4 1955


Uimhir 4 de 1955.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A CÚIG AGUS MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A SÉ. [21 Márta, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

£3,959,011 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31 Márta, 1955.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Trí Mhilliún, Naoi gCéad, Caoga agus Naoi Míle, agus Aon Phunt Déag d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a cúig.

£34,560,000 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31 Márta, 1956.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Tríocha agus Ceithre Mhilliún, Cúig Chéad agus Seasca Míle Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a sé.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £38,519,011 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Tríocha agus Ocht Milliún, Cúig Chéad agus Naoi Míle Déag agus Aon Phunt Déag d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoin raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1955 , a ghairm den Acht seo.