|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 22 de 1951. | ||
| [EN] |
AN tACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS LEASACHÁN, 1951. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR AN ACHTA SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS LEASACHÁN, 1942 , I mBAINT LEIS AN TRÉIMHSE A THOSNAIGH AN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1949, AGUS A CHRÍOCHNÓS AN 31u LÁ D'IÚIL, 1955, AGUS DO THABHAIRT BHAILÍOCHTA D'ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH, DO CHEADUITHE ÁIRITHE A TUGADH AGUS DO NITHE ÁIRITHE A RINNEADH ROIMH DHÁTA AN ACHTA SEO A RITH. [13ú Samhain, 1951.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1942 (Uimh. 11 de 1942) . |
| [EN] |
An Príomh-Acht do bhaint leis an tréimhse a thosnaigh an 1ú Lúnasa, 1949, agus a chríochnós an 31ú Iúil, 1955. |
2. —Bainfidh an Príomh-Acht leis an tréimhse a thosnaigh an 1ú lá de Lúnasa, 1949, agus a chríochnós an 31ú lá d'Iúil, 1955, amhail mar bhain sé leis an tréimhse a thosnaigh an 1ú lá de Lúnasa, 1941, agus a chríochnaigh an 31ú lá d'Iúil, 1942, agus forléireofar an abairt “an tréimhse lena mbaineann an tAcht seo” agus beidh éifeacht aici dá réir sin ar fud an Achta. |
| [EN] |
Bailíocht a thabhairt d'orduithe áirithe. |
3. —Gach ordú a rinne an tAire Rialtais Áitiúil agus gach ceadú a thug sé agus gach ní a rinne sé roimh dháta an Achta seo a rith maidir le comhairlí contae do sholáthar agus do dhíol earraí faoin bPríomh-Acht, mar bheirtear feidhm dó leis an Acht seo, nó maidir le comhairlí contae do dhéanamh agus d'fheidhmiú scéimeanna a húdaraítear leis an bPríomh-Acht, mar bheirtear feidhm dó leis an Acht seo, chun na comhairlí sin do thabhairt ráthaíocht uathu, beid agus measfar go rabhdar riamh dleathach agus bailí chun gach críche. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1951 , a ghairm den Acht seo. |