12 1955


Uimhir 12 de 1955.


AN tACHT UM BAINISTÍ CHATHRACH AGUS CONTAE (LEASÚ), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT A BHAINEAS LE BAINISTÍ CHONTAE-BHUIRGÍ, CONTAETHE AGUS LIMISTÉIRÍ ÁIRITHE EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE A GHABHAS LEIS SIN. [21 Meitheamh, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1940” an t Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) ;

ní fholaíonn “buirg” contae-bhuirg;

ciallaíonn “Bardas Bhaile Atha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “comhlucht toghaí” comhlucht toghaí chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942;

tá le “meastachán caiteachas” an bhrí a bheirtear dó in alt 9;

tá le “coiste meastachán” an bhrí a bheirtear dó in alt 7;

tá le “cruinniú meastachán” an bhrí a bheirtear dó in alt 10;

ciallaíonn “feidhm fheidhmiúcháin” feidhm seachas feidhm fhorcoimeádta;

tá le “contaethe grúpáilte” an bhrí atá leis in Acht 1940;

ciallaíonn “feidhmeanna sláinte i leith aonaí” feidhmeanna—

(a) maidir le breitheanna i dtaobh aon duine áirithe a bheith, nó gan a bheith, cáilithe chun leas a bhaint as seirbhís (lena n-áirítear seirbhís íoctha deontas nó liúntas)a cuireadh ar fáil faoi na h Achta Sláinte, 1947 go 1954. nó faoi na h Achta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 agus 1954. nó i dtaobh an méid cóireála a gheobhas duine agus an mhodha ar a bhfaighidh sé í faoi aon tseirbhís den tsórt sin nó i dtaobh an méid leasa eile a bhainfeas sé agus an mhodha ar a mbainfidh sé é as aon tseirbhís den tsórt sin.

(b) maidir le breitheanna i dtaobh muirear a chur nó a ghnóthú, nó i dtaobh méid aon mhuirir. i leith seirbhíse (lena n-áirítear seirbhís íoctha deontas nó liúntas) a cuireadh ar fáil faoi na h Achta Sláinte, 1947 go 1954, nó faoi na hAchta Cóireála Meabhar-Ghalar. 1945 agus 1954, i leith duine áirithe,

(c) faoi ailt 107, 168, 188, 203, 206, 208, 215, 216, 217, 218, 219, 220, 223 agus 224 agus faoi Chuid XVII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) .

(d) faoi alt 39 den Acht Sláinte, 1947 ( Uimh. 28 de 1947 );

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) bardas contae-bhuirge,

(b) comhairle chontae, nó

(c) comhlucht toghaí;

ciallaíonn “bainisteoir”—

(a) maidir le bardas contae-bhuirge—an bainisteoir chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí na contaebhuirge, agus

(b) maidir le comhairle chontae nó comhlucht toghaí—an bainisteoir chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo;

ciallaíonn “feidhm fhorcoimeádta”—

(a) maidir le bardas contae-bhuirge—feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí na contae-bhuirge, agus

(b) maidir le comhairle chontae nó comhlucht toghaí— feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942.

(2) Folaíonn aon tagairt san Acht seo d'fheidhm tagairt do chumhacht nó dualgas, agus folaíonn aon tagairt d'fheidhm a chomhlíonadh, i gcás cumhachta, tagairt don chumhacht d'fheidhmiú.

(3) D'ainneoin aon ní san alt seo, déanfar gach tagairt san Acht seo do chruinniú, comhalta, coiste, comhalta de choiste, nó cruinniú de choiste d'údarás áitiúil d'fhorléiriú, i gcás inar bardas contae-bhuirge nó buirge an t-údarás áitiúil atá i gceist, mar thagairt do chruinniú, comhalta, coiste, comhalta de choiste. nó cruinniú de choiste (do réir mar bheas) den chomhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge.

Tograí an bhainisteora a chur in iúl roimh ré do chomhaltaí údaráis áitiúil.

2. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh údarás áitiúil, le rún, a ordú go gcuirfidh an bainisteoir in iúl do chomhaltaí an údaráis áitiúil. sara gcomhlíonfaidh sé aon fheidhm fheidhmiúcháin shonraithe de chuid an údaráis áitiúil, an modh ar a mbeartaíonn sé an fheidhm sin a chomhlíonadh, agus déanfaidh an bainisteoir do réir an rúin.

(2) Féadfaidh rún faoi fho-alt (1) den alt seo baint le haon chás nó ócáid áirithe, nó le gach cás nó ócáid, a gcomhlíonfar an fheidhm fheidhmiúcháin shonraithe.

(3) Ní bheidh feidhm ná réim ag rún faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le comhlíonadh aon fheidhme de chuid an bhainisteora a bhaineas le hoifigigh nó seirbhísigh údaráis áitiúil nó le rialú, maoirsiú, seirbhís. luach saothair, pribhléidí ná aoisliúntas na n-oifigeach nó na seirbhíseach sin nó aon duine acu, agus beidh aon rún ar neamhní a airbheartós a bheith arna rith faoi fho-alt (1) den alt seo agus a shárós an fo-alt seo.

(4) Gach díospóid a tharlós idir údarás áitiúil agus an bainisteoir i dtaobh cé acu a sháraíonn, nó nach sáraíonn, rún a rith an t-údarás áitiúil fo-alt (3) den alt seo, tarchuirfear í lena cinneadh—

(a) más comhbhord ospidéil mheabhair-ghalar nó comhbhord a bunaíodh le hordú faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 ), an t-údarás áitiúil —chun an Aire Shláinte, agus

(b) in aon chás eile—chun an Aire.

(5) Ní bheidh feidhm ná réim ag rún faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le comhlíonadh aon chinn de na feidhmeanna sláinte i leith aonaí atá ag údarás áitiúil agus beidh aon rún ar neamhuí a airbheartós a bheith arna rith faoi fho-alt (1) den alt seo agus a shárós an fo-alt seo.

(6) Gach díospóid a tharlós idir údarás áitiúil agus an bainisteoir i dtaobh cé acu a sháraíonn, nó nach sáraíonn, rún a rith an t-údarás áitiúil fo-alt (5) den alt seo, tarchuirfear chun an Aire Shláinte í lena cinneadh.

(7) Bhéarfaidh an bainisteoir eolas roimh ré do chomhaltaí údaráis áitiúil—

(a) sara nglacfar de láimh aon oibreacha (seachas oibreacha cothabhála nó deisiúcháin) de chuid an údaráis áitiúil, nó

(b) sara gcuirfidh sé an t-údarás áitiúil faoi dhliteanas i leith aon chaiteachais i ndáil le hoibreacha a bheas beartaithe (seachas oibreacha cothabhála nó deisiúcháin).

(8) Féadfaidh údarás áitiúil a mhíniú le rún cad é an t-eolas a bheas le tabhairt de bhun an ailt seo agus conas agus cathain a bhéarfar amhlaidh é, agus déanfaidh an bainisteoir do réir an rúin.

(9) Ní choiscfidh aon ní sna forála sin roimhe seo den alt seo an bainisteoir ó dhéileáil láithreach le haon teagmhas a mheasfas sé is éigeandáil a dhlíos gníomh láithreach ar neamhchead do na forála sin.

Ordú gan dul ar aghaidh le hoibreacha.

