42 1956


Uimhir 42 de 1956.


AN tACHT BAINNE AGUS DÉIRITHE (LEASÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA BHAINNE AGUS DÉIRITHE, 1935. [12 Nollaig, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tosach feidhme

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a ceapfar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire Talmhaíochta faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon chrích nó foráil áirithe agus féadfar laethe éagsúla a cheapadh amhalidh chun críocha éagsúla agus forál éagsúla.

An Príomh-Acht.

2. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Bainne agus Déirithe, 1935 (Uimh. 22 de 1935) .

Athghairm.

3. —(1) Athghairmtear leis seo na forála seo a leanas den Phríomh-Acht: alt 20, fo-alt (8) d'alt 26, agus ailt 30 agus 32.

(2) Athghairmtear leis seo alt 46 d'Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 (Uimh. 43 de 1936) .

Inchúiseamh i leith cionta.

4. —I gcás ciona faoi alt 13, 43, 60, 61, 63 nó 65 den Phríomh-Acht nó faoi alt ar bith den Acht seo, féadfaidh an túdarás sláintíochta ar ina cheantar sláintíochta a rinneadh an cion inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona sin.

Toirmeasc ar bhuidéalú bainne faoi ainm ghinearálta ag daoine neamhcheadúnaithe.

5. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith bainne a bhuidéalú lena dhíol faoi ainm ghinearálta, do réir bhrí ailt 38 den Phríomh-Acht, muran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas buidéaluithe ainme ginearálta san Acht seo) a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire chun bainne a bhuidéalú lena dhíol faoi ainm ghinearálta agus gur ar an modh a sonraítear sna rialacháin faoi alt 6 den Acht seo a déanfar an buidéalú.

(2) Aon duine a shárós an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é faoin alt seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt agus, i gceachtar cás, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná dachad scilling in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Ceadúnais bhuidéaluithe ainme ginearálta.

6. —Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, rialacháin a dhéanamh—

(a) ag sonrú an mhodha ar a mbuidéalófar bainne lena dhíol faoi ainm ghinearálta, do réir bhrí ailt 38 den Phríomh-Acht, agus

(b) ag déanamh forála i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(i) deonadh ceadúnas buidéaluithe ainme ginearálta ag an údarás sláintíochta ar ina gceantar sláintíochta a buidéalaítear an bainne,

(ii) foirm na gceadúnas sin,

(iii) na daoine dá bhféadfar na ceadúnais sin a dheonadh,

(iv) ré na gceadúnas sin,

(v) na coinníollacha nach foláir a chomhlíonadh sara ndeonfar na ceadúnais sin,

(vi) na téarmaí agus na coinníollacha (lena n-áirítear cúlghairm agus fionraí) ar faoina réir a deonfar na ceadúnais sin,

(vii) pé nithe eile maidir leis na ceadúnais sin ar cu leis an Aire Talmhaíochta foráil a dhéanamh ina leith.

Táillí ar cheadúnais bhuidéaluithe ainme ginearálta.

7. —(1) Íocfaidh an t-iarratasóir an táille ordaithe i leith gach ceadúnais bhuidéaluithe ainme ginearálta leis an údarás sláintíochta d'eisigh an ceadúnas sin.

(2) Déanfaidh údarás sláintíochta na táillí uile a híocfar leis an údarás sin faoin alt seo a dhiúscairt i pé slí a hordófar.

Bainne a coimeádtar i mbunachais áirithe.

8. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le rialacháin, an aicme nó na haicmí bunachas lena mbainfidh an t-ailt seo a shonrú.

(2) Chun críocha an Phríomh-Achta agus an Achta seo agus aon rialachán faoin gcéanna—

(a) aon bhainne a coimeádtar chun daoine dá chaitheamh i mbunachas lena mbaineann an t-alt seo, measfar gur lena dhíol chun daoine dá chaitheamh a coimeádtar ansin é, mura gcruthaítear a mhalairt,

(b) má chaitheann aon duine aon bhainne den tsórt sin in aon bhunachas den tsórt sin, measfar gur chun daoine dá chaitheamh a díoladh é, mura gcruthaítear a mhalairt,

(c) in aon inchúiseamh i leith ciona faoi aon alt den Phríomh-Acht nó den Acht seo maidir le haon bhainne den tsórt sin, measfar gur chun daoine dá chaitheamh a bhí an bainne á choimeád sa bhunachas sin, mura gcruthaítear a mhalairt.

