18 1957


Uimhir 18 de 1957.


AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LEIS AN RIALTAS DO GHLACADH LEIS NA COMHAONTUITHE I LEITH AN CHISTE AIRGEADAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS AN BHAINC IDIRNÁISIÚNTA LE hAGHAIDH ATHINMHITHE AGUS FORBAIRTE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Iúil, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú Ciste” an comhaontú, chun comhlucht idirnáisiúnta dá ngairmfear an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a bhunú agus d'oibriú, a hullmhaíodh ag Comhdháil Airgeadaíochta agus Airgeadais na Náisiún Aontaithe a tionóladh i mBretton Woods i New Hampshire i Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Iúil, 1944, agus a bhfuil téacs a chuid Airteagal leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Comhaontú Bainc” an comhaontú, chun comhlucht idirnáisiúnta dá ngairmfear an Banc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte a bhunú agus d'oibriú, a hullmhaíodh ag Comhdháil Airgeadaíochta agus Airgeadais na Náisiún Aontaithe a tionóladh i mBretton Woods i New Hampshire i Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Iúil, 1944, agus a bhfuil téacs a chuid Airteagal leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a bunaíodh faoin gComhaontú Ciste;

ciallaíonn “an Banc” an Banc Idirnáisiúnta le haghaidh Aithinmhithe agus Forbairte a bunaíodh faoin gComhaontú Bainc.

Glacadh a cheadú.

2. —Ceadaítear leis seo an Comhaontú Ciste agus an Comhaontú Bainc a ghlacadh ag an Rialtas.

Forála airgeadais agus forála eile.

3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a síneofar an Comhaontú Ciste agus an Comhaontú Bainc thar ceann an Rialtais.

(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar is iomchuí agus nuair is iomchuí iad d'íoc thar ceann an Rialtais, d'íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis:

(a) íocaíochtaí i leith suibscríobh chun an Chiste,

(b) íocaíochtaí faoi mhír (a) d'Alt 4 d'Airteagal III den Chomhaontú Ciste,

(c) íocaíochtaí faoi mhír (b) nó mír (d) d'Alt 8 d'Airteagal IV den Chomhaontú Ciste,

(d) íocaíochtaí faoi Alt 3, Alt 7 nó Alt 8 d'Airteagal V den Chomhaontú Ciste,

(e) íocaíochtaí faoi Alt 3 d'Airteagal XIII den Chomhaontú Ciste,

(f) íocaíochtaí faoi Sceideal D den Chomhaontú Ciste,

(g) íocaíochtaí faoi Sceideal E den Chomhaontú Ciste,

(h) íocaíochtaí i leith suibscríobh chun an Bhainc,

(i) íocaíochtaí faoi Alt 9 d'Airteagal II den Chomhaontú Bainc,

(j) íocaíochtaí faoi fho-mhír (iv) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VI den Chomhaontú Bainc.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon nótaí neamh-úsmhara, do-thráchta nó aon oblagáidí neamh-úsmhara, do-thráchta eile, dá bhforáltar le hAlt 5 d'Airteagal III den Chomhaontú Ciste agus le hAlt 12 d'Airteagal V den Chomhaontú Bainc, a chruthnú agus d'eisiúint chun an Chiste nó chun an Bhainc i pé foirm is oiriúnach leis, agus déanfar aon íocaíochtaí i leith aon nótaí nó oblagáidí den tsórt sin a cruthnófar agus a heiseofar amhlaidh d'íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna is gá faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chuige agus, chun an céanna a thógaint ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint, agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(5) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús a heiseofar faoi fho-alt (4) den alt seo, agus na costais faoina raghfar i leith a n-eisiúna, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(6) Déanfar aon airgead a gheobhas an Rialtas ón gCiste nó ón mBanc nó a cruinneofar trí urrúis faoi fho-alt (4) den alt seo a chur chun creidiúna cuntais an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

(7) Gníomhóidh Banc Ceannais na hÉireann mar thaisclann le haghaidh sealúchas d'airgeadra an Stáit agus sócmhainní eile an Chiste agus an Bhainc agus féadfaidh sé aon tsuim nó suimeanna is gá faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo d'airleacan chun an Aire Airgeadais.

(8) Beidh feidhm dlí sa Stát—

(a) ag forála Alt 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8 agus 9 d'Airteagal IX den Chomhaontú Ciste,

(b) ag forála Alt 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8 agus 9 d'Airteagal VII den Chomhaontú Bainc, agus

(c) ag an gcéad abairt de mhír (b) d'Alt 2 d'Airteagal VIII den Chomhaontú Ciste,

ar choinníoll nach ndéanfar aon ní in Alt 9 d'Airteagal IX den Chomhaontú Ciste nó in Alt 9 d'Airteagal VII den Chomhaontú Bainc d'fhorléiriú mar ní—

(i) a bheir teideal don Chiste nó don Bhanc chun earraí d'allmhuiriú saor ó dhleacht chustam gan aon tsrian lena ndíol ina dhiaidh sin sa tír chun ar hallmhuiríodh iad,

(ii) a bheir aon díolúine don Chiste nó don Bhanc ó dhleachta nó cánacha is cuid de phraghas na n-earraí a díolfar, nó

(iii) a bheir aon díolúine don Chiste nó don Bhanc ó chánacha nó dleachta nach bhfuil iontu iarbhír ach táillí i leith seirbhísí a rinneadh.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Na Comhaontuithe.

Alt 1.

CUID I.

AIRTEAGAIL CHOMHAONTUITHE AN CHISTE

AIRGEADAIOCHTA IDIRNAISIUNTA

Na Rialtais a bhfuil an Comhaontú seo sínithe thar a gceann comhaontaíd mar leanas:

Airteagal Réamhráiteach

Tá an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta arna bhunú agus oibreoidh sé do réir na bhforál seo a leanas:

Airteagal I. Cuspóirí

Is iad cuspóirí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta:

(i) Comhar idirnáisiúnta airgeadaíochta a chur ar aghaidh trí bhuan-fhoras a sholáthrós an gléasra le haghaidh comhchomhairle agus comhoibrithe i leith fadhbanna idirnáisiúnta airgeadaíochta.

(ii) Fás agus forbairt chothrom na trádála idirnáisiúnta d'éascú agus cabhrú, tríd sin, le ardleibhéil fostaíochta agus dearbh-ioncaim a bhaint amach agus a chothabháil agus le acmhainn táirgthe gach comhalta d'fhorbairt mar chuspóirí bunaidh beartais gheilleagraigh.

(iii) Cobhsaíocht iomlaoide a chothú, comhshocraíochtaí ordúla iomlaoide a chothabháil idir na comhaltaí agus díluachadh iomlaoide de bharr iomaíochta a sheachaint.

(iv) Cabhrú le córas iltaobhach íocaíocht a bhunú i leith idirbhearta reatha idir comhaltaí agus le deireadh a chur le srianta iomlaoide coigríche a bhacas trádáil ar fud an domhain ó fhás.

(v) Misneach a thabhairt do na comhaltaí trí acmhainn an Chiste a chur ar fáil dóibh faoi réir leor-chaomhainte, agus caoi a thabhairt dóibh ar an gcuma sin chun míréireachtaí ina gcomhardaíocht íocaíochtaí a cheartú gan bearta a dhéanamh dá dtiocfadh díobháil don rathúnas náisiúnta nó don rathúnas idirnáisiúnta.

(vi) Dá réir sin thuas, giorrú agus maolú a dhéanamh ar éagothroime i gcomhardaíochtaí íocaíochtaí idirnáisiúnta comhaltaí.

Is faoi réim na gcuspóirí atá leagtha amach san Airteagal seo a dhéanfas an Ciste gach cinneadh.

Airteagal II. Comhaltas

Alt 1.

Comhaltaí bunaidh.

Is iad comhaltaí bunaidh an Chiste na tíortha a raibh ionadaíocht acu ag Comhdháil Airgeadaíochta agus Airgeadais na Náisiún Aontaithe agus a nglacfaidh a Rialtais comhaltas roimh an dáta a sonraítear in Airteagal XX, Alt 2 (e).

Alt 2.

Comhaltaí eile.

Beidh comhaltas ar fáil ag Rialtais tíortha eile pé trátha agus do réir pé téarmaí a ordós an Ciste.

Airteagal III. Cuótaí agus Suibscríobh

Alt I.

Cuótaí.

Sannfar cuóta do gach comhalta. Na comhaltaí a raibh ionadaithe acu ag Comhdháil Airgeadaíochta agus Airgeadais na Náisiún Aontaithe agus a ghlacfas comhaltas roimh an dáta a sonraítear in Airteagal XX, Alt 2 (e), is iad a gcuótaí na cuótaí atá leagtha amach i Sceideal A. Cinnfidh an Ciste cuótaí comhaltaí eile.

Alt 2.

Coigeartú cuótaí.

I gceann gach cúig bliana aithbhreithneoidh an Ciste, agus má mheasann sé gur cuí é molfaidh go gcoigeartófar, cuótaí na gcomhaltaí. Féadfaidh sé, freisin, más oiriúnach leis, coigeartú aon chuóta áirithe a bhreithniú aon tráth eile ar an gcomhalta lena mbainfidh dá iarraidh sin. Ní mór tromlach ceithre chúigiú na cumhachta iomláine vótála le haon athrú a dhéanamh ar chuótaí, agus ní hathrófar aon chuóta gan toiliú an chomhalta lena mbainfid.

Alt 3.

Suibscríobh: tráth, áit agus modh an íoca.

(a) Beidh suibscríobh gach comhalta comhionann lena chuóta agus íocfar go hiomlán leis an gCiste é sa taisclann iomchuí ar nó roimh an dáta a thiocfas an comhalta chun bheith cáilithe faoi Airteagal XX, Alt 4 (c) nó (d) chun airgeadraí a cheannach ón gCiste.

(b) Íocfaidh gach comhalta in ór, ar a laghad, pé suim acu seo a leanas is lú, is é sin—

(i) 25 faoin gcéad dá chuóta; nó

(ii) 10 faoin gcéad dá ghlan-sealúchais oifigiúil óir agus dollaeirí Stát Aontaithe amhail ar an dáta a bhéarfas an Ciste fógra do na comhaltaí faoi Airteagal XX, Alt 4 (a) gur gearr go mbeidh ar a chumas tosnú ar idirbhearta iomlaoide.

Bhéarfaidh gach comhalta an t-eolas go léir don Chiste is gá chun a ghlan-sealúchais oifigiúla óir agus dollaeirí Stát Aontaithe a chinneadh.

(c) Íocfaidh gach comhalta iarmhéid a chuóta ina airgeadra féin.

(d) Má tharlaíonn nach féidir glan-sealúchais oifigiúla óir agus dollaeirí Stát Aontaithe aon chomhalta áirithe a dhéanamh amach amhail ar an dáta dá dtagartar i (b) (ii) thuas mar gheall ar a chríocha a bheith i seilbh namhad, socróidh an Ciste dáta oiriúnach eile chun na sealúchais sin a chinneadh. Más déanaí an dáta sin ná an dáta a tháinig an tír chun bheith cáilithe, faoi Airteagal XX, Alt 4 (c) nó (d) chun airgeadraí a cheannach ón gCiste, aontóidh an Ciste agus an comhalta ar íocaíocht oirchilleach óir a déanfar faoi (b) thuas, agus íocfar iarmhéid suibscríobh an chomhalta in airgeadra an chomhalta sin, faoi réir coigeartuithe chuí idir an comhalta agus an Ciste nuair a bheas na glan-sealúchais oifigiúla déanta amach.

Alt 4.

Iocaíochtaí nuair a hathrófar cuótaí.

(a) Gach comhalta a thoileos go méadófar a chuóta, déanfaidh sé, laistigh de thríocha lá tar éis an dáta a thoiligh sé, 25 faoin gcéad den mhéadú sin d'íoc ina ór, agus an iarmhéid d'íoc ina airgeadra féin, leis an gCiste. Má tharlaíonn, áfach, an dáta a thoileos an comhalta le méadú, gur lú a chúltacaí airgeadaíochta ná a chuóta nua, féadfaidh an Ciste an cion den mhéadú a bheas le híoc ina ór a laghdú.

(b) Má thoilíonn comhalta go laghdófar a chuóta, déanfaidh an Ciste suim is comhionann leis an laghdú d'íoc leis an gcomhalta laistigh de thríocha lá tar éis an dáta a thoiligh sé. Déanfar an íocaíocht in airgeadra an chomhalta agus i pé méid óir is gá chun nach laghdóidh sealúchais an Chiste den airgeadra sin faoi bhun 75 faoin gcéad den chuóta nua.

Alt 5.

Urrúis in ionad airgeadra.

Glacfaidh an Ciste ó aon chomhalta, in ionad aon chuid d'airgeadra an chomhalta a measann an Ciste nach bhfuil ag teastáil le haghaidh a oibríochtaí, nótaí nó oblagáidí dá samhail d'eisigh an comhalta nó an taisclann d'ainmnigh an comhalta faoi Airteagal XIII, Alt 2, agus beidh sin do-thráchta, neamh úsmhar agus iníoctha do réir a bpar-luach, ar éileamh, trína gcreidiúnú do chuntas an Chiste sa taisclann ainmnithe. Bainfidh an tAlt seo ní amháin le hairgeadra arna shuibscríobh ag comhaltaí ach freisin le haon airgeadra eile a bheas dlite don Chiste nó a gheobhas an Ciste.

Airteagal IV. Par-Luacha Airgeadraí

Alt 1.

Par-luach a shainrá.

(a) Déanfar par-luach airgeadra gach comhalta a shainrá i dtéarmaí óir mar chomhainmneoir nó i dtéarmaí dollaerí na Stát Aontaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an 1 Iúil, 1944.

(b) Is do réir a bpar-luach a déanfar gach ríomh i leith airgeadraí comhaltaí chun forála an Chomhaontuithe seo a chur i bhfeidhm.

Alt 2.

Ceannach óir do réir par-luach.

Ordóidh an Ciste marghan os cionn agus faoi bhun par-luacha le haghaidh idirbhearta in ór ag na comhaltaí, agus ní cheannóidh aon chomhalta ór ar phraghas os cionn an phar-luacha móide an marghan ordaithe ná ní dhíolfaidh ór ar phraghas faoi bhun an phar-luacha lúide an marghan ordaithe.

Alt 3.

Bearta iomlaoide coigríche do réir parachta.

An t-uas-ráta agus an t-íos-ráta le haghaidh idirbhearta iomlaoide idir airgeadraí comhaltaí a déanfar ina gcríocha, ní mó an difríocht a bheas idir iad agus paradas—

(i) i gcás spot-idirbhearta iomlaoide, ná aon faoin gcéad; agus

(ii) i gcás idirbhearta iomlaoide eile, ná marghan is mó ná an marghan do spot-idirbhearta iomlaoide de mhéid is mó ná mar mheasas an Ciste a bheith réasúnach.

Alt 4.

Oblagáidí i leith cobhsaíochta iomlaoide.

(a) Gabhann gach comhalta air féin comhoibriú leis an gCiste chun cobhsaíocht iomlaoide a chur ar aghaidh, comhshocraíochtaí iomlaoide a chothabháil leis na comhaltaí eile agus athruithe iomlaoide de bharr iomaíochta a sheachaint.

(b) Gabhann gach comhalta air féin, trí bhearta cuí ar comhréir leis an gComhaontú seo, gan idirbhearta iomlaoide idir a airgeadra féin agus airgeadra comhaltaí eile a cheadú ina chríocha ach amháin laistigh de na tórainneacha a hordaítear faoi Alt 3 den Airteagal seo. Aon chomhalta a mbeidh a údaráis airgeadaíochta, d'fhonn idirbhearta idirnáisiúnta a shocrú, ag ceannach agus ag díol óir go saorálach, laistigh de na tórainneacha a bheas ordaithe ag an gCiste faoi Alt 2 den Airteagal seo, measfar é a bheith ag comhlíonadh an ghealltanais seo.

Alt 5.

Athruithe ar phar-luacha.

(a) Ní mholfaidh aon chomhalta go ndéanfar athrú ar pharluach a chuid airgeadra ach amháin chun éagothroime bhunúsach a cheartú.

(b) Ní déanfar athrú ar phar-luach airgeadra aon chomhalta ach amháin ar mholadh an chomhalta sin agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCiste.

(c) Nuair a molfar athrú, cuirfidh an Ciste san áireamh, ar dtús, na hathruithe a rinneadh cheana, má rinneadh, ar phar-luach tosaigh airgeadra an chomhalta arna chinneadh faoi Airteagal XX, Alt 4. Más rud é, maidir leis an athrú a molfar, agus na hathruithe go léir roimhe sin ina theannta pé acu méaduithe nó laghduithe iad,

(i)  nach mó é ná 10 faoin gcéad den phar-luach tosaigh, ní chuirfidh an Ciste ina choinne;

(ii) nach mó é ná 10 faoin gcéad eile den phar-luach tosaigh, féadfaidh an Ciste aontú leis nó cur ina choinne, ach cuirfidh an Ciste a dhearcadh in iúl laistigh de sheachtó agus dhá uair a chloig má iarrann an comhalta sin;

(iii) nach mbeidh sé do réir (i) nó (ii) thuas, féadfaidh an Ciste aontú leis nó cur ina choinne, ach beidh teideal ag an gCiste chun tréimhse is sia ná sin chun a dhearcadh a chur in iúl.

(d) Ní déanfar aon chomhathruithe ar phar-luacha faoi Alt 7 den Airteagal seo a chur san áireamh le linn a bheith ag cinneadh cé acu faoi réim (i), (ii) nó (iii) de (c) thuas a thig athrú a beifear a mholadh.

(e) Féadfaidh comhalta par-luach a chuid airgeadra d'athrú gan aontú an Chiste más athrú é nach gcuirfidh isteach ar idirbhearta idirnáisiúnta chomhaltaí an Chiste.

(f) Aontóidh an Ciste le haon athrú a molfar agus a bheas faoi réim théarmaí (c) (ii) nó (c) (iii) thuas más deimhin leis gur athrú é is gá chun éagothroime bhunúsach a cheartú. Go háirithe, más deimhin leis sin, ní chuirfidh an Ciste i gcoinne athruithe a molfar mar gheall ar bheartais shóisialacha nó pholaitíochta intíre an chomhalta a mholfas an t-athrú.

Alt 6.

Toradh athruithe neamh-údaraithe.

Má athraíonn aon chomhalta par-luach a chuid airgeadra d'ainneoin an Ciste do chur ina choinne, i gcásanna ina bhfuil teideal ag an gCiste agóid a dhéanamh, ní bheidh an comhalta cáilithe chun acmhainní an Chiste d'úsáid mura gcinne an Ciste a mhalairt; agus, má bhíonn an comhalta agus an Ciste fós ar neamhréir le chéile tar éis tréimhse réasúnach a bheith caite, beidh an cúrsa faoi réir forál Airteagail XV, Alt 2 (b).

Alt 7.

Comhathruithe ar phar-luacha.

d'ainneoin forál Ailt 5 (b) den Airteagal seo, féadfaidh an Ciste, trí thromlach na cumhachta iomláine vótála, comh athruithe cionúireacha a dhéanamh ar phar-luacha airgeadraí na gcomhaltaí uile, ar choinníoll go gceadóidh gach comhalta ag a bhfuil 10 faoin gcéad nó níos mó d'iomlán na gcuótaí gach athrú den tsórt sin. Ach ní hathrófar par-luach airgeadra chomhalta faoin bhforáil seo má chuireann an comhalta in iúl don Chiste, laistigh de sheachtó a dó uaire a chloig tar éis gníomh an Chiste, nach mian leis go n-athrófaí par-luach a chuid airgeadra trí ghníomh den tsórt sin.

Alt 8.

Ór-luach shócmhainní an Chiste a chothabháil.

(a) Cothabhálfar ór-luach shócmhainní an Chiste d'ainneoin aon athruithe ar phar-luach nó ar luach iomlaoide coigcríche airgeadra aon chomhalta.

(b) Aon uair (i) a laghdófar par-luach airgeadra aon chomhalta, nó (ii) go mbeidh luach iomlaoide coigcríche airgeadra chomhalta tar éis titim go suaitheantasach, i dtuairim an Chiste, i gcríocha an chomhalta sin, íocfaidh an comhalta leis an gCiste, laistigh de thréimhse réasúnach, suim dá airgeadra féin is comhionann leis an laghdú a tháinig ar ór-luach an airgeadra dá chuid atá ag an gCiste.

(c) Aon uair a méadófar par-luach airgeadra aon chomhalta, bhéarfaidh an Ciste ar ais don chomhalta sin, laistigh de thréimhse réasúnach, suim d'airgeadra an chomhalta is comhionann leis an méadú a tháinig ar ór-luach an airgeadra dá chuid atá ag an gCiste.

(d) Bainfidh forála an Ailt seo le comhathrú cionúireach ar phar-luacha airgeadraí na gcomhaltaí uile, mura gcinne an Ciste a mhalairt an tráth a molfar an t-athrú sin.

Alt 9.

Airgeadraí ar leith laistigh de chríocha chomhalta.

Nuair a mholfas comhalta go ndéanfar athrú ar phar-luach a chuid airgeadra, measfar, mura bhfógraí an comhalta a mhalairt, go bhfuil sé á mholadh athrú dá réir a dhéanamh ar phar-luach airgeadraí ar leith gach críche ar ghlac an comhalta ina leith leis an gComhaontú seo faoi Airteagal XX, Alt 2 (g). Féadfaidh an comhalta, áfach, a fhógairt gur leis an airgeadra metrapolaiteach amháin a bhaineas a mholadh, nó gur le hairgeadra sonraithe ar leith amháin nó níos mó a bhaineas sé, nó gur leis an airgeadra metrapolaiteach agus le hairgeadra sonraithe ar leith amháin nó níos mó a bhaineas sé.

Airteagal V. Idirbhearta leis an gCiste

Alt I.

Na Gníomhaireachtaí a dhéileálfas leis an gCiste.

Is trína Chisteán, trína bhanc ceannais, trína chiste cobhsaíochta, nó trí ghníomhaireacht fioscach eile dá samhail leis agus ar an gcuma sin amháin, a dhéanfas comhalta déileáil leis an gCiste agus is leis na gníomhaireachtaí céanna sin amháin nó tríothu a dhéileálfas an Ciste.

Alt 2.

Tórann le hoibríochtaí an Chiste.

Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt sa Chomhaontú seo ní raghaidh na hoibríochtaí ar chuntas an Chiste thar idirbhearta chun airgeadra chomhalta amháin a sholáthar do chomhalta eile ar thionscnamh an chomhalta eile sin, mar mhalairt ar ór nó ar airgeadra an chomhalta ar mian leis an ceannach a dhéanamh.

Alt 3.

Coinníollacha a rialaíos úsáid acmhainní an Chiste.

(a) Beidh de theideal ag aon chomhalta airgeadra chomhalta eile a cheannach ón gCiste mar mhalairt ar a airgeadra féin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(i)   Go gcuirfidh an comhalta ar mian leis an t-airgeadra a cheannach in iúl go bhfuil sé ag teastáil faoi láthair chun íocaíochtaí ar comhréir le forála an Chomhaontuithe seo a dhéanamh san airgeadra sin;

(ii)  Nár thug an Ciste fógra faoi Airteagal VII, Alt 3, nach bhfuil aige ach gannchuid den airgeadra a beifear a iarraidh;

(iii) Nach dtiocfadh den cheannach beartaithe go méadóidh a méid an bheas ag an gCiste d'airgeadra an chomhalta cheannaigh thar 25 faoin gcéad dá chuóta i rith an dá mhí dhéag dar críoch dáta an cheannaigh ná thar 200 faoin gcéad dá chuóta, ach ní bheidh feidhm leis an tórainn 25 faoin gcéad sin ach amháin a mhéid a bheas sealúchais an Chiste d'airgeadra an chomhalta tugtha suas thar 75 faoin gcéad dá chuóta má bhíodar faoina bhun sin;

(iv) Nár dhearbhaigh an Ciste roimhe sin faoi Alt 5 den Airteagal seo, Airteagal IV, Alt 6, Airteagal VI, Alt 1, nó Airteagal XV, Alt 2 (a) nach bhfuil an comhalta ar mian leis ceannach cáilithe chun acmhainní an Chiste d'úsáid.

(b) Ní bheidh teideal ag aon chomhalta, gan cead ón gCiste, acmhainní an Chiste d'úsáid chun airgeadra d'fháil le coinneáil faoi chomhair idirbhearta iomlaoide san am le teacht.

Alt 4.

Tarscaoileadh coinníollacha.

Féadfaidh an Ciste, as a chomhairle féin, agus ar théarmaí a chaomhnós a leasa, aon cheann de na coinníollacha a hordaítear in Alt 3 (a) den Airteagal seo a tharscaoileadh, go háirithe i gcás comhaltaí a sheachnaíos úsáid mhór nó leanúnach a bhaint as acmhainní an Chiste. Le linn tarscaoileadh a dhéanamh cuirfidh sé san áireamh riachtanais thréimhsiúla nó neamhghnáthacha an chomhalta a bheas ag iarraidh an tarscaoilte. Cuirfidh an Ciste san áireamh freisin a thoilteanaí atá an comhalta taobh-urraíocht a thabhairt i bhfoirm óir, airgid, urrúis nó sócmhainní inghlactha eile ar leor a luach, i dtuairim an Chiste, chun a leasa a chaomhnadh agus féadfaidh an Ciste a chur de choinníoll go gcaithfear an taobh-urraíocht sin a thabhairt sara ndéana sé an tarscaoileadh.

