16 1952


Uimhir 16 de 1952.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSAITHE MAIDIR LE TITHE, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (FORÁLA AIRGEADAIS AGUS FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1950, ACHT TITHE AN LUCHT OIBRE, 1890 GO 1950, ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1950, AGUS NA nACHT UM THITHE BEAGA CÓNAITHE d'FHÁIL, 1899 GO 1950, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.    [22ú Iúil, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1950, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1950, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1950, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1952, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.

Minithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1932” Acht na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) ;

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950) ;

ciallaíonn “feirmeoir” duine a gheibheann a shlí bheatha ar fad nó go formhór as an talmhaíocht ;

ciallaíonn “údarás tithe”—

(a)  i  gcás ceantair shláinte chontae, comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin ;

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin ; agus

(c)  i  gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin ;

ciallaíonn “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1950, arna leasú leis an Acht seo ;

ciallaíonn “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1950, arna leasú leis an Acht seo ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil ;

ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas arna thabhairt, an 29ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis, faoi alt 16 d'Acht 1948 nó faoi alt 6 d'Acht 1950, arna leasú leis an Acht seo, nó faoi alt 7 den Acht seo nó faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 ( Uimh. 41 de 1929 ), arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (agus is deontas feabhsúcháin), nó deontas arna thabhairt go hiomlán nó go páirteach, tar éis an lú lá de Lúnasa, 1950, faoin alt sin 3 (agus is deontas tógála), agus, chun críocha an mhínithe seo, measfar deontas (seachas deontas tógála faoin alt sin 3) a thabhairt ar an dáta a híocadh an chéad tráthchuid de.

Rialacháin.

3. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

Caitheachais.

4. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal.

CUID II.

Forala Airgeadais.

Ailt 16, 19 agus 20 d'Acht 1948 agus alt 6 d'Acht 1950 do leanúint i bhfeidhm.

6. —Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1952, atá (de bhuaidh ailt 1 d'Acht na dTithe (Leasú), 1949 (Uimh. 23 de 1949) ) i bhfo-alt (1) d'alt 16, i bhfo-alt (2) d'alt 19 agus i bhfo-alt (1) d'alt 20 d'Acht 1948, agus an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1952, atá i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1950, d'fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1954.

Deontas chun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná £50 a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a dhéanfas soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe más rud é—

(a) go bhfuil an teach cónaithe i límistéir nach bhfuil, ar dháta an iarratais ar an deontas, aon tsoláthar poiblí uisce píopaí ná aon scéim séarachais ar fáil ná á chur ar fáil ann, agus

(b) go dtosnófar an 29ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis, ar an soláthar uisce agus na saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach agus go gcríochnófar sin ar an lú lá d'Aibreán, 1954, nó roimhe sin, agus go gcomhlíonfar ina leith na coinníollacha a bheas leagtha amach sna rialacháin sin.

(2) Nuair a bhéarfas an tAire deontas faoin alt seo i leith soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe, ní déanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach sin é nó ar cuid de an teach sin a mhéadú, i gcás aon luacháil nó athscrúdú luachála air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an cur ar fáil agus an cur isteach sin a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim an soláthar uisce agus na saoráidí séarachais sin a chur ar fáil agus a chur isteach ann.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 6 d'Acht 1950 maidir le deontas faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Toirmeasc ar dheontais i gcásanna áirithe.

8. —Ní tabharfar deontas (seachas deontas chun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe) faoi alt 9, 10 ná 11 den Acht seo i leith tí a mbeidh deontas ina leith á thabhairt nó tugtha faoi alt 7 d'Acht 1950.

Deontais d'fheirmeoirí ó údarás tithe.

9. —(1) Féadfaidh údarás tithe deontas a thabhairt, d'fheirmeoir nó i leith feirmeora i leith tí dá dtabharfar deontas iomchuí, de mhéid is comhionann—

(i) mura mó ná £12 10s. 0d. an luacháil inrátuithe, le 100 faoin gcéad den deontas iomchuí,

(ii) más mó ná £12 10s. 0d. ach nach mó ná £20 an luacháil inrátuithe, le 66⅔ faoin gcéad den deontas iomchuí,

(iii) más mó ná £20 ach nach mó ná £27 10s. 0d. an luacháil inrátuithe, le 50 faoin gcéad den deontas tiomchuí, nó

(iv) más mó ná £27 10s. 0d. ach nach mó ná £35 an luacháil inrátuithe, le 331/3 faoin gcéad den deontas iomchuí.

