8 1957


Uimhir 8 de 1957.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH MÉADUITHE AR NA RÁTAÍ PINSEAN FAOI ACHTA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1955, AR NA RÁTAÍ CÚNAIMH DHÍFHOSTAÍOCHTA FAOI NA hACHTA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1952, AGUS AR RÁTAÍ PINSEAN (NEAMHRANNÍOCACH) BAINTREACH FAOI NA hACHTA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1955. [12 Meitheamh, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Méadú ar rátaí pinsean sean-aoise.

1. —(1) Déantar leis seo gach ceann ar leith de na rátaí 24s. 0d., 19s. 0d., 14s. 0d., agus 9s. 0d. atá leagtha amach sa Táible a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 77 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , de bhuaidh ailt 1 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1955 (Uimh. 11 de 1955) , a mhéadú 1s. 0d.

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 17 Bealtaine, 1957.

Méadú ar rátaí cúnaimh dhífhostaíochta.

2. —(1) San Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) , déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a cuireadh isteach mar Sceideal an Achta sin le fo-alt (1) d'alt 97 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) :—

“AN SCEIDEAL

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta.

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An rata cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineas le daoine atá ina gcónaí in aon límistéir uirbeach

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineas le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

sa tseachtain

sa tseachtain

s.

d.

s.

d.

Duine gan cleithiúnaí ...     ...

19

0

13

0

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ...     ...     ...

30

0

22

0

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus aon leanbh cleithiúnach amháin     ...

36

0

27

0

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó     ...

41

0

31

0

Duine ag a bhfuil aon leanbh cleithiúnach amháin     ...

25

0

18

0

Duine ag a bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó     ...

30

0

22

0

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 15ú lá de Bhealtaine, 1957.

Méadú ar rátaí pinsean (neamhranníocach) baintreach.

3. —(1) I dTáible B a ghabhas le halt 20 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ( Uimh. 29 de 1935 ), is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 105 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , cuirtear, leis seo, na rátaí atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí atá, de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1955 ( Uimh. 11 de 1955 ), leagtha amach sa Táible sin B.

AN TÁIBLE.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Baintreach.

Acmhainn na Baintrí

Rátaí Seachtainiúla

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s. 

d.

s. 

d.

s. 

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £52 10s.

...

23

6

31

6

38

6

níos mó ná

£52

10s.

gan bheith níos

mó ná

£65

10s.

18

6

26

6

33

6

  ,,   ,,   ,,

£65

10s.

,,        ,,

£78

10s.

13

6

21

6

28

6

  ,,   ,,   ,,

£78

10s.

,,        ,,

£104

15s.

8

6

16

6

23

6

  ,,   ,,   ,,

£104

15s.

,,        ,,

£117

15s.

Neamhní

8

0

15

0

  ,,   ,,   ,,

£117

15s.

,,        ,,

£130

15s.

Neamhní

Neamhní

7

0

  ,,   ,,   ,,

£130

15s.

...

...

...

Neamhní

Neamhní

Neamhní

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 17 Bealtaine, 1957.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1957, a ghairm d'Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1955, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.

(3) Féadfar na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1957, a ghairm de na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.

(4) Féadfar na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1957, a ghairm de na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1955, agus d'alt 3 den Acht seo le chéile.