25 1958


Uimhir 25 de 1958.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [29 Iúil, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1958-59.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, a mhuirearú de réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is de réir na rátaí ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, a mhuirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1958, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Garraíodóireacht mhargaidh.

2. —(1) San alt seo ciallaíonn “talamh garraí mhargaidh” talamh sa Stát a áitítear mar gharraí altran nó mar gharraí chun an toradh a dhíol (seachas talamh a úsáidtear chun hopaí a fhás), agus forléireofar “garraíodóireacht mhargaidh” dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní i Sceideal B, nó sna Rialacha a bhaineann leis, déileálfar chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim maidir leis an duine a bhíonn ag seoladh an ghnó le garraíodóireacht mhargaidh mar thrádáil agus—

(a) déanfar na brabúis nó an gnóchan as a mhuirearú faoi Chás I de Sceideal D, agus

(b) ní dhéanfar cáin ioncaim a mhuirearú faoi Sceideal B i leith áitiú talamh garraí mhargaidh,

ach i gcás talamh áirithe ar talamh garraí mhargaidh é ar feadh coda, agus amháin ar feadh coda, den bhliain mheasúnachta, muirearófar cáin faoi Sceideal B ar an talamh sin don bhliain sin ar an oiread de luach inmheasúnaithe na talún sin a bhfuil an chomhréir chéanna idir é agus an luach sin atá idir an chuid eile den bhliain sin agus bliain.

(3) I gcás ar talamh garraí mhargaidh cuid de mhaoin atá arna luacháil mar aonad faoi na hAchtanna Luachála—

(a) déanfar luach bliantúil na talún garraí mhargaidh, chun críocha Riail 5 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D a ríomh trí luacháil inrátaithe na maoine a chionroinnt,

(b) déanfar an luach inmheasúnaithe chun críocha aon mheasúnachta faoi Sceideal B maidir leis an gcuid eile den mhaoin a ríomh trí chionroinnt a dhéanamh ar an méid arbh é luach inmheasúnaithe na maoine é, chun críocha Sceidil B, dá mba nárbh thalamh garraí mhargaidh aon chuid de, agus

(c) aon chionroinnt is gá de réir an fho-ailt seo déanfaidh an cigire cánach é ar feadh a chumais de réir a eolais agus a bhreithiúnais.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta nó an Breitheamh Cuarda cionroinnt arna déanamh faoi mhír (c) d'fho-alt (3) den alt seo a leasú, ar achomharc i gcoinne measúnachta ar fhoras na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht, ach, ar aon achomharc den tsórt sin a éisteacht nó a athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála, a thabharfaidh ceachtar páirtí san achomharc, agus a dheimhneoidh, maidir le maoin arna luacháil mar aonad faoi na hAchtanna Luachála, na méide den luacháil inrátaithe is inchurtha i leith aon choda áirithe den mhaoin, ina chruthú dochloíte maidir leis an méid is inchurtha amhlaidh.

(5) Má tharlaíonn, maidir le haon bhliain mheasúnachta, cáin faoi Chás I de Sceideal D i leith brabús nó gnóchain as garraíodóireacht mhargaidh a bheith inmhuirir ar mhéid, nó faoi threoir méide, brabús nó gnóchain bhliana nó thréimhse a tháinig go hiomlán nó go páirteach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, ríomhfar an méid sin fé is dá mbeadh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ar feadh iomlán na bliana nó na tréimhse sin.

Alt 5 den Acht Airgid, 1929 , a leasú.

3. —Déanfar, le héifeacht ó thosach feidhme ailt 5 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (2) agus (3) den alt sin:—

“(2) (a) Ceapfaidh na Coimisinéirí Speisialta ó am go ham trátha agus áiteanna chun achomhairc i gcoinne measúnachtaí a éisteacht agus tabharfaidh Cléireach na gCoimisinéirí Speisialta fógra i dtaobh na dtráth agus na n-áiteanna sin don chigire cánach nó don oifigeach eile sin adúradh.

(b) Tabharfaidh an cigire cánach nó an t-oifigeach eile sin adúradh fógra i scríbhinn do gach duine a thug fógra achomhairc i dtaobh an trátha agus na háite a ceapadh chun a achomharc a éisteacht, ach—

(i) ní thabharfar fógra faoin mír seo i gcás ina mbeidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (3) den alt seo de dhroim comhaontaithe dá dtagartar sa mhír sin nó de dhroim fógra dá dtagartar i mír (d) den fho-alt sin, agus

(ii) i gcás ina measfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile go mb'fhéidir go socrófaí achomharc trí chomhaontú faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh sé staonadh ó fhógra a thabhairt faoin mír seo nó féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, fógra a bheidh tugtha cheana a aistarraingt.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le haon mheasúnacht a mbeidh fógra achomhairc tugtha ina leith agus nach measúnacht a mbeidh na Coimisinéirí Speisialta tar éis an t-achomharc ina coinne a chinneadh nó ar measúnacht chríochnaitheach dhochloíte faoi fho-alt (6) den alt seo í.

(b) Má tharlaíonn, maidir le measúnacht lena mbaineann an fo-alt seo go ndéanfaidh an cigire cánach nó an t-oifigeach eile sin adúradh agus an t-achomharcóir comhaontú, i scríbhinn nó ar shlí eile, go seasfaidh an mheasúnacht, go leasófar ar mhodh áirithe í nó go n-urscaoilfear nó go gcealófar í, tabharfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile éifeacht don chomhaontú agus, ansin, más é a bheidh sa chomhaontú go seasfaidh an mheasúnacht nó go leasófar í, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an measúnacht nó ag an measúnacht leasaithe, de réir mar bheidh, a bheadh aici dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina taobh.

(c) Aon chomhaontú nach mbeidh i scríbhinn, measfar nach comhaontú é chun críocha míre (b) den fho-alt seo, mura rud é—

(i) go ndaingneofar go ndearnadh comhaontú, agus na téarmaí ar ar comhaontaíodh, trí fhógra i scríbhinn a thabharfaidh an cigire cánach nó an t-oifigeach eile sin adúradh don achomharcóir nó a thabharfaidh an t-achomharcóir don chigire nó don oifigeach eile, agus

(ii) go bhfuil lá agus fiche caite ó tugadh an fógra sin agus nár thug an duine dár tugadh é fógra i scríbhinn don té a thug é gur mian leis an comhaontú a shéanadh nó tarraingt siar as.

(d) Aon uair a thabharfaidh achomharcóir fógra i scríbhinn don chigire cánach nó don oifigeach eile sin adúradh gur mian leis gan dul ar aghaidh lena achomharc i gcoinne measúnachta lena mbaineann an fo-alt seo, beidh éifeacht ag mír (b) den fho-alt seo fé is dá mbeadh comhaontú i scríbhinn déanta ag an achomharcóir agus ag an gcigire nó an t-oifigeach eile, ar fhógra an achomharcóra a bheith faighte, go seasfadh an mheasúnacht.

(e) Na tagairtí sa bhfo-alt seo do chomhaontú a dhéanamh le hachomharcóir agus fógra a thabhairt d'achomharcóir nó an t-achomharcóir do thabhairt fógra, folaíonn siad tagairtí do chomhaontú a dhéanamh le duine agus é ag gníomhú thar ceann an achomharcóra maidir leis an achomharc, agus d'fhógra a thabhairt don duine sin nó don duine sin do thabhairt fógra.”

Fianaise i gcásanna áirithe.

4. —(1) Ní bheidh ráitis a rinneadh nó doiciméid a tugadh ar aird ag duine nó thar a cheann neamhinghlactha in aon imeachtaí den tsórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo de dhroim amháin é a bheith curtha in iúl dó—

(a) maidir le cáin ioncaim nó forcháin, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim glacadh le socraíocht airgid in ionad imeachtaí a bhunú, agus

(b) cé nach féidir aon ghealltanas a thabhairt i dtaobh cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le socraíocht den tsórt sin i gcás aon duine áirithe, is gnás ag na Coimisinéirí Ioncaim a chur san áireamh gur admhaigh duine go hiomlán aon chalaois nó mainneachtain a raibh sé páirteach ann agus gur thug sé lán-saoráidí le haghaidh iniúchta,

agus gurb é sin nó go mb'fhéidir gurb é sin a thug air na ráitis a dhéanamh nó na doiciméid a thabhairt ar aird.

(2) Is iad na himeachtaí dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) aon imeachtaí coiriúla i gcoinne an duine áirithe sin mar gheall ar aon chineál calaoise nó mainneachtana toiliúla i ndáil le nó maidir le cáin ioncaim nó forcháin; agus

(b) aon imeachtaí ina choinne chun aon suim a bheidh dlite de a ghnóthú uaidh, trí cháin, fíneáil, forghéilleadh nó pionós, i ndáil le nó maidir le cáin ioncaim nó forcháin.

Fógraí.

5. —(1) Aon fhógra a údaraítear nó a cheanglaítear faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag cigire cánach nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim féadfar é a sheirbheáil tríd an bpost.

(2) Aon fhógra a údaraítear nó a cheanglaítear faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe acu chun fógraí den aicme lena mbaineann an fógra a thabhairt, é a shíniú agus a thabhairt agus má shínítear agus má thugtar amhlaidh é beidh sé chomh bailí éifeachtúil agus dá mb'iad na Coimisinéirí Ioncaim a shínigh faoina lámha agus a thug é.

(3) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a thug na Coimisinéirí Ioncaim nó cigire cánach nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a airbheartóidh gur cóip den fhógra é a thabhairt ar aird, agus ní gá postanna oifigiúla na ndaoine nó post oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb iad nó é a thug an fógra, nó má bhíonn sé sínithe, na sínithe nó an síniú, a chruthú, nó go raibh údarás ag na daoine nó ag an duine a shínigh agus a thug é, é sin a dhéanamh.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim.

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an Acht seo a rith, ach, i dteannta feidhm a bheith aige maidir le fógraí a thabharfar tar éis an tAcht seo a rith, beidh feidhm aige freisin, agus measfar feidhm a bheith riamh aige, maidir le fógraí a tugadh roimh an rith sin.

Eolas i dtaobh íocaíochtaí le fostaithe.

6. —(1) In alt 105 den Income Tax Act, 1918, measfar go bhfolaíonn na tagairtí d'íocaíochtaí le daoine i leith a bhfostaíochta agus do luach saothair daoine ina bhfostaíocht tagairtí—

(a) d'aon íocaíochtaí le daoine fostaithe tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1958, i leith caiteachas,

(b) d'aon íocaíochtaí tar éis an lae sin thar ceann daoine fostaithe agus nach mbeidh aisíoctha, agus

(c) d'aon íocaíochtaí tar éis an lae sin leis na fostaithe i dtrádáil nó gnó i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó, cibé acu i gcúrsa a bhfostaíochta nó nach ea a rinneadh na seirbhísí.

(2) Folaíonn an tagairt i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo d'íocaíochtaí le daoine fostaithe i leith caiteachas tagairt do shuimeanna a soláthraíodh do dhuine fostaithe agus d'íoc sé amach.

Alt 3 den Acht Airgid, 1925 , a leasú.

7. —Déantar leis seo alt 3 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), a leasú trí “na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1957, nó na hAchtanna sin agus aon Acht ina dhiaidh sin ar féidir na hAchtanna sin a lua ina dteannta” a chur in ionad “na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1953” i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 7 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 )).

Riail ghinearálta maidir le cáin ar fhearchéilí agus ar bhanchéilí.

8. —(1) Faoi réir alt 9, 10, 11 agus 12 den Acht seo, i gcás ioncaim mhná ar ar inmhuirir cáin, áireofar, chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin), gur ioncam de chuid a fearchéile agus nach ioncam dá cuidse é, sa mhéid gur ioncam é in aghaidh bliana measúnachta nó coda de bhliain mheasúnachta ar bean phósta ise ar a feadh agus í ina cónaí lena fearchéile, ach ní dhéanfaidh forálacha an fho-ailt seo difir maidir lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cáin inmhuirir ar aon ioncam dá cuidse in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, agus, má tá, cad é an méid a mheasfar a bheith san ioncam sin chun críocha cánach.

(2) Aon cháin a bheidh le measúnú i leith aon ioncaim, a measfar, faoi fho-alt (1) den alt seo, gur ioncam fearchéile mná é, déanfar, in ionad é a mheasúnú uirthise nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, a hairíoch nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, é a mheasúnú airsean, nó, sna cásanna iomchuí, ar a iontaobhaí, a chaomhnóir, a airíoch nó a chúramaí, nó ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí, ach ní dhéanfaidh aon ní sa bhfo-alt seo difir d'oibriú Rialach 10 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D.

(3) Na tagairtí san alt seo d'ioncam mná folaíonn siad tagairtí d'aon suim a bheadh le háireamh, mura mbeadh an t-alt seo, nuair a bheadh a hioncam iomlán á ríomh, agus tá éifeacht ag an bhfo-alt seo maidir le haon suim den tsórt sin d'ainneoin go gceanglann achtachán éigin (lena n-áirítear, ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt go sainráiteach, achtachán arna rith tar éis an tAcht seo a rith) nach n-áireofar an tsuim sin mar ioncam le haon duine eile ach í féin.

(4) Tá éifeacht ag an alt seo faoi réir Rialach 17 de na Rialacha Ginearálta agus ailt 8 den Income Tax Act, 1918.

An toradh, maidir le liúntais phearsanta, nuair a roghnóidh fearchéile nó banchéile go ndéanfar measúnacht ar leith.

9. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le faoisimh phearsanta, i gcás ina mbeidh, de bhua iarratais faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta, cáin ioncaim le measúnú agus le muirearú ar ioncaim fhearchéile agus bhanchéile fé is dá mbeidís gan bheith pósta.

(2) Is ionann iomlán an fhaoisimh ó cháin a thabharfar don fhearchéile agus don bhanchéile trí fhaoisimh phearsanta agus an faoiseamh a gheofaí mura mbeadh éifeacht ag an iarratas maidir leis an mbliain agus, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, féadfar an sochar a thiocfaidh de na faoisimh phearsanta a thabhairt tríd an méid cánach a bheidh le n-íoc a laghdú, nó trí aon bhreis cánach a bheidh íoctha a aisíoc, nó ar an dá mhodh sin, de réir mar is gá sa chás, agus leithroinnfear iad ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile—

(a) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó chun an fhearchéile nó an bhanchéile faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, de réir mar is eisean nó ise a rinne an íocaíocht ar dá barr an faoiseamh,

(b) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 16 den Finance Act, 1920, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam tuillte faoi seach,

(c) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó i leith gaoil chleithiúnaigh faoi alt 22 den Finance Act, 1920, nó ó fhaoiseamh i leith linbh faoi fho-alt (2) d'alt 21 den Acht sin, chun an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a chothabhálann an gaol nó an leanbh,

(d) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), i gcomhréir le méideanna a n-ioncam iomlán faoi seach, agus

(e) maidir leis an iarmhéid, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam inmheasúnaithe faoi seach.

(3) I gcás inar mó an méid faoisimh a leithroinnfear ar an bhfearchéile faoi fho-alt (2) den alt seo ná an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an fhearchéile in aghaidh na bliana measúnachta, úsáidfear an iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an bhanchéile in aghaidh na bliana sin a laghdú, agus, i gcás an méid faoisimh a leithroinnfear ar an mbanchéile faoin bhfo-alt sin a bheith níos mó ná an cháin ioncaim is inmhuirir ar a hioncam in aghaidh na bliana measúnachta, úsáidfear an iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an fhearchéile in aghaidh na bliana sin a laghdú.

(4) Féadfaidh an fearchéile nó an banchéile tuairisceáin ar ioncaim iomlána an fhearchéile agus an bhanchéile a thabhairt chun críocha an ailt seo, ach, mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta le haon tuairisceán den tsórt sin, féadfaidh siad tuairisceán a fháil ón mbanchéile nó ón bhfearchéile de réir mar bheidh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra a cheangal go ndéanfar tuairisceáin chun críocha an ailt seo a thabhairt tráth ar bith, agus na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le pionóis mar gheall ar a mhainniú nó a dhiúltú nó a mhoilliú ráitis fhíora, chruinne bhrabús nó ghnóchain a thabhairt beidh feidhm acu, modhnaithe mar is gá, i gcás mainneachtain nó diúltú, nó moilliú toiliúil maidir le haon tuairisceán den tsórt sin a thabhairt.

(6) San alt seo, ciallaíonn “faoisimh phearsanta” aon fhaoiseamh faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, faoi ailt 16, 18, 19, 20, 21, 22 agus 23 den Finance Act, 1920, faoi alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), nó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ).

Cáin is inchurtha i leith ioncaim bhanchéile agus a measúnaíodh ar a fearchéile a bhailiú ón mbanchéile.

10. —(1) I gcás—

(a) measúnacht i leith cánach ioncaim nó forchánach (dá ngairtear an mheasúnacht bhunaidh ina dhiaidh seo san alt seo) a dhéanamh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin ar fhear, nó ar iontaobhaí, caomhnóir, airíoch nó cúramaí fir, nó ar sheiceadóirí nó riarthóirí fir,

(b) gurb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, i gcás measúnachta i leith cánach ioncaim, nó tuairim na gCoimisinéirí Speisialta i gcás measúnachta i leith forchánach, dá mbeadh iarratas ar lorg measúnachta ar leith faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta nó faoi alt 8 den Income Tax Act, 1918, i bhfeidhm maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, go mbeadh measúnacht i leith an ioncaim chéanna sin, nó i leith coda de, le déanamh ar bhean arb í banchéile an fhir sin í nó arbh í a bhanchéile sa bhliain mheasúnachta sin nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, a hairíoch nó a cúramaí, nó a seiceadóirí nó a riarthóirí, agus

(c) go raibh iomlán na méide nó cuid den méid dob iníoctha faoin measúnacht bhunaidh gan íoc agus ocht lá fichead caite ón dáta a tháinig sé chun bheith dlite,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, nó de réir mar bheidh, na Coimisinéirí Speisialta, fógra a thabhairt di, nó más marbh di, á seiceadóirí nó dá riarthóirí nó, más rud é go bhféadfaí measúnacht den tsórt dá dtagartar i mír (b) den fho-alt seo a dhéanamh, sa chúinse dá dtagartar ansin, ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, a hairíoch nó a cúramaí, di féin nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir, dá hairíoch nó dá cúramaí—

(i) ina mbeidh sonraí na measúnachta bunaidh agus na méide atá gan íoc faoi, agus

(ii) ina mbeidh, ar feadh a mbreithiúnais, sonraí na measúnachta a bheadh le déanamh mar adúradh roimhe seo,

agus á cheangal ar an duine dá dtabharfar an fógra an méid a íoc dob iníoctha faoin measúnacht is déanaí a luaitear dá mbeadh sí de réir na sonraí sin nó an méid atá gan íoc, faoin measúnacht bhunaidh, cibé acu is lú.

(2) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo do bhean, nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir, dá hairíoch nó da cúramaí, nó dá seiceadóirí nó dá riarthóirí, is é an toradh céanna a bheidh ann maidir le—

(a) íoc na cánach a fhorchur de dhliteanas, agus maidir leis an gcáin a ghnóthú,

(b) tosaíocht don cháin i gcás féimheachta nó eastát dhuine éagtha a riaradh,

(c) achomhairc chun na gCoimisinéirí Speisialta, athéisteacht na n-achomharc sin agus cásanna a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, agus

(d) titim deiridh an dliteanais fhorchurtha,

a thiocfadh de mheasúnacht den tsórt dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den fho-alt seo a dhéanamh uirthí féin nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, a hairíoch nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, de réir mar bheadh, is é sin measúnacht—

(i) a rinneadh an lá a tugadh an fógra,

(ii) a mhuirearaigh an méid céanna cánach a cheanglann an fógra a íoc,

(iii) a bhí le déanamh agus a rinneadh ag an údarás a rinne an mheasúnacht bhunaidh, agus

(iv) a rinne an t-údarás sin ar feadh a bhreithiúnais nó a mbreithiúnais,

agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha (oiriúnaithe mar is gá) de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (d) den fho-alt seo.

(3) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, scoirfidh cáin, suas go dtí an méid a cheanglóidh an fógra a íoc, de bheith inghnóthaithe faoin measúnacht bhunaidh.

(4) I gcás ina ndéanfar an méid is iníoctha faoi fhógra a thabharfar faoi fho-alt (1) den alt seo a laghdú de thoradh achomhairc, nó de thoradh cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil—

(a) más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint don toradh sin, go raibh an mheasúnacht bhunaidh iomarcach, cuirfidh siad faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile is dóigh leo is cóir; ach

(b) faoi réir aon fhaoisimh a thabharfar amhlaidh, tiocfaidh suim is comhionann leis an laghdú ar an méid is iníoctha faoin bhfógra chun bheith inghnóthaithe arís faoin measúnacht bhunaidh.

(5) Beidh na cumhachtaí céanna ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag na Coimisinéirí Speisialta agus ag an gcigire cánach nó ag an oifigeach cuí eile chun eolas a fháil d'fhonn fógra, agus i ndáil le fógra, a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo a bheadh acu d'fhonn go ndéanfaí measúnacht, agus i ndáil le déanamh measúnachta, den tsórt dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo dá mbeadh na coinníollacha is gá chun measúnacht den tsórt sin a dhéanamh comhlíonta.

Ceart ag an bhfearchéile chun dliteanas maidir le cáin ar ioncam a bhanchéile éagtha a shéanadh.

11. —(1) I gcás ina n-éagfaidh bean, a bhí, tráth ar bith sular éag sí, ina bean phósta agus í ina cónaí lena fearchéile, féadfaidh sé sin, nó, más marbh dó, a sheiceadóirí nó a riarthóirí, tráth nach déanaí ná dhá mhí ó dháta probháid nó litreacha riaracháin a dheonadh i leith a heastáit nó, le toiliú a seiceadóirí nó a riarthóirí, dáta ar bith is déanaí ná sin, fógra i scríbhinn a thabhairt dá seiceadóirí nó dá riarthóirí agus don chigire cánach á dhearbhú go séanann sé nó siad, a mhéid a cheadaítear leis an alt seo, freagarthacht sa cháin ioncaim nó sa bhforcháin atá gan íoc maidir lena hioncam uile in aghaidh aon bhliana measúnachta nó coda de bhliain mheasúnachta, is bliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis, agus arbh eisean a fearchéile ar a feadh agus ise ina cónaí leis.