(2) San alt seo ciallaíonn “an luacháil inrátuithe” an luacháil inrátuithe, nó comhshuim na luachál inrátuithe, ar aon talamh nó foirgintí atá ar áitiú ag feirmeoir, a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosnú ar an tógáil, an t-athfhoirgniú, an ceannach, an feabhsú nó an méadú ar ina leith a bhéarfar an deontas iomchuí.

Deontais ó údarás tithe do dhaoine den aicme ísealioncaim.

10. —(1) Féadfaidh údarás tithe deontas a thabhairt, do dhuine nó i leith dhuine (seachas feirmeoir) i leith tí dá dtabharfar deontas iomchuí, de mhéid is comhionann—

(i) mura mó ná £208 ioncam a theaghlaigh, le 100 faoin gcéad den deontas iomchuí.

(ii) más mó ná £208 ach nach mó ná £312 ioncam a theaglaigh, le 66⅔ faoin gcéad den deontas iomchuí,

(iii) más mó ná £312 ach nach mó ná £365 ioncam a theaghlaigh, le 50 faoin gcéad den deontas iomchuí, nó

(iv) más mó ná £365 ach nach mó ná £416 ioncam a theaghlaigh, le 331/3 faoin gcéad den deontas iomchuí.

(2) Nuair a beifear ag ríomh ioncam teaglaigh dhuine a iarrfas deontas faoin alt seo i leith tí, áireofar ann an t-ioncam a fuair an duine sin i gcaitheamh na bliana dár críoch dáta an iarratais sin agus fós gach duine de theaglach an duine sin a chónaigh leis i gcaitheamh na bliana sin agus a bhfuil sé réasúnach bheith ag súil go gcónóidh sé leis sa tigh.

Deontais ó údarás tithe do dhaoine nach daoine den aicme ísealioncaim.

11. —Féadfaidh údarás tithe deontas de mhéid is comhionann le 50 faoin gcéad den deontas iomchuí a thabhairt do dhuine nó i leith duine (seachas feirmeoir nó duine dá dtabharfar deontas faoi alt 10 den Acht seo) i leith tí dá dtabharfar deontas iomchuí, más rud é

(a) go mbeidh sé, ar dháta a iarratais ar dheontas faoin alt seo, ina áititheoir, faoi thionóntacht mhíosa nó tionóntacht níos lú, ar theaghas a chuir an t-údarás tithe nó coimisinéirí baile ar fáil, nó

(b) go nglacfaidh an t-údarás leis mar dhuine atá inroghnuithe mar thionónta teaghais a bheas curtha ar fáil, ar shlí seachas de bhuaidh ailt 31 nó ailt 35 den Acht seo, ag údarás tithe faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó faoi Achta na Sclábhaithe.

Cumhachta chun iasacht d'fháil.

12. —Chun críocha alt 9, 10 agus 11 den Acht seo, beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun iasacht d'fháil atá ag an údarás sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe.

Leasú ar fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932.

13. —(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1950, atá (de bhuaidh fo-alt (1) agus (2) d'alt 22 d'Acht 1948) i mír (j) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 d'fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1954.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus measfar go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1950, agus ón lá sin amach.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1932.

14. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1932, arna leasú, a leasú tuilleadh tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-mhíre (i) de mhír (a) :—

“(i) nach mó ná seasca a sé agus dhá dtrian faoin gcéad de na muirir bhliantúla iasachta sin, má bhíonn an tAire sásta go bhfuil na tithe sin á n-úsáid i gcóir daoine a heasáitíodh de dheasca na teaghais a bhí acu a thitim nó a dhíthiú nó de dheasca aon oibríochtaí ag an údarás áitiúil sin faoi na hAchta sin nó faoi ailt 75 go 78 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, arna gcorprú in aon achtachán, faoi alt 20 den Dublin Improvement Acts Amendment Act, 1864, nó faoi Chuid II den Dublin Corporation Act, 1890, nó go bhfuilid á n-úsáid i gcóir daoine atá i gcall athchóiríochta cónaithe ar chúiseanna sláinte, nó cúiseanna atruacha nó cúiseanna eile dá samhail sin mura bhféadfaí mar gheall ar dhála na ndaoine deiridh sin athchóiríocht chónaithe a chur ar fáil dóibh amhlaidh dá éagmais sin.”