(3) San alt seo ciallaíonn “bunachas”—

(a) aon scoil nó coláiste,

(b) aon ospidéal, sanatóir, urchosclann, teach altranais, teach eadarshláinte, nó bunachas dá shamhail,

(c) aon óstán, pronnlann, club, teach aíochta, teach iostais, campa saoire, óstlann nó bunachas dá shamhail.

Bainne a dhíol chun a chaite san áitreabh inar díoladh é.

9. —Aon duine a dhíolfas bainne chun a chaite san áitreabh inar díoladh é, agus ansin amháin, measfar, chun críocha Coda II den Phríomh-Acht, nach bhfuil gnó reachtaire bhainne ar siúl aige más rud é, agus amháin más rud é, gur reachtaire bainne a bhí cláraithe faoin gCuid sin II a sholáthraigh an bainne sin as áitreabh a raibh an reachtaire bainne sin cláraithe amhlaidh ina leith.

Toirmeasc ar bhainne a cheannach ó reachtairí bainne neamhchláraithe.

10. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith bainne a cheannach, chun é d'athdhíol lena chaitheamh ag daoine, ó dhuine a bhfuil gnó reachtaire bhainne ar siúl aige agus nach bhfuil cláraithe i gclár de reachtairí bainne atá á choimeád ag údarás sláintíochta faoi Chuid II den Phríomh-Acht.

(2) Aon duine a shárós an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é faoin alt seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt agus, i gceachtar cás, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná dachad scilling in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Déirithe agus reachtairí bainne áirithe d'eisiamh ó fhorála áirithe den Phríomh-Acht.

11. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás sláintíochta, a dhearbhú go mbeidh feidhm ag forála an ailt seo maidir le límistéir shonraithe i gceantar sláintíochta an údaráis shláintíochta sin.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, ar iarratas ó údarás sláintíochta nó tar éis dul i gcomhairle leo, ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

(3) I gcás áitreabh i límistéir a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ina leith, ní measfar, chun críocha Coda II agus III den Phríomh-Acht, gur déirí é de bhíthin amháin gur díoladh bainne uair amháin nó níos mó san áitreabh sin, má comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas maidir leis an díol sin, is é sin le rá:

(a) nach ndíoltar ach bainne a táirgtear san áitreabh sin,

(b) nach ndíoltar níos mó ná ceithre galúin bainne san áitreabh sin aon lá, agus

(c) nach ndíoltar an bainne ach amháin chun a chaite ag an gceannaitheoir agus a theaghlach.

(4) I gcás áitreabh i límistéir a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ina leith agus atá cláraithe sa Chlár d'Uachtarlanna nó sa Chlár de Stáisiúin Deighilte Uachtair atá á coimeád faoi na hAchta Toradh Déiríochta, 1924 go 1947, ní measfar, chun críocha Coda II agus III den Phríomh-Acht, gur déirí é de bhíthin amháin gur díoladh bainne uair amháin nó níos mó san áitreabh sin, má comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas maidir leis an díol sin, is é sin le rá:

(a) nach ndíoltar níos mó ná deich ngalúin bainne san áitreabh sin aon lá, agus

(b) nach ndíoltar an bainne ach amháin chun a chaite ag an gceannaitheoir agus a theaghlach.

(5) Ní measfar, chun críocha Coda II agus III den Phríomh-Acht, duine a bheith ina reachtaire bainne de bhíthin amháin gur díoladh bainne san áitreabh a áitíos sé nó go raibh bainne á choimeád san áitreabh sin chun é a dhíol amhlaidh, más rud é nach meastar gur déirí an t-áitreabh sin chun críocha na gCoda sin de bhuaidh an ailt seo.

Eisiamh sealadach reachtairí bainne áirithe ó Choda II agus III agus déirithe áirithe ó Chuid III den Phríomh-Acht.

