5 1958


Uimhir 5 de 1958.


AN tACHT UM AN ACHT TAE (ALLMHUIRIÚ AGUS IMDHÁIL), 1956 (BUANÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT TAE (ALLMHUIRIÚ AGUS IMDHÁIL), 1956 , I bhFEIDHM. [19 Márta, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Tae (Allmhuiriú agus Imdháil), 1956 (Uimh. 20 de 1956) .

An Príomh-Acht do leanúint i bhfeidhm.

2. —(1) Beidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go mbeidh an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, caite, mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go n-éagfaidh an Príomh-Acht ar lá sonraithe a bheith caite, is lá is luaithe ná an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, agus sa chás sin éagfaidh an Príomh-Acht dá réir sin.

(3) Athghairmtear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um an Acht Tae (Allmhuiriú agus Imdháil), 1956 (Buanú), 1958, a ghairm den Acht seo.