27 1958


Uimhir 27 de 1958.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE AGUS FEABHSAITHE MAIDIR LE TITHE, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGEADAIS AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1956, ACHTANNA TITHE AN LUCHT OIBRE, 1890 GO 1956, ACHTANNA NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1956, AGUS NA nACHTANNA UM THITHE BEAGA CÓNAITHE A FHÁIL, 1899 GO 1957, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [30 Iúil, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn sé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1956, Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1956, na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil, 1899 go 1957, agus Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1956, a léamh agus a fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchtanna sin faoi seach agus féadfar Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1958, na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil, 1899 go 1958, agus Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1958, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile.

Mínithe.

1931, Uimh. 50 .

1932, Uimh. 19 .

1948, Uimh. 1 .

1950, Uimh. 25 .

1952, Uimh. 16 .

1954, Uimh. 16 .

1956, Uimh. 31 .

2. —San Acht seo—

ciallaionn “Acht 1931” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 ;

ciallaíonn “Acht 1932” Acht na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932;

ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 ;

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 ;

ciallaíonn “Acht 1954” Acht na dTithe (Leasú), 1954 ;

ciallaíonn “Acht 1956” Acht na dTithe (Leasú), 1956 ;

ciallaíonn “údarás tithe”—

(a) i gcás ceantair shláinte chontae, comhairle an chontae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin;

ciallaíonn “Achtanna Tithe an Lucht Oibre” Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1956, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “Achtanna na Sclábhaithe” Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1956, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Rialacháin.

3. —(1) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann, maidir le híocaíocht a bheidh le déanamh ag an Aire, gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

Caiteachas.

4. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Athghairm.

1906, c. 37.

5. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Athghairtear leis seo alt 17 den Labourers (Ireland) Act, 1906, amhail ar an lú lá de Nollaig, 1958, agus ón lá sin amach.

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1959.

CUID II.

Forálacha Airgeadais

Ailt áirithe do leanúint i bhfeidhm.

6. —(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1958, atá (de bhua ailt 6 d'Acht 1956) i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 16 d'Acht 1948, i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Acht sin agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1952, a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1960.

(2) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1958, atá i mír (ii) d'fho-alt (1) agus i mír (ii) d'fho-alt (2) d'alt 11 d'Acht 1956 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1960.

(3) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an alt seo amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1958, agus ón lá sin amach.

Deontais bhreise i gcás deontais áirithe a thabhairt faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 .

1953, Uimh. 6 .

1929, Uimh. 41 .

7. —(1) I gcás deontas a thabhairt do dhuine faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1953 ) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 , féadfaidh an t-údarás tithe deontas a thabhairt don duine sin nach mó ná méid an deontais faoin alt sin.

(2) Ní thabharfar deontas faoi alt 9, 10 ná 11 d'Acht 1952 i leith tí a dtabharfar deontas ina leith faoin alt seo.

(3) Chun críocha an ailt seo beidh na cumhachtaí céanna ag údarás tithe chun airgead a fháil ar iasacht agus a thugtar don údarás sin chun críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre nó Achtanna na Sclábhaithe.

(4) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin i leith deontas do dhaoine a fheabhsóidh nó a mhéadóidh teach nó a chuirfidh ar fáil nó a chuirfidh isteach soláthar uisce agus saoráidí séarachais príobháideacha ann más ar an 30ú lá do Mheitheamh, 1958, nó dá éis a tosaíodh ar an bhfeabhsú nó an méadú nó ar an gcur ar fáil agus an cur isteach.

Alt 16 d'Acht 1948 agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a leasú.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1948 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3):

“(3A) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas do dhuine a athfhoirgneoidh teach faoin alt seo agus gur ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis a tosaíodh ar an athfhoirgniú, féadfaidh an t-údarás tithe deontas a thabhairt don duine sin nach mó ná méid an deontais ón Aire.

(3B) Ní thabharfar deontas faoi alt 9, 10 ná 11 d'Acht 1952 i leith tí a dtabharfar deontas ina leith faoi fho-alt (3A) den alt seo.

(3C) Chun críocha fo-ailt (3A) den alt seo beidh na cumhachtaí céanna ag údarás tithe chun airgead a fháil ar iasacht agus a thugtar don údarás sin chun críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre nó Achtanna na Sclábhaithe.”

(2) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1948 trí—

(a) “100” a chur in ionad “80” sa dara colún agus sa tríú colún faoi seach,

(b) “120” a chur in ionad “100” (arna chur isteach le fo-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1952) sna colúin sin, agus

(c) “140” a chur in ionad “120” (arna chur isteach leis an bhfo-alt sin) sna colúin sin.

(3) I gcás deontas faoi alt 16 d'Acht 1948 do dhuine nó do chumann fóntais phoiblí a thógfaidh teach i límistéar nach mbeidh, an dáta a iarrfar an deontas, aon soláthar poiblí uisce píopaí ná scéim séarachais phoiblí ar fáil ná á chur ar fáil ann, beidh éifeacht ag an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1948 amhail agus dá ndéanfaí gach suim a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin a mhéadú de chúig phunt is fiche.

