23 1953


Uimhir 23 de 1953.


AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA n ACHT ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1949. [5ú Lúnasa, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1953, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1923” an t Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) ;

ciallaíonn “Acht 1927” an t Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927) ;

ciallaíonn “Acht 1932” an t Acht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1937” an t Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937) ;

ciallaíonn “Acht 1941” an t Acht Arm-Phinsean, 1941 (Uimh. 2 de 1941) ;

ciallaíonn “Acht 1943” an t Acht Arm-Phinsean, 1943 (Uimh. 14 de 1943) ;

ciallaíonn “Acht 1946” an t Acht Arm-Phinsean, 1946 (Uimh. 3 de 1946) ;

ciallaíonn “Acht 1949” an t Acht Arm-Phinsean, 1949 (Uimh. 19 de 1949) ;

ciallaíonn “Acht Méaduithe 1949” an t Acht Arm-Phinsean (Méadú), 1949 (Uimh. 28 de 1949) ;

ciallaíonn “na hAchta” na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1949, ach ní fholaíonn sé an tAcht seo;

ciallaíonn “an tréimhse Aibreán, 1922-Meán Fómhair, 1924,” an tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1924;

tá leis an abairt “seirbhís mhíleata” an bhrí a bheirtear di le fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 chun críocha Coda II den Acht sin;

ciallaíonn “seirbhís mhíleata roimh an sos” seirbhís mhíleata i rith aon choda den tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1916, agus dár chríoch an 11ú lá d'Iúil, 1921;

ciallaíonn “seirbhís mhíleata tar éis an tsosa” seirbhís mhíleata i rith aon choda den tréimhse dár thosach an 12ú lá d'Iúil, 1921, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán d'fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

CUID II.

Liúntais do Ghaolta Daoine Marbha a raibh Seirbhís acu roimh an Sos.

Feidhm na Coda seo.

3. —(1) Tá feidhm ag an gCuid seo—

(a) maidir le gach duine atá marbh agus a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus a mbaineann alt 7 nó alt 8 d'Acht 1923 leis;

(b) maidir le gach duine atá marbh agus a mbaineann alt 14 d'Acht 1927 leis agus a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus—

(i) a bhí ag fónamh sna fórsaí agus d'éag roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, le linn bheith ag fónamh sna fórsaí nó d'éag, tar éis é d'urscaoileadh as na fórsaí, laistigh de cheithre bliana tar éis a urscaoilte agus roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, agus arbh í aontsiocair a bháis galar dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923, nó

(ii) nach raibh ag fónamh sna fórsaí agus d'éag roimh an 11ú lá d'Iúil, 1925, agus a bhí ina chomhaltá de na Irish Volunteers nó d'Arm Cathránach na hÉireann agus arbh í aon-tsiocair a bháis galar dob inchurtha i leith a sheirbhíse míleata sna Irish Volunteers nó in Arm Cathránach na hÉireann (pé acu é), nó

(iii) a bhí ag fónamh sna fórsaí agus d'éag roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, le linn bheith ag fónamh sna fórsaí nó d'éag, tar éis é d'urscaoileadh as na fórsaí, laistigh de cheithre bliana tar éis a urscaoilte agus roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, agus a bhí ina chomhalta de na Irish Volunteers nó d'Arm Cathránach na hÉireann agus arbh í aon-tsiocair a bháis galar dob inchurtha i leith seirbhíse míleata sna Irish Volunteers nó in Arm Cathránach na hÉireann (pé acu é) nó i leith na seirbhíse míleata sin agus seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923;

(c) maidir le gach duine atá marbh agus a bhí ina chomhalta d'eagras lena mbaineann Cuid II d'Acht 1932 agus—

(i) a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus a maraíodh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1923, le linn bheith ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos nó do sheirbhís mhíleata tar éis an tsosa in imthosca dob inchurtha i leith na seirbhíse sin, nó

(ii) nach raibh ag gabháil do sheirbhís mhíleata ach roimh an sos agus ar bhain créacht dó dob inchurtha i leith na seirbhíse sin agus d'éag laistigh de cheithre bliana tar éis an chréacht sin a bhaint dó agus arbh í an chréach sin ba thrúig bháis dó, nó

(iii) nach raibh ag gabháil do sheirbhís mhíleata ach roimh an sos agus d'éag roimh an 11ú lá d'Iúil, 1925, agus ar ghalar dob inchurtha i leith na seirbhíse sin ba thrúig bháis dó, nó

(iv) a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus do sheirbhís mhíleata tar éis an tsosa, agus

(I) d'éag roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1927, de ghalar dob inchurtha i leith seirbhíse míleata sa tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1916, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923, nó

(II) d'éag de chréacht dob inchurtha i leith seirbhíse míleata sa tréimhse sin is déanaí a luaitear ach laistigh de cheithre bliana tar éis an chréacht sin a bhaint dó.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le duine marbh—

(a) a bhfuil feidhm maidir leis ag alt 3 d'Acht 1937, nó

(b) arbh é ba chúis lena bhás faillí mhór nó mí-iompar mór aige féin.

Liúntais bhliantúla a dheonadh do dhaoine áirithe.

4. —(1) Ar iarratas a dhéanamh chuige, féadfaidh an tAire, mar gheall ar bhás aon duine a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis—

(a) liúntas bliantúil de £250 an fhad is baintreach í a dheonadh do bhaintreach an duine mhairbh sin ar choinníoll nár athphós an bhaintreach sin roimh an lú lá d'Eanáir, 1953;

(b) liúntas bliantúil de £180 a dheonadh don aon duine amháin sin de thuismitheoirí an duine mhairbh sin a ordós an tAire;

(c) liúntas bliantúil de £125, an fhad atá sí gan pósadh nó ina baintreach (do réir mar bheas), a dheonadh don aon deirfiúr amháin sin leis an duine marbh sin a ordós an tAire, ar choinníoll go bhfuil an deirfiúr sin gan pósadh nó ina baintreach agus ar choinníoll—

(i) go raibh an deirfiúr sin i gcleithiúnas an duine mhairbh sin ar dháta a bháis, nó

(ii) gur cheart, dar leis an Aire Airgeadais, an deirfiúr sin d'áireamh, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, mar chleithiúnaí ar an duine marbh sin;

(d) liúntas bliantúil de £125 a dheonadh don aon deartháir buan-easlán amháin sin leis an duine marbh sin a ordós an tAire, ar choinníoll—

(i) go raibh an deartháir sin i gcleithiúnas an duine mhairbh sin ar dháta a bháis, nó

(ii) gur cheart, dar leis an Aire Airgeadais, an deartháir sin d'áireamh, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, mar chleithiúnaí ar an duine marbh sin.

(2) Ní bheidh ach an t-aon liúntas amháin iníoctha i leith an duine mhairbh chéanna san am céanna faoin gCuid seo.

Ordachán maidir leis an ngaol lena n-íocfar liúntas.

5. —(1) Beidh liúntas faoin gCuid seo iníoctha leis an aon ghaol amháin sin (is gaol a luaitear in alt 4 den Acht seo) do dhuine marbh a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis (dá ngairmtear an duine marbh sin san alt seo) a ordós an tAire.

(2) Más rud é, ar ghaol d'fháil bháis le linn bheith ag fáil liúntais faoin gCuid seo, go maireann duine amháin nó níos mó de ghaolta (is gaolta a luaitear in alt 4 den Acht seo) an duine mhairbh sin, féadfaidh an tAire, ar iarratas a dhéanamh chuige, pé liúntas is iomchuí dá luaitear sa Chuid seo a dheonadh don aon duine amháin sin a ordós sé dá maireann de ghaolta sin an duine mhairbh sin.

Tórainn ama chun iarratais a dhéanamh faoin gCuid seo.

6. —(1) Déanfar gach iarratas á iarraidh liúntas faoin gCuid seo a dheonadh lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith ach amháin iarratas ó bhaintreach de bhun míre (c) d'fho-alt (1) d'alt 4 den Acht seo, a bheas le déanamh lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis baintreach a dhéanamh dhi nó dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, pé dáta acu sin is déanaí, agus iarratas de bhun fo-ailt (2) d'alt 5 den Acht seo a bheas le déanamh lá nach déanaí dhá mhí dhéag tar éis báis an ghaoil a luaitear ann.