Alt 5.

Comhalta a bheith neamhcháilithe chun acmhainní an Chiste d'úsáid.

Más é tuairim an Chiste go bhfuil aon chomhalta áirithe ag úsáid acmhainní an Chiste ar neamhréir le cuspóirí an Chiste, bhéarfaidh an Ciste tuarascáil don chomhalta a inseos tuairimí an Chiste agus a luafas tréimhse oiriúnach le haghaidh freagra. Tar éis an tuarascáil sin a thabhairt don chomhalta, féadfaidh an Ciste tórainn a chur le húsáid a acmhainní ag an gcomhalta. Mura bhfaightear aon fhreagra ón gcomhalta ar an tuarascáil laistigh den tréimhse ordaithe, nó más freagra míshásúil a gheobhfar, féadfaidh an Ciste leanúint de thórainn a chur le húsáid acmhainní an Chiste ag an gcomhalta nó féadfaidh sé, tar éis fógra réasúnach a thabhairt don chomhalta, a dhearbhú nach bhfuil an comhalta cáilithe chun acmhainnaí an Chiste d'úsáid.

Alt 6.

Airgeadraí a cheannach ón gCiste ar ór.

(a) Aon chomhalta ar mian leis airgeadra chomhalta eile d'fháil, go díreach nó go hindíreach, ar ór, gheobhaidh sé é trí ór a dhíol leis an gCiste más féidir leis sin a dhéanamh go comhbhuntáisteach.

(b) Ní measfar aon ní san Alt seo mar ní a choisceas ar aon chomhalta ór nua-tháirgthe as mianaigh ina chríocha a dhíol ar aon mhargadh.

Alt 7.

Comhalta d'athcheannach aon choda dá airgeadra féin atá ag an gCiste.

(a) Féadfaidh comhalta aon chuid dá airgeadra a bheas i seilbh an Chiste de bhreis ar a chuóta d'athcheannach ón gCiste agus díolfaidh an Ciste ar ór é.

(b) I ndeireadh gach bliana airgeadais de bhlianta airgeadais an Chiste, athcheannóidh an comhalta ón gCiste, ar ór nó ar airgeadraí comhshóiteacha, arna chinneadh do réir Sceidil B, cuid de shealúchais an Chiste dá airgeadra, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(i)  Úsáidfidh gach comhalta, agus é ag athcheannach a airgeadra féin ón gCiste, an oiread sin dá chúltacaí airgeadaíochta ar comhionann a luach agus leath aon mhéaduithe a tháinig in imeacht na bliana ar shealúchais an Chiste dá airgeadra móide leath aon mhéaduithe, nó lúide leath aon laghduithe, a tháinig in imeacht na bliana ar chúltacaí airgeadaíochta an chomhalta. Ní bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás ina mbeidh cúltacaí airgeadaíochta an chomhalta tar éis laghdú in imeacht na bliana oiread is mó ná an oiread a mhéadaigh sealúchais an Chiste dá airgeadra.

(ii) Má gheibhtear amach, tar éis an t-athcheannach a tuairiscítear i (i) thuas (más gá sin) a bheith déanta, sealúchais chomhalta amháin d'airgeadra chomhalta eile (nó d'ór a fuarthas ón gcomhalta sin) a bheith tar éis méadú de dhroim idirbhearta i dtéarmaí an airgeadra sin le comhaltaí eile nó le daoine ina gcríocha, déanfaidh an comhalta a mbeidh a shealúchais den airgeadra (nó den ór) sin tar éis méadú amhlaidh an méadú d'úsáid chun a airgeadra féin d'athcheannach ón gCiste.

(c) Ní déanfar an oiread d'aon choigeartú dá dtuairiscítear i (b) thuas a bhéarfas go mbeidh—

(i) cúltacaí airgeadaíochta an chomhalta faoi bhun a chuóta, nó

(ii) sealúchais an Chiste dá airgeadra faoi bhun 75 faoin gcéad dá chuóta, nó

(iii) sealúchais an Chiste d'aon airgeadra ar gá é d'úsáid os cionn 75 faoin gcéad de chuóta an chomhalta a bheas i gceist.

Alt 8.

Táillí.

(a) Aon chomhalta a cheannós airgeadra chomhalta eile ón gCiste mar mhalairt ar a airgeadra féin, íocfaidh sé táille sheirbhíse, is táille a bheas ar aon-chothrom maidir leis na comhaltaí uile, do réir ¾ faoin gcéad i dteannta an phar-phraghais. Féadfaidh an Ciste, as a chomhairle féin, an táille sheirbhíse sin a mhéadú go dtí 1 faoin gcéad ar a mhéid nó í a laghdú go dtí ½ faoin gcéad ar a laghad.

(b) Féadfaidh an Ciste táille réasúnach láimhseála a thobhach ar aon chomhalta a cheannós ór ón gCiste nó a dhíolfas ór leis an gCiste.

(c) Toibheoidh an Ciste táillí, is táillí a bheas ar aonchothrom maidir leis na comhaltaí uile, agus a bheas iníoctha ag aon chomhalta ar na meán-iarmhéideanna laethúla dá airgeadra a shealbhós an Ciste de bhreis ar a chuóta. Is do réir na rátaí seo a leanas a bheas na táillí sin:

(i)  Ar shuimeanna nach mó ná 25 faoin gcéad thar an gcuóta: ní toibheofar aon táille in aghaidh an chéad trí mhí; 1/2 faoin gcéad sa bhliain in aghaidh na naoi míosa ina dhiaidh sin; agus uaidh sin amach 1/2 faoin gcéad de mhéadú ar an táille in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin.

(ii)  Ar shuimeanna is mó ná 25 faoin gcéad agus nach mó ná 50 faoin gcéad thar an gcuóta: 1/2 faoin gcéad sa bhreis in aghaidh na céad bhliana; agus 1/2 faoin gcéad sa bhreis in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin.

(iii) Ar gach mír bhreise 25 faoin gcéad thar an gcuóta: 1/2 faoin gcéad sa bhreis in aghaidh na céad bhliana; agus 1/2 faoin gcéad sa bhreis in aghaidh gach bliana ina dhiaidh sin.

(d) Aon uair ar amhlaidh do shealúchais an Chiste d'airgeadra aon chomhalta áirithe go bhfuil ráta 4 faoin gcéad sa bhliain sroichte ag an táille a bhaineas le haon mhír in aghaidh aon tréimhse áirithe, breithneoidh an Ciste agus an comhalta slite inar féidir sealúchais an Chiste den airgeadra a laghdú. Ina dhiaidh sin, méadóidh na táillí do réir forál (c) thuas nó go sroichfid 5 faoin gcéad, agus mura ndéantar comhaontú ansin féadfaidh an Ciste pé táillí is cuí leis a ghearradh.

(e) Féadfar na rátaí dá dtagartar i (c) agus (d) thuas d'athrú trí thromlach trí ceathrúna na cumhachta iomláine vótála.

(f) Is in ór a híocfar na táillí go léir. Más rud é, áfach gur lú cúltacaí airgeadaíochta an chomhalta ná leath a chuóta, ní íocfaidh sé in ór ach an cion sin de na táillí a bheas dlite is ionann agus an cothrom idir na cúltacaí sin agus leath a chuóta, agus is ina airgeadra féin a íocfas sé an t-iarmhéid.

Airteagal VI. Aistriú Caipitil

Alt 1.

Acmhainní an Chiste d'úsáid le haghaidh aistrithe caipitil.

(a) Ní fhéadfaidh aon chomhalta glan-úsáid a dhéanamh d'acmhainní an Chiste chun freastal d'eisimeacht mhór chaipitil nó d'eisimeacht leanúnach chaipitil, agus féadfaidh an Ciste a iarraidh ar an gcomhalta rialú a dhéanamh ionas nach n-úsáidfear amhlaidh acmhainní an Chiste. Mura ndéana an comhalta rialú cuí tar éis dó iarratas den tsórt sin d'fháil, féadfaidh an Ciste a dhearbhú nach bhfuil an comhalta cáilithe chun acmhainní an Chiste d'úsáid.

(b) Ní measfar maidir le haon ní san Alt seo gur ní é

(i) a choisceas acmhainní an Chiste d'úsáid le haghaidh idirbhearta caipitil de mhéid réasúnach a bheas ag teastáil chun onnmhuirithe a mhéadú nó i ngnáth-chúrsa trádála, bancaerachta nó ghnótha eile, nó

(ii) a dhéanas difir do ghluaiseachtaí caipitil dá bhfreastalaítear as acmhainní óir agus iomlaoide coigcríche an chomhalta féin, ach gabhann na comhaltaí orthu go mbeidh na gluaiseachtaí caipitil sin do réir cuspóirí an Chiste.

Alt. 2.

Forála speisialta le haghaidh aistrithe caipitil.

Má bhíonn sealúchais an Chiste d'airgeadra aon chomhalta tar éis fanúint faoi bhun 75 faoin gcéad dá chuóta ar feadh tréimhse nach lú ná sé mhí anuas ansin, mura mbeidh sé dearbhaithe go bhfuil an comhalta sin neamh-cháilithe chun acmhainní an Chiste d'úsáid faoi Alt 1 den Airteagal seo, Airteagal IV, Alt 6, Airteagal V, Alt 5, nó Airteagal XV, Alt 2 (a), beidh teideal ag an gcomhalta sin, d'ainneoin forál Ailt 1 (a) den Airteagal seo, chun airgeadra chomhalta eile a cheannach ón gCiste lena airgeadra féin chun aon chríche, lena n-áirítear aistrithe caipitil. Ní ceadófar, áfach, ceannach le haghaidh aistrithe caipitil faoin alt seo má bhíonn de thoradh ar an gceannach sin sealúchais an Chiste d'airgeadra an chomhalta ar mian leis ceannach a dhéanamh d'ardú thar 75 faoin gcéad dá chuóta, nó sealúchais an Chiste den airgeadra a mbeifear ag iarraidh é d'fháil d'ísliú faoi bhun 75 faoin gcéad de chuóta an chomhalta arb é a chuid airgeadra a beifear ag iarraidh d'fháil.

Alt 3.

Aistrithe caipitil a rialú.

Féadfaidh na comhaltaí pé rialú a dhéanamh is gá chun gluaiseachtai idirnáisiúnta caipitil a rialáil, ach ní cead d'aon chomhalta an rialú sin a dhéanamh ar shlí a chuirfeas srian le híocaíochtaí i leith idirbhearta reatha nó a ró-mhoilleos aistriú cistí glanta fiacha, ach amháin mar foráltar in Airteagal VII, Alt 3 (b) agus in Airteagal XIV, Alt 2.

Airteagal VII. Airgeadraí Ganna

Alt 1.

Ganntanas coiteann airgeadra.

Má thugann an Ciste faoi deara go bhfuil airgeadra áirithe ag éirí gann i gcoitinne, féadfaidh an Ciste é sin a chur in iúl dá chomhaltaí agus tuarascáil d'eisiúint ina n-inseofar fáthanna an ghanntanais agus ina mbeidh moltaí chun deireadh a chur leis. Glacfaidh ionadaí ón gcomhalta a mbeidh a chuid airgeadra i gceist páirt in ullmhú na tuarascála.

Alt 2.

Bearta chun go bhfaighidh an Ciste tuilleadh d'airgeadraí ganna.

Féadfaidh an Ciste, más dóigh leis gur cuí é chun tuilleadh d'airgeadra aon chomhalta áirithe d'fháil ceachtar beart, nó an dá bheart, acu seo a leanas a dhéanamh:

(i) A mholadh don chomhalta airgeadra dá chuid a thabhairt ar iasacht don Chiste ar théarmaí agus ar choinníollacha ar a gcomhaontóidh an Ciste agus an comhalta nó go dtógfadh an Ciste, le ceadú an chomhalta, airgeadra den tsórt sin ar iasacht ó fhoinse éigin eile laistigh nó lasmuigh de chríocha an chomhalta, ach ní bheidh d'oblagáid ar aon chomhalta iasachtaí den tsórt sin a thabhairt don Chiste ná a cheadú go dtógfadh an Ciste airgeadra dá chuid ar iasacht ó aon fhoinse eile.

(ii) A cheangal ar an gcomhalta airgeadra dá chuid a dhíol leis an gCiste ar ór.

Alt 3.

Sealúchais an Chiste a bheith gann.

(a) Más léir don Chiste go bhfuil an t-éileamh ar airgeadra chomhalta áirithe chomh mór gur baol nach mbeidh ar chumas an Chiste an t-airgeadra sin a sholáthar, ansin, pé acu bheas nó nach mbeidh an Ciste tar éis tuarascáil d'eisiúint faoi Alt 1 den Airteagal seo, dearbhóidh sé go foirmeáilte go bhfuil an t-airgeadra sin gann agus uaidh sin amach déanfaidh sé an méid den airgeadra gann sin a bheas ina sheilbh agus an méid de ar a bhfaighidh sé seilbh a chionroinnt agus aird chuí aige ar riachtanais chomhréire na gcomhaltaí, ar chúrsaí geilleagair idirnáisiúnta i gcoitinne, agus ar aon chúrsaí ábhartha eile. Eiseoidh an Ciste tuarascáil freisin i dtaobh an bhirt a rinne sé.

(b) Oibreoidh aon dearbhú foirmeáilte faoi (a) thuas mar údarás d'aon chomhalta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCiste, tórainneacha a chur go sealadach leis an saoirse maidir le hoibríochtaí iomlaoide san airgeadra gann. Faoi réir forál Airteagail IV, Ailt 3 agus 4, beidh dlínse iomlán ag an gcomhalta agus é ag cinneadh cad é an sórt tórainneacha iad, ach ní chuirfid aon tsrian thar mar is gá chun a áirithiú nach mó an t-éileamh a bheas ar an airgeadra gann ná an méid a bheas ina sheilbh ag an gcomhalta a bheas i gceist, nó a fhaibhreos chuige; agus bogfar agus cealófar iad chomh luath agus is féidir.

(c) Raghaidh an t-údaras faoi (b) thuas in éag pé uair a dhearbhós an Ciste go foirmeáilte nach bhfuil an t-airgeadra atá i gceist gann a thuilleadh.

Alt 4.

Srianta a riaradh.

Aon chomhalta a chuirfeas srianta i leith airgeadra aon chomhalta eile de bhun forál Ailt 3 (b) den Airteagal seo, breithneoidh sé go comhbháidheach aon uiríolla ón gcomhalta eile maidir le riaradh na srianta sin.

Alt 5.

Éifeacht chomhaontuithe idirnáisiúnta eile ar shrianta.

Comhaontaíonn na comhaltaí nach ndéanfaid oblagáidí aon tsocruithe a rinneadh le comhaltaí eile roimh an gComhaontú seo d'agairt ar shlí a choiscfeas oibriú forál an Airteagail seo.

Airteagal VIII. Oblagáidí Ginearálta na gComhaltaí

Alt 1.

Réamhrá.

I dteannta na n-oblagáidí a glactar faoi airteagail eile den Chomhaontú seo, gabhann gach comhalta air féin na hoblagáidí atá leagtha amach san Airteagal seo.

Alt 2.

Srianta ar íocaíochtaí reatha a sheachaint.

(a) Faoi réir forál Airteagail VII, Alt 3 (b) agus Airteagail XIV, Alt 2, ní dhéanfaidh aon chomhalta, gan ceadú ón gCiste, srianta a chur le híocaíochtaí agus aistrithe i leith idirbhearta idirnáisiúnta reatha.

(b) Aon chonarthaí iomlaoide ina mbeidh airgeadra aon chomhalta i gceist agus a bheas contrártha do rialacháin rialuithe iomlaoide an chomhalta sin a coimeádtar ar bun nó a forchuireadh i gcomhréir leis an gComhaontú seo, ní féadfar iad a chur i bhfeidhm i gcríocha aon chomhalta. Ina theannta sin, féadfaidh comhaltaí, de thoil a chéile, comhoibriú ag cur beart i bhfeidhm chun rialacháin rialuithe iomlaoide ceachtar comhalta a dhéanamh níos éifeachtaí, ar choinníoll go mbeidh na bearta agus na rialacháin sin ar comhréir leis an gComhaontú seo.

Alt 3.

Cleachtais idirdhealaitheacha airgeadra a sheachaint.

Ní ghlacfaidh aon chomhalta páirt, ná ní cheadóidh sé d'aon cheann dá ghníomhaireachtaí fioscacha dá dtagartar in Airteagal V, Alt 1, páirt a ghlacadh in aon chomhshocraíochtaí idirdhealaitheacha airgeadra ná in aon chleachtais airgeadra iolartha ach amháin mar a húdaraítear faoin gComhaontú seo nó mar cheadós an Ciste. Má bítear páirteach i gcomhshocraíochtaí nó cleachtais den tsórt sin ar an dáta a thiocfas an Comhaontú seo i ngníomh, raghaidh an comhalta lena mbainfidh i gcomhairle leis an gCiste maidir le scor díobh do réir a chéile muran faoi Airteagal XIV, Alt 2, a bheid á gcothabháil nó a beifear tar éis a gcur ar bun, agus sa chás sin beidh feidhm ag forála Ailt 4 den Airteagal sin.

Alt 4.

Iarmhéideanna i seilbh choigríche a chomhshó.

(a) Ceannóidh gach comhalta iarmhéideanna dá airgeadra a bheas i seilbh chomhalta eile má chuireann an comhalta eile sin in iúl, le linn dó a iarraidh go ndéanfar an ceannach,—

(i) gur le déanaí, de thoradh idirbhearta reatha, a fuarthas na hiarmhéideanna a bheas le ceannach; nó

(ii) gur gá iad a chomhshó chun íoc as idirbhearta reatha.

Beidh de roghain ag an gcomhalta a bheas ag ceannach íoc in airgeadra an chomhalta a rinne an t-iarratas nó in ór.

(b) Ní bheidh an oblagáid a luaitear in (a) thuas ann

(i) i gcás ina mbeidh comhshó na n-iarmhéideanna srianta do réir Ailt 2 den Airteagal seo nó Airteagail VI, Alt 3; nó

(ii) i gcás ina mbeidh na hiarmhéideanna tar éis tiomsú de thoradh idirbhearta a rinneadh sarar chuir comhalta deireadh le srianta a bhí á gcothabháil nó a cuireadh ar bun faoi Airteagal XIV, Alt 2; nó

(iii) i gcás ina mbeifear tar éis na hiarmhéideanna d'fháil contrártha do rialacháin iomlaoide an chomhaltaí a mbeifear á iarraidh air iad a cheannach; nó

(iv) i gcás ina mbeifear tar éis a dhearbhú faoi Airteagal VII, Alt 3 (a) gur airgeadra gann airgeadra an chomhalta a bheas á iarraidh go ndéanfar an ceannach; nó

(v) má bhíonn an comhalta a n-iarrfar air an ceannach a dhéanamh gan teideal ar aon chúis chun airgeadraí chomhaltaí eile a cheannach ón gCiste ar a airgeadra féin.

Alt 5.

Eolas a thabhairt.

(a) Féadfaidh an Ciste a cheangal ar chomhaltaí pé eolas a thabhairt dó a mheasfas sé is gá le haghaidh a chuid oibríochtaí, lena n-áirítear, mar an méid ar a laghad is gá chun dualgais an Chiste a chomhlíonadh, mioneolas náisiúnta ar na nithe seo a leanas:

(i)  Sealúchais oifigiúla sa bhaile agus sa choigrích —(1) ór, (2) iomlaoid choigcríche.

(ii)  Sealúchais atá sa bhaile agus sa choigrích ag gníomhaireachtaí bancaerachta agus airgeadais, seachas gníomhaireachtaí oifigiúla—(1) ór, (2) iomlaoid choigríche.

(iii) Táirgeadh óir.

(iv) Onnmhaire agus allmhaire óir, agus na tíortha dá ndeachaigh agus na tíortha as a dtáinig,

(v) An méid iomlán earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán earraí a hallmhuiríodh, na tíortha chun ar honnmhuiríodh, na tíortha ónar hallmhuiríodh, agus luach na n-earraí in airgeadra áitiúil.

(vi) Comhardaíocht íocaíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear (1) trádáil in earraí agus i seirbhísí, (2) idirbhearta in ór, (3) idirbhearta caipitil ar a bhfuil eolas, agus (4) ítimí eile.

(vii) An staid infheistíochta idirnáisiúnta, i.e., infheistíochtaí laistigh de chríocha an chomhalta le húnaeirí sa choigrích agus infheistíochtaí sa choigrích ag daoine laistigh de chríocha an chomhalta, an oiread agus is féidir an t-eolas sin a thabhairt.

(viii) Ioncam náisiúnta.

(ix) Treora praghais, i.e., treora praghasanna earraí ar mhargaí mór-reice agus mionreice agus treora praghasanna onnmhaire agus allmhaire.

(x) Rátaí ceannaigh agus rátaí díola airgeadraí coigríche.

(xi) Rialuithe iomlaoide, i.e., ráiteas uileghabhálach i dtaobh na rialuithe iomlaoide a bhí i bhfeidhm nuair a glacadh comhaltas sa Chiste agus sonraí aon athruithe ina dhiaidh sin do réir mar tharlóid.

(xii) Má bhíonn socruithe oifigiúla imréitigh ann, sonraí na suimeanna a bheas le himréiteach i leith idirbhearta tráchtála agus airgeadais, agus sonraí i dtaobh an fhaid ama a bheas an t-imréiteach sin gan déanamh.

(b) Le linn dó eolas d'iarraidh, bhéarfaidh an Ciste dá aire a mhéid atá sé ar chumas chomhaltaí seachas a chéile an mioneolas a thabhairt. Ní bheidh aon oblagáid ar na comhaltaí eolas chomh mion a thabhairt go nochtfaí cúrsaí gnótha pearsan nó corporáidí. Gabhann na comhaltaí orthu, áfach, an t-eolas a hiarrfar a thabhairt ar chuma chomh mion-chruinn agus is féidir agus an tuairimíocht a sheachaint oiread is féidir.

(c) Féadfaidh an Ciste socrú a dhéanamh chun a thuilleadh eolais d'fháil trí chomhaontú le comhaltaí. Beidh sé mar ionad cruinnithe agus malartuithe eolais ar fhadhbanna airgeadaíochta agus airgeadais, ionas go n-éascóidh sé, ar an gcuma sin, staidéar a dhéanamh chun cabhrú leis na comhaltaí le polasaithe d'fhorbairt a chuirfeas cuspóirí an Chiste chun cinn.

Alt 6.

Comhaltaí do ghlacadh comhairle le chéile faoi na comhaontuithe idirnáisiúnta atá ann.

I gcás ina n-údaraítear do chomhalta faoin gComhaontú seo, sna himthoscaí speisialta nó sealadacha a sonraítear sa Chomhaontú, chun srianta le hidirbhearta iomlaoide a chothabháil nó a bhunú agus go mbeidh socruithe eile déanta idir comhaltaí a rinneadh roimh an gComhaontú seo agus a bheas ar neamhréir le feidhmiú na srianta sin, ansin raghaidh na comhaltaí a bheas páirteach sna socruithe sin i gcomhairle le chéile chun go ndéanfar pé coigeartú is gá agus ar a gcomhaontóid. Ní dhéanfaidh forála an Airteagail seo dochar d'fheidhmiú Airteagail VII, Alt 5.

Airteagal IX. Stádas, Díolúintí agus Pribhléidí

Alt 1.

Cuspóirí an Airteagail.

Ionas go bhféadfaidh an Ciste na feidhmeanna atá á gcur de chúram air a chomhlíonadh, déanfar an stádas, na díolúintí agus na pribhléidí atá leagtha amach san Airteagal seo a thabhairt don Chiste i gcríocha gach comhalta.

Alt 2.

Stádas an Chiste.

Is duine lán-dlíthiúnach an Ciste, agus, go háirithe, tá cumas ann

(i) conradh a dhéanamh;

(ii) maoin dochorraithe agus maoin shochorraithe d'fháil agus a dhiúscairt;

(iii) imeachta dlíthiúla a thionscnamh.

Alt 3.

Díolúine ó phróis dlíthiúil.

Teachtóidh an Ciste, agus maoin agus sócmhainní an Chiste, pé áit a mbeidh an céanna agus pé duine ag a mbeidh an céanna díolúine ó gach sórt próis dlíthiúil ach amháin a mhéid a tharscaoilfeas an Ciste go sainráite a dhíolúine chun críocha aon imeachtaí nó trí théarmaí aon chonartha.

Alt 4.

Díolúine ó ghníomh eile.

Beidh ag maoin agus sócmhainní an Chiste, pé áit a mbeidh an céann agus pé duine ag a mbeidh an céanna, díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú nó aon tsórt eile urghabhála trí ghuíomhú feidhmiúcháin nó gníomhú reachtach.

Alt 5.

Díolúine ag na cairtlanna.

Beidh cairtlanna an Chiste dosháraithe.

Alt 6.

Sócmhainní a bheith saor ó shrianta.

Beidh maoin agus sócmhainní uile an Chiste saor ó shrianta, rialacháin, rialuithe agus mortchairde d'aon tsórt a mhéid is gá sin chun na hoibríochtaí a dhéanamh dá bhforáltar sa Chomhaontú seo.

Alt 7.

