27 1956


Uimhir 27 de 1956.


ACHT NA bPRÍOSÚNACH COGAIDH AGUS NA nEACHTRANNACH NAIMHDEACH, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PRÍOSÚNAIGH CHOGAIDH AGUS EACHTRANNAIGH NAIMHDEACHA D'IMTHEORANNÚ AGUS DÁ CHUMASÚ, A MHÉID A BHAINEAS LE hÉIRINN, ÉIFEACHT A THABHAIRT D'FHORÁLA ÁIRITHE, AGUS TAIRBHE A BHAINT AS FORÁLA ÁIRITHE, ATÁ SNA COINBHINSIÚIN A BHAINEAS LE CÓIREÁIL PHRÍOSÚNACH COGAIDH AGUS CAOMHAINT DAOINE SIBHIALTA LE LINN COGAIDH, A SÍNÍODH THAR CEANN NA hÉIREANN SA GHEINÉIV AN 19ú LÁ DE NOLLAIG, 1949. [17 Iúil, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cosanta;

ciallaíonn “Coinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh” Coinbhinsiún na Geinéive maidir le Cóireáil Phríosúnach Cogaidh a síníodh thar ceann na hÉireann sa Gheinéiv an 19ú lá de Nollaig, 1949;

ciallaíonn “Coinbhinsiún na Sibhialtach” Coinbhinsiún na Geinéive maidir le Caomhaint Daoine Sibhialta le linn Cogaidh a síníodh thar ceann na hÉireann sa Gheinéiv an 19ú lá de Nollaig, 1949.

(2) Aon tagairt a déantar san Acht seo do phríosúnaigh chogaidh, is tagairt í, go príomha—

(a) do dhaoine atá, maidir leis an Stát agus le cogadh a bhfuil an Stát páirteach ann, ina bpríosúnaigh chogaidh do réir bhrí Míre A d'Airteagal 4 de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh, agus

(b) do dhaoine atá, maidir leis an Stát agus le cogadh nach bhfuil an Stát páirteach ann, le háireamh, faoi threoir fho-mhíre (2) de Mhír B d'Airteagal 4 de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh, mar phríosúnaigh chogaidh faoin gcoinbhinsiún sin,

ach forléireofar freisin aon tagairt den tsórt sin mar ní a fholaíos tagairt do na daoine atá, maidir leis an Stát agus le cogadh a bhfuil an Stát páirteach ann, tar éis gníomh cogaidh a dhéanamh agus, de bhun Airteagail 5 de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh, atá le caomhaint an choinbhinsiúin sin a bheith acu go dtí go gcinnfidh bínse inniúil a stádas.

(3) Aon tagairt a déantar san Acht seo d'eachtrannaigh naimhdeacha is tagairt í do dhaoine atá, maidir leis an Stát agus le cogadh a bhfuil an Stát páirteach ann, ina ndaoine faoi chaomhaint do réir bhrí Airteagail 4 de Choinbhinsiún na Sibhialtach, lena n-áirítear daoine arb iad, maidir leis an Stát agus le cogadh a bhfuil an Stát páirteach ann—

(a) na daoine a éilíos go saorálach go ndéanfar iad d'imtheorannú agus a dtagartar dóibh in Airteagal 42 de Choinbhinsiún na Sibhialtach, agus

(b) na leanaí a ligtear saoirse leo d'éagmais chúraim thuismitheora agus a dtagartar dóibh in Airteagal 82 de Choinbhinsiún na Sibhialtach.

Imtheorannú.

2. —(1) Imtheorannófar na daoine seo a leanas:

(a) príosúnaigh chogaidh a n-ordófar a n-imtheorannú faoi fho-alt (2) den alt seo, agus

(b) eachtrannaigh naimhdeacha a n-ordófar a n-imtheorannú faoi fho-alt (3), (4) nó (5) den alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire nó aon Aire Stáit eile ordú a thabhairt i scríbhinn gach príosúnach cogaidh, príosúnaigh chogaidh do náisiúntacht áirithe nó a bhaineas ar shlí eile le haicme áirithe nó aon phríosúnach cogaidh áirithe d'imtheorannu.