(2) Beidh gach iarratas i pé foirm, agus beidh pé eolas ann, a iarrfas an tAire.

Tosach feidhme liúntas faoin gCuid seo.

7. —(1) Aon liúntas faoin gCuid seo a deonfar do dhuine a bhí ag fáil liúntais (seachas liúntas speisialta) faoi na hAchta an lú lá d'Eanáir, 1953, tosnóidh sé an lú lá d'Eanáir, 1953.

(2) Aon liúntas faoin gCuid seo a deonfar do dhuine nach raibh ag fáil liúntais (seachas liúntas speisialta) faoi na hAchta an lú lá d'Eanáir, 1953, tosnóidh sé ar pé dáta a chinnfeas an tAire, ach ní bheidh an dáta sin níos luaithe ná dáta an Achta seo a rith.

(3) Faoi réir aon ordachán a bhéarfas an tAire i gcásanna speisialta, déanfar aon liúntas faoin gCuid seo d'íoc i ndiaidh láimhe in aghaidh an mhí agus faoi réir pé coinníollacha maidir le céannú nó eile a ordós an tAire.

Foráil i gcoinne liúntais dhúbailte.

8. —(1) Ní bheidh duine dá ndeonfar liúntas faoin gCuid seo i dteideal aon liúntais eile faoi na hAchta.

(2) I gcás duine dá ndeonfar liúntas faoin gCuid seo a bheith, díreach roimh dháta thosach feidhme an liúntais sin, ag fáil liúntais faoi na hAchta, measfar an liúntas sin is déanaí a luaitear a scor le héifeacht ón dáta sin agus measfar an tsuim a híocadh i leith an liúntais sin is déanaí a luaitear in aghaidh na tréimhse dár thosach an dáta sin a bheith arna híoc i leith an liúntais faoin gCuid seo.

Iarratais a tharchur chun an Bhoird Chláraitheachta Sheirbhíse Míleata.

9. —(1) D'ainneoin aon tuarascála roimhe sin ón mBord Cláraitheachta Sheirbhíse Míleata, féadfaidh an tAire iarratas ar liúntas i leith duine mhairbh, a n-éilítear go bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis, a tharchur chun an Bhoird agus a iarraidh ar an mBord pé sonraí a theastós ón Aire i dtaobh an duine sin d'fhionnadh agus a dheimhniú don Aire agus air sin déanfaidh an Bord na sonraí sin d'fhionnadh agus a dheimhniú don Aire.

(2) Gach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú seirbhíse sa Chuid seo) a eiseos an Bord chun an Aire faoin alt seo, beidh sé i pé foirm a ordós an tAire agus, faoi réir aon athruithe a dhéanfas an Bord ar an deimhniú faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh sé ina fhianaise chríochnaitheach dochlóite ar na fíorais a bheas deimhnithe ann.

(3) Féadfaidh an tAire, ar an bhforas go fuarthas fianaise nua tar éis an deimhniú d'eisiúint, a iarraidh aon tráth ar an mBord an deimhniú d'athbhreithniú, agus air sin athbhreithneoidh an Bord an deimhniú agus féadfaid, tar éis an athbhreithnithe sin, é a dhaingniú nó d'athrú do réir mar is cuí leo.

(4) (a) Má dhealraigh sé ón deimhniú mar heisíodh ar dtús é faoin alt seo nach raibh an duine marbh ina dhuine a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis (dá ngairmtear duine cáilithe san alt seo) agus go ndealraíonn sé ón deimhniú, arna athrú amhlaidh, go raibh an duine marbh ina dhuine cáilithe, ansin, féadfaidh an tAire dul ar aghaidh amhail is dá ndealródh sé ón deimhniú, roimh an athrú sin, go raibh an duine marbh ina dhuine cáilithe.

(b) Má dhealraigh sé ón deimhniú mar heisíodh ar dtús é faoin alt seo go raibh an duine marbh ina dhuine cáilithe agus má deonadh dá réir sin liúntas i leith an duine mhairbh agus go ndealraíonn sé ón deimhniú, arna athrú amhlaidh, nach raibh an duine marbh ina dhuine cáilithe, déanfaidh an tAire le hordú, a luaithe is féidir, an liúntas a chúlghairm amhail ó dháta an orduithe.

Iarratais a tharchur chun Boird na nArm-Phinsean.

10. —Aon uair a gheobhas an tAire, tar éis dó iarratas á iarraidh liúntas a dheonadh faoin gCuid seo i leith aon duine mhairbh a tharchur faoin alt deiridh roimhe seo chun an Bhoird Chláraitheachta, deimhniú seirbhíse i leith an duine sin ón mBord Cláraitheachta, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, an t-iarratas sin a tharchur chun Boird na nArm-Phinsean de bhun ailt 7 d'Acht 1927 agus air sin beidh feidhm ag an alt sin faoi réir an mhodhnuithe nach ndéanfaidh Bord na nArm-Phinsean fiosrú ná tuarascáil a thabhairt i dtaobh aon ní dob ábhar fionnachtana agus deimhnithe ag an mBord Cláraitheachta faoin gCuid seo.

Feidhm alt áirithe d'Achta 1923 agus 1927.

11. —(1) Beidh feidhm ag ailt 9, 10, 11, 12, 13 agus 14 d'Acht 1923 agus ag alt 21 d'Acht 1927 maidir le liúntais faoin gCuid seo, le daoine a bhfuil, nó a éilíos go bhfuil, teideal acu chun na liúntas sin, le daoine dá ndeonfar na liúntais sin agus le daoine a iarrfas na liúntais sin, amhail is dá mb'iad na liúntais a luaitear sna hailt sin faoi seach na liúntais faoin gCuid seo.

(2) Déanfar an tagairt in alt 21 d'Acht 1927 do dhaoine a thiocfas i láthair mar iarratasóirí nó mar fhinnéithe os comhair Bhord na nArm-Phinsean, de bhun toghairme ón mBord sin, d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do dhaoine a thiocfas i láthair mar iarratasóirí nó mar fhinnéithe os comhair an Bhoird Chláraitheachta Sheirbhíse Míleata de bhun toghairme ón mBord sin.

CUID III

Méaduithe ar Phinsin agus Liúntais faoi na hAchta.

An tsuim iomchuí.

12. —(1) Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn “an tsuim iomchuí” maidir le pinsean—

(a) mura mó ná £100 sa bhliain méid an phinsin, 50 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(b) más mó ná £100 sa bhliain ach nach mó ná £125 sa bhliain méid an phinsin, £50 sa bhliain,

(c) más mó ná £125 sa bhliain ach nach mó ná £150 sa bhliain méid an phinsin, 40 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(d) más mó ná £150 sa bhliain ach nach mó ná £200 sa bhliain méid an phinsin, £60 sa bhliain,

(e) más mó ná £200 sa bhliain ach nach mó ná £346 3s. 1d. sa bhliain méid an phinsin, 30 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(f) más mó ná £346 3s. 1d. sa bhliain méid an phinsin, oiread agus a bhéarfas méid an phinsin go dtí £450 sa bhliain.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo is é méid a bheas i bpinsean ná méid an phinsin iomláin pé acu atá an pinsean i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach nó nach bhfuil sé i gcúrsa a íoctha ar chor ar bith.

(3) San alt seo ní fholaíonn “pinsean” pinsean breise faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923, ná pinsean pósta.

Méadú ar an liúntas do gach deirfiúir ar leith do Shíniúir leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916.

13. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1937 trí “dhá chéad agus caoga punt” a chur in ionad “chéad punt” in mír (c) (a bhaineas leis an liúntas is iníoctha le gach deirfiúr ar leith do Shíniúir leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916).

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 1 d'Acht 1923.

14. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt (1) d'Acht 1923 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Is é méid a bheas i bpinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, ná pé méid acu seo a leanas is lú—

(a) an méid a bheadh sa phinsean créachta sin dá mba nár ritheadh Acht Méaduithe 1949, móide an tsuim iomchuí,

(b) an méid dob iníoctha faoi na hAchta dá mba ar an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, a hurscaoilfí an t-oifigeach as na fórsaí agus dá mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír.

(3) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi an hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 3 d'Acht 1923.

15. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim oifigigh sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim shaighdiúra sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Méadú ar phinsin bhreise faoi ailt 2 agus 3 d'Acht 1923.