12. —(1) Baineann an t-alt seo le haon duine ar dílseánach cláraithe é, do réir bhrí na nAcht Toradh Déiríochta, 1924 go 1947, ar áitreabh atá cláraithe faoi na hAchta sin agus is sealbhóir ar cheadúnas ainme speisialta a deonadh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, trí ionstraim i scríbhinn (dá ngairmtear dearbhú speisialta san Acht seo), a dhearbhú, i gcás duine ar bith a dhíolas bainne i gcaitheamh tréimhse sonraithe le duine sonraithe lena mbaineann an t-alt seo agus leis sin amháin, go measfar, chun críocha an Achta seo agus Coda II agus III den Phríomh-Acht, nach bhfuil gnó reachtaire bhainne ar siúl ag an duine sin agus go measfar, chun críocha na Coda sin III, nach déirí é áitreabh an duine sin.

(3) Aon duine a dhíolfas bainne le duine a bheas sonraithe i ndearbhú speisialta agus leis sin amháin, i gcaitheamh na tréimhse a bheas sonraithe sa dearbhú, measfar, chun críocha an Achta seo agus Coda II agus III den Phríomh-Acht, nach bhfuil gnó reachtaire bhainne ar siúl aige agus measfar, chun críocha na Coda sin III, nach déirí é áitreabh an duine sin i gcaitheamh na tréimhse sin.

Duine a chlárú go speisialta mar reachtaire bainne.

13. —(1) Duine a bhfuil gnó ar siúl aige a bhfuil áitreabh cláraithe ina leith faoi na hAchta Toradh Déiríochta, 1924 go 1947, i gceantar sláintíochta údaráis shláíntíochta agus a shealbhaíos ceadúnas ainme speisialta a dheoin an tAire Talmhaíochta faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, measfar é a bheith cláraithe ar feadh ré an cheadúnais agus ar a feadh sin amháin, i leith an áitribh a tuairiscítear sa cheadúnas, sa Chlár de Reachtairí Bainne a choimeádas an t-údarás sláintíochta sin chun an gnó a bhfuil an t-áitreabh ceadúnaithe ina leith mar adúradh, agus an gnó sin amháin, a bheith ar siúl aige.

(2) Cuirfidh an tAire Talmhaíochta in iúl don údarás sláintíochta ar ina gceantar sláintíochta don áitreabh a bheas tuairiscithe in aon cheadúnas den tsórt sin gur deonadh nó gur cúlghairmeadh an ceadúnas sin.

Ceadúnas ainme speisialta (bainne pasteurálta) sealadach.

14. —Féadfaidh an tAire Talmhaíochta ceadúnas ainme speisialta a mbeidh feidhm ag na forála seo a leanas ina leith a dheonadh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht do dhuine ar bith is dílseánach cláraithe, do réir bhrí na nAcht Toradh Déiríochta, 1924 go 1947, ar áitreabh atá cláraithe faoi na hAchta sin:

(a) is é a bheas de réim ag an gceadúnas teideal a thabhairt don duine sin bainne a bheas pasteurálta ag an duine sin a dhíol i gcaitheamh tréimhse sonraithe lena chaitheamh ag daoine faoin ainm speisialta “Bainne Pasteurálta”,

(b) ní bheidh aon táille iníoctha i leith an cheadúnais,

(c) chun críocha alt 24 agus 31 den Phríomh-Acht, nó aon rialachán faoin alt sin 31—

(i) ní measfar gur gnó reachtaire bhainne bainne a phasteuráil sealbhóir an cheadúnais a dhíol mar bhainne pasteurálta lena chaitheamh ag daoine ná, fós, aon ghnó a bheas ar siúl ag an sealbhóir i leith an díola, agus

(ii) aon áitreabh ina ndéanfar aon díol den tsórt sin nó ina mbíonn aon ghnó den tsórt sin ar siúl ní measfar gur déirí é de bhíthin amháin mar gheall ar an díol nó an gnó,

(d) ní chuirfidh aon ní i gCuid IV den Phríomh-Acht nó sna Rialacháin Bhainne agus Déirithe (Ainmneacha Speisialta), 1938 go 1955, cosc le duine a bheas cláraithe mar reachtaire bainne faoi Chuid II den Phríomh-Acht d'athfhíol, mar bhainne pasteurálta, bainne a díoladh roimhe sin mar bhainne pasteurálta de bhuaidh an cheadúnais,

