1 1957


Uimhir 1 de 1957.


AN tACHT ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BORD A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN BORD ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN GO nDÉANFAIDH AN BORD SIN, AGUS GO gCUIRFIDH I gCRÍCH, SCÉIMEANNA ÁRACHAIS SLÁINTE SHAORÁLAIGH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [5 Feabhra, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” an Bord Arachais Sláinte Shaorálaigh a bunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunuithe” an lá a ceapfar ina lá bunuithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú lá a cheapadh ina lá bunuithe chun críocha an Achta seo.

Bunu an Bhoird.

3. —(1) Déanfar, de bhuaidh an ailt seo, Bord ar a dtabharfar mar ainm, agus dá ngairmfear, an Bord Arachais Sláinte Shaorálaigh a bhunú an lá bunuithe chun na feidhmeanna a bheirtear dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige, agus féadfar agra a dhéanamh air faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a thógaint, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh.

4. —(1) Déanfaidh an Bord, agus cuirfidh i gcrích, scéim árachais sláinte shaorálaigh chun go nglanfar, a mhéid a shonrós an tAire ó am go ham, costas pé seirbhísí liachta, máinliachta, ospidéil agus pé seirbhísí sláinte eile, a shonrós an tAire ó am go ham, ar dhaoine a íocfas rannghabháltais leis an mBord ina leith sin, agus ar chleithiúnaithe do na daoine sin.

(2) Féadfaidh an Bord pé scéimeanna eile árachais sláinte shaorálaigh is cuí leo a dhéanamh agus a chur i gcrích, ach go dtoileoidh an tAire le raon agus méid na sochar.

(3) Féadfar scéim faoin alt seo a leasú le scéim arna déanamh ina dhiaidh sin ag an mBord, ach go dtoileoidh an tAire le haon leasú a bhainfeas le raon nó méid sochar.

(4) Socróidh an Bord na rannghabháltais dá bhforálfar le scéimeanna faoin alt seo ar chuma go mbeidh ioncam an Bhoird ó rannghabháltais, maraon lena ioncaim eile (má bhíonn ann), ag glacadh na mblianta i dteannta a chéile, leordhóthaineach, gan bheith thar mar is leordhóthaineach (chomh gar agus is féidir), tar éis don Bhord pé lamháltas is cuí leis a dhéanamh le haghaidh cúlchistí, laghdú luacha agus críocha eile dá samhail, chun na muirir (lena n-áirítear aisíoc íasachtaí leis an Aire) d'íoc is inmhuirir go cuí ar ioncam.

Comhdhéanamh an Bhoird.

5. —(1) Beidh ar an mBord cathaoirleach agus pé méid comhaltaí eile (nach mó ná ceathrar) a chinnfeas an tAire ó am go ham.

(2) Is é a bheas ina chathaoirleach ar an mBord an comhalta sin den Bhord a ndéanfaidh an tAire, tráth a cheaptha ina chomhalta den Bhord nó dá éis sin, é a cheapadh ina chathaoir leach air.

Ceapadh, seirbhís agus luach saothair comhaltaí an Bhoird.

6. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an lá bunuithe, pé méid daoine (nach mó ná cúigear) is cuí leis a cheapadh ina gcomhalta den Bhord agus tosnóidh téarma oifige gach duine a ceapfar amhlaidh an lá bunuithe agus, i gcás aon duine acu sin d'éag roimh an lá bunuithe, fágfaidh sin folúntas i gcomhaltas ar Bhoird láithreach ar é a bhunú.

(2) Tar éis an Bord a bheith bunuithe, ceapfaidh an tAire comhaltaí an Bhoird ó am go ham do réir mar is gá.

(3) Is é is téarma oifige do chomhalta den Bhord pé tréimhse nach sia ná cúig bliana, a chinnfeas an tAire nuair a bheas sé á cheapadh.

(4) Féadfar comhalta den Bhord a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige le himeacht aimsire d'athcheapadh.