3. —Nuair a bhéarfar eolas do chomhaltaí údaráis áitiúil de bhun ailt 2 den Acht seo i dtaobh aon oibreacha (nach oibreacha a gceanglaítear ar an údarás áitiúil le reacht nó faoi nó le hordú ó Chúirt iad a ghlacadh de láimh), féadfaidh an t-údarás áitiúil. le rún, a ordú nach raghfar ar aghaidh leis na hoibreacha, agus déanfaidh an bainisteoir do réir an rúin.

Ceanglas go ndéanfar rud áirithe.

4. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh údarás áitiúil, le rún, a cheangal go ndéanfar nó go gcuirfear in éifeacht, i gcomhlíonadh feidhmeanna feidhmiúcháin an údaráis áitiúil, aon ghníomh, ní nó rud áirithe a luafar go sainráite sa rún agus is féidir leis an údarás áitiúil nó an bainisteoir a dhéanamh nó a chur in éifeacht go dleathach.

(2) Bhéarfar fógra i scríbhinn don bhainisteoir go bhfuiltear ar intinn rún a mholadh faoin alt seo, agus—

(a) beidh an fógra faoi shíniú triúr comhaltaí den údarás áitiúil,

(b) beidh cóip den rún sa bhfógra, agus

(c) féadfaidh an fógra a cheangal go mbreithneofar an rún ag cruinniú speisialta agus ansin sonróidh lá (nach luaithe ná seacht lá tar éis an lae a gheobhas an bainisteoir an fógra) don chruinniú speisialta.

(3) Ní breithneofar rún faoin alt seo ag cruinniú den údarás áitiúil a bheas ann lá is luaithe ná seacht lá tar éis an lae a fuair an bainisteoir an fógra iomchuí faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Nuair a gheobhas an bainisteoir fógra faoi fho-alt (2) den alt seo, cuirfidh sé, a luaithe is féidir, cóip den fhógra go dtí gach comhalta den údarás áitiúil agus, más gá do réir an fhógra cruinniú speisialta a bheith ann agus nach mbeidh feidhm ag fo-alt (5) den alt seo, gairmfear cruinniú speisialta den údarás áitiúil don lá a sonrófar chuige sin sa bhfógra ag an ngnáth-am do chruinnithe an údaráis áitiúil.

(5) Más rud é—

(a) go sonróidh fógra faoi fho-alt (2) den alt seo lá do chruinniú speisialta, agus

(b) go mbeidh gnáth-chruinniú den údarás áitiúil le bheith ann lá—

(i) nach luaithe ná seacht lá tar éis an lae a gheobhas an bainisteoir an fógra, agus

(ii) a bheas laistigh den tréimhse deich lá arb é an lá deiridh acu an lá a sonrófar sa bhfógra nó laistigh den tréimhse deich lá arb é an chéad lá acu an lá sin.

breithneofar an rún ag an ngnáth-ohruinniú sin agus ní gairmfear cruinniú speisialta.

(6) Gan dochar d'aon cheanglais iomchuí eile, is gá chun go rithfear rún faoin alt seo go mbeidh an méid comhaltaí den údarás áitiúil a vótálfar i bhfábhar an rúin níos mó ná trian de líon iomlán comhaltaí an údaráis áitiúil.

(7) Déileálfar le tairiscint chun rún a rith faoin alt seo i dtosach ar aon ghnó eile ag an gcruinniú.

(8) Nuair a rithfear rún faoi réim agus do réir an ailt seo, déanfaidh an bainisteoir nó cuirfidh in éifeacht do réir an rúin, má cuireadh nó má cuirtear agus nuair a cuirfear agus sa mhéid gur cuireadh nó go gcuirfear airgead ar fáil chuige sin, an gníomh, an ní nó an rud a sonrófar sa rún.

(9) Ní bheidh feidhm ná réim ag rún faoin alt seo—

(a)     (i) maidir le comhlíonadh aon fheidhme de chuid údaráis áitiúil i gcoitinne,

(ii) maidir le gach cás nó ócáid chomhlíonta aon fheidhme den tsórt sin ná leis an oiread, ná le cineál chomh mór, cásanna nó ócáidí den tsórt sin gurb ionann nó gur beag nach ionann sin agus gach cás nó ócáid chomhlíonta aon fheidhme den tsórt sin, ná

(iii) maidir le gach cás nó ócáid chomhlíonta aon fheidhme den tsórt sin i límistéir áirithe ná leis an oiread, ná le cineál chomh mór, cásanna nó ócáidí den tsórt sin gurb ionann nó gur beag nach ionann sin agus gach cás nó ócáid chomhlíonta aon fheidhme den tsórt sin sa límistéir sin, ná

(b) maidir le comhlíonadh aon fheidhme feidhmiúcháin a bhaineas le hoifigigh nó seirbhísigh údaráis áitiúil nó le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, pribhléidí nó aoisliúntas na n-oifigeach nó na seirbhíseach sin nó aon duine acu,

agus beidh aon rún ar neamhní a airbheartós a bheith arna rith faoin alt seo agus a shárós an fo-alt seo.

(10) Gach díospóid a tharlós idir údarás áitiúil agus an bainisteoir i dtaobh cé acu a sháraíonn, nó nach sáraíonn, rún a rith an t-údarás áitiúil faoin alt den seo fo-alt (9) alt seo, tarchuirfear í lena cinneadh—

(a) más comhbhord ospidéil mheabhar-ghalar nó comhbhord a bunaíodh le hordú faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 ), an t-údarás áitiúil agus gurb í an díospóid í cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an rún mír (b) den fho-alt sin—chun an Aire Shláinte, agus

(b) in aon chás eile—chun an Aire.

(11) Ní bheidh feidhm ná réim ag rún faoin alt seo maidir le comhlíonadh aon chinn de na feidhmeanna sláinte i leith aonaí atá ag údarás áitiúil agus beidh aon rún ar neamhní a airbheartós a bheith arna rith faoin alt seo agus a shárós an fo-alt seo.

(12) Gach díospóid a tharlós idir údarás áitiúil agus an bainisteoir i dtaobh cé acu a sháraíonn, nó nach sáraíonn, rún a rith an t-údarás áitiúil fo-alt (11) den alt seo, tarchuirfear chun an Aire Shláinte í lena cinneadh.

Ceapadh bainisteora.

5. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1926” Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .

(2) Is oifig lena mbaincann Acht 1926 oifig bhainisteora, ach amháin nach mbeidh feidhm ag alt 5 agus gur faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo a bheas feidhm ag alt 6.

(3) Nuair a iarrfas údarás áitiúil faoi alt 6 d'Acht 1926 go molfar duine lena cheapadh mar bhainisteoir, is le rún a hiarrfar sin.

(4) Nuair a cheapfas údaráis áitiúil, faoi alt 6 d'Acht 1926 duine mar bhainisteoir, is le rún a ceapfar é.

(5) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh comhairle amháin de chomhairlí dhá chontae ghrúpáilte, faoi alt 6 d'Acht 1926, go molfar duine lena cheapadh mar bhainisteoir, agus

(b) nach n-iarrfaidh an chomhairle eile amhlaidh, an lá céanna, go molfar duine lena cheapadh mar bhainis teoir,

measfar go ndearna an chomhairle eile an iarraidh dheiridh sin an lá sin.

