10 1951


Uimhir 10 de 1951.


AN tACHT UM CHÁNACHA A BHAILIÚ (DAINGNIÚ), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA REACHTÚLA DO RÚIN AIRGEADAIS ÁIRITHE A RITHEADH AN LÁ DE BHEALTAINE, 1951, AG DÁIL ÉIREANN I gCOISTE UM AIRGEADAS, DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS NÓ A GHABHAS LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN AN tORDÚ CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH (Uimh. 262), 1951, A SCOR. [3ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1927.

1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927) .

Na Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo.

2. —Baineann an tAcht seo leis na trí Rúin Airgeadais—

(a) a ritheadh an 2ú lá de Bhealtaine, 1951, ag Dáil Éireann i gCoiste um Airgeadas, agus

(b) ar tugadh éifeacht reachtúil dóibh faoi Acht 1927.

Eifeacht reachtúil na Rún Airgeadais.

3. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in Acht 1927, beidh éifeacht reachtúil ag Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, agus measfar go raibh éifeacht reachtúil aige riamh, amhail is dá mba rud é go raibh sé in Acht ón Oireachtas, agus leanfaidh sé den éifeacht reachtúil sin a bheith aige go dtí go scoirfidh sé mar foráltar le fo-alt (2) den alt seo.

(2) Scoirfidh Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo d'éifeacht reachtúil a bheith aige an tráth a tharlós pé ní acu seo a leanas is túisce a tharlós, is é sin le rá:—

(a) Acht ón Oireachtas a theacht i ngníomh a mbeidh forála ann sa chéill chéanna (le modhnú nó gan modhnú) leis an Rún Airgeadais,

(b) cheithre mhí a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith.

Forála áirithe d'Acht 1927 d'eisiamh.

4. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht, agus measfar nach raibh feidhm ná éifeacht riamh, ag fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1927 maidir le Rún Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht, agus measfar nach raibh feidhm ná éifeacht riamh, ag alt 6 d'Acht 1927 maidir leis an gcáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951.

Asbhaintí agus measúnuithe cánach ioncaim.

5. —(1) Aon asbhaint a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, i leith na cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, agus dob asbhaint dleathach dá mba rud é go raibh Uimh. 1 de na Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo i bhfeidhm agus go raibh éifeacht reachtúil aige nuair a rinneadh an asbhaint, beidh sí, agus measfar go raibh sí riamh, ina hasbhaint dleathach.

(2) Aon mheasúnú a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, chun cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, agus ba mheasúnú dleathach bailí dá mba rud é go raibh Uimh. 1 de na Rúin Airgeadais lena mbaineann an tAcht seo i bhfeidhm agus go raibh éifeacht reachtúil aige nuair a rinneadh an measúnú beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, ina mheasúnú dleathach bailí.

Feidhm ailt 211 den Income Tax Act, 1918.

6. —(1) Beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, ag alt 211 (a bhaineas le cáin a mhuirearú agus d'asbhaint in aon bhliain i gcás gan í a mhuirearú ná d'asbhaint roimh an Acht bliantúil a rith) den Income Tax Act, 1918, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) déanfar na focail “half-yearly or quarterly” atá i bhfo-alt (1) den alt sin a ligean ar lár;

(b) déanfar na focail “or the person by or through whom the payments were made, as the case may be” a chur isteach sa bhfo-alt sin (1) i ndiaidh na bhfocal “the agents entrusted with the payment of the interest, dividends, or other annual profits or gains”;

(c) beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt sin—

(i) maidir le haon ríchíos nó suim eile a híocadh i leith úsáide paitinne agus as a bhféadtar cáin a bhaint faoi mhír (2) de Riail 19 de na Rialacha Ginearálta a bhaineas le Sceideal uile an Income Tax Act, 1918, agus

(ii) maidir le haon díbhinn as a bhféadtar cáin a bhaint faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta sin, arna leasú le halt 5 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ),

amhail mar atá feidhm aige maidir le haon chíos, ús, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile.

(2) Más rud é, roimh an Acht seo a rith, go ndearnadh asbhaint i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, agus gur haisíocadh méid na hasbhainte mar gheall ar oibriú forál Achta 1927, measfar, chun críocha ailt 211 den Income Tax Act, 1918, arna mhodhnú le fo-alt (1) den alt seo, nach ndearnadh an asbhaint sin riamh agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt sin arna mhodhnú amhlaidh.

Ordú a scor.

7. —Scoirfidh an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 262), 1951 (I.R. Uimh. 125 de 1951), d'éifeacht a bheith aige.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht um Chánacha a Bhailiú (Daingniú) 1951, a ghairm den Acht seo.