|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 8 de 1951. | ||
[EN] |
AN tACHT OIFIGEACH CÚIRTE, 1951. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHT OIFIGEACH CÚIRTE, 1926 GO 1945. [27ú Márta, 1951.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. Acht 1945. an Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn an abairt “Acht 1945” an t Acht Oifigeach Cúirte, 1945 (Uimh. 25 de 1945) ; | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Oifigeach Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926) . | |
[EN] |
Cláraitheoir contae do thabhairt suas táillí airithe. |
2. —(1) I gcás cumhachta, dualgais, údaráis, cirt agus oblagáidí fo-shirriaim chontae nó chontae-bhuirge a bheith arna n-aistriú, de bhuaidh ailt 54 den Phríomh-Acht, chun cláraitheora chontae, ansin, d'ainneoin aon ní san alt sin, déanfaidh an cláraitheoir contae sin na táillí go léir a gheobhas sé faoi aon ordú arna dhéanamh faoi alt 14 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ), a thabhairt suas don Stát-Chiste. |
[EN] | (2) Measfar an t-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1926, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin. | |
[EN] |
Deimhnithe stát-sheirbhíse a dheonadh do chléirigh chúirte dúiche láithreacha áirithe agus aiscí a dheonadh do chléirigh chúirte dúiche láithreacha áirithe. |
3. —(1) Baineann an t-alt seo— |
[EN] | (a) le duine a bheas, ar dháta an Achta seo a rith, ar fostú ar feadh a chuid ama go léir mar chléireach cúirte dúiche agus nach ndearnadh i leith a phoist mar chléireach cúirte dúiche deimhniú cáilitheachta a dheonadh roimh an dáta sin, | |
[EN] | (b) le duine a bheas, ar an dáta sin, ar fostú ar feadh coda dá am mar chléireach cúirte dúiche agus a thiocfas chun bheith ar fostú ar feadh a chuid ama go léir mar chléireach cúirte dúiche. | |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, ar mholadh an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, deimhniú cáilitheachta i leith a phoist mar chléireach cúirte dúiche a dheonadh do dhuine ar bith lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (b) Aon deimhniú cáilitheachta a deonfar faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, a shainrá ann go bhfuil éifeacht aige ó dháta roimh dháta a dheonta agus, má bhíonn sainráite amhlaidh i ndeimhniú cáilitheachta go bhfuil éifeacht aige ó dháta roimh dháta a dheonta, measfar an duine dá ndeonfar an deimhniú a bheith arna íoc as airgead a sholáthraigh an tOireachtas do réir bhrí ailt 17 den Superannuation Act, 1859, amhail ón dáta a mbeidh sainráite sa deimhniú éifeacht a bheith aige uaidh. | |
[EN] | (3) Duine ar bith lena mbaineann an t-alt seo agus nach ndéanfar, ar chúis ar bith, deimhniú cáilitheachta i leith a phoist mar chléireach cúirte dúiche a dheonadh dhó faoi fho-alt (2) den alt seo nó ar shlí eile roimh é d'urscaoileadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, aisce de pé méid (nach mó ná dhá oiread a thuarastail agus a shochar oifige ar feadh na bliana deiridh dá fhostaíocht) is cuí leis an Aire Airgeadais a dheonadh don duine sin ar é d'urscaoileadh. | |
[EN] |
Ionadaithe do chléirigh chúirte dúiche. |
4. —(1) I gcás aon chléireach cúirte dúiche a bheith as láthair go sealadach nó a bheith faoi éagumas sealadach nó i gcás oifig chléirigh chúirte dúiche d'aon cheantar cúirte dúiche a bheith folamh, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ionadaí a cheapadh chun oifig an chléirigh chúirte dúiche sin a chomhlíonadh an fhaid a mhairfeas an neamhláithreacht, an t-éagumas nó an folúntas sin, agus aon duine a ceapfar amhlaidh sealbhóidh sé an oifig sin ar pé coinníollacha a chinnfeas an tAire Airgeadais ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire. |
[EN] | (2) Faid a mhairfeas ceapachán ionadaí a ceapfar faoin alt seo, sealbhóidh agus feidhmeoidh sé cumhachta agus údaráis uile, agus comhlíonfaidh sé dualgais agus feidhmeanna uile, an chléirigh chúirte dúiche darb ionadaí é. | |
[EN] |
Clárlanna probháide ceantair. |
5. —(1) Measfar, chun críocha ailt 9 d'Acht 1945, gur oifig a ghabhas leis an Ard-Chúirt gach clárlann phrobháide cheantair. |
[EN] | (2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 26ú lá d'Iúil, 1926, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin. | |
[EN] |
Alt 12 d'Acht 1945 a leasú. |
6. —(1) (a) In alt 12 d'Acht 1945, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (4)— |
[EN] | “(4) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath sar a scoirfidh an duine a bheas i seilbh oifige ar dháta an Achta seo a rith mar fho-shirriam do chontae Bhaile Atha Cliath de bheith i seilbh na hoifige sin, ní chuirfidh déanamh an orduithe sin isteach ar oibriú fo-ailt (3) d'alt 23 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ná fo-ailt (2) d'alt 9 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1940 ( Uimh. 21 de 1940 ), ach, nuair a bheas feidhm á tabhairt do na forála sin faoi seach ar an duine sin a scor de bheith i seilbh na hoifige sin, cuirfear an focal ‘sirriam’ in ionad an an fhocail ‘fo-shirriam’— | |
[EN] | (a) i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3) den alt sin 23, agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2) den alt sin 9 san áit deiridh a bhfuil an focal ‘fo-shirriam’ ann.” | |
[EN] | (b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 26ú lá d'Iúil, 1945, agus beidh éifeacht aige amhail ar an dáta sin agus ón dáta sin. | |
[EN] | (2) D'ainneoin míre (b) d'fho-alt (6) d'alt 12 d'Acht 1945, is dhá bhliain seachtód an aois chun scor de bheith i seilbh oifige sirriaim i gcás an duine a bheas i seilbh oifige sirriaim do chontaebhuirg Bhaile Atha Cliath ar dháta an Achta seo a rith. | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
7. —(1) Féadfar an tAcht Oifigeach Cúirte, 1951 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, a ghairm de na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1945, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Déanfar na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1945, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin. |