Pribhléidí cumarsáide.

Gheobhaidh cumarsáidí oifigiúla an Chiste an chóir chéanna ó na comhaltaí a gheobhas cumarsáidí oifigiúla comhaltaí eile.

Alt 8.

Díolúintí agus pribhléidí oifigeach agus fostaithe.

Maidir le rialtóirí, stiúrthóirí feidhmiúcháin, malairtigh, oifigigh agus fostaithe uile an Chiste

(i)  beidh díolúine acu ó phróis dlíthiúil i leith gníomhartha a dhéanfaid ina gcáilíocht oifigiúil ach amháin i gcás ina dtarscaoilfidh an Ciste an díolúine sin;

(ii) nuair nach saoránaigh áitiúla iad, bhéarfar dóibh an díolúine chéanna ó shrianta inimirce, ceanglais chlárúcháin d'eachtrannaigh agus oblagáidí seirbhíse náisiúnta, maraon leis na saoráidí céanna i leith srianta iomlaoide, a bheir na comhaltaí d'ionadaithe, oifigigh agus fostaithe comhchéime de chuid na gcomhaltaí eile;

(iii) bhéarfar an chóir chéanna dhóibh i leith saoráidí taistil a bheir comhaltaí d'ionadaithe, oifigigh agus fostaithe comhchéime de chuid na gcomhaltaí eile.

Alt 9.

Díolúine ó cháin.

(a) Beidh an Ciste, a shócmhainní, a mhaoin, a ioncam agus na hoibríochtaí agus na hidirbhearta a húdaraítear leis an gComhaontú seo saor ó gach cáin agus ó gach dleacht chustam. Beidh díolúine ag an gCiste freisin ó gach dliteanas maidir le bailiú nó íoc aon chánach nó dleachta.

(b) Ní déanfar aon cháin a thobhach ar thuarastail agus sochair oifige, ná i leith tuarastail agus sochar oifige, a íocfas an Ciste le stiúrthóirí feidhmiúcháin malairtigh, oifigigh nó fostaithe de chuid an Chiste nach saoránaigh áitiúla, géillsinigh áitiúla, ná náisiúnaigh áitiúla eile.

(c) Ní toibheofear cáin d'aon tsaghas ar aon oblagáid nó urrús a eiseos an Ciste, lena n-áirítear aon díbhinn nó ús air sin, pé duine a shealbhós é,

(i) más cáin í a dhéanas idirdhealú i gcoinne ná hoblagáide nó an urrúis sin ar an aon-ábhar mar gheall ar a bhunadh: nó

(ii) más é an t-aon-bhonn dlínsiúil a bheas leis an gcáin sin an áit nó an t-airgeadra ina mbeidh sí arna heisiúint nó ina mbeidh sí le híoc nó ina n-íocfar í, nó suíomh aon oifige nó áite gnótha a bheas á cothabháil ag an gCiste.

Alt 10.

An tAirteagal a chur i bhFeidhm.

Déanfaidh gach comhalta pé beart is gá ina chríocha féin chun éifeacht i dtéarmaí a dhlí féin a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach san Airteagal seo agus bhéarfaidh mionchuntas don Chiste ar an mbeart a rinne sé.

Airteagal X. Caidreamh le hEagrais Idirnáisiúnta Eile

Comhoibreoidh an Ciste, laistigh de théarmaí an Chomhaontuithe seo, le haon eagras idirnáisiúnta ginearálta agus le heagrais idirnáisiúnta poiblí ar a mbeidh sain-fhreagarthacht i réamchaí gaolmhara. Ní féadfar aon chomhshocraíochtaí i gcóir comhoibrithe den tsórt sin a tharraingeodh modhnú ar aon fhoráil den Chomhaontú seo a dhéanamh ach amháin tar éis an Comhaontú seo a leasú faoi Airteagal XVII.

Airteagal XI. Caidreamh le Tíortha nach Comhaltaí

Alt 1.

Geallúintí i leith caidrimh le tíortha nach comhaltaí.

Gabhann gach comhalta air féin:

(i)  Gan bheith páirteach, agus gan a cheadú dá ghníomhaireachtaí fioscacha a luaitear in Airteagal V, Alt 1, a bheith páirteach le neamhchomhalta ná le daoine i gcríocha neamhchomhalta in aon idirbhearta a bheadh contrártha d'fhorála an Chomhaontuithe seo nó do chuspóirí an Chiste;

(ii) Gan comhoibriú le neamhchomhalta ná le daoine i gcríocha neamhchomhalta i gcleachtais a bheadh contrártha d'fhorála an Chomhaontuithe seo nó do chuspóirí an Chiste; agus

(iii) Comhoibriú leis an gCiste d'fhonn bearta cuí a chur i bhfeidhm ina chríocha do chosc idirbhearta le neamhchomhaltaí nó le daoine ina gcríocha sin a bheadh contrártha d'fhorála an Chomhaontuithe seo nó do chuspóirí an Chiste.

Alt 2.

Srianta le hidirbhearta le tíortha nach comhaltaí.

Ní dhéanfaidh aon ní sa Chomhaontú seo dochar do cheart aon chomhalta chun srianta a chur le hidirbhearta iomlaoide le neamhchomhaltaí nó le daoine ina gcríocha sin mura bhfeictear don Chiste gur dochar iad na srianta sin do leas na gcomhaltaí agus go bhfuilid contrártha do chuspóirí an Chiste.

Airteagal XII. Eagrú agus Bainistí

Alt 1.

Comhdhéanamh an Chiste.

Beidh Bord Rialtóirí, Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, Stiúrthóir Bainistí, agus foireann ag an gCiste.

Alt 2.

An Bord Rialtóirí.

(a) Beidh cumhachta uile an Chiste dílsithe sa Bhord Rialtóirí, agus beidh an Bord comhdhéanta de rialtóir amháin agus malairteach amháin a cheapfas gach comhalta mar chinnfeas sé féin. Fónfaidh gach rialtóir agus gach malairteach go ceann cúig mblian faoi réir tola an chomhalta a cheap é agus féadfar é d'athcheapadh. Ní fhéadfaidh aon mhalairteach vótáil ach nuair a bheas a phríomhaí as láthair. Roghnóidh an Bord duine de na rialtóirí mar chathaoirleach.

(b) Féadfaidh an Bord Rialtóirí údarás a tharmligean chun na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin chun aon cheann de chumhachta an Bhoird d'fheidhmiú, ach amháin an chumhacht chun:

(i) Comhaltaí nua a ghlacadh agus coinníollacha a nglactha a chinneadh.

(ii) Aithbhreithniú cuótaí a cheadú.

(iii) Comh-athrú i bpar-luach airgeadraí na gcomhaltaí uile a cheadú.

(iv) Comhshocraíochtaí a dhéanamh chun comhoibriú le heagrais idirnáisiúnta eile (seachas comhshocraíochtaí neamhfhoirmiúla sealadacha nó riaracháin).

(v) Dáileadh glan-ioncaim an Chiste a chinneadh.

(vi) A cheangal ar chomhalta éirí as.

(vii) A chinneadh go leachtófar an Ciste.

(viii) Cinneadh a dhéanamh ar achomharca i gcoinne forléirithe a dhéanfas na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ar an gComhaontú seo.

(c) Beidh cruinniú bliantúil den Bhord Rialtóirí ann agus pé cruinnithe eile dá ndéanfaidh an Bord socrú nó a ghairmfeas na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Gairmfidh na Stiúrthóirí cruinnithe den Bhord aon uair a hiarrfar sin ag cúig comhaltaí nó ag comhaltaí a bhfuil ceathrú cuid na cumhachta iomláine vótála acu.

(d) Is é is córam d'aon chruinniú den Bhord Rialtóirí tromlach na Rialtóirí a bhfuil dhá dtrian ar a laghad den chumhacht iomlán vótála acu.

(e) Beidh teideal ag gach rialtóir an líon vótaí a chaitheamh a leithroinntear faoi Alt 5 den Airteagal seo don chomhalta a cheap é.

(f) Féadfaidh an Bord Rialtóirí, le rialachán, nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, nuair a mheasfaid gurb é barr leasa an Chiste é, vóta de na rialtóirí d'fháil ar cheist shonrach gan cruinniú den Bhord a ghairm.

(g) Féadfaidh an Bord Rialtóirí, agus na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a mhéid a húdaraítear sin, pé rialacha agus rialacháin a ghlacadh chucu is gá nó is cuí chun gnó an Chiste a sheoladh.

(h) Fónfaidh na rialtóirí agus na malairtigh mar rialtóirí agus malairtigh gan cúiteamh ón gCiste, ach íocfaidh an Ciste leo aon chostas réasúnach faoina raghaid ag freastal ar chruinnithe.

(i) Cinnfidh an Bord Rialtóirí an luach saothair a híocfar leis na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus tuarastal agus téarmaí conartha sheirbhíse an Stiúrthóra Bhainistí.

Alt 3.

Na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin.

(a) Beidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin freagarthach in oibríochtaí ginearálta an Chiste a sheoladh agus chuige sin feidhmeoid na cumhachta uile a tharmligfeas an Bord Rialtóirí chucu.

(b) Beidh dáréag stiúrthóirí ar a laghad ann nach gá gur rialtóirí iad, agus

(i)  déanfaidh an cúigear comhaltaí is mó cuótaí cúigear díobh a cheapadh;

(ii) ní mó ná beirt díobh a ceapfar nuair a bheas feidhm ag forála (c) thíos;

(iii) déanfaidh na comhaltaí nach bhfuil teideal acu stiúrthóirí a cheapadh, seachas na Poblachtaí Meiriceánacha, cúigear díobh a thoghadh, agus

(iv) déanfaidh na Poblachtaí Meiriceánacha nach bhfuil teideal acu stiúrthóirí a cheapadh beirt díobh a thoghadh.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn comhaltaí rialtais tíortha a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A, pé acu do réir Airteagail XX nó do réir Airteagail II, Alt 2, a tháinigeadar chun bheith ina gcomhaltaí. Nuair a thíocfas Rialtais tíortha eile chun bheith ina gcomhaltaí, féadfaidh an Bord Rialtóirí, le tromlach ceithre chúigiú na cumhachta iomláine vótála, an líon stiúrthóirí a bheas le toghadh a mhéadú.

(c) Má tharlaíonn, ag an dara toghchán rialta stiúrthóirí agus dá éis sin, nach mbeidh ar na comhaltaí ag a mbeidh teideal stiúrthóirí a cheapadh faoi (b) (i) thuas an bheirt chomhaltaí a mbeidh ar an meán, thar an dá bhliain roimhe sin, na sealúchais dá gcuid airgeadra i seilbh an Chiste tar éis laghdú, de na lán-suimeanna is mó i dtéarmaí óir mar chomhainmní, faoi bhun a gcuótaí, beidh teideal ag comhalta amháin díobh sin nó ag an dá chomhalta, do réir mar bheas, stiúrthóir a cheapadh.

(d) Faoi réir Airteagail XX, Alt 3 (b), seolfar toghchán stiúrthóirí toghaí i gceann tréimhsí dhá bhliain do réir forál Sceidil C, arna fhorlíonadh le pé rialacháin is cuí leis an gCiste. Aon uair a mhéadós an Bord Rialtóirí an líon stiúrthóirí a bheas le toghadh faoi (b) thuas, eiseoidh sé rialacháin do dhéanamh athruithe cuí ar an gcion vótaí is gá chun stiúrthóirí a thoghadh faoi fhorála Sceidil C.

(e) Ceapfaidh gach stiúrthóir malairteach ag a mbeidh cumhacht iomlán chun gníomhú thar a cheann nuair nach mbeidh sé féin i láthair. Nuair a bheas na stiúrthóirí a cheap iad i láthair, féadfaidh na malairtigh páirt a ghlacadh i gcruinnnithe ach ní fhéadfaid vótáil.

(f) Fanfaidh na stiúrthóirí in oifig go ndéanfar a gcomharbaí a cheapadh nó a thoghadh. Má éiríonn oifig stiúrthóra thofa folamh breis agus nócha lá roimh dheireadh a théarma, toghfar stiúrthóir eile le haghaidh na coda eile den téarma ag na comhaltaí a thogh an stiúrthóir roimhe sin. Chun toghadh a dhéanamh teastóidh tromlach na vótaí a caithfear. An fhad a bheas an oifig folamh, feidhmeoidh malairteach an duine a bhí ina stiúrthóir cumhachta an stiúrthóra sin ach amháin an chumhacht chun malairteach a cheapadh.

(g) Feidhmeoidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin i siosón leanúnach i bpríomh-oifig an Chiste agus tiocfaid le chéile a mhinicí is gá sin le haghaidh gnótha an Chiste.

(h) Is é is córam d'aon chruinniú de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tromlach na stiúrthóirí a fheidhmeos leath na cumhachta iomláine vótála ar a laghad.

(i) Beidh teideal ag gach stiúrthóir ceaptha an méid vótaí a chaitheamh a leithroinntear faoi Alt 5 den Airteagal seo don chomhalta a cheap é. Beidh teideal ag gach stiúrthóir tofa an méid vóta a chaitheamh a háiríodh chun a thofa. Nuair a bheas feidhm ag forála Ailt 5 (b) den Airteagal seo méadófar nó laghdófar dá réir an méid vótaí a bheadh teideal thairis sin ag an stiúrthóir a chaitheamh. Is mar aonad a caithfear na vótaí uile a bheas teideal ag stiúrthóir a chaitheamh.

(j) Glacfaidh an Bord Rialtóirí chucu rialacháin faoina bhféadfaidh comhalta nach bhfuil teideal aige stiúrthóir a cheapadh faoi (b) thuas ionadaí a chur chun freastal ar aon chruinniú de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin nuair a bheas aon iarratas a rinne an comhalta sin nó aon ní a bhainfeas go dlúth leis á bhreithniú.

(k) Féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin pé coistí a cheapadh a mheasfaid is inmhianuithe a cheapadh. Ní gá gur rialtóirí ná stiúrthóirí nó malairtigh dóibh comhaltaí na gcoistí.

Alt 4.

An Stiúrthóir Bainistí agus an fhoireann.

(a) Roghnóidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Stiúrthóir Bainistí nach rialtóir ná stiúrthóir feidhmiúcháin. Beidh an Stiúrthóir Bainistí ina chathaoirleach ar na Stiúrthóirí Bainistí, ach ní bheidh aon vóta aige ach amháin vóta réitigh i gcás comhionannais vótaíochta. Féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí ach ní vótálfaidh sé ag na cruinnithe sin. Scoirfidh an Stiúrthóir Bainistí de bheith i seilbh oifige nuair a chinnfeas na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin sin.

(b) Beidh an Stiúrthóir Bainistí ina cheann ar fhoireann oibre an Chiste agus seolfaidh sé gnáth-ghnó an Chiste faoi stiúradh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Faoi réir rialuithe ghinearálta na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, beidh sé freagarthach in eagrú, ceapadh agus díbhe foirne an Chiste.

(c) Ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna don Stiúrthóir Bainistí agus don fhoireann, dlífidh an Ciste a ndualgais go léir díobh agus ní dhlífidh aon údarás eile aon dualgas díobh. Bhéarfaidh gach comhalta den Chiste d'aitheantas gur dualgas idirnáisiúnta an dualgas sin agus ní dhéanfaidh aon iarracht ar thionchar d'imirt ar aon duine den fhoireann i gcomhlíonadh a fheidhmeanna dhó.

(d) Nuair a bheas an Stiúrthóir Bainistí ag ceapadh na foirne, cuirfidh sé san áireamh go cuí, faoi réir a ró-thábhachtaí é na caighdeáin is airde éifeachta agus cumais teicnice d'áirithiú, gur ní tábhachtach na daoine a cheapfas sé a thoghadh as an méid is mó tíortha is féidir.

Alt 5.

Vótáil.

(a) Beidh ag gach comhalta dhá chéad caoga vóta móide vóta amháin breise in aghaidh gach coda dá chuóta is comhionann le céad míle de dhollaerí na Stát Aontaithe.

(b) Nuair is gá vótáil faoi Airteagal V, Alt 4 nó 5, déanfar an méid vótaí a mbeidh teideal chuige faoi (a) thuas ag gach comhalta a choigeartú.

(i) trí vóta amháin a chur leis in aghaidh gach cothroim cheithre chéad míle de dhollaerí na Stát Aontaithe d'airgeadra an chomhalta a glandíoladh suas go dtí dáta na vótála, nó

(ii) trí vóta amháin a bhaint as in aghaidh gach cothroim cheithre chéad míle de dhollaerí na Stát Aontaithe d'airgeadraí chomhaltaí eile a ghlan-cheannaigh an comhalta suas go dtí dáta na vótála;

ar choinníoll nach measfar am ar bith glan-cheannach ná glan-díol a bheith níos mó ná suim is comhionann le cuóta na chomhalta a bheas i gceist.

(c) Chun críche na ríomh uile faoin Alt seo, measfar dollaer na Stát Aontaithe bheith do réir an mheáchain agus na glaine a bhí i bhfeidhm an 1 Iúil, 1944, arna choigeartú do réir aon chomh-athruithe faoi Airteagal IV, Alt 7, má déantar tarscaoileadh faoi Alt 8(d) den Airteagal sin.

(d) Mura bhforáltar a mhalairt go sainráite, is trí thromhlach na vótaí a caithfear a déanfar cinnte uile an Chiste.

Alt 6.

Dáileadh an ghlan-ioncaim.

(a) Cinnfidh an Bord Rialtóirí gach bliain an chuid de ghlanioncam an Chiste a cuirfear i gcúlchiste agus an chuid a dáilfear má dáiltear aon chuid.

(b) Má déantar aon dáileadh, dáilfear, ar dtús, ar gach comhalta íocaíocht neamhcharnach 2 faoin gcéad ar an oiread a bhí 75 faoin gcéad dá chuóta níos mó ná an meán d'airgeadra an chomhalta sin a bhí ag an gCiste i rith na bliana sin. Íocfar an iarmhéid le gach comhalta i gcoibhneas lena chuóta. Is ina airgeadra féin a híocfar gach comhalta.

Alt 7.

Tuarascála d'fhoilsiú.

(a) Foilseoidh an Ciste tuarascáil in aghaidh na bliana ina mbeidh ráiteas iniúchóra ar a chuntais agus eiseoidh sé ráiteas achomair, gach trí mhí nó níos mincaí, ar a idirbhearta agus ar a shealúchais óir agus d'airgeadraí comhaltaí.

(b) Féadfaidh an Ciste pé tuarascála eile d'fhoilsiú is cuí leis chun a chuspóirí a chur i gcrích.

Alt 8.

Tuairimí a chur in iúl do chomhaltaí.

Beidh de cheart ag an gCiste gach tráth a thuairimí ar aon ní a thiocfas i gceist faoin gComhaontú seo a chur in iúl go neamhfhoirmeáilte d'aon chomhalta. Féadfaidh an Ciste, trí thromlach dhá dtrian na cumhachta iomláine vótála, a chinneadh go bhfoilseofar aon tuarascáil a tugadh do chomhalta i dtaobh coinníollacha agus cora airgeadaíochta nó géilleagair dá chuid ar cúis díreach iad le éagothroime mhór a theacht i gcomhardadh íocaíochtaí idirnáisiúnta na gcomhaltaí. Mura mbeidh teideal ag an gcomhalta stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, beidh teideal chun ionadaíochta aige do réir Ailt 3 (j) den Airteagal seo. Ní fhoilseoidh an Ciste tuarascáil a bhainfeas le hathruithe bunúsacha ar eagraíocht gheilleagar chomhaltaí.

Airteagal XIII. Oifigí agus Taisclanna

Alt 1.

Suíomh Oifigí.

Is i gcrích an chomhalta is mó cuóta a bheas príomh-oifig an Chiste, agus féadfar gníomhaireachtaí nó fo-oifigí a bhunú i gcríocha comhaltaí eile.

Alt 2.

Taisclanna.

(a) Ainmneoidh gach tír a bheas ina comhalta a banc ceannais féin mar thaisclann do shealúchais uile an Chiste dá hairgeadra nó, mura bhfuil banc ceannais aici, ainmneoidh sí pé foras eile lena nglacfaidh an Ciste.

(b) Féadfaidh an Ciste sócmhainní eile, lena n-áirítear ór, a choinneáil sna taisclanna a ainmneos na cúig comhaltaí is mó cuótaí agus i pé taisclanna ainmnithe eile a roghnós an Ciste. I dtosach, déanfar leath ar a laghad de shealúchais an Chiste a choinneáil sa taisclann a ainmneos an comhalta ar ina chríocha atá a phríomhoifig ag an gCiste agus coinneofar 40 faoin gcéad ar a laghad díobh sna taisclanna a ainmneos na ceithre comhaltaí eile dá dtagartar thuas. Ach le linn don Chiste aon ór d'aistriú, bhéarfar aird chuí ar chostas iompair agus ar an méid a measfar a bheas ag teastáil ón gCiste. I gcás éigeandála, féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin sealúchais óir uile an Chiste nó aon chuid díobh d'aistriú go dtí aon áit inar féidir iad a chosaint i gceart.

Alt 3.

Ráthú ar shócmhainní an Chiste.

Ráthaíonn gach comhalta sócmhainní uile an Chiste in aghaidh cailliúna de dheasca teip nó mainneachtana ag an taisclann d'ainmnigh sé.

Airteagal XIV. Idirthréimhse

Alt I.

Réamhrá.

Ní cuspóir don Chiste saoráidí a chur ar fáil le haghaidh faoisimh nó athfhoirgnithe nó chun déileáil le fiacha idirnáisiúnta do dheasca an chogaidh.

Alt 2.

Srianta le hIomlaoid.

San idirthréimhse tar éis an chogaidh, féadfaidh na comhaltaí, d'ainneoin forál aon airteagal eile den Chomhaontú seo, srianta le híocaíochtaí agus aistrithe le haghaidh idirbhearta reatha idirnáisiúnta a chothabháil agus a mhodhnú do réir mar athrós imthosca (agus, i gcás comhaltaí a raibh a gcríocha gafa ag an namhaid), srianta agus aistrithe den tsórt sin a chur i bhfeidhm más gá sin. Bhéarfaidh na comhaltaí, ámh, ina bpolasaíthe iomlaoide coigríche, dá n-aire i gcónaí cuspóiri an Chiste, agus, a thúisce a cheadós na himthosca é, déanfaid gach beart is féidir chun pé comhshocraíochtaí tráchtála agus airgeadais a chur chun cinn idir iad féin agus comhaltaí eile a éascós íocaíochtaí idirnáisiúnta agus a chothós cobhsaíocht iomlaoide. Déanfaidh na comhaltaí, go háirithe, srianta a bheas á gcothabháil nó a forchuireadh faoin alt seo a chealú a thúisce is deimhin leo go bhféadfaid, d'éagmais na srianta sin, a gcomhardadh íocaíochtaí a shocrú ar chuma nach bhfágfaidh gur ró-dheacair dóibh teacht ar acmhainní an Chiste.

Alt 3.

Fógra chun an Chiste.

Déanfaidh gach comhalta, sara dtaga sé chun bheith cáilithe faoi Airteagal XX, Alt 4 (c) nó (d) chun airgeadra a cheannach ón gCiste, a chur in iúl don Chiste cé acu atá beartaithe aige leas a bhaint as na comhshocraíochtaí idirthréimhse atá in Alt 2 den Airteagal seo nó atá sé ullamh ar ghlacadh leis na hoblagáidí atá in Airteagal VIII, Ailt 2, 3 agus 4. Comhalta a bhainfeas leas as na comhshocraíochtaí idirthréimhse, cuirfidh sé sin in iúl don Chiste a luaithe ina dhiaidh sin a bheas sé ullamh ar ghlacadh leis na hoblagáidí thuasluaite.

Alt 4.

Beart an Chiste maidir le srianta.

Trí bliana ar a mhéid tar éis an dáta a thosnós an Ciste ar a oibríochtaí agus gach bliain ina dhiaidh sin, bhéarfaidh an Ciste tuarascáil ar na srianta a bheas fós i bhfeidhm faoi Alt 2 den Airteagal seo. Cúig bliana ón dáta a thosnós an Ciste ar a oibríochtaí, agus gach bliain ina dhiaidh sin, ní mór d'aon chomhalta a mbeidh aon tsrianta i bhfeidhm fós aige, ar neamhréir le hAirteagal VIII, Ailt 2, 3 nó 4, dul i gcomhairle leis an gCiste maidir lena gcoinneáil i bhfeidhm a thuilleadh. Féadfaidh an Ciste, más dóigh leis gur gá sin a dhéanamh in imthosca neamhghnáthacha, a chur in iúl d'aon chomhalta go bhfuil cúrsaí fabharach le go bhféadfaí aon tsrian ar leith a chealú, nó éirí ar fad as srianta, atá ar neamhréir le forála aon airteagail eile den Chomhaontú seo. Bhéarfar am oiriúnach don chomhalta chun freagra a thabhairt ar na huiríolla sin. Más léir don Chiste go bhfuil an comhalta ag leanúint de shrianta a choinneáil i bhfeidhm atá neamhréir le cuspóirí an Chiste, beidh feidhm ag Airteagal XV, Alt 2 (a) maidir leis an gcomhalta.

Alt 5.

An idirthréimhse.