(2) An méid d'fho-alt (4) d'alt 6 d'Acht 1932 a chuireas tórainn le méid na muirear bliantúla iasachta, ní bheidh feidhm aige maidir le hArd-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath ná le hArd-Mhéara, Seanóiri agus Buirgéisigh Chorcaighe.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo agus measfar go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach.

Méadú ar achar urláir tithe athfhoirgnithe.

15. —Féadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoi alt 16 d'Acht 1948 do dhuine ar bith a athfhoirgneos teach atá ar áitiú ag an duine sin féin d'ainneoin achar urláir an tí sin a bheith níos mó ná 1,400 troigh cearnach agus forléireofar mír (b) d'fho-alt (1) den alt sin 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Leasú ar alt 19 d'Acht 1948.

16. —Déantar leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 19 d'Acht 1948 a leasú, le héifeacht ó dháta an Achta sin a rith, trí na focail “laistigh de 15 bliana ó dháta an ghealltanais” a chur isteach díreach i ndiaidh na bhfocal “nach ndíolfaidh sé an teach.”

Achomharc chun an Aire.

17. —Má bhíonn duine míshásta le deontas a thug údarás tithe dhó (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoi alt 19 d'Acht 1948, féadfaidh an duine fíorais an cháis a thuairisciú don Aire agus féadfaidh an tAire, más deimhin leis cúis mhaith mhíshásaimh a bheith ag an duine, a threorú don údarás aon deontas a thabhairt don duine sin a mheasfas an tAire a bheith ceart agus d'fhéadfadh an t-údarás a thabhairt faoin alt sin agus déanfaidh an t-údarás do réir na treorach.

Leasú ar alt 45 d'Acht 1948.

18. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1948 trí “Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952” a chur in ionad “alt 16, 19 nó 20 den Acht seo”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948.

19. —(1) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948, arna leasú, a leasú tuilleadh—

(a) trí “oibrí talmhaíochta a athfhoirgneos teach atá ar áitiú aige féin i dtuath-límistéir, nó duine ar bith eile a gheibheann a shlí bheatha ar fad nó go formhór as an talmhaíocht agus a bhfuil talamh ar áitiú aige nach mó ná £50 a luacháil inrátuithe, nó comhshuim a luachál inrátuithe, a athfhoirgneos teach atá ar áitiú aige féin” a chur sa chéad cholún in ionad “sclábhaí talmhaíochta nó duine ar bith eile a gheibheann a shlí bheatha ar fad nó go formhór as an talmhaíocht agus a bhfuil talamh agus tithe ar áitiú aige nach mó ná £50 a luacháil inratuithe nó comhshuim a luachál inrátuithe, a athfhoirgneos teach atá ar áitiú aige féin”; agus

(b) trí “100” a chur in ionad “80” sa dara colún agus sa tríú colún faoi seach faoin tagairt do 4 seomraí agus trí “120” a chur in ionad “80” sna colúin sin faoin tagairt do 5 seomraí nó níos mó.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus measfar go raibh éifeacht aige amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, ach ní dhéanfaidh an leasú a déantar leis an alt seo difir d'aon deontas faoi alt 16 d'Acht 1948 i gcás inar dáileadh agus inar fógraíodh an deontas don iarratasóir faoin alt sin 16 roimh an dáta sin agus inar tosnaíodh ar an athfhoirgniú roimh an dáta sin.

Tórainn le méid deontas áirithe.

20. —Ní bheidh deontas faoi alt 7 den Acht seo i dteannta deontais faoi alt 16 d'Acht 1948 i leith teach a thógáil ná deontas faoin alt sin 7 i dteannta deontais faoi alt 6 d'Acht 1950 níos mó, sa chéad chás, ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948 ná níos mó, sa dara cás, ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1950.

Alt 7 d'Acht 1950 d'athghairm.

21. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1950.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo agus measfar go raibh éifeacht aige amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, ach ní dhéanfaidh athghairm an fho-ailt sin difir do dheontas faoi alt 7 d'Acht 1950 i leith tí i gcás—

(a) más deontas i leith teach a thógáil an deontas, tógáil an tí a bheith tosnaithe roimh an dáta sin, nó

(b) más deontas i leith teach a cheannach an deontas, an conradh chun an teach a cheannach a bheith déanta roimh an dáta sin, agus

(c) an t-údarás tithe a bheith tar éis glacadh go cuí le scéim faoi alt 7 d'Acht 1950 roimh an lú lá d'Aibreán, 1952, agus

(d) an deontas a thabhairt faoi réim agus do réir an ailt sin 7.

(3) Má bhíonn duine míshásta—

(a) mar gheall ar údarás tithe do dhiúltú nó do mhainniú deontas a thabhairt, nó

(b) mar gheall ar mhéid aon deontais,

d'fhéadfaí a thabhairt, nó a tugadh, de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, faoi alt 7 d'Acht 1950, féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh chun an Aire agus féadfaidh an tAire a threorú don údarás aon deontas a thabhairt don duine sin a mheasfas an tAire a bheith ceart agus d'fhéadfadh an t-údarás a thabhairt faoin alt sin agus déanfaidh an t-údarás do réir na treorach.

(4) Scoirfidh fo-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1950 d'éifeacht a bheith aige amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus ón lá sin amach.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1950.

22. —Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1950—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2)—

“(2) ní bhaineann an t-alt seo le duine atá cáilithe faoi alt 16 d'Acht 1948 chun deontas d'fháil chun teach atá ar áitiú aige féin d'athfhoirgniú.”

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (4)—

“(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (4), (6), (7) agus (8) d'alt 5 d'Acht 1937, arna leasú, maidir le deontais faoin alt seo amhail is dá mba dheontais faoin alt sin 5 na deontais sin, agus, chun críocha an ailt seo, beidh ag comhairle chontae na cumhachta céanna a bheirtear d'údarás uirbeach an bhfo-alt sin (7).”

Leasú ar alt 9 d'Acht 1950.

23. —(1) Déanfar an tórainn chúig bliana déag i bhfo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1950 d'fhorléiriú mar dheich mbliana nuair is cuid d'athdhoirgniú an tí ceann slinne nó tíleacha a chur in ionad ceann tuí.

(2) D'ainneoin fo-ailt (3) d'alt 9 d'Acht 1950, ní háireofar soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach mar chuid de na hoibreacha is gá chun cóiríocht bhreise a chur ar fáil i dtigh má tugadh deontas faoi alt 7 den Acht seo i leith an tí.

Deontais ón Aire d'údarás tithe i leith tithe áirithe.

24. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1950 a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'údarás tithe a bheas ag tógáil tí de bhuaidh ailt 31 nó ailt 35 den Acht seo, más rud é—

(a) go gcríochnófar an tógáil ar an lú lá d'Aibreán, 1954, nó roimhe sin, agus

(b) go mbeidh an teach do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932, arna leasú.

(2) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtabharfar nó ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán eile.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Deontais ón Aire d'ainneoin gan iarratasóir do chomhlíonadh reachta nó ionstraime reachtúla.

25. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt faoi alt 16 d'Acht 1948 nó alt 8 d'Acht 1950 nó alt 9 d'Acht 1950 nó alt 7 den Acht seo d'ainneoin ceanglas reachta nó ionstraime reachtúla a bheith gan comhlíonadh maidir leis an deontas má bhíonn deimhniú formheasta i leith an tí iomchuí tugtha ag oifigeach don Aire agus gur deimhin leis an Aire gur de mheon mhacánta a chuaigh iarratasóir an deontais i mbun an tí sin a thógáil nó d'athfhoirgniú i mbun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach sa tigh sin ar an deimhniú sin d'fháil dó.

CUID III.

Rialu Aitreabh Airithe.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1948.

26. —Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1948 trí “nach bhfuil thar dhá sheomra iontu agus” a scrios.

Fo-dhlithe maidir le tithe áirithe.

27. —A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith, feidhmeoidh údarás tithe (seachas comhairle chontae) agus coimisinéirí baile na cumhachta a bheirtear dóibh, maidir le fo-dhlithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm, halt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, agus le halt 15 d'Acht 1948, arna leasú leis an Acht seo.

CUID IV.

Tithe Don Lucht Oibre.

Leasú ar alt 29 d'Acht 1948.

