31 1956


Uimhir 31 de 1956.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSAITHE MAIDIR LE TITHE, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (FORÁLA AIRGEADAIS AGUS FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1954, ACHT TITHE AN LUCHT OIBRE, 1890 GO 1954, ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1954, AGUS NA nACHT UM THITHE BEAGA CÓNAITHE D'FHÁIL, 1899 GO 1954, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [25 Iúil, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1954, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1954, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1954, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1954, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1956, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1956, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1956, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1956, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1899” an Small Dwellings Acquisition Act, 1899;

ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) ;

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950) ;

ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 (Uimh. 16 de 1952) ;

ciallaíonn “Acht 1954” Acht na dTithe (Leasú), 1954 (Uimh. 16 de 1954) ;

ciallaíonn “údarás tithe”—

(a) i gcás ceantair shláinte chontae, comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin;

ciallaíonn “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1954, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1954, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Rialacháin.

3. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

CUID II.

Forála Airgeadais.

Ailt áirithe do leanúint i bhfeidhm.

6. —(1) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956, atá (de bhuaidh ailt 6 d'Acht 1954) i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 16 d'Acht 1948, i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Acht sin agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1952, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1958.

(2) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956, atá (de bhuaidh ailt 6 d'Acht 1954) i mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 19 d'Acht 1948 agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1950 d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1957.

(3) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956, atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1954, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1957.

(4) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1956, agus ón lá sin amach.

Leasú ar alt 16 d'Acht 1948 agus ar an Dara Sceideal a ghabhas leis.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1948 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fo-mhíre (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1):

“(ii) i gcás athfhoirgnithe—ag an duine d'athfhoirgnigh.”

(2) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948 trí “chun a áitithe aige féin” a scrios as an gcéad cholún den Sceideal sin.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9, fo-alt (1) d'alt 10 agus alt 11 d'Acht 1952 trí “agus, i gcás deontais a bhaineas le tógáil, athfhoirgniú nó ceannach, arb eisean a áititheoir an tráth a críochnófar an tógáil, an t-athfhoirgniú nó an ceannach” a chur isteach i ngach ceann acu i ndiaidh “dá dtabharfar deontas iomchuí,”.

(4) (a) Faoi réir a bhforáltar anseo ina dhiaidh seo, bainfidh an fo-alt seo le gach ionstraim a bhéarfas éifeacht do cheannach tí ar an teach a thógáil.

(b) Ní bhainfidh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), ná alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), le haon ionstraim lena mbaineann an fo-alt seo agus, ina ionad sin, beidh pé dleachta stampa inmhuirir a bheadh inmhuirir dá mba nár hachtaíodh na hailt sin.

(c) Beidh éifeacht ag mír (b) den fho-alt seo i gcás (agus sa chás sin amháin) deimhniú faoi shéala an Aire Rialtais Áitiúil a bheith formhuinithe ar an ionstraim gur tugadh nó go dtabharfar deontas faoi alt 16 d'Acht 1948 i leith an tí a ceannaíodh amhlaidh, nach deontas do chumann fóntais phoiblí ná d'áititheoir an tí ar thógáil an tí a chríochnú.

(d) Más rúd é—

(i) gur muirearaíodh dleacht stampa ar ionstraim do réir ailt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , nó ailt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ,

(ii) go n-iarrfaidh duine faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim a chur in iúl maidir leis an ionstraim, agus

(iii) go suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gurbh fhéidir deimhniú faoi mhír (c) den fho-alt seo d'fhormhuiniú go cuí ar an ionstraim,

measfar an deimhniú sin a bheith formhuinithe ar an ionstraim agus dleacht a bheith inmhuirir uirthi dá réir sin pé acu cuireadh nó nár cuireadh stampa áirithe uirthi cheana á thaispeáint gur stampáladh go cuí í.

(e) In aon chás den tsórt dá dtagartar i mír (d) den fho-alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an difríocht d'aisíoc a bheas idir an méid dleachta a muirearaíodh iarbhír ar an ionstraim agus an méid a meastar a bheith inmhuirir uirthi de bhuaidh míre (d) den fho-alt seo, ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas ar aisíoc laistigh de dhá bhliain tar éis dáta na hionstraime.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1952 agus ar alt 10 d'Acht 1954.

8. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1952 maidir le deontais iomchuí a dáilfear an 17ú lá d'Iúil, 1956, nó dá éis, amhail is dá méadaítí £104 gach ceann de na méideanna a sonraítear i míreanna (i) go (iv).

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1952, maidir le deontais iomchuí a dáilfear an 17ú lá d'Iúil, 1956, nó dá éis trí “céile an duine sin má tá an duine sin pósta” a chur in ionad “gach duine de theaghlach an duine sin a chónaigh leis i gcaitheamh na bliana sin agus a bhfuil sé réasúnach bheith ag súil go gcónóidh sé leis sa tigh.”

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1954 maidir le deontais iomchuí a dáilfear an 17ú lá d'Iúil, 1956, nó dá éis, amhail is dá méadaítí £104 gach ceann de na méideanna a sonraítear i míreanna (a) go (d).

Leasú ar alt 12 d'Acht 1954.

9. —(1) Nuair a beifear ag tabhairt feidhme do mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1954, déanfar an tagairt do £80, maidir le teaghas ar leithligh a bhfuil níos mó ná trí sheomra ann, d'fhorléiriú—

(a) i gcás teaghais ar leithligh a bhfuil cúig seomra nó níos mó ann—mar thagairt do £120, agus

(b) in aon chás eile—mar thagairt do £100.

(2) Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1954 trí “nó faoi alt 11 d'Acht na dTithe (Leasú), 1956 ” a chur isteach i ndiaidh “faoi alt 7 d'Acht 1952”.

Scéimeanna le haghaidh ráthaíochtaí.

10. —(1) Féadfaidh údarás tithe, do réir scéime a bheas ceadaithe ag an Aire, ráthaíocht a thabhairt i leith coda d'airleacan (lena n-áirítear airleacan a tugadh sara ndearnadh an scéim) ó chumann foirgníochta nó ó chuideachta árachais chun teach a cheannach nó a thógáil maraon leis an ús air sin.

(2) Chun críocha scéime faoin alt seo, beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun iasacht d'fháil atá ag an údarás sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cion nach mó ná caoga faoin gcéad d'aisíoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, den mhéid a chaith údarás tithe i leith ráthaíochta faoi scéim faoin alt seo más deimhin leis an Aire—

(a) gur tugadh an ráthaíocht i leith na coda den airleacan is ionann agus an bhreis atá ag an airleacan ar an airleacan a tabharfaí dá mba nár tugadh an ráthaíocht, agus

(b) nach ndeachaidh an méid d'íoc an t-údarás tithe i leith na ráthaíochta thar dhá dtrian den chaillteanas a tharla tríd an gcuid sin den airleacan a thabhairt.

(4) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí aon chontae-bhuirge, scéim a dhéanamh faoin alt seo.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann lena mbaineann na hAchta Cumann Foirgníochta, 1874 go 1942;

tá le “cuideachta árachais” an bhrí atá leis san Acht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936) .

Deontais chun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais príobháideacha a chur ar fáil agus a chur isteach.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná £40 a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a dhéanfas soláthar uisce príobháideach a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe, más rúd é—

(i) go bhfuil an teach cónaithe i límistéir nach bhfuil, ar dháta an iarratais ar an deontas, aon tsoláthar poiblí uisce píopaí ar fáil ná á chur ar fáil ann, agus

(ii) go dtosnófar lá an Achta seo a rith nó dá éis sin ar an soláthar uisce a chur ar fáil agus a chur isteach agus go gcríochnófar sin ar an lú lá d'Aibreán, 1958, nó roimhe sin, agus go gcomhlíonfar ina leith na coinníollacha a bheas leagtha amach sna rialacháir sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná £20 a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a dhéanfas saoráidí séarachais príobháideacha a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe, más rud é—

(i) go bhfuil an teach cónaithe i límistéir nach bhfuil, ar dháta an iarratais ar an deontas, aon scéim séarachais phoiblí ar fáil ná á chur ar fáil ann agus

(ii) go dtosnófar lá an Achta seo a rith nó dá éis sin ar na saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach agus go gcríochnófar sin an lú lá d'Aibreán, 1958, nó roimhe sin, agus go gcomhlíonfar ina leith na coinníollacha a bheas leagtha amach sna rialacháin sin.