(4) (a) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo ach amháin i gcás deontas faoi alt 16 d'Acht 1948 do dhaoine a athfhoirgneoidh tithe más ar an 30ú Meitheamh, 1958, nó dá éis a tosaíodh ar an athfhoirgniú.

(b) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo ach amháin i gcás deontas do dhaoine nó do chumainn fóntais phoiblí a thógfaidh tithe más ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis a tosaíodh ar an tógáil.

Deontais faoi alt 7 d'Acht 1952.

9. —D'ainneoin forálacha fo-ailt (5) d'alt 11 d'Acht 1956, féadfar deontas a thabhairt faoi alt 7 d'Acht 1952 do dhuine a dhéanfaidh soláthar uisce agus saoráidí séarachais príobháideacha a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe, má thosaíodh ar an soláthar uisce agus na saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach roimh an 25ú lá d'Iúil, 1956, agus má chríochnaítear sin an lú lá d'Aibreán, 1960, nó roimhe sin.

Alt 33 d'Acht 1952 a leasú.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1952 trí “£100” a chur in ionad “£80” i mír (a) d'fho-alt (2).

(2) Nuair a bheifear ag tabhairt feidhme do mhír (a) d'fho-alt (2) den alt sin 33, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, forléireofar an tagairt do £100, maidir le teaghas ar leithligh a mbeidh níos mó ná trí sheomra ann—

(a) i gcás teaghais ar leithligh a mbeidh cúig sheomra nó níos mó ann—mar thagairt do £140, agus

(b) in aon chás eile—mar thagairt do £120.

(3) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin i gcás deontas d'údaráis tithe a dhéanfaidh oibreacha dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt sin 33 más ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis a tosaíodh ar na hoibreacha a dhéanamh.

Alt 12 d'Acht 1954 agus alt 9 d'Acht 1956 a leasú.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1954 trí “£100” a chur in ionad “£80” i mír (a) d'fho-alt (1) agus leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1956 trí “£100” a chur in ionad “£80”, “£140” a chur in ionad “£120” agus “£120” a chur in ionad “£100” i bhfo-alt (1).

(2) Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur in ionad míre (1) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1954:

‘(I) más rud é—

(a) go bhfuil deimhnithe ag an údarás tithe (nó, i gcás achomhairc, ag an Aire) go bhfuil an teach atá le deisiú nó le feabhsú oiriúnach le deisiú nó le feabhsú, agus

(b) gur deimhin leis an Aire go bhfuil na hoibreacha a bheartaítear a dhéanamh riachtanach chun cóirtithíochta

oiriúnach a chur ar fáil, agus”.

(3) D'ainneoin an leasaithe a dhéantar le fo-alt (2) den alt seo, féadfar gan deontais ó údarás tithe faoi fho-alt (3) d'alt 12 d'Acht 1954, a thabhairt más oiriúnach leis an údarás é, ach amháin—

(a) do dhaoine de cibé aicme nó aicmí, agus/nó

(b) do dhaoine a dhéanfaidh oibreacha ar thithe de cibé saghas nó saghsanna,

a chinnfidh an t-údarás.

(4) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin i gcás deontas do dhaoine a dhéanfaidh oibreacha feabhsúcháin nó deisiúcháin ar thithe más ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis a tosaíodh ar na hoibreacha a dhéanamh.

Alt 11 d'Acht 1956 a leasú.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1956 trí “£50” a chur in ionad “£40” i bhfo-alt (1) agus “£25” a chur in ionad “£20” i bhfo-alt (2).

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (2) d'alt 11 d'Acht 1956:

“(2A) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán faoin alt seo, deontas nach mó ná £75 a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a dhéanfaidh soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach i dteach cónaithe, más rud é—

(i) gur límistéar ina bhfuil an teach cónaithe límistéar nach bhfuil, dáta iarrtha an deontais, aon soláthar poiblí uisce píopaí ná scéim séarachais phoiblí ar fáil ná á chur ar fáil ann, agus

(ii) go dtosófar an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis ar an soláthar uisce agus na saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach agus go gcríochnófar an 1ú lá d'Aibreán, 1960, nó roimhe sin iad agus go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha atá leagtha amach sna rialacháin sin.”

(3) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (2A) (a chuirtear isteach leis an alt seo) d'alt 11 d'Acht 1956:

“(2B) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas do dhuine faoin alt seo i leith soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha nó an soláthar agus na saoráidí sin i dteannta chéile a chur ar fáil agus a chur isteach agus gur tosaíodh an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis sin ar an gcur ar fáil agus an cur isteach, féadfaidh an t-údarás tithe deontas a thabhairt don duine sin nach mó ná méid an deontais ón Aire.