(2) Ní mheasfar gur fógra bailí fógra a thabharfar de bhun an ailt seo don chigire cánach mura luaitear ann ainmneacha agus seolta seiceadóirí nó riarthóirí na mná.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra faoin alt seo a thabhairt do sheiceadóirí nó do riarthóirí mná agus don chigire cánach—

(a) beidh de dhualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim agus ar na Coimisinéirí Speisialta cibé cumhachtaí is cead dóibh a fheidhmiú ansin nó ina dhiaidh sin a fheidhmiú faoi alt 10 den Acht seo maidir le haon mheasúnacht a dhéanfar, ar an dáta nó roimh an dáta a chríochnófar tabhairt an fhógra sin, is measúnacht maidir le haon chuid den ioncam lena mbaineann an fógra sin, agus

(b) na measúnachtaí a fhéadfar a dhéanamh (má fhéadfar) tar éis an dáta sin, cibé acu i leith cánach ioncaim nó forchánach é, is iad, ar gach slí agus go háirithe maidir leis na daoine is inmheasúnaithe agus an cháin is iníoctha, na measúnachtaí iad a bheadh le déanamh dá mba rud é—

(i) go mbeadh iarratas ar mheasúnacht ar leith faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta nó faoi alt 8 den Income Tax Act, 1918, cibé acu é, i bhfeidhm maidir leis an mbliain mheasúnachta iomchuí, agus

(ii) gur dá réir sin a rinneadh na measúnachtaí uile a rinneadh roimhe sin.

(4) San alt seo, ciallaíonn “an cigire cánach”, maidir le fógra, aon chigire cánach a measfadh an duine, ó réasún, a bheadh ag tabhairt an fhógra gur dócha dó baint a bheith aige le hábhar an fhógra nó a dhearbhóidh go bhfuil sé ullamh ar an bhfógra a ghlacadh.

(5) Féadfar aon fhógra faoin alt seo a sheirbheáil tríd an bpost.

Forléiriú tagairtí do mhná pósta ina gcónaí lena bhfearchéilí, agus forálacha speisialta maidir le céilí áirithe atá scartha go geograifeach.

12. —(1) Chun críocha cánach ioncaim áireofar go gcónaíonn bean phósta lena fearchéile muran rud é—

(a) go bhfuil siad eadarscartha faoi ordú cúirte dlínse inniúla nó le gníomhas eadarscartha, nó

(b) go bhfuil siad, iarbhír, eadarscartha i gcúinsí de shaghas d'fhágfadh gur dócha gur eadarscaradh buan é.

(2) I gcás bean phósta agus a fearchéile a chónaíonn le chéile agus—

(a) duine acu a bheith, agus gan an duine eile acu a bheith, ina chónaí sa Stát i rith bliana measúnachta, nó

(b) an bheirt acu a bheith ina gcónaí sa Stát i rith bliana measúnachta, ach duine acu a bheith, agus gan an duine eile acu a bheith, as láthair ón Stát ar feadh na bliana sin,

beidh an toradh céanna air sin chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheadh ann dá mbeidís, iarbhír, eadarscartha ar feadh na bliana measúnachta sin i gcúinsí de shaghas d'fhágfadh gur dócha gur eadarscaradh buan é.

(3) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo agus gur mó glan-mhéid comhiomlán na cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheidh le n-íoc ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile in aghaidh na bliana ná mar bheadh mura mbeadh forálacha an fho-ailt sin, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt (trí na measúnachtaí sin ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile a laghdú nó an cháin sin d'íoc an fearchéile nó an banchéile (trí asbhaint nó eile) a aisíoc fé mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim) a laghdóidh an glanmhéid comhiomlán sin de mhéid na breise.

CUID II.

Custaim agus Mál.

Deireadh le dleacht chustam ar scannáin chinematografacha.

13. —Ní dhéanfar an dleacht chustam ar scannáin chinematografacha a forchuireadh le halt 17 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), a mhuirearú ná a thobhach ar aon earra a allmhuireofar an 24ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis.

Ile híodrocarbóin— leasú ar alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1957 .

14. —Déantar leis seo fo-alt (8) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1957 ( Uimh. 20 de 1957 ), a leasú—

(a) trí “duine a mbíonn seirbhís bhóthair do phaisnéirí de réir bhrí ailt 2 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , ar siúl aige, agus arb é an ceadúnaí é faoi cheadúnas paisnéirí a deonadh faoi alt 11 den Acht sin i leith na seirbhíse bóthair do phaisnéirí nó atá eiscthe ó fheidhm ailt 7 den Acht sin” a chur in ionad “an ceadúnaí faoi cheadúnas paisnéirí a deonadh faoi alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 )”,

(b) trí “sa tseirbhís bhóthair do phaisnéirí” a chur in ionad “i seirbhís bhóthair do phaisnéirí ar ina leith a deonadh an ceadúnas”, agus

(c) trí “leis” a chur in ionad “leis an gceadúnaí”.

Dleacht ghluaisteán— leasú ar alt 12 (2) den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938.

15. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 12 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , a leasú trí mhír (f) a scriosadh.

Dleacht siamsa— leasú ar alt 10 (4) (c) den Acht Airgeadais, 1948 .

16. —Déantar leis seo mír (c) d'fho-alt (4) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), a leasú maidir le siamsaí a chomórfar an lú lá de Lúnasa, 1958, nó dá éis, trí “caoga faoin gcéad” a chur in ionad “tríocha faoin gcéad”.

Dleacht siamsa— srian le halt 6 den Acht Airgeadais, 1953 .

17. —(1) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc faoi fho-alt (1) d'alt 6 den Acht Airgeadais, 1953 ( Uimh. 21 de 1953 ), le dílseánach siamsa a comóradh an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, má mhair an siamsa níos sia ná dhá uair go leith a chloig.

(2) I gcás inarb é a bheidh i siamsa dhá thaibhiú nó níos mó den chlár chéanna ó thús go deireadh, measfar, chun críocha an ailt seo ach ní chun aon chríche eile, gur siamsa ar leith gach taibhiú den tsórt sin.

An dleacht mháil bhreise ar cheadúnas déileálaí tobac a fhorceannadh.

18. —Ní dhéanfar an dleacht mháil bhreise ar cheadúnas déileálaí tobac a fhorchuirtear le halt 26 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), a mhuirearú ná a thobhach ar aon cheadúnas a dtosóidh a thréimhse bhailíochta an lú lá d'Iúil, 1958, nó dá éis.

Díolúintí breise i leith ceadúnas mangairí.

19. —I dteannta na ndaoine a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 12 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), agus in alt 24 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), ni gá d'aon duine a dhíolann íle híodracarbóin nó gréis bhealála agus nach ndíolann aon earraí eile ceadúnas a fháil faoin Hawkers Act, 1888.

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú.

20. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 (Uimh. 24 de 1952) .

(2) Cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach díreach i ndiaidh fo-ailt (11) d'alt 1 den Acht:—

“(11A) I cibé cásanna agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin—

(a) féadfar ceadúnas faoin alt seo nó ceadúnas ginearálta faoi alt 9 den Roads Act, 1920, a ghéilleadh sula n-éaga sé, agus

(b) féadfar aisíoc i leith na dleachta a íocadh ar cheadúnas a géilleadh faoin bhfo-alt seo a dhéanamh de réir cibé ráta a fhorordóidh an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin.”

(3) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht:—

“(b)  (i) go n-úsáidtear an fheithicil i riocht nó ar shlí nó chun críche a thabharfadh, dá n-úsáidtí í sa riocht nó ar an slí nó chun na críche sin amháin, go mbeadh an fheithicil inchurtha faoi dhleacht de réir ráta níos airde ná an ráta ar dá réir a íocadh dleacht, nó

(ii) i gcás feithicle lena mbaineann fo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo de bhua oibriú míre 3 de Chuid II den Sceideal—

(I) go n-úsáidtear í i riocht nó ar shlí nó chun críche, nó

(II) go n-úsáidtear í agus slí bheatha ag an duine a thóg amach an ceadúnas,

a thabharfadh, dá gcruthaítí an tráth a tógadh amach an ceadúnas í a bheith á húsáid sa riocht nó ar an slí sin nó chun na críche sin nó go raibh an tslí bheatha sin ag an duine sin, go mbeadh sí inchurtha faoi dhleacht de réir ráta níos airde ná an ráta ar dá réir a íocadh dleacht, agus”.

(4) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre 3 de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht:—

“3. (1) Más rud é, mura mbeadh an mhír seo, go mbainfeadh fo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal seo le feithicil, ní bhainfidh an fho-mhír sin léi (agus bainfidh fo-mhír (d) den mhír sin léi dá réir sin) mura dtabharfaidh an té a bheidh ag tógaint an cheadúnais amach cruthúnas chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin—

(a) gurb í an fheirmeoireacht an t-aon-slí bheatha nó an phríomh-shlí bheatha atá aige agus nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach ó am go ham agus amháin—

(i) chun toradh a fheirme agus earraí a tharraingt is gá le haghaidh na feirme, lena n-áirítear an teach feirme agus na foirgintí feirme, ach gan tarraingt bhreosla a áireamh más mar earra le díol a iompraítear é, nó

(ii) chun earraí den chineál chéanna a tharraingt d'fheirmeoir eile, ar choinníoll nach ar luaíocht a tharraingtear na hearraí sin, nó,

(iii) chun aon earraí acu seo a leanas a tharraingt d'fheirmeoir eile ar luaíocht—

(I) bainne a bheifear a tharraingt go dtí uachtarlann nó go dtí stáisiún deighilte uachtair, nó

(II) bainne deighilte a bheifear a tharraingt ó uachtarlann nó ó stáisiún deighilte uachtair, nó

(III) coimeádáin bhainne a bheifear a tharraingt go dtí nó ó uachtarlann nó stáisiún deighilte ime, nó

(iv) chun beodhíle a tharraingt ar luaíocht, is beodhíle—

(I) le duine a chónaíonn dhá mhíle ar a mhéid ó áit chónaithe an tarraingteora, agus

(II) a bheifear a tharraingt go dtí feirm nó ó fheirm ó mhancán ceantála beodhíle nó ionad, nó go dtí mancán ceantála beodhíle nó ionad, ina mbeidh margadh nó aonach ar siúl a bheidh sonraithe le hordú ón Aire Tionscail agus Tráchtála faoin Acht Iompair, 1958 , nó

(III) a tharraingeofar lá na ceantála, an mhargaidh nó an aonaigh sin, agus an lá sin amháin, agus

(IV) nach dtarraingeofar i gceachtar treo ar aon chuid de bhóthar poiblí atá níos mó ná fiche míle de bhóthar poiblí ó áit chónaithe an tarraingteora, nó

(b) gur conraitheoir é a fostaíodh chun obair thalmhaíochta a dhéanamh ar fheirm agus nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach chun earraí a tharraingt a theastaíonn uaidh chun an obair sin a dhéanamh.

(2) Má bhíonn feirm á seoladh mar chuid de cheann acu seo a leanas nó i ndáil leis—

(a) ospidéal, sanatóir, teach eadarshláinte nó foras eile dá shamhail sin,

(b) foras meabhair-ghalar de réir bhrí an Achta Chóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ),

(c) mainistir, clochar nó foras dá shamhail sin,

(d) coláiste, scoil nó foras dá shamhail sin,

measfar, chun críocha na míre seo, gur duine arb í an fheirmeoireacht a phríomh-shlí bheatha an duine a sheolann an fheirm.”

(5) Más roimh an lú lá d'Iúil, 1958, nó más é an lá sin, a rithfear an tAcht seo, tiocfaidh fo-alt (4) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig sé i ngníomh.

(6) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha fo-alt (4) agus (5) den alt seo agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Orduithe a dhaingniú.

21. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleacht (Uimh. 5) (Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe agus Dleacht Custam Ilghnéitheacha) (Leasú), 1957 (I.R. Uimh. 163 de 1957), an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 11) (Slinnte Dín), 1957 (I.R. Uimh. 275 de 1957), agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 28) (Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe agus Dleachtanna Custam Ilghnéitheacha), 1958 (I.R. Uimh. 92 de 1958).

CUID III.

Dleachtanna Báis.

Srian le halt 7 (4) den Finance Act, 1894.

22. —(1) Maidir le bás a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith aon dleacht a thiocfaidh chun bheith incheadaithe, nó a cheadófar, i gcoinne na dleachta eastáit is iníoctha faoi dhlithe an Stáit, mar fhaoiseamh ó chánachas dúbailte de dhroim gur tháinig sí chun bheith iníoctha nó gur íocadh í faoi dhlithe aon chríche lasmuigh den Stát, ní bheidh sí incheadaithe faoi fho-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894.

(2) Maidir le bás a tharla roimh an Acht seo a rith—

(a) aon dleacht a tháinig, roimh an rith sin, chun bheith incheadaithe, nó a ceadaíodh, i gcoinne na dleachta eastáit, dob iníoctha faoi dhlithe an Stáit, mar fhaoiseamh ó chánachas dúbailte, de dhroim í a bheith iníoctha nó íoctha faoi dhlithe aon chríche lasmuigh den Stát, ní bheidh sí, agus measfar nach raibh sí riamh, incheadaithe faoi fho-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894, agus

(b) aon dleacht a thiocfaidh chun bheith incheadaithe, nó a cheadófar, tar éis an rith sin, i gcoinne na dleachta eastáit, is iníoctha faoi dhlithe an Stáit, mar fhaoiseamh ó chánachas dúbailte, de dhroim í a bheith iníoctha nó íoctha faoi dhlithe aon chríche lasmuigh den Stát, ní bheidh sí incheadaithe faoi fho-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894.

CUID IV.

Liúntais Chaiteachais agus Sochair in Earraí: Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Liúntais chaiteachais, etc.

23. —(1) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, déanfar, chun críocha Rialach 1 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal E, aon tsuim a bheidh íoctha i leith caiteachais ag comhlacht corpraithe le haon duine dá stiúrthóirí nó le duine ar bith i bhfostaíocht an chomhlachta sin is fostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo a áireamh, mura mbeidh an tsuim sin inchurtha faoi cháin ioncaim ar shlí eile mar ioncam leis an stiúrthóir nó an fostaí sin, mar pheircis a ghabhann le hoifig nó le fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí sin agus mar chuid de shochair an chéanna is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dá réir sin, ach ní choiscfidh aon ní sa bhfo-alt seo éileamh ar asbhaint a dhéanamh faoi Riail 9 de na Rialacha sin i leith aon airgid a caitheadh go hiomlán, go haonarach agus go riachtanach ag comhlíonadh dualgas na hoifige nó na fostaíochta.

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt seo d'aon suim a íocadh i leith caiteachais folaíonn sí tagairt d'aon suim a sholáthraigh comhlacht corpraithe do stiúrthóir nó d'fhostaí agus d'íoc sé amach.

Sochair in earraí a chur san áireamh.

24. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo den Acht seo, i gcás—

(a) comhlacht corpraithe do dhul faoi chostas ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe nó cóiríochta eile, nó aíochta, nó seirbhísí tís nó seirbhísí eile nó sochar nó saoráidí eile d'aon sórt d'aon duine dá stiúrthóirí nó d'aon duine ar fostú ag an gcomhlacht sin i bhfostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, agus

(b) nach mbeadh an caiteachas inchurtha, mura mbeadh an t-alt seo, faoi cháin ioncaim mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí,

beidh éifeacht ag Rialacha 1 agus 9 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal E agus ag alt 105 den Income Tax Act, 1918, maidir leis an oiread den chaiteachas nach mbeidh cúitithe leis an gcomhlacht corpraithe ag an stiúrthóir nó an fostaí amhail is dá mb'é an stiúrthóir nó an fostaí a bhí tar éis dul faoin gcaiteachas agus go raibh méid an chaiteachais sin aisíoctha leis ag an gcomhlacht corpraithe trí íocaíocht i leith caiteachais, agus beidh cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) inmhuirir dá réir sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le costas faoina ndeachaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, aon chóiríochta, soláthairtí nó seirbhísí do stiúrthóir nó d'fhostaí in aon áitreabh gno de chuid an chomhlachta agus a soláthraíodh le haghaidh an stiúrthóra nó an fhostaí féin agus d'úsáid sé chun agus amháin chun dualgais a oifige nó a fhostaíochta a chomhlíonadh.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le caiteachas faoina ndeachaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe d'fhostaí i gcuid d'aon áitreabh gnó leis an gcomhlacht sin ina bhfuil cóiríocht chónaithe más gá don fhostaí, de réir téarmaí a fhostaíochta, cónaí sa chóiríocht le go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh i gceart agus—

(a) go bhfuil an chóiríocht soláthraithe de réir gnáis a bhí coiteann i dtrádála den aicme iomchuí ó thús na ndeich mbliana dar críoch dáta an Achta seo a rith maidir le fostaithe den aicme iomchuí, nó

(b) gur gá, i dtrádála den aicme iomchuí, go gcónódh fostaithe den aicme iomchuí in áitreabh den aicme iomchuí,

ach ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás an fostaí a bheith ina stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe iomchuí nó ar aon chomhlacht corpraithe eile a bhfuil urlámh ag an gcomhlacht corpraithe sin air nó aige sin ar an gcomhlacht corpraithe sin nó atá faoi urlámh dhuine a bhfuil urlámh aige freisin ar an gcomhlacht corpraithe sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le caiteachas faoina ndeachaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, béilí in aon cheaintín ina soláthraítear béilí don fhoireann i gcoitinne.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le caiteachas faoina ndeachaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, aon phinsin, blianachta, cnapshuime, aisce nó sochair eile dá shórt sin a thabharfar ar éag nó éirí-as dó a sholáthar do stiúrthóir nó d'fhostaí é féin, nó dá chéile, dá chlann nó dá chleithiúnaithe.

(6) Aon tagairt san alt seo do chaiteachas faoina ndeachthas i leith nó maidir le haon ní, folaíonn sí tagairt do chionúireacht iomchuí d'aon chaiteachas faoina ndeachthas go páirteach i leith nó maidir leis an ní sin.

Luacháil sochar in earraí.

25. —(1) Aon chaiteachas faoina ndeachaigh comhlacht corpraithe ag fáil nó ag táirgeadh sócmhainne a fhanann mar mhaoin ag an gcomhlacht féin, fágfar as an áireamh é chun críocha ailt 24 den Acht seo.

(2) Más é cuma ina ndéanfar aon socrú den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht seo an mhaoin in aon sócmhainn leis an gcomhlacht corpraithe a aistriú, agus gur tharla, ó fuair nó ó tháirg an comhlacht corpraithe an tsócmhainn, gur úsáideadh an tsócmhainn nó gur bhain díluachadh di, measfar go ndeachaigh an comhlacht corpraithe, agus an socrú sin á dhéanamh aige, faoi chaiteachas is comhionann le luach na sócmhainne tráth an aistrithe.

(3) (a) Má mheasúnaítear, nó más inmheasúnaithe, comhlacht corpraithe faoi Sceideal A maidir le haon áitreabh a mbeidh an comhlacht tar éis an t-áitreabh ar fad nó aon chuid de a sholáthar mar chóiríocht chónaithe nó mar chóiríocht eile d'aon duine dá stiúrthóirí nó dá fhostaithe agus nach n-íocann an comhlacht corpraithe aon chíos i leith an áitribh nó gur lú suim bhliantúil an chíosa a íocann sé ná suim na measúnachta faoi Sceideal A ar an áitreabh, beidh éifeacht ag alt 24 den Acht seo fé is dá n-íocadh an comhlacht corpraithe cíos bliantúil i leith an áitribh is comhionann le suim na measúnachta faoi Sceideal A ar an áitreabh.

(b) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn “suim na measúnachta faoi Sceideal A” suim arbh ionann i agus suim na measúnachta faoi in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí dá mba nár achtaíodh alt 3 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ).

(4) I gcás sócmhainn ar leis an gcomhlacht corpraithe i gcónaí í a úsáid go hiomlán nó go páirteach chun aon socrú den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht seo a dhéanamh, agus nach áitreabh an tsócmhainn, measfar, chun críocha an ailt sin, go ndeachaigh an comhlacht corpraithe faoi chaiteachas bliantúil (i dteannta aon chaiteachais eile faoina ndeachaigh sé maidir leis an sócmhainn, nach caiteachas lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo) maidir leis is comhionann le luach bliantúil úsáide na sócmhainne, ach má bhíonn aon suim i leith cíosa nó fruilithe iníoctha ag an gcomhlacht corpraithe i leith na sócmhainne—

(a) i gcás suim bhliantúil an chíosa nó an fhruilithe a bheith comhionann le, nó níos mó ná, luach bliantúil úsáide na sócmhainne, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo, agus

(b) i gcás inar lú suim bhliantúil an chíosa nó an fhruilithe ná luach bliantúil úsáide na sócmhainne, fágfar an cíos nó an fruiliú as an áireamh chun críocha an ailt sin.

(5) Aon tagairt atá san alt seo do chomhlacht corpraithe is inmheasúnaithe faoi Sceideal A i leith aon áitribh measfar go bhfolaíonn sí tagairt do chomhlacht corpraithe dob inmheasúnaithe amhlaidh dá mbeadh na cúinsí a bhí ann ar feadh aon choda den bhliain ann i gcaitheamh na bliana uile.

An bhrí atá le “stiúrthóir”, “fostaíocht” agus “fostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo”.

26. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “stiúrthóir”—

(a) maidir le comhlacht corpraithe ar bord stiúrthóirí nó comhlacht dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail,

(b) maidir le comhlacht corpraithe ar stiúrthóir aonair nó duine dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, an stiúrthóir sin nó an duine sin,

(c) maidir le comhlacht corpraithe arb iad na comhaltaí féin a bhainistíonn a ghnó, comhalta den chomhlacht corpraithe,

agus folaíonn sé duine ar bith ar gnáth le stiúrthóirí comhlachta chorpraithe, arna mhíniú de réir na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo, gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha, ach ní mheasfar, de réir bhrí an fho-ailt seo, duine a bheith ina dhuine ar gnáth le stiúrthóirí comhlachta chorpraithe gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha de dhroim amháin go ngníomhaíonn na stiúrthóirí sin de réir a chomhairle i gcáil ghairmiúil dó.

(2) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “fostaíocht” fostaíocht ar de chineál í go mbeadh aon sochair oifige uaidh le measúnú faoi Sceideal E, agus folaíonn tagairtí do dhaoine ar fostú ag comhlacht corpraithe nó is fostaithe do chomhlacht corpraithe aon duine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe agus nach stiúrthóir ar an gcomhlacht sin.

(3) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo agus fo-ailt (4) den alt seo, na fostaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo is fostaíochtaí iad ar cúig chéad déag punt nó níos mó na sochair uathu, arna meas don bhliain mheasúnachta iomchuí de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus ar an bhforas gur fostaíochtaí iad lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, agus gan aon asbhaint a dhéanamh faoi Riail 9 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal E maidir le hairgead a caitheadh ag comhlíonadh dualgas an chéanna:

Ar choinníoll—

(a) i gcás duine a bheith fostaithe i dhá fhostaíocht nó níos mó ag an gcomhlacht corpraithe amháin, agus gur cúig chéad déag punt nó níos mó iomlán sochar na bhfostaíochtaí sin in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí arna meas mar adúradh, déileálfar leis na fostaíochtaí sin uile mar fhostaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, agus

(b) i gcás duine a bheith ina stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe, déileálfar leis na fostaíochtaí uile ina mbeidh sé ar fostú ag an gcomhlacht corpraithe mar fhostaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo.

