4 1957


Uimhir 4 de 1957.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932. [3 Aibreán, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint, agus, dá réir sin. ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórainniú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhaingniú), 1957 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Uimhir agus bliain na hIonstraime Reachtúla

Teideal

Abhar Ginearálta

(1)

(2)

(3)

Uimh. 227 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 384) (Innill Thalmhaíochta), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar chéachtaí, diosc-chliatha agus innill bhainte áirithe agus ar chompáirteanna de na hearraí sin.

Uimh. 229 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 385) (Glais agus Feistis Ghlas), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar shaghsanna áirithe glas, comhghabhálas glas, laistí agus eochracha.

Uimh. 235 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 386) (Leatharchlár), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar leathar cumaisc.

Uimh. 241 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 387) (Ullmhóidí nó Meascáin ina bhfuil Eastóscán Bracha), 1956.

Réim na dleachta ar ullmhóidí ina bhfuil eastóscán bracha a leathnú.

Uimh. 243 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 388) (Sliotáin Éadaí Adhmaid), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar shliotáin éadaí adhmaid agus ar chompáirteanna dóibh.

Uimh. 246 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 389) (Gléasa Cianamhairc). 1956.

An dleacht ar ghléasa cianamhairc a mhéadú.

Uimh. 266 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 390) (Carlachar), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar charlachar a húsáidtear ar inneallra teicstíle.

Uimh. 267 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 391) (Forchuimilteáin), 1956.

An dleacht ar fhorchuimilteáin a mhéadú.

Uimh. 279 de 1956.

An tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 392) (Mósaic), 1956.

Dleacht d'fhorchur ar phíosaí mósaic atá feistithe ar pháipéar, paipearchlár, uige fhite nó ábhar eile.