(2C) Ní thabharfar deontas faoi alt 9, 10 ná 11 d'Acht 1952 i leith tí a dtabharfar deontas ina leith faoi fho-alt (2B) den alt seo.

(2D) Chun críocha fo-ailt (2B) den alt seo beidh na cumhachtaí céanna ag údarás tithe chun airgead a fháil ar iasacht agus a thugtar don údarás sin chun críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre nó Achtanna na Sclábhaithe”.

(4) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin i leith deontas faoi alt 11 d'Acht 1956 do dhaoine a chuirfidh ar fáil agus a chuirfidh isteach soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha nó an soláthar agus na saoráidí sin i dteannta chéile más ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis a tosaíodh ar an gcur ar fáil nó ar an gcur isteach.

Airleacain ó údaráis tithe chun tithe a athfhoirgniú, a dheisiú agus a fheabhsú.

13. —(1) Féadfaidh údarás tithe, faoi réir cibé coinníollacha a cheadóidh an tAire, airleacan a thabhairt do dhuine (dá ngairtear an t-iasachtaí san alt seo) a mbeidh oibreacha athfhoirgniúcháin, deisiúcháin nó feabhsúcháin á ndéanamh aige ar theach, ach an t-údarás a bheith deimhin de—

(a) go mbeidh an teach oiriúnach ar gach slí chun daoine do chónaí ann, tar éis na hoibreacha beartaithe a bheith déanta, agus

(b) go bhfuil na hoibreacha a bheartaítear a dhéanamh riachtanach chun cóiríocht tithíochta oiriúnach a chur ar fáil, agus

(c) go bhfuil an teach oiriúnach le hathfhoirgniú, le deisiú nó le feabhsú, de réir mar bheidh.

(2) Ní bheidh airleacan faoin alt seo i leith tí níos mó ná cúig seachtód faoin gcéad den suim ar dóigh leis an údarás áitiúil go mbeadh súil réasúnach lena fáil ar an teach dá ndíoltaí ar an margadh oscailte é ar dháta an t-airleacan a údarú ag an údarás tithe.

(3) Déanfar airleacan faoin alt seo a aisíoc maraon le hús laistigh de cibé tréimhse a chinnfidh an t-údarás tithe agus nach sia ná cúig bliana déag ón dáta a íocfar an t-airleacan nó, más ina thráthchoda a aisíocfar an t-airleacan, ón dáta a íocfar an chéad tráthchuid.

(4) Déanfar aisíoc airleacain faoin alt seo i leith tí a urrú mar leanas—

(a) trí ionstraim ag dílsiú úinéireacht an tí san údarás tithe faoi réir ceart a fuascailte a bheith ag an iasachtaí, nó

(b) má bhíonn an úinéireacht sin dílsithe cheana féin san údarás tithe faoi réir ceart a fuascailte a bheith ag an iasachtaí chun aisíoc airleacain a urrú i leith an tí faoi na hAchtanna chun Tithe Cónaithe Beaga a Fháil, 1899 go 1957, arna leasú leis an Acht seo, trí ionstraim mhuirir bhreise a mhuirearóidh aisíoc an airleacain (maraon leis an ús is iníoctha air) faoin alt seo ar an teach agus a dhéanfaidh an ceart fuascailte adúradh a chur freisin faoi réir aisíoc an airleacain (maraon leis an ús is iníoctha air) faoin alt seo.

(5) Féadfar airleacan faoin alt seo i leith tí a íoc ina thráthchoda ó am go ham le linn na hoibreacha a bheith á ndéanamh ar an teach ach ní rachaidh méid iomlán na dtráthchoda a íocfar tráth ar bith thar costas na coda sin de na hoibreacha a bheith críochnaithe an tráth sin.

(6) (a) Chun críocha an ailt seo beidh na cumhachtaí céanna ag údarás tithe chun airgead a fháil ar iasacht agus a thugtar don údarás sin chun críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre nó Achtanna na Sclábhaithe.

(b) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an fho-ailt seo a thabhairt ar iasacht d'údarás tithe trí eisiúint as ciste na n-iasachtaí áitiúla amhail agus dá mb'iasacht áitiúil an iasacht sin de réir bhrí Achtanna Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1957, agus gur údaraíodh é le hAcht ón Oireachtas.

(7) Chun críocha an ailt seo is éard is “úinéireacht” ann cibé leas nó cuallaíocht leas i dteach a chomhdhéanfaidh leas feo shimplí (lena n-áirítear leas feofheirme) i seilbh nó leas léasach i seilbh go ceann an oiread blianta a bheidh gan caitheamh ar an dáta a údaróidh an t-údarás tithe an t-airleacan faoin alt seo i leith an tí agus is comhionann le, nó is sia ná, comhshuim an téarma a bheidh socair chun an t-airleacan a aisíoc agus cúig bliana déag.

