30 1956


Uimhir 30 de 1956.


AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHT IASCAIGH MHARA, 1952 GO 1955. [24 Iúil, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Méadú ar an tórainn le hairleacain chun an Bhoird Iascaigh Mhara as an bPríomh-Chiste.

1. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Acht Iascaigh Mhara, 1952 ( Uimh. 7 de 1952 ) (a fhorálas go bhféadfar airleacain nach mó san iomlán ná cúig chéad míle punt a thabhairt don Bhord Iascaigh Mhara as an bPríomh-Chiste) a leasú trí “milliún punt” a chur in ionad “cúig chéad míle punt”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1956 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Iascaigh Mhara, 1952 go 1956, a ghairm de na h Achta Iascaigh Mhara, 1952 agus 1955, agus den Acht seo le chéile.