(6) Más rud é—

(a) go gceapfaidh comhairle amháin de chomhairlí dhá chontae ghrúpáilte, faoi alt 6 d'Acht 1926, duine mar bhainisteoir, agus

(b) nach gceapfaidh an chomhairle eile amhlaidh an lá céanna, an duine sin mar bhainisteoir. ansin, d'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo nó in aon Acht eile, tiocfaidh an duine sin chun bheith agus beidh sé, an lá sin, ceaptha de bhuaidh an fho-ailt seo, mar bhainisteoir maidir leis an gcomhairle eile.

(7) Más rud é, maidir leis na húdaráis áitiúla seo a leanas, is é sin le rá, Bardas Bhaile Atha Cliath agus comhairle chontae Bhaile Atha Cliath, agus roimh thosach feidhme orduithe faoi alt 14 den Acht seo—

(a) go n-iarrfaidh ceann de na húdaráis áitiúla, faoi alt 6 d'Acht 1926, go molfar duine lena cheapadh mar bhainisteoir, agus

(b) nach n-iarrfaidh an t-údarás áitiúil eile amhlaidh, an lá céanna, go molfar duine lena cheapadh mar bhainisteoir,

measfar go ndearna an t-údarás áitiúil eile an iarraidh dheiridh sin an lá sin.

(8) Más rud é, maidir leis na húdaráis áitiúla seo a leanas, is é sin le rá, Bardas Bhaile Atha Cliath agus comhairle chontae Bhaile Atha Cliath, agus roimh thosach feidhme orduithe faoi alt 14 den Acht seo—

(a) go gceapfaidh ceann de na húdaráis áitiúla, faoi alt 6 d'Acht 1926, duine mar bhainisteoir, agus

(b) nach gceapfaidh an t-údarás áitiúil eile amhlaidh, an lá céanna, an duine sin mar bhainisteoir,

ansin, d'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo nó in aon Acht eile, tiocfaidh an duine sin chun bheith agus beidh sé, an lá sin, ceaptha, de bhuaidh an fho-ailt seo, mar bhainisteoir maidir leis an údarás áitiúil eile.

(9) Más rud é, maidir le húdarás áitiúil—

(a) go molfar, faoi alt 6 d'Acht 1926, duine lena cheapadh mar bhainisteoir, agus

(b) i gceann trí mhí tar éis dáta an mholta, nach mbeidh an duine sin ceaptha mar bhainisteoir,

ansin, d'ainneoin aon fhorála eile san Acht seo nó in aon Acht eile, tiocfaidh an duine sin chun bheith agus beidh sé, air sin, ceaptha, de bhuaidh an fho-ailt seo, mar bhainisteoir, má bhíonn sé fós ar fáil lena cheapadh.

(10) (a) Nuair a bheas oifig bhainisteora folamh, ceapfaidh an tAire duine mar bhainisteoir go sealadach go dtí go gceapfar duine go buan chun na hoifige ach féadfaidh an tAire an ceapadh sealadach sin d'fhorceannadh tráth ar bith.

(b) I gcás Bardais Bhaile Atha Cliath agus comhairle contae Bhaile Atha Cliath agus roimh thosach feidhme orduithe faoi alt 14 den Acht seo, is é an duine céanna a ceapfar faoin bhfo-alt seo maidir le gach ceann acu.

(c) I gcás dhá chontae ghrúpáilte, is é an duine céanna a ceapfar faoin bhfo-alt seo maidir le gach ceann acu.

Srian le hathruithe áirithe.

6. —(1) Ach amháin le toiliú an údaráis áitiúil, trí rún, ní dhéanfaidh an bainisteoir aon togra go n-athrófar an uimhir bhuan-oifigí faoi údarás áitiúil a chur ar aghaidh lena cheadú ag an Aire ag a bhfuil cumhacht an togra a cheadú.

(2) Ach amháin le toiliú an údaráis áitiúil, trí rún, ní dhéanfaidh an bainisteoir aon togra go socrófar ráta méadaithe nó laghdaithe luach saothair, a bhainfeas le haon aicme, tuairisc nó grád oifige nó fostaíochta, a chur ar aghaidh lena cheadú ag an Aire ag a bhfuil cumhacht an togra a cheadú.

(3) Ach amháin le toiliú an údaráis áitiúil, trí rún, ní shocróidh an bainisteoir ráta méadaithe ná laghdaithe luach saothair, a bhainfeas le haon aicme, tuairisc nó grád oifige nó fostaíochta faoi údarás áitiúil, ach ní bheidh feidhm ag an srian sin má bhíonn togra ón mbainisteoir go socrófar an ráta méadaithe nó laghdaithe sin luach saothair, a bhainfeas leis an aicme, an tuairisc nó an grád sin oifige nó fostaíochta, curtha ar aghaidh roimhe sin, le toiliú an údarás áitiúil, trí rún, arna thabhairt de bhun fo-ailt (2) den alt seo, lena cheadú ag an Aire ag a bhfuil cumhacht an togra a cheadú.

Coiste meastachán.

7. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le rún, coiste (dá ngairmtear coiste meastachán san Acht seo) a cheapadh chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a bheirtear do choiste meastachán leis an Acht seo.

(2) Má fheidhmíonn údarás áitiúil an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo—

(a) féadfaid ceapadh an choiste mheastachán a chúlghairm tráth ar bith, agus

(b) féadfaid, le rún, aon fholúntas a líonadh a tharlós i gcomhaltas an choiste mheastachán de dhroim aon chomhalta den choiste d'fháil bháis, d'éirí as oifig nó do scor de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil.

(3) Beidh ar choiste meastachán údaráis áitiúil, seachas comhairle chontae, an oiread sin de chomhaltaí an údaráis áitiúil agus a chinnfeas an t-údarás áitiúil, le rún, díreach sara dtoghfaid an coiste, faoi réir an tsriain nach mbeidh líon comhaltaí an choiste—

(a) más iolrú cothrom ar thrí líon comhaltaí an údaráis áitiúil, níos mó ná trian an lín sin, agus

(b) más slán-uimhir agus codán an toradh ó líon comhaltaí an údaráis áitiúil a roinnt ar thrí, níos mó ná an tslán-uimhir sin.

(4) Is é líon comhaltaí a bheas ar choiste meastachán comhairle contae dhá oiread an méid togh-límistéirí contae atá sa chontae agus, maidir le gach togh-límistéir acu sin, ceapfar chun an choiste beirt de na comhaltaí comhairle a toghadh don límistéir sin.

Ráitis airgeadais.

8. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le rún, a cheangal go n-ullmhófar, agus go gcuirfear faoi bhráid a gcomhaltaí, ráitis i dtaobh staid airgeadais an údaráis áitiúil.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le ráitis airgeadais a éileos údarás áitiúil, le rún, faoi fho-alt (1) den alt seo:—

(a) beidh pé sonraí iontu, agus ullmhófar agus cuirfear faoi bhráid na gcomhaltaí iad pé trátha, a sonrófar sa rún,

(b)      (i) i gcás údaráis áitiúil ag a mbeidh coiste meastachán, is é an coiste, le cúnamh an bhainisteora, agus

(ii) in aon chás eile, is é an bainisteoir

a ullmhós agus a chuirfeas faoi bhráid na gcomhaltaí iad.

Meastachán caiteachas.