Ranníoca ón Aire i leith muirear bliantúla iasachta údarás tithe.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán faoin alt seo, ranníoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a thabhairt, ar feadh cibé tréimhse nach sia ná caoga bliain a chinnfidh an tAire, faoi chomhair na muirear bliantúla iasachta faoina ndeachaigh údarás tithe i leith airgid a fuair siad ar iasacht chun iostáin nó cóiríocht tithíochta eile lena mbaineann an t-alt seo a chur ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe nó faoi alt 24 d'Acht 1950—

(a) nach mó ná seasca a sé agus dhá dtrian faoin gcéad de na muirir bhliantúla iasachta sin más deimhin leis an Aire go bhfuil na hiostáin nó an chóiríocht tithíochta eile sin á n-úsáid mar chóiríocht—

(i) do dhaoine a easáitíodh de dheasca na teaghais a bhí acu do thitim nó a dhíthiú nó de dheasca aon oibríochtaí ag an údarás tithe sin faoi na hAchtanna um Thithe an Lucht Oibre, nó

(ii) do dhaoine i gcall athchóiríochta cónaithe ar chúiseanna atruacha nó cúiseanna eile dá samhail sin nach bhféadfaí mar gheall ar dhála na ndaoine sin athchóiríocht chónaithe a chur ar fáil dóibh amhlaidh dá éagmais sin,

(b) nach mó ná tríocha a trí agus trian faoin gcéad de na muirir bhliantúla iasachta sin in aon chás eile.

(2) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le hiostáin agus cóiríocht tithíochta ar tosaíodh nó a dtosófar, an 30ú la de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, ar a dtógáil agus a gcur ar fáil agus a ndearnadh nó a ndéanfar, ar an dáta sin nó dá éis, iasacht chun an údaráis tithe ina leith a cheadú.

(3) Gach ranníoc i leith muirear bliantúla iasachta a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo íocfar é i cibé slí agus cibé tráth nó tráthanna a ordóidh an tAire le rialacháin faoin alt seo.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar nach mó méid aon airgid a bheidh faighte ar iasacht ag údarás tithe chun iostáin nó cóiríocht tithíochta eile lena mbaineann an t-alt seo a chur ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe nó faoi alt 24 d'Acht 1950 ná méid arna ríomh i cibé slí a ordóidh an tAire le rialacháin faoin alt seo, agus measfar nach mó méid na muirear bliantúla iasachta i leith an airgid sin (arna theorannú mar adúradh) ná na suimeanna (lena n-áirítear muirir úis) dob iníoctha ag an údarás tithe in aon bhliain airgeadais áitiúil in aisíoc an airgid sin (arna theorannú mar adúradh) maraon le hús le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, dá mb'ó na Coimisinéirí sin a fuarthas an t-airgead sin ar iasacht.

(5) Má rinneadh nó má dhéantar ranníoc faoi alt 6 d'Acht 1932 faoi chomhair na muirear bliantúla iasachta i leith airgid a fuarthas ar iasacht chun iostáin nó cóiríocht tithíochta eile a chur ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe, ní dhéanfar ranníoc i leith na muirear sin faoin alt seo.

(6) Beidh éifeacht ag alt 13 d'Acht 1950 amhail is dá mbeadh tagairt do ranníoca i leith muirear bliantúla iasachta faoin alt seo sa tagairt do ranníoc i leith muirear bliantúla iasachta faoi alt 6 d'Acht 1932.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Cúnamh airgid ón Aire i leith muirear bliantúla iasachta údarás áitiúla.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cúnamh airgid (dá ngairtear cúnamh airgid úis san alt seo) a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le húdarás tithe agus coimisinéirí baile i leith airgid lena mbaineann an t-alt seo agus a fuarthas ar iasacht chun críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre nó Achtanna na Sclábhaithe, ar cúnamh airgid é is comhionann leis an difríocht idir na muirir iasachta faoina ndeachthas i leith an airgid sin agus na muirir iasachta ar an tsuim chéanna arna ríomh de réir cibé ráta nó rátaí úis is lú ná sin a chinnfidh an tAire.

(2) Ní áireofar an cúnamh airgid úis mar ranníoc i leith muirear iasachta chun críocha ailt 6 d'Acht 1932, arna leasú.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le hairgead a fuarthas ar iasacht ó chiste na n-iasachtaí áitiúla an 5ú lá de Bhealtaine, 1948, nó dá éis sin chun tithe, iostáin nó cóiríocht tithíochta eile lena mbaineann Rialachán na dTithe (Ranníocaíochtaí Muirear Iasachta), 1932 go 1951, a chur ar fáil.

Forálacha a leanann as Ciste Iostán na Sclábhaithe a fhoirceannadh.

1906, c. 37.

1891, c. 48.

1935, Uimh. 16 .

16. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an Labourers (Ireland) Act, 1906;

ciallaíonn “an Ciste” Ciste Iostán na Sclábhaithe a bunaíodh le alt 13 (a athghairtear leis an Acht seo) den Acht;

ciallaíonn “Ranníoc an Státchiste” ranníoc an Státchiste faoin Purchase of Land (Ireland) Act, 1891.