16. —Déanfar pinsean breise is iníoctha faoi alt 2 nó faoi alt 3 d'Acht 1923 a mhéadú cúig fichead faoin gcéad.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1923.

17. —Sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1923—

(a) i mír 2 agus i mír 3, cuirfear “£36” in ionad “£24” agus “£60” in ionad “£40” sa dá áit ina bhfuil na figiúirí sin, agus

(b) i mír 5, cuirfear “£1 10s,” in ionad “£1”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1923.

18. —Sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1923—

(a) i mír 1, cuirfear “£1 6s. 3d.” in ionad “17s. 6d.”, agus

(b) i mír 4, cuirfear “£1 2s. 6d.” in ionad “15s.”.

Méadú ar phinsin mhíchumais faoi alt 9 d'Acht 1927.

19. —(1) Aon phinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Aon phinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Méadú ar phinsin mhíchumais faoi alt 10 d'Acht 1927.

20. —(1) Déanfar méid pinsin mhíchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, a chinneadh do réir na bhforál atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, éagumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán 1922—Meán Fómhair, 1924, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht Méaduithe 1949 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás.

(3) Aon phinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, éagumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, íocfar é do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 11 d'Acht 1927.

21. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Méadú ar phinsin chréachta áirithe faoi alt 12 d'Acht 1927.

22. —(1) Déanfar méid pinsin chréachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, a chinneadh do réir na bhforál atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, éagumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse seachas tréimhse na héigeandála, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht Méaduithe 1949 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás.

(3) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, éagumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na Achta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, íocfar é do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(4) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1949 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Coda II (a bhaineas le méid an phinsin chréachta is iníoctha le saighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí an 30ú lá d'Iúil, 1949, nó dá éis):

“CUID II.

Pinsin Chréachta—Saighdiúirí.

An Grád Eagumais

Ráta an Phinsin sa tseachtain

Faoin gcéad

£

s.

d.

100

3

1

2

90

2

16

8

80

2

10

5

70

2

4

0

60

1

17

9

50

1

11

6

40

1

5

2

30

18

11

20

12

6

Méadú ar phinsin mhíchumais faoi alt 13 d'Acht 1927.

23. —(1) Aon phinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh gurbh oifigeach é, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Is é méid a bheas i bpinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, ná pé méid acu seo a leanas is lú—

(a) an méid a bheadh sa phinsean míchumais sin dá mba nár ritheadh Acht Méaduithe 1949, móide an tsuim iomchuí,

(b) an méid dob iníoctha faoi na hAchta dá mb'ar an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, a hurscaoilfí an t-oifigeach, agus dá mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír.

(3) Aon phinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do duine ar cinneadh gur shaighdiúir é, agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(4) Aon phinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí ar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht Méaduithe 1949 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás.

Méadú ar phinsin phósta faoi ailt 9 go 13 d'Acht 1927 agus faoi alt 5 d'Acht 1946.

24. —Déanfar pinsean pósta is iníoctha faoi alt 9, alt 10, alt 11, alt 12 nó alt 13 d'Acht 1927 nó faoi alt 5 d'Acht 1946 a mhéadú cúig fichead faoin gcéad.

Méadú ar liúntais áirithe faoi fho-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927.

25. —Déanfar na liúntais is iníoctha faoi fho-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1927 agus a luaitear ag míreanna 1 agus 3 de Chuid 1, agus ag míreanna 1 agus 3 de Chuid II, den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a cuirtear isteach ansin le halt 27 den Acht seo) le cleithiúnaithe oifigigh nó saighdiúra—

(a) a maraíodh le linn bheith ag fónamh sna fórsaí (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) i gcúrsa a dhualgais mar chomhalta de na fórsaí nó in imthosca is inchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí, nó

(b) a mbainfidh créacht is inchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí dhó (pé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é), le linn bheith ag fónamh sna fórsaí agus a gheobhas bás de dheasca na créachta sin amháin ach laistigh de cheithre bliana tar éis an chréacht sin a bhaint dó,

a mhéadú 50 faoin gcéad.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

26. —I mír 1 de Chuid II den Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927, cuirfear “£1 6s. 3d.” in ionad “17s. 6d.”.

Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

27. —(1) Cuirfear na Coda seo a leanas in ionad Coda I agus Coda II den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927:

“Liúntais do Chleithiúnaithe.

CUID I.

Oifigigh.

1. Baintreach dhara lefteanaint, leftenaint nó chaptaein.

£90 sa bhliain le linn baintreachais.

Baintreach mhaoir, lefteanantchornail nó cheannfoirt.

£135 sa bhliain le linn baintreachais.

Baintreach chornail nó oifigigh de chéim níos airde.

£170 sa bhliain le linn baintreachais.

2. Baintreach oifigigh (aon chéim).  ...

£120 d'aisce ar an gcéad athphósadh.

3. Leanaí atá, i gcás clann mhac, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus i gcás clann iníon, gan pósadh agus faoi bhun 21 bliain d'aois.

(a) le beo na máthar, £27 sa bhliain do gach leanbh.

(b) tar éis báis na máthar, £50 sa bhliain do gach leanbh.

4. Leanaí os cionn 11 bhliain d'aois agus faoi bhun 18 mbliana d'aois.

Aisíoc na suime a cruthófar a caitheadh iarbhír, go riachtanach agus go cuí, ar tháillí oideachais ach gan dul thar £60 in aon bhliain chaileandair i leith aon linbh áirithe. Is liúntas é seo i dteannta an liúntais a luaitear ag Uimh. 3.

CUID II.

Saighdiúirí.

1. Baintreach

...

...

...

18/9d. sa tseachtain le linn baintreachais.

2. Baintreach

...

...

...

£50 d'aisce ar an gcéad athphósadh.

3. Leanaí atá, i gcás clann mhac, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus, i gcás clann iníon, gan pósadh agus faoi bhun 18 mbliana d'aois.

(a) le beo na máthar, 7/- sa tseachtain do gach leanbh.

(b) tar éis báis na máthar, 14/- sa tseachtain do gach leanbh.

4. Leanaí os cionn 11 bhliain d'aois agus faoi bhun 18 mbliana d'aois.

Aisíoc na suime a cruthófar a caitheadh iarbhír, go riachtanach agus go cuí, ar tháillí oideachais ach gan dul thar £60 in aon bhliain chaileandair i leith aon linbh áirithe. Is liúntas é seo i dteannta an liúntais a luaitear ag Uimh. 3.”

(2) Déanfar Cuid III den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943), arna leasú le fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1946, d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí an figiúr “£78” in ionad an fhigiúir “£52” in mír 6.

(3) Déanfar Cuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943), arna leasú le fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1946, d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí an figiúr “£39” in ionad an fhigiúir “£26” i mír 6.

Méadú ar phinsin chréachta, mhíchumais agus phósta faoi alt 10 d'Acht 1932.

28. —(1) Aon phinsean créachta nó pinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Aon phinsean pósta a deonadh faoi fho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, beidh sé iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (5) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1932.

29. —(1) I gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 cuirfear—

(a) “£101 5s. 0d.” in ionad “£67 10s.”,

(b) “£27” in ionad “£18” gach áit ina bhfuil an figiúr deiridh sin,

(c) “£45” in ionad “£30” gach áit ina bhfuil an figiúr deiridh sin, agus

(d) “£52” in ionad “£26”.

(2) Cuirfear “ 22s. 6d.” in ionad “15s.” i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1932.

(3) San áit in a bhfuil, faoi fho-alt (1) d'alt 18 d'Acht 1937, Cuid I den Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 le forléiriú agus le héifeacht a bheith aici amhail is dá gcuirtí “£90” in ionad “£67 10s. 0d.”, forléireofar an Chuid sin I agus beidh éifeacht aici amhail is dá gcuirtí “£135” in ionad “£90”.

Méadú ar phinsin faoi alt 26 d'Acht 1937.

30. —(1) Gach pinsean de bharr breithe deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha do réir seacht scillinge déag agus trí pingne sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain.

(2) Gach pinsean de bharr breithe deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha do réir punt agus trí scillinge sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain.

Méadú ar phinsin faoi ailt 28 agus 29 d'Acht 1937.

31. —Beidh éifeacht ag ailt 28 agus 29 d'Acht 1937 amhail is dá gcuirtí an Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad an Sceidil a ghabhas le hAcht 1937.