(5) Íocfar le comhalta den Bhord, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a chinnfeas an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(6) Sealbhóidh comhalta den Bhord a oifig ar pé téarmaí (seachas íoc luach saothair agus liúntas i leith caiteachais) a shocrós an tAire tráth a cheaptha.

Comhaltaí den Bhord a chur as oifig.

7. —Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, comhalta den Bhord a chur as oifig.

Comhalta den Bhord d'éirí as agus a dhícháiliú.

8. —(1) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a díreofar chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an dáta agus ón dáta a gheobhas an tAire an litir.

(2) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má breithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhsocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúntachta nó phian-tseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáth-chónaí sa Stát.

Beidh comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

9. —(1) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, chun bheith i dteideal suí sa Teach sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Aon duine a bheas, de thuras na huaire, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas i dteideal suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Comhaltaí den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a beartófar a dhéanamh.

10. —Aon chomhalta den Bhord ag a mbeidh—

(a) leas ar bith in aon chuideachta nó gnólucht lena mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh, nó

(b) leas ar bith in aon chonradh a bheartós an Bord a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige, cad é an cineál leasa é, agus ní ghlacfaidh aon pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird go ndearnadh an nochtadh sin.

Séala an Bhoird.

11. —(1) Soláthróidh an Bord séala dhó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunuithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a bhfuil údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a bhfuil údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin.

(3) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala an Bhoird (á airbheartú gur fíordheimhníodh do réir an ailt seo é), agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suítear a mhalairt.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

12. —(1) Beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad chéad chruinnithe an Bhoird a shocrú.

(3) Triúr is córam do chruinniú den Bhord, mura n-ordaí an tAire a mhalairt.

(4) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus fad a bheas cathaoirleach an Bhoird as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(7) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Bord nós imeachta agus gnó an Bhoird le buan-orduithe nó ar shlí eile.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

13. —(1) Ceapfaidh an Bord pé daoine agus pé méid daoine is cuí leis an mBord ó am go ham ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, as cistí faoina réir, pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord.

(4) Má thoilíonn an tAire leis sin, féadfaidh bainisteoir ginearálta bheith ar oifigigh an Bhoird agus beidh a cheapadh, a choinníollacha oifige agus a chur as oifig faoi réir a gceaduithe ag an Aire.

Feidhmeanna an Bhoird d'oibriú trína chuid oifigeach nó seirbhíseach.

14. —Féadfaidh an Bord aon cheann dá chumhachta d'fheidhmiú agus aon cheann de na feidhmeanna agus na dualgais a forchuirtear air leis an Acht seo a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord.

Pinsin agus aiscí le haghaidh nó i leith oifigeach agus seirbhíseach an Bhoird.

15. —(1) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, scéim (dá ngairmtear scéim pinsean san alt seo) a dhéanamh chun pinsin nó aiscí, nó pinsin agus aiscí, a sholáthar le haghaidh nó i leith pé oifigeach nó seirbhíseach don Bhord is oiriúnach leis, agus cuirfidh an Bord i gcrích aon scéim a déanfar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, leasú a dhéanamh, tráth ar bith, le scéim pinsean ina dhiaidh sin (dá ngairmtear scéim leasaitheach sa bhfo-alt seo agus i bhfo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo) ar scéim pinsean nó ar scéim leasaitheach roimhe sin, agus féadfar in aon scéim leasaitheach den tsórt sin a rá go n-oibreoidh sí go cúlghabhálach.

(3) Má dhéanann scéim leasaitheach leasú ar scéim pinsean, féadfaidh oifigeach nó seirbhíseach, lena mbaineann nó lenar bhain an scéim pinsean sin, a roghnú, laistigh de shé mhí tar éis an scéim leasaitheach a theacht i ngníomh, gan feidhm a bheith ag an scéim leasaitheach ina chás agus, má roghnaíonn sé amhlaidh, ní bheidh feidhm ina chás ag an scéim leasaitheach.

(4) Ní chuirfidh scéim leasaitheach deireadh le haon phinsean, ná ní laghdóidh sí aon phinsean, a bhí, díreach roimh an scéim leasaitheach sin a theacht i bhfeidhm, iníoctha faoin scéim a bheas á leasú aici.