Bhéarfaidh an Ciste d'aitheantas, ina chaidreamh leis na comhaltaí, gur tréimhse athrúcháin agus choigeartuithe an tréimhse tar éis an chogaidh agus, le linn dó cinneadh a dhéanamh ar aon iarratas dá thoradh sin ó aon chomhalta, bhéarfaidh an Ciste sochar aon amhrais réasúnaigh don chomhalta.

Airteagal XV. Éirí as Comhaltas

Alt I.

Ceart comhaltaí chun éirí as.

Féadfaidh aon chomhalta éirí as an gCiste am ar bith trí fhógra i scríbhinn a chur chun an Chiste ag a phríomh-oifig. Tiocfaidh an éirí-as in éifeacht an dáta a gheobhfar an fógra sin.

Alt 2.

Éirí-as éigeantach.

(a) Má mhainníonn comhalta aon cheann áirithe dá oblagáidí faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Ciste a dhearbhú nach bhfuil an comhalta cáilithe chun acmhainní an Ciste d'úsáid. Ní measfar go gcuireann aon ní san Alt seo tórainn le forála Airteagail IV, Alt 6, Airteagail V, Alt 5, nó Airteagail VI, Alt 1.

(b) Más rud é, tar éis tréimhse réasúnach a bheith caite, go mbeidh comhalta ag leanúint air de bheith ag mainniú aon cheann áirithe dá oblaigádí faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh, nó go mbeidh a aighneas ar siúl fós idir comhalta agus an Ciste faoi Airteagal IV, Alt 6, féadfar a cheangal ar an gcomhalta sin éirí as a chomhaltas sa Chiste trí chinneadh ón mBórd Rialtóiri a rithfeas tromlach na rialtóirí a bheas ina n-ionadaithe do thromlach na cumhachta iomláine vótála.

(c) Glacfar le rialacháin chun a chinntiú, sara ndéantar beart in aghaidh aon chomhalta faoi (a) nó (b) thuas, go gcuirfear in iúl don chomhalta in am réasúnach an gearán atá ann ina choinne agus go dtabharfar deis cheart dó chun a chás féin a mhíniú de bhriathra béil agus i scríbhinn.

Alt 3.

Cuntais a shocrú le comhaltaí a éireos as.

Nuair a éireos comhalta as an gCiste, scoirfear de ghnáthidirbhearta an Chiste in airgeadra an chomhalta sin agus déanfar gach cuntas idir é agus an Ciste a shocrú go réasúnta luath trí chomhaontú idir é agus an Ciste. Mura ndéantar comhaontú go pras, beidh feidhm ag forála Sceideal D maidir le socrú cuntas.

Airteagal XVI. Forála Éigeandála

Alt 1.

Fionraí Sealadach.

(a) I gcás éigeandála, nó i gcás imthosca gan choinne ar baol iad d'oibríochtaí an Chiste, féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, trí vóta aon-ghutha, oibriú aon cheann de na forála seo a leanas d'fhionraí go ceann tréimhse nach sia ná céad is fiche lá:

(i) Airteagal IV, Ailt 3 agus 4 (b).

(ii) Airteagal V, Ailt 2, 3, 7, 8 (a) agus (f).

(iii) Airteagal VI, Alt 2.

(iv) Airteagal XI, Alt 1.

(b) Nuair a cinnfear aon cheann de na forála sin thuas d'fhionraí, déanfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, san am chéanna, cruinniú den Bhord Rialtóirí a ghairm le tionól, an dáta is luaithe is féidir.

(c) Ní fhéadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin aon fhionraí a shíneadh thar céad agus fiche lá. Féadfar, áfach, an fionraí sin a shíneadh go ceann tréimhse breise nach sia ná dhá chéad agus daichead lá, má chinneann an Bord Rialtóirí sin trí thromlach ceithre chúigiú na cumhachta iomláine vótála ach ní féadfar é a shíneadh a thuilleadh ach amháin trí leasú ar an gComhaontú seo de bhun Airteagail XVII.

(d) Féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, trí thromlach na cumhachta iomláine vótála, deireadh a chur leis an bhfionraí sin aon uair.

Alt 2.

Leachtú an Chiste.

(a) Ní féadfar an Ciste a leachtú ach trí chinneadh an Bhoird Rialtóirí. I gcás éigeandála, má chinneann na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin go mb'fhéidir gur gá an Ciste a leachtú, féadfaid gach idirbheart d'fhionraí go sealadach nó go ndéana an Bord cinneadh.

(b) Má chinneann an Bord Rialtóirí an Ciste a leachtú, scoirfidh an Ciste láithreach de gach gnó ach amháin gnó a bhainfeas lena shócmhainní a chruinniú agus a leachtú go hordúil agus a dhliteanais a shocrú, agus beidh deireadh le hoblagáidí uile na gcomhaltaí faoin gComhaontú seo ach amháin na hoblagáidí atá leagtha amach san Airteagal seo, in Airteagal XVIII, mír (c), i Sceideal D, mír 7, agus i Sceideal E.

(c) Riarfar leachtú do réir forál Sceidil E.

Airteagal XVII. Leasuithe

(a) Aon mholadh chun modhnuithe a dhéanamh sa Chomhaontú seo, pé acu ó chomhalta, ó rialtóir nó ó na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin é, bhéarfar do chathaoirleach an Bhoird Rialtóirí é agus cuirfidh seisean an moladh os comhair an Bhoird. Má cheadaíonn an Bord an leasú a molfar, fiafróidh an Ciste, trí chearcalán nó telegram, de na comhaltaí uile cé acu a ghlacaid nó nach nglacaid leis an leasú molta. Nuair a bheas glactha leis an leasú molta ag trí chúigiú cuid de na comhaltaí, agus ceithre chúigiú na cumhachta iomláine vótála acu, deimhneoidh an Ciste an méid sin trí scríbhinn fhoirmeáilte a bheas dírithe chun na gcomhaltaí uile.

(b) d'ainneoin (a) thuas, ní mór go nglacfaidh na comhaltaí uile le haon leasú a mhodhnós

(i) an ceart chun éirí as an gCiste (Airteagal XV, Alt 1);

(ii) an fhoráil nach ndéanfar aon athrú ar chuóta chomhalta gan cead an chomhalta sin (Airteagal III, Alt 2);

(iii) an fhoráil nach bhféadfar aon athrú a dhéanamh ar phar-luach airgeadra aon chomhalta ach amháin ar mholadh an chomhalta sin (Airteagal IV, Alt 5 (b)),

(c) Tiocfaidh leasuithe i bhfeidhm i leith gach comhalta trí mhí tar éis dáta na scríbhinne foirmeáilte mura sonraítear tréimhse níos giorra sa chearcalán nó sa telegram.

Airteagal XVIII. Léiriú

(a) Aon cheist faoi léiriú forál an Chomhaontuithe seo a éireos idir aon chomhalta agus an Ciste, nó idir aon chomhaltaí den Chiste, cuirfear faoi bhráid na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin í lena cinneadh. Má bhaineann an cheist go sonrach le haon chomhalta nach bhfuil teideal aige stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh beidh teideal aige chun ionadaíochta do réir Airteagail XII, Alt 3 (j).

(b) In aon chás ina mbeidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tar éis cinneadh a dhéanamh faoi (a) thuas, féadfaidh aon chomhalta a chur faoi deara go ndéanfar an cheist a tharchur chun an Bhoird Rialtóirí agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhoird Rialtóirí. Féadfaidh an Ciste gníomhú, a mhéid is dóigh leis is gá, ar chinneadh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin nó go mbeidh toradh ar an tarchur chun an Bhoird.

(c) Aon uair a éireos aighneas idir an Ciste agus comhalta a bheas tar éis éirí as an gCiste, nó idir an Ciste agus aon chomhalta le linn an Ciste a bheith á leachtú, cuirfear an t-aighneas sin faoi eadráin bhinse ar a mbeidh triúr eadránaithe arb é an Ciste a cheapfas duine dhíobh, arb é an comhalta nó an comhalta a bheas ag éirí as a cheapfas duine eile dhíobh agus moltóir a ceapfar, mura gcomhaontóidh na páirtithe ina thaobh, ag Uachtarán na Buan-Chúirte um Cheartas Idirnáisiúnta nó aon údarás eile a hordaíodh le rialachán ar ghlac an Ciste leis. Beidh lán-chumhacht ag an moltóir gach ceist faoi nós imeachta a shocrú in aon chás nach réiteoidh na páirtithe ina leith.

Airteagal XIX. Míniú Téarmaí

Ag léiriú forál an Chomhaontuithe seo dhóibh beidh an méid seo a leanas mar threoir ag an gCiste agus a chomhaltaí:

(a) Ciallaíonn cúltacaí airgeadaíochta chomhalta a ghlansealúchais oifigiúil óir, d'airgeadraí comhshóiteacha le comhaltaí eile agus d'airgeadraí pé neamhchomh altaí a shonrós an Ciste.

(b) Ciallaíonn sealúchais oifigiúla chomhalta príomhshealúchais (is é sin, sealúchais a Stát-Chiste, a bhainc cheannais, a chiste chobhsaíochta nó gníomhaireachta fioscaí den tsórt sin dá chuid).

(c) Féadfaidh an Ciste, in aon chás áirithe tar éis dul i gcomhairle le comhalta, sealúchais foras oifigiúla eile nó sealúchais bhanc eile i gcríocha an chomhalta sin d'áireamh mar shealúchais oifigiúla sa mhéid go bhfuil méid shubstainteach iontu thar iarmhéideanna oibre; ar choinníoll go ndéanfar, d'fhonn a chinneadh an bhfuil, i gcás áirithe, méid i sealúchais thar iarmhéideanna oibre, suimeanna airgeadra atá dlite d'fhorais oifigiúla agus do bhancanna i gcríocha comhaltaí nó neamhchomhaltaí a sonraítear faoi (d) thíos a bhaint as na sealúchais sin.

(d) Ciallaíonn sealúchais chomhalta d'airgeadraí comhshóiteacha a shealúchais d'airgeadraí chomhaltaí eile nach bhfuil ag baint leasa as na comhshocraíochtaí idirthréimhse faoi Airteagal XIV, Alt 2, maraon lena shealúchais d'airgeadraí pé neamhchomhaltaí a shonrós an Ciste ó am go ham. Chun na chríche seo, folaíonn an téarma airgeadra, gan tórainn, mona, airgead páipéir, comharduithe banc, glacaíochtaí bainc agus oblagáidí rialtais arna n-eisiúint faoi réim tréimhse aibíochta nach sia ná dhá mhí dhéag.

(e) Chun cúltacaí airgeadaíochta chomhalta a ríomh, bainfear as a shealúchais lárnacha an méid airgeadra atá dlite do Stát-Chistí, do bhainc cheannais, do chistí cobhsaíochta nó do ghníomhaireachtaí fioscacha dá samhail de chuid comhaltaí eile nó neamhchomhaltaí a sonraítear faoi (d) thuas, maraon le dliteanais den tsórt céanna atá dlite d'fhorais oifigiúla eile agus do bhainc eile i gcríocha comhaltaí nó neamhchomhaltaí a sonraítear faoi (d) thuas. Cuirfear leis na glan sealúchais sin na suimeanna a meastar gur sealúchais oifigiúla iad le forais oifigiúla eile agus le bainc eile faoi (c) thuas.

(f) Folóidh sealúchais an Chiste d'airgeadra chomhalta aon urrúis lenar ghlac an Ciste faoi Airteagal III, Alt 5.

(g) Tar éis don Chiste dul i gcomhairle le comhalta atá ag baint leasa as na comhshocraíochtaí idirthréimhse faoi Airteagal XIV, Alt 2, féadfaidh sé, chun cúltaca airgeadaíochta a ríomh, a mheas gur sealúchais d'airgeadra comhshóiteach sealúchais airgeadra de chuid an chomhalta sin lena ngabhann cearta sonraithe chun a gcomhshóite ina n-airgeadra eile nó ina n-ór.

(h) Chun suibscríobhanna óir faoi Airteagal III, Alt 3, a ríomh, is é a bheas i nglan-sealúchais oifigiúla chomhalta d'ór agus de dhollaerí na Stát-Aontaithe a ghlansealúchais oifigiúla óir agus d'airgeadra na Stát Aontaithe tar éis sealúchais lárnacha dá airgeadra féin atá ag tíortha eile agus sealúchais dá airgeadra atá ag forais oifigiúla eile agus ag bainc eile d'asbhaint má ghabhann cearta sonraithe leis na sealúchais sin chun a gcomhshóite ina n-ór nó ina n-airgeadra de chuid na Stát Aontaithe.

(i) Ciallaíonn íocaíochtaí i leith idirbheart reatha íocaíochtaí chun caipiteal d'aistriú, agus nach íocaíochtaí folaíd, gan tórainn:

(1) Gach íocaíocht atá dlite i ndáil le trádáil choigríche, gnó reatha eile, lena n-áirítear seirbhísí, agus gnáth-shaoráidí gearr-théarma bancaerachta agus creidiúna;

(2) Iocaíochtaí atá dlite mar ús ar iasachtaí agus mar ghlan-ioncaim ó infheistíochtaí eile;

(3) Iocaíochtaí de mhéid mheasartha i leith amúchadh iasachtaí nó díluachadh infheistíochtaí díreacha;

(4) Seoltáin mheasartha le haghaidh costas maireachtana teaghlaigh.

Tar éis don Chiste dul i gcomhairle leis na comhaltaí lena mbainfidh, féadfaidh sé a chinneadh an measfar gur idirbhearta reatha nó idirbhearta caipitil idirbhearta sonracha áirithe.

Airteagal XX. Forála Deiridh

Alt 1.

Teacht i bhfeidhm.

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm nuair a bheas sé arna shíniú thar ceann rialtas ag a bhfuil 65 faoin gcéad d'iomlán na gcuótaí atá leagtha amach i Sceideal A agus ar na hionstraimí dá dtagartar in Alt 2 (a) den Airteagal seo a bheith taiscthe thar a gceann, ach in aon chás ní thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm roimh an 1 Bealtaine, 1945.

Alt 2.

Síniú.

(a) Gach rialtas a síneofar an Comhaontú seo thar a cheann, taiscfidh sé le Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá ionstraim á rá go bhfuil glactha aige leis an gComhaontú seo do réir a dhlí féin agus go bhfuil gach beart déanta aige is gá chun a chur ar a chumas a oblagáidí uile faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh.

(b) Beidh gach rialtas ina chomhalta den Chiste amhail ón dáta a taiscfear thar a cheann an ionstraim dá dtagartar in (a) thuas, ach ní bheidh aon rialtas ina chomhalta sara dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi Alt 1 den Airteagal seo.

(c) Déanfaidh Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá na sínithe uile a cuirfear leis an gComhaontú seo agus taisceadh gach ionstraime dá dtagartar in (a) thuas a chur in iúl do rialtais na dtíortha uile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A agus do na rialtais uile a gceadófar a gcomhaltas do réir Airteagail II, Alt 2.

(d) An tráth a síneofar an Comhaontú seo thar a cheann cuirfidh gach rialtas go dtí Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá an céadú cuid de 1 faoin gcéad dá shuibscríobh iomlán in ór nó i ndollaerí Stát Aontaithe faoi chomhair costas riaracháin an Chiste. Coinneoidh Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá na cistí sin i gcuntas taisce speisialta agus cuirfidh iad go dtí Bord Rialtóirí an Chiste nuair a beifear tar éis an cruinniú tionscnaimh a ghairm faoi Alt 3 den Airteagal seo. Mura mbeidh an Comhaontú seo tagtha i bhfeidhm 31 Nollaig, 1945, bhéarfaidh Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá na cistí sin ar ais do na rialtais a chuir isteach iad.

(e) Fanfaidh an Comhaontú seo ar oscailt, go dtí an 31 Nollaig, 1945, chun a shínithe i Washington thar ceann rialtas na dtíortha a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A.

(f) Tar éis an 31 Nollaig, 1945, beidh an Comhaontú seo ar oscailt chun a shínithe thar ceann rialtais aon tíre a gcéadófar a chomhaltas do réir Airteagail II, Alt 2.

(g) Trína shíniú a chur leis an gComhaontú seo, glacann gach rialtas leis thar a cheann féin agus thar ceann a chóilínteachtaí uile agus i leith a chríoch thar lear uile agus thar ceann na gcríoch uile atá faoina chaomhnadh, faoina ardfhlathúnas nó faoina údarás agus thar ceann na gcríoch uile a bhfuil mandáid á feidhmiú ag an rialtas sin ina leith.

(h) I gcás rialtas a bhfuil a chríocha metrapoliteacha tar éis bheith i seilbh namhad, féadfar taisceadh na hionstraime dá dtagartar in (a) thuas a mhoilliú go ceann céad agus ochto lá tar éis dáta saortha na gcríoch sin. Más rud é, áfach, nach ndéanfaidh aon rialtas den tsórt sin í a thaisceadh roimh dheireadh na tréimhse sin, beidh an síniú a cuireadh síos thar ceann an rialtais sin ar neamhní agus bhéarfar ar ais dó an chuid dá shuibscríobh a híocadh faoi (d) thuas.

(i) Tiocfaidh míreanna (d) agus (h) i bhfeidhm i gcás gach rialtais shínithigh amhail ó dháta a shínithe.

Alt 3.

Tionscnamh an Chiste.

(a) A thúisce a thiocfas an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi Alt 1 den Airteagal seo, ceapfaidh gach comhalta rialtóir agus gairmfidh an comhalta is mó cuóta an chéad chruinniú den Bhord Rialtóirí.

(b) Ag an gcéad chruinniú den Bhord Rialtóirí déanfar comhshocraíochtaí chun stiúrthóirí feidhmiúcháin sealadacha a roghnú. Déanfaidh rialtais na gcúig tíortha dá bhfuil na cuótaí is mó leagtha amach i Sceideal A stiúrthóirí feidhmiúcháin sealadacha a cheapadh. Má bhíonn ceann nó níos mó de na rialtais sin gan bheith ina gcomhaltaí, fanfaidh na stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin a mbeadh teideal acu iad a líonadh folamh go dtí go ndéanfaidh comhaltaí dhíobh, nó go dtí an 1 Eanáir, 1946, pé acu sin is túisce. Déanfar seachtar stiúrthóirí feidhmiúcháin sealadacha a thoghadh do réir forál Sceidil C agus fanfaid in oifig go dtí dáta an chéad toghcháin rialta do stiúrthóirí feidhmiúcháin agus cuirfear an toghchán sin ar siúl a luaithe is féidir tar éis an 1 Eanáir, 1946.

(c) Féadfaidh an Bord Rialtóirí aon chumhachta a tharmligean chun na stiúrthóirí feidhmiúcháin sealadacha ach amháin na cumhachta nach cead a tharmligean chun na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin.

Alt 4.

Cinneadh tosaigh par-luach.

(a) Nuair a cheapfas an Ciste gur gearr go mbeidh sé ábalta ar thosnú ar idirbhearta iomlaoide, cuirfidh sé sin in iúl do na comhaltaí agus iarrfaidh sé ar gach comhalta tuairisc a thabhairt laistigh de thríocha lá faoi phar-luach a airgeadra do réir na rátaí iomlaoide a bhí ann ar an seascadú lá sara dtáinig an Comhaontú seo i bhfeidhm. Ní hiarrfar ar aon chomhalta a raibh a chríoch mhetrapolaiteach i seilbh namhad an tuairisc sin a thabhairt an fhad is láthair mhór-chogaíochta an chríoch sin nó go ceann pé tréimhse dá éis sin a chinnfeas an Ciste. Nuair a chuirfeas comhalta den tsórt sin par-luach a airgeadra in iúl beidh feidhm ag forála (d) thíos.

(b) Is é an par-luach a dhéanfas comhalta nach raibh a chríoch mhetrapolaiteach i seilbh namhad a chur in iúl par-luach airgeadra an chomhalta sin chun críocha an Chomhaontuithe seo mura dtarlaí, laistigh de nócha lá tar éis an t-iarratas a luaitear in (a) thuas d'fháil, (i) go dtabharfaidh an comhalta fógra don Chiste go measann sé nach par-luach sásúil é nó (ii) go dtabharfaidh an Ciste fógra don chomhalta nach dóigh leis gur féidir an par-luach a chothabháil gan é a bheith ar an gcomhalta sin nó ar chomhaltaí eile bheith ag baint oiread sin leasa as an gCiste go mba dhochar don Chiste agus do chomhaltaí é. Nuair a tabharfar fógra faoi (i) nó (ii) thuas, comhaontóidh an Ciste agus an comhalta, laistigh de thréimhse a chinnfeas an Ciste ag féachaint do na dála iomchuí go léir, ar phar-luach oiriúnach don airgeadra sin. Mura gcomhaontaí an Ciste agus an comhalta laistigh den tréimhse a cinnfear amhlaidh, measfar an comhalta a bheith éirithe as an gCiste an dáta a chríochnós an tréimhse.

(c) Nuair a bheas par-luach airgeadra chomhalta bunaithe faoi (b) thuas, trí imeacht nócha lá gan fógra, nó trí chomhaontú iar bhfógra, beidh an comhalta cáilithe chun airgeadraí chomhaltaí eile a cheannach ón gCiste a mhéid go huile a ceadaítear sa Chomhaontú seo, má bhíonn an Ciste tar éis tosnú ar idirbhearta iomlaoide.

(d) I gcás comhalta a raibh a chríoch mhetrapolaiteach i seilbh namhad, beidh feidhm ag forála (b) thuas, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(i) Sínfear an tréimhse nócha lá chun go gcríochnóidh sí ar dháta a socrófar trí chomhaontú idir an Ciste agus an comhalta.

(ii) Laistigh den tréimhse sínte sin, féadfaidh an comhalta, má bhíonn tosnuithe ag an gCiste ar idirbhearta iomlaoide, airgeadraí chomhaltaí eile a cheannach ón gCiste ar a airgeadra féin, ach sin faoi réir pé coinníollacha agus pé suimeanna dhe a ordós an Ciste.

(iii) Aon tráth roimh an dáta a socrófar faoi (i) thuas, féadfar athruithe a dhéanamh, trí chomhaontú leis an gCiste, ar phar-luach a tuairiscíodh faoi (a) thuas.

(e) Má dhéanann comhalta a raibh a chríoch mhetrapolaiteach i seilbh namhad aonad nua airgeadaíochta a ghlacadh chuige roimh an dáta a bheas le socrú faoi (d) (i) thuas, cuirfear in iúl don Chiste an parluach a bheas an comhalta sin tar éis a shocrú don aonad nua agus beidh feidhm le forála (d) thuas.

(f) Ní déanfar athruithe ar phar-luacha ar a gcomhaontófar leis an gCiste faoin Alt seo a chur i gcuntas le linn a bheith á chinneadh cé acu faoi réim (i), (ii) nó (iii) d'Airteagal IV, Alt 5 (c) d'athrú a molfar a dhéanamh.

(g) Aon chomhalta a chuirfeas par-luach in iúl don Chiste i leith airgeadra a chríche metrapolaití, cuirfidh san am chéanna luach in iúl, i dtéarmaí an airgeadra sin, le haghaidh gach airgeadra ar leith, mar a bhfuil airgeadra den tsórt sin, sna críocha a mbeidh sé tar éis glacadh leis an gComhaontú seo ina leith faoi Alt 2 (g) den Airteagal seo, ach ní bheidh de cheangal ar aon chomhalta luach a chur in iúl le haghaidh airgeadra ar leith aon chríche a bhí i seilbh namhad an fhad is láthair mhór-chogaíochta an chríoch sin nó go ceann pé tréimhse dá éis sin a chinnfeas an Ciste. Déanfaidh an Ciste par-luach gach airgeadra ar leith a ríomh do réir an phar-luacha a cuirfear in iúl amhlaidh. Aon tuairisc nó fógra a bhéarfar don Chiste faoi (a), (b) nó (d) thuas maidir le par-luach airgeadra, measfar, mura luaitear a mhalairt, gur tuairisc nó fógra freisin é maidir le par-luach na n-airgeadraí ar leith uile dá dtagartar thuas. Féadfaidh aon chomhalta, áfach, tuairisc nó fógra a thabhairt nach mbainfidh ach leis an airgeadra metrapolaiteach nó le haon cheann áirithe de na hairgeadraí ar leith. Má dhéanann an comhalta amhlaidh, bainfidh forála na míreanna roimhe seo (ar a n-áirítear (d) thuas, má bhí críoch a bhfuil airgeadra ar leith ann i seilbh namhad) le gach ceann de na hairgeadraí sin ar leith.

(h) Tosnóidh an Ciste ar idirbhearta iomlaoide pé dáta a chinnfeas sé tar éis comhaltaí ag a mbeidh 65 faoin gcéad d'iomlán na gcuótaí atá leagtha amach i Sceideal A teacht chun bheith cáilithe, do réir na míreanna roimhe seo den Alt seo, chun airgeadraí comhaltaí eile a cheannach, ach in aon chás ní thosnóidh an Ciste amhlaidh nó go mbeidh deireadh leis an mór-chogaíocht san Eoraip.

(i) Féadfaidh an Ciste idirbhearta iomlaoide le haon chomhalta a chur siar más amhlaidh dá dhála gur dóigh leis an gCiste go dtiocfaidh de na hidirbhearta sin acmhainní an Chiste a bheith á n-úsáid ar neamhréir le cuspóirí an Chomhaontuithe seo nó chun dochair don Chiste nó do na comhaltaí.

(j) Is do réir forál Airteagail II, Alt 2, a cinnfear parluacha airgeadraí na rialtas a chuirfeas in iúl gur mian leo bheith ina gcomhaltaí tar éis an 31 Nollaig, 1945.