Méadú ar liúntais chleithiúnaithe faoi alt 37 d'Acht 1937.

32. —I bhfo-alt (2) agus i mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 37 d'Acht 1937 cuirfear na focail “seasca punt” in ionad na bhfocal “dachad punt”.

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1941.

33. —(1) Gach pinsean de bharr breithe deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha do réir seacht scillinge déag agus trí pingne sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain.

(2) Gach pinsean de bharr breithe deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha do réir punt agus trí scillinge sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain.

Méadú ar phinsin faoi alt 4 d'Acht 1943.

34. —Cuirfear an Sceideal seo a leanas in ionad an Sceidil a ghabhas le halt 4 d'Acht 1943:

“AN SCEIDEAL.

An Grád Eagumais

Scála an Phinsin

£

s.

d.

100

faoin gcéad

160

0

0

sa bhliain

90

,,     ,, 

148

10

0

,,      ,,

80

,,     ,, 

132

0

0

,,      ,,

70

,,     ,, 

115

10

0

,,      ,,

60

,,     ,, 

99

0

0

,,      ,,

50

,,     ,, 

82

10

0

,,      ,,

40

,,     ,, 

66

0

0

,,      ,,

30

,,     ,, 

49

10

0

,,      ,,

20

,,     ,, 

33

0

0

,,      ,,

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1943.

35. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha do réir seacht scillinge déag agus trí pingne sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha do réir punt agus trí scillinge sa tseachtain, beidh sé iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain.

Méadú ar phinsin faoi alt 12 d'Acht 1946.

36. —Beidh éifeacht ag alt 12 d'Acht 1946 amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad an Dara Sceidil a ghabhas leis an Acht sin—

“AN DARA SCEIDEAL.

Rátaí Pinsean faoi Alt 12 den Acht seo.

An Grád Eagumais

An Pinsean

(1)

(2)

100

faoin gcéad

£150

sa bhliain.

90

,,      ,, 

£135

 ,,     ,,

80

,,      ,, 

£120

 ,,     ,,

Srian le méadú ar phinsean.

37. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “pinsean éagumais” pinsean créachta nó míchumais faoi na hAchta, agus folaíonn sí aon phinsean breise faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 agus pinsean pósta;

ciallaíonn an abairt “pinsean Fórsaí Cosanta” páigh scoir nó pinsean faoi aon scéim arna déanamh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1949, arna leasú le haon achtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Ní bhainfidh forála na Coda seo le haon phinsean éagumais is iníoctha faoi na hAchta do réir £450 sa bhliain nó do réir ráta is airde ná sin.

(3) Más rud é faoi aon cheann d'fhorála an Achta seo go ndéanfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, pinsean éagumais a mhéadú go dtí suim is mó ná £450 sa bhliain, déanfar, faoi réir fo-alt (4) agus (5) den alt seo, an pinsean éagumais a mhéadú go dtí £450 sa bhliain ar a mhéid.

(4) Más rud é—

(a) go bhfuil pinsean éagumais á fháil ag duine, agus

(b) go bhfuil pinsean Fórsaí Cosanta á fháil freisin ag an duine sin, agus

(c) gur £450 sa bhliain nó os a chionn sin comhshuim—

(i) an phinsin éagumais, agus

(ii) ghlan-mhéid an phinsin Fórsaí Cosanta,

ansin, ní déanfar aon mhéadú faoin Acht seo ar an bpinsean éagumais.

(5) Más rud é—

(a) go bhfuil pinsean éagumais á fháil ag duine, agus

(b) go bhfuil pinsean Fórsaí Cosanta á fháil freisin ag an duine sin, agus

(c) gur lú ná £450 sa bhliain comhshuim—

(i) an phinsin éagumais, agus

(ii) ghlan-mhéid an phinsin Fórsaí Cosanta, agus

(d) go mbeadh an chomhshuim sin, dá méadaítí an pinsean éagumais faoi fhorála an Achta seo, os cionn £450 sa bhliain,

ansin, ní méadófar an pinsean éagumais faoin Acht seo ach pé méid a bhéarfas comhshuim an phinsin éagumais agus ghlanmhéid an phinsin Fórsaí Cosanta suas go dtí £450 sa bhliain.

Tosach feidhme na Coda seo.

38. —Measfar an Chuid seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1953, agus beidh éifeacht ón dáta sin ag an méadú ar phinsin (lena n-áirítear pinsin bhreise agus pinsin phósta) agus ar liúntais dá bhforáltar leis an gCuid seo.

CUID IV.

Leasú ar na hAchta maidir le Pinsin Phósta agus Liúntais Bhaintrí.

Leasú ar na hAchta maidir le pinsin phósta.

39. —(1) San alt seo ciallaíonn “forála iomchuí na nAcht”—

(a) fo-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1923,

(b) fo-alt (2) d'alt 9, fo-alt (2) d'alt 10, fo-alt (2) d'alt 11, fo-alt (2) d'alt 12, agus fo-alt (2) d'alt 13 d'Acht 1927, agus

(c) fo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1932.

(2) Déanfar, i gcás aon duine a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus atá ag fáil pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na hAchta, forála iomchuí na nAcht d'fhorléiriú, le héifeacht ón lú lá d'Eanáir, 1953, amhail is dá mba rud é, maidir le galar a tholg sé le linn seirbhíse a chríochnaigh roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, nó créacht a bhain dó roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, gurbh é an t-aon-choinníoll ba ghá ó thaobh pósadh an duine sin chun go ndeonfaí pinsean breise nó pinsean pósta don duine sin go ndearnadh an pósadh sin roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, agus, dá réir sin, ar iarratas a dhéanamh chun an Aire, beidh an pinsean breise nó an pinsean pósta is iomchuí iníoctha faoi na hAchta ón lú lá d'Eanáir, 1953, nó ó dháta thosach feidhme an phinsin mhíchumais nó an phinsin chréachta, pé dáta acu sin is déanaí, leis an duine sin ar choinníoll gurbh fhear pósta é chun críocha na nAcht ar pé dáta acu sin a bhaineas lena chás.

(3) Déanfar gach iarratas ar phinsean faoi fhorála iomchuí na nAcht, arna leasú leis an Acht seo, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith agus beidh sé i pé foirm, agus beidh pé sonraí ann, a iarrfas an tAire.

(4) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíos pinsean breise ná pinsean pósta d'íoc le duine dár deonadh pinsean den tsórt sin in aghaidh tréimhse roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, agus ar éag a bhean chéile agus d'athphós roimh an dáta sin.

Leasú ar na hAchta maidir le liúntais bhaintrí.

40. —(1) San alt seo ciallaíonn “forála iomchuí na nAcht”—

(a) na forála seo a leanas d'Acht 1927, eadhon—

(i) mír (ii) d'fho-alt (1) d'alt 14 (sa mhéid go mbaineann sí le duine a luaitear i mír (e) den fho-alt sin), arna leasú le fo-alt (1) d'alt 25 d'Acht 1932,

(ii) fo-alt (6) d'alt 14 (sa mhéid go mbaineann sé le duine a luaitear i mír (a), i mír (b) nó i mír (c) d'fho-alt (2) den alt sin),

(iii) fo-alt (4) d'alt 15 (sa mhéid go mbaineann sé le duine a luaitear i mír (a), i mír (b) nó i mír (c) d'fho-alt (2) den alt sin);

(b) alt 12 d'Acht 1932, arna leasú le halt 19 d'Acht 1937.

(2) Déanfar forála iomchuí na nAcht, i gcás aon duine mhairbh a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos, agus

(a) a bhí ina chomhalta d'eagras lenar bhain Cuid II d'Acht 1932, nó

(b) d'éag de ghalar roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, le linn bheith ag fónamh sna fórsaí, nó a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an dáta sin agus galar air, nó

(c) i gcás duine a maraíodh, a maraíodh roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, nó

(d) i gcás duine d'éag de dheasca créachta, ar bhain an chréacht sin dó roimh an 10ú Nollaig, 1932,

d'fhorléiriú, le héifeacht ón lú lá d'Eanáir, 1953, amhail is dá mb'é an t-aon-choinníoll ba ghá ó thaobh pósadh an duine sin chun go ndeonfaí liúntas baintrí agus liúntais leanaí faoi na hAchta do bhaintreach agus do leanaí an duine sin go ndearnadh an pósadh sin roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, agus, dá réir sin, ar iarratas a dhéanamh chun an Aire, beidh an liúntas baintrí agus na liúntais leanaí is iomchuí iníoctha faoi na hAchta ón lú lá d'Eanáir, 1953, leis an mbaintreach sin (ar choinníoll nár athphós sí ar an lú lá sin d'Eanáir, 1953, nó roimhe) agus leis na leanaí sin.