(2) An lú lá d'Aibreán, 1959,—

(a) déanfar an t-airgead agus na hurrúis a bhí díreach roimh an lá sin, chun creidhmheasa an Chiste, maraon le haon ús a bhí faibhrithe ar an gcéanna, a íoc nó a aistriú de réir orduithe an Aire Airgeadais, isteach i gCúlchiste na gCairteacha Coigiltis agus cuirfear ansin é chun creidmheasa an Phríomh-Chuntais Chúltaca,

(b) cuirfidh an tAire Airgeadais faoi deara go ndíscríobhfar as sócmhainní chiste na n-iasachtaí áitiúla an caipiteal (arna chinneadh ag an Aire sin) a bheidh gan íoc i leith iasachtaí tithíochta agus a bheadh le haisíoc, mura mbeadh an tAcht seo, as airgead a fuarthas ó Ranníoc an Státchiste.

(3) Cuirfidh an tAire Airgeadais faoi deara go ndíscríobhfar, le héifeacht amhail ón lú lá de Nollaig, 1958, as na hairleacain dá dtagartar i bhfo-alt (1) d'alt 17 den Acht cibé méideanna a mheasfaidh sé a bheith réasúnach ag féachaint d'athghairm an ailt sin leis an Acht seo.

(4) Maidir leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1960, agus gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, laghdófar Ranníoc an Státchiste an méid is gá chun soláthar a dhéanamh i gcóir na suimeanna seo a leanas, is é sin le rá:

(a) £29,205 6s. 2d., is é sin, an tsuim dob iníoctha, mura mbeadh alt 18 den Acht a athghairm leis an Acht seo, faoi chomhair aisíoc na n-iasachtaí dá dtagartar san alt sin, agus

(b) £4,901 11s. 6d., is é sin, an tsuim dob iníoctha, mura mbeadh alt 13 den Acht a athghairm leis an Acht seo, leis an gCiste faoin alt sin,

agus scoirfear dá réir sin de na suimeanna sin a íoc.

(5) I gcás ina ndéanfar aon chaipiteal a dhíscríobh faoi mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo—

(a) beidh an méid comhréire a bheidh ciste na n-iasachtaí áitiúla faoi dhliteanas ag an Státchiste urscaoilte,

(b) d'ainneoin fo-ailt (2) d'alt 14 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , ní gá an tsuim dhíscríofa a chúiteamh agus a íoc le ciste na n-iasachtaí áitiúla, agus

(c) d'ainneoin fo-ailt (3) den alt sin, beidh deireadh leis an dliteanas an tsuim dhíscríofa a íoc.

Forálacha a leanann as Ciste Tithíochta na hÉireann a fhoirceannadh.

1908, c. 61.

1935, Uimh. 16 .

17. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908;

ciallaíonn “an Ciste” Ciste Tithíochta na hÉireann a bunaíodh le halt 5 (a athghairtear leis an Acht seo) den Acht.

(2) An 1ú lá d'Aibreán, 1959—

(a) déanfar an t-airgead agus na hurrúis a bhí, díreach roimh an lá sin, chun creidmheasa an Chiste, maraon le haon ús a bhí faibhrithe ar an gcéanna, a íoc nó a aistriú, de réir orduithe an Aire Airgeadais, isteach i gCúlchiste na gCairteacha Coigiltis agus cuirfear ansin é chun creidmheasa an Phríomh-Chuntais Chúltaca,

(b) cuirfidh an tAire Airgeadais faoi deara go ndíscríobhfar as sócmhainní chiste na n-iasachtaí áitiúla an caipiteal (arna chinneadh ag an Aire sin) a bheidh gan íoc i leith iasachtaí tithíochta agus a bheadh le haisíoc, mura mbeadh an tAcht seo, as suimeanna a fuarthas ón gCiste.

(3) (a) Faoi réir toiliú an Aire Airgeadais, tabharfaidh an tAire, an 1ú lá d'Aibreán, 1959, nó a luaithe is caothúil ina dhiaidh sin, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do gach údarás áitiúil a íocfaidh suimeanna iomchuí cibé íocaíocht a mheasfaidh sé is comhionann leis na suimeanna a gheobhfadh an t-údarás áitiúil sin, mura mbeadh alt 5 den Acht a athghairm leis an Acht seo, faoin alt sin faoi threoir na méideanna sin.

(b) Úsáidfidh údarás áitiúil aon íocaíocht a thabharfar dóibh faoi mhír (a) den fho-alt seo chun airgead a fuarthas ar iasacht a aisíoc nó, le toiliú an Aire, chun aon chríche ar féidir go cuí airgead caipitil a úsáid chuige.

