24 1957


Uimhir 24 de 1957.


AN tACHT UM SCOLÁIREACHTAÍ A MHALAIRTIÚ (ÉIRE AGUS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DO CHOMHAONTÚ IDIR AN RIALTAS AGUS RIALTAS STÁT AONTAITHE MHEIRICEÁ CHUN SCÉIM MALAIRTITHE SCOLÁIREACHTAÍ A BHUNÚ AGUS CHUIGE SIN CUNTAS SPEISIALTA CONTRAPHÁIRTEACH AN DEONTAIS MHEIRICEÁNAIGH D'ÚSÁID, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Nollaig, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

tá leis “an Bord” an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 2;

ciallaíonn “an Cuntas Speisialta Contrapháirteach” Cuntas Speisialta Contrapháirteach an Deontais Mheiriceánaigh a bhunaigh an tAire Airgeadais i mBanc Ceannais na hÉireann de bhun Airteagail IV den Chomhaontú um Chomhar Eacnamaíochta idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá dar dáta an 28ú lá de Mheitheamh, 1948;

tá le “an Ciste” an bhrí a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 6;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Eachtracha;

ciallaíonn “ionadaí na Stát Aontaithe” an duine is Ceann de thurus na huaire ar Mhisiún Taidhleoireachta Stát Aontaithe Mheiriceá chun na hÉireann.

Bunú an Bhoird Scoláireachtaí Cómalairte.

2. —(1) Bunófar, de bhuaidh an ailt seo, comhlucht ar a dtabharfar an Bord Scoláireachtaí Cómalairte (dá ngairmtear an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a bheirtear dóibh leis an Acht seo d'fheidhmiú.

(2) Beidh an Bord ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha acu, agus beid inagartha faoina n-ainm corpraithe agus beidh cumhacht acu talamh a thógaint, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Comhaltas an Bhoird agus téarma oifige.

3. —(1) Seachtar comhaltaí a bheas ar an mBord.

(2) Ní foláir gur saoránaigh Éireannacha ceathrar comhaltaí den Bhord agus is é an tAire a cheapfas iad sin.

(3) Ní foláir gur saoránaigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá triúr comhaltaí den Bhord agus is é ionadaí na Stát Aontaithe a cheapfas iad sin.

(4) Mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig nó go gcuirfear as oifig é, beidh comhalta den Bhord i seilbh oifige go dtí an chéad 31ú lá de Nollaig tar éis dhá bhliain dar tosach lá a cheaptha mar chomhalta a bheith caite.

(5) Féadfar comhalta den Bhord d'athcheapadh ar a théarma oifige a dhul in éag le himeacht aimsire.

Cathaoirleach an Bhoird.

4. —(1) Is é a bheas ina Chathaoirleach ar an mBord an comhalta sin den Bhord a ndéanfaidh an tAire, an tráth a ceapfar ina chomhalta den Bhord é nó dá éis sin, é a cheapadh ina chathaoirleach ar an mBord.

(2) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird tráth ar bith éirí as a oifig mar chathaoirleach trí litir a cuirfear leis an bpost cláraithe chun an Bhoird agus beidh éifeacht ag an éirí as i dtosach an chéad chruinnithe eile den Bhord a bheas ann tar éis an litir d'fháil, mura ndéantar an t-éirí as a tharraingt siar i scríbhinn roimh an gcruinniú sin.

(3) Mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig mar chathaoirleach nó mar chomhalta den Bhord nó go gcuirfear as oifig é mar chomhalta den Bhord, beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige mar chathaoirleach an Bhoird go scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord le himeacht aimsire.

Feidhmeanna an Bhoird.

5. —Is iad feidhmeanna an Bhoird airgead a sholáthar le haghaidh staidéir, taighde, teagaisc, múinteoireachta, léachtóireachta agus gníomhachtaí eile oideachais—

(a) do shaoránaigh Éireannacha i scoileanna, ollscoileanna, forais ard-léinn agus i bhforais oiriúnacha eile i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus i scoileanna Meiriceánacha agus i bhforais oiriúnacha Meiriceánacha in áiteanna eile,

(b) do shaoránaigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá i scoileanna, ollscoileanna, forais ard-léinn agus i bhforais oiriúnacha eile sa Stát,

agus, i gcomhar le Bord Scoláireachtaí Coigríche na Stát Aontaithe, mic léinn, ollúna, múinteoirí, scoláirí taighde agus daoine oiriúnacha eile a roghnú chuige sin.

An Ciste Scoláireachtaí Cómalairte.

6. —(1) I rith na tréimhse seasca lá dar tús dáta tosach feidhme an Achta seo, íocfar cúig chéad míle punt leis an mBord as an gCuntas Speisialta Contrapháirteach.