9. —(1) Gach bliain airgeadais áitiúil ullmhófar, i rith na tréimhse forordaithe agus sa bhfoirm fhorordaithe, meastachán (dá ngairmtear meastachán caiteachas san Acht seo) a thais peánfas na suimeanna a meastar is gá faoi chomhair caiteachas, agus chun soláthar a dhéanamh do dhliteanais agus riachtanais, údaráis áitiúil i gcaitheamh na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin, agus is é a ullmhós é—

(a) i gcás údaráis áitiúil ag a mbeidh coiste meastachán, an coiste, agus

(b) in aon chás eile, an bainisteoir.

(2) Sa mhéid nach mbeidh sin ar neamhréir le comhlíonadh cuí a dhualgas eile, freastalóidh an bainisteoir gach cruinniú de choiste meastachán údaráis áitiúil agus bhéarfaidh don choiste pé eolas, cúnamh agus comhairle a theastós uathu ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna dhóibh.

(3) Más dóigh leis an mbainisteoir go ndéanfadh meastachán caiteachas d'ullmhaigh coiste meastachán údaráis áitiúil (pé acu maidir leis an meastachán go léir é nó maidir le aon chuid nó coda dhe) dochar mór, dá nglactaí leis, do chomhlíonadh éifeachtach nó tíobhasach feidhmeanna an údaráis áitiúil, ullmhóidh an bainisteoir tuarascáil ar leith ina sonróidh sé an soláthar is dóigh leis is gá.

(4) Mura ndéanfaidh coiste meastachán údaráis áitiúil meastachán caiteachas d'ullmhú de bhun míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo, ullmhóidh an bainisteoir féin an meastachán sin,

(5) I gcás ina mbeadh sé ar neamhréir le comhlíonadh cuí a dhualgas eile an bainisteoir do fhreastal ar chruinniú de choiste meastachán údaráis áitiúil, ainmneoidh sé oifigeach don údarás áitiúil chun freastal ar an gcruinniú ina ionad.

Cruinniú meastachán.

10. —(1) Breithneoidh an t-údarás áitiúil meastachán caiteachas ag cruinniú (dá ngairmtear cruinniú meastachán san Acht seo) den údarás áitiúil a mbeidh an bainisteoir i láthair aige agus a bheas ann i rith na tréimhse forordaithe agus a mbeidh fógra seacht lá ar a laghad tugtha faoi do gach duine is comhalta den údarás áitiúil tráth an fhógra sin a thabhairt.

(2) Scacht lá ar a laghad roimh an lá a bheas cruinniú meastachán le bheith ag údarás áitiúil, déanfaidh an bainisteoir —

(a) cóip den mheastachán caiteachas a thaisecadh in oifigí an údaráis áitiúil.

(b) cóip den mheastachán caiteachas, maraon le cóip d'aon tuarascáil ar leith faoi fho-alt (3) d'alt 9 den Acht seo, a chur chun gach duine is comhalta den údarás áitiúil an lá roimh thosach na seacht lá sin, agus

(c) fógra poiblí a thabhairt, sa tslí fhorordaithe, go bhfuiltear tar éis an meastachán caiteachas a dhéanamh agus tar éis cóip de a thaisecadh mar adúradh.

(3) Féadfaidh aon duine den phobal cóip de mheastachán caiteachas a taisceadh de bhun an ailt seo in oifigí údaráis áitiúil d'iniúchadh in aisce aon tráth an fhad a bheas na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiúil a dhéanamh, agus bhéarfaidh an bainisteoir cóip den mheastachán caiteachas ar scilling an chóip d'aon duine a iarrfas sin air.

(4) Ag cruinniú meastachán údaráis áitiúil nó ag cruinniú atrátha dhe—

(a) féadfaidh an t-údarás áitiúil, le rún, an meastachán caiteachas a leasú trí chur leis nó baint as nó trína athrú,

(b) glacfaidh an t-údarás áitiúil, le rún, leis an meastachán caiteachas gan a leasú nó arna leasú faoi mhír (a) den fho-alt seo (do réir mar is gá sa chás), agus

(c) cinnfidh an t-údarás áitiúil le rún, do réir an mheastacháin chaiteachas mar bheas glactha leis amhlaidh, na rátaí sa phunt a toibheofar chun na gcríocha leithleacha a bheas sonraithe sa mheastachán nó, i gcás comhluchta thoghaí nach údarás rátúcháin, ullmhóid, do réir an mheastacháin chaiteachas mar bheas glactha leis amhlaidh, an t-éileamh nó an ionstraim eile trína bhfaighfear an t-airgead faoi chomhair caiteachas an chomhluchta thoghaí sa chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, agus glacfaid amhlaidh, le rún, leis an éileamh nó leis an ionstraim eile sin.

(5) Féadfaidh údarás áitiúil cruinniú meastachán a chur ar atráth a mhinice is mian leo, ach gan é a chur ar atráth chun lae nach mbeidh laistigh den tréimhse lá agus fiche dar tús an lá a thosnaigh an cruinniú meastachán.

Tórainn le caiteachas.

11. —(1) Aon tráth tar éis dóibh glacadh le meastachán caiteachas, féadfaidh údarás áitiúil, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil lena mbaineann an meastachán, a údarú, le rún, airgead a chaitheamh, nó dul faoi dhliteanas, de bhreis ar an gcaiteachas chun aon chríche áirithe a sonraíodh sa mheastachán.

(2) Ach amháin le húdarás a tugadh le rún faoi fho-alt (1) den alt seo, ní raghaidh méid iomlán an airgid a chaithfeas, agus an dliteanais faoina raghaidh, údarás áitiúil maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, chun aon chríche áirithe a sonraíodh sa mheastachán caiteachas don bhliain sin, thar an méid iomlán a sonraíodh sa mheastachán sin i leith na críche sin.

(3) Más rud é, maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, gur dóigh leis an mbainisteoir gur gá, chun feidhmeanna údaráis áitiúil a chomhlíonadh go cuí, airgead a chaitheamh nó dul faoi dhliteanas, i leith aon chríche áirithe, de bhreis ar an gcaiteachas chun na críche sin a sonraíodh sa mheastachán caiteachas don bhliain sin. féadfaidh sé iarratas d'ullmhú chun an t-údarás áitiúil d'údarú an chaiteachais bhreise agus féadfaidh an t-iarratas a chur—

(a) i gcás údaráis áitiúil ag a bhfuil coiste meastachán, faoi bhráid an choiste, agus

(b) in aon chás eile, faoi bhráid chomhaltaí an údaráis áitiúil.

(4) Nuair a cuirfear iarratas faoi bhráid choiste mheastachán faoi fho-alt (3) den alt seo, breithneoidh an coiste an t-iarratas agus ansin cuirfid é, maraon lena moladh ina thaobh, faoi bhráid chomhaltaí an údaráis áitiúil.

Contaethe a ghrúpáil.

12. —(1) Más rud é, i gcás dhá chontae—

(a) go ndearbhóidh comhairle amháin de chomhairlí na gcontaethe, le rún, gur cheart na contaethe a ghrúpáil, agus

(b) go ndéanfaidh an chomhairle eile freisin, an lá a rithfear an rún sin nó aon lá laistigh de thrí mhí ina dhiaidh sin, dearbhú mar adúradh, le rún.

féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Shláinte agus an Aire Leasa Shóisialaigh, feidhm fho-ailt (2) d'alt 3 d'Acht 1940 a leathnú le hordú trí na contaethe a chur isteach mar ghrúpa sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin.