(c) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn “suimeanna iomchuí”, maidir le húdarás áitiúil, suimeanna—

(i) a áireofaí, mura mbeadh alt 5 den Acht a athghairm leis an Acht seo, sa mhuirear tithíochta bliantúil dá dtagartar san alt sin de chuid an údaráis áitiúil sin, agus

(ii) ar suimeanna iad i leith airgid a fuarthas ar iasacht ar shlí seachas ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

(4) I gcás ina ndéanfar aon chaipiteal a dhíscríobh faoi mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo—

(a) beidh an méid comhréire a bheidh ciste na n-iasachtaí áitiúla faoi dhliteanas ag an Státchiste urscaoilte,

(b) d'ainneoin fo-ailt (2) d'alt 14 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , ní gá an tsuim dhíscríofa a cnúiteamh agus a íoc le ciste na n-iasachtaí áitiúla, agus

(c) d'ainneoin fo-ailt (3) den alt sin, beidh deireadh leis an dliteanas an tsuim dhíscríofa a íoc.

CUID III

Áitribh Áirithe a Rialú

Alt 8 d'Acht 1948 a bhuanú.

18. —Leanfaidh alt 8 d'Acht 1948 i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1962.

Alt 27 d'Acht 1952 a leasú.

19. —Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1952 trí “(seachas comhairle chontae)” a scrios.

CUID IV

Tithe don Lucht Oibre

Alt 18 d'Acht 1931 a leasú.

20. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1931 trí “nó faoi alt 37” a chur isteach i ndiaidh “fén gCuid seo” sa dá áit a bhfuil na focail sin.

Srian le teach a úsáid sula gcomhlíonfar fógra faoi alt 19 d'Acht 1931.

21. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh ailt 19 d'Acht 1931:—

“19A.—(1) Más rud é, agus fógra faoi alt 19 den Acht seo seirbheáilte agus é gan comhlíonadh, go ndéanfaidh duine, agus a fhios aige gur seirbheáladh an fógra, an teach lena mbainfidh an fógra a úsáid le haghaidh cónaithe ag daoine nó go gceadóidh sé é a úsáid amhlaidh tráth a raibh an teach folamh díreach roimhe, beidh an duine ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh duine arna chiontú i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le fógra a seirbheáladh faoi alt 19 den Acht seo i leith tí,

(b) go n-úsáidfidh an duine an teach chun cónaithe ag daoine nó go gceadóidh sé é a úsáid amhlaidh tar éis dáta an chiontaithe,

(c) nach mbeidh an fógra arna chomhlíonadh tráth na húsáide sin,

beidh an duine ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae nó coda de lá a leanfar den úsáid sin.

(3) Is cion leanúnach cion faoi fho-alt (2) den alt seo agus dá réir sin féadfar imeachtaí nua ina leith a thionscnamh ó am go ham.”

Cóip d'ordú leagtha a sheirbheáil i gcás tithe neamhshláintiúla agus iad a dhaingniú in aghaidh a n-atháitithe.

22. —(1) Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1931 trí—

(a) “seirbheálfaid an t-ordú” a scrios agus “seirbheálfaid cóip den ordú” a chur ina ionad i bhfo-alt (3) agus

(b) an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3):

“(4) Féadfar a cheangal le hordú leagtha faoin bhfo-mhír dheiridh roimhe seo go ndéanfaidh an t-úinéir nó na húinéirí an teach lena mbaineann sé a dhaingniú, laistigh de thréimhse a shonrófar san Ordú, in aghaidh a atháitithe.”

(2) Leasaítear leis seo alt 26 d'Acht 1931 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3):

“(4) Tar éis ordú leagtha faoin gCuid seo den Acht seo ina mbeidh ceanglas faoi fho-alt (4) d'alt 23 den Acht seo a bheith tagtha i ngníomh, déanfaidh úinéir nó úinéirí an tí lena mbainfidh sé, laistigh den tréimhse a theorannófar chuige sin leis an ordú, an teach a dhaingniú in aghaidh a atháitithe agus, mura ndaingneofar an teach in aghaidh a atháitithe laistigh den tréimhse sin, rachaidh an t-údarás áitiúil isteach san teach agus daingneoidh é in aghaidh a atháitithe, agus beidh feidhm ag forálacha (2), (4) agus (5) d'alt 8 den Acht seo maidir le haon chostais faoina rachaidh an t-údarás faoin bhfo-alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le haon chostais i gcás ina leagtar teach de bhun ordaithe leagtha.”

Alt 25 d'Acht 1931 a leasú.

23. —Leasófar alt 25 d'Acht 1931 trí “nó á húsáid” a chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “curtha ar cíos” sa dá áit a bhfuil na focail sin.

Measúnú cúitimh i leith tithe cónaithe áirithe a thóg údarás áitiúil go héigeanta.

24. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “teach cónaithe” foirgneamh atá déanta nó oiriúnaithe chun a úsáidte go hiomlán nó go formhór mar áit chónaithe do dhaoine maraon le aon chlós, garraí, seach-thithe agus comhghabhálais a bhaineann leis nó a theachtar leis de ghnáth;

ciallaíonn rud a bheith forordaithe é a bheith forordaithe le rialacháin ón Aire faoin alt seo.

