27 1952


Uimhir 27 de 1952.


AN tACHT PINSEAN, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PINSEAN D'ÍOC LE BAINTREACH MHICHÍL UÍ CHEALLACHÁIN AGUS LE BAINTREACH SHEOIRSE MHIC FHLANNCHADHA AGUS CHUN AISCE D'ÍOC LE hINÍN LE TOMÁS MAC CURTÁIN. [17ú Nollaig, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

An tAire.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Cosanta.

Pinsean do bhaintreach Mhichíl Uí Cheallacháin.

2. —Íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le Caitlín Bean Uí Cheallacháin, baintreach Mhichíl Uí Cheallacháin, ba Mhéara ar Luimneach tráth, pinsean bliantúil de chúig chéad punt ar feadh a saoil.

Pinsean do bhaintreach Sheoirse Mhic Fhlannchadha.

3. —Íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le Máire Bean Mhic Fhlannchadha, baintreach Sheoirse Mhic Fhlannchadha, ba Mhéara ar Luimneach tráth, pinsean bliantúil de chúig chéad punt ar feadh a saoil.

Aisce d'inin le Tomás Mac Curtáin.

4. —Íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le Síle Nic Curtáin, inion le Tomás Mac Curtain, ba Ard-Mhéara ar Chorcaigh tráth, aisce de chúig chéad punt

Tosach feidhme agus íocaíochtaí.

5. —(1) Measfar pinsean faoin Acht seo a thosnú an lú lá d'Aibreán, 1952, agus íocfar, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, an méid a bheas faibhrithe air i leith na tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1952, agus dár críoch dáta an Achta seo a rith.

(2) Íocfar go míosúil i riaráiste suim ar bith a fhaibhreos chun bheith dlite i leith pinsin tar éis dáta an Achta seo a rith.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht Pinsean, 1952 , a ghairm den Acht seo.