(4) Maidir le stiúrthóirí uile agus fostaithe uile chomhlachta chorpraithe ar a bhfuil urlámh ag comhlacht corpraithe eile déileálfar leo chun críocha an choinníll a ghabhann le fo-alt (3) den alt seo (ach ní chun aon chríche eile) fé is dá mba stiúrthóirí ar an gcomhlacht corpraithe eile sin iad, nó, de réir mar bheidh, fé is dá mba fostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe eile sin an fhostaíocht.

Forálacha breise maidir le heolas.

27. —(1) I bhfo-alt (2) d'alt 105 den Income Tax Act, 1918, measfar go bhfolaíonn na tagairtí do chuideachta tagairtí d'aon chomhlacht corpraithe agus beidh le “director” an bhrí chéanna atá le “stiúrthóir” sa Chuid seo den Acht seo.

(2) Má dhéanann comhlacht corpraithe, chun críocha tuairisceáin faoin alt sin 105, cionroinnt ar chaiteachas faoina ndeachthas go páirteach i leith nó maidir le ní áirithe agus go páirteach i leith nó maidir le nithe eile—

(a) beidh sa tuairisceán ráiteas gur de thoradh na cionroinnte sin an tsuim atá sa tuairisceán,

(b) déanfaidh an comhlacht corpraithe, má cheanglaítear sin air trí fhógra ón gcigire cánach, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra agus sonraí iomlána ann i dtaobh na suime a cionroinneadh, an tslí ina ndearnadh agus na forais ar a ndearnadh an chionroinnt, agus

(c) má bhíonn an cigire míshásta le haon chionroinnt chaiteachais den tsórt sin, féadfaidh sé, chun críocha measúnachta, an caiteachas a chionroinnt, ach féadfaidh an comhlacht corpraithe, ar fhógra a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de lá agus fiche tar éis fógra a fháil i dtaobh aon chionroinnte den tsórt sin a rinne an cigire, achomharc i gcoinne na cionroinnte sin a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(3) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (2) den alt seo fé is dá mb'achomharc é chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le achomharc a athéisteacht nó le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

(4) Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le tuairisceáin faoin alt sin 105 beidh feidhm acu maidir le haon tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (2) den alt seo.

Feidhm Choda IV.

28. —Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Acht seo maidir le haon chomhlacht corpraithe mura mbíonn trádáil ar siúl aige nó muran infheistíochtaí nó maoin eile a shealbhú iomlán nó formhór a fheidhmeanna.

Léiriú na bhforálacha roimhe seo de Chuid IV.

29. —(1) Sna forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo folaíonn “áitreabh gnó”, maidir le comhlacht corpraithe, gach áitreabh ar áitiú ag an gcomhlacht sin chun críocha aon trádála a bhíonn ar siúl aige:

Ar choinníoll nach bhfolaíonn “áitreabh gnó” ach amháin i gcás inar tagairt sainráite d'áitreabh ina bhfuil cóiríocht chónaithe an tagairt, an méid d'aon áitreabh mar adúradh a úsáidtear mar chóiríocht chónaithe d'aon duine de stiúrthóirí an chomhlachta chorpraithe nó d'aon duine ar fostú ag an gcomhlacht corpraithe in aon fhostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo.

(2) Aon tagairt atá sna forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo d'aon ní a soláthraíodh do stiúrthóir nó d'fhostaí déanfar, muran tagairt sainráite í do rud éigin a soláthraíodh don stiúrthóir nó don fhostaí féin, í a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ní a soláthraíodh do chéile, do theaghlach, do sheirbhísigh, do chleithiúnaigh nó d'aíonna an stiúrthóra nó an fhostaí sin, agus forléireofar dá réir sin an tagairt atá sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) den alt seo do chóiríocht chónaithe do stiúrthóirí nó d'fhostaithe.

(3) Sna forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “urlámh”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna nó cumhacht vótála a shealbhú sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméid eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir tola an duine sin a sheolfar gnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaite.

Comhlachtaí neamhchorpraithe, comhpháirtíochtaí agus pearsana.

30. —(1) Bainfidh na forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo le cumainn neamhchorpraithe agus comhlachtaí eile fé mar bhaineann siad le comhlachtaí corpraithe, agus, maidir leis na forálacha sin roimhe seo, beidh feidhm freisin ag an míniú ar “urlámh”, oiriúnaithe mar is gá, atá i bhfo-alt (3) d'alt 29 den Acht seo.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo maidir le haon chomhpháirtíocht a sheolann aon trádáil nó gairm fé mar bheadh feidhm acu maidir le comhlacht corpraithe a bheadh ag seoladh trádála, dá bhfágtaí ar lár an méid sin díobh a bhaineann le stiúrthóirí an chomhlachta chorpraithe nó le daoine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe, ach—

(a) ciallaíonn “urlámh”, maidir le comhpháirtíocht, an ceart chun scair is mó ná leath na sócmhainní nó níos mó ná leath ioncaim na comhpháirtíochta, agus

(b) i gcás urlámh a bheith ag comhpháirtíocht den tsórt adúradh ar chomhlacht corpraithe lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo (agus forléireofar “urlámh” chun na críche sin de réir an mhínithe atá air i bhfo-alt (3) d'alt 29 den Acht seo)—

(i) is fostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo aon fhostaíocht ina bhfuil aon stiúrthóir de chuid an chomhlachta chorpraithe sin fostaithe ag an gcomhpháirtíocht, agus

(ii) gach fostaíocht ina bhfuil duine ar fostú faoin gcomhpháirtíocht agus faoin gcomhlacht corpraithe (is fostaíocht faoin gcomhpháirtíocht nó faoin gcomhlacht corpraithe) déileálfar léi, maidir lena chinneadh cé acu is fostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo nó nach ea an fhostaíocht sin, fé is dá mb'fhostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe í.

(3) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (2) den alt seo maidir le pearsana fé mar atá feidhm acu maidir le comhpháirtíochtaí, ach ní fhorléireofar aon ní sa bhfo-alt seo mar rud a cheanglann go ndéileálfar in aon chúinsí le pearsa fé is dá mbeadh sé faoi urlámh dhuine eile.

CUID V.

Sochair Scoir agus Sochair eile do Stiúrthóirí agus d'Fhostaithe: Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Léiriú (Cuid V).

31. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “stiúrthóir”—

(a) maidir le comhlacht corpraithe ar bord stiúrthóirí nó comhlacht dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail,

(b) maidir le comhlacht corpraithe ar stiúrthóir aonair nó duine dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, an stiúrthóir sin nó an duine sin,

(c) maidir le comhlacht corpraithe arb iad na comhaltaí féin a bhainistíonn a ghnó, comhalta den chomhlacht corpraithe,

agus folaíonn sé duine ar bith atá le bheith nó a bhí ina stiúrthóir;

ciallaíonn “fostaí”, maidir le comhlacht corpraithe, aon duine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe agus nach stiúrthóir, agus folaíonn sé duine atá le bheith nó a bhí ina fhostaí;

ciallaíonn “luach saothar deiridh,” maidir le stiúrthóir nó fostaí chomhlachta chorpraithe, meán-mhéid bhliantúil a luach saothair ón gcomhlacht corpraithe ar feadh na dtrí bliana deiridh dá sheirbhís leis an gcomhlacht corpraithe, agus glacfar gurb é méid luach saothair dhuine in aghaidh aon bhliana áirithe an méid de a mbeadh sé inmheasúnaithe ina leith faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, dá gceanglaíodh na forálacha sin gur ar bhrabúis nó gnóchan na bliana sin agus nach ar bhrabúis nó gnóchan aon bhliana nó tréimhse eile a bhunófaí an mheasúnacht, arna laghdú d'aon asbhaint (seachas asbhaintí faoi alt 32 den Finance Act, 1921, nó faoi alt 38 den Acht seo) dob inlamháilte le linn brabúis nó gnóchan a bheith á ríomh faoi na hAchtanna sin agus d'aon asbhaintí dob inlamháilte i leith caithimh agus cumailte aon inneallra nó gléasra: Ar choinníoll nach bhfolóidh luach saothair, i gcás stiúrthóra chuideachta, aon táille stiúrthóra nó luach saothair dá shamhail a fuair sé ina cháilíocht mar stiúrthóir den tsórt sin;

ciallaíonn “stiúrthóir páirt-aimsire”, maidir le comhlacht corpraithe, stiúrthóir nach bhfuil de cheangal air formhór a chuid ama a chaitheamh i seirbhís an chomhlachta chorpraithe;

ciallaíonn “fostaí páirt-aimsire”, maidir le comhlacht corpraithe, fostaí nach bhfuil de cheangal air formhór a chuid ama a chaitheamh i seirbhís an chomhlachta chorpraithe; ciallaíonn “stiúrthóir dílseánach” stiúrthóir cuideachta arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar níos mó ná cúig déag faoin gcéad de ghnáth-scair-chaipiteal na cuideachta, nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtana eile nó trí aon mheán neamhdhíreach eile, níos mó ná an méid sin den ghnáth-scair-chaipiteal sin a rialú;

ciallaíonn “fostaí dílseánach”, maidir le cuideachta, fostaí arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar níos mó ná cúig déag faoin gcéad de ghnáth-scair-chaipiteal na cuideachta nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtana eile, nó trí aon mheán neamhdhíreach eile, níos mó ná an méid sin den ghnáth-scair-chaipiteal sin a rialú;

ciallaíonn “sochar scoir nó sochar eile” aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce nó sochar eile dá shamhail a bheidh le tabhairt ar scor nó in oirichill scoir, nó, i ndáil le seirbhís san am a caitheadh, tar éis scoir, nó ar bhás, nó i ndáil le bás, a fháil le linn seirbhíse nó tar éis scoir, nó a bheidh le tabhairt ar aon athrú, nó in oirichill aon athrú. nó i ndáil le haon athrú, a theacht ar sheirbhís an duine iomchuí, ach amháin nach bhfolaíonn sé aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce, nó sochar eile dá shamhail sin a bheidh le tabhairt de dhroim amháin bás nó éagumas duine ó thionóisc a tharla de dhroim nó i gcúrsa a oifige nó a fhostaíochta agus ní de dhroim aon chúise eile;

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar fhostaí don chomhlacht corpraithe iomchuí nó mar stiúrthóir ar an gcomhlacht sin agus forléireofar “scor” dá réir sin;

ciallaíonn “scéim aoisliúntais reachtúil” scéim arna cur ar bun le nó faoi aon achtachán a bhaineann le haoisliúntas.

(2) Chun críocha na mínithe atá i bhfo-alt (1) den alt seo ar “stiúrthóir dílseánach” agus “fostaí dílseánach”—

(a) gnáth-scair-chaipiteal atá ar úinéireacht nó ar urlámh mar adeirtear sna mínithe ag duine arb é céile stiúrthóra nó fostaí é nó ar naíon le stiúrthóir nó fostaí é nó is iontaobhaí ar iontaobhas chun sochair dhuine nó dhaoine arb eisean, nó ar a bhfuil, aon duine den tsórt sin nó an stiúrthóir nó an fostaí sin, measfar gurb é an stiúrthóir nó an fostaí sin agus nach aon duine eile an duine a bhfuil sé ar úinéireacht nó ar urlámh aige, agus

(b) ciallaíonn “gnáth-scair-chaipiteal” an caipiteal eisithe uile (cibé ainm a thugtar air) na cuideachta seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocair nó de réir ráta a athraíonn de réir an ráta chánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta a fháil.

(3) I gcás athrú a bheith déanta ar scéim shochar scoir tráth ar bith i ndiaidh an 23ú lá d'Aibreán, 1958, measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, gur scéim nua an scéim a tháinig i ngníomh dáta an athraithe, ach ní bhainfidh an fo-alt seo le hathrú arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do shochair scoir nó sochair eile a sholáthar do dhuine folaíonn sí tagairt do shochair is iníoctha le céile, leanaí, cleithiúnaithe nó ionadaithe pearsanta dlíthiúla an duine sin a sholáthar.

(5) Aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do shochair scoir nó sochair eile nó pinsean nó blianacht a sholáthar ag comhlacht corpraithe folaíonn sí tagairt don tsoláthar sin a dhéanamh trí chonradh le tríú duine.

(6) Beidh feidhm ag an gCuid seo den Acht seo maidir le comhlachtaí neamhchorpraithe nó comhlachtaí eile fé mar atá feidhm aici maidir le comhlachtaí corpraithe, ach measfar nach bhfolaíonn an tagairt sa bhfo-alt seo do chomhlachtaí neamhchorpraithe nó do chomhlachtaí eile tagairt do phearsana i gcomhpháirtíocht.

Muirear cánach i leith soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do stíúrthóirí agus d'fhostaithe comhlachtaí corpraithe.

32. —(1) Faoi réir ailt 33 den Acht seo, má tharlaíonn, de bhun scéime chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair sochar scoir nó sochar eile san am le teacht do dhaoine arb éard iad, nó ar a bhfuil stiúrthóirí nó fostaithe comhlachta chorpraithe (dá ngairtear scéim sochar scoir sa Chuid seo den Acht seo), go n-íocfaidh an comhlacht corpraithe in aon bhliain mheasúnachta áirithe suim chun aon sochair den tsórt sin a sholáthar d'aon stiúrthóir nó fostaí don chomhlacht, ansin (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú na sochar ar aon teagmhas)—

(a) maidir leis an tsuim a bheifear tar éis a íoc, mura mbeidh sí inchurtha faoi cháin ioncaim ar shlí eile mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí sin don bhliain mheasúnachta sin an tsuim sin agus go bhfuil sí inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D; agus

(b) más íocaíocht faoi aon árachas nó conradh den tsaghas a luaitear in alt 32 den Income Tax Act, 1918, an íocaíocht, tabharfar faoiseamh, muran inlamháilte ar shlí eile é, don stiúrthóir nó don fhostaí faoin alt sin i leith na híocaíochta agus tabharfar an oiread faoisimh, más aon fhaoiseamh é, agus dob inlamháilte dó dá mb'eisean a rinne an íocaíocht agus gur leis a rinneadh an t-árachas nó an conradh faoina ndearnadh an íocaíocht.

(2) Faoi réir ailt 33 den Acht seo, i gcás—

(a) comhaontú a bheith i bhfeidhm idir comhlacht corpraithe agus stiúrthóir nó fostaí don chomhlacht sin chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair aon sochar scoir nó sochar eile dó san am le teacht faoi scéim sochar scoir, nó duine a bheith ag fónamh mar stiúrthóir nó fostaí ag comhlacht corpraithe a bhfuil scéim sochar scoir ann maidir leis, a bhaineann le daoine den aicme ar di é agus faoina soláthrófar aon sochair den tsórt sin dó,

(b) nach ndéanann an comhlacht corpraithe, nó nach ndéanann sé go hiomlán, soláthar na sochar a urrú trí shuimeanna den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a íoc, agus

(c) nach imthosca ina bhfaibhreoidh na sochair imthosca a fhághfaidh cáin ioncaim a bheith inmheasúnaithe ar na sochair mar shochair óna oifig mar stiúrthóir nó óna fhostaíocht,

ansin (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú na sochar ar aon teaghmhas áirithe), gach bliain mheasúnachta a bheidh an comhaontú i bhfeidhm nó a bheidh an stiúrthóir nó an fostaí ag fónamh mar adúradh suas go dtí an bhliain mheasúnachta, agus an bhliain mheasúnachta sin freisin, a fhaibhreoidh na sochair nó a scoirfidh aon seans de bheith ann go bhfaibhreoidh siad, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí don bhliain sin, agus is ioncam ar inmheasúnaithe cáin ioncaim ina leith faoi Chás VI de Sceideal D, suim is comhionann leis an suim bhliantúil a bheadh ar an gcomhlacht corpraithe a íoc an bhliain sin faoi chonradh leis an tríú duine ag urrú soláthar na sochar sin ag an tríú duine sin nó, cibé acu é, an oiread de na sochair sin nach mbeidh urraithe cheana trí íoc na suimeanna sin a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin.

(3) I gcás ina n-íocfaidh an comhlacht corpraithe aon tsuim a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo maidir le stiúrthóirí nó fostaithe iomaí-déanfar, chun críocha an fho-ailt sin, an tsuim a íocfar amhlaidh a chionroinnt eatarthu faoi threoir na suimeanna faoi leith a chaithfí a íoc chun a urrú go ndéanfaí na sochair ar leith a sholáthar dóibh faoi seach, agus, chun na críche sin, measfar an chuid den tsuim a chionroinnfear ar gach duine faoi leith díobh a bheith íoctha ar leithligh maidir leis an duine áirithe sin díobh.

Díolúintí ó mhuirear cánach faoi alt 32.

33. —(1) Beidh na híocaíochtaí seo a leanas díolmhaithe ó oibriú fo-ailt (1) d'alt 32 den Acht seo:

(a) íocaíochtaí le ciste aoisliúntais a bheidh ceadaithe (go hiomlán nó go páirteach) ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha ailt 32 den Finance Act, 1921;

(b) íocaíochtaí ar mhodh préimhe de bhun scéime sochar scoir, a bhfuil na sochair fúithi urraithe trí phréimheanna is iníoctha ag an gcomhlacht corpraithe, le ranníoca nó gan ranníoca ó na stiúrthóirí nó na fostaithe lena mbaineann, faoi chonarthaí árachas saoil nó dearlaice nó blianachtaí saoil, agus is scéim a bhí i ngníomh roimh an 24ú lá d'Aibreán, 1958,

faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm ag mír (b) den fho-alt seo maidir le híocaíocht i leith stiúrthóra nó fostaí a ligfear isteach ina chomhalta den scéim tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ná maidir le duine a bheidh, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta—

(i) ina stiúrthóir dílseánach,

(ii) ina stiúrthóir páirt-aimsire,

(iii) ina fhostaí dílseánach, nó

(iv) ina fhostaí páirt-aimsire.

(2) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná ag fo-alt (2) d'alt 32 den Acht seo ar shlí go mbeidh aon tsuim le háireamh mar ioncam mar luaitear ansin i gcás inarb éard í an scéim sochar scoir a bheidh i gceist—

(i) scéim aoisliúntais reachtúil,

(ii) scéim eiscthe, nó

(iii) scéim a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 34 den Acht seo.

(b) Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn “scéim eiscthe” scéim shochar scoir a bhaineann le daoine nach stiúrthóir dílseánach, stiúrthóir páirt-aimsire, fostaí dílseánach ná fostaí páirt-aimsire aon duine díobh agus nach cead, de réir a téarmaí, luach comhiomlán na sochar uile is féidir a sholáthar d'aon duine a bheith níos mó ná £3,000 (i gcás ina bhfuil níos mó ná scéim shochar scoir amháin ann de thuras na huaire maidir leis an gcomhlacht corpraithe agus a bhaineann le daoine den aicme chéanna, measfar gur scéim amháin chun críocha an mhínithe seo na scéimeanna sin go léir i dteannta a chéile).

(3) I gcás—

(a) ina mbeifear, maidir le soláthar a dhéanamh faoi chomhair aon tsochar scoir nó sochar eile san am le teacht do stiúrthóir nó fostaí, tar éis a mheas gur ioncam dá chuid de bhua fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) d'ailt 32 den Acht seo suim (dá ngairtear an tsuim mhuirearaithe sa bhfo-alt seo),

(b) go gcruthóidh an stiúrthóir nó an fostaí dá éis sin do na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc do na Coimisinéirí Speisialta, nach ndearnadh aon íocaíocht i leith nó in ionad na sochar agus gur tharla teaghmas éigin a bheir nach ndéanfar aon íocaíocht den tsórt sin, agus

(c) go n-iarrfaidh an stiúrthóir nó an fostaí faoiseamh faoin bhfo-alt seo laistigh de thrí bliana ón am a tharla an teagmhas sin,

tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh i leith cánach ar an tsuim mhuirearaithe trí aisíoc nó ar shlí eile mar is iomchuí; agus má shásaíonn an stiúrthóir nó an fostaí na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc, na Coimisinéirí Speisialta, mar adúradh maidir le cuid áirithe éigin de na sochair is lú ná a n-iomlán, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir, réasúnach.

(4) I gcás ina ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a mheas, de bhua fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) d'alt 32 den Acht seo, gur ioncam le fostaí in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe aon tsuim áirithe, ach, maidir leis an mbliain sin, nach bhfuil, faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, cáin ioncaim inmheasúnaithe ar an bhfostaí i leith sochar a fhostaíochta nó gur ar fhoras na méide a fuair sé sa Stát is inmheasúnaithe amhlaidh í, ní bheidh d'fheidhm ag an bhfo-alt sin go mbeadh sé le meas gur ioncam dá chuid in aghaidh na bliana sin an tsuim sin.

Scéimeanna sochar scoir a cheadú.