28. —(1) Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1948 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-ailt 2 :—

“(2) Forálfaidh rialacháin faoin alt seo go ndéanfar, nuair a beifear ag ligean tithe, aird a thabhairt ar charachtar, tionsclacht, slí bheatha, agus cúrsaí teaghlaigh na n-iarratasóirí agus ar an gcóir chónaithe atá acu agus, faoina réir sin, déanfar, nuair a beifear ag ligean tithe seachas tithe forcoimeádta, an chéad rogha, nuair is féidir sin, ar dhaoine a heasáitíodh as tithe forcoimeádta, agus an dara rogha, nuair is féidir sin, ar dhaoine a bhfuil teaghlach acu agus iad—

(i) ina gcónaí plódaithe agus an eitinn ar dhuine nó ar dhaoine den teaghlach ;

(ii) ina gcónaí i dteaghais aon-tseomra agus an eitinn ar dhuine nó ar dhaoine den teaghlach nó dhá bhliain déag d'aois a bheith slán ag duine nó ag daoine den teaghlach (seachas na tuismitheoirí) ; nó

(iii) ina gcónaí i dteaghas a daoradh mar theaghas atá neamhoiriúnach chun daoine do chónaí ann.

(3) In aon chás ina ndéanfaidh údarás tithe agus coimisinéirí baile tithe a ligean faoin alt seo le teaghlaigh a bhfuil cónaí plódaithe orthu, measfar, chun críocha ailt 6 d'Acht 1932, gur oibríochta údaráis áitiúil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre an ligean sin.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar plódú a bheith ann más amhlaidh atá an scéal uair ar bith maidir leis an méid daoine a chodlaíos de ghnáth i dtigh atá beartaithe chun a áitithe nó atá á áitiú ag daoine den lucht oibre, agus maidir leis an méid seomraí sa tigh—

(a) go gcaithfidh aon bheirt de na daoine sin, is daoine atá dhá bhliain déag d'aois nó níos mó agus nach den aon-ghnéas agus nach daoine a chónaíos le chéile mar fhear céile agus bean chéile, codladh san aon-tseomra ; nó

(b) go bhfuil an t-aerspás saor, in aon tseomra a húsáidtear mar sheomra codlata, do dhuine ar bith níos lú ná ceithre chéad troigh chiúbach (á ghlacadh, chun an t-aerspás saor a ríomh, gur ocht dtroithe d'airde atá sa tseomra má tá níos mó ná ocht dtroithe d'airde ann).”

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 29 d'Acht 1948, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, maidir le tithe a cuirfear ar fáil de bhuaidh ailt 31 den Acht seo.

Talamh a thógaint.

29. —Na cumhachta atá ag údarás tithe agus ag coimisinéirí baile chun talamh a thógaint chun críocha Coda III den Housing of the Working Classes Act, 1890 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo), measfar go bhfuil, agus go raibh riamh, ar áireamh iontu cumhacht chun talamh a thógaint lasmuigh dá límistéir feidhme le toiliú an údaráis tithe a bhfuil an talamh sin laistigh dá límistéir, agus scoirfidh alt 7 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908, d'éifeacht a bheith aige.

Forléiriú Acht Tithe an Lucht Oibre.

30. —Déanfar Achta Tithe an Lucht Oibre d'fhorléiriú faoi réir pé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'alt 23 d'Acht 1950.

Leasú ar an Housing (Ireland) Act, 1919.

31. —(1) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, arna leasú, a leasú tuilleadh trí na míreanna seo a leanas a chur leis :—

“ (iv) the erection of houses and the lease or sale of same under the powers conferred by this Act to persons irrespective of whether they are or are not members of the working classes ;

 (v) the development of the land or part thereof for building purposes ;

 (vi) the lease or sale under the powers conferred by this Act of the land or part thereof to public utility societies and to persons irrespective of whether they are or are not members of the working classes, for the purpose and on the condition that such societies and persons shall erect and maintain thereon such number of houses as may be fixed by the authority and in accordance with plans approved by the authority.”

(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, arna leasú, a leasú tuilleadh—

(I) trí na focail seo a leanas a chur le mír (a) : “and carry out such other works as may be necessary for or incidental to the development of the land for building purposes” ;

(II) tríd an mír seo a leanas a chur leis :—

“(e)  with the like consent, sell or lease the land or part thereof to any peson for the purpose and on the condition that such person shall erect and maintain thereon such number of houses as may be fixed by the authority and in accordance with plans approved by the authority.”