(e) má dhéanann duine a bheas cláraithe mar reachtaire bainne faoi Chuid II den Phríomh-Acht bainne d'athdhíol a díoladh cheana de bhuaidh an cheadúnais, ní measfar gur sárú é sin ar alt 15 den Acht seo de bhíthin amháin go ndearna sealbhóir an cheadúnais an bainne a théamh nó a phasteuráil sarar díoladh cheana amhlaidh é,

(f) beidh feidhm, maidir leis an gceadúnas, ag na Rialacháin Bhainne agus Déirithe (Ainmneacha Speisialta), 1938 go 1955, agus ag aon rialacháin ag leasú nó in ionad na rialachán sin, faoi réir pé modhnuithe a dhéanfas an tAire Talmhaíochta le rialacháin a dhéanfas sé faoin alt seo, agus

(g) measfar dearbhú speisialta a bheith i bhfeidhm i gcás deontaí an cheadúnais ar feadh ré an cheadúnais agus ar a feadh sin amháin.

Srian le bainne pasteurálta a dhíol.

15. —(1) Ní dleathach de dhuine ar bith, ach amháin faoi ainm speisialta do réir bhrí Choda IV den Phríomh-Acht agus faoi réim agus do réir cheadúnais ainme speisialta arna dheonadh faoin gCuid sin IV, aon bhainne ar cuireadh teas leis a dhíol.

(2) Má dhéanann duine ar bith sárú ar an alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é faoin alt seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air, agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt agus, i gceachtar cás, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná dachad scilling in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le díol bainne chun a chaite mar bhainne te san áitreabh inar téadh é.

Alt 4 den Phríomh-Acht a leasú.

16. —Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí “ag duine ag a bhfuil gnó reachtaire bhainne ar siúl” a chur ina dheireadh.

Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.

17. —Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht trí “nó faoi alt 10 nó alt 11 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 )” a chur isteach i ndiaidh “Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ” sa mhíniú ar “máinliaigh beithíoch oifigiúil”.

Alt 13 den Phríomh-Acht a leasú.

18. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (3) d'alt 13 den Phríomh-Acht:

“(3) Ní údaróidh aon ní san alt seo do dhuine dul isteach in áitreabh má bhíonn sé contrártha d'fhorála Orduithe faoi na hAchta um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1954, dul isteach amhlaidh.”

Alt 24 den Phríomh-Acht a leasú.

19. —Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur i ndeireadh fo-ailt (1): “nó gnó reachtaire bhainne a bheith ar siúl aige i gceantar sláintíochta in áit seachas áitreabh mura bhfuil sé cláraithe sa chlár de reachtairí bainne atá á choimeád ag an údarás sláintíochta don cheantar sláintíochta sin nó do cheantar sláintíochta eile”.

Alt 25 den Phríomh-Acht a leasú.

20. —Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht trí “nó í gceantar sláintíochta, nach é an ceantar sláintíochta é ina bhfuil an t-áitreabh sin, seachas in áitreabh” a chur isteach i ndiaidh “sa chlár san”.

Alt 29 den Phríomh-Acht a leasú.

21. —Leasaítear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(5) Más rud é, in inchúiseamh i leith ciona faoi alt 24 den Acht seo arb é atá ann gnó reachtaire bhainne a bheith ar siúl i gceantar sláintíochta in áit seachas áitreabh, go dtaispeánann deimhniú faoi fho-alt (3) den alt seo nach raibh an cosantóir, i gcaitheamh ama shonraithe, cláraithe sa chlár de reachtairí bainne a bhí á choimeád ag údarás sláintíochta an cheantair shláintíochta sin, toimhdeofar, mura gcruthaí agus go gcruthóidh an cosantóir a mhalairt, nach bhfuil an cosantóir cláraithe sa chlár de reachtairí bainne atá á choimeád ag aon údarás sláintíochta eile.”

Alt 34 den Phríomh-Acht a leasú.