34. —(1) Faoi réir ailt 35 den Acht seo, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim shochar scoir chun críocha na Coda seo den Acht seo má chruthaítear dóibh go gcomhlíonann an scéim na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) go bhfuil an scéim bunaithe i ndáil le trádáil nó gnóthas a sheoltar go hiomlán nó go páirteach sa Stát ag comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát chun críocha cánach ioncaim;

(b) nach féidir le sochair na scéime faibhriú ach—

(i) do stiúrthóirí nó d'fhostaithe an chomhlachta chorpraithe ar scor dóibh, ar aois shonraithe (nach mó ná seachtó bliain) a shlánú dóibh, nó ar theacht faoi éagumas buan níos óige ná sin dóibh, nó

(ii) do bhaintreacha, do chlann nó do chleithiúnaithe eile nó d'ionadaithe pearsanta dlíthiúla daoine atá nó a bhí ina stiúrthóirí nó ina bhfostaithe don chomhlacht corpraithe, ar éag do na daoine sin;

(c) go bhfuil ceart sonraithe chun sochar sonraithe faoin scéim ag na daoine uile lena mbaineann an scéim agus gur cuireadh téarmaí na scéime in iúl dóibh;

(d) gur mar a chéile, maidir leis na daoine uile lena mbaineann an scéim, an saghas sochar a thugtar faoin scéim;

(e) gurb é an comhlacht corpraithe a íocann trian ar a laghad den chostas a bhaineann le soláthar na sochar is iníoctha faoin scéim le gach duine nó maidir le gach duine lena mbaineann an scéim;

(f) nach cead aon tsuim d'íoc an comhlacht corpraithe chun sochair a sholáthar faoin scéim a chur chun aon chríche eile ná a aisíoc leis an gcomhlacht corpraithe;

(g) i gcás aon stiúrthóir nó fostaí do dhéanamh ranníoca i leith costas soláthair na sochar faoin scéim, nach cead aon tsuim a ranníoc aon duine amhlaidh a chur chun aon chríche eile seachas soláthar na sochar sin ná a aisíoc leis;

(h) (i) nach cead luach comhiomlán na sochar uile d'fhéadfadh faibhriú chun aon duine ar scor dó a bheith níos mó ná suim is comhionann, ar dháta an scoir sin, le luach pinsin ar feadh a shaoil ar cóimhéid leis an seascadú cuid dá luach saothair deiridh arna iolrú faoi uimhir a bhlianta seirbhíse, nó ná suim is comhionann, ar an dáta sin, le luach pinsin ar feadh a shaoil ar cóimhéid le dhá dtrian a luach saothair deiridh cibé acu sin is lú, agus

(ii) nach mó luach na sochar a thugtar, má thugtar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ná ceathrú cuid an luacha chomhiomláin sin;

(i) nach bhféadfaidh luach comhiomlán na sochar uile (dá ngairtear sochair bháis sa bhfo-mhír seo), a fhéadfaidh faibhriú ar aon duine d'fháil bháis le linn a sheirbhíse, a bheith níos mó ná luach na sochar d'fhéadfaí, de réir an choinníll atá i bhfo-mhír (i) de mhír (h) den fho-alt seo, a sholáthar dó ar scor dó ar an aois shonraithe a shlánú, dá leanadh sé de bheith ag fónamh nó go slánódh sé an aois sin de réir ráta bhliantúil luach saothair comhionann lena luach saothair deiridh, agus nach bhféadfaidh luach na sochar báis uile sin a fhéadfar a thabhairt ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamh-iomalartaithe a bheith níos mó ná cibé suim acu seo a leanas is mó:

(i) míle punt,

(ii) suim is comhionann le luach saothair deiridh an duine,

(iii) suim is comhionann leis an tríochadú cuid de luach saothair deiridh an duine arna iolrú faoi uimhir a bhlianta seirbhíse nó faoi dhaichead a cúig, cibé acu is lú,

(iv) suim is comhionann le comhiomlán na suimeanna a ranníoc an duine faoin scéim, maraon le hús réasúnach ar na suimeanna sin;

(j) (i) nach bhféadfaidh comhiomlán na sochar uile a fhéadfaidh faibhriú, ar aon duine d'fháil bháis tar éis scor dó, a bheith níos mó ná suim is comhionann le luach comhiomlán na sochar ar tháinig an duine sin ina dteideal ar scor dó arna laghdú de shuim iomlán na n-íocaíochtaí uile a rinneadh nó a bhí dlite suas go dtí bás an duine sin i leith na sochar sin, nó

(ii) gurb é an t-aon-sochar a fhéadfaidh faibhriú ar aon duine d'fháil bháis tar éis scor dó pinsean neamh-iomalartaithe dá bhaintreach nó do chleithiúnaí eile de mhéid nach mó ná leath an phinsin nó na blianachta a raibh an duine sin ina theideal tráth a bháis;

(k) nach insannaithe go hiomlán ná go páirteach na pinsin ná na blianachtaí faoin scéim;

(l) go bhfuil foráil sa scéim á áirithiú nach ngéillfear, go hiomlán nó go páirteach, aon chearta chun aon tsochair a soláthraíodh nó a sholáthrófar faoin scéim (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú an tsochair ar theagmhas); agus

(m) nach bhféadfar seirbhís ar bith a thabharfaidh duine in aon fheidhmeannas, agus é—

(i) ina stiúrthóir dílseánach,

(ii) ina stiúrthóir páirt-aimsire,

(iii) ina fhostaí dílseánach, nó

(iv) ina fhostaí páirt-aimsire,

a chur san áireamh chun aon cheann de chríocha na scéime.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo é, ag féachaint do chúinsí an cháis áirithe, agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, scéim sochar scoir chun críocha na Coda seo den Acht seo a cheadú d'ainneoin feidhm a bheith ag mír nó mireanna acu seo a leanas:

(i) go bhfuil an coinníoll atá i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo gan comhlíonadh,

(ii) cé gurb é príomh-chuspóir na scéime soláthar sochar nach bhféadfaidh faibhriú ach sna cúinsí dá dtagartar i mír (b) den fho-alt sin, nach é an soláthar sin aon-chuspóir na scéime.

(iii) go bhfuil an coinníoll atá i mír (f) den fho-alt sin gan comhlíonadh toisc, más mó na suimeanna a bheidh íoctha ag an gcomhlacht corpraithe chun sochair a sholáthar faoin scéim i leith aon duine nó daoine ná an méid is gá chun sochair a sholáthar de réir na scéime don duine nó do na daoine sin, go bhféadfar suim i leith na breise a aisíoc leis an gcomhlacht corpraithe,

(iv) go bhfuil an coinníoll atá i mír (g) den fho-alt sin gan comhlíonadh toisc go bhféadfar suimeanna a ranníoc stiúrthóir nó fostaí a aisíoc leis (maraon le hús réasúnach air nó dá éagmais sin) ar dheireadh a bheith lena sheirbhís i gcúinsí de shaghas nach dtiocfaidh sé i dteideal pinsin is iníoctha láithreach nó ar dháta éigin le teacht,

(v) i gcúinsí faoi leith féadfaidh luach comhiomlán na sochar a fhéadfaidh faibhriú, ar stiúrthóir nó fostaí do scor, a dhul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-mhír (i) de mhír (h) den fho-alt sin, nó luach na sochar sin a thabharfar ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe a dhul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-mhír (ii) de mhír (h) den fho-alt sin,

(vi) féadfaidh luach comhiomlán na sochar a fhéadfar a thabhairt ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamh-iomalartaithe, ar aon duine d'fháil bháis le linn a sheirbhíse a dhul thar an teorainn atá leagtha amach i mír (i) den fho-alt sin,

(vii) go bhfuil an coinníoll atá i mír (m) den fho-alt sin gan comhlíonadh maidir le stiúrthóir páirtaimsire nó fostaí páirt-aimsire,

ar choinníoll go gcomhlíonann an scéim ar shlite eile na coinníollacha atá sa bhfo-alt sin agus go bhfuil na híocaíochtaí go léir faoin scéim le daoine lena mbaineann an scéim iníoctha ag duine nó trí dhuine a chónaíonn, chun críocha cánach ioncaim, sa Stát.

(3) Nuair a bheidh a gceadú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim i leith scéime, féadfaidh siad tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn chun an chomhlachta chorpraithe lena mbainfidh, a gceadú a aistarraingt ar cibé forais agus amhail ó cibé dáta (ar a n-áirítear dáta roimh dháta an fhógra) a shonrófar sa bhfógra agus i gcás ina n-aistarraingeofar aon cheadú faoin bhfo-alt seo, déanfar, air sin, cibé measúnachtaí a bheidh oiriúnach, ag féachaint d'alt 32 den Acht seo, de dhroim na haistarraingte sin.

(4) I gcás scéime a bheidh ar bun nuair a thiocfaidh an Chuid seo den Acht seo i bhfeidhm agus nach gcomhlíonfaidh an tráth sin na coinníollacha atá i bhfo-alt (1) den alt seo nó nach scéim an tráth sin ar cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim í a cheadú faoi fho-alt (2) den alt seo ach a athrófar oiread roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim, gur incheadaithe í faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, ansin, má cheadaítear í tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1959, measfar, má ordaíonn na Coimisinéirí Ioncaim amhlaidh, éifeacht a bheith ag an gceadú sin amhail ón lá sin.

Scéimeanna comhshuimithe agus eadarscartha.

35. —(1) Déanfar na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht seo do scéim shochar scoir a fhorléiriú de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) déanfar tagairtí do scéim den tsórt sin a fhorléiriú, maidir le gníomhas, comhaontú, sreath de chomhaontuithe nó comhshocraíochtaí eile do dhéanamh soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do dhaoine de dhá aicme nó níos mó, mar thagairtí don méid sin den chéanna a bhaineann le daoine d'aicme amháin, agus, dá réir sin, measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, dhá scéim sochar scoir nó níos mó a bhaineann faoi seach leis na haicmí éagsúla a bheith ar comhdhéanamh i ngníomhas, comhaontú, sreath de chomhaontuithe nó comhshocraíochtaí eile a dhéanann soláthar den tsórt sin;

(b) folaíonn tagairtí do scéim den tsórt sin tagairtí do ghníomhas, comhaontú, sreath de chomhaontuithe, nó do chomhshocraíochtaí eile do dhéanamh soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do dhaoine arb éard iad, nó ar a bhfuil, stiúrthóir nó fostaí, nó stiúrthóirí nó fostaithe, chomhlachta chorpraithe (nó, i gcás lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo, don méid sin den chéanna a bhaineann le duine nó daoine d'aon aicme áirithe), d'ainneoin nach mbaineann sé nó siad ach le líon beag stiúrthóirí nó fostaithe, nó le stiúrthóir nó fostaí amháin.

(2) Chun a chinneadh, i gcás scéime sochar scoir a chuirfear faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim lena ceadú, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 34 den Acht seo arna gcomhlíonadh, breithneofar an scéim i dteannta aon scéime nó scéimeanna eile a bheidh ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe agus a bhainfidh le daoine den aicme lena mbainfidh an scéim a bheidh i gceist agus má bhíonn na coinníollacha sin arna gcomhlíonadh, i gcás na scéimeanna uile agus iad a ghlacadh le chéile, measfar go bhfuil na coinníollacha sin arna gcomhlíonadh i gcás gach scéime díobh, agus, mura mbeidh, glacfar nach bhfuil na coinníollacha sin arna gcomhlíonadh i gcás aon scéime díobh.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo—

(a) cuid de scéim shochar scoir a cheadú, nó

(b) scéim den tsórt sin a cheadú, d'ainneoin gur amhlaidh a bheidh, ag féachaint do scéim eile dá sórt a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, go mbeidh sé le meas, de bhua na fo-mhíre deiridh roimhe seo, nach gcomhlíonann an scéim a bheidh i gceist na coinníollacha réamhráite,

agus measfar go bhfolaíonn tagairtí sa Chuid seo den Acht seo do scéim shochar scoir a ceadaíodh faoi alt 34 den Acht seo tagairtí do chuid de scéim a ceadaíodh faoin bhfo-alt seo.

Measfar gur ioncam suimeanna áirithe.

36. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim shochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim i bhfeidhmiú na gcumhacht a thugtar dóibh le fo-alt (2) d'alt 34 den Acht seo, i gcás lena mbaineann mír (v) den fho-alt sin.

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim shochar scoir a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar do stiúrthóir nó d'fhostaí ar scor dó, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamh-iomalartaithe, agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoi na scéimeanna sochar scoir uile lena mbainfidh an t-alt seo ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear i bhfo-mhír (ii) de mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí in aghaidh na bliana measúnachta a scoirfidh sé an bhreis sin (dá ngairtear an bhreis ina dhiaidh seo san alt seo) agus gur inmheasúnaithe í i leith cánach ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D:

Ar choinníoll go mbeidh teideal ag an stiúrthóir nó ag an bhfostaí, ar na fíorais iomchuí a bheith cruthaithe do na Coimisinéirí Ioncaim, go ndéanfar iomlán na cánach ioncaim agus na forchánach is iníoctha aige in aghaidh na bliana measúnachta a laghdú go dtí iomlán an dá shuim seo a leanas:

(i) an méid cánach ioncaim agus forchánach dob iníoctha aige dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, agus

(ii) cáin ioncaim agus forcháin ar mhéid na breise de réir rátaí a dhéanfar amach faoi seach ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo.

(3) Ríomhfar:

(a) na méideanna cánach ioncaim agus forchánach faoi seach dob iníoctha ag an stiúrthóir nó ag an bhfostaí in aghaidh na bliana measúnachta a scoir sé mura mbeadh ar áireamh a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana sin aon luach saothair ón oifig nó ón bhfostaíocht óna mbeidh sé tar éis scor, ach go raibh ar áireamh ann íocaíocht bliana iomláine den bhlianacht nó den phinsean neamh-iomalartaithe a soláthraíodh dó, má soláthraíodh, ar scor dó, agus

(b) na suimeanna breise cánach ioncaim agus forchánach, de bhreis ar na suimeanna a ríomhfar de réir míre (a) den fho-alt seo, dob iníoctha aige dá mbeadh ar áireamh a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana measúnachta, i dteannta an ioncaim a shonraítear sa mhír sin, íocaíocht bhliana iomláine de phinsean ar feadh a shaoil (dá ngairtear an meas-phinsean ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo) ar chomhionann leis an mbreis a luach ar dháta a scoir,

agus déanfar na rátaí cánach ioncaim agus forchánach faoi seach chun críocha míre (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo a ríomh ansin tríd na suimeanna breise cánach ioncaim agus forchánach faoi seach, arna ríomh de réir míre (b) den fho-alt seo, a roinnt ar mhéid an mheas-phinsin.

(4) (a) Bainfidh Riail 21 de na Rialacha Ginearálta le haon íocaíocht i leith, nó ar cuntas, na breise amhail is dá mb'éard í an íocaíocht sin íocaíocht úis ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(b) Ní dhéanfaidh an fo-alt seo difir do dhliteanas an stiúrthóra nó an fhostaí iomchuí a bheith inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim de bhua an ailt seo faoi Chás VI de Sceideal D, ná don méid a bhféadfar cáin a mheasúnú amhlaidh air ina leith, ach, chun críocha bailiúcháin, tabharfar creidiúint dó sa mhéid a asbhainfear agus a dtabharfar cuntas ina leith faoin bhfo-alt seo.

(5) I gcás nach mó ná £3,000 luach comhiomlán na sochar uile a sholáthrófar, ar scor do stiúrthóir nó d'fhostaí nó i ndáil le scor stiúrthóra nó fostaí, faoi na scéimeanna sochar scoir uile a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní ghlacfaidh an t-alt seo éifeacht maidir leis an stiúrthóir nó an fostaí sin.

Baint Rialach 21 de na Rialacha Ginearálta le híocaíochtaí áirithe.

37. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim shochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim trí fheidhmiú na gcumhacht a thugtar dóibh le fo-alt (2) d'alt 34 den Acht seo, i gcás lena mbaineann mír (vi) den fho-alt sin.

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim shochar scoir a mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamh-iomalartaithe, ar stiúrthóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoin scéim sin agus faoi na scéimeanna eile uile a bheidh díolmhaithe ó oibriú ailt 32 den Acht seo, agus a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear i mír (i) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo, bainfidh Riail 21 de na Rialacha Ginearálta le haon íocaíocht i leith, nó ar cuntas, na breise sin amhail is dá mb'éard í an íocaíocht úis ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(3) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo go ndéileálfar, chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, le haon bhreis den tsórt sin dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo mar ioncam le hionadaí pearsanta dlíthiúil an stiúrthóra nó an fhostaí éagtha nó le haon duine eile.

(4) I gcás nach mó ná £3,000 luach comhiomlán na sochar uile a sholáthrófar, ar, nó i ndáil le, stiúrthóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse, faoi na scéimeanna sochar scoir uile a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní ghlacfaidh an t-alt seo éifeacht maidir leis an stiúrthóir nó an fostaí sin.

Ranníoca a lamháil mar asbhaintí, etc.

38. —(1) I gcás ina ndéanfaidh stiúrthóir nó fostaí ranníoc, faoi théarmaí scéime sochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 34 den Acht seo, i leith costas soláthair shochar na scéime, déanfar aon tsuim a ranníocfaidh an stiúrthóir nó an fostaí sin amhlaidh, a lamháil, chun críocha measúnachta faoi Sceideal E, mar asbhaint ón luach saothair óna oifig nó óna fhostaíocht agus déanfar an asbhaint sin de réir fo-ailt (3) d'alt 17 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), ach

(a) déanfar suim (dá ngairtear an tsuim sin ina dhiaidh seo sa mhír seo), is inlamháilte ar shlí eile faoin bhfo-alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, is é sin, suim aon asbhainte nó asbhaintí, a laghdú (ar a n-áirítear a laghdú go nialas), más gá sin, ionas nach mó iomlán na suime sin agus na hasbhainte, más aon asbhaint é, is inlamháilte in aghaidh na bliana measúnachta céanna faoi fho-alt (1) d'alt 32 den Finance Act, 1921, i leith ranníoc a rinneadh le ciste aoisliúntais a bhaineann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chéanna ná 15 faoin gcéad den luach saothair ón oifig nó ón bhfostaíocht iomchuí in aghaidh na bliana, nó na coda den bhliain, ar ina leith a rinneadh na ranníoca iomchuí, agus

(b) ní inlamháilte aon asbhaint i leith ranníoca a aisíocfar roimh dheireadh na bliana measúnachta a rinneadh é.

(2) I gcás ina ndéanfar aon ranníoca a rinne stiúrthóir nó fostaí faoi scéim is scéim cheadaithe de réir bhrí fo-ailt (1) den alt seo a aisíoc leis i rith a shaoil—

(a) beidh feidhm ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta maidir le méid na ranníoc a aisíocfar fé is dá mb'íoc é ar ús a tugadh faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D nárbh iníoctha as brabúis nó gnóchan ar ar muirearaíodh cáin, agus déanfaidh an duine a rinne nó trína ndearnadh an t-aisíoc cáin d'asbhaint, agus gnóthófar cáin uaidh, dá réir sin,

(b) chun críocha cánach ioncaim (gan forcháin a áireamh) ní dhéanfar méid na ranníoc a aisíocfar a áireamh mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, ach ar é do dhéanamh éilimh air, beidh teideal aige go n-aisíocfar leis oiread den cháin a asbhaineadh faoi mhír (a) den fho-alt seo agus a bheidh de bhreis ag an gcáin sin ar shuim comhionann le cáin ar mhéid na ranníoc a aisíocadh gan aon ranníoca ná coda de ranníoca a áireamh nárbh inlamháilte mar asbhaintí faoi fho-alt (1) den alt seo, de réir ráta a dhéanfar amach trí iomlán na suimeanna breise cánach ioncaim dob iníoctha aige in aghaidh na sé bliana measúnachta roimh an mbliain a aisíocadh na ranníoca mura lamhálfaí aon asbhaint faoin bhfo-alt sin (1) faoi threoir na ranníoc sin a íoc, ar iomlán na n-asbhaintí a lamháladh iarbhír amhlaidh i leith na mblianta sin, agus

(c) chun críocha forchánach, déanfar na ranníoca a bheidh aisíoctha a áireamh, sa mhéid gur lamháladh mar asbhaintí iad faoi fho-alt (1) den alt seo, mar ioncam sna blianta leithleacha measúnachta ar lamháladh ina leith amhlaidh iad agus féadfar aon mheasúnachtaí eile is gá i leith forchánach a dhéanamh dá réir sin.

(3) Scoirfidh mír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 32 den Finance Act, 1921, d'éifeacht a bheith aici agus ní lamhálfar aon fhaoiseamh faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith íocaíochta, más rud é, go mbeidh an asbhaint in aghaidh na bliana sin—

(a) inlamháilte faoi alt 32 den Finance Act, 1921, de dhroim mír (b) den choinníoll a ghabhann le halt (1) den alt sin do scor d'éifeacht a bheith aige, nó

(b) inlamháilte faoi fho-alt (1) den alt seo,

i leith na híocaíochta sin nó íocaíochta dá samhail a rinneadh an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta.

Sonraí scéimeanna sochar scoir a sheachadadh, etc.

39. —(1) Beidh de dhualgas ar chomhlacht corpraithe—

(a) sonraí a thabhairt don chigire cánach laistigh den am a shonraítear sa bhfo-alt seo i dtaobh aon scéime sochar scoir atá ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe ar an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm, nó a thiocfaidh chun bheith ann tar éis di a theacht i bhfeidhm, seachas scéim a oibrítear trí chiste a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 32 den Finance Act, 1921, nó faoi scéim reachtúil aoisliúntais, agus

(b) nuair a cheanglófar air é sin a dhéanamh trí fhógra nó gcigire cánach, cibé sonraí breise a thabhairt laistigh den am a theorannófar leis an bhfógra sin a iarrfaidh an cigire le reasún i dtaobh aon scéime sochar scoir a bheidh ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe nó leis na daoine lena mbaineann sí.

Is é an t-am chun sonraí a sheachadadh faoi mhír (a) den fho-alt seo—

(i) i gcás scéime a tháinig chun bheith ann roimh an dáta a tháinig an tAcht seo i bhfeidhm, sé mhí dar tosach an dáta sin, agus

(ii) i gcás scéime a tháinig chun bheith ann tar éis an dáta a tháinig an tAcht seo i bhfeidhm, trí mhí ón dáta a tháinig sí chun bheith ann.

(2) I gcás ina mbeidh scéim shochar scoir ceadaithe de thuras na huaire chun críocha na Coda seo den Acht seo, beidh sé de dhualgas ar an duine ag a mbeidh bainistí na scéime, nuair a cheanglófar air é sin a dhéanamh trí fhógra ón gcigire cánach, cibé sonraí maidir le hoibriú na scéime, a iarrfaidh an cigire le réasún, a thabhairt laistigh den am a theorannófar leis an bhfógra, lena n-áirítear (go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo)—

(a) sonraí íocaíochtaí a rinneadh chun sochair a sholáthar faoin scéim,

(b) sonraí íocaíochtaí a rinneadh i leith nó ar cuntas sochar faoin scéim agus daoine lena ndearnadh na híocaíochtaí, agus

(c) sonraí ranníoc a aisíocadh faoin scéim agus aon úis a íocadh ar na ranníoca sin.

(3) (a) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 107 den Income Tax Act, 1918, maidir le sonraí a iarrtar leis an alt seo nó faoi fé mar a bhainfidh siad le liosta, dearbhú nó ráiteas a cheanglófar a thabhairt trí fhógra dá dtagartar sa bhfo-alt sin (1).

(b) I gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt sin (1) de bhua na míre roimhe seo, déanfar an tagairt ann don am a theorannófar i bhfógra, a fhorléiriú, i gcás ina gceanglófar sonraí a thabhairt le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, mar thagairt don am a shonraítear sa bhfo-alt sin.

(4) I gcás ina mbainfidh comhlacht corpraithe as na sochair a íocfaidh sé le haon duine dá stiúrthóirí nó dá fhostaithe, nó ina n-íocfaidh sé thar ceann an duine sin, aon ranníoca de chuid an stiúrthóra nó an fhostaí sin faoi scéim shochar scoir cheadaithe, cuirfear sonraí na hasbhainte nó na híocaíochta sa tuairisceán iomchuí pá agus thuarastal a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 105 den Income Tax Act, 1918.

CUID VI.

Blianachtaí Scoir: Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Blianachtaí scoir (faoiseamh i leith préimheanna, agus faoiseamh ioncaim thuillte).