Iasacht don Bhord chun costais a bhunuithe agus réamh-chostais d'íoc.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, suim nach mó ná cúig míle fhichead punt a thabhairt ar iasacht, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, don Bhord, ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis maidir le tráth agus modh a haisíoctha, ráta úis, urrús, agus nithe ar bith eile, lena húsáid ag an mBord chun íoctha, nó mar chabhair chun íoctha, costas bunuithe an Bhoird agus na réamh-chostas faoina raghaidh an Bord i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo, agus chuige sin amháin.

(2) Aon tsuimeanna a airleacfas an tAire chun an Bhoird faoin alt seo, aisíocfaidh an Bord iad ar na téarmaí agus na coinníollacha a leagfas an tAire síos le toiliú an Aire Airgeadais faoi fho-alt (1) den alt seo, agus déanfar aon tsuimeanna a haisíocfar amhlaidh d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

Iasacht don Bhord faoi chomhair aon chaillteanas tosaigh.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham i rith na tréimhse cúig blian dar tosach an chéad lá a gheobhas an Bord rannghabháltas i leith scéime faoi alt 4 den Acht seo, suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná cúig míle fhichead punt a thabhairt ar iasacht, le toiliú an Aire Airgeadais, don Bhord as airgead a sholáthrós an tOireachtas, ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis maidir le tráth agus modh a aisíoctha, ráta úis, urrús, agus nithe eile, lena húsáid nó lena n-úsáid ag an mBord chun íoctha, nó mar chabhair chun íoctha, na gcaillteanas (más ann) a bhainfeas don Bhord i rith na tréimhse sin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Aon tsuimeanna a airleacfas an tAire chun an Bhoird faoin alt seo, aisíocfaidh an Bord iad ar na téarmaí agus na coinníollacha a leagfas an tAire síos le toiliú an Aire Airgeadais faoi fho-alt (1) den alt seo, agus déanfar aon tsuimeanna a haisíocfar amhlaidh d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordós an tAire Airgeadais.

Cumhacht an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht go sealadach.

18. —Féadfaidh an Bord pé suimeanna a theastós uaidh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha d'fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Cuntais agus iniúchadh.

19. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhas nó a chaithfeas an Bord, ar a n-áirítear clár comharduithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais, agus go háirithe coimeádfaidh sa bhfoirm adúradh gach cuntas speisialta a ordós an tAire ó am go ham.

(2) Cuirfear cuntais an Bhoird á n-iniúchadh gach bliain ag iniúchóir cuí-cháilithe a cheapfas an Bord ó am go ham chuige sin, le toiliú an Aire, agus íocfaidh an Bord táillí na n-iniúchóirí agus costais ghinearálta na n-iniúchta.

(3) Díreach tar éis iniúchadh a bheith déanta faoin alt seo ar chuntais an Bhoird, cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chlár comharduithe agus den chuntas ioncaim agus caiteachais arna ndeimhniú ag na hiniúchóirí agus cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí agus foilseoidh na doiciméid sin agus cuirfidh ar díol iad.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna de na doiciméid dá dtagartar i bhfo-alt (3) den alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

20. —(1) Bhéarfaidh an Bord gach bliain, ar pé dáta a ordós an tAire, tuarascáil don Aire ar a imeachta faoin Acht seo ar feadh na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Aon uair a ordós an tAire é, cuirfear freisin sa tuarascáil bhliantúil sin eolas maidir le pé gnéithe áirithe d'imeachta an Bhoird faoin Acht seo a shonrós an tAire.

Eolas a thabhairt don Aire.

21. —Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas a iarrfas an tAire ó am go ham maidir lena imeachta faoin Acht seo.

Ceadúnais árachais shláinte.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin amháin, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas árachais shláinte san Acht seo) a dheonadh, nó diúltú d'é a dheonadh, d'aon duine.

(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, pé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas árachais shláinte.