(3) Má rinne údarás tithe aon talamh a thógaint, a dhíol nó a léasú roimh an Acht seo a rith agus go mbeadh sin bailí dá mba de bhuaidh ailt 8 nó 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, arna leasú leis an alt seo, a déanfaí é, beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, déanta go bailí faoi Achta Tithe an Lucht Oibre.

Cinneadh a rinneadh faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 277), 1943, do leanúint i bhfeidhm.

32. —I gcás ina ndearna údarás tithe cinneadh faoi Airteagal 3 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 277), 1943 (R. & O. R., Uimh. 184 de 1943), maidir le tigh cónaithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) d'ainneoin an tOrdú sin a chúlghairm, leanfaidh an cinneadh sin a bhfeidhm nó go gcúlghairmfidh an t-údarás tithe é ;

(b) fad a leanfas an cinneadh sin i bhfeidhm—

(i) measfar an teach cónaithe a bheith tógtha chuige ag an údarás tithe chun críocha Coda III den Housing of the Working Classes Act, 1890, agus

(ii) beidh na ceanglais ar fionraí a cuireadh ar an údarás tithe le Cuid II d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , maidir le fágáil agus leagadh an tí chónaithe ;

(c) ní thabharfaidh fo-mhír (i) de mhír (b) den alt seo aon chumhacht chun an teach cónaithe iomchuí a dhíol.

CUID V.

Iostain Sclabhaithe.

Leathnú ar alt 5 d'Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937.

33. —(1) Beidh ag comhairle chontae maidir lena límistéir feidhme na cumhachta céanna a bheirtear d'údarás uirbeach le halt 5 d'Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937 (Uimh. 42 de 1937) , arna leasú, agus measfar gur críocha a bhféadfaidh comhairle chontae airgead d'fháil ar iasacht chucu faoi alt 37 d'Acht 1948 críocha an ailt sin, agus forléireofar an t-alt sin 5 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) I gcás fógra a bheith seirbheáilte, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi alt 19 d' Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , ag údarás tithe ar dhuine a bhfuil teach faoina urláimh agus an t-údarás a bheith, de bhun ailt 20 den Acht sin, tar éis na hoibreacha a dhéanamh a sonraíodh sa bhfógra sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nach mó ná pé suim acu seo a leanas is lú a thabhairt, as airgead sholáthrós an tOireachtas, don údarás sin, is é sin le rá :—

(a) £80 i leith gach teaghais ar leithligh is cuid den tigh sin tar éis na hoibreacha sin a dhéanamh,

(b) trian de chostas na n-oibreacha sin.

(3) Nuair a bheas na caitheachais faoina ndeachaigh údarás tithe faoi alt 20 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931, á ríomh, bainfidh an t-údarás astu méid aon deontais a híocadh, leis an údarás faoi fho-alt (2) den alt seo.

Leasú ar alt 35 d'Acht 1948.

34. —(1) Leasaítear leis seo alt 35 d'Acht 1948 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) :—

“(2) Forálfaidh rialacháin faoin alt seo go ndéanfar, nuair a beifear ag ligean iostán, aird a thabhairt ar charachtar, tionsclacht, slí bheatha, agus cúrsaí teaghlaigh na n-iarratasóirí agus ar an gcóir chónaithe atá acu, agus, faoina réir sin, déanfar an chéad rogha, nuair is féidir sin, ar iarratasóirí—

(a) is daoine a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar tuarastal ar thalamh dhuine éigin eile agus arb é an obair sin a bpríomhshlí mharthana,

(b) is fir a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh gaolta lena gcónaíd, nó

(c) aoirí,

agus déanfar an dara rogha, nuair is féidir sin, ar iarratasóirí a bhfuil teaghlach acu agus iad—

(i) ina gcónaí plódaithe agus an eitinn ar dhuine nó ar dhaoine den teaghlach ;

(ii) ina gcónaí i dteaghais aon-tseomra agus an eitinn dhuine nó ar dhaoine den teaghlach nó dhá bhliain déag d'aois a bheith slán ag duine nó ag daoine den teaghlach (seachas na tuismitheoirí) ; nó