(2) I gcás ina mbeartóidh údarás áitiúil, chun críocha Coda III den Housing of the Working Classes Act, 1890, arna leasú, talamh a cheannach go héigeanta a bhfuil ann nó arb éard é teach cónaithe—

(a) más dóigh leis an údarás go bhfuil an teach cónaithe neamhoiriúnach le haghaidh cónaithe ag daoine agus nach féidir é a chur i dtreo oiriúnach le haghaidh cónaithe ag daoine ar chostas réasúnach, tuairisceofar an teach cónaithe sa slí fhorordaithe san ordú ceannaigh éigeantaigh i leith na talún sin a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi alt 37 d'Acht 1931 agus má dhaingnítear an t-ordú, déanfar, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, an cúiteamh is iníoctha i leith an tí chónaithe a mheasúnú de réir forálacha Choda I den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1931, agus

(b) in aon chás eile, má dhaingnítear an t-ordú ceannaigh éigeantaigh i leith na talún sin a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt sin 37, déanfar an cúiteamh is iníoctha i leith an tí chónaithe a mheasúnú de réir forálacha Choda II den Sceideal sin.

(3) Más dóigh leis an Aire nár chóir teach cónaithe a tuairiscíodh sa slí fhorordaithe chun críocha fo-ailt (2) den alt seo a thuairisciú amhlaidh, déanfaidh sé, nuair a bheidh an t-ordú á dhaingniú aige, é a mhodhnú ionas go mbeidh an teach cónaithe eisiata chun gach críche ón ordú, mura dóigh leis go bhféadfaidh an t-údarás an teach cónaithe a cheannach go cuí, agus sa chás sin modhnóidh sé an t-ordú chun a údarú don údarás áitiúil an teach cónaithe a cheannach agus cúiteamh, arna mheasúnú de réir forálacha na Coda sin II, a íoc ina leith.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Orduithe ceannaigh éigeantaigh faoi Acht 1931 a neamhniú.

25. —Más rud é, maidir le hordú ceannaigh éigeantaigh lena mbaineann an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1931, go ndéanfar agóid go cuí (cibé acu i leith na talún go léir a bheartaítear a thógáil é nó i leith coda de) agus nach dtarraingeofar siar í agus nach measfaidh an tAire gur oiriúnach an t-ordú a dhaingniú, ní gá don Aire a chur faoi deara fiosrú áitiúil poiblí a chur ar siúl agus forléireofar an Dara Sceideal sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

CUID V

Iostáin Sclábhaithe

Achtanna na Sclábhaithe do leanúint i bhfeidhm.

26. —D'ainneoin aon fhorála contrártha dó sin in Achtanna na Sclábhaithe, leanfaidh Achtanna na Sclábhaithe i bhfeidhm go dtí cibé am a athghairfear nó a fhoirceannfar iad.

Arasáin a chur ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe.

1936, Uimh. 24 .

27. —(1) D'fhonn deireadh a chur le hamhras dearbhaítear leis seo go bhfuil, agus go measfar go raibh i gcónaí, ar chumhacht údaráis tithe chun iostáin nó cóiríocht tithíochta eile a chur ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe cumhacht chun iostáin nó tithe a chur ar fáil ina mbeadh dhá thionóntán ar leithligh nó níos mó.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha Acht na Sclábhaithe 1936, arna leasú, maidir le ceannach iostán a cuireadh ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe ag a dtionóntaí (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le scéimeanna ceannaigh de réir bhrí an Achta sin) maidir le tionóntán ar leithligh in iostán nó i dteach ina mbeidh dha thionóntán ar leithligh nó níos mó agus a cuireadh ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe.

Iostáin a ligean faoi alt 35 d'Acht 1948.

28. —Measfar, chun críocha ailt 14 den Acht seo, gur oibríochtaí údaráis áitiúil faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre ligean iostán chun teaghlaigh a chónaíonn faoi dhála plódaithe ag comhairle chontae faoi alt 35 d'Acht 1948, arna leasú le halt 34 d'Acht 1952.

Orduithe ceannaigh éigeantaigh faoi Acht 1932 a neamhniú.

29. —Más rud é, maidir le hordú ceannaigh éigeantaigh lena mbaineann an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1932 arna leasú le halt 42 d'Acht 1948, go ndéanfar agóid go cuí (cibé acu i leith na talún go léir a bheartaítear a thógáil é nó i leith coda de) agus nach dtarraingeofar siar í, féadfar, más oiriúnach leis an Aire déanamh amhlaidh, an t-ordú a neamhniú de bhun Airteagail 4 den Sceideal sin, go hiomlán nó, i gcás nach mbaineann an agóid ach le cuid den talamh a bheartaítear a thógáil, sa mhéid a bhaineann sé leis an gcuid sin agus sa mhéid sin amháin, gan a chur faoi deara fiosrú áitiúil poiblí a chur ar siúl i dtaobh na hagóide agus forléireofar an tAirteagal sin 4 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

CUID VI

Teaghais Bheaga a Fháil

Alt 32 d'Acht 1950 a leasú.