(3) I gcás ina bhfuair duine a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos bás le linn bheith ag fáil pinsin chréachta nó pinsin mhíchumais agus ina mbeadh teideal aige, díreach roimh dháta a bháis, chun pinsin bhreise nó pinsin phósta dá mb'é an t-aon-choinníoll chun go ndeonfaí an pinsean breise nó an pinsean pósta sin gur dháta roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, dáta a phósta, agus más rud é gurbh é aon-tsiocair bháis an duine sin an chréacht nó an galar ar ina leith a deonadh an pinsean créachta nó an pinsean míchumais (pé acu é), féadfaidh an tAire, ar iarratas a dhéanamh chuige, na liúntais iomchuí faoi na hAchta arna leasú leis an Acht seo a dheonadh, le héifeacht ón lú lá d'Eanáir, 1953, do bhaintreach (ar choinníoll nár athphós sí roimh an lú lá sin d'Eanáir, 1953) agus do leanaí an duine sin.

(4) (a) Ní tabharfar aird ar aon iarratas faoi na hAchta, arna leasú leis an Acht seo, ar liúntas baintrí nó linbh i leith duine mhairbh mura ndearnadh iarratas go cuí roimhe sin faoi na hAchta ar an liúntas sin nó ar aisce bhaintrí i leith an duine mhairbh sin.

(b) D'ainneoin míre (a) den fho-alt seo, is dleathach do bhaintreach agus do leanaí duine mhairbh, a bhí ar dháta a bháis ag fáil pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta, go n-iarrfaidís agus go ndeonfaí dhóibh liúntas baintrí agus linbh faoi na hAchta arna leasú leis an Acht seo.

(c) D'ainneoin míre (a) den fho-alt seo, is dleathach do dhuine nár iarr roimhe sin liúntas baintrí nó linbh ná aisce bhaintrí faoi na hAchta i leith báis dhuine lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo go n-iarrfadh an duine sin agus go ndeonfaí don duine sin an liúntas sin faoi na hAchta, arna leasú leis an Acht seo, ar choinníoll, dá ndéanfadh an duine sin iarratas go cuí ar liúntas nó aisce faoi na hAchta i leith an duine mhairbh sin, gurb é an t-aon fhoras amháin ar a ndiúltófaí don iarratas sin nár chomhlíon an t-iarratasóir forála iomchuí na nAcht.

(5) (a) I gcás ina ndearnadh, roimh dháta an Achta seo a rith, iarratas go cuí faoi na hAchta ar liúntas baintrí nó linbh nó ar aisce i leith duine mhairbh agus gur diúltaíodh don iarratas sin ar fhorais seachas neamhchomhlíonadh forál iomchuí na nAcht, ní tabharfar aird ar aon iarratais eile faoi na hAchta, arna leasú leis an Acht seo, i leith an duine mhairbh sin.

(b) I gcás ina ndearna duine iarratas roimhe sin ar liúntas baintrí nó linbh nó aisce bhaintrí faoi na hAchta agus inarbh é an t-aon fhoras amháin ar ar diúltaíodh don iarratas sin nár comhlíonadh forála iomchuí na nAcht, is dleathach go n-iarrfadh an duine sin agus go ndeonfaí don duine sin an liúntas sin faoi na hAchta arna leasú leis an Acht seo.

(6) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíos liúntas a dheonadh mar gheall ar bhás duine ar éag a bhean chéile roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, agus d'athphós roimh an dáta sin más rud é, mura mbeadh a bás, go mbeadh a chéad bhean chéile cáilithe chun liúntais faoi na hAchta arna leasú leis an Acht seo.

(7) Déanfar gach iarratas ar liúntas faoi fhorála iomchuí na nAcht, arna leasú leis an Acht seo, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith agus beidh sé i pé foirm, agus beidh pé sonraí ann, a iarrfas an tAire.

CUID V.

Leasú ar na hAchta maidir le Liúntais Speisialta.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1943.

41. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1943 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1):

“(1)   (a) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, liúntas (dá ngairmtear liúntas speisialta san alt seo) a dheonadh d'aon duine cáilithe a sásófar an tAire agus an tAire Airgeadais go bhfuil na coinníollacha reachtúla comhlíonta ina chás.

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham agus i leith tréimhse sonraithe, toiliú coiteann a thabhairt, faoi réir pé coinníollacha a chinnfeas sé ó am go ham, chun críche míre (a) den fho-alt seo, agus ní bheidh feidhm, i gcaitheamh aon tréimhse sonraithe den tsórt sin, ag an gceanglas i dtaobh an tAire Airgeadais a shásamh go bhfuil na coinníollacha reachtúla comhlíonta.”

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (6) d'alt 7 d'Acht 1943—

“(6)   (a) I gcás ina mbeifear tar éis diúltú d'iarratas ar liúntas speisialta, nó i gcás liúntas speisialta d'fhorceannadh nó a bheith forceannta, ní déanfar, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an diúltuithe nó an fhorceannta, aird a thabhairt ar aon iarratas eile ar an liúntas sin ná ar aon iarratas ar an liúntas sin d'athnuachaint (pé acu é).

(b) D'ainneoin míre (a) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, aird a thabhairt ar iarratas eile a déanfar laistigh de dhá mhí dhéag tar éis liúntas speisialta a dhiúltú nó d'fhorceannadh má thugann an t-iarratasóir fianaise shásúil ar aird don Aire go gcomhlíonann sé na coinníollacha reachtúla.”

(3) Athghairmtear leis seo an míniú ar an abairt “duine cáilithe” atá i bhfo-alt (9) d'alt 7 d'Acht 1943, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1946 agus le fo-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1949, agus chun críocha an ailt sin 7 d'Acht 1943 ciallaíonn duine cáilithe—

(a) duine a bhí ina chomhalta d'eagras lena mbaineann Cuid II d'Acht 1932 agus dár deonadh—

(i) deimhniú seirbhíse míleata faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) , nó deimhniú seirbhíse faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934) , i leith seirbhíse i rith aon choda den tréimhse dár thosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916, agus dár chríoch an 11ú lá d'Iúil, 1921, nó

(ii) pinsean créachta nó míchumais faoi na hAchta i leith créachta a bhain dó nó míchumais a tharla dhó sa tréimhse sin, nó

(iii) bonn i leith seirbhíse i rith aon choda den tseachtain dár thosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916, nó

(iv) bonn i leith comhaltais leanúnaigh i gcaitheamh na tréimhse trí mhí dár chríoch an 11ú lá d'Iúil, 1921, más deimhin leis an Aire gur dámhadh go cuí é ar iarratas a rinneadh lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith; nó

(b) duine dár deonadh pinsean seirbhíse, créachta nó míchumais faoi na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (9) d'alt 7 d'Acht 1943—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal “ciallaíonn an abairt ‘ an tsuim bliantúil oiriúnach’”—

“ciallaíonn an abairt ‘an tsuim bliantúil oiriúnach’, i gcás duine atá seachtó bliain nó níos mó d'aois”;

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh an mhínithe ar an abairt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo—

“ciallaíonn an abairt ‘an tsuim bliantúil oiriúnach’, i gcás duine atá faoi bhun seachtó bliain d'aois—

(a) maidir le fear singil nó bean singil, nó le fear pósta nó bean phósta, a pósadh tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1942, nó le baintreach fir nó baintreach mná a pósadh tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1942, nó le baintreach fir nó baintreach mná gan chlann, £104;

(b) maidir le fear pósta nó bean phósta a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, a maireann an céile ach atá gan chlann, £130;

(c) maidir le fear pósta nó bean phósta, a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, a maireann an céile agus ag a bhfuil clann, suim na méideanna seo a leanas, eadhon, £130 agus £10 8s. i leith gach duine clainne faoi leith;

(d) maidir le baintreach fir nó baintreach mná, a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, ag a bhfuil clann, suim na méideanna seo a leanas, eadhon, £104, agus £10. 8s. i leith gach duine clainne faoi leith.”