(3) Más deimhin leis an Aire nó le haon Aire Stáit eile go bhfuil sé fíor-riachtanach ar mhaithe le slándáil an Stáit gach eachtrannach naimhdeach, eachtrannaigh naimhdeacha de náisiún tacht áirithe nó a bhaineas ar shlí eile le haicme áirithe nó aon eachtrannach naimhdeach áirithe d'imtheorannú, féadfaidh sé an t-imtheorannú sin d'ordú i scríbhinn.

(4) Más deimhin leis an Aire nó le haon Aire Stáit eile, ag féachaint don dara mír in Airteagal 42 de Choinbhinsiún na Sibhialtach, gur gá aon eachtrannach naimhdeach áirithe d'imeorannú, féadfaidh sé an t-imtheorannú sin d'ordú i scríbhinn.

(5) Más deimhin leis an Aire nó le haon Aire Stáit eile, i gcás linbh ar bith le heachtrannach naimhdeach imtheorannaithe ar ligeadh saoirse leis d'éagmais chúraim thuismitheora, gur hiarradh do réir Airteagail 82 de Choinbhinsiún na Sibhialtach go n-imtheorannófaí an leanbh sin, féadfaidh sé an t-imtheorannú sin d'ordú i scríbhinn.

(6) Féadfaidh ordú faoin alt seo, lasmuigh d'ordú maidir le duine áirithe, bheith faoi réir pé díolúintí is oiriúnach leis an Aire a bhéarfas é.

(7) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann duine ar bith a ghabháil gan barántas má tá cúis réasúnach aige a chreidiúint gur duine é ar hordaíodh é d'imtheorannú (lena n-áirítear duine a himtheorannaíodh agus d'éalaigh).

(8) Bainfidh rialacháin le himtheorannú daoine agus údaraítear leis seo a ndéanamh—

(a) maidir le príosúnaigh chogaidh, ag an Aire, agus

(b) maidir le heachtrannaigh naimhdeacha, ag an Aire nó ag an Aire Dlí agus Cirt.

(9) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo gach ní d'fhoráil is dóigh leis an Aire nó leis an Aire Dlí agus Cirt (pé acu é) is gá nó is foirstineach maidir le himtheorannú agus, go háirithe, féadfaid gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) foráil a dhéanamh i dtaobh campaí imtheorannuithe a bhunú agus i dtaobh riaradh, rialú agus slándáil na gcampaí sin,

(b) foráil a dhéanamh i dtaobh araíonacht a choimeád i measc daoine imtheorannaithe i gcampaí imtheorannuithe (lena n-áirítear foráil maidir le briseadh araíonachta, le pionóis mar gheall ar í a bhriseadh agus le héisteacht chásanna ina líomhantar gur briseadh í),

(c) foráil a dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar sna páirteanna seo a leanas de choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh:

(i) Caibidil I, II, III, V, VI, VII agus VIII de Roinn II de Chuid III (a bhaineas le himtheorannú),

(ii) Roinn III de Chuid III (a bhaineas le saothar),

(iii) Roinn IV de Chuid III (a bhaineas le hacmhainn airgeadais),

(iv) Roinn V de Chuid III (a bhaineas le caidreamh leis an taobh amuigh),

(v) Roinn VI de Chuid III (a bhaineas le caidreamh leis na húdaráis),

(vi) Cuid IV (a bhaineas le críochnú braighdeanais),

nó in aon chomhaontú de bhun na bpáirteanna sin,

(d) foráil a dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar i Roinn IV de Chuid III de Choinbhinsiún na Sibhialtach (a bhaineas le cóireáil eachtrannach naimhdeach imtheorannaithe) nó i dtaobh aon chomhaontuithe de bhun na Roinne sin.

(10) I gcás pianbhreith lena ngabhann gaibhniú a bheith á tabhairt ar dhuine imtheorannaithe mar gheall ar bhriseadh araíonachta, bainfear den phianbhreith aon tréimhse choinneála d'fhulaing sé ag feitheamh lena thriail nó leis an bpianbhreith.

