12 1957


Uimhir 12 de 1957.


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN) (LEASÚ), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AILT 5 DEN ACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN) (LEASÚ), 1938 . [9 Iúil, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Alt 5 den Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1938 , a leasú.

1. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1938 ( Uimh. 33 de 1938 ), trí “(fé réir an Aire Airgeadais do thoiliú leis sin roimh ré)” a scrios.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1957, a ghairm de na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1949, agus den Acht seo le chéile.