25 1955


Uimhir 25 de 1955.


AN tACHT IOMPAIR, 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA IOMPAIR, 1950 , AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH IARNRÓD. [6 Nollaig, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an t Acht Iompair, 1950 (Uimh. 12 de 1950) ;

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Cumhachta an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht.

2. —(1) Leasaítear leis seo mar leanas alt 28 d'Acht 1950:

(a) trí mhilliún agus cúig chéad míle punt a chur in ionad milliún punt i mír (c) d'fho-alt (1) (a chuireas tórainn le hiasachta sealadacha);

(b) trí dhá mhilliún déag punt a chur in ionad seacht milliún punt i mír (b) d'fho-alt (2) (a chuireas tórainn le hiasachta chun críocha caipitiúla).

(2) Má thoilíonn an tAire le hairgead d'fháil ar iasacht faoi fho-alt (2) d'alt 28 d'Acht 1950, féadfaidh sé coiníoll a chur leis an toiliú nach n-úsáidfear an t-airgead ach le haghaidh cláir d'oibreacha caipitiúla a cheadós an tAire.

Ráthaíocht Stáit le hiasachta sealadacha.

3. Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 30 d'Acht 1950 a leasú trí mhilliún punt a chur in ionad cúig chéad míle punt i mír (b) (a chuireas tórainn le ráthaíocht an Aire Airgeadais le hiasachta sealadacha).

Cúiteamh i leith iomarcachta de thoradh cumhacht diesel a chur in ionad cumhachta gaile.

4. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “duine lena mbaineann an t-alt seo” oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bhí, ar dháta an Achta seo a rith, ar fostú ag an mBord i gcáil bhuan nó a bhí, taobh amuigh de chorrbhriseadh ina fhostaíocht, ar fostú ag an mBord ar feadh iomlán na dtrí mbliain a chríochnaigh díreach roimh an dáta sin;

ciallaíonn “iomarcacht” iomarcacht de thoradh cumhacht diesel a chur in ionad cumhachta gaile.

(2) Mura féidir leis an mBord malairt fostaíochta ina sheirbhís a thairiscint do dhuine lena mbaineann an t-alt seo agus nach gá, ar fhoras na hiomarcachta, a choinneáil ina sheirbhís, agus má scaoiltear lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar ar an modh atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht 1950.

(3) Má dhéanann an Bord duine lena mbaineann an t-alt seo d'aistriú, ar fhoras na hiomareachta, ó phost go dtí post eile ina sheirbhis agus go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinniollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord do réir bhrí ailt 37 d'Acht 1950, ag a mbeidh feidhm chun críocha an ailt seo, íocfaidh an Bord cúiteamh leis i bhfoirm chnapshuime de pé méid is réasúnach.

(4) Beidh feidhm ag ailt 41, 42 agus 43 d'Acht 1950 (a bhaineas le cinneadh cúitimh faoin Acht sin) maidir le cúiteamh faoin alt seo.

Airleacan inaisíoctha £2,462,369 d'áireamh mar dheontas neamhinaisíoctha.

5. —Aireofar mar dheontas neamh-inaisíoctha dhá mhilliún cheithre chéad, seasca agus dhá mhíle, trí chéad, seasca agus naoi bpuint, is é sin. iomlán na n-airleacan inaisíoctha chun an Bhoird le haghaidh caiteachais chaipitiúil a ndearnadh. arna gcur i Meastachán Forlíontach a cheadaigh Dáil Éireann an 30ú lá de Shamhain, 1949, iad a dheonadh leis an Acht Príomh-Chiste, 1950 (Uimh. 8 de 1950) , agus a leithreasú chun na críche sin leis an Acht Leithreasa, 1950 (Uimh. 20 de 1950) .

Tréigean línte iarnróid áirithe.

6. —Beidh réim ag alt 110 den Acht Iompair, 1944 ( Uimh. 21 de 1944 ), ag alt 21 d'Acht 1950 agus ag alt 26 d' Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1953 (Uimh. 17 de 1953) . (a dhéanas socrú i dtaobh línte iarnróid áirithe a thréigean) maidir leis na línte iarnróid seo a leanas:

(a) líne iarnróid ar scoireadh a seirbhísí uile go buan sarar ritheadh Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933) , agus

(b) iarnród nó trambhealach éadrom a rinneadh faoi na Tramways (Ireland) Acts, 1860 to 1900.

Deireadh le dliteanas chun oibreacha garachta seachas droichid a chothabháil, etc.

7. —(1) Ní dhéanfaidh ordú chun líne iarnróid a thréigean difir do dhliteanas na cuideachtan iarnróid chun aon oibreacha (seachas droichid, áirsí nó lintéirí thar an líne iarnróid nó fúithi) den tsórt a luaitear in alt 68 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845, a chothabháil.

(2) Féadfaidh an chuideachta iarnróid, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt d'únaer agus (murb é an duine céanna é) d'áitithcoir talún ar chun garachta dhó a rinneadh aon oibreacha den tsórt sin, deireadh a chur lena dliteanas amhail ón dáta (nach lú ná mí i ndiaidh dáta an fhógra ná nach luaithe ná dáta an orduithe thréigin a theacht i bhfeidhm) a sonrófar sa bhfógra, agus íocfaidh an chuideachta le haon únaer nó áititheoir den tsórt sin cúiteamh i ngach díobháil nó damáiste (más ann) a bhainfeas dó toise deireadh a bheith leis an dliteanas sin.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 21 d'Acht 1950 i leith cúitimh is iníoctha ag aon chuideachta iarnróid faoin alt seo, agus dá réir sin déanfar tagairtí iontu don Bhord a léamh mar thagairtí a fholaíos tagairtí don chuideachta sin.

(4) Féadfar fógra faoin alt seo a thabhairt do dhuine in aon tslí acu seo a leanas:

(a) trína sheachadadh dhó,

(b) trína fhágaint ag an seoladh ag a bhfuil gnáth-chónaí air.

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheas dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air, nó

(d) trína chur suas ag an talamh atá i gceist nó ina haice.

(5) Athghairmtear leis seo mír (d) d'fho-alt (4) d'alt 110 den Acht Iompair, 1944 , agus mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 21 d'Acht 1950.

Cumhachta cuideachtan iarnróid i leith líne iarnróid a tréigeadh.

8. —I gcás ina n-údaraítear do chuideachta iarnróid aon líne iarnróid a thréigean, féadfar an chumhacht a tugtar le haon achtachán chun talamh faoin líne agus á tadhall a dhíol, trí ghnóthaíocht phríobháideach, le húnaer na talún ar dhá thaobh na líne, d'fheidhmiú i bhfabhar aon únaera talún ar cheachtar taobh den líne; agus chun deireadh a chur le hamhrais dearbhaítear leis seo go bhféadfar an talamh sin nó aon chuid di a choinneáil, in ionad í a dhíol, agus go bhféadfar aon talamh a coinneofar amhlaidh a léasú, a ligean nó d'úsáid chun aon cheann de chríocha na cuideachtan.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht Iompair, 1955 , a ghairm den Acht seo.