40. —(1) Má tharlaíonn, an bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin—

(a) go mbeidh (nó go mbeadh mura mbeadh neamhdhóthaineacht bhrabús nó gnóchain) cáin inmhuirir ar phearsa i leith tuillimh iomchuí ó aon trádáil, gairm, slí bheatha, oifig nó fostaíocht a bhí ar siúl aige nó ina sheilbh, agus

(b) go n-íocfaidh sé préimh nó comaoin eile faoi chonradh blianachta a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chonradh arb é an príomh-shochar a urraítear leis blianacht saoil don phearsa ina shean-aois (dá ngairtear préimh cháilitheach ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht seo),

féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt i leith na préimhe cáilithí faoi alt 41 den Acht seo, agus déanfar aon bhlianacht is iníoctha leis an bpearsa céanna nó le pearsa eile a áireamh mar ioncam tuillte leis an mblianachtóir sa mhéid gur iníoctha í i gcomaoin aon tsuime ar a dtabharfar faoiseamh amhlaidh.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh muran dóigh leo go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas, eadhon, go bhfuil sé arna dhéanamh ag an bpearsa le duine a sheolann, go dleathach sa Stát, gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine, agus ar conradh é—

(a) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin, i rith saoil na pearsan, aon tsuim ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta leis an bpearsa,

(b) nach bhforálann go mbeidh an bhlianacht is iníoctha leis an bpearsa le tosaí sula slánóidh sé seasca bliain d'aois nó tar éis dó seachtó bliain d'aois a shlánú,

(c) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin aon tsuimeanna eile ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta le baintreach nó le baintreach fir na pearsan agus aon tsuimeanna a bheidh, mura mbeidh aon bhlianacht iníoctha leis an bpearsa nó le baintreach nó le baintreach fir, iníoctha le hionadaithe pearsanta na pearsan trí phréimheanna a thabhairt ar ais, trí ús réasúnach ar phréimheanna nó trí bhónais as brabúis,

(d) nach bhforálann gur suim níos mó in aghaidh na bliana an bhlianacht is iníoctha, más iníoctha í, le baintreach nó baintreach fir na pearsan, ná an tsuim bhliantúil a íocadh nó is iníoctha leis an bpearsa, nó

(e) nach bhforálann go n-íocfar aon bhlianacht ar shlí seachas ar feadh saoil an bhlianachtóra,

agus nach bhfuil foráil ann á áirithiú nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán ná go páirteach.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, conradh a chomhlíonann thairis sin na coinníollacha sin roimhe seo a cheadú, d'ainneoin go ndéanann an conradh foráil i leith aon ní nó nithe acu seo a leanas:

(a) go n-íocfar blianacht, tar éis bháis na pearsan, le cleithiúnaí seachas baintreach nó baintreach fir na pearsan;

(b) go n-íocfar leis an bpearsa blianacht a thosóidh sula slánóidh sé seasca bliain d'aois, má bhíonn an bhlianacht iníoctha ar é a theacht, de dheasca éalainge aigne nó coirp, chun bheith neamhinniúil go buan ar a shlí bheatha féin nó aon tslí bheatha dá samhail, a mbeidh sé oilte nó oiriúnach chuici, a bheith ar siúl aige;

(c) más slí bheatha í slí bheatha na pearsan ar gnáth le daoine scor di sula mbíonn seasca bliain d'aois slán acu, go dtosóidh an bhlianacht sula mbeidh an aois sin slán aige (ach nach dtosóidh sula mbeidh caoga bliain d'aois slán aige);

(d) go leanfaidh an bhlianacht is iníoctha le duine ar bith de bheith iníoctha ar feadh téarma chinnte (nach sia ná deich mbliana) d'ainneoin é d'fháil bháis laistigh den téarma sin, nó go bhforceannfaidh an bhlianacht is iníoctha le haon duine, nó go bhfionnrófar í, ar phósadh (nó ar athphósadh) don duine nó i gcúinsí eile;

(e) i gcás blianacht atá le leanúint ar feadh téarma chinnte, chun an bhlianacht a bheith insannaithe le huacht, agus i gcás aon duine d'fháil bháis agus teideal aige chuici, í a bheith insannaithe ag a ionadaí pearsanta i ndáileadh a eastáit chun éifeacht a thabhairt do dhiúscairt tiomnach, nó do chearta na ndaoine ag a mbeidh teideal ar dhíthiomnacht nó do leithreasú arna dhéanamh uirthi chun leagáide nó scaire nó leasa san eastáit.

(4) An méid sin d'fho-alt (1) den alt seo a fhorálann go n-áireofar blianacht go hiomlán nó go páirteach mar ioncam tuillte leis an mblianachtóir ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir leis an mblianachtóir ar chuige a bheidh an bhlianacht iníoctha faoi théarmaí an chonartha.

(5) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le ranníoc faoi scéim iontaobhais a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim fé mar atá feidhm acu maidir le préimh faoi chonradh blianachta a ceadaíodh amhlaidh, faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear, in ionad an choinníll maidir leis an duine lena mbeidh an conradh déanta, coinníoll—

(a) gur faoi dhlithe an Stáit a bunaíodh, agus gur sa Stát a riartar, an scéim,

(b) gur bunaíodh an scéim ar mhaithe le pearsana a bhíonn ag gabháil do shlí bheatha áirithe, nó ag a bhfuil baint le slí bheatha áirithe (nó an ceann seo nó an ceann siúd de ghrúpa slite beatha), agus chun blianachtaí scoir a sholáthar dóibh, i dteannta nó d'éagmais fo-shochar dá dteaghlaigh nó dá gcleithiúnaithe, agus

(c) go bhfuil an scéim bunaithe amhlaidh faoi iontaobhais neamhinchúlghairmthe ag comhlacht daoine arb iad formhór na bpearsan iad, nó a ionadaíonn formhór na bpearsan, den tsórt sin atá sa Stát,

agus faoi réir na n-oiriúnuithe is gá ar thagairtí eile don chonradh nó don duine lena ndearnadh an conradh; agus lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncaim ó infheistíochtaí nó ó thaiscí aon chiste a cothabháladh chun na críche adúradh faoi scéim a bhí ceadaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na daoine ag a mbeidh nó lena mbeidh préimheanna iníoctha faoi aon chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoin alt seo nó do na hiontaobhaithe nó na daoine eile ag á mbeidh bainistí aon scéime a bheidh ceadaithe amhlaidh, an ceadú sin a aistarraingt ar cibé forais agus ó cibé dáta (lena n-áirítear dáta roimh an dháta an fhógra) a shonrófar sa bhfógra agus i gcás ina n-aistarraingeofar aon cheadú faoin alt seo, déanfar, air sin, cibé measúnachtaí is oiriúnach chun aon fhaoiseamh a aistarraingt a tugadh faoin gCuid seo den Acht seo de dhroim an cheaduithe.

(7) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, ní áireofar tuilleamh iomchuí mná pósta mar thuilleamh iomchuí de chuid a fearchéile d'ainneoin go n-áireofar gur ioncam dá chuid a hioncam ar ar inmhuirir cáin.

(8) Faoi réir fo-ailt (7) den alt seo agus chun críocha na Coda seo den Acht seo, ciallaíonn “tuilleamh iomchuí”, maidir le haon phearsa, aon ioncam dá chuid ar ar inmhuirir cáin in aghaidh na bliana measúnachta a bheidh i gceist, agus is—

(a) ioncaim de bharr luach saothair ó oifig nó fostaíocht bhrabúis atá aige oifig agus nach nó fostaíocht inphinsin,

(b) ioncam ó aon mhaoin a ghabhann le sochair aon oifige nó fostaíochta brabúis den tsórt sin atá aige nó is chuid den sochar sin, nó

(c) ioncam is inmhuirir faoi Sceideal B nó Sceideal D agus a fuair sé díreach óna thrádáil, a ghairm nó a shlí beatha a dhéanamh nó a chleachtadh ina aonar nó, i gcás comhpháirtíochta, mar chomhpháirtí ag gníomhú go pearsanta sa chomhpháirtíocht sin,

ach ní fholaíonn sé aon ioncam ó chuideachta infheistíochta—

(i) ar stiúrthóir dílseánach, mar mhínítear sin in alt 31 den Acht seo, uirthi é, nó

(ii) ar fostaí dílseánach, mar mhínitear sin san alt sin, di é.

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” cuideachta ar ioncam ó infheistíochtaí formhór a hioncaim, agus ciallaíonn “ioncam ó infheistíochtaí” ioncam nárbh ioncam tuillte dá mba phearsa an chuideachta.

(9) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, is oifig nó fostaíocht inphinsin oifig nó fostaíocht más rud é, agus amháin más rud é, gur seirbhís lena mbaineann scéim aoisliúntais faoi choimirce an tseirbhís inti (nach scéim a bhfuil de theorainn leis na sochair a sholáthraítear fúithi i leith na seirbhíse sin gur cnapshuim is iníoctha ar an tseirbhís a fhorceannadh trí bhás a fháil sula slánaítear seachtó bliain d'aois nó aois éigin is lú ná sin, nó trí mhíchumas sula slánaítear seachtó bliain d'aois éigin is lú ná sin); ach tá feidhm le tagairtí d'oifig nó d'fhostaíocht inphinsin cibé acu a chomhlíontar go hiomlán nó go páirteach sa Stát na dualgais nó cibé acu atá nó nach bhfuil cáin inmhuirir ar an sealbhóir ina leith.

Chun críocha an mhínithe seo, ní mheasfar gur seirbhís lena mbaineann scéim aoisliúntais faoi choimirce seirbhís in oifig nó i bhfostaíocht de bhrí amháin go bhféadfadh sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta a bheith (cé nach bhfuil sé) páirteach sa scéim trí rogha atá aige de bhua na seirbhíse sin a fheidhmiú nó a fhágaint gan feidhmiú.

(10) I bhfo-alt (9) den alt seo agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ciallaíonn “scéim aoisliúntais faoi choimirce” scéim nó comhshocraíocht a bhaineann le seirbhís in oifigí nó fostaíochtaí áirithe agus arb é a cuspóir nó ceann dá cuspóirí soláthar a dhéanamh i leith daoine atá ag fónamh ann in oirichill scoir, nó páirt-scoir, san am le teacht, in oirichill forceannadh seirbhíse san am le teacht mar gheall ar bhás nó míchumas, nó in oirichill rudaí dá samhail sin, agus is scéim nó comhshocraíocht faoina ndéantar nó faoina ndearnadh aon chuid de chostas an tsoláthair a dhéanfar amhlaidh a íoc ag duine nó daoine seachas na daoine sin de dhroim a seirbhíse (cibé acu gurb é costas nó cuid de chostas na sochar a sholáthar é nó costas préimheanna nó suimeanna eile a íoc chun na sochair sin a sholáthar, nó chun an scéim nó an chomhshocraíocht a riaradh nó a bhunú); ach, chun na críche seo, measfar íoc aon íocaíochta, a rinneadh nó a comhaontaíodh a dhéanamh i leith seirbhíse duine, a bheith ar an duine sin de dhroim a sheirbhíse, má áirítear, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, an íocaíocht sin nó an comhaontú chun í a dhéanamh mar mhéadú ar a ioncam nó dá mbeadh sí le háireamh amhlaidh dá mbeadh cáin inmhuirir air faoi Sceideal E i leith a shochair ón seirbhís sin.

(11) Ní mheasfar go mbaineann aon ní in ailt 4 agus 6 den Policies of Assurance Act, 1867, le haon chonradh a cheadófar faoin alt seo.

An saghas faoisimh do phréimheanna cáilitheacha agus a mhéid.

41. —(1) I gcás ina mbeidh faoiseamh le tabhairt faoin alt seo maidir le haon phréimh cháilitheach arna híoc ag pearsa, déanfar méid na préimhe sin a asbhaint óna thuilleamh iomchuí, nó a fhritháireamh i gcoinne a thuillimh iomchuí, in aghaidh na bliana measúnachta a íocadh an phréimh:

Ar choinníoll nach mbeidh an tsuim a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu i leith préimhe cáilithí amháin nó níos mó é) níos mó ná suim chúig chéad punt nó níos mó ná an deichiú cuid dá ghlantuilleamh iomchuí in aghaidh na bliana sin, agus i gcás nach gcomhlíontar an coinníoll atá i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 40 den Acht seo ach maidir le cuid den bhliain sin, ansin cuirfear in ionad na suime sin chúig chéad punt an tsuim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus suim cúig chéad punt a bheidh idir an gcuid sin den bhliain agus an bhliain iomlán (ach sin ar shlí go mbeidh éifeacht ag an gcoinníoll seo faoi réir forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo i gcás pearsana in oifig nó fostaíocht inphinsin, agus pearsana a rugadh sa bhliain 1917 nó roimhe).

(2) Más rud é go ndéanfaí faoin alt seo, aon bhliain mheasúnachta, laghdú, nó laghdú níos mó, ar thuilleamh pearsan mura mbeadh neamhdhóthaineacht ghlan-tuillimh iomchuí, déanfar méid an laghdaithe a dhéanfaí, mura mbeadh an neamhdhóthaineacht sin, lúide méid aon laghdaithe a dhéanfar an bhliain sin, a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin agus a áireamh, chun críocha faoisimh faoin alt seo, mar mhéid préimhe cáilithí a bheifear tar éis a íoc an bhliain chomhleanúnach sin, agus mar sin de blianta ina dhiaidh sin (más gá).

(3) Chun críocha faoisimh faoin alt seo, is é tuilleamh iomchuí pearsan an tuilleamh sula ndéanfar aon asbhaint as a bheidh le déanamh i leith caillteanais nó i leith aon liúntais faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D, fo-alt (3) d'alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) , nó Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 (Uimh. 20 de 1957) , agus forléireofar sa slí chéanna tagairtí d'ioncam sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo (seachas tagairtí d'ioncam iomlán),

(4) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, ciallaíonn “glan-tuilleamh iomchuí”, maidir le haon phearsa, méid a thuillimh iomchuí in aghaidh na bliana measúnachta a bheidh i gceist, lúide méid aon asbhaintí a bheidh le déanamh as an tuilleamh iomchuí nuair a bheifear ag ríomh a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana sin—

(a) is asbhaintí i leith íocaíochtaí a rinne sé, nó

(b) is asbhaintí i leith caillteanas nó i leith liúntas den tsórt a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, is caillteanais nó liúntais de dhroim gníomhachtaí, áireofaí na brabúis nó an gnóchan uathu nuair a bheifí ag ríomh tuillimh iomchuí na pearsan nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó bliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(5) Más rud é, aon bhliain mheasúnachta a éileoidh pearsa, agus a lamhálfar dó, faoiseamh faoin alt seo, go mbeidh, nuair a bheifear ag riomh ioncaim iomláin na pearsan nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan, asbaint de shaghas dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (4) den alt seo le déanamh i leith aon chaillteanais nó liúntais de chuid na pearsan, agus go mbeidh an asbhaint nó cuid di le déanamh amhlaidh as ioncam seachas tuilleamh iomchuí, áireofar méid na hasbhainte as an ioncam eile sin mar laghdú ar glan-tuilleamh iomchuí na pearsan in aghaidh bliana measúnachta ina dhiaidh sin (agus a bhainfear, a oiread is féidir é, ó chuid na bliana díreach ina dhiaidh sin, cibé acu a éileoidh nó nach n-éileoidh sé faoiseamh nó a bheidh nó nach mbeidh sé i dteideal faoiseamh a éileamh faoin alt seo in aghaidh na bliana sin, agus, sa mhéid nach féidir é a asbhaint amhlaidh, ansin ó chuid na bliana ina dhiaidh sin, agus mar sin de).

(6) I gcás inar tuilleamh iomchuí cuid agus gur ioncam eile cuid eile d'ioncam pearsan in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, ansin, déanfar, a mhéid is féidir é, aon asbhaintí a bheidh le déanamh nuair a bheifear ag ríomh a ioncaim iomláin, agus ar féidir a áireamh gur asbhaineadh iad go léir nó cuid díobh as tuilleamh iomchuí nó as ioncam eile, a áireamh, chun críocha an ailt seo, mar asbhaintí as an tuilleamh iomchuí sin sa mhéid gur asbhaintí iad i leith aon chaillteanais den tsaghas dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (4) den alt seo, agus, thairis sin, mar asbhaintí as an ioncam eile sin.

(7) Beidh glan-tuilleamh iomchuí pearsan in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe le ríomh gan aird ar aon fhaoiseamh a bheidh le tabhairt in aghaidh na bliana sin faoin alt seo don phearsa nó do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan.

(8) Glacfar gurb é tuilleamh iomchuí pearsan, i gcás brabús comhpháirtíochta, scair na pearsan sin, arna ríomh de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim, d'ioncam na comhpháirtíochta, ach is é méid a bheidh le n-áireamh i leith an tuillimh sin, nuair a bheidh a ghlan-tuilleamh iomchuí á ríomh, a scair den ioncam sin tar éis gach asbhaint (más aon asbhaint é) a dhéanamh as i leith íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gcomhpháirtíocht nó i leith aon liúntais den tsaghas dá luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo agus a bheidh le tabhairt don chomhpháirtíocht in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó bliana measúnachta ina dhiaidh sin, a dhéanfaí as, dá mba phearsa an chomhpháirtíocht, nuair a bheifí ag ríomh glan-tuillimh iomchuí na pearsan sin.

(9) I gcás ina n-éileofar agus ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh faoiseamh le tabhairt in aghaidh na bliana sin), agus go ndéanfar ina dhiaidh sin aon mheasúnacht eile, athrú ar mheasúnacht, nó coigeartú eile ar dhliteanas an éilitheora i leith cánach, déanfar, freisin, cibé coigeartuithe (más aon choigeartuithe iad) a leanfaidh sin ar an bhfaoiseamh a lamhálfar nó a thabharfar faoin alt seo in aghaidh na bliana measúnachta sin nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(10) I gcás ina n-éileofar agus ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe i leith aon íocaíochta, ní thabharfar faoiseamh ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim in aghaidh na bliana measúnachta céanna nó bliana measúnachta ina dhiaidh sin ná (i gcás íocaíochta faoi chonradh blianachta) i leith aon phréimhe nó comaoine eile i leith blianachta faoin gconradh céanna; agus ní ghlacfar go bhfolaíonn tagairtí sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil faoiseamh faoin alt seo.

(11) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach foinse arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Cánachas ar chuideachtaí árachais a dhéanann gnó blianachtaí.

42. —(1) I gcás ina ndéanann cuideachta árachais gnó blianachtaí pinsin—

(a) lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncaim ó infheistíochtaí agus éarlaisí d'oiread sin de chiste blianachtaí na cuideachta agus a bhaineann leis an ngnó sin, agus

(b) ní bheidh an chuideachta i dteideal a áireamh gur as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach a íocadh aon chuid (a bhaineann leis an ngnó sin) de na blianachtaí d'íoc an chuideachta.

(2) Ach amháin i gcás cuideachta árachais ar ar muirearaíodh cáin de réir na bhforálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D maidir leis na brabúis óna ghnó árachais saoil nó (i gcás ina mbeidh rogha déanta ag an gcuideachta faoi fho-alt (3) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1947 ( Uimh. 15 de 1947 )) déanfar brabúis a ghnáth-ghnó árachais saoil, le brabúis chun cuideachta árachais ó ghnó blianachtaí pinsean, nó ó ghnó ginearálta blianachtaí, a áireamh mar bhrabúis bhliantúla nó gnóchan bliantúil laistigh de Sceideal D, agus beidh an céanna inmhuirir faoi Chás VI den Sceideal sin, agus chun na críche sin—

(a) déileálfar ar leithligh leis an ngnó de gach aicme den tsórt sin, agus

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo, ríomhfar na brabúis ón gcéanna de réir na bhforálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D (agus gan aird ar fhorálacha Rialach 2 de na Rialacha a bhaineann le Cás VI de Sceideal D maidir leis an tréimhse a ghlacfar nuair a bheifear ag ríomh brabús chun críocha Cáis sin VI):

Ar choinníoll, nuair a bheidh aon ríomh den tsórt sin á dhéanamh—

(i) go mbeidh feidhm ag forálacha fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1947 , arna mhodhnú mar is gá, agus go háirithe, gach tagairt do shealbhóirí polasaithe iontu a fhágáil ar lár,

(ii) nach lamhálfar asbhaint ar bith i leith aon chaiteachais is caiteachas bhainistí dá dtagartar i mír 33 den Income Tax Act, 1918, agus

(iii) go bhfritháireofar i gcoinne na mbrabús aon chaillteanas, a ríomhfar ar an bhforas céanna ar ar ríomhadh na brabúis, faoina ndeachthas i ngnó blianachtaí den aicme chéanna aon bhliain roimhe sin a bhí an t-alt seo i ngníomh; ach ní dhéanfar aon chaillteanas den tsórt sin a chur i gcuntas níos mó ná aon uair amháin chun críocha na míre seo.

(3) I gcás ina mbeidh faoiseamh ó cháin faoi Riail (2) de na Rialacha atá i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , tugtha i leith ioncaim ó infheistíochtaí chiste árachais saoil coigríche de chuid cuideachta árachais ar sa Stát atá a ceann-oifig, déanfar laghdú comhréire ar aon suim ar inmhuirir cáin ar an gcuideachta ina leith de bhua fo-ailt (2) den alt seo díreach mar dhéanfar laghdú comhréire faoi fho-alt (5) d'alt 33 den Income Tax Act, 1918, ar an bhfaoiseamh a dheonfar don chuideachta i leith caiteachais bhainistí.

(4) I gcás cuideachta árachais nach sa Stát atá a ceannoifig a bheith ag déanamh gnó árachais saoil trí aon bhrainse nó gníomhaireacht sa Stát, ansin, aon mhuirear a dhéanfar i leith cánach faoi fho-alt (2) den alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe ar na brabúis chun na cuideachta ó ghnó árchais pinsean, nó ó ghnó blianachtaí ginearálta—

(a) déanfar é ar shuim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus suim iomlán na mbrabús sin, is cuma cad as dóibh, a bheidh, faoi Riail 3 de na Rialacha a bhaineann le Cás III de Sceideal D, idir an chuid d'ioncam chiste árachais saoil na cuideachta a muirearaíodh i leith cánach faoin gCás sin III an bhliain sin agus méid iomlán an ioncaim sin, agus

(b) ní áireofar é mar mhuirear i leith cánach i leith gnó árachais saoil chun críocha míre (4) den Riail sin 3.

(5) Ní chuirfidh an díolúine ó cháin a thugtar le fo-alt (1) den alt seo aon tsuimeanna ó áireamh mar fháltais nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchain nó caillteanas chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim; agus ní bheidh teideal ag cuideachta árachais, de bhua fo-ailt (2) den alt seo, chun aon fhaoiseamh a fháil faoi alt 2 den Acht Airgeadais, 1945 ( Uimh. 20 de 1945 ), i leith caillteanas ar a gnó blianachtaí pinsean ná ar a gnó blianachtaí ginearálta.