(3) Nuair a bhéarfas an tAire deontas faoin alt seo, ní déanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach cónaithe sin é, nó ar cuid de an teach sin, a mhéadú, i gcás aon luacháil nó athscrúdú luachála air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an cur ar fáil agus an cur isteach sin a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim an soláthar uisce agus na saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach ann.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

(5) Forléireofar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1956, atá (de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 6 d'Acht 1954) i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1952, mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1957.

(6) Ní tabharfar deontas faoi alt 7 d'Acht 1952 agus faoin alt seo i leith an tí chónaithe chéanna.

(7) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 6 d'Acht 1950 le deontas faoin alt seo.

(8) Is deontas iomchuí chun críocha alt 9, 10 agus 11 d'Acht 1952 aon deontas a bhéarfar faoin alt seo.

(9) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag fo-alt (5) den alt seo amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1956, agus ón lá sin amach.

CUID III.

Aitribh Airithe a Rialú.

Leasú ar ailt 7, 8 agus 9 d'Acht 1948.

12. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1948 trí “é go léir nó cuid de d'úsáid ar shlí seachas chun cónaithe” a chur in ionad “é d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1948 trí “é go léir nó cuid de d'úsáid ar shlí seachas chun cónaithe” a chur in ionad “é d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe”.

(3) Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1948 trí “le hé sin go léir nó cuid de d'úsáid ar shlí seachas chun cónaithe” a chur in ionad “lena úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe”.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 7 ná ag alt 8 d'Acht 1948, arna leasú leis an alt seo, i gcás gan ach cuid de theach inchónaithe d'úsáid ar shlí seachas chun cónaithe más rud é go raibh an chuid sin den teach á húsáid amhlaidh díreach roimh an Acht seo a rith.

(5) Leanfaidh alt 8 d'Acht 1948, arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1958.

CUID IV.

Tithe don Lucht Oibre.

Talamh a thógáil le haghaidh sráideanna, etc.

13. —Féadfar an chumhacht chun talamh d'fháil chun críocha Coda III den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1890, d'fheidhmiú i gcás talún a beartófar a úsáid le haghaidh sráideanna nó bóithre poiblí, faichí imeartha, páirceanna nó spásanna oscailte, pé acu i ndáil le tithe atá tógtha cheana féin nó i ndáil le tithe a beartaítear a thógáil, a bheas na sráideanna, na bóithre, na faichí imeartha, na páirceanna nó na spásanna oscailte sin le soláthar.

CUID V.

Iostáin Sclábhaithe.

Leasú ar alt 12 (2) (b) (i) d'Acht na Sclábhaithe, 1936 .

14. —(1) Leasaítear leis seo fo-mhír (i) de mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 ( Uimh. 24 de 1936 ), trí “ar iostán ar thalamh stáit a bheith curtha ar fáil acu, iad a thea cht chun bheith mar únaer i bhfeo simplí ar an talamh sin, nó” a chur léi.

(2) I gcás ina mbeidh feidhm, de bhuaidh an ailt seo, ag fo-alt (2) d'alt 12 'd Acht na Sclábhaithe, 1936 láithreach ar an Acht seo a rith, measfar gurb í an tréimhse dhá mhí dhéag a thosnós ar dháta an Achta seo a rith an tréimhse ina mbeidh na hoblagáidí a forchuirtear leis an bhfo-alt sin le comhlíonadh.

Leasú ar alt 18 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 .

15. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 , ( Uimh. 24 de 1936 ), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(3) I gcás oibreacha a bheith déanta de bhun fo-ailt (1) den alt seo ar iostán nó istigh ann—

(a) déanfar air sin ordú dílsiúcháin i leith an iostáin,

(b) féadfaidh ceannaitheoir an iostáin, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse tríocha lá dar tosach an dáta a hinseofar dó go ndearnadh an t-ordú dílsiúcháin, fógra a thabhairt don Aire i dtaobh aon amhrais, aighnis nó ceiste maidir leis na hoibreacha ar mian leis go dtabharfadh an tAire breith air de bhun fo-ailt (2) den alt seo, agus

(c) má tugtar fógra mar adúradh don Aire agus go gcinnfidh sé go bhfuil oibreacha breise le déanamh, ní measfar go mbeidh déanamh na n-oibreacha breise coiscthe mar gheall ar an ordú dílsiúcháin a bheith déanta ná mar gheall ar a théarmaí.”