Athbhreithniú ar liúntais speisialta.

42. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, liúntas faoi alt 7 d'Acht 1943 (dá ngairmtear liúntas speisialta san Acht seo) d'athbhreithniú dá thoil féin nó ar an duine dár deonadh an liúntas sin dá iarraidh sin.

(2) Má dhealraíonn sé de thoradh athbhreithnithe faoi fho-alt (1) den alt seo nach bhfuil teideal ag duine chun liúntais speisialta nó chun an liúntais sin do réir an ráta dob iníoctha díreach roimh dháta an athbhreithnithe, déanfar (do réir mar is iomchuí sa chás) an liúntas d'fhorceannadh nó a laghdú go dtí an ráta iomchuí ón dáta ar a gcinnfidh an tAire nach bhfuil teideal ag an duine sin chun liúntais speisialta nó chun an liúntais sin do réir an ráta dob iníoctha díreach roimh dháta an athbhreithnithe ach amháin, i gcás ina gcuirfear bás céile nó linbh in iúl go cuí, go mbeidh éifeacht ag an bhforceannadh nó an laghdú sin (pé acu é) amhail ó dháta an bháis sin.

(3) Má dhealraíonn sé de thoradh athbhreithnithe faoi fho-alt (1) den alt seo go bhfuil teideal ag duine chun liúntais mhéadaithe, féadfar an liúntas a mhéadú go dtí an ráta iomchuí amhail ón dáta ar a gcinnfidh an tAire go bhfuil teideal ag an duine sin chun an liúntais mhéadaithe.

(4) I gcás ina ndeonfar liúntas speisialta do dhuine nach bhfuil i gcumas é féin a chothú mar gheall ar bhuan-easláine choirp nó aigne, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, staid sláinte an duine sin d'athbhreithniú tráth ar bith agus, más deimhin leis an Aire, de thoradh aon athbhreithnithe den tsórt sin, nach gcomhlíonann an duine sin níos mó an coinníoll reachtúil a bhaineas le buan-easláine, forceannfar an liúntas speisialta amhail ón dáta ar ar deimhin leis an Aire nach gcomhlíonann an duine sin níos mó an coinníoll reachtúil a bhaineas le buaneasláine.

(5) Athghairmtear leis seo fo-alt (7) d'alt 7 d'Acht 1943 (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1949).

E bheith d'oblagáid nithe áirithe a tharlós a chur in iúl don Aire.

43. —(1) Má thagann, i gcás aon duine atá ag fáil liúntais speisialta, aon fheabhas ar acmhainn an duine sin ó fiosraíodh acmhain an duine sin go deiridh thar ceann an Aire, agus, i gcás aon duine den tsórt sin a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, má gheibheann céile an duine sin nó leanbh leis an duine sin bás, ansin, déanfaidh an duine sin nó bhéarfaidh go ndéanfar, laistigh de mhí tar éis sin a tharlachtaint, é a chur in iúl i scríbhinn don Aire.

(2) Má mhainníonn duine fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(3) Beidh feidhm ag alt 14 d'Acht 1949 amhail is dá mba thagairt do mhainneachtaint maidir le fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh an tagairt atá i mír (b) d'fho-alt (1) do ráiteas bréagach.

(4) San alt seo tá an bhrí chéanna le “leanbh” atá le “duine cloinne” in alt 7 d'Acht 1943.

Aiscí do ghaolta le daoine marbha áirithe.

44. —(1) Má gheibheann duine a bhí ag fáil liúntais speisialta bás tar éis an damhachtain deiridh d'fhorceannadh agus sara ndearnadh dámhachtain nua agus go ndéanfaí dámhachtain nua mura mbeadh bás an duine sin, ansin, d'ainneoin fo-ailt (1) d'alt 12 d'Acht 1949, féadfaidh an tAire aisce d'íoc i leith an duine sin is comhionann le méid an liúntais speisialta a bheadh, ar bhás an duine sin, faibhrithe chun bheith dlite de bhun na dámhachtana nua.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 12 d'Acht 1949 maidir le haisce is iníoctha faoin alt seo.

(3) Measfar fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a theacht i ngníomh ar an lú lá d'Iúil, 1950, agus beidh éifeacht acu ar an dáta sin agus uaidh sin amach.

CUID VI.

Ilghnéitheach.

Liúntais do leanaí áirithe le Síniúirí an Fhorógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916.

45. —(1) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, ar iarratas a dhéanamh chun an Aire, liúntas bliantúil de £125—

(a) le gach iníon ar leith do Shíniúir leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916, agus

(b) le gach mac ar leith do Shíniúir den tsórt sin más deimhin leis an Aire nach bhfuil an mac sin i gcumas é féin a chothú mar gheall ar aois nó buan-easláine choirp nó aigne.

(2) Beidh gach liúntas faoi fho-alt (1) den alt seo iníoctha i ndiaidh láimhe in aghaidh an mhí agus tosnóidh sé ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfeas an tAire.

Leasú ar alt 9 d'Acht 1923.

46. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham agus i leith tréimhse sonraithe, toiliú coitiann chun críche ailt 9 d'Acht 1923 a thabhairt, faoi réir pé coinníoll a chinnfeas sé ó am go ham, i leith pinsean, liúntas agus aiscí is iníoctha faoi aon fhoráil de na hAchta nó den Acht seo agus lena mbaineann an t-alt sin 9.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1927.

47. —Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1927, maidir le hoifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 2ú lá d'Aibreán, 1950, nó dá éis, amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal a cuireadh sa bhfo-alt sin le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1943—

“an lá roimh dháta a urscaoilte, má ba oifigeach é, ina oifigeach pósta do réir bhrí na Rialachán Fórsaí Cosanta do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá sin nó, má ba shaighdiúir é, a bheith, ar dháta a urscaoilte, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta.”

Leasú ar ailt 10 agus 12 d'Acht 1927.

48. —(1) Beidh éifeacht ag alt 10 agus ag alt 12 d'Acht 1927, maidir lena bhfeidhm i gcás oifigigh a hurscaoilfear as na fórsaí ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, amhail is dá gcuirtí na Táiblí seo a leanas in ionad an Táible atá i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin:

“Oifigeach dob oifigeach pósta do réir bhrí na Rialachán Fórsaí Cosanta do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá roimh lá a urscaoilte as na fórsaí.

An Grád Eagumais

Scála an Phinsin

(1)

(2)

faoin gcéad

100

48 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

90

43 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

80

39 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

70

34 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

60

29 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

50

24 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

40

19 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

30

14 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

20

10 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

Oifigeach nárbh oifigeach pósta do réir bhrí na Rialachán Fórsaí Cosanta do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá roimh lá a urscaoilte as na fórsaí.

An Grád Eagumais

Scála an Phinsin

(1)

(2)

faoin gcéad

100

55 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

90

50 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

80

44 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

70

39 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

60

33 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

50

28 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

40

22 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

30

17 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

20

11 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 6 ná ag fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht Méaduithe 1949 maidir le hoifigeach lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo.

Ní féidir dul thar dámhachtain faoi alt 12 d'Acht 1927.

49. —(1) Má dámhtar aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith créachta nó má diúltaítear pinsean nó aisce a dhámhachtain faoin alt sin i leith créachta, ní bheidh dul thar an dámhachtain nó an diúltú dámhachtana (pé acu é) sin, ná ní féidir é d'athscrúdú ná d'athbhreithniú, ach amháin mar foráltar a mhalairt leis an alt seo.

(2) Aon duine a ndámhfar dó, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith créachta nó aor duine a ndíúltófar, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, pinsean nó aisce a dhámhachtain dó faoin alt sin i leith créachta ar an aon-fhoras nach bhfuil aon éagumas ar an duine sin, féadfaidh sé, laistigh de chúig bliana ó dháta na dámhachtana sin nó an diúltú dámhachtana sin (pé acu é), a iarraidh ar an Aire méid na dámhachtana nó an diúltú dámhachtana sin (pé acu é) a chur dá athscrúdú agus air sin féadfaidh an tAire, más cuí leis é, an scéal a tharchur chun Boird na nArm-Phinsean lena athscrúdú agus féadfaidh, ar thuarascáil d'fháil ó Bhord na nArm-Phinsean, pé pinsean nó aisce (más aon cheann é) a dheonadh don duine sin d'fhéadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarascáil sin nuair a céad-fhiosraíodh an cás faoin alt sin 12, faoi réir na tórann nach dtosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ar dháta is luaithe ná an dáta a gcinnfidh Bord na nArm-Phinsean gurb é an dáta é a chéad-shroich an t-éagumas ar ina leith a deonfar an pinsean sin fiche faoin gcéad.