Cumhacht ghinearálta chun éifeacht a thabhairt do pháirteanna áirithe de na Coinbhinsiúin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham pé rialacháin a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is foirstineach chun go gcomhlíonfar—

(a) na páirteanna de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus aon chomhaontú de bhun na bpáirteanna sin, agus

(b) aon chomhaontú speisialta de bhun Airteagail 6 de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh,

agus chun go dtabharfar éifeacht dóibh nó d'aon fhoráil iontu, agus beidh feidhm dlí sa Stát ag gach rialachán den tsórt sin.

(2) Is iad seo a leanas na páirteanna de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) an méid d'Airteagal 5 a dhéanas foráil i dtaobh cinneadh stádais ag binse inniúil,

(b) Airteagal 15 (a bhaineas le cothabháil agus le freastal liachta a sholáthar in aisce),

(c) Airteagal 33 (a bhaineas le pearsanra liachta agus séiplínigh a coinnítear),

(d) Roinn I de Chuid III (a bhaineas le tosach braighdeanais),

(e) Cuid V (a bhaineas le hOifigí Eolais agus le Cumainn Fóirthine),

(f) Airteagal 126 (a bhaineas le cuairteanna).

(3) Féadfaidh an tAire nó an tAire Dlí agus Cirt pé rialacháin a dhéanamh ó am go ham is dóigh leis is gá nó is foirstineach chun go gcomhlíonfar—

(a) na páirteanna de Choinbhinsiún na Sibhialtach a sonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo agus aon chomhaontú de bhun na bpáirteanna sin, agus

(b) aon chomhaontú speisialta de bhun Airteagail 7 de Choinbhinsiún na Sibhialtach,

agus chun go dtabharfar éifeacht dóibh nó d'aon fhoráil iontu, agus beidh feidhm dlí sa Stát ag gach rialachán den tsórt sin.

(4) Is iad seo a leanas na páirteanna de Choinbhinsiún na Sibhialtach dá dtagartar i bhfo-alt (3) den alt seo:

(a) an méid d'Airteagal 39 a bhaineas le cothú a sholáthar,

(b) Airteagal 43 (a bhaineas le himtheorannú nó cónaí sannaithe d'athbhreithniú),

(c) Airteagail 136, 137, 138, 139 agus 141 (a bhaineas le hOifigí Eolais),

(d) Airteagail 142 agus 143 (a bhaineas le cuairteanna).

Príosúnach cogaidh a bheith ina dhuine atá faoin dlí míleata.

4. —Beidh príosúnach cogaidh ina dhuine a bheas faoin dlí míleata amhail mar atá comhalta d'Óglaigh na hÉireann de chéim ar comhréir le céim nó stádas an phríosúnaigh chogaidh sin faoin dlí míleata de thuras na huaire le bhuaidh an Achta Chosanta, 1954 ( Uimh. 18 de 1954 ), agus beidh éifeacht dá réir sin maidir leis an bpríosúnach cogaidh sin ag na forála den Acht sin agus de na horduithe, na rialacháin agus na rialacha faoni Acht sin a bhaineas le daoine faoin dlí míleata, ach sin gan dochar—

(a) d'aon eisiamh nó modhnú is cuí leis an Aire a dhéanamh le rialacháin faoin mír seo chun gur féidir éifeacht a bheith ag na forála sin do réir imthosca (lena n-áirítear imtheorannú) príosúnach cogaidh, agus

(b) d'aon rialacháin faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo.

Forála maidir le pianbhreitheanna agus pionóis.

5. —(1) Má fógraítear pianbhreith bháis ar phríosúnach cogaidh, ní cuirfear an phianbhreith i ngníomh roimh dheireadh na tréimhse sé mhí dá dtagartar in Airteagal 101 de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh.

(2) Déanfar aon tréimhse a chaith príosúnach cogaidh faoi ghaibhniú ag feitheamh lena thriail a bhaint d'aon phianbhreith phríosúnachta a bhéarfar air agus cuirfear san áireamh í nuair a bheas aon phionós á shocrú.

(3) Nuair a beifear ag socrú pionóis a bheas le cur ar phríosúnach cogaidh, toisc nach náisiúnach de chuid an Stáit an cúisí agus uime sin nach bhfuil ceangal air aon dualgas géillsine a thabhairt don Stát agus gur de thoradh imthosca nach raibh neart aige féin orthu atá sé faoin chumhacht an Stáit bhéarfar aird ar an toisc sin sa mhéid is mó is féidir. Féadfar laghdú a dhéanamh ar an bpionós a foráltar don chion inar cúisíodh an príosúnach cogaidh, agus ní bheidh sé d'oblagáid aon phionós íosta a chur air.