(iii) ina gcónaí i dteaghas a daoradh mar theaghas atá neamhoiriúnach chun daoine do chónaí ann.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar plódú a bheith ann más amhlaidh atá an scéal uair ar bith maidir leis an méid daoine a chodlaíos de ghnáth in iostán atá beartaithe chun a áitithe nó atá á áitiú ag daoine den lucht oibre nó ag sclábhaithe talmhaíochta, agus maidir leis an méid seomraí san iostán—

(a) go gcaithfidh aon bheirt de na daoine sin, is daoine atá dhá bhliain déag d'aois nó níos mó agus nach den aon-ghnéas agus nach daoine a chónaíos le chéile mar fhear céile agus bean chéile, codladh san aon-tseomra ; nó

(b) go bhfuil an t-aerspás saor, in aon tseomra a húsáidtear mar sheomra codlata, do dhuine ar bith níos lú ná ceithre chéad troigh chiúbach (á ghlacadh, chun an an t-aerspás saor a ríomh, gur ocht dtroithe d'airde atá sa tseomra má tá níos mó ná ocht dtroithe d'airde ann).

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 35 d'Acht 1948, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, maidir le tithe a cuirfear ar fáil de bhuaidh ailt 35 den Acht seo.

Críocha breise chun a bhféadfar talamh a thógaint faoi Achta na Sclábhaithe.

35. —(1) Féadfaidh údarás tithe, agus é ag forghníomhú Acht na Sclábhaithe, talamh a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeantach faoi na cumhachta a bheirtear leis na hAchta sin chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas :—

(a) sráideanna nó bóithre poiblí agus spásanna oscailte a leagan amach agus a dhéanamh ar an talamh agus pé oibreacha eile a dhéanamh is gá chun an talamh d'fhorbairt, nó i ndáil lena forbairt, chun críocha foirgníochta ;

(b) tithe a thógáil agus iad a dhíol nó a léasú le daoine, pé acu sclábhaithe talmhaíochta iad nó nach ea ;

(c) an talamh nó cuid de a dhíol nó a léasú le cumainn fóntais phoiblí agus le daoine den tsórt sin chun go ndéanfaidh, agus ar an gcoinníoll go ndéanfaidh, na cumainn agus na daoine sin pé méid tithe a shocrós an t-údarás tithe a thógáil agus a chothabháil air do réir pleananna a cheadós an t-údarás.

(2) Féadfaidh údarás tithe talamh nó tithe a dhíol nó a léasú faoin alt seo le toiliú an Aire agus déanfar an t-airgead caipitil go léir a gheofar i leith aon idirbhirt faoin alt seo d'úsáid chun nó i leith talamh eile a cheannach chun críocha Acht na Sclábhaithe nó, le toiliú an Aire, chun aon chríche, lena n-áirítear aisíoc airgid iasachta, chun a bhféadfar airgead caiptil d'úsáid go cuí.

(3) Má rinne údaras tithe aon talamh a thógaint, a dhíol nó a léasú roimh an Acht seo a rith agus go mbeadh sin bailí dá mba de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo a déanfaí é, beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, déanta go bailí faoi Achta na Sclábhaithe.

(4) Ní bheidh feidhm, maidir le tithe a thógfas údarás tithe de bhuaidh míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ag na forála d'Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) , a bhaineas le ceannach iostán.

CUID VI.

Teaghais Bheaga a Thogaint.

An t-airleacan uasta faoi alt 1 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899.

36. —Is é an t-airleacan uasta, faoi alt 1 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899, i leith tí ar bith—

(a) i gcás an teach a bheith i gcontae Bhaile Atha Cliath nó i dtoghroinn cheantair Naomh Muire, Bhaile an Easpaig, Bhaile Mhachain, nó Dhubhglaise i gContae Chorcaighe nó é a bheith i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó Chorcaighe nó i mbuirg Dhún Laoghaire —míle agus ocht gcéad punt, agus

(b) in aon chás eile—míle agus sé chéad punt.

AN SCEIDEAL.

Alt 5.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 19 de 1932 .

Acht na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932.

Míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3) d'alt 5.

Uimh. 42 de 1937 .

Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937.

Alt 4.

Uimh. 1 de 1948 .

Acht na dTithe (Leasú), 1948 .

Fo-alt (4) d'alt 29.

Fo-alt (3) d'alt 35.

Alt 38.

Uimh. 25 de 1950 .

Acht na dTithe (Leasú), 1950 .

Alt 17.