(2) Ní déanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le dhá chontae mura rud é—tráth an orduithe a dhéanamh—

(a) nach ceann de dhá chontae ghrúpáilte aon chontae acu,

(b) nach é contae Bhaile Atha Cliath aon chontae acu, más roimh thosach feidhme orduithe faoi alt 14 den Acht seo a déanfar an t-ordú, agus

(c) go bhfuil oifig bhainisteora chontae amháin ar a laghad acu folamh.

(3) Tiocfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá a sonrófar chuige sin san ordú, agus ní bheidh an lá sin níos luaithe ná seasca lá, ná níos déanaí ná céad agus ochtó lá, tar éis an lae a déanfar an t-ordú.

(4) I gcás ina raibh duine, díreach roimh ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, i mbuantseilbh oifige contae-bhainisteora do cheann de na contaethe a bheas i gceist, tiocfaidh an duine sin chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ceaptha go buan de bhuaidh an fho-ailt seo mar bhainisteoir don chontae eile.

(5) Beidh sé sainráite in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le contae Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, agus contae Thiobrad Arann, an Trian Theas, go ndéanann sé, agus déanfaidh sé, alt 9 d'Acht 1940 a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (2):

“(3) Beidh contae-bhainisteoir cúnta ann do chontae Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, agus contae-bhainisteoir cúnta do chontae Thiobrad Arann, an Trian Theas, ach is é an t-aon duine amháin a bheas ina chontae-bhainisteoir cúnta do gach contae faoi leith acu sin.”

Contaethe a scor de bheith grúpáilte.

13. —(1) Más rud é, i gcás dhá chontae ghrúpáilte—

(a) go ndearbhóidh comhairle amháin de chomhairlí na gcontaethe, le rún, gur cheart go scoirfeadh na contaethe de bheith ina dhá gcontae ghrúpáilte, agus

(b) go ndéanfaidh an chomhairle eile freisin, an lá a rithfear an rún sin nó aon lá laistigh de thrí mhí ina dhiaidh sin, dearbhú mar adúradh, le rún,

féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Shláinte agus an Aire Leasa Shóisialaigh, feidhm fho-ailt (2) d'alt 3 d'Acht 1940 maidir leis na contaethe d'fhorceannadh le hordú.

(2) Tiocfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá a sonrófar chuige sin san ordú, agus ní bheidh an lá sin níos luaithe ná seasca lá, ná níos déanaí ná céad agus ochtó lá, tar éis an lae a déanfar an t-ordú.

(3) I gcás ina raibh duine, díreach roimh ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, i mbuantseilbh oifigí contae-bhainisteora do gach contae faoi leith a bheas i gceist—

(a) féadfaidh an tAire, le hordú, aon tráth tar éis tríocha lá i ndiaidh an lae a rinneadh an t-ordú agus roimh é a theacht i bhfeidhm, a dhearbhú cad é an chontae a scoirfidh an duine sin de bheith i seilbh oifige an chontae-bhainisteora dhi,

(b) má chuir an duine sin in iúl don Aire, i rith na tríocha lá sin, cad é an chontae ar mian leis scor de bheith i seilbh oifige an chontae-bhainisteora dhi, is í an chontae sin an chontae a dearbhófar leis an ordú faoin bhfo-alt seo.

(c) díreach roimh thosach feidhme an orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo, scoirfidh an duine sin de bheith i seilbh oifige an chontae-bhainisteora don chontae a dearbhófar leis an ordú faoin bhfo-alt seo, ach ní cháileoidh an scor sin é chun aon aoisliúntais, aisce ná sochair dá samhail.

(4) Beidh sé sainráite in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le contae Thiobrad Arann, an Trian Thuaidh, agus contae Thiobrad Arann, an Trian Theas, go ndéanann sé, agus déanfaidh sé, alt 9 d'Acht 1940 a leasú trí fho-alt (3) a scrios.

Deireadh leis an duine céanna do shealbhú oifigí Bhainisteora Chathrach Bhaile Atha Cliath agus Chontae Bhainisteora Bhaile Atha Cliath.

14. —(1) Más rud é, i gcás Bardais Bhaile Atha Cliath agus comhairle contae Bhaile Atha Cliath—

(a) go ndearbhóidh ceann acu, le rún, gur cheart go scoirfeadh oifig Bhainisteora Chathrach Bhaile Atha Cliath agus oifig Chontae-Bhainisteora Bhaile Atha Cliath de bheith i seilbh an aon duine amháin, agus

(b) go ndéanfaidh an ceann eile acu, an lá a rithfear an rún sin nó aon lá laistigh de thrí mhí ina dhiaidh sin, dearbhú freisin mar adúradh, le rún,

féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Shláinte agus an Aire Leasa Shóisialaigh, oibriú fho-ailt (3) d'alt 3 d'Acht 1940 d'fhorceannadh le hordú.

(2) Tiocfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá a sonrófar chuige sin san ordú, agus ní bheidh an lá sin níos luaithe ná seasca lá, ná níos déanaí ná céad agus ochtó lá, tar éis an lae a déanfar an t-ordú.

(3) Beidh sé sainráite in ordú faoi fho-alt (1) den alt seo go ndéanann sé, agus déanfaidh sé—

(a) alt 5 d'Acht 1940 a leasú—

(i) trí “(seachas contae Bhaile Atha Cliath)” a scrios as fo-alt (2), agus

(ii) trí “(seachas contae Bhaile Atha Cliath)” agus “(seachas contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath)” a scrios as fo-alt (3),

(b) alt 9 d'Acht 1940 a leasú trí fho-alt (1) a scrios,

(c) alt 10 d'Acht 1940 a leasú trí fho-alt (2) agus mír (e) d'fho-alt (3) a scrios,

(d) fo-alt (3) d'alt 11 d'Acht 1940 a leasú trí “(seachas contae Bhaile Atha Cliath)” a scrios, agus

(e) alt 14 d'Acht 1940 a leasú mar leanas:

(i) scriosfar fo-ailt (1) agus (2),

(ii) ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le hoifigeach nár shealbhaigh oifig mar Bhainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath ná mar Bhainisteoir Cathrach Cúnta Bhaile Atha Cliath roimh thosach feidhme an orduithe,

(iii) i gcás an t-ordú a theacht i ngníomh lá arb é an 1ú lá d'Aibreán é, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3), (7) agus (8) maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin ná maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil dá éis sin,

(iv) i gcás an t-ordú a theacht i ngníomh lá nach é an 1ú lá d'Aibreán é—

(I) ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3), (7) agus (8) maidir leis an gcéad bhliain airgeadais áitiúil i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla a thiocfas an t-ordú i ngníomh ná maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil dá éis sin,

(II) nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fho-alt (3) maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil a thiocfas an t-ordú i ngníomh, ciallóidh an abairt “costas bainistí”. in ionad an chiall a bheith léi a sonraítear i bhfo-alt (4), an tsuim a gheofar ó iomlán an luach saothar go léir (lena n-áirítear costais taistil agus costais phearsanta eile, más ann dóibh) a dhéanamh amach a bhí íoctha ag Bardas Bhaile Atha Cliath, in aghaidh na coda den bhliain sin roimh theacht i ngníomh don ordú, le Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath agus le Bainisteoirí Cathrach Cúnta Bhaile Atha Cliath faoi seach, agus na suimeanna go léir dob iníoctha ag aon chomhchomhlucht de bhun an ailt sin 14, le Bardas Bhaile Atha Cliath in aghaidh na bliana sin, a bhaint as an iomlán sin, agus

(III) nuair a bheas íocaíocht á déanamh faoi fho-alt (7) nó fo-alt (8) in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla a thiocfas an t-ordú i ngníomh, ní híocfar den tsuim dá dtagartar sa bhfo-alt ach an méid a mbeidh idir é agus an tsuim sin an coibhneas céanna a bheas idir an chuid den bhliain sin roimh thosach feidhme an orduithe agus bliain iomlán.

