23 1955


Uimhir 23 de 1955.


AN tACHT SILTIN AIRTÉIRIGH (LEASÚ), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, FO-AILT (3) d'ALT 37 DEN ACHT SILTIN AIRTÉIRIGH, 1945 . [30 Samhain, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Siltin Airtéirigh, 1945 (Uimh. 3 de 1945) .

Alt 37 (3) den Phríomh-Acht a leasú.

2. —(1) Déantar leis seo na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) d'alt 37 den Phríomh-Acht i ndiaidh míre (a) den fho-alt sin:

“(a1) pé suimeanna is dóigh leis na Coimisinéirí is ionann agus luach na seirbhísí a sholáthrós na Coimisinéirí i bhfoirm ghléasra, inneallra, feithiclí, uirlisí, stóras, athpháirteanna, agus trealaimh agus soláthairtí eile innealltóireachta chun na hoibreacha siltin sin a chothabháil, agus

(a2) pé suimeanna is dóigh leis na Coimisinéirí is ionann agus luach bliantúil áitreabh a sholáthrós agus a chothabhálfas na Coimisinéirí san áit dá bhfónann na hoibreacha siltin sin chun na hoibreacha siltin sin a chothabháil, agus”.

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh díreach tar éis an Príomh-Acht a rith.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Siltin Airtéirigh (Leasú), 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Siltin Airtéirigh, 1945 agus 1955, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.