9 1951


Uimhir 9 de 1951.


AN tACHT EALAÍON, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO SPREAGADH SUIME AN PHOBAIL SNA hEALAÍONA AGUS DO CHUR EOLAIS, DEA-MHEASA AGUS CLEACHTA ORTHU CHUN CINN AGUS, CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CHUN CRÍOCHA EILE, DO BHUNÚ COMHAIRLE EALAÍON, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [8ú Bealtaine, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “na healaíona” péintéireacht, snoíodóireacht, ailtireacht, ceol, drámaíocht, litríocht, dearthóireacht tionscail agus na mín-ealaíona agus na healaíona feidhmeacha i gcoitinne;

ciallaíonn an abairt “an Chomhairle” an comhlucht a bunaítear le halt 2 den Acht seo.

An Chomhairle Ealaíon a bhunú.

2. —(1) Ar dháta an Achta seo a rith, beidh, de bhuaidh an fho-ailt seo, comhlucht arna bhunú ar a dtabharfar An Chomhairle Ealaíon chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a sanntar dóibh leis an Acht seo nó faoin Acht seo.

(2) Beidh éifeacht maidir leis an gComhairle ag forála an Sceidil a ghabhas leis an Acht seo.

Feidhmeanna na Comhairle.

3. —(1) Déanfaidh an Chomhairle, trí pé meáin agus i pé slí is oiriúnach leo, —

(a) suim an phobail sna healaíona a spreagadh,

(b) eolas, dea-mheas agus cleacht ar na healaíona a chur chun cinn,

(c) cabhrú le caighdeáin na n-ealaíon d'fheabhsú,

(d) taispeántais (sa Stát nó lasmuigh den Stát) d'oibreacha ealaíon agus de cheardaíocht ealaíonta d'eagrú, nó cabhrú lena n-eagrú.

(2) Bhéarfaidh an Chomhairle don Rialtas, nó d'aon chomhalta den Rialtas, comhairle i dtaobh aon ní (is ní dá bhfónann eolas agus taithí ar na healaíona) a n-iarrfar comhairle orthu ina thaobh.

(3) Féadfaidh an Chomhairle comhoibriú agus cabhrú le haon daoine eile ag a mbeidh baint, go díreach nó go neamhdhíreach, le nithe a bhainfeas leis na healaíona, agus féadfar a áireamh sa chabhair sin íocaíochta ag an gComhairle ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an gComhairle.

(4) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, pé feidhmeanna breise is cuí leis an Rialtas, agus a shonróid san ordú, a bhronnadh nó d'fhorchur ar an gComhairle, agus aon ordú a déanfar faoin mír seo féadfaidh pé forála teagmhasacha agus forlíontacha a bheith ann is dóigh leis an Rialtas is gá nó is fóirstineach chun lán-éifeacht a thabhairt don ordú.

(b) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear an mhír seo) a chúlghairm nó a leasú.

(c) Ní thiocfaidh ordú faoin bhfo-alt seo i ngníomh mura ndaingnítear é le rún ó gach Tigh den Oireachtas, ach beidh éifeacht reachtúil aige amhail ó dháta rite an rúin is déanaí de na rúin sin.

An Chomhairle do ghlacadh bronntanas.

4. —Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún agus maoine eile a ghlacadh chun críocha a bhainfeas lena bhfeidhmeanna, ach ní ghlacfaid aon bhronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheas ag gabháil leis ar neamhréir lena bhfeidhmeanna.

Dearlaic ón Stát don Chomhairle.

5. —(1) Íocfar leis an gComhairle go bliantúil, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas de pé méid a chinnfeas an Taoiseach.

(2) Aon deontas a híocfar leis an gComhairle faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an Chomhairle, faoi réir míreanna 3 agus 8 den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, é a chaitheamh chun pé críocha a bhainfeas lena bhfeidhmeanna agus a mheasfaid, dá roghain féin, a bheith oiriúnach.

Cuntais agus iniúchadh.

6. —(1) Déanfaidh an Chomhairle cuntais ar a n-ioncam agus a gcaiteachas a choimeád i pé foirm a cheadós an tAire Airgeadais.

(2) Cuirfidh an Chomhairle cuntais na Comhairle faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil chun a n-iniúchta pé tráth a ordós an tAire Airgeadais.

(3) Déanfar achomaireacht ar chuntais na Comhairle do gach bliain, ar iad a bheith iniúchta, agus tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Rialtas, agus leagfar cóipeanna den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascála.

7. —(1) Tíolaicfidh an Chomhairle don Rialtas, go bliantúil, tuarascáil ar a n-imeachta i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus leagfar cóip den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Bhéarfaidh an Chomhairle don Rialtas pé eolas a iarrfas an Rialtas ó am go ham maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht Ealaíon, 1951 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

Forala a Bhaineas leis an gComhairle.

Alt 2 (2).

Corprú na Comhairle.

1. Beidh an Chomhairle, faoin ainm a sanntar dóibh le halt 2 den Acht seo, ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus beidh de chumhacht acu agra a dhéanamh agus a bheith inagra faoin ainm sin agus talamh agus maoin eile a thógaint, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Comhaltas.

2. Beidh an Chomhairle comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:—

(a) comhalta, ar a dtabharfar An Stiúrthóir, nó (sa Bhéarla) the Director, agus a ceapfar faoi mhír 3 den Sceideal seo,

(b) seisear comhaltaí (dá ngairmtear gnáth-chomhaltaí sa Sceideal seo) a ceapfar faoi mhír 4 den Sceideal seo, agus

(c) pé méid comhaltaí (dá ngairmtear comhaltaí comthofa sa Sceideal seo) a comhthoghfar faoi mhír 5 den Sceideal seo.