(4) Duine a shealbhós díreach roimh thosach feidhme orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo, pé acu i gcáil bhuan é nó i gcáil shealadach, oifig Bhainisteora Chathrach Bhaile Atha Cliath agus oifig Chontae-Bhainisteora Bhaile Atha Cliath, scoirfidh sé, díreach roimh an tosach feidhme sin, den oifig dheiridh sin a shealbhú, ach ní cháileoidh an scor sin é chun aon aoisliúntais, aisce ná sochair dá samhail.

(5) Duine (seachas duine a sonraítear in alt 22 den Acht seo) a shealbhós, díreach roimh thosach feidhme orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo, pé acu i gcáil bhuan é nó i gcáil shealadach, oifig Bhainisteora Chathrach Chúnta Bhaile Atha Cliath agus oifig chontae-bhainisteora chúnta do chontae Bhaile Atha Cliath scoirfidh sé, díreach roimh an tosach feidhme sin, den oifig dheiridh sin a shealbhú, ach ní cháileoidh an scor sin é chun aon aoisliúntais, aisce ná sochair dá samhail.

Forthairiscintí a lorg, a ghlacadh agus a scrúdú.

15. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh, le rún, a shonrós an nós imeachta a leanfar maidir le lorg, glacadh agus scrúdú forthairiscintí, de gach cineál, nó d'aon chineál nó cineálacha áirithe, chun earraí a sholáthar nó oibreacha a dhéanamh, nó le haghaidh aon ní eile a bhféadfaidh an t-údarás áitiúil, go dleathach, forthairiscintí a lorg ina leith.

(2) Déanfar forthairiscintí lena mbainfidh rialacháin faoin alt seo, agus ar forthairiscintí chun an údaráis áitiúil a rinne na rialacháin iad, a lorg, a ghlacadh agus a scrúdú do réir an nóis imeachta a forordófar leis na rialacháin sin.

(3) A luaithe is caothúil tar éis gach ócáide a toghfar nó a ceapfar comhaltaí údaráis áitiúil, dearbhóidh an t-údarás áitiúil, le rún—

(a) má bhíonn rialacháin i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo maidir leis an údarás áitiúil, cé acu ní acu seo a leanas is dóigh leis an údarás áitiúil ba cheart a dhéanamh leis na rialacháin—

(i) iad a chúlghairm,

(ii) iad a chúlghairm agus rialacháin nua a chur ina n-ionad,

(iii) iad a leasú, nó

(iv) iad d'fhágaint i bhfeidhm gan leasú, agus

(b) in aon chás eile, cé acu is dóigh leis an údarás áitiúil gur ceart, nó nach ceart, rialacháin a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an údarás áitiúil.

Oblagáidí i gcás togra a dtiocfadh íocaíocht neamhdhleathach, oasnamh nó caillteanas dá dhroim.

16. —(1) I gcás togra ag cruinniú d'údarás áitiúil chun aon ghníomh, ní nó rud a dhéanamh nó a chur in éifeacht—

(a) is feidhm fhorcoimeádta nó a bheas luaite i rún faoi alt 4 den Acht seo, agus

(b) a mbeidh íocaíocht neamhdhleathach le déanamh dá dhroim as cistí an údaráis áitiúil, nó ar dóigh na cistí sin a bheith casnamhach nó caillteach dá dhroim, déanfaidh an bainisteoir (nó, má bhíonn sé as láthair, pé oifigeach eile a bheas ainmnithe ag an mbainisteoir) agóid agus luafaidh forais a agóide, agus, má tugtar breith ar an togra, taifeadfar i miontuairiscí an chruinnithe ainmneacha na gcomhaltaí a bhí i láthair agus a vótáil ar son agus in aghaidh na breithe agus a staoin ó vótáil ar an mbreith.

(2) Scoirfidh fo-alt (2) d'alt 61 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , d'éifeacht a bheith aige maidir le húdarás áitiúil.

(3) I gcás ina dtaifeadfar, do réir fo-ailt (1) den alt seo, i miontuairiscí cruinnithe d'údarás áitiúil, ainmneacha na ndaoine a votáil ar son breithe chun aon ghníomh, ní nó rud a dhéanamh nó a chur in éifeacht, cuirfear formhuirear ar na daoine sin i leith aon fhormhuirir, nó muirear orthu i leith aon mhuirir, a gearrfar ina dhiaidh sin de thoradh na breithe amhail is dá mb'iad a rinne nó d'údaraigh an íocaíocht nó ba chúis leis an gcaillteanas nó an t-easnamh, agus ní cuirfear formhuirear ná muirear ar aon duine eile.

Tarmligean feidhmeanna ag bainisteoir.

17. —(1) (a) Féadfaidh an bainisteoir aon fheidhm, seachas feidhm shláinte, is inchomhlíonta aige a tharmligean chun aon oifigigh cheadaithe don údarás áitiúil, má bhíonn an tarmligean sin ceadaithe ag an Aire Stáit a riaras an fhoráil faoina gcomhlíontar an fheidhm.

(b) Féadfaidh an bainisteoir aon fheidhm shláinte is inchomhlíonta aige a tharmligean chun aon oifigigh (sláinte) cheadaithe don údarás áitiúil, má bhíonn an tarmligean sin ceadaithe ag an Aire Sláinte.

(2) I gcás feidhm a tharmligean faoin alt seo chun oifigigh—

(a) comhlíonfaidh an t-oifigeach an fheidhm tharmligthe faoi stiúradh agus rialú ginearálta an bhainisteora,

(b) comhlíonfaidh an t-oifigeach an fheidhm tharmligthe do réir pé tórann (más ann) a sonrófar sa tarmligean maidir leis an límistéir nó an tréimhse ina mbeidh, nó a mhéid a bheas, an fheidhm sin le comhlíonadh aige, agus

(c) aon fhoráil arna déanamh leis an Acht seo nó faoi, nó le haon Acht eile nó faoi, a dhílsíos feidhmeanna sa bhainisteoir nó a rialaíos an tslí ina mbeidh aon fheidhm le comhlíonadh, beidh éifeacht aici, má bhaineann sí, agus a mhéid a bhaineas sí, leis an bhfeidhm tharmligthe, maidir le comhlíonadh na feidhme sin, ag an oifigeach ceadaithe, amhail is dá mb'é an t-oifigeach a bhí luaite inti in ionad an bhainisteora.