(6) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “gnó blianachtaí ginearálta” aon ghnó blianachtaí nach gnó blianachtaí pinsean, agus aon roinnt a bheidh le déanamh idir an dá aicme ghnó déanfar é ar an bprionsabal go gcuirfear i leith an ghnó bhlianachtaí pinsean aon phréimheanna lena mbaineann fo-alt (7) den alt seo, maraon leis an gcuid a thagann uaidh de chiste blianachtaí na cuideachta agus dá dliteanas i leith blianachtaí, agus go ndéileálfar dá réir sin le hairgead eile isteach agus amach:

Ar choinníoll go bhféadfar roinnt amhail i dtosach na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó aon tráth is luaithe ná sin a dhéanamh trí chionroinnt de réir dliteanais na cuideachta san am sin ar chonarthaí lenar bhain mír (b) d'fho-alt (7) den alt seo san am agus ar chonarthaí blianachtaí eile.

(7) Is iad na préimheanna a chuirfear i leith gnó bhlianachtaí pinsean na préimheanna sin is iníoctha faoi chonarthaí de thuairisc amháin nó eile (an tráth is iníoctha an phréimh) de na tuairiscí seo a leanas:

(a) aon chonradh le pearsa ar ar inmhuirir, nó ar arbh inmhuirir mura mbeadh neamhdhóthaineacht bhrabús nó gnóchain, cáin i leith tuillimh iomchuí (mar mhínítear sin in alt 40 den Acht seo) ó thrádáil, gairm, slí bheatha, oifig nó fostaíocht a bhí aige nó á dhéanamh aige, ba chonradh a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin; agus

(b) aon chonradh leis na hiontaobhaithe nó le daoine eile ag a raibh bainistí chiste aoisliúntas de réir bhrí ailt 32 den Finance Act, 1921, nó bainistí scéime arna ceadú faoi alt 40 den Acht seo, is conradh—

(i) a rinneadh chun críocha, agus amháin chun críocha, an chiste nó na scéime sin nó, i gcás ciste nach mbeidh ach cuid de ceadaithe faoin alt sin 32, ansin chun críocha na coda sin, agus amháin chun críocha na coda sin, den chiste sin, agus

(ii) (i gcás conradh a rinneadh nó a athraíodh tar éis teacht i bhfeidhm don alt seo) a bheidh ceaptha ar shlí go bhfuil na dliteanais a ghlac an chuideachta árachais uirthi féin faoin gconradh ar comhréir le dliteanais a bhfuil an conradh ceaptha chun an ciste (nó an chuid iomchuí de) nó an scéim a urrú ina gcoinne.

(8) Forléireofar an t-alt seo de réir ailt 237 den Income Tax Act, 1918; agus chun críocha an ailt seo ciallaíonn “gnó blianachtaí” gnó blianachtaí a dheonadh ar shaol an duine agus folaíonn “préimh” aon chomaoin i leith blianachta.

(9) Beidh éifeacht ag na forálacha idirlinne seo a leanas chun críocha fo-ailt (2) den alt seo:

(a) i gcás cáin a bheith inmhuirir in aghaidh aon bhliana measúnachta ar mhéid brabús bliana a tháinig go hiomlán nó go páirteach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, ríomhfar an méid sin fé is dá mbeadh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (5) den alt seo ar feadh na bliana sin go léir; agus

(b) i gcás inar gá, nuair a bheifear ag ríomh na méide ar ar inmhuirir cáin in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, brabúis nó gnóchan nó caillteanais a roinnt agus a chionroinnt in aghaidh tréimhse dá ndearnadh suas cuntais agus a tháinig go hiomlán nó go páirteach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, ríomhfar na brabúis nó an gnóchan nó na caillteanais in aghaidh na tréimhse sin fé is dá mbeadh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (5) den alt seo ar feadh na tréimhse sin go léir.

Forálacha forlíontacha do Chuid VI.

43. —(1) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 41 den Acht seo i leith préimhe cáilithí ach amháin ar éileamh a dhéanfar chun cigire chánach agus a cheadóidh seisean, ach féadfaidh aon duine ar éagóir leis aon bhreith a thabharfaidh an cigire cánach ar aon éileamh den tsórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de lá agus fiche tar éis an bhreith a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) den alt seo fé is dá mb'achomharc chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim é agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht nó le cás a shonrú ag iarraidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ag forordú an nós imeachta a leanfar nuair a bheifear ag tabhairt éifeachta don Chuid seo den Acht seo sa mhéid nach mbeidh socrú eile ann don nós imeachta sin agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo, féadfaidh siad leis na rialacháin sin—

(a) an modh agus an fhoirm ina ndéanfar éilithe ar fhaoiseamh ó cháin nó ar aisíoc cánach a fhorordú,

(b) an teorainn ama a fhorordú chun aon éileamh den tsórt sin adúradh a dhéanamh,

(c) a cheangal ar na hiontaobhaithe nó na daoine eile ag a mbeidh bainistí scéime iontaobhais ceadaithe cibé eolas agus sonraí a sheachadadh ó am go ham a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún chun críocha na Coda seo den Acht seo, agus

(d) aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim (modhnaithe nó gan modhnú) a chur i bhfeidhm chun críocha na Coda seo den Acht seo nó chun críocha na rialachán.

(4) Má dhéanann aon duine go feasach, d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin, nó aisíoc cánach, a fháil dó féin nó d'aon duine eile faoin gCuid seo den Acht seo, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach, dlífear pionós cúig céad punt a chur air.

CUID VII.

Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte; Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide agus Dleachtanna Báis.

Comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte ar ioncam.

44. —(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a shonrófar san ordú déanta le rialtas aon críche lasmuigh den Stát maidir le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide agus aon chánacha den tsaghas sin, arna bhfhorordú le dlithe an Stáit nó le dlithe na críche sin, agus gur foírstineach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, ansin, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán.

(2) Maidir le forálacha an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht seo—

(a) beidh éifeacht acu i gcás ina bhforálann comhshocraíochtaí ag a bhfuil feidhm dlí de bhua an ailt seo go ndeánfar cáin is iníoctha faoi dhlithe na críche iomchuí a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach is iníoctha sa Stát,

(b) i ndáil leis an gcoinbhinsiún idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá dar tugadh feidhm dlí le halt 12 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), cuirfear iad in ionad na bhforálacha atá i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus

(c) i ndáil leis an gcomhaontú idir an Rialtas agus Rialtas Cheanada dar tugadh feidhm dlí le halt 14 den Acht Airgeadais, 1955 ( Uimh. 13 de 1955 ), cuirfear iad in ionad na bhforálacha atá i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(3) Aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí faoin alt seo féadfaidh foráil a bheith iontu i dtaobh faoiseamh ó cháin a thabhairt in aghaidh tréimhsí roimh an Acht seo a rith nó roimh na comhshocraíochtaí a dhéanamh agus forálacha i dtaobh ioncaim nach bhfuil faoi réir cánachas dúbailte, agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha roimhe seo den alt seo.

(4) I bhfo-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1950 , folóidh tagairtí do dhíbhinn a íocadh roimh an Acht sin a rith tagairtí do dhíbhinn a íocadh sula ndearna an Rialtas ordú lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, agus forléireofar an fo-alt sin (4) dá réir sin.

(5) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féachfar ar chomhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche mar chomhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas an stáit sin.

Cionroinnt.

45. —Déanfar an chionroinnt is gá maidir le cáin bhrabús corparáide i gcás ina mbainfidh comhshocraíochtaí, ag a mbeidh feidhm dlí de bhua ailt 44 den Acht seo, leis an gcuid gan chaitheamh de thréimhse chuntasaíochta a bhí ag rith ar dháta a shonrófar sna comhshocraíochtaí, agus déanfar aon chionroinnt den. tsórt sin i gcomhréir leis an méid míonna nó codáin de mhíonna sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an dáta sin agus ina hiarmhar faoi seach.

Comhaontuithe i leith faoisimh ó dhleachtanna báis dúbailte.

46. —(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a shonrófar san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát maidir le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith dleachta eastáit is iníoctha faoi dhlithe an Stáit agus aon dleachta den tsaghas sin a fhorchuirtear faoi dhlithe an Stáit nó faoi dhlithe na críche sin, agus gur fóirstineach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán.

(2) I gcás feidhm dlí a bheith ag comhshocraíochtaí de bhua an ailt seo—

(a) ní bheidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894, maidir le dleacht lena mbaineann na comhshocraíochtaí agus is inmhuirir faoi dhlithe na críche iomchuí, agus

(b) más críoch lena mbaineann alt 20 den Finance Act, 1894, an chríoch iomchuí, ní thabharfar aon liúntas faoin alt sin i leith dleachta lena mbaineann na comhshocraíochtaí agus is inmhuirir faoi dhlithe na críche sin.

(3) Aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí faoin alt seo féadfaidh foráil a bheith iontu i dtaobh faoiseamh ó dhleacht a thabhairt i gcás bás a tharla roimh an Acht seo a rith nó roimh na comhshocraíochtaí a dhéanamh agus forálacha i dtaobh maoine nach bhfuil faoi réir dleachta dúbailte, agus beidh éifeacht dá réir sin ag forálacha an ailt seo.

(4) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féachfar ar chomhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche mar chomhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas an stáit sin.

Rialacháin.

47. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham comhshocraíochtaí a dhéanamh go ginearálta i dtaobh forálacha na Coda seo den Acht seo nó aon chomhshocraíochtaí ag a mbeidh feidhm dlí faoin gcéanna a chur i bhfeidhm agus féadfaidh siad, go sonrach, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, foráil a dhéanamh leis na rialacháin sin—

(a) chun a áirithiú nach rachaidh faoiseamh ó chánachas arna fhorchur le dlithe na críche lena mbainfidh aon chomhshocraíochtaí den tsórt sin chun sochair do dhaoine nach bhfuil ina theideal, agus

(b) chun a údarú, i gcásanna nach ndearnadh, d'fhonn aon chomhshocraíochtaí den tsórt sin a chomhlíonadh, cáin is inasbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil a asbhaint agus go bhfaighfear amach nach mbaineann na comhshocraíochtaí leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnú ar an duine atá i dteideal an íocaíocht a fháil nó trí asbhaint ó íocaíochtaí ina dhiaidh sin.

Eolas a nochtadh.

48. —I gcás ina mbeidh feidhm dlí ag aon chomhshocraíochtaí de bhua na Coda seo den Acht seo, ní dhéanfaidh an oblagáid maidir le rún a fhorchuirtear le haon achtachán na Coimisinéirí Ioncaim ná aon oifigeach údaraithe do na Coimisinéirí Ioncaim a bhac ó cibé eolas a bheidh de cheangal a nochtadh faoi na comhshocraíochtaí a nochtadh d'aon oifigeach údaraithe de chuid an rialtais lena mbeidh na comhshocraíochtaí déanta.

Forlíontach.

49. —(1) Féadfar aon ordú a dhéanfar faoin gCuid seo den Acht seo a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin agus féadfaidh cibé forálacha idirlinne is dóigh leis an Rialtas is gá nó is fóirstineach a bheith in ordú cúlghairme den tsórt sin.

(2) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin gCuid seo den Acht seo leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go rithfidh Dáil Éireann rún ag ceadú an dréachta.

Alt 15 den Acht Airgeadais, 1951 , a leasú.

50. —Chun críocha ailt 15 den Acht Airgeadais, 1951 (Uimh. 15 de 1951) , féachfar ar chomhshocraíocht a rinneadh le ceann stáit choigríche mar chomhshocraíocht a rinneadh le rialtas an stáit sin.

CUID VIII.

Gnóthais Airgeadais agus Daoine faoi Dhíolúine ó Cháin do Cheannach Scaireanna agus Srianta le Faoiseamh i leith Caillteanas trí Cháin a Aisíoc i gcás Díbhinní a íocadh as Brabúis Charnaithe: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Gnóthais airgeadais agus daoine faoi dhíolúine ó cháin do cheannach scaireanna.

51. —(1) Má tharlaíonn, an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, go dtiocfaidh duine a bheidh ag gabháil do thrádáil arb éard í féin nó cuid di déileála i scaireanna nó infheistíochtaí eile chun teideal a bheith aige chun díbhinne ó shealbhán scaireanna d'aicme lena mbaineann an t-alt seo agus is scaireanna a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus go n-íocfar aon chuid den díbhinn as brabúis a carnadh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna amhlaidh, ansin, má bhíonn na scaireanna sin, nó na scaireanna sin maraon le—

(a) aon scaireanna eile ar iníoctha an díbhinn orthu leis an duine sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus

(b) i gcás ina mbeidh an trádáil faoin aon-urlámh le trádáil eile arb éard í féin nó cuid di déileála i scaireanna nó infheistíochtaí eile, aon scaireanna ar iníoctha an díbhinn orthu leis an duine atá ag gabháil don trádáil eile sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus

(c) aon scaireanna den tsórt sin a bheidh le cur i gcuntas faoi fho-alt (3) den alt seo,

comhionann le, nó níos mó ná, deich faoin gcéad de na scaireanna den aicme sin a eisíodh, cuirfear glanmhéid na díbhinne a fuarthas as na scaireanna sa sealbhán i gcuntas, a mhéid sin di a íocadh as brabúis a carnadh sula bhfuarthas na scaireanna, nuair a bheifear ag ríomh, chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, brabús nó gnóchain nó caillteanas na trádála fé is dá mb'fháltas trádála é nár íocadh cáin ina leith.

(2) Má tharlaíonn, an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, go dtiocfaidh duine ag a mbeidh teideal faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) chun díolúine ó cháin ioncaim a fholaíonn díbhinní ó scaireanna chun teideal a bheith aige chun díbhinne a fháil ó shealbhán scaireanna d'aicme lena mbaineann an t-alt seo is scaireanna a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus go n-íocfar aon chuid den díbhinn as brabúis a carnadh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna amhlaidh, ansin, má bhíonn na scaireanna sin nó na scaireanna sin maraon le—

(a) aon scaireanna eile ar iníoctha an díbhinn orthu leis an duine sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an dibhínn chun bheith iníoctha, agus

(b) aon scaireanna den tsórt sin a bheidh le cur i gcuntas faoi fho-alt (3) den alt seo,

comhionann le, nó níos mó ná, deich faoin gcéad de na scaireanna den aicme sin a eisíodh, ní bhainfidh an díolúine leis an díbhinn méid ar comhréir leis an gcuid den díbhinn a íocadh as brabúis a carnadh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna:

Ar choinníoll go measfar, má bhíonn aon íocaíocht bhliantúil iníoctha ag an duine sin as an díbhinn, an íocaíocht bhliantúil sin go léir a bheith arna híoc as brabúis nó gnóchan nár tugadh faoi mhuirear cánach agus beidh feidhm dá réir sin ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta.

(3) Má bhíonn gach duine de bheirt daoine nó níos mó is daoine a bhíonn ag gabháil do thrádala den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó a bheidh i dteideal díolúine den tsórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, tar éis scaireanna a fháil i gcuideachta agus gurbh idirbhearta ar dá mbun a fuarthas na scaireanna sin idirbhearta a rinne na daoine sin as comhghníomhú nó idirbhearta i dteannta a chéile in aon chomhshocraíochtaí a rinne aon duine áirithe, ansin, agus feidhm ag ceachtar de na fo-ailt sin maidir le díbhinn is iníoctha le duine de na daoine sin ar scaireanna ar cuid acu scaireanna a fuarthas amhlaidh (nó scaireanna a fuarthas de cheart na scaireanna sin), cuirfear i gcuntas, faoi mhír (c) d'fho-alt (1), nó de réir mar bheidh, faoi mhír (b) d'fho-alt (2) aon scaireanna ar iníoctha an díbhinn orthu le haon duine eile de na daoine sin, is scaireanna a fuair an duine eile sin amhlaidh (nó scaireanna a fuarthas de cheart na scaireanna sin).

(4) I gcás aon scaireanna a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile ag duine a shealbhaigh scaireanna den tsórt sin a fuarthas tráthanna éagsúla (agus tráth roimh an dáta oibritheach a bheith nó gan bheith ar áireamh), toimhdeofar, chun críocha an ailt seo, go ndearnadh na scaireanna is sia a bhí ar seilbh a dhiúscairt níos luaithe ná na scaireanna is giorra a bhí ar seilbh.

(5) I gcás, aon tráth a bheidh trádáil, nó a measfar trádáil a bheith, arna bunú agus arna tosú, inar cuid de stoc trádála na trádála aon scaireanna, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an tráth sin a fuair an duine a bhí ag gabháil don trádáil an uair sin na scaireanna sin; agus, faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, i gcás atharach daoine do dhul ag gabháil do thrádáil nach athrú a measfar deireadh a bheith leis an trádáil dá bhíthin, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an duine a bhí ag gabháil don trádáil amhlaidh tar éis an athraithe amhail is dá mb'eisean a rinne nó leis-sean a rinneadh aon ní a rinneadh ag nó lena réamhtheachtaí.

(6) Beidh éifeacht ag forálacha an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht seo chun a dhéanamh amach a n-áireofar gur as brabúis a carnadh roimh dháta áirithe a íocadh aon chuid de dhíbhinn.

(7) Chun críocha an ailt seo agus an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht seo—

(a) folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe, ach ní bhaineann sé le cuideachta nach gcónaíonn sa Stát;

(b) folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine agus, i gcás aon díolúine adeir go mbaineann sé le hioncam iontaobhais nó chiste, folaíonn tagairtí do dhuine i dteideal aon díolúine ó cháin ioncaim tagairtí do na daoine atá i dteideal a éileamh go ndeonfar an díolúine sin;

(c) ciallaíonn “scaireanna d'aicme lena mbaineann an t-alt seo” scaireanna d'aon aicme is cuid de scairchaipiteal chuideachta seachas aicme scaireanna tosaíochta láníoctha nach dtugann ceart ach chun díbhinní de réir ráta faoin gcéad d'ainmluach na scaireanna atá fosaidh nó nach malartaíonn ach de réir an ráta chánach ioncaim agus nach mó de mhórán, i dtuairim na gCoimisínéirí Speisialta, ná an toradh a fhaightear de ghnáth ó scaireanna tosaíochta a luaitear a bpraghsanna ar stocmhargaidh sa Stát;

(d) folaíonn “scair” stoc seachas stoc bintiúra nó iasachtstoc;

(e) féachfar ar scaireanna mar scaireanna d'aicmí éagsúla más féidir a aithint idir na cearta agus na hoblagáidí faoi seach a ghabhann leo maidir le híoc díbhinní nó leis an méid de na scaireanna sin a bheidh íoctha nó ar aon tslí eile;

(f) folaíonn aon tagairtí do scaireanna a fuarthas de cheart scaireanna eile tagairt do scaireanna a fuarthas de bhun tairiscinte nó cuiridh nár tugadh ach do shealbhóirí na scaireanna eile sin;

(g) measfar dhá thrádáil a bheith faoin aon-urláimh má bhíonn siad ar siúl ag daoine ar comhlacht daoine ar a bhfuil urlámh (de réir na brí a thugtar don abairt sin le fo-alt (8) den alt seo) ar dhuine díobh ag an duine eile, nó ar comhlachtaí daoine iad araon atá faoi urláimh (mar mhínítear sin) amhlaidh ag an tríú duine, agus measfar trádála iomaí a bheith faoin aon-urláimh más faoin aon-urláimh do gach trádáil díobh agus do na trádála eile uile,

agus sa mhír dheiridh roimhe seo folaíonn “comhlacht daoine” comhpháirtíocht.

(8) Chun críocha míre (g) d'fho-alt (7) den alt seo, glacfar gurb é seo a leanas an míniú a thugtar do “urlámh” leis an bhfo-alt seo:

ciallaíonn “urlámh,” maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith ag an duine sin sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir tola an duine sin a sheolfar gnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaite, agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scair de chuid is mó ná leath sócmhainní, nó de chuid is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.

Srian le faoiseamh i leith caillteanas trí cháin a aisíoc i gcás díbhinní a íocadh as brabúis charnaithe.

52. —(1) I gcás trádáil, seachas trádáil den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 51 den Acht seo, a bheith ar siúl ag duine agus gur cuid dá ioncam in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe díbhinn (is díbhinn a dtiocfaidh sé, an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, chun teideal a bheith aige í a fháil) a ndlífí, dá mba thrádáil de shaghas a luaitear sa bhfo-alt sin an trádáil, aon chuid dá glanmhéid a chur i gcuntas mar fháltas trádála nár íocadh cáin ina leith, ansin, nuair a bheifear á dhéanamh amach cé acu atá nó nach bhfuil aon aisíoc cánach, nó cé mhéid d'aisíoc cánach atá, le déanamh faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918, leis an duine sin faoi threoir aon chaillteanas a bhain leis an trádáil agus méide comhiomláine a ioncaim in aghaidh na bliana measúnachta sin, fágfar as an gcuntas—

(a) an mhór-mhéid a fhreagrann d'oiread den ghlanmhéid sin a dhlífear a chur i gcuntas mar adúradh, agus

(b) aon cháin a íocadh ar an méid a dhlífear a fhágáil as cuntas faoi mhír (a) den fho-alt seo.

(2) Chun críocha an ailt seo folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine.

An dáta oibritheach, éifeacht agus forleiriú.

53. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis ciallaíonn “an dáta oibritheach” an 6ú lá d'Aibreán, 1957.

(2) Beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht seo agus ag an Tríú Sceideal a ghabhann leis, agus measfar go raibh éifeacht acu, amhail ar an dáta oibritheach agus ón dáta sin amach, agus, chun na críche sin, forléireofar an céanna, mar is iomchuí sin, fé is dá mba ar an dáta oibritheach a ritheadh an tAcht seo.

(3) Déanfar an Chuid seo den Acht seo agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann siad le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineann siad le cáin bhrabús corparáide, a fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

CUID IX.

Cánacha a Ghnóthú agus an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, a Leasú: Cáin Ioncaim, Forcháin, agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Imeachtaí san Ard-Chúirt i leith cánacha.

54. —(1) Gan dochar d'aon tslí eile trína bhféadfar iallach a chur go n-íocfar suimeanna a bheidh dlite i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo, agairt a dhéanamh ina ainm féin san Ard-Chúirt chun aon tsuim a bheidh dlite maidir le haon cheann de na cánacha sin a ghnóthú, mar fhiach a bheidh dlite don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste, ón duine ar a mbeidh an céanna muirearaithe nó óna sheiceadóirí nó a riarthóirí, nó ó aon duine óna mbeidh an tsuim áirithe sin inbhailithe, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a muirearaíodh amhlaidh an duine a bheidh muirearaithe amhlaidh, agus féadfar na himeachtaí a thosú trí thoghairm achomair.