Arna dhéanamh i Washington in aon chóip amháin a fhanfas i dtaisce i gcairtlanna Rialtais Stát Aontaithe Mheiriceá a chuirfeas cóipeanna deimhnithe go dtí na rialtais uile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A agus go dtí na rialtais uile a gceadófar a gcomhaltas do réir Airteagail II, Alt 2.

Sceideal A. Cuótaí

(milliúin de dhollaerí Stát Aontaithe)

An Astráil..........

200

An Iráic............

8

An Bheilg..........

225

An Libéir..........

·5

An Bholaive........

10

Lucsambúrg........

10

An Bhrasaíl........

150

Meichiceo..........

90

Ceanada............

300

An Isiltír..........

275

An tSile............

50

An Nua-Shéalainn

50

An tSín............

550

Nicearagua........

2

Colóimbe..........

50

An Ioruaidh........

50

Costa Rica..........

5

Panama............

·5

Ciúba..............

50

Paragua..........

2

An tSeicslóvaic......

125

Peiriú............

25

An Danmhairg......

(1 )

An Comhfhlathas

An Phoblacht

Filipeach........

15

Doiminiceach....

5

An Pholainn........

125

An tEacuadór......

5

Aontas na hAfraice

An Eigipt..........

45

Theas............

100

El Salvadór........

2·5

Aontas na bPoblacht

An Eatóip..........

6

Soivéideach

An Fhrainc........

450

Sóis ialach............

1,200

An Ghréig..........

40

An Ríocht Aontaithe

1,300

Guatamála........

5

Na Stáit Aontaithe..

2,750

Haití..............

5

Urugua............

15

Hondúras..........

2·5

Veiniséala..........

15

An Íoslainn........

1

An Iúgslaiv........

60

An India..........

400

_____

An Iaráin..........

25

An tIomlán..

8,800

Sceideal B. Forála i leith Comhalta d'Athcheannach Airgeadra Dá Chuid atá ag an gCiste

1. Nuair a beifear a chinneadh cá hoiread d'airgeadra chomhalta a hathcheannófar ón gCiste faoi Airteagal V, Alt 7 (b), le gach cineál cúltaca airgeadaíochta, is é sin, le hór agus le gach airgeadra comhshóiteach, beidh feidhm, faoi réir 2 thíos, ag an riail seo a leanas:

(a) Mura mbeidh cúltacaí airgeadaíochta an chomhalta tar éis méadú in imeacht na bliana, déanfar an méid is iníoctha leis an gCiste a roinnt ar na cineálacha uile cúltaca i gcoibhneas le sealúchais an chomhalta dhíobh i ndeireadh na bliana.

(b) Má bhíonn cúltacaí airgeadaíochta an chomhalta tar éis méadú in imeacht na bliana, déanfar cuid den méid is iníoctha leis an gCiste, is comhionann le leath an mhéaduithe, a roinnt ar na cineálacha cúltaca a mhéadaigh i gcoibhneas leis an oiread a mhéadaigh gach ceann acu. Déanfar an chuid eile den tsuim is iníoctha leis an gCiste a roinnt ar gach cineál cúltaca i gcoibhneas lena mbeidh fágtha den chéanna ag an gcomhalta.

(c) Más rud é, tar éis an t-athcheannach go léir a bheith déanta a ceanglaítear faoi Airteagal V, Alt 7 (b), go raghadh an toradh thar aon tórainn dá sonraítear in Airteagal V, Alt 7 (c), ceanglóidh an Ciste go ndéanfaidh na comhaltaí an t-athcheannach sin go cionúireach ar mhodh nach raghfar thar na tórainneacha.

2. Ní bhfaighidh an Ciste airgeadra aon neamhchomhalta faoi Airteagal V, Alt 7 (b) agus (c).

3. Nuair a beifear ag ríomh cúltacaí airgeadaíochta agus an mhéaduithe ar chúltacaí airgeadaíochta i gcaitheamh aon bhliana chun críche Airteagail V, Alt 7, (b) agus (c) ní háireofar, mura mbeidh asbhaintí déanta ar chuma eile ag an gcomhalta i leith na sealúchas sin, aon mhéadú ar na cúltacaí airgeadaíochta sin de dhroim airgeadra a bhí neamh-chomhshóiteach roimhe sin a theacht chun bheith comhshóiteach i rith na bliana; sealúchais is sochair iasachta fad-téarma nó meán-téarma a fuarthas i rith na bliana; nó sealúchais a haistríodh nó a cuireadh de leataobh chun iasacht d'aisíoc i rith na bliana dá éis.

4. I gcás comhaltaí a raibh a gcríocha metrapolaiteacha i seilbh namhad, ní déanfar, nuair a beifear ag ríomh a gcúltacaí airgeadaíochta nó méaduithe ar a gcúltacaí airgeadaíochta, aon ór d'áireamh a táirgeadh i gcéadóir, i rith na gcúig mblian tar éis an Comhaontú seo a theacht i bhfeidhm, as mianaigh ina gcríocha metrapolaiteacha.

Sceideal C. Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a Thoghadh

1. Toghfar na stiúrthóirí feidhmiúcháin toghaí trí vótaí na rialtóirí atá cáilithe chun vótáil faoi Airteagal XII, Alt 3 (b) (iii) agus (iv).

2. Sa vótáil don chúigear stiúrthóirí atá le toghadh faoi Airteagal XII, Alt 3 (b) (iii), déanfaidh gach rialtóir atá cáilithe chun vótála na vótaí uile a bhfuil teideal aige chucu faoi Airteagal XII, Alt 5 (a) a chaitheamh d'aon duine amháin. Is iad an cúigear daoine is mó a gheobhas vótaí a bheas ina stiúrthóirí, ach ní measfar aon duine a bheith tofa a fuair níos lú ná 19 faoin gcéad den líon iomlán vótaí (vótaí cáilithe) is féidir a chaitheamh.

3. Nuair nach dtoghfar cúigear daoine den chéad vótáil, déanfar an dara vótáil agus ní bheidh an duine is lú a fuair vótaí cáilithe chun a thofa agus ní vótálfaidh ach (a) na rialtóirí a vótáil sa chéad vótáil do dhuine nár toghadh, agus (b) na rialtóirí a measfar faoi 4 thíos go ndearna na vótaí a chaitheadar do dhuine a toghadh na vótaí don duine sin a mhéadú thar 20 faoin gcéad de na vótaí cáilithe.

4. Nuair a beifear a chinneadh an measfar go bhfuil na vótaí a chaith rialtóir tar éis iomlán vótaí aon duine a mhéadú thar 20 faoin gcéad de na vótaí cáilithe, measfar go bhfolaíonn an 20 faoin gcéad, sa chéad áit, vótaí an rialtóra is mó a chaith vótaí don duine sin, ansin vótaí an rialtóra a chaith an dara méid is mó, agus mar sin de go sroichfear 20 faoin gcéad.

5. Aon rialtóir nach mór cuid dá vótaí a chomhaireamh chun iomlán vótaí aon duine a mhéadú thar 19 faoin gcéad, measfar gur chaith sé a vótaí uile don duine sin fiú má fhágann sin go raghaidh iomlán na vótaí don duine sin thar 20 faoin gcéad.

6. Mura mbeidh cúigear daoine tofa tar éis an dara vótáil, déanfar vótála eile do réir na bprionsabal céanna go dtí go mbeidh cúigear daoine tofa, ach, tar éis ceathrar daoine a bheith tofa, féadfar an cúigiú duine a thoghadh le gnáth-thromlach na vótaí a bheas fágtha agus measfar é bheith arna thoghadh leis na vótaí sin go léir.

7. Na stiúrthóirí a bheas le toghadh ag na Poblachtaí Meiriceánacha faoi Airteagal XII, Alt 3 (b) (iv), toghfar iad mar leanas:

(a) Déanfar gach stiúrthóir a thoghadh ar leithligh.

(b) Nuair a beifear ag toghadh an chéad stiúrthóra, déanfaidh gach stiúrthóir is ionadaí do Phoblacht Mheiriceánach a bheas cáilithe chun bheith páirteach sa toghchán na vótaí uile a bhfuil teideal aige chucu a chaitheamh do dhuine amháin. Beidh an duine is mó a gheobhas vótaí arna thoghadh má bhíonn sé tar éis 45 faoin gcéad ar a laghad de na vótaí uile d'fháil.

(c) Mura dtoghtar aon duine den chéad vótáil, déanfar vótála eile agus i ngach ceann acu ligfear ar lár an duine is lú a gheobhas vótaí, go dtí go bhfaighidh duine amháin uimhir vótaí is leor chun é thoghadh faoi (b) thuas.

(d) Rialtóirí ar chuidigh a vótaí le toghadh an chéad stiúrthóra, ní ghlacfaid aon pháirt i dtoghadh an dara stiúrthóra.

(e) Daoine nár éirigh leo sa chéad toghchán, ní bheid cáilithe chun a dtofa mar dhara stiúrthóir.

(f) Chun an dara stiúrthóir a thoghadh, teastóidh tromlach na vótaí is féidir a chaitheamh. Mura bhfaighe aon duine tromlach sa chéad vótáil déanfar vótála eile agus i ngach ceann díobh ligfear ar lár an duine is lú a gheobhas vótaí go dtí go bhfaighidh duine éigin tromlach.

(g) Measfar an dara stiúrthóir a bheith arna thoghadh leis na vótaí uile d'fhéadfaí a chaitheamh sa vótáil inar toghadh é.

Sceideal D. Socrú Cuntas le Comhaltaí a Eireos as an gCiste

1. Beidh d'oblagáid ar an gCiste suim is ionann agus cuóta an chomhalta sin d'íoc le haon chomhalta a éireos as, móide aon tsuimeanna eile a bheas dlite dhó ón gCiste, lúide aon tsuimeanna a bheas dlite don Chiste, ar a n-áirítear muirir a fhaibreos tar éis an dáta a éireos an comhalta sin as; ach ní déanfar aon íocaíocht go ceann sé mhí tar éis dáta an éirí-as. In airgeadra an chomhalta sin a éireos as a déanfar na híocaíochtaí.

2. Mura leor sealúchais an Chiste d'airgeadra an chomhalta a éireos as chun an glan-mhéid d'íoc a bheas dlite den Chiste, íocfar an iarmhéid in ór, nó ar pé cuma eile ar a gcomhaontófar. Mura ndéana an Ciste agus an comhalta a éireos as comhaontú laistigh de shé mhí ó dháta an éirí-as, déanfar an t-airgeadra sin a bheas ag an gCiste d'íoc láithreach leis an gcomhalta sin a éireos as. Déanfar aon iarmhéid a bheas dlite d'íoc ina dheich dtráthchoda leathbhliantúla i rith na gcúig mblian ina dhiaidh sin. Íocfar gach tráthchuid díobh sin, do réir mar is rogha leis an gCiste, in airgeadra de chuid an chomhalta a éireos as a gheofar tar éis dó éirí as nó trí ór a sheachadadh.

3. Má mhainníonn an Ciste aon tráthchuid d'íoc a bheas dlite do réir na míreanna sin roimhe seo beidh de theideal ag an gcomhalta a éireos as a cheangal ar an gCiste an tráthchuid d'íoc in aon airgeadra a bheas i seilbh an Chiste ach amháin aon airgeadra a mbeifear tar éis a dhearbhú faoi Airteagal VII, Alt 3 go bhfuil sé gann.

4. Más mó sealúchais an Chiste d'airgeadra chomhalta a éireos as ná an méid a bheas dlite dhó, agus mura gcomhaontaítear ar an modh socruithe cuntas laistigh de shé mhí ó dháta an éirí-as, beidh d'oblagáid ar an iarchomhalta an t-airgeadra breise sin d'fhuascailt in ór nó, más rogha leis, in airgeadraí chomhaltaí ar airgeadraí iad a bheas comhshóiteach tráth na fuascailte. Déanfar an fhuascailt do réir na parachta a bhí ann an tráth a héiríodh as an gCiste. Déanfaidh an comhalta a éireos as an fhuascailt a chríochnú laistigh de chúig bliana ó dháta an éirí-as, nó laistigh de pé tréimhse is sia ná sin a shocrós an Ciste, ach ní bheidh de cheangal air fuascailt a dhéanamh, in aon tréimhse leath-bhliana, ar níos mó ná an deichiú cuid de shealúchais bharrachais an Chiste dá airgeadra ar dháta an éirí-as móide fáltais bhreise den airgeadra i rith na tréimhse leath-bhliana sin. Mura ndéana an comhalta a éireos as an oblagáid sin a chomhlíonadh, féadfaidh an Ciste an méid airgeadra ba cheart d'fhuascailt a leachtú go hordúil ar aon mhargadh.

5. Aon chomhalta ar mian leis airgeadra le comhalta a bheas tar éis éirí as d'fháil gheobhaidh sé é trína cheannach ón gCiste, a oiread a bheas teacht ag an gcomhalta sin ar acmhainní an Chiste agus a oiread a bheas an t-airgeadra sin ar fáil faoi 4 thuas.

6. Ráthaíonn comhalta a éireos as cead úsáid gan srian a bhaint gach tráth as an airgeadra a déanfar a dhiúscairt faoi 4 agus 5 thuas chun earraí a cheannach nó chun suimeanna d'íoc a bheas dlite dhó nó do dhaoine ina chríocha. Cúiteoidh sé leis an gCiste aon chailliúint de dheasca na difríochta idir par-luach a airgeadra ar dháta an éirí-as agus an luach a fuair an Ciste trí dhiúscairt faoi 4 agus 5 thuas.

7. Má leachtaítear an Ciste faoi Alt XVI, Alt 2, laistigh de shé mhí ón dáta d'éirigh an comhalta as déanfar an cuntas idir an Ciste agus an rialtas sin a shocrú do réir Airteagail XVI, Alt 2, agus Sceidil E.

Sceideal E. Leachtú a Riaradh

1. Má déantar leachtú beidh tosaíocht ag dliteanais an Chiste seachas aisíoc ranníoc le linn sócmhainní an Chiste a bheith á n-imdháil. Chun gach dliteanas den tsórt sin a ghlanadh úsáidfidh an Ciste a shócmhainní san ord seo a leanas:

(a) an t-airgeadra inar iníoctha an dliteanas;

(b) ór;

(c) gach airgeadra eile i gcoibhneas, a oiread is féidir, le cuótaí na gcomhaltaí.

2. Tar éis dliteanais an Chiste a bheith glanta do réir 1 thuas, déanfar iarmhéid sócmhainní an Chiste d'imdháil agus a chionroinnt mar leanas:

(a) Déanfaidh an Ciste a shealúchais óir d'imdháil ar na comhaltaí ar lú ná a gcuótaí dá gcuid na méideanna dá airgeadraí atá i seilbh an Chiste. Gheobhaidh na comhaltaí sin a gcion den ór a himdháilfear amhlaidh i gcomhréir leis an méid a bheas a gcuótaí níos mó ná sealúchais an Chiste dá n-airgeadraí.

(b) Imdháilfidh an Ciste ar gach comhalta leath sealúchais an Chiste dá airgeadra, ach ní himdháilfear amhlaidh níos mó ná 50 faoin gcéad dá chuóta.

(c) Déanfaidh an Ciste a mbeidh fágtha aige dá shealúchais de gach airgeadra a chionroinnt ar na comhaltaí uile i gcoibhneas leis na suimeanna a bheas dlite do gach comhalta tar éis na n-imdhála faoi (a) agus (b) thuas.

3. Fuasclóidh gach comhalta na sealúchais dá airgeadra a cionroinnfear ar chomhaltaí eile faoi 2 (c) thuas, agus, laistigh de thrí mhí tar éis cinneadh ar leachtú, comhaontóidh sé leis an gCiste ar nós imeachta ordúil le haghaidh na fuascailte sin.

4. Má bhíonn comhalta gan comhaontú a dhéanamh leis an gCiste laistigh den tréimhse trí mhí dá dtagartar i 3 thuas, déanfaidh an Ciste na hairgeadraí le comhaltaí eile a cionroinneadh ar an gcomhalta sin faoi 2 (c) thuas d'úsáid chun an t-airgeadra leis an gcomhalta sin a cionroinneadh ar chomhaltaí eile d'fhuascailt. Déanfar gach airgeadra a cionroinneadh ar chomhalta nár chomhaontaigh fós d'úsáid, an oiread is féidir, chun an t-airgeadra dá chuid d'fhuascailt a cionroinneadh ar na comhaltaí a chomhaontaigh leis an gCiste faoi 3 thuas.

5. Má bhíonn comhalta tar éis comhaontú leis an gCiste do réir 3 thuas, déanfaidh an Ciste na hairgeadraí le comhaltaí eile a cionroinneadh ar an gcomhalta sin faoi 2 (c) thuas d'úsáid chun an t-airgeadra leis an gcomhalta sin a cionroinneadh ar chomhaltaí eile a chomhaontaigh leis an gCiste faoi 3 thuas d'fhuascailt. Gach suim a fuasclófar amhlaidh is in airgeadra an chomhalta ar ar cionroinneadh í a fuasclófar í.

6. Tar éis déanamh do réir na míreanna sin roimhe seo, íocfaidh an Ciste le gach comhalta na hairgeadraí a bheas fágtha ina sheilbh dá chuntas.

7. Déanfaidh gach comhalta a mbeifear tar éis airgeadra leis d'imdháil ar chomhaltaí eile faoi 6 thuas an t-airgeadra sin d'fhuascailt in ór nó, más rogha leis, in airgeadra an chomhalta a iarrfas fuascailt, nó i pé slí eile ar a gcomhaontóid. Mura gcomhaontaí na comhaltaí lena mbainfidh ar a mhalairt, déanfaidh an comhalta a mbeidh d'oblagáid air fuascailt an fhuascailt a chríochnú laistigh de chúig bliana ó dháta na himdhála ach ní bheidh de cheangal air fuascailt a dhéanamh, in aon tréimhse leath-bhliana, ar níos mó ná an deichiú cuid den méid a himdhláileadh ar gach comhalta eile. Mura ndéana an comhalta an oblagáid sin a chomhlíonadh, féadfar an méid airgeadra ba cheart d'fhuascailt a leachtú go hordúil ar aon mhargadh.

8. Gach comhalta a mbeifear tar éis a airgeadra d'imdháil ar chomhaltaí eile faoi 6 thuas, ráthaíonn sé cead úsáid gan srian a bhaint gach tráth as an airgeadra sin chun earraí a cheannach nó chun suimeanna d'íoc a bheas dlite dhó nó do dhaoine ina chríocha. Comhaontaíonn gach comhalta ar a mbeidh an oblagáid sin cúiteamh a thabhairt do chomhaltaí eile in aon chailliúint de dheasca na difríochta idir par-luach a airgeadra ar an dáta a cinneadh an Ciste a leachtú agus an luach a fuair na comhaltaí sin ar a airgeadra a dhiúscairt.

CUID II.

AIRTEAGAIL CHOMHAONTUITHE AN BHAINC IDIR-NAISIUNTA LE hAGHAIDH ATHINMHITHE AGUS FORBAIRTE

Na Rialtais a bhfuil an Comhaontú seo sínithe thar a gceann comhaontaíd mar leanas:

Airteagal Réamhráiteach

Tá an Banc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte arna bhunú agus oibreoidh sé do réir na bhforál seo a leanas:

Airteagal I. Cuspóirí

Is iad cuspóirí an Bhainc:

(i) Cabhrú le comhaltaí chun a gcríocha d'athinmhiú agus d'fhorbairt trína chur in usacht infheistiú caipitil a dhéanamh le haghaidh táirgthe, lena n-áirítear athchóiriú geilleagar a díthíodh nó a ró-bhriseadh de bharr cogaidh, saoráidí táirgthe d'athchur in oiriúint do riachtanais na síochána agus treisiú le forbairt saoráidí agus acmhainní táirgthe i dtíortha atá ar bheagán forbairte.

(ii) Treisiú le hinfheistíocht phríobháideach ón gcoigrích trí ráthaíochtaí nó trí bheith páirteach in iasachtaí agus infheistíochtaí eile ó infheisteoirí príobháideacha; agus, nuair nach mbeidh caipiteal príobháideach ar fáil ar théarmaí réasúnacha, cur leis an infheistíocht phríobháideach trí airgead a sholáthar, ar choinníollacha oiriúnacha, le haghaidh táirgthe, as a chaipiteal féin, as cistí a chruinnigh sé agus as a chuid acmhainní eile.

(iii) Treisiú le fás cothromúil fad-tréimhseach na trádála idirnáisiúnta agus cothabháil na cothroime i gcomharduithe íocaíochtaí trí infheistíocht idirnáisiúnta a spreagadh d'fhonn acmhainn táirgthe na gcomhaltaí d'fhorbairt agus a bheith cúntach ar an gcuma sin ag méadú táirgeachta agus ag ardú an chaighdeáin mhaireachtana agus na gcoinníollacha saothair ina gcríocha.

(iv) Na hiasachtaí a thug nó a ráthaigh sé i leith iasachtaí idirnáisiúnta ar bhealaí eile a shocrú i slí gur leis na bearta is tairbhí agus is práinní, mór agus beag mar a chéile, a déileálfar ar dtús.

(v) Aird chuí a bheith aige, ag seoladh a oibríochtaí dhó, ar thionchur infheistíochta idirnáisiúnta ar choinníollacha gnótha i gcríocha comhaltaí agus, sna blianta díreach tar éis an chogaidh, cabhrú le athrú réidh a dhéanamh ó gheilleagar cogaidh go geilleagar síochána.

Beidh na cuspóirí atá leagtha amach thuas mar threoir ag an mBanc i ngach cinneadh a dhéanfas sé.

Airteagal II. Comhaltas sa Bhanc agus Caipiteal an Bhainc

Alt 1.

Comhaltas.

(a) Is iad comhaltaí bunaidh an Bhainc na comhaltaí sin den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a ghlacfas comhaltas sa Bhanc roimh an dáta a sonraítear in Airteagal XI, Alt 2 (e).

(b) Beidh comhaltas ar fáil ag comhaltaí eile den Chiste pé trátha agus do réir pé téarmaí a ordós an Banc.

Alt 2.

Caipiteal Udaraithe.

(a) Is é stoc caipitil údaraithe an Bhainc $10,000,000,000 i dtéarmaí dollaerí na Stát Aontaithe den mheáchain agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an 1 Iúil, 1944. Roinnfear an stoc caipitil ina 100,000 scair ar $100,000 par-luach gach scaire acu agus is ag comhaltaí amháin a bheid ar fáil le suibscríobh.

(b) Féadfar an stoc caipitil a mhéadú, nuair is cuí leis an mBanc é, le tromlach trí ceathrúna na cumhachta iomláine vótála.

Alt 3.

Suibscríobh scaireanna.

(a) Suibscríofaidh gach comhalta scaireanna de stoc caipitil an Bhainc. Is é an méid íosta scaireanna a bheas le suibscríobh ag na comhaltaí bunaidh an méid atá leagtha amach i Sceideal A. Cinnfidh an Banc an méid scaireanna a bheas le suibscríobh ag comhaltaí eile agus cuirfidh sé cuid leordhóthaineach dá stoc caipitil in áirithe chun a shuibscríofa ag na comhaltaí sin.

(b) Ordóidh an Banc rialacha a leagfas síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhaltaí scaireanna de stoc caipitil údaraithe an Bhainc a shuibscríobh i dteannta a gcuid suibscríobh íosta.

(c) Má méadaítear stoc caipitil údaraithe an Bhainc, beidh caoi réasúnach ag gach comhalta, faoi pé coinníollacha a chinnfeas an Banc, chun suibscríobh a dhéanamh ar chion den mhéadú stoic is ionann agus an cothrom idir an stoc a shuibscríobh sé go dtí sin agus stoc caipitil iomlán an Bhainc, ach ní bheidh d'oblagáid ar aon chomhalta aon chuid den chaipiteal méadaithe a shuibscríobh.

Alt 4.

Praghas Eisiúna scaireanna.

Eiseofar ar par na scaireanna a bheas ar áireamh suibscríobh íosta comhaltaí bunaidh. Eiseofar scaireanna eile ar par mura gcinne an Banc le tromlach na cumhachta iomláine vótála, in imthosca speisialta, iad d'eisiúint ar théarmaí eile.

Alt 5.

Roinnt agus glaoch caipitil shuibscríofa.

Déanfar suibscríobh gach comhalta a roinnt ina dhá chuid mar leanas:

(i) íocfar 20 faoin gcéad nó beidh an méid sin faoi réir a ghlaoite faoi Alt 7 (i) den Airteagal seo do réir mar theastós sé ón mBanc le haghaidh a chuid oibríochtaí;

(ii) ní bheidh an 80 faoin gcéad eile faoi réir a ghlaoite ag an mBanc ach amháin nuair a bheas sé ag teastáil faoi chomhair oblagáidí a cuireadh ar an mBanc faoi Airteagal IV, Ailt 1 (a) (ii) agus (iii).

Na glaonna a déanfar ar shuibscríobhanna neamhíoctha déanfar go comhréireach iad ar na scaireanna go léir.

Alt 6.

Tórainn le dliteanas.

Is é an dliteanas a bheas ag gabháil le scaireanna an dliteanas a bheas ag gabháil leis an gcuid neamhíoctha de phraghas eisiúna na scaireanna.

Alt 7.

