|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1957. | ||
[EN] |
AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT, 1957. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN DLEACHTA CUSTAM, DLEACHTA MÁIL AGUS DLEACHTA STAMPA D'FHORCHUR, D'ATHRÚ AGUS D'FHORCEANNADH LE hORDÚ, AGUS CHUN DLEACHTA CUSTAM D'FHIONRAÍ, AGUS DÍOLÚINE A THABHAIRT INA LEITH, I gCÁSANNA ÁIRITHE. [28 Bealtaine, 1957.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Dleachta D'fhorchur, d'athrú agus d'fhorcaannadh. |
1. —Féadfaidh an Rialtas le hordú: |
[EN] | (a) dleacht chustam de pé méid is cuí leo d'fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, tórainneacha, aistarraingtí, liúntas, díolúintí, nó rátaí tosaíochta, agus sin amhail ó aon lá sonraithe, ar aon tsaghas áirithe earraí a honnmhuireofar isteach sa Stát agus, má bhíonn aon dleacht chustam eile inghearrtha ar na hearraí, an dleacht chéadluaite sin d'fhorchur amhlaidh i dteannta nó in ionad na dleachta eile sin; | |
[EN] | (b) aon dleacht chustam, maidir le hearraí a honnmhuireofar isteach sa Stát, a bheas i bhfeidhm ar dháta an Acht a seo a rith nó a forchuirfear le haon Acht a rithfear nó le haon ordú a déanfar tar éis dáta an Achta seo a rith nó aon choinníoll, tórainn, aistarraing, liúntas, díolúine nó ráta tosaíochta a bheas i bhfeidhm ar dháta an orduithe maidir le haon dleacht den tsórt sin d'fhorceannadh nó d'athrú ar aon mhodh nó slí ar bith agus sin amhail ó aon lá sonraithe; | |
[EN] | (c) tórainn a chur le haon fhorchur, forceannadh nó athrú den tsórt sin ionas nach mbainfidh sé ach le hearraí a consíníodh ó thíortha áirithe, nó a fásadh, a táirgeadh nó a rinneadh sna tíortha sin; | |
[EN] | (d) dleacht mháil d'fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, tórainneacha, liúntas, díolúintí nó rátaí tosaíochta, ar aon ábhar nó ní áirithe amhail ó aon lá sonraithe agus, chun críche na dleachta, a cheangal go gcaithfear ceadúnas d'fháil chun aon ní áirithe a dhéanamh; | |
[EN] | (e) aon dleacht mháil a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith nó a forchuirfear le haon Acht a rithfear nó le haon ordú a déanfar tar éis dáta an Achta seo a rith, nó aon choinníoll, tórainn, liúntas, díolúine, nó ráta tosaíochta a bheas i bhfeidhm ar dháta an orduithe maidir le haon dleacht den tsórt sin d'fhorceannadh nó d'athrú ar aon mhodh nó slí ar bith agus sin amhail ó aon lá sonraithe; | |
[EN] | (f) dleacht stampa d'fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, tórainneacha, liúntas, díolúintí nó rátaí tosaíochta, ar aon tsaghas áirithe doiciméid nó idirbhirt amhail ó aon lá sonraithe agus, chun críche na dleachta, a cheangal go gcaithfear doiciméad nó foirm áirithe doiciméid d'úsáid i gcás nó i leith aon tsaghas áirithe idirbhirt; | |
[EN] | (g) aon dleacht stampa a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith nó a forchuirfear le haon Acht a rithfear nó le haon ordú a déanfar tar éis dáta an Achta seo a rith, nó aon choinníoll, tórainn, liúntas, díolúine nó ráta tosaíochta a bheas i bhfeidhm ar dháta an orduithe maidir le haon dleacht den tsórt sin d'fhorceannadh nó d'athrú ar aon mhodh nó slí ar bith agus sin amhail ó aon lá sonraithe; | |
[EN] | (h) feidhm a thabhairt (le modhnú nó gan modhnú), i gcás nó i leith aon dleachta a forchuirfear nó a hathrófar faoin alt seo, d'aon fhoráil reachtúil do rialú bailiú nó forchur pionós maidir le dleachta den tsaghas ar de an dleacht; | |
[EN] | (i) aon dleacht a forchuirfear nó a hathrófar faoin alt seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim; | |
