|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 19 de 1953. | ||
[EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1953. | |
[An tiontó oifigiúil]. | ||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA n ACHT FORBARTHA MÓNA, 1946 AGUS 1950. [7ú Iúil, 1953.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Forbartha Móna, 1950 (Uimhir 23 de 1950) ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire”an tAire Tionscail agus Tráchtála ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Forbartha Móna, 1946 (Uimh. 10 de 1946) ; | |
[EN] | folaíonn “sochair aoisliúntais,” nuair a húsáidtear é maidir le scéim aoisliúntais, pinsin, liúntais agus aiscí. | |
[EN] |
Airleacain chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste. |
2. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) (a cuireadh isteach ann le halt 3 d'Acht 1950) : |
[EN] | “(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná ceithre mhilliún déag punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.” | |
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo alt 3 d'Acht 1950. | |
[EN] |
Deontais don Bhord i leith costas scéimeanna tithe d'fhostaithe. |
3. —Déantar leis seo alt 6 d'Acht 1950 a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) : |
[EN] | “(2) Beidh na deontais a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo faoi réir na dtórann seo a leanas : | |
[EN] | (a) ní mó ná ceithre chéad agus fiche míle punt a n-iomlán, | |
[EN] | (b) ní mó ná cúig chéad agus seachtó punt an deontas i leith aon tí áirithe.” | |
[EN] |
Conradh seirbhíse idir an tAire agus stiúrthóir bainistí an Bhoird. |
4. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 9 den Phríomh-Acht, féadfar luach saothair, tréimhse oifige (nach mbeidh níos sia ná cúig bliana) agus téarmaí ceapacháin stiúrthóra bhainistí an Bhoird a shocrú le conradh a dhéanfas an tAire leis, le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus le haontú an Rialtais. |
[EN] | (2) Fad a bheas conradh faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm— | |
[EN] | (a) ní bhainfidh alt 10 den Phríomh-Acht le hoifig an stiúrthóra bhainistí, | |
[EN] | (b) féadfaidh an Rialtas an stiúrthóir bainistí a chur as oifig mar gheall ar mhí-iompar nó éagumas a sonrófar, agus leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas i scríbhinn á insint gur cuireadh as oifig amhlaidh é agus ag lua na bhfáth a bhí leis. | |
[EN] |
Scéim aoisliúntais do chomhaltaí. |
5. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh chun sochair aoisliúntais d'íoc, faoi réir pé coinníollacha agus tóranta a hordófar sa scéim, le comhaltaí lán-aimsire den Bhord, ar scor dóibh, agus féadfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim den tsórt sin a leasú. |
[EN] | (2) Féadfaidh scéim faoin alt seo socrú a dhéanamh le haghaidh córach réitithe aon díospóide a tharlós maidir le héileamh duine ar bith chun aon tsochair, nó maidir le méid aon tsochair, is iníoctha de bhun na scéime sin. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an Bord scéim faoin alt seo a chur i gcrích do réir a téarmaí. | |
[EN] | (4) Gach scéim a déanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
[EN] |
Scéimeanna aoisliúntais d'fhostaithe. |
6. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Bord agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéimeanna chun sochair aoisliúntais d'íoc, faoi réir pé coinníollacha agus tóranta a hordófar sna scéimeanna, le daoine ar buan-fhostaíocht ag an mBord, ar scor dóibh, agus féadfaidh sé scéimeanna éagsúla d'ullmhú le haghaidh aicmí éagsúla de dhaoine den tsórt sin. |
[EN] | (2) Déanfar socrú ina dtaobh seo a leanas i scéim faoin alt seo— | |
[EN] | (a) bunú ciste aoisliúntais as a n-íocfar sochair aoisliúntais, | |
[EN] | (b) daoine lena mbaineann an scéim d'íoc ranníocaíocht leis an gciste, agus an Bord do dhéanamh íocaíocht leis an gciste is ionann agus iomlán na ranníocaíocht sin, | |
[EN] | (c) an Bord d'íoc costais riartha na scéime agus costais bhainistí an chiste, | |
[EN] | (d) dílsiú an chiste sin in iontaobhaithe agus ceapadh na n-iontaobhaithe sin ó am go ham do réir mar is gá, | |
[EN] | (e) riaradh agus infheistiú an chiste sin agus iniúchadh a chuntas, agus | |
[EN] | (f) cóir réitithe aon díospóide a tharlós maidir le ceart aon fhostaí chun é a ligean isteach ina chomhalta den scéim sin, maidir le héileamh duine ar bith chun aon tsochair, nó maidir le méid aon tsochair, is iníoctha faoin scéim sin. | |
[EN] | (3) Ceapfaidh scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadós sé faoin alt seo an tráth scortha agus na coinníollacha scortha do gach duine a mbeidh sochair aoisliúntais faoin scéim iníoctha leis ar scor dó, agus féadfar trátha agus coinníollacha éagsúla a cheapadh d'aicmí éagsúla daoine. | |
[EN] | (4) Nuair a bheas scéim ullamh ag an mBord faoin alt seo, déanfaidh an Bord, sara gcuirfidh sé an scéim sin faoi bhraid an Aire— | |
[EN] | (a) fógra d'fhoilsiú i pé slí is cuí leis an mBord á chur in iúl gur hullmhaíodh an scéim sin, agus | |
[EN] | (b) cóip den scéim sin a chur ar fáil ar feadh lae agus fiche chun a hiniúchta ag daoine lena mbainfidh sí, agus | |
[EN] | (c) na huiríolla uile a ghlacadh agus a bhreithniú a chuirfeas aon daoine den tsórt sin faoi bhráid an Bhoird, nó a cuirfear faoi bhráid an Bhoird thar a gceann, i rith na tréimhse sin, agus | |
[EN] | (d) pé athruithe a chur ar an scéim sin a mheasfas an Bord is gá nó is inmholta ag féachaint do na huiríolla a cuireadh faoi bhráid an Bhoird amhlaidh. | |
[EN] | (5) Cuirfidh an Bord i gcrích do réir a téarmaí scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le ceadú an Aire, scéim faoin alt seo a leasú, agus beidh feidhm ag ceanglais fo-ailt (4) agus fo-ailt (5) den alt seo maidir le haon scéim leasaitheach den tsórt sin. | |
[EN] | (7) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadós sé faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoi na bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
[EN] | (8) Aon chiste aoisliúntais a bunófar faoin alt seo measfar é a bheith bunaithe faoi iontaobhas do-chúlghairmthe. | |
[EN] |
Iasachta don Bhord as an gciste aoisliúntais. |
7. —Féadfaidh iontaobhaithe ciste aoisliúntais a bunófar faoi alt 6 den Acht seo pé airgead is cuí leis na hiontaobhaithe agus leis an mBord a thabhairt ar iasacht don Bhord ó am go ham as an gciste sin, agus féadfaidh an Bord é a thógaint ar iasacht ó na hiontaobhaithe sin chun críocha a chuid feidhmeanna agus chun na gcríocha sin amháin, agus beidh iasachta ar bith a bhéarfar amhlaidh faoi réir pé coinníollacha, maidir le hús d'íoc, maidir le haisíoc agus eile, ar a gcomhaontóidh na hiontaobhaithe agus an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais, sara dtabharfar aon airgead den tsórt sin ar iasacht amhlaidh. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
8. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1953 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar na h Achta Forbartha Móna, 1946 agus 1950, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na h Achta Forbartha Móna, 1946 go 1953, a ghairm díobh le chéile. |