(3) Aon duine dár dámhadh, roimh dháta an Achta seo a rith, aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith créachta a bhain dó an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, nó aon duine ar diúltaíodh roimh dháta an Achta seo a rith, pinsean nó aisce a dhámhachtain dó faoin alt sin i leith créachta a bhain dó an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, ar an aon-fhoras nach raibh aon éagumas ar an duine sin, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, a iarraidh ar an Aire méid na dámhachtana sin nó an diúltú dámhachtana sin (pé acu é) a chur dá athscrúdú, agus air sin féadfaidh an tAire, más cuí leis é, an scéal a tharchur chun Boird na nArm-Phinsean agus féadfaidh, ar thuarascáil d'fháil ó Bhord na nArm-Phinsean, pé pinsean nó aisce (más aon cheann é) a dheonadh don duine sin d'fhéadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarascáil sin nuair a céad-fhiosraíodh an cás faoin alt sin 12, faoi réir na tórann go dtosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith nó an dáta a gcinnfidh Bord na nArm-Phinsean gurb é an dáta é a shroich an míchumas fiche faoin gcéad, pé dáta acu sin is déanaí) a chinnfeas an tAire.

Tórainn ama chun iarratais áirithe a dhéanamh faoi ailt 14 agus 15 d'Acht 1927.

50. —D'ainneoin aon ní sna hAchta, gach iarratas ar liúntas nó aisce faoi fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927 i leith duine arbh í aon-tsiocair a bháis galar dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, agus gach iarratas ar liúntas nó aisce faoi fho-alt (2) d'alt 15 den Acht sin i leith duine d'éag de chréacht a bhain dó an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, déanfar é—

(a) i gcás an duine ar ina leith a héilítear an aisce nó an liúntas d'fháil bháis roimh dháta an Achta seo a rith, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith;

(b) i gcás an duine sin d'fháil bháis ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta báis an duine sin.

Leasú ar alt 20 d'Acht 1932.

51. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 20 d'Acht 1932 trí “(ach amháin fo-alt (4) de sin)” a scrios.

Cumhacht chun liúntais bhreise a dheonadh faoi Chuid VII d'Acht 1937.

52. —(1) Má gheibheann duine bás le linn bheith ag fáil liúntais faoi Chuid VII d'Acht 1937, is dleathach do ghaol cleithiúnach eile don duine marbh a raibh an liúntas iníoctha ina leith go n-iarrfadh sé agus go ndeonfaí dhó liúntas faoin gCuid sin VII, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais go gcomhlíontar na coinníollacha reachtúla chun liúntas faoin gCuid sin VII a dheonadh.

(2) Beidh gach iarratas ar liúntas faoi Chuid VII d'Acht 1937, arna leasú leis an alt seo, i pé foirm, agus beidh pé sonraí ann, a iarrfas an tAire, agus déanfar é—

(a) más roimh dháta an Achta seo a rith d'éag an duine a fuair bás le linn bheith ag fáil liúntais, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta sin, agus

(b) más ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis d'éag an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis báis an duine sin.

(3) Gach liúntas a deonfar faoi Chuid VII d'Acht 1937, arna leasú leis an alt seo, tosnóidh sé ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfeas an tAire.

Ceart daoine áirithe chun athiarratas a dhéanamh faoi Chuid VII d'Acht 1937.

53. —(1) D'ainneoin fo-ailt (2) d'alt 10 d'Acht 1941, is dleathach don Aire, ar iarratas a dhéanamh chuige, liúntas faoi Chuid VII d'Acht 1937 a dheonadh do dhuine ar bith ar diúltaíodh dá iarratas ar liúntas cleithiúnaí faoin gCuid sin VII ar an aonfhoras nár chomhlíon an t-iarratasóir sin an coinníoll reachtúil maidir le hacmhainn, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais go gcomhlíontar na coinniollacha reachtúla chun liúntas faoin gCuid sin VII a dheonadh.

(2) Beidh gach iarratas ar liúntas faoi Chuid VII d'Acht 1937, arna leasú leis an Acht seo, i pé foirm, agus beidh pé sonraí ann, a iarrfas an tAire, agus déanfar é lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith.

(3) Gach liúntas a deonfar faoi Chuid VII d'Acht 1937, arna leasú leis an Acht seo, tosnóidh sé ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfeas an tAire.

Leasú ar alt 40 d'Acht 1937.

54. —Déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) d'alt 40 d'Acht 1937 do chúig scillinge déag sa tseachtain d'fhorléiriú mar thagairt do sheasca punt sa bhliain.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1946.

55. —Beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1946, maidir le hoifigeach a hurscaoileadh asna fórsaí an 2ú lá d'Aibreán, 1950, nó dá éis, amhail is dá gcuirtí in ionad na bhfocal “ar dháta a urscaoilte, má ba oifigeach é, ar lonnaíocht i gceathrúna do lucht pósta nó ag fáil liúntais lóistín, tin-abhair agus solais mar oifigeach pósta nó, má ba shaighdiúir é, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta, nó” i mír (c) an méid seo a leanas:

“an lá roimh dháta a urscaoilte, má ba oifigeach é, ina oifigeach pósta do réir bhrí na Rialachán Fórsaí Cosanta do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá sin nó, má ba shaighdiúir é, a bheith, ar dháta a urscaoilte, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta, nó”.

Srian le halt 6 d'Acht 1946.

56. —Ní bheidh feidhm ag alt 6 d'Acht 1946 maidir le hoifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 2ú lá d'Aibreán, 1950, nó dá éis.

Dearbhú maidir le pinsean faoi alt 12 d'Acht 1946.

57. —Chun deireadh a chur le hamhras dearbhaítear leis seo go measfar, chun críocha fo-ailt (3) d'alt 47 d'Acht 1937, gur pinsean faoi na hAchta pinsean a deonadh faoi alt 12 d'Acht 1946.

Pinsean a dhéanamh bailí.

58. —I gcás duine a ndearnadh, an 27ú lá d'Eanáir, 1943, aisce i leith créachta a dheonadh dhó faoi alt 10 d'Acht 1932 agus d'iarr ar an Aire, an 10ú lá de Mhárta, 1948, méid na dámhachtana a chur dá athscrúdú, beidh éifeacht ag na fórala seo a leanas:

(a) d'ainneoin fo-ailt (2) d'alt 18 d'Acht 1932, measfar gur pinsean a deonadh go bailí an pinsean a deonadh don duine sin faoin alt sin 10;

(b) i gcás pinsean faoin alt sin 10 a bheith iníoctha leis an duine sin tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh an pinsean sin iníoctha ó pé dáta a chinnfeas an tAire ach ní bheidh an dáta sin níos luaithe ná dáta an Achta seo a rith.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Ailt 14 (1) ; 15 (1) ; 19 (1) ; 21 (1) ; 23 (1) .

Rátaí méadaithe—

(a) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigigh a hurscaoileadh roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924,

(b) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhaoine a meastar a bheith ar chéim oifigeach,

(c) na bpinsean míchumais a deonadh faoi alt 9 d'Acht 1927 d'oifigigh,

(d) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 11 d'Acht 1927 d'oifigigh,

(e) na bpinsean míchumais a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 d'oifigigh a hurscaoileadh roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924,

(f) na bpinsean míchumais a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do dhaoine a meastar a bheith ar chéim oifigeach.

Uimh. Thag.

Ráta an phinsin in aghaidh na bliana faoi láthair

Ráta méadaithe an pinshin in aghaidh na bliana

(1)

(2)

(3)

1

£240

£260

2

£228

£250

3

£216

£240

4

£204

£230

5

£192

£220

6

£172

10s.

£210

7

£161

£196

8

£149

10s.

£182

9

£138

£170

10

£126

10s.