(3) D'ainneoin fo-alt (2) den alt seo, i gcás feidhm a tharmligean chun oifigigh faoin alt seo—

(a) féadfaidh an bainisteoir, in aon chás áirithe ina mbeidh an fheidhm le comhlíonadh, a chur in iúl don oifigeach go bhfuil sé tar éis a chinneadh go gcomhlíonfaidh sé féin an fheidhm, agus sa chás sin is é an bainisteoir agus ní hé an t-oifigeach a chomhlíonfas an fheidhm, agus

(b) más deimhin leis an oifigeach, in aon chás áirithe ina mbeidh an fheidhm le comhlíonadh, go mb'oiriúnaí, mar gheall ar thábhacht na breithe a bheas i gceist nó ar aon chúis réasúnach eile, go mba é an bainisteoir a chomhlíonfadh í, féadfaidh an t-oifigeach an cás sin a chur faoi bhráid an bhainisteora, agus air sin is é an bainisteoir agus ní hé an t-oifigeach a chomhlíonfas an fheidhm.

(4) Féadfaidh an bainisteoir tarmligean faoin alt seo a chúlghairm.

(5) I gcás ina gcomhlíonfaidh oifigeach feidhm de bhun tarmligin faoin alt seo agus go dtarlóidh ina dhiaidh sin go mbeidh aon fhormhuirear nó muirear le gearradh de dhroim an chomhlíonta sin—

(a) más é an t-oifigeach a rinne nó d'údaraigh an íocaíocht nó ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, déileálfar leis an mbainisteoir amhail is dá mbeadh seisean freisin tar éis an íocaíocht a dhéanamh nó d'údarú nó bheith ina chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, agus

(b) más é an bainisteoir a rinne nó d'údaraigh an íocaíocht nó ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, déileálfar leis an oifigeach amhail is dá mbeadh seisean freisin tar éis an íocaíocht a dhéanamh nó d'údarú nó bheith ina chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh.

(6) Aon tarmligean, nó aon chúlghairm ar tharmligean, a déanfar faoin alt seo, is le hordú i scríbhinn faoi shíniú an bhainisteora a déanfar é.

(7) Aon doiciméad a airbheartós a bheith ina ordú faoin alt seo agus a bheith sínithe do réir an ailt seo, nó a airbheartós a bheith deimhnithe i scríbhinn ag an mbainisteoir a bheith ina chóip dhílis d'ordú faoin alt seo, glacfar leis, gan chruthú, mar fhianaise prima facie ar an ordú sin.

(8) Bhéarfar fógra ag an gcéad chruinniú eile den údarás áitiúil i dtaobh tarmligin, nó i dtaobh tarmligean a chúlghairm, faoin alt seo.

(9) I gcás feidhm a tharmligean chun Bainisteora Chathrach Chúnta do Bhaile Atha Cliath nó chun contae-bhainisteora chúnta (dá ngairmtear an t-oifigeach sa bhfo-alt seo) faoi alt 13 d'Acht 1940, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas d'ainneoin aon ní san alt sin—

(a) féadfaidh an bainisteoir, in aon chás áirithe ina mbeidh an fheidhm le comhlíonadh, a chur in iúl don oifigeach go bhfuil sé tar éis a chinneadh go gcomhlíonfaidh sé féin an fheidhm, agus sa chás sin is é an bainisteoir agus ní hé an t-oifigeach a chomhlíonfas an fheidhm agus, chun críocha an chomhlíonta sin, measfar nach ndearnadh an cur-in-ionad a sonraítear i mír (c) d'fho-alt (4) den alt sin 13,

(b) más deimhin leis an oifigeach, in aon chás áirithe ina mbeidh an fheidhm le comhlíonadh, go mb'oiriúnaí, mar gheall ar thábhacht na breithe a bheas i gceist nó ar aon chúis réasúnach eile, go mba é an bainisteoir a chomhlíonfadh an fheidhm, féadfaidh an t-oifigeach an cás sin a chur faoi bhráid an bhainisteora, agus air sin is é an bainisteoir agus ní hé an t-oifigeach a chomhlíonfas an fheidhm sa chás sin, agus, chun críocha an chomhlíonta sin, measfar nach ndearnadh an cur-in-ionad a sonraítear i mír (c) d'fho-alt (4) den alt sin 13.

(10) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach ceadaithe”—

(a) rúnaí contae,

(b) baile-chléireach, nó

(c) oifigeach a bheas ceadaithe ag an Aire mar oifigeach ceadaithe chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn “oifigeach (sláinte) ceadaithe” oifigeach a bheas ceadaithe ag an Aire Sláinte mar oifigeach (sláinte) ceadaithe chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn “feidhm shláinte” feidhm a comhlíontar i ndáil le seirbhís a riaradh is seirbhís sláinte do réir bhrí an Achta Sheirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 ( Uimh. 47 de 1947 ).

Leasbhainisteoirí.

18. —(1) (a) Más rud é go mbeidh bainisteoir, ar chúis ar bith seachas a fhionraí ó chomhlíonadh a dhualgas, míchumasach go sealadach ar ghníomhú mar bhainisteoir, féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an duine iomchuí, duine a cheapadh le bheith ina leas-bhainisteoir ar feadh tréimhse an mhíchumais sin.

(b) Más rud é go mbeidh bainisteoir, ar chúis ar bith, míchumasach go sealadach ar ghníomhú mar bhainisteoir agus nach mbeidh sé tar éis ceapachán a dhéanamh faoin alt seo nó go mbeidh ceapachán faoin alt seo, ag an mbainisteoir sin nó ar shlí eile, forceannta faoi fho-alt (4) den alt seo nó mar gheall ar an duine a ceapadh d'fháil bháis nó d'éirí as, féadfaidh an duine iomchuí duine a cheapadh le bheith ina leas-bhainisteoir ar feadh na coda eile de thréimhse an mhíchumais sin.

(2)  (a) Féadfaidh an tAire, maidir le duine sonraithe, a údarú go gceapfar é ó am go ham faoi fho-alt (1) den alt seo mar leas-bhainisteoir sonraithe agus féadfaidh, aon tráth, an t-údarás sin a chúlghairm.

(b) Mura n-údaraítear do réir míre (a) den fho-alt seo ceapachán faoi fho-alt (1) den alt seo, ní bheidh éifeacht ag an gceapachán mura gceadaí ná go dtí go gceadóidh an tAire é.

(c) Nuair a gheofar údarás, cúlghairm nó ceadú faoin bhfo-alt seo ón Aire, cuirfear fógra i dtaobh an údaráis, na cúlghairme nó an cheaduithe chun gach comhalta de gach údarás áitiúil lena mbainfidh.

(3) Féadfaidh an tAire é féin duine a cheapadh mar leasbhainisteoir más rud é—

(a) go ndiúltóidh sé ceapachán faoi fho-alt (1) den alt seo a cheadú, nó

(b) go mbeidh bainisteoir, ar chúis at bith, míchumasach go sealadach ar ghníomhú mar bhainisteoir agus nach mbeidh ceapachán faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire.

(4) Féadfaidh an tAire, nó an duine iomchuí le toiliú an Aire, ceapadh leas-bhainisteora d'fhorceannadh tráth ar bith.

(5) Gníomhóidh leas-bhainisteoir, an fhad a mhairfeas míchumas an bhainisteora dár ceapadh é mar leas-bhainisteoir nó go dtí go bhforceannfar a cheapadh níos luaithe ná sin faoi fho-alt (4) den alt seo nó toisc é d'éag nó d'éirí as, mar bhainisteoir den tsórt sin agus, chuige sin, forléireofar mar thagairt don leasbhainisteoir, nuair is iomchuí é, aon tagairt do bhainisteoir i bhforáil ar bith arna déanamh leis an Acht seo nó faoi nó le haon Acht eile nó faoi.