(2) I gcás oifigeach a thosaigh imeachtaí de bhun an ailt seo, nó a lean de na himeachtaí de bhua an fho-ailt seo, d'fháil bháis nó do scor ar aon slí eile ar aon chúis de bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha fo-ailt (1) den alt seo—

(a) scoirfidh ceart an oifigigh sin chun leanúint de na himeachtaí agus dílseoidh an ceart chun leanúint díobh i cibé oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh agus a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) i gcás ina n-ainmneofar oifigeach eile den tsórt sin faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige dá réir sin chun é a chur in ionad an oifigigh chéadluaite mar pháirtí sna himeachtaí, agus

(c) i gcás ina ndéanfar oifigeach a chur amhlaidh in ionad oifigigh eile tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chosantóir gur cuireadh amhlaidh in ionad an oifigigh eile sin é.

(3) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine agus go bhfuil sé údaraithe acu chun críocha fo-ailt (1) de alt seo ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(4) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfioras seo a leanas, eadhon, gur scoir an gearánaí de bheith ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim d'údaraigh siad chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine eile, go bhfuil an duine eile sin údaraithe acu chun críocha fo-ailt (1) den alt seo agus go bhfuil sé ainmnithe acu, maidir leis na himeachtaí, chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(5) In imeachtaí de bhun an ailt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire cánach ag deimhniú an fhíorais gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith cánach ioncaim chun bheith dlite den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun bheith críochnaitheach agus dochloíte, agus

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag bailitheoir cánach ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gurb eisean an bailitheoir atá cuí-údaraithe chun an tsuim shonraithe sin a bhailiú, gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc agus go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite ón gcosantóir agus gan íoc aige fós,

ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(6) In imeachtaí de bhun an ailt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag an gCléireach do na Coimisinéirí Speisialta ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith forchánach chun bheith dlite, den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun a bheith críochnaitheach agus dochloíte agus gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc, agus

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag an Ard-Chuntasóir Ioncaim ag deimhniú an fhíorais go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite den chosantóir agus iníoctha aige,

ina fhianaise nó go gcrúthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(7) In imeachtaí de bhun an ailt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith cánach brabús corparáide chun bheith dlite den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun a bheith críochnaitheach agus dochloíte agus gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc, agus

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag an Ard-Chuntasóir Ioncaim ag deimhniú an fhíorais go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite den chosantóir agus iníoctha aige,

ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(8) (a) Is foráil iomchuí den alt seo, chun críocha an fho-ailt seo, gach foráil acu seo a leanas den alt seo:

(i) fo-alt (3),

(ii) fo-alt (4),

(iii) mír (a) d'fho-alt (5),

(iv) mír (b) d'fho-alt (5),

(v) mír (a) d'fho-alt (6),

(vi) mír (b) d'fho-alt (6),

(vii) mír (a) d'fho-alt (7),

(viii) mír (b) d'fho-alt (7),

(b) In imeachtaí de bhun an ailt seo, féadfar deimhniú ag deimhniú an fhíorais nó na bhfíoras dá dtagartar i bhforáil iomchuí agus a airbheartaíonn a bheith sínithe mar shonraítear sa bhforáil sin a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag duine a shealbhaigh, tráth an tsínithe, an oifig nó an post a luafar sa deimhniú gurb í nó é oifig nó post an duine a shínigh é.

(9) Féadfar gach suim nó aon tsuim a bheidh dlite ó aon duine áirithe amháin i leith aon cheann nó níos mó de na cánacha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur san aon-toghairm amháin.

(10) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (2) d'alt 27 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), maidir le himeachtaí de bhun an ailt seo fé is dá ndéarfaí i dtéarmaí na bhforálacha sin go raibh an fheidhm sin acu.

(11) Na rialacha den Ard-Chúirt a bhaineann, de thuras a huaire, le himeachtaí sibhialta a thosaítear trí thoghairm achomair, bainfidh siad, faoi réir an ailt seo, le himeachtaí de bhun an ailt seo.

Alt 7 den Acht Airgid, 1923 , a leathnú.

55. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an príomh-alt” alt 7 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ).

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den phríomh-alt maidir le forcháin agus cáin bhrabús corparáide a ghnóthú, arna measúnú roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, fé mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim a ghnóthú.

(3) In aon chás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den phríomhalt maidir le forcháin nó cáin bhrabús corparáide a ghnóthú, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin ach “oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo” a chur in ionad “an Bailitheoir gur cóir do an tsuim nár íocadh do bhailiú.”

(4) I gcás ina bhfuil tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoin bpríomh-alt in ordú a rinneadh roimh an Acht seo a rith faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), forléireofar an tagairt sin mar thagairt a fholaíonn tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoin bpríomh-alt arna leathnú leis an alt seo.

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha) 1956, a leasú.

56. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) .

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, déantar leis seo alt 10 den Acht a leasú mar leanas:

(a) sa mhíniú ar “bliain éilimh”, cuirfear “dheich mbliana” in ionad “chúig bliana” ach amháin maidir le fo-alt (6) d'alt 12 den Acht,

(b) aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain sin sa mhír seo) a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, agus lá nach déanaí ná an 6ú lá d'Aibreán, 1969, féadfaidh sí, ach amháin maidir le fo-alt (6) d'alt 12 den Acht, a bheith ina bliain éilimh tosaigh, i gcás nach í, agus nach féidir gurb í, aon bhliain mheasúnachta de na trí bliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain díobh an bhliain a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an bhliain éilimh tosaigh chun éileamh a dhéanamh agus a chruthú don bhliain sin faoi alt 12 den Acht,

(c) sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta”, cuirfear “1966” in ionad “1961” ach amháin maidir le fo-alt (10) d'alt 13 den Acht,

(d) folóidh an míniú ar “earraí”—

(i) iasc a táirgeadh sa Stát ar fheirm éisc, agus

(ii) muisiriúin saothraithe, a saothraíodh sa Stát, agus i gcás ina gclóifear leabhair sa Stát ag daoine seachas a bhfoilsitheoir agus go n-onnmhuireoidh a bhfoilsitheoir iad nó cuid díobh (nach cás lena mbaineann an coinníoll sa mhíniú sin), measfar chun críocha an mhínithe sin, gur sa Stát, ag a bhfoilsitheoir, a monaraíodh na leabhair.

(3) Ní thabharfar faoiseamh ó cháin ioncaim de bhua fo-ailt (2) den alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta i ndiaidh na bliana measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969.

(4) Beidh éifeacht, amhail ó dháta an Achta a rith, ag an leasú a shonraítear i mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, agus féadfar faoiseamh ó cháin maidir leis an tréimhse idir dáta an rite sin agus dáta an Achta seo a rith a thabhairt dá réir sin trí aisíoc nó ar shlí eile de réir mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Acht, le héifeacht amhail ó dháta an Achta a rith, trí “comhlacht corpraithe” a chur in ionad “cuideachta”.

(6) Leasaítear leis seo alt 16 den Acht, le héifeacht amhail ón 6ú lá d'Aibreán, 1958, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (5):

“(5a) Beidh feidhm ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), maidir le liúntas foirgníochta tionscail fé mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.”

CUID X.

Dleachtanna Stampa.

Comhaontuithe maidir le dleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

57. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú a dhéanamh le haon bhaincéir faoina n-imshocrófar, de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, dleacht stampa is inmhuirir faoin mírcheann “Bill of Exchange payable on demand” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar cibé ionstraimí—

(a) a bheidh tarraingte ar an mbaincéir ag a chustaiméirí ar fhoirmeacha a sholáthraigh seisean, nó

(b) a bheidh tarraingte ag an mbaincéir air féin nó ar bhaincéir eile,

agus a shonrófar sa chomhaontú.

(2) Gach aon chomhaontú den tsórt sin is i cibé foirm a bheidh sé agus beidh ann cibé téarmaí agus cibé coinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus go sonrach, ceanglóidh an comhaontú, ar an mbaincéir cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hionstraimí lena mbainfidh an comhaontú ina mbeidh sonraí—

(a) i dtaobh foirmeacha a sholáthraigh sé dá chustaiméirí lena gcomhlánú agus lena n-eisiúint ag na custaiméirí mar ionstraimí den tsórt sin, agus i dtaobh foirmeacha a soláthraíodh amhlaidh ach a cuireadh ar ais neamhúsáidte nó loite, agus

(b) i dtaobh ionstraimí den tsórt sin d'eisigh sé féin.

(3) An fhad a leanfaidh aon chomhaontú den tsórt sin i bhfeidhm, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon admháil lena mbainfidh an comhaontú agus ar a mbeidh cibé comhartha a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim gur íocadh an dleacht stampa, ach, ina ionad sin agus mar imshocraíocht, íocfar leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag an mbaincéir a rinne an comhaontú, ar aon chuntas a sheachadadh faoin gcomhaontú, cibé suimeanna dob inmhuirir, mura mbeadh forálacha an ailt seo, mar dhleacht stampa ar admhála lena mbainfidh an comhaontú agus a eisíodh i rith na tréimhse lena mbainfidh an comhaontú, agus glacfar chun na críche sin gur chomhionann an líon de na hionstraimí sin d'eisigh a chustaiméirí agus an líon foirmeacha a soláthraíodh lúide an líon foirmeacha a cuireadh ar ais mar luaitear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo.

(4) Má mhainníonn baincéir aon chuntas a sheachadadh is gá a sheachadadh de réir aon chomhaontaithe den tsórt sin nó an dleacht a íoc is iníoctha ar aon chuntas den tsórt sin a sheachadadh, dlífidh sé fíneáil nach mó ná caoga punt a íoc in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtain agus dlífidh sé freisin, i dteannta na dleachta, ús ar an dleacht a íoc, a bheidh inghnóthaithe amhail is dá mba chuid den dleacht é, de réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosaigh an mhainneachtain.

Dleacht stampa ar fháltais áirithe a fhorceannadh.

58. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon admháil i leith aon tsuime a íocfar le Coimisiún Talún na hÉireann faoi réim nó de dhroim ailt 2 den Irish Church Act Amendment Act, 1881.

Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe a fhorceannadh.

59. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ionstraim (lena n-áirítear ionstraim a forgníomhaíodh ach nár stampáladh roimh an Acht seo a rith) i gcás inar amháin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas dob iníoctha, mura mbeadh an t-alt seo, méid na dleachta stampa dob inmhuirir ar an gcéanna.

Dleacht stampa ar bhannaí áirithe a fhorceannadh.

60. —Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon bhanna dá dtagartar sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, faoin mírcheann dar tosach “Bond given pursuant to the directions of any Act”.

CUID XI.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

61. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “alt leasaitheach 1957” alt 25 den Acht Airgeadais, 1957 ( Uimh. 20 de 1957 );

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1957, maidir leis na fiche naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1959, ach “£601,122” a chur in ionad “£598,588”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1957 ach “£409,390” a chur in ionad “£416,149”.

(4) Déanfar suim £717,012 le haghaidh fuascailte iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna deich mbliana fichead airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1959.

(5) Íocfar an t-ochtú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i cibé slí agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise, nach mó ná £528,332 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Úsáidfear iarmhéid na hochtú blianachta breise in aon tslí nó slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Iocaíochtaí isteach sa Chiste Caipitiúil a fhorceannadh.

62. —Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1956 (Uimh. 12 de 1956) , maidir le fáltais an Stát-Chiste i leith an Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe a ghlacfar isteach sa Stát-Chiste tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1958.

Sealbhú agus infheistiú airgid Bhanc Taisce an Phoist.

63. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le hairgead Bhanc Taisce an Phoist:

(a) i dteannta go bhféadfar airgead den tsórt sin a shealbhú in airgeadra an Stáit, féadfar é a shealbhú in airgeadra Stát Aontaithe Mheiriceá nó in airgeadra Thiarnas Cheanada,

(b) féadfar an t-airgead sin a infheistiú in aon urrúis acu seo a leanas:

(i) urrúis de chuid an Rialtais,

(ii) urrúis arna ráthú ag an Aire Airgeadais maidir le caipiteal agus ús,

(iii) stoc de chuid Bhanc na hÉireann,

(iv) urrúis nó morgáistí chomhairle chontae, bhardais chontae-bhuirge, bhardas Dhún Laoghaire nó údaráis chuain de réir bhrí an Acht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946) ,

(v) urrúis de chuid rialtas na Breataine Móire,

(vi) urrúis de chuid rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá,

(vii) urrúis de chuid rialtas Thiarnas Cheanada,

(c) féadfar freisin airgead den tsórt sin a infheistiú i gcuntas taisce úsmhar i mbanc, is banc sa Stát, sa Bhreatain Mhór, i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó i dTiarnas Cheanada.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo folaíonn “urrúis” stoic agus cistí.

(3) Measfar go dtáinig fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1958.

Airgead de chuid Chúlchiste na gCairteacha Coigiltis a infheistiú.

64. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 34 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), a leasú trí “infheistíochtaí a bheidh údaraithe de thuras na huaire chun airgead de chuid Bhanc Taisce an Phoist a infheistiú” a chur in ionad “stuic, cistí, agus urrúis a luaidhtear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 18 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), agus urrúis a bheidh urruithe ag Rialtas Shaorstáit Éireann maidir le colainn agus le hús”.

Caiteachas i ndáil le bainistí duaisbhannaí.

65. —(1) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (4) d'alt 22 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ), do chaiteachas faoina rachfar i ndáil le bainistí duais-bhannaí a fhorléiriú mar thagairt don chaiteachas sin arna ríomh i cibé slí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm maidir le duais-bhannaí ag ailt 2 agus 4 den Bank Act, 1892, arna chur i bhfeidhm le halt 19 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ).

(3) Measfar go dtáinig fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a ngníomh ar an Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) , a rith.

Athghairm.

66. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm, a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, amhail ar an agus ón dáta a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin.

Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna.

67. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

68. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Coda I, IV, V agus VI den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Coda VII agus IX den Acht seo agus an Dara Sceideal a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann siad le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus déanfar, a mhéid a bhaineann siad le cáin bhrabús corparáide, iad a fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

(5) Forléireofar Cuid X den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.

(6) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráite inti, measfar go dtáinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin.

(7) Measfar go dtáinig Cuid VI den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus beidh éifeacht acu amhail ar an agus ón lá sin.

(8) Tiocfaidh Coda IV agus V den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1959.

(9) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Blianachtaí Scoir (Coigeartuithe ar an Teorainn le Préimheanna Cáilitheacha).

Cuid I.

Sealbhóirí Oifige nó Fostaíochta Inphinsin.

Alt 41.

1. Faoi réir na míreanna seo a leanas, beidh, i gcás pearsan is sealbhóir oifige nó fostaíochta inphinsin, feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 41 den Acht seo ach tagairtí do chúig céad punt lúide an deichiú cuid dá shochair inphinsin in aghaidh na bliana measúnachta a chur in ionad na tagairte do chúig céad punt.

2. I gcás gan pearsa a bheith ina shealbhóir oifige nó fostaíochta inphinsin ach ar feadh coda den bhliain mheasúnachta, ansin—

(a) ní bheidh feidhm ag mír 1 den Sceideal seo má bhíonn an coinníoll atá i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 40 den Acht seo gan comhlíonadh tráth ar bith i rith na coda sin den bhliain; ach

(b) má chomhlíontar an coinníoll tráth den tsórt sin agus go gcomhlíontar freisin é tráth i rith na coda eile den bhliain, beidh feidhm ag mír 1 den Sceideal seo ach go gcuirfear in ionad an deichiú cuid cibé cionúireacht is lú ná sin a bheidh cóir.

3. Chun críocha na Coda seo den Sceideal seo, glacfar gurb iad sochair inphinsin pearsan in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, méid, arna mheas de réir na bhforálacha a bhaineann le Sceideal E, aon ioncaim leis in aghaidh na bliana (ach, más fear pósta é, gan ioncam a bhanchéile a ríomh)—

(a) ar ioncam é de bharr luach saothair ó aon oifig nó fostaíocht inphinsin, nó

(b) ar ioncam é ó aon mhaoin a ghabhann le sochair, nó ar cuid é de shochair, aon oifige nó fostaíochta inphinsin.

Cuid II.

Daoine a rugadh an bhliain 1917 nó roimhe sin.

4. Faoi réir míre 5 den Sceideal seo, beidh éifeacht, i gcás pearsan a rugadh am a shonraítear sa chéad cholún den Tábla atá leagtha amach thíos, ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 41 den Acht seo agus ag Cuid I den Sceideal seo ach go gcuirfear in ionad na dtagairtí do chúig céad punt, agus don chodán an deichiú cuid, tagairtí faoi seach don tsuim sin agus don chéatadán sin a shonraítear dá chás sa dara colún agus sa tríú colún den Tábla.

AN TABLA.

Bhliain bhreithe.

An tsuim.

An céatadán.

1916 nó 1917

£550

11 faoin gcéad

1914 nó 1915

£600

12 faoin gcéad

1912 nó 1913

£650

13 faoin gcéad

1910 nó 1911

£700

14 faoin gcéad

1909 nó aon bhliain roimhe

£750

15 faoin gcéad

5. (1) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Sceideal seo maidir le haon bhliain mheasúnachta ina dtarlóidh, maidir lena sheirbhísí san am a caitheadh in aon oifig nó fostaíocht a bhí aige roimhe sin (nach ceann ar go páirt-aimsire amháin d'fhónaigh sé inti)—

(a) go bhfaighidh sé aon ioncam i leith pinsin is iníoctha faoi réim nó de bhun scéime aoisliúntais faoi choimirce nó a rinne duine eile a cheannach nó a sholáthar ar shlí eile dó, nó

(b) go mbeidh ceart aige faoi scéim aoisliúntais faoi choimirce chun pinsin nach iníoctha faoi láthair, cibé acu gur toisc é bheith ar fionraí é nó toisc gurb é amháin an tráth a thiocfaidh sé chun bheith iníoctha tráth san am le teacht nó ar theagmhas éigin do tharlachtaint (ach nach bhfolaíonn ceart a bhraitheann freisin ar sheirbhís in oifig nó i bhfostaíocht atá aige de thuras na huaire).

(2) Sa mhír seo, folaíonn “pinsean” aon aoisliúntas nó liúntas eile nó pá siarainn.

AN DARA SCEIDEAL.

Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim (lena náirítear Forcháin) agus ó Cháin Bhrabús Corparáide trí Chreidmheas i leith Cánach Coigríche.

Alt 44.

Léiriú.

1. (1) Sa Sceideal seo, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “comhshocraíochtaí” comhshocraíochtaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire de bhua ailt 44 den Acht seo nó ailt 12 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) , nó ailt 14 den Acht Airgeadais, 1955 (Uimh. 13 de 1955) ;

folaíonn “cáin ioncaim” forcháin;

ciallaíonn “ioncam”, maidir le cáin bhrabús corparáide, brabús;

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach foinse arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “na Cánacha Éireannacha” cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus cáin bhrabús corparáide;

ciallaíonn “cáin choigríche”, maidir le haon chríoch ina bhfuil feidhm dlí ag comhshocraíochtaí, aon cháin is inmhuirir faoi dhlithe na críche sin agus ar féidir creidmheas a lamháil ina leith faoi na comhshocraíochtaí.

(2) Déanfar aon tagairt atá sa Sceideal seo do cháin choigríche a fhorléiriú, maidir le creidmheas a bheidh le lamháil faoi aon chomhshocraíochtaí, mar thagairt nach mbaineann ach le cáin is inmhuirir faoi dhlithe na críche a mbeidh na comhshocraíochtaí déanta ina leith.

Ginearálta.

2. (1) Faoi réir forálacha an Sceidil seo, má bhíonn creidmheas le lamháil, faoi na comhshocraíochtaí, i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim, laghdófar méid na gcánacha Éireannacha méid an chreidmheasa.

(2) Déanfar ar dtús an creidmheas a bheidh le lamháil a úsáid do laghdú méide aon chánach bhrabús corparáide is inmhuirir i leith an ioncaim agus, a mhéid nach féidir é a úsáid amhlaidh, úsáidfear é do laghdú na cánach ioncaim is inmhuirir i leith an chéanna.

(3) Ní údaraíonn aon ní sa mhír seo creidmheas a lamháil i gcoinne aon chánach Éireannaí nach inlamháilte creidmheas ina coinne faoi na comhshocraíochtaí.

Ceanglais maidir le corprú agus cónaí.

3. (1) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide mura mbeidh an chuideachta ar i leith a hioncam is inmhuirir an cháin bhrabús corparáide corpraithe faoi dhlithe nó le dlithe an Stáit.

(2) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta mura mbeidh an duine ar i leith a ioncaim is inmhuirir an cháin ina chónaí sa Stát an bhliain sin.

Teorainn le creidmheas iomlán—cáin bhrabús corparáide.

4. Ní bheidh méid an chreidmheasa a bheidh le lamháil i gcoinne canach brabús corparáide do cháin choigríche i leith aon ioncaim níos mó ná méid na cánach brabús corparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin.

Teorainn le creidmheas iomlán—cáin ioncaim.

5. (1) Ní bheidh méid an chreidmheasa a bheidh le lamháil i gcoinne cánach ioncaim do cháin choigríche i leith aon ioncaim níos mó ná an tsuim a gheofaí trí mhéid an ioncaim sin a ríomh de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim agus cáin ioncaim a mhuirearú air ansin in aghaidh na bliana measúnachta dá mbeidh an creidmheas le lamháil, ach de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás duine ar inmhuirir cáin ioncaim, ach nach inmhuirir forcháin, ar a ioncam, ráta arna ríomh tríd an gcáin ioncaim is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid ioncaim iomláin an duine sin in aghaidh na bliana sin;

(b) i gcás duine ar inmhuirir forcháin ar a ioncam, suim na rátaí seo a leanas—

(i) an ráta arbh é an ráta iomchuí é ina chás, dá mbeadh cáin ioncaim, ach nach mbeadh forcháin, inmhuirir ar a ioncam, agus

(ii) an ráta a gheofaí tríd an bhforcháin is iníoctha aige in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana sin:

Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás nach mbeidh creidmheas le lamháil faoi na comhshocraíochtaí i gcoinne forchánach in aghaidh na bliana, an ráta a ríomh i ngach cás mar dhéanfaí i gcás daoine ar inmhuirir cáin ioncaim, ach nach inmhuirir forcháin, ar a n-ioncaim, agus i gcás nach mbeidh creidmheas le lamháil faoi na comhshocraíochtaí, ach amháin i gcoinne forchánach in aghaidh na bliana, is é an ráta an ráta a gheofar tríd an bhforcháin is iníoctha ag an duine iomchuí in aghaidh na bliana a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana.