£160

11

£115

£150

12

£99

£135

13

£88

£120

14

£77

£105

15

£66

£90

16

£55

£75

17

£44

£60

AN DARA SCEIDEAL.

Ailt 14 (3) ; 15 (2) ; 19 (2) ; 20 (3) ; 21 (2) ; 22 (3) ; 23 (3) .

Rátaí méadaithe—

(a) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúirí,

(b) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhaoine a meastar a bheith ar chéim shaighdiúirí,

(c) na bpinsean míchumais a deonadh faoi alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúirí,

(d) na bpinsean míchumais a deonadh faoi alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúirí i leith éagumais de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála,

(e) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúirí,

(f) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, i leith éagumais de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála,

(g) na bpinsean míchumais a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924,

(h) na bpinsean míchumais a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do dhaoine a meastar a bheith ar chéim shaighdiúirí.

Uimh. Thag.

Ráta an phinsin in aghaidh na seachtaine faoi láthair

Ráta méadaithe an phinsin in aghaidh na seachtaine

(1)

(2)

(3)

£

s.

d.

£

s.

d.

1

2

10

0

3

1

2

2

2

7

6

2

19

0

3

2

5

0

2

16

8

4

2

2

6

2

13

6

5

2

0

0

2

10

5

6

1

16

2

2

7

3

7

1

13

8

2

4

0

8

1

11

4

2

0

11

9

1

9

0

1

17

9

10

1

6

6

1

14

8

11

1

4

0

1

11

6

12

1

0

8

1

8

3

13

18

5

1

5

2

14

16

0

1

2

0

15

13

10

18

11

16

11

6

15

9

17

9

2

12

6

AN TRIU SCEIDEAL.

Rátaí méadaithe na bPinsean a Deonadh d'Oifigigh faoi Ailt 10 agus 12 D'Acht 1927.

Ailt 20 (1) ; 22 (1) .

1. (1) Is é méid a bheas i bpinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, éagumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán 1922-Meán Fómhair, 1924, pé méid acu seo a leanas is lú—

(a) an méid a bheadh sa phinsean míchumais sin dá mba nár ritheadh Acht Méaduithe 1949, móide an tsuim iomchuí;

(b) an méid dob iníoctha faoi na hAchta dá mba nár ritheadh Acht Méaduithe 1949 agus gur hurscaoileadh an t-oifigeach as na fórsaí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus gurbh ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar dháta a urscaoilte iarbhír.

(2) Is é méid a bheas i bpinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, éagumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, pé méid acu seo a leanas is lú—

(a) an méid a bheadh sa phinsean míchumais sin dá mba nár ritheadh Acht Méaduithe 1949, móide an tsuim iomchuí;

(b) an méid a bheadh iníoctha faoi na hAchta dá mba—

(i) gur hurscaoileadh an t-oifigeach as na fórsaí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus

(ii) gurb ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar dháta a urscaoilte iarbhír, agus

(iii) gurbh é an scála pinsin a bhí infheidhme an scála atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an Sceideal seo.

(3) Is é méid a bheas i bpinsean míchumais a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó dá éis, agus roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, ná an tsuim dob iníoctha dá mba é an scála pinsin dob infheidhme an scála atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an Sceideal seo.

2. Is é méid a bheas i bpinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, pé méid acu seo a leanas is lú—

(a) an méid a bheadh sa phinsean créachta sin dá mba nár ritheadh Acht Méaduithe 1949, móide an tsuim iomchuí;

(b) an méid dob iníoctha dá mba—

(i) gur hurscaoileadh an t-oifigeach as na fórsaí an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, agus

(ii) gurbh íonann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar dháta a urscaoilte iarbhír, agus

(iii) gurbh é an scála pinsin dob infheidhme an scála atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an Sceideal seo.

AN TAIBLE A GHABHAS LEIS AN TRIU SCEIDEAL.

An Grád Eagumais

Scála an Phinsin

100

60% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £170 sa bhliain, pé acu sin is mó.

90

54% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £158 sa bhliain, pé acu sin is mó.

80

48% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £144 sa bhliain, pé acu sin is mó.

70

42% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £126 sa bhliain, pé acu sin is mó.

60

36% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £108 sa bhliain, pé acu sin is mó.

50

30% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £90 sa bhliain, pé acu sin is mó.

40

24% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £72 sa bhliain, pé acu sin is mó.

30

18% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £54 sa bhliain, pé acu sin is mó.

20

12% den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte, nó suim £36 sa bhliain, pé acu sin is mó.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Ailt 20 (2) ; 22 (2) ; 23 (4) .

Scála athscrúdaithe na bpinsean a deonadh—

(a) faoi alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúirí ar a raibh éagumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse i rith na tréimhse Aibreán, 1922-Meán Fómhair, 1924,

(b) faoi alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh éagumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse (seachas seirbhís i rith tréimhse na héigeandála),

(c) faoi alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

An Chéim tráth an Urscaoilte as na Fórsaí

Grúpa

Ráta Pinsin in aghaidh na seachtaine do réir an ghráid Eagumais

100%

95%

90%

85%

80%

75%

70%

65%

60%

55%

50%

45%

40%

35%

45%

25%

20%

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d

Saighdiúir Singil     ...

I

39

0

37

1

35

2

33

2

31

3

29

3

27

3

25

4

23

5

21

5

19

6

17

7

15

8

13

8

11

9

9

9

7

9

Ceannaire     ...     ...

II

45

0

42

9

40

6

38

3

36

0

33

9

31

6

29

3

27

0

24

9

22

6

20

3

18

0

15

9

13

6

11

3

9

0

Sáirsint

Ceathrú-Shairsint

III

51

0

48

5

45

11

43

4

40

9

38

3

35

9

33

2

30

8

28

1

25

6

22

11

20

5

17

10

15

3

12

9

10

3

Complachta

Sáirsint Complachta

Ceathrú-Sháirsint

IV

57

0

54

2

51

3

48

5

45

8

42

9

39

11

37

1

34

3

31

5

28

6

25

8

22

9

19

11

17

2

14

3

11

5

Cathláin

Maor-Sháirsint     ...

V

61

2

59

0

56

8

53

6

50

5

47

2

44

0

40

11

37

9

34

8

31

6

28

4

25

2

22

0

18

11

15

8

12

6

AN CUIGIU SCEIDEAL

Méadú ar na Pinsin Chréachta agus Mhíchumais a Deonadh faoi alt 10 d'Acht 1932.

Alt 28.

Uimh. Thag.

Ráta an Phinsin in aghaidh na Bliana faoi láthair

Ráta an Phinssin Phósta in aghaidh na Seachtaine faoi láthair

Ráta Méadaithe an Phinsin in aghaidh na Bliana

Ráta Méadaithe an Phinsin Phósta in aghaidh na Seachtaine

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

1.

£180

0

0

11/3d.

£210

0

0

14/1d.

2.

£171

0

0

10/7d.

£199

10

0

13/3d.

3.

£162

0

0

10/-

£189

0

0

12/6d.

4.

£153

0

0

9/6d.

£178

10

0

11/11d

5.

£144

0

0

9/0d.

£170

0

0

11/3d.

6.

£129

7

6

8/4d.

£162

10

0

10/5d.

7.

£120

15

0

7/9d.

£155

0

0

9/8d.

8.

£112

2

6

7/3d.

£146

5

0

9/1d.

9.

£103

10

0

6/9d.

£135

0

0

8/5d.

10.

£94

17

6

6/1d.

£123

15

0

7/7d.

11.

£86

5

0

5/6d.

£112

10

0

6/11d.

12.

£74

5

0

5/-

£101

5

0

6/3d.

13.

£66

0

0

4/6d.

£90

0

0

5/8d.

14.

£57

15

0

3/10d.

£78

15

0

4/10d.

15.

£49

10

0

3/3d.

£67

10

0

4/1d.

16.

£41

5

0

2/9d.

£56

5

0

3/5d.

17.

£33

0

0

2/3d.

£45

0

0

2/10d.

AN SEU SCEIDEAL.

Rátaí Athscrúdaithe na bPinsean faoi Chuid VI d'Acht 1937.

Alt 31

An Grád Eagumais

An Pinsean

(1)

(2)

faoin gcéad

in aghaidh na bliana

100

£150

90

£135

80

£120

70

£105

60

£90

50

£75

40

£60

30

£45

20

£30