(6) (a) I gcás Bardais Bhaile Atha Cliath agus comhairle contae Bhaile Atha Cliath agus roimh thosach feidhme orduithe faoi alt 14 den Acht seo, is é an duine céanna a ceapfar faoin alt seo maidir le gach ceann acu.

(b) I gcás dhá chontae ghrúpáilte, is é an duine céanna a ceapfar faoin alt seo maidir le gach ceann acu.

(7) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí”—

(a) i gcás Bardais Bhaile Atha Cliath nó comhairle contae Bhaile Atha Cliath, roimh thosach feidhme orduithe faoi alt 14 den Acht seo,—Ard-Mhéara Bhaile Atha Cliath nó cathaoirleach comhairle chontae Bhaile Atha Cliath, do réir mar ordós an tAire,

(b) i gcás Bardais Bhaile Atha Cliath, tar éis tosach feidhme orduithe faoi alt 14 den Acht seo—Ard-Mhéara Bhaile Atha Cliath,

(c) i gcás bardais chontae-bhuirge seachas Bardas Bhaile Atha Cliath—Ard-Mhéara nó Méara na contaebhuirge,

(d) i gcás gach ceann de dhá chontae ghrúpáilte—cathaoirleach pé comhairle de na comhairlí contae a ordós an tAire, agus

(e) in aon chás eile — cathaoirleach comhairle na contae.

Feidhmeanna áirithe a bheith ina bhfeidhmeanna forcoimeádta.

19. —Is feidhm fhorcoimeádta aon fheidhm a bhforálann an tAcht seo rún chuici.

Leasú maidir leis an am a siníodh agus a rinneadh orduithe áirithe.

20. —(1) Má bhíonn ráiteas in ordú faoi fho-alt iomchuí (pé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin a rinneadh an t-ordú) ag insint dáta an lae a síníodh é, measfar go gcomhlíonann an t-ordú ceanglas an fho-ailt sin go gcaithfear an t-am a síníodh é d'insint ann.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo ciallaíonn “fo-alt iomchuí”—

(a) fo-alt (1) d'alt 60 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ,

(b) fo-alt (1) d'alt 22 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 ( Uimh. 35 de 1934 ),

(c) fo-alt (1) d'alt 21 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 ( Uimh. 25 de 1939 ), nó

(d) fo-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1940.

(3) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (3) d'alt 15 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ), do bhreacachán ar an am a rinneadh ordú d'fhorléiriú, maidir le hordú a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo agus maidir le hordú a déanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo, mar thagairt do thaifead ar an am a rinneadh an t-ordú nó ar dháta an lae a rinneadh an t-ordú.

Rialacháin.

21. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint le húdaráis áitiúla i gcoitinne, le húdaráis áitiúla d'aon chineál nó le húdarás áitiúil áirithe, agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh maidir le húdaráis áitiúla éagsúla.

(3) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis na rialacháin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Forála speisialta maidir le daoine áirithe.

22. —(1) Má ba Bhainisteoir Cathrach Cúnta Sealadach do Bhaile Atha Cliath Seán Ó Catháin díreach roimh thosach feidhme an ailt seo tiocfaidh sé, de bhuaidh an fho-ailt seo, chun bheith ina Bhainisteoir Cathrach Cúnta buan do Bhaile Atha Cliath.

(2) Má ba Bhainisteoir Cathrach Cúnta sealadach do Bhaile Atha Cliath Eoghan Ó Caoimh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, tiocfaidh sé, de bhuaidh an fho-ailt seo, chun bheith ina Bhainisteoir Cathrach Cúnta buan do Bhaile Atha Cliath.

(3) Díreach roimh thosach feidhme orduithe faoi fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, scoirfidh Tadhg Ó Mathghamhna, má shealbhaíonn sé an tráth sin oifig chontae-bhainisteora chúnta do chontae Bhaile Atha Cliath, den oifig sin a shealbhú, ach ní cháileoidh an scor sin é chun aon aoisliúntais, aisce ná sochair dá samhail.

(4) Díreach roimh thosach feidhme orduithe faoi fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, scoirfidh Seán Ó Catháin, má shealbhaíonn sé an tráth sin oifig chontae-bhainisteora cúnta do chontae Bhaile Atha Cliath, den oifig sin a shealbhú, ach ní cháileoidh an scor sin é chun aon aoisliúntais, aisce ná sochair dá samhail.

(5) Díreach roimh thosach feidhme orduithe faoi fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, scoirfidh Eoghan Ó Caoimh, má shealbhaíonn sé an tráth sin oifig Bhainisteora Chathrach Chúnta do Bhaile Atha Cliath, den oifig sin agus oifig bhainisteora chúnta do chontae Bhaile Atha Cliath a shealbhú, ach ní cháileoidh an scor sin é chun aon aoisliúntais, aisce ná sochair dá samhail.

(6) I dtosach feidhme orduithe faoi fho-alt (1) d'alt 14 den Acht seo, tiocfaidh Eoghan Ó Caoimh, má shealbhaigh sé díreach roimh an tosach feidhme sin oifig Bhainisteora Chathrach Chúnta do Bhaile Atha Cliath, chun bheith, de bhuaidh an ailt seo, ina bhainisteoir do chontae Bhaile Atha Cliath.

Athghairm.

23. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Tosach feidhme.

24. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a socrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethe éagsúla a shocrú amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorála éagsúla den Acht seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

25. —(1) Féadfar an tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 go 1955, a ghairm d' Achta Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 agus 1941, agus den mhéid den Acht seo a bhaineas le contae-bhuirg Chorcaighe, le chéile.

(3) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1955, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1953, agus den mhéid den Acht seo a bhaineas le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, le chéile.

(4) Féadfar Achta Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 go 1955, a ghairm d'Achta Bainistí Chathair Luimnigh 1934 agus 1950, agus den mhéid den Acht seo a bhaineas le contae-bhuirg Luimnigh, le chéile.

(5) Féadfar Achta Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 agus 1955, a ghairm d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939) , agus den mhéid den Acht seo a bhaineas le contaebhuirg Phortláirge, le chéile.

(6) Féadfar na h Achta um Bainistí Chontae, 1940 go 1933, a ghairm de na h Achta um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, agus den mhéid den Acht seo a bhaineas le contaethe agus le comhluchta toghaí le chéile.

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 23.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 1 de 1929 .

Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 .

Fo-ailt (2) agus (3) d'alt 10; ailt 17 agus 19.

Uimh. 27 de 1930 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930.

Ailt 52, 58, 77 agus 79.

Uimh. 35 de 1934 .

Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 .

Fo-alt (1) d'alt 14; ailt 15, 20, 35 agus 36.

Uimh. 25 de 1939 .

Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 .

Fo-ailt (1) agus (4) d'alt 13; ailt 14, 19, 33 agus 34.

Uimh. 12 de 1940 .

An tAcht um Bainistí Chontae, 1940 .

Fo-ailt (1), (2), (6) agus (7) d'alt 4; ailt 15, 22, 23, 24, 25, 28 agus 29.

Uimh. 21 de 1940 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1940 .

Alt 13.

Uimh. 5 de 1941 .

Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 .

Ailt 9 agus 13.

Uimh. 15 de 1948 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 .

An tAcht iomlán.