(2) Ar an tsuim dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo d'fháil, bunóidh an Bord leis an tsuim sin ciste ar a dtabharfar an Ciste Scoláireachtaí Cómalairte (dá ngairmtear an Ciste san Acht seo) agus déanfaidh an Bord é a bhainistí agus a rialú do réir an Achta seo.

(3) (a) Déanfaidh an Bord suimeanna chun creidiúna don Chiste (seachas suimeanna is gá faoi chomhair caiteachais reatha) d'infheistiú i pé urrúis a cheadós an tAire Airgeadais.

(b) Féadfaidh an Bord airgead a hinfheistíodh faoin bhfo-alt seo d'athrú nó d'aistriú go dtí infheistíochtaí eile a cheadós an tAire Airgeadais, agus féadfaid tráth ar bith, faoi réir cheada an Aire sin, aon infheistíochtaí faoin bhfo-alt seo a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(c) Déanfar na díbhinní agus an t-ús a gheobhas an Bord ó infheistíochtaí faoin bhfo-alt seo, agus suimeanna a gheobhas an Bord as infheistíochtaí den tsórt sin a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile, d'íoc isteach sa Chiste.

Iocaíochtaí as an gCiste i leith feidhmeanna an Bhoird.

7. —Féadfaidh an Bord íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú agus, gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, féadfaidh íocaíochtaí i leith iompair, teagaisc, cothabhála agus íocaíochtaí i ndáil le cuí-riaradh chúrsaí an Bhoird a bheith ar na híocaíochtaí sin.

Clár bliantúil.

8. —(1) Tar éis dóibh dul í gcomhairle le Bord Scoláireachtaí Coigríche na Stát Aontaithe, déanfaidh an Bord, roimh an lú lá d'Aibreán gach bliain, clár a bheas beartaithe acu, agus meastachán airgeadais ag insint a riachtanais faoi chomhair na tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá sin, a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire más cuí leis clár agus meastachán airgeadais a cuirfear faoina bhráid faoin alt seo a cheadú.

(3) Beidh caiteachas an Bhoird i rith gach tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lú lá d'Aibreán do réir an chláir agus an mheastacháin airgeadais i leith na tréimhse sin a cheadaigh an tAire faoin alt seo.

Tuarascáil bhliantúil.

9. —(1) Bhéarfaidh an Bord don Aire, roimh an 30ú lá de Mheitheamh gach bliain, tuarascáil ar a ngníomhachtaí i rith na tréimhse dhá mhí dhéag dar chríoch an 31ú lá de Mhárta sa bhliain sin.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna de thuarascáil faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus go gcuirfear cóip di go dtí Bord Scoláireachtaí Coigríche na Stát Aontaithe.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

10. —(1) Beidh cruinniú amháin ar a laghad ag an mBord i ngach ráithe sa bhliain agus ina theannta sin beidh pé cruinnithe eile acu is gá chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú go cuí.

(2) Is mar socrófar le rialacha faoin alt seo a bheas an córam do chruinniú den Bhord agus triúr an córam nó go ndéanfar na rialacha sin.

(3) Gníomhóidh cathaoirleach an Bhoird mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Bhord ag a mbeidh sé i láthair.

(4) Le linn cathaoirleach an Bhoird a bheith as láthair ó aon chruinniú den Bhord nó má tharlaíonn, nuair a tionólfar aon chruinniú den Bhord, nach mbeidh aon chathaoirleach ar an mBord, toghfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dhíobh féin chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire agus, má tharlaíonn sa toghadh sin go bhfaighidh beirt nó níos mó comhoiread vótaí, cinnfear trí chrannchur cé acu a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire.

(5) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist, ach, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe má fhorálann na rialacha faoin alt seo amhlaidh.

(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a gcomhaltaí.

(7) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Bord nós imeachta agus gnó an Bhoird le rialacha a dhéanfas an Bord le ceadú an tAire.

(8) Féadfaidh an tAire dáta, tráth agus ionad an chéad chruinnithe a shocrú.

Séala an Bhoird.

11. —(1) Soláthróidh an Bord séala dhóibh féin, agus fíordheimhneofar an séala sin le sínithe bheirt chomhaltaí den Bhord.

(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós bheith ina íonstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird (á airbheartú gur fíordheimhníodh do réir an ailt seo é), agus measfar gurb í an ionstraim sin í gan a thuilleadh cruthúnais, mura suítear a mhalairt.

Comhalta den Bhord d'éirí as agus a chur as oifig agus corrfholúntais a líonadh.

