ní thabharfar aon liúntas faoi na hAchtanna Aoisliúntais, 1834 go 1956, do Risteárd de Brún, Cathaoirleach an Bhoird.

Liúntais áirithe a ghéilleadh i gcomaoin blianachta do bhanchéile nó cleithiúnaí.

15. —(1) Duine lena mbaineann alt 14 nó alt 15 d'Acht Aoisliúntais 1942 agus a mheasfaidh an Bord a bheith ina shláinte agus é ag scor as seirbhís an Bhoird féadfaidh sé, faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a shonróidh an Bord agus le toiliú an Bhoird, iomlán aon liúntais nó cuid d'aon liúntas a dheonfaidh an Bord don duine sin faoi cheachtar de na hailt sin a ghéilleadh, amhail ó dháta a thosaithe, i gcomaoin an Bhoird do dheonadh blianachta faoin alt seo do chleithiúnaí amháin don duine sin a shonróidh an duine sin nó, más fear a dhéanfaidh an géilleadh, dá bhanchéile.

(2) Déanfar blianacht faoin alt seo a dheonadh ionas gur comhionann, de réir achtúireachta, a luach, ar dháta an scoir, agus luach an mhéid a géilleadh.

(3) Beidh blianacht faoin alt seo iníoctha ar feadh na tréimhse a mhairfidh (má mhaireann) an banchéile nó an cleithiúnaí d'éis an duine a dhéanfaidh an géilleadh.

(4) I gcás ina mbeidh d'oblagáid ar an mBord de bhua ailt 8 d'Acht 1949 liúntas a íoc faoi alt 14 nó alt 15 d'Acht Aoisliúntais 1942, ní bheidh éifeacht ag an oblagáid sin maidir le liúntas a géilleadh faoin alt seo nó, i gcás cuid de liúntas a ghéilleadh faoin alt seo, maidir leis an gcuid sin.

(5) Duine a gcuirfear fo-ailt (2) agus (3) d'alt 15 d'Acht Aoisliúntais 1942 i bhfeidhm maidir leis le halt 11 d'Acht 1949, faoi réir an mhodhnaithe a shonraítear ansin, measfar, chun críocha an ailt seo, gur duine é lena mbaineann an t-alt sin 15.

(6) San alt seo ciallaíonn “cleithiúnaí”, maidir le duine lena mbaineann an t-alt sin 14 nó an t-alt sin 15, duine de theaghlach an duine sin (arb é a bheidh ann athair, máthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leas-mhac, leas-iníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leas-ghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncal, aintín, nia, neacht, cliamhain nó banchliamhain) a bheidh, an tráth a chuirfidh an duine sin in iúl don Bhord go dteastaíonn uaidh géilleadh a dhéanamh faoin alt seo, i gcleithiúnás tuillimh an duine sin go hiomlán nó go páirteach.

Alt 6 d'Acht Aoisliúntais 1942 a leasú.

16. —Beidh éifeacht ag alt 6 d'Acht Aoisliúntais 1942, agus measfar go raibh éifeacht aige riamh, amhail is dá gcuirtí an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fo-ailt (5):—

“(6) Má dhéantar scéim aoisliúntais a rinne an tAire a dhaingniú roimhe sin ar dháta ar bith a leasú le scéim aoisliúntais leasaitheach, ní oibreoidh an scéim aoisliúntais leasaitheach chun scéim aoisliúntais nua nó scéim aoisliúntais ar leithligh a dhéanamh den scéim aoisliúntais sin arna leasú amhlaidh ná chun dáta daingnithe seachas an dáta sin a cheapadh di.”

Alt 7 d'Acht Aoisliúntais 1942 a leasú.

17. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht Aoisliúntais 1942 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (6):

“(7) (a) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, féadfaidh scéim ag leasú scéime aoisliúntais na lámh-oibrithe a fhoráil go n-íocfaidh an Bord, mura ndéanfaidh ranníocóir a bhí i bhfostaíocht an Bhoird an 1ú lá d'Aibreán, 1943, ranníoca i leith aon tsochair aoisliúntais a sholáthraítear de bhua aon leasaithe faoin Acht seo ar scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe a íoc leis an gciste, a bunaíodh chun críocha scéime aoisliúntais na lámh-oibrithe, i leith na coda sin dá sheirbhís iar-aimseartha dar tosach dáta a roghnaithe faoi fho-alt (4) den alt seo agus dar críoch dáta íoctha a chéad ranníoca i leith an tsochair sin, leis an gciste sin ranníoca iomchuí (maraon le hús iolraithe) i leith na coda sin de sheirbhís iar-aimseartha an ranníocóra sin agus go mbeidh an ranníocóir sin i dteideal (lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt san alt seo) leath ar a mhéid den chuid sin dá sheirbhís dá dtagartar mar sheirbhís iar-aimseartha a áireamh le haghaidh an tsochair aoisliúntais sin.

(b) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn ‘seirbhís iar-aimseartha’ an tseirbhís dá dtagartar mar sheirbhís iaraimseartha i mír (a) d'fho-alt (4) den alt seo.”

Alt 8 d'Acht Aoisliúntais 1942 a leasú.

18. —Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht Aoisliúntais 1942 trí “ceathair faoin gcéad sa bhliain” (a cuireadh isteach le halt 14 d'Acht 1949) a scriosadh as mír (b) d'fho-alt (3) agus “an ráta dob iníoctha ag an mBord ar airleacan chun an Bhoird ón Aire Airgeadais as an bPríomh-Chiste dá ndéantaí an t-airleacan an tráth a tugadh an t-airgead ar iasacht” a chur ina ionad.

Caiteachais.

19. —Déanfar cúiteamh, blianachtaí agus méaduithe pinsean faoin Acht seo a ghlanadh mar chuid de chaiteachais ghinearálta an Bhoird.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

20. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1958, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1955, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar le chéile mar aon ní amháin na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1955, agus an tAcht seo.