An Stiúrthóir.

3. (1) Is é an tUachtarán a cheapfas an Stiúrthóir.

(2) Is mar chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha a bheas luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse eile an Stiúrthóra.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le toiliú an Stiúrthóra a bheas ann de thuras na huaire, gach ní nó aon ní acu seo a leanas d'athrú ó am go ham, eadhon, an luach saothair, an tsealbhaíocht oifige agus na coinníollacha seirbhíse eile a bhainfeas leis de thuras na huaire mar Stiúrthóir.

(4) Déanfaidh an Chomhairle luach saothair an Stiúrthóra d'íoc as a gcistí.

Gnáth-chomhaltaí.

4. (1) Déanfaidh an Rialtas, sa bhliain 1951 agus i ngach cúigiú bliain as a chéile ina dhiaidh sin, seisear daoine a cheapadh chun bheith ina ngnáth-chomhaltaí, agus tosnóidh téarma oifige gach duine a ceapfar amhlaidh ar an lá díreach i ndiaidh data a cheaptha.

(2) Gach gnáth-chomhalta a ceapfar faoi fho-mhír (1) den mhír seo, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig, i seilbh oifige go dtí deireadh an lae ar a ndéanfaidh an Rialtas, de bhun na fo-mhíre sin, seisear daoine a cheapadh, an chéad uair eile, chun bheith ina ngnáth-chomhaltaí.

(3) Aon uair a éagfas gnáth-chomhalta nó a éireos sé as oifig, déanfaidh an Rialtas, a luaithe is caothúil, duine a cheapadh chun bheith ina ghnáth-chomhalta, agus, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig, beidh an duine a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí deireadh an lae ar a ndéanfaidh an Rialtas, de bhun fo-mhíre (1) den mhír seo, seisear daoine a cheapadh, an chéad uair eile, chun bheith ina ngnáth-chomhaltaí.

(4) Aon ghnáth-chomhalta a raghaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire, féadfar é d'athcheapadh.

(5) Ní bheidh aon luach saothair iníoctha le gnáth-chomhaltaí.

Comhaltaí comhthofa.

5. (1) Beidh an comhlucht comhthoghaidh, chun críocha na míre seo agus míre 6 den Sceideal seo, comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:—

(a) an Stiúrthóir, a bheas ina chathaoirleach air, agus

(b) na gnáth-chomhaltaí.

(2) (a) Féadfaidh an comhlucht comhthoghaidh ó am go ham, ag aon cheann dá gcruinnithe, daoine a chomhthogadh chun bheith ina gcomhaltaí comhthofa, ach feidhmeoid an chumhacht sin ar shlí nach mó ná cúigear an méid comhaltaí comhthofa a bheas i seilbh oifige de thuras na huaire.

(b) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú den chomhlucht comhthoghaidh a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus i gcás comhoiread vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an Stiúrthóir.

(c) Triúr is córam do chruinniú den chomhlucht comhthoghaidh agus beidh an Stiúrthóir ar dhuine den triúr sin.

(3) Gach duine a comhthoghfar mar chomhalta comhthofa, beidh sé, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig, i seilbh oifige go dtí an dáta a chríochnos téarma oifige na ndaoine a bheas i seilbh oifige mar ghnáth-chomhaltaí tráth a chomhthofa, ach, ar chríochnú an téarma sin, féadfar é a chomhthoghadh le haghaidh téarma eile.

(4) Ní bheidh aon luach saothair iníoctha le comhaltaí comhthofa.

Aisíoc caiteachas.

6. Féadfaidh an Chomairle, as a gcistí féin, aisíoc a dhéanamh, más oiriúnach leo, le haon chomhalta den Chomhairle i leith aon chaiteachas-as-póca faoina ndeachaidh sé iarbhír mar chomhalta den Chomhairle nó den chomhlucht comhthoghaidh.

Nós imeachta na Comhairle.

7. (1) Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é an Stiúrthóir, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus faid a bheas an Stiúrthóir as láthair nó má bhíonn oifig an Stiúrthóra folamh, roghnóidh na comhaltaí den chomhairle a bheas i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(2) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhoiread vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(3) Cúigear is córam do chruinniú den Chomhairle.

(4) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntais ina gcomhaltas.

(5) Faoi réir na míre seo, rialóidh an Chomhairle, le buanorduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ngnó.

Oifigigh agus seirbhísigh na Comhairle.

8. (1) Féadfaidh an Chomhairle pé cineál oifigeach agus seirbhíseach, agus (faoi réir cheada ón Taoiseach) pé líon oifigeach agus seirbhíseach, is oiriúnach leo, a cheapadh nó d'fhruiliú.

(2) Gach aon oifigeach agus seirbhíseach a cheapfas nó a fhruileos an Chomhairle, íocfar leis ón gComhairle, as cistí na Comhairle, pé luach saothair, agus sealbhóidh sé a oifig nó a fhruilíocht do réir pé sealbhaíochta agus ar pé coinníollacha, a chinnfeas an Chomhairle le ceadú an Taoisigh.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 4 d'Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) , maidir le ceapachán nó fruilíocht faoin mír seo.

Séala na Comhairle.

9. Soláthróidh agus sealbhóidh an Chomhairle gnáth-shéala agus déanfar an séala sin a dhílse-dheimhniú le síniú an Stiúrthóra nó chomhalta éigin eile den Chomhairle a bheas údaraithe ag an gComhairle chun gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Chomhairle a bheas údaraithe ag an gComhairle chun gníomhú chuige sin.