Modh íoctha suibscríobh le haghaidh scaireanna.

Déanfar suibscríobhanna le haghaidh scaireanna d'íoc in ór nó i ndollaerí na Stát Aontaithe agus in airgeadraí na gcomhaltaí mar leanas:

(i) faoi Alt 5 (i) den Airteagal seo, beidh 2 faoin gcéad de phraghas gach scaire iníoctha in ór nó i ndollaerí na Stát Aontaithe, agus, nuair a déanfar glaonna, déanfar an 18 faoin gcéad a bheas fágtha d'íoc in airgeadra an chomhalta;

(ii) nuair a déanfar glao faoi Alt 5 (ii) den Airteagal seo, féadfar an íocaíocht a dhéanamh, do réir mar is rogha leis an gcomhalta, in ór, i ndollaerí na Stát Aontaithe nó san airgeadra is gá chun íoc as na hoblagáidí sin de chuid an Bhainc ar ina leith a rinneadh an glao;

(iii) nuair a dhéanfas comhalta íocaíochtaí in aon airgeadra faoi (i) agus (ii) thuas, is é méid a bheas i ngach íocaíocht acu sin méid is comhionann luach le dliteanas an chomhalta faoin nglao. Is é a bheas sa dliteanas sin cuid chomhréire de stoc caipitil suibscríofa an Bhainc mar a húdaraítear agus a mínítear in Alt 2 den Airteagal seo.

Alt 8.

An tráth a híocfar suibscríobhanna.

(a) An 2 faoin gcéad is iníoctha ar gach scair in ór nó i ndollaerí na Stát Aontaithe faoi Alt 7 (i) den Airteagal seo, íocfar é laistigh de sheasca lá ón dáta a thosnós an Banc ar oibríochtaí, ach

(i) aon chomhalta bunaidh den Bhanc ar fhulaing a chríoch mhetrapolaiteach de dheasca seilbh namhad nó cogaíochta le linn an chogaidh seo deonfar de cheart dó íoc ½ faoin gcéad a chur siar cúig bliana ón dáta sin;

(ii) comhalta bunaidh nach dtig leis an íocaíocht sin a dhéanamh toisc gan athsheilbh a bheith faighte aige ar a chúltacaí óir, atá fós faoi urghabháil nó ar neamhfheidhm de dheasca an chogaidh, féadfaidh sé gach íoc a chur siar go dtí pé dáta a chinnfeas an Banc.

(b) Déanfar iarmhéid luach gach scaire is iníoctha faoi Alt 7 (i) den Airteagal seo d'íoc mar ghlaofas agus nuair a ghlaofas an Banc, ar choinníoll

(i) go nglaofaidh an Banc, laistigh de bhliain tar éis dó tosnú ar oibríochtaí, 8 faoin gcéad ar a laghad de phraghas na scaire maraon leis an 2 faoin gcéad d'íocaíocht dá dtagartar in (a) thuas;

(ii) nach nglaofar níos mó ná 5 faoin gcéad de phraghas na scaire in aon tréimhse trí mhí.

Alt 9.

Luach sealúchas áirithe airgeadra leis an mBanc a chothabháil.

(a) Aon uair (i) a laghdófar par-luach airgeadra chomhalta, nó (ii) a bheas luach iomlaoide coigríche airgeadra chomhalta íslithe go mór, i dtuairim an Bhainc, laistigh de chríocha an chomhalta sin, íocfaidh an comhalta sin leis an mBanc, laistigh d'am réasúnach, pé suim bhreise dá airgeadra féin is leor chun a luach, mar bhí tráth an chéad shuibscríofa, a chothabháil sa mhéid d'airgeadra an chomhalta sin a bheas ag an mBanc agus a tháinig ó airgeadra d'íoc an comhalta isteach sa Bhanc i gcéadóir faoi Airteagal II, Alt 7 (i), ó airgeadra dá dtagartar in Airteagal IV, Alt 2 (b), nó ó aon airgeadra breise a cuireadh ar fáil faoi fhorála na míre seo agus nach mbeidh an comhalta tar éis é d'athcheannach ar ór nó ar airgeadra aon chomhalta is inghlactha ag an mBanc.

(b) Aon uair a méadófar par-luach airgeadra chomhalta, bhéarfaidh an Banc ar ais don chomhalta sin, laistigh d'am réasúnach, méid d'airgeadra an chomhalta sin is comhionann leis an méadú i luach an mhéid den airgeadra sin a tuairiscítear in (a) thuas.

(c) Féadfaidh an Banc forála na míreanna sin roimhe seo a tharscaoileadh nuair a dhéanfas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta athrú cothrom comhréire i bpar-luacha airgeadraí a chomhaltaí uile.

Alt 10.

Srian le scaireanna a dhiúscairt.

Ní cuirfear scaireanna i ngeall ná faoi eire i slí ar bith, agus is chun an Bhainc amháin a bheid inaistrithe.

Airteagal III. Forála Ginearálta Maidir le hIasachtaí agus Ráthaíochtaí

Alt 1.

Usáid Acmhainní.

(a) Ní húsáidfear acmhainní agus saoráidí an Bhainc ach ar mhaithe leis na comhaltaí agus cuirfear i gcrích go cóir cothrom iad idir thionscadail forbairte agus tionscadail athinmhithe.

(b) D'fhonn gur fusa athbhunú agus athinmhiú a dhéanamh ar gheilleagar chomhaltaí a ndearnadh léirscrios ar a gcríocha metrapolaiteacha de dheasca seilbh namhad nó cogaíochta, féachfaidh an Banc go speisialta, agus é ag cinneadh coinníollacha agus téarmaí na n-iasachtaí a bhéarfar do na comhaltaí sin, don dliteanas airgid d'éatromú agus do luathú le críochnú an athbhunuithe agus an athinmhithe sin.

Alt 2.

Déileála idir na comhaltaí agus an Banc.

Ní dhéileálfaidh aon chomhalta leis an mBanc trína Stát-Chiste, trína bhanc ceannais, trína chiste cobhsaíochta, ná trí ghníomhaireacht fioscach eile dá shamhail de chuid an chomhalta, agus is tríd na gníomhaireachtaí sin amháin a dhéileálfas an Banc leis na comhaltaí.

Alt 3.

Tórainneacha le ráthaíochtaí an Bhainc agus leis na hiasachtaí a thógfas sé.

Ní déanfar an méid iomlán a bheas amuigh de ráthaíochta, páirtíocht in iasachtaí, agus iasachtaí díreacha ón mBanc a mhéadú tráth ar bith dá dtiocfadh de na méaduithe sin go mba mhó an t-iomlán ná 100 faoin gcéad dá mbeidh slán de chaipiteal suibscríofa, de chúltacaí agus de bharrachas an Bhainc.

Alt 4.

Na coinníollacha ar a bhféadfaidh an Banc iasachtaí a ráthú nó a thabhairt.

Féadfaidh an Banc iasachtaí a ráthú, nó bheith páirteach in iasachtaí a bhéarfar nó iasachtaí a thabhairt, d'aon chomhalta nó d'aon fho-roinn pholaiticiúil de agus d'aon ghnó, gnóthas tionscail agus gnóthas talmhaíochta i gcríocha chomhalta faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(i) Murab é an comhalta ar ina chríocha atá an tionscadal an t-iasachtaí, go ndéanfaidh an comhalta nó an banc ceannais nó gníomhaireacht éigin dá shórt leis an gcomhalta, lena nglacfaidh an Banc, lán-ráthú ar aisíoc príomhshuime agus ar íoc úis agus muirear eile na hiasachta.

(ii) Nuair is deimhin leis an mBanc, i bhfianaise dála an mhargaidh san am, nach bhféadfadh an t-iasachtaí an iasacht d'fháil ar aon chuma eile faoi choinníollacha is dóigh leis an mBanc a bheith réasúnach i gcás an iasachtaí sin.

(iii) Go mbeidh coiste inniúil, mar foráltar dó sin in Airteagal V, Alt 7, tar éis tuarascáil scríofa ag moladh an tionscadail a thabhairt tar éis buanna an togra a scrúdú go cúramach.

(iv) Go bhfuil, dar leis an mBanc, an ráta úis agus na muirir eile réasúnach agus go bhfuil an ráta agus na muirir sin, agus an sceideal le haghaidh aisíoc na príomhshuime iomchuí maidir leis an tionscadal.

(v) Le linn dó iasacht a thabhairt nó a ráthú, go gcuirfidh an Banc go cuí san áireamh a dhóichí go mbeidh sé ar chumas an iasachtaí, agus, muran comhalta an t-iasachtaí, go mbeidh ar chumas an ráthóra, freastal dá oblagáidí faoin iasacht; agus gníomhóidh an Banc go críonna ar mhaithe leis an gcomhalta áirithe ar ina chríocha don tionscadal agus ar mhaithe leis na comhaltaí uile le chéile.

(vi) Le linn dó iasacht ó infheisteoirí eile a ráthú, go bhfaighidh an Banc cúiteamh oiriúnach i leith a fhiontair.

(vii) Ach amháin in imthosca speisialta, is le haghaidh tionscadal sonrach athinmhithe agus forbairte na hiasachtaí a bhéarfas nó a ráthós an Banc.

Alt 5.

U sáid iasachtaí a ráthaigh an Banc, a raibh sé páirteach iontu, nó a thug sé.

(a) Ní fhorchuirfidh an Banc aon choinníollacha gur i gcríocha aon chomhalta áirithe nó aon chomhaltaí áirithe a caithfear fáltas as iasacht.

(b) Déanfaidh an Banc comhshocraíochtaí á chinntiú nach n-úsáidfear an fáltas as aon iasacht ach amháin chun na gcríocha chun ar deonadh an iasacht, agus bhéarfar aird chuí ar a mbaineann le tíobhas agus éifeachtúlacht, gan aon aird a thabhairt ar thionchair nó dála polaitíochta nach den gheilleagar iad.

(c) I gcás iasacht a bhéarfas an Banc, osclóidh sé cuntas in ainm an iasachtaí agus cuirfear méid na hiasachta chun creidiúna an chuntais sin san airgeadra nó sna hairgeadraí ina ndéanfar an iasacht. Ní cheadóidh an Banc don iasachtaí tarraingt as an gcuntas sin ach amháin faoi chomhair costais i leith an tionscadail do réir mar bheas an costas sin le híoc.

Airteagal IV. Oibríochtaí

Alt 1.

Modhanna chun iasachtaí a thabhairt nó d'éascú.

(a) Féadfaidh an Banc iasachtaí a bheas do réir coinníollacha ginearálta Airteagail III a thabhairt nó d'éascú in aon tslí acu seo a leanas:

(i) Trí iasachtaí nó trí bheith páirteach in iasachtaí, díreach as a chuid airgid féin, ar comhréir lena chaipiteal íoctha agus a bharrachas slán agus, faoi réir Ailt 6 den Airteagal, lena chúltacaí.

(ii) Trí iasachtaí a thabhairt, nó trí bheith páirteach in iasachtaí, díreach as airgead a cruinníodh i margadh chomhalta, nó a thóg an Banc ar iasacht ar chuma eile.

(iii) Trí iasachtaí a bhéarfas infheisteoirí príobháideacha, ar na gnáth-bhealaí infheistíochta, a ráthú go hiomlán nó go páirteach.

(b) Ní fhéadfaidh an Banc airgead d'fháil ar iasacht faoi (a) (ii) thuas ná iasachtaí a ráthú faoi (a) (iii) thuas ach amháin le ceadú an chomhalta ar ina mhargaí a cruinneofar an t-airgead agus le ceadú an chomhalta ar ina chuid airgeadra a hainmneofar an iasacht, agus sin ar choinníoll go n-aontóidh na comhaltaí sin go bhféadfar an fáltas a mhalairtiú gan srian ar airgeadra aon chomhalta eile.

Alt 2.

Airgeadraí a bheith ar fáil agus a bheith inaistrithe.

(a) Airgeadraí a híocfar isteach sa Bhanc faoi Airteagal II, Alt 7 (i), ní tabharfar ar iasacht iad ach le ceadú, i ngach cás, an chomhalta arb é a chuid airgeadra a bheas i gceist; ach, tar éis caipiteal suibscríofa go léir an Bhainc a bheith glaoite, go ndéanfar, más gá sin, na hairgeadraí sin, gan cead a srianta ag na comhaltaí arb iad a n-airgeadraí a bheas á dtairiscint, d'úsáid nó a mhalairtiú ar na hairgeadraí a bheas ag teastáil faoi chomhair ús-íocaíochtaí conartha, muirear eile, nó amúchta ar iasachtaí airgid a fuair an Banc féin, nó faoi chomhair dliteanas an Bhanc i leith na n-íocaíochtaí conartha sin ar iasachtaí a ráthaigh an Banc.

(b) Airgeadraí a gheobhas an Banc ó iasachtaithe nó ráthóirí mar íocaíocht ar cuntas príomhshuime iasachtaí díreacha a rinneadh le hairgeadraí dá dtagartar in (a) thuas, ní malairteofar iad ar airgeadraí chomhaltaí eile ná ní hatabharfar ar iasacht iad ach le ceadú, i ngach cás, na gcomhaltaí arb iad a gcuid airgeadraí a bheas i gceist; ach, tar éis caipiteal suibscríofa go léir an Bhainc a bheith glaoite, go ndéanfar, más gá sin, na hairgeadraí sin, gan cead a srianta ag na comhaltaí arb iad a n-airgeadraí a bheas á dtairiscint, d'úsáid nó a mhalairtiú ar na hairgeadraí a bheas ag teastáil faoi chomhair úsíocaíochtaí conartha, muirear eile, nó amúchta ar iasachtaí airgid a fuair an Banc féin, nó faoi chomhair dliteanas an Bhainc i leith na n-íocaíochtaí conartha sin ar iasachtaí a ráthaigh an Banc.

(c) Airgeadraí a gheobhas an Banc ó iasachtaithe nó ráthóirí mar íocaíocht ar cuntas príomhshuime iasachtaí díreacha a thug an Banc faoi Alt (1) (a) (ii) den Airteagal seo, coinneofar iad agus úsáidfear iad, gan cead a srianta ag na comhaltaí, chun íocaíochta amúchta a dhéanamh nó chun oblagáidí uile an Bhainc féin nó aon chuid díobh d'íoc nó d'athcheannach.

(d) Na hairgeadraí uile eile a bheas ar fáil ag an mBanc, ar a n-áirítear airgeadraí a cruinneofar ar an margadh nó airgeadraí a gheofar ar iasacht ar chuma eile faoi Alt 1 (a) (ii) den Airteagal seo, airgeadraí a gheofar trí ór a dhíol, airgeadraí a gheofar mar íocaíochtaí úis agus muirear eile i leith iasachtaí díreacha a tugadh faoi Ailt 1 (a) (i) agus (ii), agus airgeadraí a gheofar mar íocaíochtaí coimisiúin agus muirear eile faoi Alt 1 (a) (iii), úsáidfear iad nó malairteofar iad ar airgeadraí eile nó ar ór a theastós in oibríochtaí an Bhainc gan cead a srianta ag na comhaltaí arb iad a n-airgeadraí a bheas i gceist.

(e) Airgeadraí a cruinneofar i margaí comhaltaí ag iasachtaithe ar iasachtaí a ráthós an Banc faoi Alt (1) (a) (iii) den Airteagal seo, déanfar iad sin freisin d'úsáid nó a mhalairtiú ar airgeadraí eile gan cead a srianta ag na comhaltaí sin.

Alt 3.

Airgeadraí a sholáthar le haghaidh iasachtaí díreacha.

Bainfidh na forála seo a leanas le hiasachtaí díreacha faoi Ailt 1 (a) (i) agus (ii) den Airteagal seo:

(a) Bhéarfaidh an Banc don iasachtaí pé airgeadraí de chuid comhaltaí, seachas an comhalta ar ina chríocha atá an tionscadal, a bheas ag teastáil ón iasachtaí le haghaidh caiteachais faoina raghfar i gcríocha na gcomhaltaí eile sin chun cuspóirí na hiasachta a chur i gcrích.

(b) In imthosca neamhghnáthacha nuair nach féidir leis an iasachtaí airgeadra áitiúil a bheas ag teastáil chun críocha na hiasachta a chruinniú ar théarmaí réasúnacha, féadfaidh an Banc méid iomchuí den airgeadra sin a thabhairt don iasachtaí mar chuid den iasacht.

(c) Má thagann go neamhdhíreach den tionscadal go mbeidh breis iomlaoide coigríche ag teastáil ón gcomhalta ar ina chríocha atá an tionscadal, féadfaidh an Banc, in imthosca neamhghnáthacha, méid iomchuí óir nó iomlaoide coigríche nach mó ná caiteachas áitiúil an iasachtaí i ndáil le críocha na hiasachta a thabhairt don iasachtaí mar chuid den iasacht.

(d) In imthosca neamhghnáthacha, féadfaidh an Banc, ar iarratas ó chomhalta a gcaithfear cuid den iasacht ina chríocha, cuid d'airgeadra an chomhalta sin a caithfear amhlaidh d'athcheannach le hór nó le hiomlaoid choigríche, ach in aon chás ní mó an chuid a hathcheannófar amhlaidh ná an méid bhreise d'iomlaoid choigríche a bheas ag teastáil de thoradh an iasacht a chaitheamh sna críocha sin.

Alt 4.

Forála faoi íocaíocht i gcás iasachtaí díreacha.

Na conarthaí iasachta faoi Alt 1 (a) (i) nó (ii) den Airteagal seo is do réir na gcoinníollacha íocaíochta seo a leanas a déanfar iad:

(a) Cinnfidh an Banc téarmaí agus coinníollacha na n-íocaíochtaí úis agus amúchta agus dátaí aibeachain agus íoctha gach iasachta. Cinnfidh an Banc freisin ráta agus aon téarmaí agus aon choinníollacha eile coimisiúin a muirearófar i leith na hiasachta sin.

I gcás iasachtaí a déanfar faoi Alt 1 (a) (ii) den Airteagal seo i rith na ndeich mblian tosaigh d'oibríochtaí an Bhainc, ní bheidh an ráta coimisiúin sin níos lú ná l faoin gcéad sa bhliain ná níos mó ná ½ faoin gcéad sa bhliain, agus muirearófar é ar an gcuid d'aon iasacht den tsórt sin a bheas gan aisíoc. I ndeireadh na tréimhse deich mblian sin, féadfaidh an Banc an ráta coimisiúin a laghdú i leith na gcoda gan aisíoc d'iasachtaí a bheas tugtha cheana féin agus i leith iasachtaí a bhéarfar dá éis sin, má mheasann an Banc go bhfuil an oiread sin cúltacaí bailithe aige faoi Alt 6 den Airteagal seo agus as tuillteanais eile agus a bhéarfadh go mba ní ceart é dá ndéantaí laghdú. I gcás iasachtaí a bhéarfar dá éis sin, beidh de roghain freisin ag an mBanc an ráta coimisiúin a mhéadú thar an tórainn sin thuas, más léir ó chúrsaí gur inmholta méadú a dhéanamh.

(b) Sonróidh gach conradh an t-airgeadra nó na hairgeadraí ina ndéanfar íocaíochtaí faoin gconradh leis an mBanc. Más rogha leis an iasachtaí é, áfach, féadfar na híocaíochtaí sin a dhéanamh in ór, nó, faoi réir an Bhainc aontú leis, in airgeadra chomhalta seachas an comhalta a bheas ordaithe sa chonradh.

(i) I gcás iasachtaí faoi Alt 1 (a) (i) den Airteagal seo, forálfaidh na conarthaí iasachta gur san airgeadra a tugadh an iasacht a déanfar ús, muirir eile agus amúchadh d'íoc leis an mBanc, mura dtoileoidh an comhalta arb é a airgeadra a tugadh ar iasacht go ndéanfar na híocaíochtaí sin in airgeadra nó airgeadraí sonraithe éigin eile. Faoi réir fóral Airteagail II, Alt 9 (c), beidh na híocaíochtaí sin comhionann le luach na n-íocaíochtaí conartha an tráth a tugadh na hiasachtaí, i dtéarmaí airgeadra a shonrós an Banc chun na críche le tromlach trí ceathrúna na cumhachta iomláine vótála.

(ii) I gcás iasachtaí a bhéarfar faoi Alt 1 (a) (ii) den Airteagal seo, ní cead aon tráth an méid iomlán a bheas gan íoc agus a bheas iníoctha leis an mBanc in aon airgeadra áirithe a bheith níos mó ná méid iomlán neamh-aisíoctha na n-iasachtaí a bheas faighte ag an mBanc faoi Alt 1 (a) (ii) agus is iníoctha san airgeadra céanna.

(c) Má bhíonn géar-ghanntanas iomlaoide ar chomhalta i gcaoi nach féidir seirbhís aon iasachta a chonraigh an comhalta sin, nó a ráthaigh sé féin nó ceann dá ghníomhaireachtaí, a chur ar fáil sa tslí a sonraítear, féadfaidh an comhalta a bheas i gceist a iarraidh ar an mBanc na coinníollacha íocaíochta a bhogadh. Más deimhin leis an mBanc go raghadh bogadh éigin chun leasa don chomhalta áirithe sin agus d'oibríochtaí an Bhainc agus dá chomhaltaí le chéile, féadfaidh sé beart a dhéanamh faoi cheachtar mír nó faoin dá mhír acu seo a leanas i leith na seirbhíse bliantúla go léir nó i leith coda dhi:

(i) Féadfaidh an Banc, más rogha leis, comhshocraíochtaí a dhéanamh leis an gcomhalta a bheas i gceist chun íocaíochtaí seirbhíse ar an iasacht a ghlacadh in airgeadra an chomhalta go ceann tréimhsí nach sia ná trí bliana ar choinníollacha iomchuí maidir leis an airgeadra sin d'úsáid agus a luach iomlaoide coigríche a chothabháil; agus chun an t-airgeadra sin d'athcheannach ar théarmaí iomchuí.

(ii) Féadfaidh an Banc na téarmaí amúchta a mhodhnú nó ré na hiasachta d'fhaidiú nó an dá ní sin a dhéanamh.

Alt 5.

Ráthaíochtaí.

(a) Le linn dó ráthú a dhéanamh ar iasacht a cuirfear i gcrích trí na gnáth-bhealaí infheistíochta, déanfaidh an Banc coimisiúin ráthaíochta a bheas iníoctha go tréimhsiúil ar an méid den iasacht a bheas gan aisíoc a mhuirearú do réir ráta a chinnfeas an Banc. I rith na ndeich mblian tosaigh d'oibríochtaí an Bhainc ní bheidh an ráta sin níos lú ná l faoin gcéad sa bhliain ná níos mó ná 1½ faoin gcéad sa bhliain. I ndeireadh na tréimhse deich mblian sin, féadfaidh an Banc an ráta coimisiúin a laghdú i leith na gcoda gan aisíoc d'iasachtaí a bheas ráthaithe cheana féin agus i leith iasachtaí a bhéarfar dá éis sin, má mheasann an Banc go bhfuil an oiread sin cúltacaí bailithe aige faoi Alt 6 den Airteagal seo agus as tuillteanais eile agus a bhéarfadh go mba ní ceart é dá ndéantaí laghdú. I gcás iasachtaí a bhéarfar dá éis sin, beidh de roghain freisin ag an mBanc an ráta coimisiúin a mhéadú thar an tórainn sin thuas, más léir ó chúrsaí gur inmholta méadú a dhéanamh.

(b) Íocfaidh an t-iasachtaí coimisiúin ráthaíochta go díreach leis an mBanc.

(c) Sna ráthaíochtaí a bhéarfas an Banc forálfar go bhféadfaidh an Banc deireadh a chur lena dhliteanas i leith úis más rud é, má mhainníonn an t-iasachtaí agus an ráthóir, más ann, go dtairgfidh an Banc na bannaí nó na hoblagáidí ráthaithe eile a cheannach ar par maraon leis an ús a bheas faibhrithe go dtí dáta a luafar sa tairiscint.

(d) Beidh cumhacht ag an mBanc aon téarmaí agus coinníollacha eile a bheas sa ráthaíocht a chinneadh.

Alt 6.

Cúltaca speisialta.

Déanfar méid na gcoimisiún a gheobhas an Banc faoi Ailt 4 agus 5 den Airteagal seo a chur i leataobh mar chúltaca speisialta a coimeádfar ar fáil faoi chomhair dliteanas de chuid an Bhainc do réir Ailt 7 den Airteagal seo. Coinneofar an cúltaca speisialta i pé foirm leachtach, a ceadaítear faoin gComhaontú seo, a chinnfeas na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin.

Alt 7.

Modhanna chun dliteanais an Bhainc a ghlanadh i gcás mainneachtana.

I gcásanna mainneachtana maidir le hiasachtaí a thug an Banc, a raibh sé páirteach iontu nó a ráthaigh sé:

(a) Déanfaidh an Banc pé comhshocraíochtaí is féidir leis chun na hoblágaidí faoi na hiasachtaí a choigeartú, ar a n-áirítear comhshocraíochtaí faoi Alt 4 (c) den Airteagal seo nó comhshocraíochtaí ar comhréir leo.

(b) Na híocaíochtaí do ghlanadh dliteanas an Bhainc i leith iasachtaí nó ráthaíochtaí faoi Alt 1 (a) (ii) agus (iii) den Airteagal seo, muirearófar iad:

(i) ar dtús, i gcoinne an chúltaca speisialta a foráltar in Alt 6 den Airteagal seo,

(ii) ansin, a mhéid is gá agus mar is rogha leis an mBanc, i gcoinne na gcúltacaí eile agus an bharrachais agus an chaipitil atá ar fáil ag an mBanc.