Leasú ar alt 24 d'Acht 1950.

16. —Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1950 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (3):

“(3) (a) Féadfaidh comhairle chontae a ligfeas iostán faoin alt seo a dhearbhú gur duine cáilithe chun críocha ailt 16 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) , an duine chun ar ligeadh an t-iostán, agus air sin is duine cáilithe chun na gcríocha sin an duine sin.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, dearbhú a dhéanamh faoin alt seo.”

Teach a dhíol faoi alt 35 d'Acht 1952.

17. —Ar theach a dhíol faoi alt 35 d'Acht 1952, féadfaidh an t-údarás tithe, más oiriúnach leo é, a aontú gur ina thráthchoda a híocfar an praghas nó go ndéanfar cuid den phraghas d'urrú trí mhórgáiste ar an áitreabh.

Leasú ar na cumhachta chun orduithe ceannaigh a neamhniú nó a dhaingniú.

18. —(1) Aon neamhniú nó daingniú a déanfar de bhun míre (a), (b) nó (c) d'Airteagal 4 den Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) , arna leasú le halt 42 d'Acht 1948, féadfar é a dhéanamh in aon chéim amháin san aon-tráth nó i dhá chéim nó níos mó i dtrátha éagsúla.

(2) I gcás ina ndéanfar, de bhuaidh an ailt seo, daingniú lena mbaineann alt 17 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , i dhá chéim nó níos mó, beidh éifeacht ag an alt sin—

(a) amhail is gur cheangail fo-alt (2) fógra d'fhoilsiú agus a sheirbheáil, maidir le gach céim acu sin, á rá gur daingníodh an t-ordú chomh fada agus a bhain sé leis an talamh lenar bhain an chéim sin,

(b) amhail is gur bhain fo-alt (3) le foilsiú gach fógra acu sin a foilseofaí, agus

(c) amhail is gur fhoráil fo-alt (4) go dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, maidir leis an talamh lenar bhain aon chéim acu sin, i gceann sé seachtaine ón dáta a foilsíodh fógra maidir leis an gcéim sin.

(3) I gcás ina ndéanfar, de bhuaidh an ailt seo, an chéad daingniú nó an dara daingniú do réir bhrí ailt 43 d'Acht 1948 i dhá chéim nó níos mó, beidh éifeacht ag an alt sin—

(a) amhail is gur cheangail fo-alt (3) nó fo-alt (4) (do réir mar oireas) fógra d'fhoilsiú maidir le gach céim acu sin á rá gur daingníodh an t-ordú chomh fada agus a bhain sé leis an talamh lenar bhain an chéim sin,

(b) amhail is gur fhoráil fo-alt (6) go dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, maidir leis an talamh lenar bhain aon chéim acu sin, i gceann trí seachtaine ón dáta a foilsíodh fógra maidir leis an gcéim sin, agus

(c) i gcás an dara daingnithe, amhail is gur bhain fo-alt (5) le gach céim acu sin ionann is dá mba é an dara daingniú an chéim sin.

CUID VI.

Tithe Cónaithe Beaga d'Fháil.

Leasú ar alt 1 d'Acht 1899.

19. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 1 d'Acht 1899, arna leasú le halt 34 den Housing (Ireland) Act, 1919, a leasú—

(a) trí “ninety-five per centum” a chur in ionad “ninety per centum”, agus

(b) trí “excluding from that market value a grant under any enactment” a chur isteach i ndiaidh “the market value of the ownership”.

An ráta úis ar airleacain faoi Acht 1899.

20. —I gcás aon airleacan a bhéarfar tar éis an tAcht seo a rith, is do réir pé ráta a shocrós an t-údarás áitiúil a bhéarfas an t-airleacan a bheas an ráta úis ar airleacain faoi alt 1 d'Acht 1899.

AN SCEIDEAL.

Athghairm.

Alt 5.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hathghairme

Uimh. 1 de 1948

Acht na dTithe (Leasú), 1948 .

Alt 40.

Uimh. 25 de 1950

Acht na dTithe (Leasú), 1950 .

In alt 11, na focail “má áitíonn seisean an teach nuair a bheas sé críochnaithe”; alt 34.

Uimh. 16 de 1954 .

Acht na dTithe (Leasú), 1954 .

Alt 15.