[EN] | (j) ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] |
Eifeacht orduithe faoi alt 1. |
2. —(1) Gach ordú faoi alt 1 beidh feidhm reachtúil aige nuair a déanfar é agus, mura ndaingnítear an t-ordú le hAcht ón Oireachtas a rithfear tráth nach déanaí ná deireadh na bliana i ndiaidh na bliana a rinneadh an t-ordú nó más ordú é nach ndéanann ach ordú a rinneadh roimhe sin faoin alt sin a chúlghairm go hiomlán, scoirfidh an t-ordú d'éifeacht reachtúil a bheith aige i gceann na tréimhse sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin. |
[EN] | (2) Aon ordú faoi alt 1 a scoirfeas d'éifeacht reachtúil a bheith aige mar gheall ar an tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith caite, nó a cúlghairmfear le hordú faoi alt 1, ní féadfar é a bhuanú ná d'athnuachaint le haon ordú eile arna dhéanamh (pé acu roimh an scor sin nó an chúlghairm sin é nó dá éis) faoin alt sin. | |
[EN] | (3) Más rud é, nuair a déanfar ordú faoi alt 1 nó aon uair ina dhiaidh sin agus sara ndaingnítear an t-ordú le hAcht ón Oireachtas nó sara gcúlghairmtear é nó sara scoire sé d'éifeacht reachtúil a bheith aige, go mbeidh Dáil Éireann ar athló go ceann tréimhse is sia ná deich lá agus más rud é, le linn Dáil Éireann a bheith ar athló amhlaidh, go ndéanfaidh tromlacht comhaltaí Dháil Éireann, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Cheann Comhairle, a iarraidh go ndéanfaí Dáil Éireann a thoghairm, déanfaidh an Ceann Chomhairle Dáil Éireann a thoghairm chun teacht le chéile lá a ainmneos sé agus nach deireannaí ná lá is fiche tar éis dó an fógra d'fháil ná nach luaithe ná deich lá tar éis an toghairm d'eisiúint. | |
[EN] |
Forála maidir le dleachta faoi réir forál ceadúnúcháin. |
3. —(1) Baineann an t-alt seo le haon dleacht chustam a bhfuil foráil ina leith ann chun earraí d'allmhuiriú faoi cheadúnas gan an dleacht d'íoc pé uair is dóigh leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála nó leis an Aire Talmhaíochta, do réir mar bheas, gur cuí sin. |
[EN] | (2) I gcás dleacht lena mbaineann an t-alt seo, más dóigh leis an Aire Airgeadais gurb é leas an phobail go ndéanfaí amhlaidh, féadfaidh sé, le toiliú an Aire eile dá dtagartar i bhfo-alt (1) maidir leis an dleacht sin, aon ní acu seo leanas a dhéanamh le hordú— | |
[EN] | (a) an dleacht, nó a baint le hearraí de shaghas nó de thuairisc áirithe, d'fhionraí, nó | |
[EN] | (b) earraí de shaghas nó de thuairisc áirithe a dhíolmhadh ón dleacht. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le toiliú aa Aire eile sin mar adúradh, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú le hordú | |
[EN] | (4) Féadfar ordú faoi fho-alt (2) a dhéanamh gan tórainn maidir le ham nó go ceann tréimhse sonraithe. | |
[EN] |
Orduithe a leagadh faof bhráid Tithe an Oireachtais. |
4. —Gach ordú a déanfar faoi alt 3 leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. |
[EN] |
Cúlghairm. |
5. —Cúlghairmtear leis seo an tAcht chun Diúitéithe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) . |
[EN] |
Orduithe faoin Acht chun Diúitéithe do Ghearradh go Práinneach, 1932, do leanúint i bhfeidhm. |
6. —Gach ordú faoin Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 , a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith leanfaidh sé í bhfeidhm d'ainneoin an Achta chéadluaite a chúlghairm agus bainfidh alt 2 leis an ordú amhail mar bhaineas sé le horduithe faoi alt 1. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
7. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , a ghairm den Acht seo. |