(c) Aon uair is gá é faoi chomhair íocaíochtaí conartha úis, muirear eile nó amúchta ar iasachtaí airgid a fuair an Banc féin, nó faoi chomhair dliteanas an Bhainc i leith íocaíochtaí dá shamhail ar iasachtaí a ráthaigh sé, féadfaidh an Banc glaoch ar mhéid iomchuí de shuibscríobh neamhíoctha comhaltaí do réir Airteagail II, Ailt 5 agus 7. Fairis sin, má chreideann sé go mb'fhéidir go mairfeadh an mhainneachtain i bhfad, féadfaidh an Banc glaoch ar mhéid breise de na subscríobhanna neamhíoctha sin nach mó, aon bhliain, ná 1 faoin gcéad de shuibscríobhanna iomlána na gcomhaltaí chun na gcríocha seo a leanas:

(i) Príomhshuim uile, nó cuid de phríomhshuim, aon iasachta a ráthaigh sé, atá gan aisíoc agus a bhfuil mainneachtain déanta ag an bhféichiúnaí ina leith d'fhuascailt roimh aibiú don chéanna nó a dhliteanas i leith an chéanna a ghlanadh ar shlí eile.

(ii) Na hiasachtaí go léir a fuair sé féin agus atá gan aisíoc, nó cuid díobh, d'athcheannach nó a dhliteanas ina leith a ghlanadh ar shlí eile.

Alt 8.

Oibríochtaí ilghnéitheacha.

I dteannta na n-oibríochtaí a sonraítear in áiteanna eile sa Chomhaontú seo, beidh de chumhacht ag an mBanc:

(i) Urrúis d'eisigh sé féin a cheannach agus a dhíol agus urrúis a ráthaigh sé, nó a ndearna sé infheistiú iontu, a cheannach agus a dhíol, ar choinníoll go bhfaghaidh an Banc ceadú an chomhalta ar ina chríocha a beifear chun na hurrúis a cheannach nó a dhíol.

(ii) Ráthú a dhéanamh ar urrúis a ndearna sé infheistiú iontu chun a ndíol d'éascú.

(iii) Airgeadra de chuid aon chomhalta d'fháil ar iasacht le ceadú an chomhalta sin.

(iv) Pé urrúis eile a dhíol agus a cheannach do réir mar mheasfas na Stiúrthóirí, le tromlach trí ceathrúna na cumhachta iomláine vótála, is cuí chun iomlán an chúltaca speisialta faoi Alt 6 den Airteagal seo, nó cuid de, d'infheistiú.

I bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an Alt seo, féadfaidh an Banc déileáil le haon duine, comhpháirtíocht, comhlachas, corpráid nó aonad dlíthiúil eile i gcríocha aon chomhalta.

Alt 9.

Rabhadh a cuirfear ar urrúis.

Gach urrús a ráthós nó a eiseos an Banc, beidh ráiteas feiceálach ar a aghaidh á rá nach oblagáid le haon rialtas é mura bhfuil sé sainráite ar an urrús gurb ea.

Alt 10.

Toirmeasc ar ghníomhaíocht pholaitíochta.

Ní chuirfidh an Banc ná a oifigigh isteach ar chúrsaí polaitíochta aon chomhalta; agus le linn dóibh cinneadh a dhéanamh, ní ghlacfaid aon tionchar ó ghné polaitíochta an chomhalta nó na gcomhaltaí a bheas i gceist. Is cúrsaí geilleagair amháin a bheas mar fhoras le gach cinneadh a dhéanfaid agus breithneofar na cúrsaí sin go neamhchlaon chun na cuspóirí a luaitear in Airteagal 1 a bhaint amach.

Airteagal V. Eagraíocht agus Bainistí

Alt 1.

Comhdhéanamh an Bhainc.

Beidh ag an mBanc Bord Rialtóirí, Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, Uachtarán agus pé oifigigh agus foireann eile a chinnfeas an Banc chun pé dualgais a dhéanamh a chinnfeas an Banc.

Alt 2.

An Bord Rialtóirí.

(a) Beidh cumhachta uile an Bhainc dílsithe sa Bhord Rialtóirí agus is é a bheas sa Bhord Rialtóir amháin agus malairteach amháin a cheapfas gach comhalta mar chinnfeas sé féin. Fónfaidh gach rialtóir agus gach malairteach ar feadh cúig mblian faoi réir tola an chomhalta a cheap agus féadfar é d'athcheapadh. Ní fhéadfaidh aon mhalairteach vótáil ach nuair bheas a phríomhaí as láthair. Roghnóidh an Bord duine de na rialtóirí mar Chathaoirleach.

(b) Féadfaidh an Bord Rialtóirí údarás a tharmligean chun na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin chun aon chumhachta de chuid an Bhoird d'fheidhmiú, ach amháin an chumhacht chun:

(i) Comhaltaí nua a ghlacadh agus coinníollacha a nglactha a chinneadh;

(ii) An stoc caipitil a mhéadú nó a laghdú;

(iii) Comhalta a chur ar fionraí;

(iv) Cinneadh a dhéanamh ar achomhairc i gcoinne léirithe a dhéanfas na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ar an gComhaontú seo;

(v) Comhshocraíochtaí a dhéanamh chun comhoibriú le heagrais idirnáisiúnta eile (seachas comhshocraíochtaí neamhfhoirmeáilte sealadacha agus riaracháin);

(vi) Cinneadh ar oibríochtaí an Bhainc d'fhionraí go buan agus a shócmhainú d'imdháil;

(vii) Imdháil ghlan-ioncaim an Bhainc a chinneadh.

(c) Beidh cruinniú bliantúil den Bhord Rialtóirí ann agus pé cruinnithe eile dá ndéanfaidh an Bord socrú nó a ghairmfeas na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Gairmfidh na Stiúrthóirí cruinnithe den Bhord aon uair a hiarrfar sin ag cúig comhaltaí nó ag comhaltaí a bhfuil an ceathrú cuid den chumhacht iomlán vótála acu.

(d) Is é is córam d'aon chruinniú den Bhord Rialtóirí tromlach na Rialtóirí a bhfuil dhá thrian ar a laghad den chumhacht iomlán vótála acu.

(e) Féadfaidh an Bord Rialtóirí le rialachán, nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, nuair a mheasfaid gurb é barr leasa an Bhainc é, vóta na Rialtóirí d'fháil ar cheist shonrach gan cruinniú den Bhord a ghairm.

(f) Féadfaidh an Bord Rialtóirí, agus na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a mhéid a húdaraítear sin, pé rialacha agus rialacháin a ghlacadh chucu is gá nó is cuí chun gnó an Bhainc a sheoladh.

(g) Fónfaidh na Rialtóirí agus na malairtigh sa cháil sin gan cúiteamh ón mBanc, ach íocfaidh an Banc leo aon chostas réasúnach faoina raghaid ag freastal ar chruinnithe.

(h) Cinnfidh an Bord Rialtóirí an luach saothair a híocfar leis na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus tuarastal agus téarmaí conartha sheirbhíse an Uachtaráin.

Alt 3.

Vótáil.

(a) Beidh ag gach comhalta dhá chéad caoga vóta móide vóta breise amháin in aghaidh gach scair stoic ina sheilbh.

(b) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sonrach, déanfar gach ábhar os comhair an Bhainc a chinneadh le tromlach na vótaí a caithfear.

Alt 4.

Na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin.

(a) Beidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin freagarthach in oibríochtaí ginearálta an Bhainc a sheoladh agus chuige sin feidhmeoid na cumhachta uile a tharmligfeas an Bord Rialtóirí chucu.

(b) Beidh dáréag Stiúrthóirí Feidhmiúcháin ann nach gá gur rialtóirí iad, agus

(i) Ceapfar cúigear díobh, duine ag gach ceann de na cúig comhaltaí is mó scaireanna;

(ii) Toghfar seachtar díobh do réir Sceidil B ag na Rialtóirí uile seachas iad sin a cheapfas na cúig comhaltaí dá dtagartar in (i) thuas.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “comhaltaí” rialtais tíortha a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A, pé acu comhaltaí bunaidh iad nó comhaltaí do réir Airteagail II, Alt 1 (b). Nuair a thiocfas rialtais tíortha eile chun bheith ina gcomhaltaí, féadfaidh an Bord Rialtóirí, le tromlach ceithre chúigiú na cumhachta iomláine vótála, an líon iomlán stiúrthóirí a mhéadú tríd an líon stiúrthóirí a bheas le toghádh a mhéadú.

Ceapfar nó toghfar stiúrthóirí feidhmiúcháin gach dhá bhliain.

(c) Ceapfaidh gach stiúrthóir feidhmiúcháin malairteach ag a mbeidh lán-chumhacht chun gníomhú thar a cheann nuair nach mbeidh sé féin i láthair. Nuair a bheas na stiúrthóirí feidhmiúcháin a cheap iad i láthair, féadfaidh malairtigh páirt a ghlacadh i gcruinnithe ach ní vótálfaid.

(d) Fanfaidh stiúrthóirí in oifig go ndéanfar a gcomharbaí a cheapadh nó a thoghadh. Má éiríonn oifig stiúrthóra thofa folamh breis agus nócha lá roimh dheireadh a théarma, toghfar stiúrthóir eile le haghaidh na coda eile den téarma ag na rialtóirí a thogh an stiúrthóir roimhe sin. Chun toghadh a dhéanamh teastóidh tromlach na vótaí a caithfear. An fhad a bheas an oifig folamh feidhmeoidh malairteach an duine a bhí ina stiúrthóir cumhachta an stiúrthóra sin, ach amháin an chumhacht chun malairteach a cheapadh.

(e) Feidhmeoidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin i siosón leanúnach i bpríomh-oifig an Bhainc agus tiocfaid le chéile a mhinicí is gá le haghaidh gnótha an Bhainc.

(f) Is é is córam d'aon chruinniú de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tromlach na Stiúrthóirí, a fheidhmeos leath na cumhachta iomláine vótála ar a laghad.

(g) Beidh teideal ag gach stiúrthóir ceaptha an méid vótaí a chaitheamh a leithroinntear faoi Alt 3 den Airteagal seo don chomhalta a cheap é. Beidh teideal ag gach stiúrthóir tofa an méid vótaí a chaitheamh a háiríodh chun a thofa. Is mar aonad a caithfear na vótaí uile a bheas teideal ag stiúrthóir a chaitheamh.

(h) Glacfaidh an Bord Rialtóirí chucu rialacháin faoina bhféadfaidh comhalta nach bhfuil teideal aige stiúrthóir a cheapadh faoi (b) thuas ionadaí a chur chun freastal ag aon chruinniú de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin nuair a bheas aon iarratas a rinne an comhalta sin, nó aon ní a bhainfeas leis go háirithe, á bhreithniú.

(i) Féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin pé coistí a cheapadh a mheasfaid is inmhianuithe a cheapadh. Ní gá gur rialtóirí nó stiúrthóirí nó malairtigh dóibh comhaltaí na gcoistí sin.

Alt 5.

An tUachtarán agus an fhoireann.

(a) Roghnóidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Uachtarán nach rialtóir ná stiúrthóir feidhmiúcháin ná malairteach do rialtóir nó stiúrthóir feidhmiúcháin. Beidh an tUachtarán ina Chathaoirleach ar na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, ach ní bheidh aon vóta aige ach amháin vóta réitigh i gcás comhionannais vótaíochta. Féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí, ach ní vótálfaidh sé ag na cruinnithe sin. Scoirfidh an tUachtarán de bheith i seilbh oifige nuair a chinnfeas na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin sin.

(b) Beidh an tUachtarán ina cheann ar fhoireann oibre an Bhainc agus seolfaidh sé gnáth-ghnó an Bhainc faoi stiúradh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Faoi réir rialuithe ghinearálta na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, beidh sé freagarthach in eagrú, ceapadh agus díbhe na n-oifigeach agus na foirne.

(c) Ag comhlíonadh a n-oifigí d'Uachtarán, d'oifigigh agus d'fhoireann an Bhainc, dlífidh an Banc a ndualgais go léir díobh agus ní dhlífidh aon údarás eile aon dualgas díobh. Bhéarfaidh gach comhalta den Bhanc d'aitheantas gur dualgas idirnáisiúnta an dualgas sin agus ní dhéanfaidh aon iarracht ar thionchar d'imirt ar aon duine acu i gcomhlíonadh a dhualgas dó.

(d) Nuair a bheas an tUachtarán ag ceapadh na n-oifigeach agus na foirne, cuirfidh sé san áireamh go cuí, faoi réir a ró-thábhachtaí é na caighdeáin is airde éifeachta agus cumais teicnice d'áirithiú, gur ní tábhachtach na daoine a cheapfas sé a thoghadh as an méid is mó tíortha is féidir.

Alt 6.

Comhairle Chomhairlitheach.

(a) Beidh ann Comhairle Chomhairlitheach nach lú líon ná seachtar a roghnós an Bord Rialtóirí agus orthu sin beidh ionadaithe ó lucht bancaerachta, tráchtála, tionscail, saothair agus talmhaíochta agus beidh ionadaíocht ar an gcomhairle ag oiread náisiún agus is féidir. Maidir leis na hearnála sin a bhfuil saineagrais idirnáisiúnta ann ina leith, is trí chomhaontú leis na heagrais sin a roghnófar ionadaithe do na hearnála sin mar chomhaltaí den Chomhairle. Bhéarfaidh an Chomhairle comhairle don Bhanc maidir le nithe a bhaineas le beartas ginearálta. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile uair sa bhliain agus pé ócáidí eile a iarrfas an Banc.

(b) Fónfaidh comhairleoirí ar feadh dhá bhliain agus féadfar iad d'athcheapadh. Íocfar leo aon chostas réasúnach faoina raghaid thar ceann an Bhainc.

Alt 7.

Coistí um iasachtaí.

Ceapfaidh an Banc na coistí nach mór dóibh tuarascála a thabhairt ar iasachtaí faoi Airteagal III, Alt 4. Beidh saineolaí arna roghnú ag an rialtóir a ionadaíos na comhaltaí ar ina gcríocha don tionscadal agus comhaltaí nó comhaltaí d'fhoireann teicniúil an Bhainc ar gach coiste den tsórt sin.

Alt 8.

Caidreamh le heagrais idirnáisiúnta eile.

(a) Déanfaidh an Banc comhar faoi réim théarmaí an Chomhaontuithe seo le haon eagras idirnáisiúnta ginearálta agus le heagrais idirnáisiúnta phoiblí a bhfuil freagarthachtaí saineolacha orthu in earnála gaolmhara. Aon chomhshocraíochtaí le haghaidh comhair den tsórt sin dá dtiocfadh modhnú a dhéanamh ar aon fhoráil sa Chomhaontú seo, ní féadfar iad a dhéanamh nó go leasófar an Comhaontú seo faoi Airteagal VIII.

(b) Le linn don Bhanc cinneadh a dhéanamh ar iarratais le haghaidh iasachtaí nó ráthaíochtaí a bhainfeas le nithe atá díreach faoi chumas aon eagrais idirnáisiúnta de na cineálacha a sonraítear sa mhír sin roimhe seo agus arb iad comhaltaí an Bhainc is mó atá páirteach iontu, breithneoidh an Banc tuairimí agus moltaí an eagrais sin.

Alt 9.

Suíomh oifigí.

(a) Is i gcrích an chomhalta is mó scaireanna a bheas príomh-oifig an Bhainc.

(b) Féadfaidh an Banc gníomhaireachtaí nó fo-oifigí a bhunú i gcríocha aon chomhalta den Bhanc.

Alt 10.

Oifigí agus comhairlí réigiúin.

(a) Féadfaidh an Banc oifigí réigiúin a bhunú agus a chinneadh cá mbeidh gach oifig réigiúin agus cad iad na límistéirí a bheas faoina réim.

(b) Gheobhaidh gach oifig réigiúin comhairle ó chomhairle réigiúin a bheas ionadaitheach don límistéir ar fad agus a roghnófar ar pé cuma a chinnfeas an Banc.

Alt 11.

Taisclanna.

(a) Ainmneoidh gach comhalta a bhanc ceannais féin mar thaisclann do shealúchais uile a Bhainc dá airgeadra nó, mura bhfuil banc ceannais aige, ainmneoidh sé pé foras eile lena nglacfaidh an Banc.

(b) Féadfaidh an Banc sócmháinní eile, lena n-áirítear ór, a choinneáil sna taisclanna a ainmneos na cúig comhaltaí is mó scaireanna agus i pé taisclanna ainmnithe eile a roghnós an Banc. I dtosach, déanfar leath ar a laghad de shealúchais óir an Bhainc a choinneáil sa taisclann a ainmneos an comhalta ar ina chríocha atá a phríomh-oifig ag an mBanc agus coimeádfar 40 faoin gcéad ar a laghad sna taisclanna a ainmneos an ceathrar comhaltaí eile dá dtagartar thuas agus, i dtosach, coinneoidh gach taisclann díobh méid óir nach lú ná mar híocadh ar scaireanna an chomhalta d'ainmnigh é. Ach le linn don Bhanc aon ór d'aistriú, bhéarfar aird chuí ar chostas iompair agus ar an méid a measfar a bheas ag teastáil ón mBanc. I gcás éigeandála, féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin sealúchais óir uile an Bhainc nó aon chuid díobh d'aistriú go dtí aon áit inar féidir iad a chosaint i gceart.

Alt 12.

Foirm shealúchas airgeadra.

Glacfaidh an Banc ó aon chomhalta, in ionad aon chuid d'airgeadra an chomhalta a híocadh isteach sa Bhanc faoi Airteagal II, Alt 7 (i), nó chun íocaíochtaí amúchta a dhéanamh ar iasachtaí a rinneadh le hairgeadraí den tsórt sin, agus nach mbeidh ag teastáil ón mBanc ina chuid oibríochtaí, nótaí nó oblagáidí eile dá samhail arna n-eisiúint ag Rialtas an chomhalta nó ag an taisclann a bheas ainmnithe ag an gcomhalta sin, agus beid sin do-thráchta, neamh-úsmhar, agus iníoctha ar a bpar-luach, ar éileamh, trína gcreidiúniú do chuntas an Bhainc sa taisclann ainmnithe.

Alt 13.

Tuarascála d'fhoilsiú agus eolas a chur ar fáil.

(a) Foilseoidh an Banc tuarascáil in aghaidh na bliana ina mbeidh ráiteas iniúchóra ar a chuntais agus cuirfidh sé timpeall chun na gcomhaltaí, i gceann gach tréimhse trí mhí nó níos lú, ráiteas achomair ar a staid airgeadais agus ráiteas sochair agus dochair ag taispeáint torthaí a oibríochtaí.

(b) Féadfaidh an Banc pé tuarascála eile d'fhoilsiú is inmholta dar leis chun a chuspóirí a bhaint amach.

(c) Dáilfear ar na comhaltaí cóipeanna de na tuarascála, de na ráitis agus de na foilseacháin uile a déanfar faoin alt seo.

Alt 14.

Leithroinnt glan-ioncaim.

(a) Cinnfidh an Bord Rialtóirí gach bliain an chuid de ghlanioncam an Bhainc a leithroinnfear, tar éis soláthar a dhéanamh le haghaidh cúltacaí, chun barrachais agus an chuid a himdháilfear, má himdháiltear aon chuid.

(b) Má himdháiltear aon chuid, íocfar suas le 2 faoin gcéad neamhthiomsach, mar chéad-mhuirear i gcoinne himdhála d'aon bhliain, le gach comhalta ar bhonn mhéan-mhéid na n-iasachtaí a bhí gan aisíoc i rith na bliana agus a tugadh faoi Airteagal IV, Alt 1 (a) (i), as airgeadra ar comhréir lena shuibscríobh. Má híoctar 2 faoin gcéad mar chéad-mhuirear, déanfar aon iarmhéid a bheas fágtha le himdháil d'íoc leis na comhaltaí uile i gcoibhneas lena scaireanna. Déanfar na híocaíochtaí le gach comhalta ina airgeadra féin nó, mura mbíonn an t-airgeadra sin ar fáil, in airgeadra eile lena mbeidh glacadh ag an gcomhalta. Más in airgeadraí seachas airgeadra an chomhalta féin a déanfar na híocaíochtaí sin, ní chuirfidh na comhaitaí srian le haistriú an airgeadra ná leis an gcomhalta a gheobhas é dá úsáid tar éis a íoctha.

Airteagal VI. Éirí as Comhaltas agus Fionraí Comhaltais: Fionraí Oibríochtaí

Alt 1.

Ceart chomhaltaí chun éirí as.

Féadfaidh aon chomhalta éirí as an mBanc am ar bith trí fhógra i scr.bhinn a chur go dtí an Banc ag a phríomh-oifig. Tiocfaidh an éirí-as in éifeacht an dáta a gheofar an fógra sin.

Alt 2.

Fionraí comhaltais.

Má mhainníonn comhalta aon cheann dá oblagáidí i leith an Bhainc a chomhlíonadh, féadfaidh an Banc a chomhaltas d'fhionraí trí chinneadh ó thromlach na Rialtóirí a fheidhmeos tromlach na cumhachta iomláine vótála. An comhalta a cuirfear ar fionraí amhlaidh, scoirfidh sé, air sin, de bheith ina chomhalta bliain ó dháta a fhionraí mura gcinne an tromlach céanna an comhalta a ligean ar ais faoi réim.

An fhad a bheas sé ar fionraí, ní bheidh teideal ag comhalta aon chirt faoin gComhaontú seo d'fheidhmiú, ach amháin an ceart chun éirí as, ach fanfaidh sé faoi réir na n-oblagáidí uile.

Alt 3.

Deireadh le comhaltas sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Aon chomhalta a scoirfeas de bheith ina chomhalta den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, scoirfidh sé, air sin, tar éis trí mhí de bheith ina chomhalta den Bhanc mura mbeidh aontaithe ag an mBanc, le trí ceathrúna na cumhachta iomláine vótála, go ligfear dó fanúint ina chomhalta.

Alt 4.

Socrú cuntas le rialtais a scoirfeas de bheith ina gcomhaltaí.

(a) Nuair a scoirfeas rialtas de bheith ina chomhalta, beidh sé freagarthach fós ina oblagáidí díreacha don Bhanc agus ina dhliteanais theagmhasacha don Bhanc an fhad a bheas aon chuid de na hiasachtaí nó na ráthaí ochtaí gan glanadh a conraíodh sarar scoir sé de bheith ina chomhalta; ach ní raghaidh a thuilleadh dliteanais air i leith iasachtaí agus ráthaíochtaí ina mbeidh an Banc páirteach ina dhiaidh sin ná ní bheidh sé páirteach in ioncam ná i gcaiteachas an Bhainc.

(b) An tráth a scoirfeas rialtas de bheith ina chomhalta, déanfaidh an Banc socrú i dtaobh a scaireanna d'athcheannach mar chuid den socraíocht chuntas leis an rialtas sin do réir forál (c) agus (d) thíos. Chuige sin is é praghas athcheannaigh na scaireanna an luach a thaispeánfas leabhair an Bhainc an lá a scoirfeas an rialtas de bheith ina chomhalta.

(c) An t-íoc as scaireanna a athcheannós an Banc faoin alt sin, beidh sé faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(i) Aon mhéid a bheas dlite don rialtas i leith a scaireanna, coimeádfar siar é an fhad a bheas an rialtas, a bhanc ceannais nó aon cheann dá ghníomhaireachtaí faoi dhliteanas, mar iasachtaí nó ráthóir, don Bhanc, agus más rogha leis an mBanc é, féadfar an méid sin a chur in aghaidh aon dliteanais den tsórt sin do réir mar aibeos sé. Ní coimeádfar siar aon mhéid mar gheall ar an dliteanas a bheas ar an rialtas de thoradh a shuibscríobh i leith scaireanna faoi Airteagal II, Alt 5 (ii). In aon chás, ní déanfar aon mhéid a bheas dlite do chomhalta i leith a scaíreanna d'íoc go ceann sé mhí tar éis an dáta a scoirfeas an rialtas de bheith ina chomhalta.

(ii) Nuair a bhéarfas an rialtas scaireanna suas, féadfar an oiread sin íocaíochtaí a dhéanamh ó am go ham ina leith agus is comhionann leis an méid a bheas ag an tsuim a bheas dlite mar phraghas athcheannaigh i (b) thuas ar an gcomhshuim dliteanas ar iasachtaí agus ráthaíochtaí i (c) (i) thuas nó go mbeidh an praghas athcheannaigh iomlán faighte ag an athchomhalta.

(iii) Déanfar na híocaíochtaí in airgeadra na tíre a bheas ag glacadh na híocaíochta nó, más rogha leis an mBanc é, in ór.