22. —Leasaítear leis seo alt 34 den Phríomh-Acht trí—

(a) an fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (2):

“(2A) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a údarú don duine a bheas ag déanamh na cigireachta a cheangal go ndéanfar do réir mar ordós sé le bainne a tógfar ó bhó ar a bhfuil galar lena mbaineann Cuid VI den Acht seo.”;

(b) “nó do réir aon cheanglais a déanfar faoi rialachán den tsórt sin” a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh “a déanfar fén alt so”.

Alt 46 den Phríomh-Acht a leasú.

23. —Leasaítear leis seo alt 46 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (1):

“(1A) In ionad an fógra a ceanglaítear le fo-alt (1) den alt seo a thabhairt don dochtúir oifigiúil a luaitear sa bhfo-alt sin, féadfar an fógra sin a thabhairt don dochtúir oifigiúil nó d'aon dochtúir oifigiúil cúnta sa cheantar sláintíochta ina bhfuil an talamh nó an t-áitreabh a luaitear sa bhfo-alt sin, agus féadfaidh an t-oifigeach dar tugadh an fógra adúradh an cead a luaitear sa bhfo-alt sin a thabhairt.”

Alt 47 den Phríomh-Acht a leasú.

24. —Leasaítear leis seo alt 47 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (a) d'fho-alt (1):

“(a) le gach galar acu seo a leanas a bhíos ar ainmhithe, is é sin le rá:

eitinn an útha,

aon eitinn sa bhroinn,

aon tsaghas eitinne ina gcuirtear amach bachaillíní tubercaile,

aon mhorgacht sa bhroinn maraon le eas-ordú colna lena ngabhann ardú teasa nó a bhfuil ionghar ag teacht as,

cíochatas íogair,

cíochatas cónaitheach le brachadh,

actinomycosis an útha,

fiolún saith,

brachadh an útha,

placenta neamhshlánaithe,

aon ghalar arb é is cúis leis an cineál beothaí sa Ghrúpa Salmonella is cúis le bia-nimhiú i ndaoine,

aon ghalar arb é is cúis leis na cineálacha streptococci is cúis le scórnach thinn streptococach i ndaoine,

clamh seadánach ar an úth,

gach mí-bhail eile lena ngabhann eas-ordú colna a thagas de septicaemia nó pyaemia; agus”.

Cuid nua a chur in ionad Coda VII den Phríomh-Acht.

25. —Déantar leis seo an Chuid seo a leanas a chur in ionad Coda VII den Phríomh-Acht:

“CUID VII

SCRÚDÚ BAICTÉARLAÍOCHTA AR BHAINNE

Rialacháin a rialós scrúdú baictéarlaíochta ar bhainne.

49.—Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, rialacháin a dhéanamh—

(a) ina mbeidh foráil chun tástála, scrúduithe agus taifigh a dhéanamh ar shamplaí bainne a cuirfear isteach faoin gCuid seo den Acht seo,

(b) ag ordú na ndaoine nó na n-aicmí daoine a dhéanfas, nó ar faoina maoirseacht ghinearálta a déanfar, na tástála, na scrúduithe agus na taifigh sin,

(c) ag ordú na slite agus an mhodha ina ndéanfar na tástála, na scrúduithe agus na taifigh sin,

(d) ag ordú foirme an deimhnithe a bhéarfar ar thoradh aon tástála, scrúduithe nó taifigh den tsórt sin,

(e) ag ordú na dtáillí a bhainfeas leis na scrúduithe, na tástála agus na taifigh sin, agus na slí agus an trátha a n-íocfar iad,

(f) ag ordú na ndaoine nó na n-aicmí daoine a bheas díolmhaithe ó tháillí d'íoc in imthosca ordaithe,

(g) ina mbeidh foráil i dtaobh na slí ina gcuirfear isteach samplaí agus i dtaobh pé nithe eile maidir leis an gcur isteach sin ar cuí leis an Aire foráil a dhéanamh ina leith le rialacháin.

Samplaí bainne a chur isteach

50.—Féadfaidh an tAire, an tAire Talmhaíochta, údarás sláintíochta nó reachtaire bainne samplaí bainne a chur isteach do réir na rialachán faoi alt 49 den Acht seo chun a dtástála, a scrúduithe nó a dtaifigh ag scrúdóir baictéarlaíochta.