(3) Aon uair nach gcomhlíonfaidh sealbhóir ceadúnais árachais shláinte coinníoll a ghabhas leis an gceadúnas, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dachad punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(4) Faoi réir an chéad fho-ailt eile ina dhiaidh seo, féadfaidh an tAire, dá rogha féin amháin, ceadúnas árachais shláinte a chúlghairm.

(5) Déanfaidh an tAire, lá agus fiche ar a laghad roimh ré, fógra a thabhairt do shealbhóir ceadúnais go bhfuil sé ar intinn aige an ceadúnas sin a chúlghairm.

Toirmeasc ar ghnó árachais shláinte gan ceadúnas.

23. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, ní dleathach d'aon duine sochair a sholáthar trí árachas nó eile, i gcomaoin rannghabháltas nó préimh a íoc ag duine ar bith, chun go nglanfar an méid ar fad nó cuid den mhéid a chosnós aon tseirbhís liachta, mháinliachta nó ospidéil nó aon tseirbhís shláinte eile ar an duine a íocfas an rannghabháltas nó an phréimh, mura bhfuil ceadúnas árachais shláinte, atá i bhfeidhm de thuras na huaire, ag an duine a sholáthrós na sochair.

(2) Beidh gach duine a shárós an t-alt seo ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) Ní bheidh feidhm ina leith seo a leanas ag an toirmeasc a déantar le fo-alt (1) den alt seo—

(a) sochair a sholáthrós an Bord, Aire Stáit, ceardchumann nó cumann a cláraíodh sa Stát, roimh an tAcht seo a rith, faoi Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, nó

(b) sochair a soláthrófar—

(i) faoi chonradh atá ag gabháil le conradh árachais i leith saoil duine, nó ag braith air, agus nach dtugann aon cheart cealúcháin don árachóir agus a dhéanas soláthar freisin chun airgead d'íoc i gcás breoiteacht nó galar a theacht ar an árachaí nó díobháil a bhaint dó,

(ii) faoi chonradh árachais faoina bhfuil sochair iníoctha i leith breoiteachta, díobhála nó galair agus ar do réir an fhaid a mhaireas an bhreoiteacht, an díobháil nó an galar agus nach do réir cineáil nó costais aon tseirbhíse ospidéil liachta nó máinliachta nó aon tseirbhíse sláinte eile a soláthraítear i leith na breoiteachta nó na díobhála nó an ghalair a ríomhtar méid na sochar sin,

(iii) faoi chonradh árachais in aghaidh nó ar shlí eile i leith aon tionóisce is cúis nó is fo-chúis le breoiteacht, díobháil nó galar do bhaint don duine a hárachaíodh faoi nó d'aon duine eile agus a bhfuil sochair iníoctha faoi freisin i leith na breoiteachta nó na díobhála nó an ghalair sin, nó

(iv) faoi chonradh árachais a rinneadh roimh an Acht seo a rith.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo agus an chéad alt eile ina dhiaidh seo i ngníomh pé lá a socrófar chuige sin le hordú ón Aire.

Toirmeasc ar dhul faoi árachas le duine neamh-cheadúnaithe.

24. —(1) Ní dleathach d'aon duine rannghabháltas ná préimh d'íoc, mar chomaoin i leith sochair a sholáthar den chineál a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 23 den Acht seo, le duine atá ag sárú an ailt sin, ná don tsochar den tsórt sin a ghlacadh uaidh.

(2) Beidh gach duine a shárós an t-alt seo ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Neamhfheidhm na nAcht Arachais, 1909 go 1953.

25. —Ní bhainfidh na hAchta Arachais, 1909 go 1953—

(a) leis an mBord,

(b) le duine a íocfas rannghabháltas leis an mBord,

(c) le scéim faoi alt 4 den Acht seo, ná

(d) le conradh árachais, a déanfar tar éis an Achta seo a rith, faoina soláthrófar árachas i gcoinne costais, nó coda de chostas, aon tseirbhíse liachta, máinliachta nó ospidéil, nó aon tseirbhíse sláinte eile, agus ina choinne sin amháin.

Caiteachais.

26. —Déanfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal

27. —Féadfar an tAcht Arachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 , a ghairm den Acht seo.