(4) Nuair a bheas aon phianbhreith á tabhairt ar eachtrannach naimhdeach imtheorannaithe, cuirfear san áireamh a mhéid is féidir sin nach náisiúnach de chuid an Stáit an cosantóir. Bainfear de phianbhreith lena ngabhann gaibhniú aon tréimhse choinneála d'fhulaing an t-imtheorannaí ag feitheamh lena thriail nó le pianbhreith. Féadfar laghdú a dhéanamh ar aon phionós is iomchuí don chion inar cúisíodh an t-imtheorannaí, agus ní bheidh sé d'oblagáid, chuige sin, aon phionós íosta a chur air.

Cumhacht chun a cheangal ar eachtrannaigh naimhdeacha cónaí nó fanúint in áiteanna áirithe.

6. —(1) Maidir leis an gcumhacht a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht na nEachtrannach, 1935 ( Uimh. 14 de 1935 ), á cheangal ar eachtrannaigh cónaí nó fanúint i gceantair nó in áiteanna áirithe, ní feidhmeofar an chumhacht sin maidir le haon eachtrannach naimhdeach mura deimhin leis an Aire Dlí agus Cirt an ceanglas sin a bheith fíor-riachtanach ar mhaithe le slándáil an Stáit.

(2) Beidh éifeacht ag aon cheanglas den tsórt sin maidir le heachtrannach naimhdeach faoi réir na rialachán a déanfar faoin Acht seo chun éifeacht a thabhairt d'Airteagal 43 de Choinbhinsiún na Sibhialtach.

Binse mhíleata i gcás cúisimh i gcoinne eachtrannaigh naimhdigh imtheorannaithe.

7. —(1) Má cúisítear eachtrannach naimhdeach imtheorannaithe in aon chion (pé acu roimh an imtheorannú nó dá éis a rinneadh é) a triailfí, d'éagmais orduithe faoin alt seo, i gcúirt faoi na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú i scríbhinn gur binse mhíleata a thriailfeas an cúiseamh, agus air sin, faoi réir na rialachán faoin alt seo, is ag binse mhíleata, agus aige sin amháin, a triailfear an cúiseamh.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus féadfaidh na rialacháin, go sonrach, foráil a dhéanamh i dtaobh cineál agus comhdhéanamh na mbinsí míleata iomchuí agus i dtaobh an nós imeachta is inleanta acu.

Cabhrú le héaló.

8. —(1) Ní dhéanfaidh duine nach príosúnach cogaidh ná eachtrannach naimhdeach imtheorannaithe aon ní acu seo a leanas—

(a) ní chabhróidh le héaló príosúnaigh chogaidh imtheorannaithe ná eachtrannaigh naimhdigh imtheorannaithe,

(b) ní thearmannóidh príosúnach cogaidh ná eachtrannach naimhdeach d'éalaigh ó imtheorannnú, ná

(c) ní thabharfaidh ar dhaoine eile, ná ní dhéanfaidh iarracht a thabhairt orthu, cabhrú le héaló príosúnaigh chogaidh imtheorannaithe ná eachtrannaigh naimhdigh imtheorannaithe.

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann ar dhíotáil dlífear piantseirbhís a chur air ar feadh aon téarma nach sia ná seacht mbliana nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann duine ar bith a ghabháil gan barántas má tá cúis réasúnach aige a chreidiúint go ndearna an duine sin sárú ar fho-alt (1) den alt seo.

Toiliú an Aire Airgeadais le rialacháin áirithe.

9. —Is gá toiliú an Aire Airgeadais le rialacháin faoin Acht seo a bhéarfas muirear go díreach nó go neamhdhíreach ar chistí poiblí nó íocaíocht isteach iontu.

Rialacháin a leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

10. —Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Caiteachais.

11. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh Aire Stáit ag riaradh an Achta seo nó ag tabhairt éifeachta d'aon rialacháin faoin Acht seo.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 , a ghairm den Acht seo.