Dualgas scrúdóra bhaictéarlaíochta

51.—(1) Déanfaidh scrúdóir baictéarlaíochta, nó déanfar faoi mhaoirseacht agus treorú ginearálta an scrúdóra sin, sampla a cuirfear isteach, do réir na rialachán faoi alt 49 den Acht seo, a scrúdú, a thástáil nó a thaifeach, do réir mar bheas, do réir na rialachán faoin alt sin.

(2) Bhéarfaidh an scrúdóir baictéarlaíochta a rinne, nó ar faoina mhaoirseacht agus a threorú ginearálta a rinneadh, an scrúdú, an tástáil nó an taifeach sin, do réir mar bheas, deimhniú don duine a chuir an sampla isteach ina luafar toradh an scrúduithe, na tástála nó an taifigh sin agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise chun gach críche ar thoradh na tástála, an scrúduithe nó an taifigh sin.

(3) Is sa bhfoirm a hordófar (má hordaítear) faoi alt 49 den Acht seo a bheas an deimhniú baictéarlaíochta.

Scrúdóir baictéarlaíochta agus deimhniú baictéarlaíochta.

52.—San Acht seo—

ciallaíonn ‘scrúdóir baictéarlaíochta’ duine d'aicme a hordófar faoi alt 49 den Acht seo; ciallaíonn ‘deimhniú baictéarlaíochta’ deimhniú faoi alt 51 den Acht seo.”

Alt 53 den Phríomh-Acht a leasú.

26. —Leasaítear leis seo alt 53 den Phríomh-Acht trí “do réir bhrí an Achta Shláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) ” a chur isteach i ndeireadh míre (b).

Cuid VIII den Phríomh-Acht a leasú.

27. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh ailt 53 den Phríomh-Acht:

“Dualgais shamplála bainne a shannadh do chigiri sláinte agus d'oifigigh thréidliachta.

53A.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta an dualgas chun gníomhú mar oifigeach samplála bainne ina gceantar sláintíochta go léir nó i gcuid de a shannadh—

(a) do chigire sláinte, do réir bhrí an Achta Shláinte, 1947 ( Uimh. 28 de 1947 ), d'údarás sláinte ar ina límistéir feidhmiúcháin atá an ceantar sláintíochta sin go léir nó an chuid sin de, nó

(b) d'oifigeach tréidliachta don údarás sláintíochta sin.

(2) Ní gá toiliú an Aire ná an Aire Thalmhaíochta le sannadh faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Measfar gur oifigeach samplála bainne chun críocha an Achta seo duine ar sannadh mar dhualgas dó faoi fho-alt (1) den alt seo gníomhú mar oifigeach samplála bainne.”

Alt 54 den Phríomh-Acht a leasú.

28. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 54 den Phríomh-Acht trí “de thoilleamh dhá phiúnt nó níos lú” a chur in ionad “chun é dhíol ina mhion-choda sna gabhadáin sin”.

Alt 57 den Phríomh-Acht a leasú.

29. —Leasaítear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht trí “de thoilleamh dhá phiúnt nó níos lú” a chur in ionad “chun é dhíol ina mhion-choda sna gabhadáin sin” i bhfo-ailt (1), (2) agus (4).

Alt 59 den Phríomh-Acht a leasú.

30. —Leasaítear leis seo alt 59 den Phríomh-Acht tríd na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (3):

“(3) Aon bhainne a mbeidh blas colúil air nó boladh colúil uaidh nó a bhfaighfear, ar é a thástáil in aon tslí ordaithe, nach bhfuil sé do réir an chaighdeáin ordaithe nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais ordaithe, measfar chun críocha an ailt seo gur bainne truaillithe é.

(3A) Féadfar tástála, caighdeáin agus ceanglais éagsúla d'ordú i gcás bainne a díolfar faoi ainmneacha éagsúla.”

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

31. —(1) Féadfar an tAcht Bainne agus Déirithe (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na h Achta Bainne agus Déirithe, 1935 agus 1956, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, déanfar tagairt sa Phríomh-Acht don Acht sin d'fhorléiriú, ach amháin nuair a éilíos an comhthéacs a mhalairt, mar ní a fholaíos thagairt don Acht seo.