(iv) Má chailleann an Banc ar aon ráthaíochtaí, páirtíocht in iasachtaí, nó iasachtaí a bhí gan aisíoc ar an dáta a scoir an rialtas de bheith ina chomhalta, agus gur mó méid na gcailliúintí sin ná méid an chúltaca a bheas curtha in áirithe in aghaidh cailliúintí ar an dáta a scoir an rialtas de bheith ina chomhalta, beidh d'oblagáid ar an rialtas sin aisíoc a dhéanamh, ar éileamh, sa mhéid a mbeadh praghas athcheannaigh a scaireanna laghdaithe dá gcuirtí na cailliúintí san áireamh nuair a cinneadh an praghas athcheannaigh. Ina theannta sin, leanfaidh an rialtas a bhí ina chomhalta de bheith faoi dhliteanas i leith aon ghlao ar shuibscríobhanna neamhíoctha faoi Airteagal II, Alt 5 (ii) a mhéid a bheadh de cheangal air freagairt dá dtarlaíodh an laghdú caipitil agus dá ndéantaí an glao an t-am a cinneadh praghas athcheannaigh a scaireanna.

(d) Má bhuan-fhionraíonn an Banc a oibríochtaí faoi Alt 5 (b) den Airteagal seo, laistigh de shé mhí ón dáta a scoirfeas aon rialtas de bheith ina chomhalta, cinnfear cearta uile an rialtais sin do réir forál Ailt 5 den Airteagal seo.

Alt 5.

Fionraí oibríochtaí agus socrú oblagáidí.

(a) Le linn éigeandála féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin oibríochtaí i leith iasachtaí agus ráthaíochtaí nua a chur ar fionraí go sealadach go dtí go mbeidh caoi ag an mBord Rialtóirí chun an scéal a bhreithniú tuilleadh agus beart a dhéanamh.

(b) Féadfaidh an Banc a oibríochtaí i leith iasachtaí agus ráthaíochtaí nua a chur ar buan-fhionraí trí vóta thromlach na Rialtóirí a fheidhmeos tromlach na cumhachta iomláine vótála. Tar éis oibríochtaí d'fhionraí amhlaidh, scoirfidh an Banc láithreach dá ghníomhachtaí go léir, ach amháin gníomhachtaí a bhainfeas lena shócmhainní a réadú go hordúil, d'imchimeád agus a chaomhnadh agus lena oblagáidí a shocrú.

(c) Leanfaidh gach comhalta de bheith faoi dhliteanas i leith suibscríobhanna neamh-ghlaoite chun stoic chaipitil an Bhainc agus i leith díluachú a n-airgeadraí féin go dtí go nglanfar gach éileamh ó chreidiúnaithe, lena n-áirítear gach éileamh teagmhasach.

(d) Déanfar na creidiúnaithe go léir a mbeidh éilithe díreacha acu d'íoc as sócmhainní an Bhainc agus ansin as íocaíochtaí leis an mBanc ar ghlaonna ar shuibscríobhanna neamhíoctha. Sara ndéana na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin aon íocaíochtaí le creidiúnaithe a bhfuil éilithe díreacha acu déanfaid pé comhshocraíochtaí is gá, do réir a mbreithiúnais, chun a chinntiú go n-imdháilfear ar shealbhóirí éileamh teagmhasach i gcoibhneas le creidiúnaithe a shealbhaíos éilithe díreacha.

(e) Ní déanfar aon imdháil ar chomhaltaí ar cuntas a suibscríobhanna chun stoic chaipitil an Bhainc

(i) go dtí go nglanfar gach a mbeidh dlite do chreidúnaithe nó go dtí go ndéanfar soláthar ina leith, agus

(ii) go dtí go gcinnfidh tromlach na Rialtóirí, agus iad ag feidhmiú tromlach na cumhachta iomláine vótála, ar imdháil a dhéanamh.

(f) Tar éis cinneadh a dhéanamh faoi (e) thuas imdháil a dhéanamh, féadfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, le tromlach dhá dtrian na vótaí a caithfear, imdhála comhleanúnacha ar shócmhainní an Bhainc a dhéanamh chun na gcomhaltaí go dtí go mbeidh na sócmhainní uile imdháilte. Beidh an imdháil sin faoi réir socrú a bheith déanta roimh ré ar gach éileamh a bheas fós ag an mBanc ar gach comhalta.

(g) Sara ndéanfar aon imdháil shócmhainní, socróidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin scair chomhréire gach comhalta do réir an choibhnis idir a shealúchais agus iomlán scaireanna neamhíoctha an Bhainc.

(h) Déanfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin na sócmhainní a bheas le himdháil a luacháil amhail ar dháta na himdhála agus ansin imdháilfid mar leanas:

(i) Íocfar le gach comhalta ina oblagáidí féin nó in oblagáidí lena ghníomhaireachtaí oifigiúla nó le haonaid dlíthiúla ina chríocha, a mhéid díobh a bheas ar fáil le himdháil, suim ar comhluach le scair chomhréire an chomhalta sin den mhéid iomlán a bheas le himdháil.

(ii) Aon iarmhéid a bheas dlite do chomhalta tar éis íoc a bheith déanta faoi (i) thuas, íocfar é ina airgeadra féin é, an oiread agus a bheas sin ag an mBanc, suas go dtí méid ar comhluach leis an iarmhéid sin.

(iii) Aon iarmhéid a bheas dlite do chomhalta tar éis íoc a bheith déanta faoi (i) agus (ii) thuas, íocfar in ór é nó in airgeadra lena nglacfaidh an comhalta, an oiread agus a bheas sin ag an mBanc, suas go dtí méid ar comhluach leis an iarmhéid sin.

(iv) Aon sócmhainní eile a bheas fágtha ag an mBanc tar éis íoc a dhéanamh le comhaltaí faoi (i), (ii) agus (iii) thuas, imdháilfear iad pro rata ar na comhaltaí.

(i) Aon chomhalta a gheobhas sócmhainní a imdháilfeas an Banc do réir (h) thuas, beidh na cearta céanna aige maidir leis na sócmhainní sin agus a bhí ag an mBanc sarar himdháileadh iad.

Airteagal VII. Stádas, Díolúintí agus Pribhléidí

Alt 1.

Cuspóirí an Airteagail.

Ionas go bhféadfaidh an Banc na feidhmeanna atá á gcur de chúram air a chomhlíonadh, déanfar an stádas, na díolúintí agus na pribhléidí atá leagtha amach san Airteagal seo a thabhairt don Bhanc i gcríocha gach comhalta.

Alt 2.

Stádas an Bhainc.

Is duine lán-dlíthiúnach an Banc, agus, go háirithe, tá cumas ann:

(i) Conradh a dhéanamh;

(ii) Maoin dochorraithe agus maoin shochorraithe d'fháil agus a dhiúscairt;

(iii) Imeachta dlíthiúla a thionscnamh.

Alt 3.

Seasamh an Bhainc maidir le próis bhreithiúnach.

Ní féadfar caingin a thionscnamh i gcoinne an Bhainc ach amháin i gcúirt dlínse inniúla i gcríocha chomhalta ina bhfuil oifig ag an mBanc, ina bhfuil gníomhaire ceaptha aige chun glacadh le seirbheáil nó fógra próise, nó ina bhfuil sé tar éis urrúis d'eisiúint nó a ráthú. Ní dhéanfaidh comhaltaí ná daoine thar ceann comhaltaí nó a dhíorthós éilithe ó chomhaltaí aon chaingin a thionscnamh. Is cuma pé áit a mbeidh maoin agus sócmhainní de chuid an Bhainc, agus pé duine ag a mbeidh an céanna, beidh díolúine acu ó gach saghas urghabhála, astuithe nó forghníomhuithe sara dtabharfar an breithiúnas deiridh i gcoinne an Bhainc.

Alt 4.

Díolúine sócmhainní ó urghabháil.

Beidh ag maoin agus sócmhainní an Bhainc, pé áit a mbeidh an céanna agus pé duine ag a mbeidh an céanna, díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú nó aon tsórt eile urghabhála trí ghníomhú feidhmiúcháin nó gníomhú reachtach.

Alt 5.

Díolúine ag cairtlanna.

Beidh cairtlanna an Bhainc do-sháraithe.

Alt 6.

Sócmhainní a bheith saor ó shrianta.

Faoi réir forál an Chomhaontuithe seo, beidh maoin agus sócmhainní uile an Bhainc saor ó shrianta, rialacháin, rialuithe agus mortchairde d'aon tsórt a mhéid is gá sin chun na hoibríochtaí a dhéanamh dá bhforáltar sa Chomhaontú seo.

Alt 7.

Pribhléidí cumarsáide.

Gheobhaidh cumarsáidí oifigiúla an Bhainc an chóir chéanna ó gach comhalta a thugas sé do chumarsáidí oifigiúla chomhaltaí eile.

Alt 8.

Díolúintí agus pribhléidí oifigeach agus fostaithe.

Maidir le rialtóirí, stiúrthóirí feidhmiúcháin, malairtigh, oifigigh agus fostaithe uile an Bhainc

(i) beidh díolúine acu ó phróis dlíthiúil i leith gníomhartha a dhéanfaid ina gcáilíocht oifigiúil ach amháin i gcás ina dtarscaoilfidh an Banc an díolúine sin;

(ii) nuair nach saoránaigh áitiúla iad, bhéarfar dóibh an díolúine chéanna ó shrianta inimirce, ceanglais chlárúcháin d'eachtrannaigh agus oblagáidí seirbhíse náisiúnta, maraon leis na saoráidí céanna i leith srianta iomlaoide, a bheir na comhaltaí d'ionadaithe, oifigigh, agus fostaithe comhchéime de chuid na gcomhaltaí eile;

(iii) bhéarfar an chóir chéanna dhóibh i leith saoráidí taistil a bheir comhaltaí d'ionadaithe, oifigigh agus fostaithe comhchéime de chuid na gcomhaltaí eile.

Alt 9.

Díolúine ó cháin.

(a) Beidh an Banc, a shócmhainní, a mhaoin, a ioncam agus na hoibríochtaí agus na hidirbhearta a húdaraítear leis an gComhaontú seo saor ó gach cáin agus ó gach dleacht chustam. Beidh díolúine ag an mBanc freisin ó gach dliteanas maidir le bailiú nó íoc aon chánach nó dleachta.

(b) Ní déanfar aon cháin a thobhach ar thuarastail agus sochar oifige, ná i leith tuarastal agus sochar oifige, a íocfas an Banc le stiúrthóirí feidhmiúcháin, malairtigh, oifigigh nó fostaithe eile de chuid an Bhainc nach saoránaigh áitiúla, géillsinigh áitiúla ná náisiúnaigh áitiúla eile.

(c) Ní toibheofar cáin d'aon tsaghas ar aon oblagáid ná urrús a eiseos an Banc (lena n-áirítear aon díbhinn nó ús air sin) pé duine a shealbhós é,

(i) más cáin í a dhéanfas idirdhealú i gcoinne na hoblagáide nó an urrúis sin ar an aon-ábhar gurb é an Banc d'eisigh é; nó

(ii) más é an t-aon-bhonn dlínsiúil a bheas leis an gcáin sin an áit nó an t-airgeadra ina mbeidh sí arna heisiúint nó ina mbeidh sí le híoc nó ina n-íocfar í, nó suíomh aon oifige nó áite gnótha a bheas á cothabháil ag an mBanc.

(d) Ní toibheofar aon cháin ar aon oblagáid ná urrús a eiseos an Banc (lena n-áirítear aon díbhinn nó ús air sin) pé duine a shealbhós é—

(i) más cáin í a dhéanfas idirdhealú i gcoinne na hoblagáide nó an urrúis sin ar an aon-ábhar gurb é an Banc a ráthaigh é; nó

(ii) más é an t-aon-bhonn dlínsiúil a bheas leis an gcáin sin suíomh aon oifige nó áite gnótha a bheas á cothabháil ag an mBanc.

Alt 10.

An tAirteagal a chur i bhfeidhm.

Déanfaidh gach comhalta pé beart is gá ina chríocha féin chun éifeacht i dtéarmaí a dhlí féin a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach san Airteagal seo agus bhéarfaidh mion-chuntas don Bhanc ar an mbeart a rinne sé.

Airteagal VIII. Leasuithe

(a) Aon mholadh chun modhnuithe a dhéanamh sa Chomhaontú seo, pé acu ó chomhalta, ó rialtóir nó ó na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin é, cuirfear faoi bhráid Chathaoirligh an Bhoird Rialtóirí é agus cuirfidh seisean an moladh os comhair an Bhoird. Má cheadaíonn an Bord an leasú a molfar, fiafróidh an Banc, trí chearcalán nó telegram, de na comhaltaí uile cé acu a ghlacaid nó nach nglacaid leis an leasú molta. Nuair a bheas glactha leis na leasuithe molta ag trí chúigiú cuid de na comhaltaí, agus ceithre chúigiú na cumhachta iomláine vótála acu, deimhneoidh an Banc an méid sin trí scríbhinn fhoirmeáilte a bheas dírithe chun na gcomhaltaí uile.

(b) d'ainneoin (a) thuas, ní mór go nglacfaidh na comhaltaí uile le haon leasú a mhodhnós

(i) an ceart chun éirí as an mBanc a foráltar in Airteagal VI, Alt 1;

(ii) an ceart a daingnítear le hAirteagal II, Alt 3 (c);

(iii) an tórainn le dliteanas a foráltar in Airteagal II, Alt 6.

(c) Tiocfaidh leasuithe i bhfeidhm i leith gach comhalta trí mhí tar éis dáta na scríbhinne foirmeáilte mura sonraítear tréimhse níos giorra sa chearcalán nó sa telegram.

Airteagal IX. Léiriú

(a) Aon cheist faoi léiriú forál an Chomhaontuithe seo a éireos idir aon chomhalta agus an Banc, nó idir aon chomhaltaí den Bhanc, cuirfear faoi bhráid na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin í lena cinneadh. Má bhaineann an cheist go sonrach le haon chomhalta nach bhfuil teideal aige stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh beidh teideal aige chun ionadaíochta do réir Airteagail V, Alt 4 (h).

(b) In aon chás ina mbeidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin tar éis cinneadh a dhéanamh faoi (a) thuas, féadfaidh aon chomhalta a chur faoi deara go ndéanfar an cheist a tharchur chun an Bhoird Rialtóirí agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhoird Rialtóirí. Féadfaidh an Banc gníomhú, a mhéid is dóigh leis is gá, ar chinneadh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin nó go mbeidh toradh ar an tarchur chun an Bhoird.

(c) Aon uair a éireos aighneas idir an Banc agus tír a bheas tar éis scor de bheith ina comhalta, nó idir an Banc agus aon chomhalta le linn don Bhanc a bheith ar buan-fhionraí, cuirfear an t-aighneas sin faoi eadráin bhinse ar a mbeidh triúr eadránaithe arb é an Banc a cheapfas duine dhíobh, arb í an tír lena mbainfidh a cheapfas duine dhíobh agus moltóir a ceapfar, mura gcomhaontóidh na páirtithe ina thaobh, ag Uachtarán Buan-chúirte um Cheartas Idirnáisiúnta nó aon údarás eile a hordaíodh le rialachán ar ghlac an Banc leis. Beidh lán-chumhacht ag an moltóir gach ceist faoi nós imeachta a shocrú in aon chás nach réiteoidh na páirtithe ina leith.

Airteagal X. A Mheas gur Tugadh Ceadú

Aon uair is gá ceadú ó aon chomhalta sara bhféadfaidh an Banc aon ghníomh a dhéanamh, ach amháin in Airteagal VIII, measfar an ceadú a bheith tugtha mura ndéana an comhalta agóid laistigh de pé tréimhse réasúnach a shocrós an Banc le linn fógra a thabhairt don chomhalta faoin ngníomh a bheith beartaithe.

Airteagal XI. Forála Deiridh

Alt 1.

Teacht i bhfeidhm.

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm nuair a bheas sé arna shíniú thar ceann rialtas a bhfuil suibscríobh 65 faoin gcéad déanta acu nach lú den suibscríobh iomlán atá leagtha amach i Sceideal A agus ar na hionstraimí dá dtagartar in Alt 2 (a) den Airteagal seo a bheith taiscthe thar a gceann, ach in aon chás ní thiocfaidh an comhaontú seo i bhfeidhm roimh an 1 Bealtaine, 1945.

Alt 2.

Síniú.

(a) Gach rialtas a síneofar an Comhaontú seo thar a cheann, taiscfidh sé le Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá ionstraim á rá go bhfuil glactha aige leis an gComhaontú seo do réir a dhlí féin agus go bhfuil gach beart déanta aige is gá chun a chur ar chumas a oblagáidí uile faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh.

(b) Beidh gach rialtas ina chomhalta den Bhanc amhail ón dáta a taiscfear thar a cheann an ionstraim dá dtagartar in (a) thuas, ach ní bheidh aon rialtas ina chomhalta sara dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi Alt 1 den Airteagal seo.

(c) Déanfaidh Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá na sínithe uile a cuirfear leis an gComhaontú seo agus taisceadh gach ionstraime dá dtagartar in (a) thuas a chur in iúl do rialtais na dtíortha uile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A agus do na rialtais uile a gceadófar a gcomhaltas do réir Airteagail II, Alt 1 (b).

(d) An tráth a síneofar an Comhaontú seo thar a cheann cuirfidh gach rialtas go dtí Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá an céadú faoin gcéad de gach scair in ór nó i ndollaerí na Stát Aontaithe faoi chomhair costas riaracháin an Bhainc. Déanfar an íocaíocht sin a chreidiúnú do chuntas na híocaíochta a bheas le déanamh do réir Airteagail II, Alt 8 (a). Coinneoidh Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá na cistí sin i gcuntas taisce speisialta agus cuirfidh iad go dtí Bord Rialtóirí an Bhainc nuair a beifear tar éis an cruinniú tions cnaimh a ghairm faoi Alt 3 den Airteagal seo. Mura mbeidh an Comhaontú seo tagtha i bhfeidhm 31 Nollaig, 1945, bhéarfaidh Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá na cistí sin ar ais do na rialtais a chuir isteach iad.

(e) Fanfaidh an Comhaontú seo ar oscailt, go dtí an 31 Nollaig, 1945, chun a shínithe i Washington thar ceann rialtas na dtíortha a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A.

(f) Tar éis an 31 Nollaig, 1945, beidh an Comhaontú seo ar oscailt chun a shínithe thar ceann rialtais aon tíre a gcéadófar a comhaltas do réir Airteagail II, Alt 1 (b).

(g) Trína shíniú a chur leis an gComhaontú seo, glacann gach rialtas leis thar a cheann féin agus thar ceann a chóilínteachtaí uile agus i leith a chríocha thar lear uile agus thar ceann na gcríoch uile atá faoina chaomhnadh, faoina ardfhlathúnas nó faoina údarás agus thar ceann na gcríoch uile a bhfuil mandáid á feidhmiú ag an rialtas sin ina leith.

(h) I gcás rialtas a bhfuil a chríocha metrapolaiteacha tar éis bheith i seilbh namhad, féadfar taisceadh na hionstraime dá dtagartar in (a) thuas a mhoilliú go ceann céad agus ochtó lá tar éis dáta saortha na gcríoch sin. Más rud é, áfach, nach ndéanfaidh aon rialtas den tsórt sin í a thaisceadh roimh dheireadh na tréimhse sin, beidh an síniú a cuireadh síos thar ceann an rialtais sin ar neamhní agus bhéarfar ar ais dó an chuid dá shuibscríobh a híocadh faoi (d) thuas.

(i) Tiocfaidh míreanna (d) agus (h) i bhfeidhm i gcás gach rialtais shínithigh amhail ó dháta a shínithe.

Alt 3.

Tionscnamh an Bhainc.

(a) A thúisce a thiocfas an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi Alt 1 den Airteagal seo, ceapfaidh gach comhalta rialtóir agus déanfaidh an comhalta is mó ar a leithroinntear scaireanna i Sceideal A an chéad chruinniú den Bhord Rialtóirí a ghairm.

(b) Ag an gcéad chruinniú den Bhord Rialtóirí, déanfar comhshocraíochtaí chun stiúrthóirí feidhmiúcháin sealadacha a roghnú. Déanfaidh rialtais na gcúig tíortha is mó ar a leithroinntear scaireanna i Sceideal A stiúrthóirí feidhmiúcháin sealadacha a cheapadh. Má bhíonn ceann nó níos mó de na rialtais sin gan bheith ina gcomhaltaí, fanfaidh na stiúrthóireachtaí feidhmiúcháin a mbeadh teideal acu iad a líonadh folamh go dtí go ndéanfaidh comhaltaí dhíobh, nó go dtí an 1 Eanáir, 1946, pé acu sin is túisce. Déanfar seachtar stiúrthóirí feidhmiúcháin sealadacha a thoghadh do réir forál Sceidil B agus fanfaid in oifig go dtí dáta an chéad toghcháin rialta do stiúrthóirí feidhmiúcháin agus cuirfear an toghchán sin ar siúl a luaithe is féidir tar éis an 1 Eanáir, 1946.

(c) Féadfaidh an Bord Rialtóirí aon chumhachta a tharmligean chun na stiúrthóirí feidhmiúcháin sealadacha ach amháin na cumhachta nach cead a tharmligean chun na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin.

(d) Nuair a bheas an Banc ullamh chun tosnú ag obair, cuirfidh é sin in iúl do na comhaltaí.

Arna Dhéanamh i Washington in aon chóip amháin a fhanfas i dtaisce i gcairtlanna Rialtais Stát Aontaithe Mheiriceá a chuirfeas cóipeanna deimhnithe go dtí na rialtais uile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A agus go dtí na rialtais uile a gceadófar a gcomhaltas do réir Airteagail II, Alt 1 (b).

Sceideal A. Suibscríobh

(milliúin dollaeri)

(milliúin dollaeri)

An Astráil

200

An India

400

An Bheilg

225

An Iaráin

24

An Bholaive

7

An Iráic

6

An Bhrasaíl

105

An Libéir

·5

Ceanada

325

Lucsambúrg

10

An tSile

35

Meichiceo

65

An tSín

600

An Isiltír

275

Colóimbc

35

An Nua-Shéalainn

50

Costa Rica

2

Nicearagua

·8

Ciúba

35

An Ioruaidh

50

An tSeicslóvaic

125

Panama

·2

* An Danmhairg

Paragua

·8

An Phoblacht Doiminiceach

2

Peiriú

17·5

An tEacuadór

3·2

An Comhfhlathas Filipeach

15

An Eigipt

40

An Pholainn

125

El Salvadór

1

Aontas na hAfraice Theas

100

An Eatóip

3

Aontas na bPoblacht

An Fhrainc

450

Soivéideach Sóisialach

1,200

An Ghréig

25

An Ríocht Aontaithe

1,300

Guatamála

2

Na Stáit Aontaithe

3,175

Haití

2

Urugua

10·5

Hondúras

1

Veiniséala

10·5

An Ioslainn

1

An Iúgoslaiv

40

________

An tIomlán

9,100

Sceideal B. Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a Thoghadh

1. Toghfar na stiúrthóirí feidhmiúcháin toghaí trí vótáil na rialtóirí atá cáilithe chun vótáil faoi Airteagal V, Alt 4 (b).

2. Sa vótáil do na stiúrthóirí toghaí, déanfaidh gach rialtóir atá cáilithe chun vótála na vótaí uile a bhfuil teideal aige chucu faoi Alt 3 d'Airteagal V a chaitheamh d'aon duine amháin. Is iad an seachtar daoine is mó a gheobhas vótaí a bheas ina stiúrthóirí feidhmiúcháin, ach ní measfar aon duine a bheith tofa a fuair níos lú ná 14 faoin gcéad den líon iomlán vótaí (vótaí cáilithe) is féidir a chaitheamh.

3. Nuair nach dtoghfar seachtar daoine den chéad vótáil, déanfar an dara vótáil agus ní bheidh an duine is lú a fuair vótaí cáilithe chun a thofa agus ní vótálfaidh ach (a) na rialtóirí a vótáil sa chéad vótáil do dhuine nár toghadh, agus (b) na rialtóirí a meastar faoi 4 thíos go ndearna na vótaí a chaitheadar do dhuine a toghadh na vótaí don duine sin a mhéadú thar 15 faoin gcéad de na vótaí cáilithe.

4. Nuair a beifear a chinneadh a measfar go bhfuil na vótaí a chaith rialtóir tar éis iomlán vótaí aon duine a mhéadú thar 15 faoin gcéad de na vótaí cáilithe, measfar go bhfolaíonn an 15 faoin gcéad, sa chéad áit, vótaí an rialtóra is mó a chaith vótaí don duine sin, ansin vótaí an rialtóra a chaith an dara méid is mó, agus mar sin de go sroichfear 15 faoin gcéad.

5. Aon rialtóir nach mór cuid dá vótaí a chomhaireamh chun iomlán vótaí aon duine a mhéadú thar 14 faoin gcéad, measfar gur chaith sé a vótaí uile don duine sin fiú má fhágann sin go raghaidh iomlán na vótaí don duine sin thar 15 faoin gcéad.

6. Mura mbeidh seachtar daoine tofa tar éis an dara vótáil, déanfar vótála eile do réir na bprionsabal céanna go dtí go mbeidh seachtar daoine tofa, ach, tar éis seisear daoine a bheith tofa, féadfar an seachtú duine a thoghadh le gnáth-thromlach na vótaí a bheas fágtha agus measfar é a bheith arna thoghadh leis na vótaí sin go léir.

1 Cinnfidh an Ciste cuóta na DanmhaiFge tar éis do Rialtais na Danmhairge a dhearbhú go bhfuil sé ullamh ar an gComhaontú seo a shíniú ach sara ndéanfar an síniú sin.

* Cinnfidh an Banc cuóta na Danmhairge tar éis don Danmhairg comhaltas a ghlacadh do réir na nAirteagal Comhaontuithe seo.