4 1954


Uimhir 4 de 1954.


AN tACHT UM CHISTE CAOMHANTA BRADÁN, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN CISTE CAOMHANTA BRADÁN A BHUNÚ MAR CHABHAIR DO BHOIRD CHOIMEÁDAITHE AGUS, CHUIGE SIN, CHUN TOBHAIGH D'FHORCHUR AR ONNMHUIREOIRÍ BRADÁN AGUS AR SHEALBHÓIRÍ CEADÚNAS SLAITE BRADÁIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN DEONTAIS AGUS AIRLEACAIN AS AN STÁT-CHISTE D'ÍOC ISTEACH SA CHISTE AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [3ú Márta, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Caomhanta Bradán a bunófar faoi alt 5;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn an briathar “ordú” ordu le rialacháin a dhéanfas an tAire;

ní fholaíonn “bradáin” bradáin leasaithe atá i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail sin agus gan iontu ach coda d'iasc nó táirgí éisc.

(2) Forléireofar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1953, agus an tAcht seo mar aon ní amhain.

Tobhach ar bhradáin d'onnmhuiriú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil nach n-onnmhuireoidh duine ar bith bradáin mura dtugtar ar aird le linn an onnmhuirithe fianaise, i pé foirm a hordófar, gur híocadh tobhach do réir an ráta ordaithe ar na bradáin sin.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairlc leis an Aire Airgeadais, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm.

Ráta an tobhaigh onnmhuirithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an ráta tobhaigh a híocfar ar bhradáin atá le honnmhuiriú, agus modh a íoctha, d'ordú.

(2) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh d'ordú do thréimhsí éagsúla.

(3) Faoi réir fo-ailt (4), ní bheidh an ráta tobhaigh níos mó ná dhá phingin an punt meáchain.

(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a fhoráil go bhféadfar a ordú gur ráta sonraithe is mó ná dhá phingin an punt meáchain ráta an tobhaigh ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den tsórt sin mura ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Tigh den Oireachtas.

Tobhach ar cheadúnais slaite bradáin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a fhoráil le hordú go n-íocfar, i dteannta na dleachta ceadúnais ar cheadúnais slaite bradáin amháin, leis an mBord Coimeádaithe iomchuí nuair a beifear ag iarraidh an cheadúnais, suim shonraithe i bhfoirm tobhaigh nach mó ná leath na dleachta ceadúnais.

(2) An fhaid a bheas ordú faoi fho-alt (1) i bhfeidhm, forléireofar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1953, amhail is dá mbeadh ráta na dleachta ceadúnais ardaithe méid an tobhaigh agus ní heiseofar aon cheadúnas slaite bradáin mura n-íoctar an tobhach.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm.

(4) Níl feidhm ag an alt seo maidir le ceadúnas slaite bradáin amháin do bhliain chaileandair i gcás ceadúnas den tsórt céanna a bheith cheana féin ag an iarratasóir do cheantar eile ná leis an ráta laghdaithe dleachta ceadúnais is iníoctha sa chás sin.

An Ciste Caomhanta Bradán.

5. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh an tAire ciste ar a dtabharfar an Ciste Caomhanta Bradán.

(2) Déanfaidh gach Bord Coimeádaithe agus gach duine eile a bhaileos tobhach faoin Acht seo na suimeanna go léir a baileofar amhlaidh d'íoc, a luaithe is féidir, leis an Aire chun creidiúnais an Chiste.

Iocaíochtaí as an gCiste.

6. —(1) Féadfaidh an tAire pé suimeanna is cuí leis d'íoc as an gCiste mar chabhair d'ioncam aon Bhoird Choimeádaithe ar dóigh leis nach leor a ioncam in aon bhliain faoi chomhair caiteachas an Bhoird ar chomhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Íocfaidh an tAire as an gCiste costais riaracháin an Chiste agus gach íocaíocht a bheas dlite i leith airleacan chun an Chiste faoi alt 7.

Deontais agus airleacain don Chiste as an Stát-Chiste.

7. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna d'íoc isteach sa Chiste, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a bheas ag teastáil chun go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 6.

(2) Féadfar íocaíochtaí isteach sa Chiste faoin alt seo a dhéanamh i bhfoirm deontais nó i bhfoirm airleacan a bheas inaisíoctha ar pé téarmaí a cheadós an tAire Airgeadais.

Cuntas an Chiste.

8. —Ullmhófar cuntas ar an gCiste in aghaidh gach bliana airgeadais i bhfoirm a cheadós an tAire Airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Taifid agus tuairisceáin.

9. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go mbeidh daoine ag a bhfuil tobhach iníoctha faoin Acht seo, nó aon aicme dhaoine den tsórt sin, cláraithe sa tslí ordaithe, go gcoimeádfaid pé taifid agus go dtabharfaid pé saoráidí lena n-iniúchadh, agus go dtabharfaid pé tuairisceáin, a hordófar.

(2) Aon duine a shárós, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán a déanfar faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

Caiteachais.

10. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo agus nach bhfuil soláthar dóibh in áit eile, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um Chiste Caomhanta Bradán, 1954 , a ghairm den Acht seo.