(2) Chun an ráta sin a chinneadh, déanfar an cháin is iníoctha ag duine ar bith in aghaidh bliana ar bith a ríomh gan aird a thabhairt ar aon fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil agus gan aon laghdú ar an gcéanna i leith aon chreidmheasa a lamháladh nó a bheidh le lamháil faoi aon chomhshocraíochtaí ag a mbeidh éifeacht de bhua ailt 44 den Acht seo, ach measfar í a bheith laghdaithe d'aon cháin a bheidh de theideal ag an duine iomchuí a mhuirearú ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, i gcoinne aon duine eile, agus measfar ioncam iomlán aon duine a bheith laghdaithe de mhéid aon ioncaim a bhfuil an duine sin i dteideal an cháin ioncaim air a mhuirearú mar adúradh.

(3) Má bhíonn creidmheas i leith cánach coigríche le lamháil i leith aon ioncaim agus go mbeadh, mura mbeadh forálacha na fo-mhíre seo, aon fhaoiseamh le lamháil i leith an ioncaim sin faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), ní lamhálfar an faoiseamh sin.

6. Gan dochar d'fhorálacha na míre deiridh roimhe seo, ní bheidh an creidmheas iomlán a lamhálfar do dhuine i gcoinne cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe níos mó ná an chain ioncaim iomlán is iníoctha ag an duine iomchuí in aghaidh na bliana measúnachta sin lúide aon cháin a bheadh teideal ag an duine sin a mhuirearú, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, ar aon duine eile.

An fheidhm a bheidh ag lamháil chreidmheasa ar ríomh ioncaim.

7. (1) Faoi réir forálacha na míre seo, ní dhéanfar, i gcás ina mbeidh cáin ioncaim le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, aon asbhaint i leith cánach coigríche (cibé acu i leith an ioncaim sin nó aon ioncaim eile é) nuair a bheifear ag ríomh méid an ioncaim sin chun críocha cánach brabús corparáide.

(2) I gcás ina bhfolóidh an t-ioncam díbhinn agus, go mbeidh, faoi na comhshocraíochtaí, cáin choigríche nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint i leith na díbhinne le cur i gcuntas nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas, agus, má tá, cé mhéid creidmheasa atá, le lamháil i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, measfar chun críocha cánach brabús corparáide, méid an ioncaim a bheith arna mhéadú de mhéid na cánach coigríche nach inmhuirir amhlaidh agus a bheidh le cur i gcuntas nuair a bheidh méid an chreidmheasa á ríomh.

(3) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den mhír seo, i gcás nach féidir cuid den cháin choigríche i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin choigríche a mbeidh sé le meas, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, go méadaíonn sí an t-ioncam) a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, measfar, chun críocha cánach brabús corparáide, méid an ioncaim a bheith arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche sin.

8. (1) Nuair a bheidh creidmheas i leith cánach coigríche le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den mhír seo maidir le méid an ioncaim sin a ríomh chun críocha cánach ioncaim.

(2) I gcás ina mbraithfidh an cháin ioncaim is iníoctha ar an méid a fuarthas sa Stát, measfar an méid sin a bheith arna mhéadú de mhéid an chreidmheasa is inlamháilte i gcoinne cánach ioncaim.

(3) I gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfo-mhír dheiridh roimhe seo—

(a) ní dhéanfar aon asbhaint i leith cánach coigríche (cibé acu i leith an ioncaim chéanna nó aon ioncaim eile é), agus

(b) i gcás ina bhfolóidh an t-ioncam díbhinn agus go mbeidh, faoi na comhshocraíochtaí, cáin choigríche nach inmhuirir, go díreach nó trí asbhaint, i leith na díbhinne, le cur i gcuntas nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas, agus má tá, cé mhéid creidmheasa atá, le lamháil i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, measfar méid an ioncaim a bheith arna mhéadú de mhéid na cánach coigríche nach inmhuirir amhlaidh agus a bheidh le cur i gcuntas nuair a bheifear ag ríomh méid an chreidmheasa, ach

(c) d'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den fho-mhír seo, i gcás ina mbeidh aon chuid den cháin choigríche i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin choigríche a mbeidh sé le meas, faoi chlásal (b) den fho-mhír seo, go méadaíonn sí an t-ioncam) le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide nó nach féidir í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, measfar, chun críocha cánach ioncaim méid an ioncaim a bheith arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche.

(4) Maidir le ríomh ioncaim iomláin dhuine chun an ráta a luaitear i mír 5 den Sceideal seo a chinneadh beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den mhír seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) déanfar tagairt do mhéid na cánach coigríche i leith an ioncaim a chur in ionad na tagairte i bhfo-mhír (2) do mhéid an chreidmheasa is inlamháilte i gcoinne cánach ioncaim (i gcás díbhinne, fágfar as cuntas cáin choigríche nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint i leith na díbhinne), agus

(b) ní bheidh feidhm ag clásail (b) agus (c) d'fho-mhír (3),

agus faoi réir na modhnuithe sin beidh éifeacht acu maidir leis an ioncam uile a mbeidh, ina chás, creidmheas le lamháil i leith cánach coigríche faoi aon chomhshocraíochtaí.

Forálacha speisialta maidir le díbhinní.

9. Má bhíonn, i gcás aon díbhinne, cáin choigríche nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint i leith na díbhinne le cur i gcuntas, faoi na comhshocraíochtaí, nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas, agus, má tá, cé mhéid creidmheasa atá, le lamháil i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, is í an cháin choigríche nach inmhuirir amhlaidh a bheidh le cur i gcuntas an cháin den tsórt sin is inmhuirir ar an gcomhlacht corpraithe a íocfaidh an díbhinn ar na brabúis iomchuí, sa mhéid gur inchurtha í go cuí i leith na cionúireachta de na brabúis iomchuí dá seasann an díbhinn.

Is iad na brabúis iomchuí:

(a) más in aghaidh tréimhse sonraithe a íocfar an díbhinn, brabúis na tréimhse sin;

(b) muran in aghaidh tréimhse sonraithe ach gur as brabúis shonraithe a íocfar an díbhinn, na brabúis sin;

(c) muran in aghaidh tréimhse sonraithe ná as brabúis shonraithe a íocfar an díbhinn, brabúis na tréimhse deiridh dá ndearnadh suas cuntais an chomhlachta chorpraithe agus a chríochnaigh sular tháinig an díbhinn chun a bheith iníoctha:

Ar choinníoll, má bhíonn, i gcás lena mbainfidh fo-mhír (a) nó fo-mhír (c) den mhír seo, breis ag an díbhinn iomlán ar na brabúis, a bheidh ar fáil le roinnt, de chuid na tréimhse a luaitear i bhfomhír sin (a) nó i bhfo-mhír sin (c) de réir mar bheidh, is iad na brabúis iomchuí brabúis na tréimhse sin móide an oiread de bhrabúis thréimhsí roimhe sin a bheidh ar fáil le roinnt (seachas brabúis a roinneadh roimhe sin nó a áiríodh roimhe sin mar bhrabúis iomchuí chun críocha na míre seo) agus is comhionann leis an mbreis; agus chun críocha an choinníll sin cuirfear brabúis na tréimhse deiridh is gaire don am i láthair i gcuntas ar dtús, ansin brabúis na tréimhse deiridh díreach roimhe sin arís, agus mar sin de.

10. I gcás—

(a) ina mbeidh foráil sna comhshocraíochtaí, maidir le díbhinní d'aicme áirithe, ach nach mbeidh foráil iontu maidir le díbhinní d'aicmí eile, go mbeidh cáin choigríche nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint i leith díbhinní le cur i gcuntas nuair a bheifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas, agus má tá, cé mhéid creidmheasa atá, le lamháil i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na ndíbhinní, agus

(b) go n-íocfar díbhinn nach díbhinn d'aicme a mbeidh foráil den tsórt sin maidir léi sna comhshocraíochtaí,

ansin, má íoctar an díbhinn le cuideachta a bhfuil urlámh, díreach nó neamhdhíreach, aici ar chuid nach lú ná leath na cumhachta vótála sa chuideachta a íocfaidh an díbhinn, lamhálfar creidmheas fé is dá mba dhíbhinn d'aicme a bhfuil foráil den tsórt sin maidir léi sna comhshocraíochtaí an díbhinn.

Ilghnéitheach.

11. Ní lamhálfar creidmheas faoi na comhshocraíochtaí i gcoinne na gcánacha Éireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim de chuid aon duine áirithe má roghnaíonn an duine sin nach lamhálfar creidmheas i leith an ioncaim sin.

12. I gcás ina bhféadfar, faoi na comhshocraíochtaí, faoiseamh a thabhairt sa Stát nó sa chríoch ar maidir léi a bheidh na comhshocraíochtaí déanta i leith aon ioncaim agus go ndealraíonn sé nach bhfuil an mheasúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide a bheidh déanta maidir leis an ioncam déanta maidir le méid iomlán an ioncaim nó gur measúnacht neamhchruinn í ag féachaint don chreidmheas a bheidh le tabhairt, má bhíonn, faoi na comhshocraíochtaí, féadfar cibé measúnachtaí breise a dhéanamh is gá chun a áirithiú go measúnófar méid iomlán an ioncaim agus go dtabharfar an creidmheas iomchuí, más aon chreidmheas é, ina leith, agus má bhíonn íoc an ioncaim ar iontaoibh aon duine sa Stát, féadfar aon mheasúnacht bhreise den tsórt sin i leith cánach ioncaim a dhéanamh ar fháltaí an ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D.

13. (1) Faoi réir míre 14 den Sceideal seo, aon éileamh ar liúntas i modh creidmheasa do cháin choigríche i leith aon ioncaim déanfar é, i scríbhinn, chun an chigire chánach tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnachta iomchuí, agus, má dhéanann an cigire agóid i gcoinne aon éilimh den tsórt sin, éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta é fé is dá mb'achomharc chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim é agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht nó cás a shonrú ag lorg tuairime na hArdchúirte ar phointe dlí.

(2) Sa mhír seo, ciallaíonn “an bhliain mheasúnachta iomchuí”, maidir le creidmheas do cháin choigríche i leith aon ioncaim, an bhliain mheasúnachta a bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar an ioncam sin ina haghaidh nó a mbeadh cáin ioncaim le muirearú amhlaidh ina haghaidh dá mbeadh aon cháin ioncaim inmhuirir i leith an chéanna.

14. I gcás méid aon chreidmheasa a bheidh tugtha faoi na comhshocraíochtaí a bheith iomarcach nó neamhdhóthaineach de dhroim aon choigeartaithe ar mhéid aon chánach is iníoctha sa Stát nó i gcríoch ar maidir léi a bheidh na comhshocraíochtaí déanta, ní bheidh feidhm ag aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim nó sna hachtacháin, a bhaineann le cáin bhrabús corparáide ag teorannú an ama chun measúnachtaí nó éilimh ar fhaoiseamh a dhéanamh, maidir le haon mheasúnacht nó éileamh de dhroim an choigeartaithe is measúnacht nó éileamh a bheidh arna dhéanamh tráth nach déanaí ná sé bliana ón am a bheidh iomlán na measúnachtaí, na gcoigeartuithe agus na gcinnte eile sin arna ndéanamh agus a bhainfidh le hábhar le linn a bheith á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon chreidmheas le tabhairt agus, má tá, cé mhéid.

AN TRIU SCEIDEAL.

Díbhinní a Measfar gur as Brabúis a Carnadh roimh Dháta Áirithe a Iocadh Iad.

Alt 51.

1. (1) Faoi réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo, measfar, chun críocha ailt 51 den Acht seo agus an Sceidil seo, gur as brabúis a carnadh roimh dháta áirithe (dá ngairtear an dáta iomchuí anseo feasta sa Sceideal seo) a íocadh go hiomlán díbhinn—

(a) más in aghaidh tréimhse, ar tréimhse roimh an dáta iomchuí ar fad í, a dhearbhófar í,

(b) mura dtiocfaidh aon bhrabúis chun na cuideachta sa tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an dáta ar iníoctha an díbhinn, nó

(c) mura mbeidh, ag féachaint do mhír 3 den Sceideal seo, aon chuid as brabúis na cuideachta sa tréimhse sin dar tosach an dáta iomchuí, ar fáil chun an díbhinn a íoc.

(2) Faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo, i gcás ina mbeidh, ag féachaint do mhír 3 den Sceideal seo, cuid éigin as brabúis na cuideachta sa tréimhse sin dar tosach an dáta iomchuí ar fáil, chun an díbhinn a íoc ach gur mó ná an chuid sin de na brabúis an méid iomlán a dáileadh ag íoc na glan-díbhinne ar na scaireanna uile den aicme a bheidh i gceist, measfar, chun na gcríocha sin, an díbhinn a bheith arna híoc, a mhéid is comhionann leis an gcomhréir idir an mbreis sin agus an méid iomlán sin, as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí.

(3) Chun críocha an Sceidil seo measfar díbhinn arna dearbhú in aghaidh tréimhse ar roimh an dáta iomchuí do chuid di agus i ndiaidh an dáta iomchuí don chuid eile di a bheith comhdhéanta de dhá dhíbhinn a dearbhaíodh faoi seach in aghaidh an dá chuid den tréimhse agus de mhéideanna ar comhréir leis na coda sin.

2. (1) D'ainneoin forálacha na míre roimhe seo, ní mheasfar díbhinn ná aon chuid de a bheith arna híoc as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí—

(a) má tháinig sí chun bheith iníoctha laistigh de bhliain ón dáta sin, agus

(b) más é tuairim na gCoimisinéirí Speisialta maidir le ráta bliantúil na díbhinne ar na scaireanna iomchuí an bhliain sin—

(i) nach mó go substainteach é ná ráta bliantúil na díbhinne ar na scaireanna sin sa tréimhse trí bliana dar críoch an dáta iomchuí, nó

(ii) i gcás ina bhfuarthas na scaireanna iomchuí i ngnáth-chúrsa gnó a bhain le scaireanna a eisiúint go poiblí agus a shuíomh, gurb é atá ann toradh as costas an duine a bheidh tar éis an díbhinn a fháil agus nach mó go substainteach ná an toradh dob fhéidir a fháil trí infheistiú i scaireanna inchomórtais a luaitear a bpraghsanna ar stocmhargaí sa Stát.

(2) Chun críocha clásail (b) den fho-mhír roimhe seo tabharfaidh na Coimisinéirí Speisialta aird ar na díbhinní uile a íocadh ar na scaireanna sna tréimhsí faoi seach, ar aon scair-eisiúint a rinneadh sna tréimhsí sin chun sealbhóirí na scaireanna agus, i gcás faoi fho-chlásal (i) den chlásal sin (b), mura raibh na scaireanna ann ar aon chor trí bliana roimh an dáta iomchuí, ar na díbhinní a íocadh i leith, agus ar aon stoc-eisiúint a rinneadh le sealbhóirí, aon scaireanna a géilleadh mar mhalairt ar na scaireanna céadluaite nó ar trí cheart a chinn uathu a fuarthas na scaireanna céadluaite, agus glacfaidh siad cibé meánmhéideanna agus déanfaidh siad cibé coigeartuithe is dóigh leo is gá chun comórtas cóir a dhéanamh.

3. (1) Is mar leanas a chinnfear an chuid de bhrabúis na cuideachta in aghaidh na tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an dáta is iníoctha díbhinn a bheidh ar fáil chun an díbhinn a íoc.

(2) Asbhainfear as na brabúis sin cibé méid, cibé acu méid socair é nó méid ar comhréir le méid na mbrabús, is ceart agus is réasúnach, dar leis na Coimisinéirí Speisialta, a áireamh mar mhéid a cuireadh de leataoibh chun díbhinní a íoc ar aon aicme eile scaireanna sa chuideachta, ag féachaint do na cearta faoi seach a ghabh leis na scaireanna, agus ar an tuiscint go mbeidh an méid iomlán a bheidh ar fáil le dáileadh mar ghlan-díbhinn ar na scaireanna uile sa chuideachta thar aon tréimhse níos mó nó níos lú go comhréireach ná brabúis na cuideachta sa tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an dáta ar iníoctha an díbhinn a luaitear sa bhfo-mhír roimhe seo, de réir mar bheidh an chéad tréimhse a luaitear níos sia nó níos giorra ná an dara tréimhse a luaitear.

(3) I gcás inar amhlaidh a bheidh, i rith na tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch an dáta ar iníoctha an díbhinn, nach dtáinig aon díbhinn roimhe sin chun bheith iníoctha ar na scaireanna den aicme a bheidh i gceist, measfar iomlán brabús na cuideachta sa tréimhse, lúide aon asbhaint a bheidh le déanamh faoin bhfo-mhír dheiridh roimhe seo, a bheith ar fáil chun an díbhinn a íoc.

(4) Má tháinig aon díbhinn roimhe sin chun bheith iníoctha ar na scaireanna céanna sa tréimhse sin, cinnfear de réir na míreanna roimhe seo an méid, más aon mhéid é, den díbhinn sin roimhe sin a mheasfar a íocadh as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí, agus measfar brabúis na cuideachta, sa tréimhse adúradh, lúide aon asbhaint a bheidh le déanamh mar adúradh, a bheith ar fáil go príomha chun glan-mhéid na díbhinne roimhe sin a íoc a mhéid nach measfar í a bheith arna híoc as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí agus ní mheasfar a bheith ar fáil chun an díbhinn is déanaí a íoc ach an iarmhéid sin a bheidh fágtha má bhíonn aon armhéid fágtha.

(5) I gcás ina mbeidh sé le cinneadh ag na Coimisinéirí Speisialta, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, cé mhéid ba cheart a chur de leataobh chun díbhinní a íoc ar scaireanna d'aon aicme, agus go mbeifear tar éis a áireamh faoin Sceideal seo gur as brabúis a carnadh roimh an dáta iomchuí a íocadh aon chuid de dhíbhinní ar scaireanna den aicme sin, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta aird a thabhairt air sin agus laghdú dá réir a dhéanamh ar an méid a bheidh le cur de leataobh amhlaidh.

4. (1) Chun críocha an Sceidil seo, is mar leanas a chinnfear brabúis chuideachta i dtréimhse áirithe.

(2) Is iad na brabúis sin ioncaim na cuideachta in aghaidh na tréimhse arna laghdú—

(a) den cháin ioncaim a d'íoc an chuideachta iarbhír in aghaidh aon bhliana measúnachta sa tréimhse sin (lena n-áirítear aon fhorcháin a muirearaíodh ar an gcuideachta faoi alt 21 den Finance Act, 1922, agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin), agus

(b) den cháin bhrabús corparaíde dob iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse sin:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh faoiseamh tugtha don chuideachta faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), alt 14 den Acht Airgeadais, 1955 ( Uimh. 13 de 1955 ), nó alt 44 den Acht seo, go ndéanfar tagairtí sa bhfo-mhír seo do cháin a íocadh iarbhír nó do cháin is iníoctha a fhorléiriú mar thagairtí don cháin a bheadh íoctha nó iníoctha mura dtabharfaí an faoiseamh sin.

(3) Nuair a bheifear a dhéanamh amach chun críocha na míre seo méid na cánach ioncaim agus na cánach brabús corparáide a ndéanfar a chóimhéid de laghdú ar ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse, fágfar as cuntas aon cháin ar an méid a bheidh le hasbhaint faoi chlásal (d) d'fho-mhír (3) de mhír 5 den Sceideal seo.

5. (1) Chun críocha an Sceidil seo, is mar leanas a chinnfear ioncam na cuideachta in aghaidh tréimhse áirithe.

(2) Ríomhfar comhiomlán—

(a) aon bhrabús nó gnóchain sa tréimhse ó aon trádáil a bhí ar siúl ag an gcuideachta, arna ríomh de réir na bhforálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D, agus

(b) aon ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta sa tréimhse (arna ríomh de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim) seachas brabúis nó gnóchan ó aon trádáil den tsórt sin.

(3) Asbhainfear as an gcomhiomlán sin suim na méideanna seo a leanas, is é sin le rá—

(a) aon chaillteanas a bhain don chuideachta sa tréimhse in aon trádáil den tsórt sin (arna ríomh ar an modh céanna ar inríofa brabúis nó gnóchan faoi na forálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D),

(b) aon liúntais i leith aon trádála den tsórt sin faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D, fo-alt (3) d'alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) , nó Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 (Uimh. 20 de 1957) , in aghaidh aon bhliana measúnachta sa tréimhse,

(c) aon íocaíochtaí a rinne an chuideachta in aon bhliain mheasúnachta sa tréimhse lena mbaineann Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta, seachas íocaíochtaí is inasbhainte le linn brabúis nó gnóchan nó caillteanais trádála a bhí ar siúl aige a bheith á ríomh, agus

(d) mura mbeidh trádáil den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 51 den Acht seo ar siúl ag an gcuideachta agus go bhfuair sí, i mbliain mheasúnachta sa tréimhse, díbhinn (is díbhinn a dtáinig an chuideachta, an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis chun bheith i dteideal í a fháil) a mbeadh ceangal ann faoin bhfo-alt sin (1), dá mbeadh an chuideachta ag gabháil do thrádáil den tsórt sin, aon chuid di a chur i gcuntas mar luaitear ansin, cibé méid ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta a údaraítear a asbhaint le Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, leis an méid a mbeadh de cheangal den tsórt sin ann é a chur i gcuntas,

agus is é an t-iarmhéid ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse.

6. Aon tagairt atá i mír 4 nó 5 den Sceideal seo do mhéid in aghaidh bliana measúnachta sa tréimhse a bheidh i gceist glacfar gur tagairt í don méid iomlán in aghaidh aon bhliana mheasúnachta ar bliain laistigh den tréimhse sin í go léir agus do chuid chomhréire den méid (ar foras ama) in aghaidh aon bhliana measúnachta ar laistigh den tréimhse sin do chuid di, agus is dá réir sin a fhorléireofar an tagairt sa chéanna do cháin bhrabús corparáide is iníoctha in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse sin.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Achtacháin a Athghairmtear.

Alt 66.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

(4)

8 & 9 Geo. 5, c. 40

Income Tax Act, 1918.

I mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 103, na focail “living with her husband, or a married woman whose husband is not accountable for the payment of any tax charged on her,”; alt 171; fo-ailt (5) agus (6) d'alt 220; in alt 237, na focail “married woman,”; Riail 8 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal B; Riail 16 de na Rialacha Ginearálta.

An 6ú lá d'Aibreán, 1958.

10 & 11 Geo. 5, c. 18

Finance Act, 1920.

Alt 25.

An 6ú lá d'Aibreán, 1958.

Uimh. 14 de 1942 .

An tAcht Airgeadais, 1942 .

Alt 22.

An 1ú lá d'Aibreán, 1958.

Uimh. 35 de 1945 .

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1945.

Alt 2.

An 1ú lá d'Aibreán, 1958.

Uimh. 15 de 1951 .

An tAcht Airgeadais, 1951 .

Fo-alt (4) d'alt 4.

An 6ú lá d'Aibreán, 1958.