12. —(1) Féadfaidh comhalta den Bhord tráth ar bith éirí as a oifig mar chomhalta den Bhord trí litir a cuirfear leis an bpost cláraithe chun an Bhoird agus beidh éifeacht ag an éirí as i dtosach an chéad chruinnithe eile den Bhord a bheas ann tar éis an litir d'fháil mura ndéantar an t-éirí as a tharraingt siar i scríbhinn roimh an gcruinniú sin.

(2) Féadfaidh an tAire comhalta den Bhord a cheap sé a chur as oifig.

(3) Féadfaidh ionadaí na Stát Aontaithe comhalta den Bhord a cheap ionadaí na Stát Aontaithe a chur as oifig.

(4) I gcás comhalta den Bhord a cheap an tAire d'éag, d'éirí as oifig nó a chur as oifig, déanfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, duine eile is saoránach Éireannach a cheapadh chun bheith ina chomhalta.

(5) I gcás comhalta den Bhord a cheap ionadaí na Stát Aontaithe d'éag, d'éirí as oifig nó a chur as oifig, déanfaidh ionadaí na Stát Aontaithe, a luaithe is caothúil, duine eile is saoránach de Stáit Aontaithe Mheiriceá a cheapadh chun bheith ina chomhalta.

Bronntanais don Bhord.

13. —(1) Féadfaidh an Bord glacadh le haon bhronntanais mhaoine, réadach agus pearsanta, a bhéarfar dóibh chun na gcríocha dar bunaíodh an Bord.

(2) Déanfar bronntanais airgid faoin alt seo d'íoc isteach sa Chiste.

(3) Déanfar bronntanais faoin alt seo nach bronntanais airgid a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile agus na fáltais d'íoc isteach sa Chiste.

Cóiríocht agus rúnaíocht.

14. —(1) Soláthróidh an tAire pé cóiríocht agus rúnaíocht is dóigh leis is gá chun go bhfeidhmeoidh an Bord mar is cóir.

(2) Cúiteoidh an Bord as an gCiste leis an Aire aon chaiteachas faoina raghaidh sé i leith na rúnaíochta sin.

Caiteachas chomhalta den Bhord.

15. —Más cuí leis an mBord é, féadfaid aon chaiteachas a chúiteamh as an gCiste le comhalta den Bhord ba ghá don chomhalta a ghabháil air féin mar chomhalta.

Cuntais agus iniúchadh.

16. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, cuntais ar an gCiste agus ar na híocaíochtaí uile isteach sa Chiste agus amach as

(2) Déanfaidh an Bord na cuntais faoin alt seo a chur, gach bliain, faoi bhráid an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste lena n-iniúchadh pé trátha a ordós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Ar iniúchadh faoin alt seo a bheith críochnaithe, cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire achomaireacht ar na cuntais arna deimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maraon lena thuarascáil ar na cuntais, agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den achomaireacht agus den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Díolúine ó dhleacht stampa.

17. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon tíolacas, aistriú ná ionstraim eile a forghníomhófar chun maoin nó aon leas i maoin a dhílsiú sa Bhord.

Forceannadh an Chiste agus díscaoileadh an Bhoird.

18. —(1) Má chinneann an Bord tráth ar bith, le ceadú an Aire agus ionadaí na Stát Aontaithe, gur fóirstineach go ndéanfaí an Ciste d'fhorceannadh, cinnfidh an Bord lá a forceannfar an Ciste agus forceannfar an lá sin é.

(2) Sara bhforceannfar an Ciste de bhun fo-ailt (1) den alt seo—

(a) glanfar dliteanais an Chiste, agus

(b) maidir le haon iarmhéid a bheas sa Chiste tar éis dliteanais a ghlanadh, íocfar isteach sa chiste é dá dtagartar i mír 4 d'Airteagal III den Chomhaontú idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá a bhaineas le diúscairt iarmhéide an Chuntais Speisialta Chontrapháirtigh dar dáta an 17ú lá de Mheitheamh, 1954, nó, má bhíonn an ciste dá dtagartar amhlaidh tar éis scor de bheith ann, íocfar é leis an Rialtas lena úsáid nó lena dhiúscairt acu sin i pé slí agus chun pé críocha ar a gcomhaontóid ó am go ham le Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá.

(3) Má théann an Ciste i ndísc aon tráth ar chúis seachas de dhroim ceanglais fo-ailt (2) den alt seo a bheith comhlíonta, cinnfidh an Bord lá a forceannfar an Ciste agus forceannfar an lá sin é.

(4) Beidh an Bord arna dhíscaoileadh agus scoirfidh sé de bheith ann ar bheith caite don lá a forceannfar an Ciste.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

19. —(1) Féadfar an tAcht um Scoláireachtaí a Mhalairtiú (Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá), 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.