30. —Leasaítear leis seo alt 32 d'Acht 1950 trí “maraon le cibé méid, más aon mhéid é, is cuí leis an údarás áitiúil, de na caiteachais dlí agus eile a ghabhann le húinéireacht an tí a fháil” a chur isteach i mír (b) i ndiaidh na bhfocal “an margadh oscailte é”.

CUID VII

Ilghnéitheach

Faoiseach ó rátaí.

31. —(1) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 16 d'Acht 1948 do dhuine nó do chumann fóntais phoiblí chun teach a thógáil agus ina méadófar luacháil inrátaithe an tionóntáin ina bhfuil nó arb éard é an teach sin ar iarratas á iarraidh an luacháil sin a athscrúdú de dhroim na tógála sin amháin nó dá dhroim go páirteach agus ina dtaispeánfar an méadú den chéad uair in aon liostaí luachála athscrúdaithe faoi na hAchtanna Luachála a fhoilseofar an lú lá de Mhárta, 1959, nó dá éis, ansin, measfar, i gcás gach bliana de na blianta airgeadais áitiúla comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an bhliain a gearradh rátaí den chéad uair ar an tionóntán de réir na luachála méadaithe, luacháil an tionóntáin sin a bheith laghdaithe chun críocha rátaíochta den chionúireacht den méadú sin a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne uimhir na bliana sa chéad cholún den Tábla.

(2) San alt seo, ciallaíonn “críocha rátaíochta” na críocha seo a leanas (agus ní aon chríocha eile), is é sin le rá, measúnú agus tobhach aon ráta a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla a gearradh rátaí den chéad uair ar an tionóntán dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo de réir na luachála méadaithe dá dtagartar sa bhfo-alt sin nó chun seirbhíse aon bhliana de na ocht mbliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht forálacha an fho-ailt dheiridh roimhe seo den alt seo a theorannaíonn brí “críocha rátaíochta”, achtaítear leis seo, go sonrach, go ndéanfar, d'ainneoin a mheas faoin alt seo luacháil inrátaithe (dá ngairtear an luacháil iomlán sa bhfo-alt seo) tionóntáin a bheith laghdaithe maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, gach áireamh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ar luach bliantúil an tionóntáin sin sa slí chéanna ina ndéanfaí é dá mbeadh an luacháil iomlán i bhfeidhm chun críocha ráta chontae maidir leis an mbliain sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 44 d'Acht 1948 in aon chás a mbeidh feidhm ina leith ag an alt seo.

AN TÁBLA

An Chionúireacht a Laghdófar an méadú Luachála

Uimhir na bliana tar éis an luacháil a mhéadú

An Chiondúireacht a laghdófar an méadú luachála

An Chéad Bhliain

...

...

...

...

...

Naoi nDeichiú

An Dara Bliain

...

...

...

...

...

Ocht nDeichiú

An Tríú Bliain

...

...

...

...

...

Seacht nDeichiú

An Ceathrú Bliain

...

...

...

...

...

Sé Dheichiú

An Cúigiú Bliain

...

...

...

...

...

Cúig Dheichiú

An Séú Bliain

...

...

...

...

...

Ceithre Dheichiú

An Seachtú Bliain

...

...

...

...

...

Trí Dheichiú

An tOchtú Bliain

...

...

...

...

...

Dhá Dheichiú

An Naoú Bliain

...

...

...

...

...

Deichiú

AN SCEIDEAL.

Athghairm

Alt 5.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hathghairme

54 & 55 Vic., c. 48

Purchase of Land (Ireland) Act, 1891.

Alt 21.

6 Edw. 7, c. 37

Labourers (Ireland) Act, 1906.

Ailt 13, 14 agus 18.

8 Edw. 7, c. 61

Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.

Ailt 4 agus 5.

9 Edw. 7, c. 42

Irish Land Act, 1909.

Fo-alt (2) d'alt 11.

1 & 2 Geo. 5, c. 19

Labourers (Ireland) Act, 1911.

Alt 1; in alt 2, na focail go léir ó “Provided that” go dtí deireadh an ailt; ailt 3 agus 4.

4 & 5 Geo. 5, c. 33

Labourers (Ireland) Act, 1914.

Fo-alt (2) d'alt 1.

Uimh. 12 de 1925

Acht na dTithe, 1925.

Alt 9.

Uimh. 12 de 1929

Acht na dTithe, 1929.

Alt 8.

Uimh. 31 de 1931

An tAcht Airgid, 1931 .

Alt 35.

Uimh. 19 de 1932

Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 .

Alt 13.